<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0236</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Siegbert Frank Droese a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0193/2026 -  Rapóirtéir: Adrián Vázquez Lázara)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 maidir le hiarraidh ar dhíolúine Siegbert Frank Droese a tharscaoileadh (2026/2019(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Siegbert Frank Droese a tharscaoileadh, a fuarthas le litir dar dáta an 15 Eanáir 2026 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine, lena dtarchuirtear iarraidh dar dáta an 2 Nollaig 2025 ó Chúirt Réigiúnach Dresden, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 11 Feabhra 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhíoras go meastar gur dhiúltaigh Siegbert Frank Droese dá cheart chun éisteachta i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra v De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v Parlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0193/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, an 15 Eanáir 2026, gur tharchuir Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine iarraidh ó Chúirt Réigiúnach Dresden ar dhíolúine Siegbert Frank Droese a tharscaoileadh, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Ghearmáin, i ndáil le hachomharc a thaisc sé in imeachtaí coiriúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, le breithiúnas ó Chúirt Áitiúil Dresden an 26 Aibreán 2024, gur ciontaíodh Siegbert Frank Droese in dhá chúiseamh ar leithligh as masla agus gur ordaíodh dó fíneáil a íoc; de bhrí gur thaisc Siegbert Frank Droese achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin trí aighneacht i scríbhinn óna abhcóide cosanta an 3 Bealtaine 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Siegbert Frank Droese chuig Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin Eorpacha mhí an Mheithimh 2024; de bhrí nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiontaithe le breithiúnas ó Chúirt Áitiúil Dresden an 26 Aibreán 2024, ná tráth a taisceadh achomharc ina choinne; de bhrí, tar éis thoghadh Siegbert Frank Droese chuig Parlaimint na hEorpa agus de réir na hiarrata ó Chúirt Réigiúnach Dresden, go gceanglaítear le seoladh na n-imeachtaí achomhairc díolúine Siegbert Frank Droese a tharscaoileadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur tharla na gníomhartha is bun leis na cionta líomhnaithe sular tháinig Siegbert Frank Droese chun bheith ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, nach ionann na gníomhartha sin, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh ina dhiaidh sin ar a dhíolúine a tharscaoileadh, le tuairim a thug sé ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh a Feisirí, i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘2)	I gcás cion atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í le linn dó nó di an cion a dhéanamh nó le linn an lae dár gcionn.
</CONS><CONS>
3)	Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.
</CONS><CONS>
4)	Déanfar aon imeachtaí coiriúla nó aon imeachtaí faoi Airteagal 18, arna dtionscnamh i gcoinne Feisire, agus aon choinneáil nó aon srian eile ar a shaoirse nó a saoirse phearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir iad a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois v Parlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé, sa chás seo, nach féidir glacadh leis go bhfuil <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING> ann, i.e. gurb é an rún is bun leis na himeachtaí dlíthiúla dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, do neamhspleáchas na Parlaiminte;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Siegbert Frank Droese a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chuig Siegbert Frank Droese.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>