<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0241</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann: oibríochtaí cabatáiste idir an Ostair agus an Eilvéis</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0174/2026 -  Rapóirtéir: Elissavet Vozemberg-Vrionidi)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici cheana leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar de chóiste agus de bhus sna réigiúin teorann idir an dá thír (COM(2025)0773 – C10-0367/2025 – 2025/0407(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0773),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 2(1) agus 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0367/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Meitheamh 2026 go ndéanfaí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Eanáir 2026<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/1970, 28.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1970/oj</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 agus do Riail 41 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A10-0174/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2025)0407</STRING></IDENT><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Iúil 2026 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann idir an dá thír</STRING><BRK/></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Airteagal</STRING></STRING> 91 de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD>IO C, C/2026/1970, 28.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1970/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach<FOOTNOTE><FIELD>Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>I gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar<FOOTNOTE><FIELD>IO L 114, 30.4.2002, lch. 91, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/309(3)/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (dá ngairtear ‘Comhaontú AE-na hEilvéise’ anseo feasta), ní údaraítear paisinéirí a iompar ar chóiste agus ar bhus idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh chéanna i gComhaontú AE-na hEilvéise ag iompróirí atá bunaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile, rud ar a dtugtar cabatáiste.
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>I gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Chomhaontú AE-na hEilvéise, féadfar leanúint d’fheidhmiú na gceart cabatáiste atá ann cheana a leagtar amach i gcomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir na Ballstáit agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm nuair a tugadh Comhaontú AE-na hEilvéise i gcrích an 21 Meitheamh 1999, ar choinníoll nach ann d’aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe san Aontas ná d’aon saobhadh ar an iomaíocht. Ní údaraítear leis an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar idir an Ostair agus an Eilvéis an 22 Deireadh Fómhair 1958<FOOTNOTE><FIELD>BGBl. (an Ostair) Uimh. 123/1959.</FIELD></FOOTNOTE> (‘an Comhaontú idir an Ostair agus an Eilvéis’) oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an dá thír. Dá bhrí sin, níl an ceart oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh ar cheann de na cearta a leagtar amach in Airteagal 20(2) de Chomhaontú AE-na hEilvéise.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>Na gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí atá bunaithe san Eilvéis oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh den Aontas, is féidir go mbeidh tionchar acu ar Airteagal 20 de Chomhaontú AE-na hEilvéise, a mhéid nach n-údarófar na hoibríochtaí sin leis an Airteagal sin.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Thairis sin, le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1073/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ceadaítear d’iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu, agus iad siúd amháin, oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí ó thríú tíortha, nach bhfuil ceadúnas den sórt sin acu, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, is féidir go mbeidh tionchar acu ar an Rialachán sin.
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>Dá réir sin, tagann gealltanais idirnáisiúnta den sórt sin faoi inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gealltanais sin a shocrú le caibidlíocht, ná a thabhairt, ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>Oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, déanann siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar a bhunaítear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, cumhachtú a dheonófar de bhun Airteagal 2(1) CFAE, is gá reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P>I litir ón Ostair dar dáta an 17 Márta 2025, d’iarr sí cumhachtú ón Aontas chun an Comhaontú idir an Ostair agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus i réigiúin teorann na hOstaire agus na hEilvéise, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus ar an gcaoi sin comhtháthú críochach níos fearr a chothú</STRING></STRING>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(8)</NO.P>Le hoibríochtaí cabatáiste, is féidir lódfhachtóir na bhfeithiclí a mhéadú, rud a chuireann le héifeachtúlacht eacnamaíoch na seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus. Dá bhrí sin, is iomchuí na hoibríochtaí sin a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí de chóiste agus de bhus i réigiúin ábhartha teorann na hEilvéise agus na hOstaire. D’fhéadfadh sé sin an dlúthnasc idir na réigiún teorann sin a dhaingniú a thuilleadh.
</CONS><CONS>
<NO.P>(9)</NO.P>Chun a áirithiú nach gcuirfidh na hoibríochtaí cabatáiste lena mbaineann isteach go hiomarcach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí bus agus cóiste, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, ba cheart údarú na n-oibríochtaí cabatáiste sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe laistigh den Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.
</CONS><CONS>
<NO.P>(10)</NO.P>Ar an gcúis chéanna, níor cheart oibríochtaí cabatáiste a údarú ach i réigiúin teorann na hOstaire le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an Ostair agus an Eilvéis. Chuige sin, is gá réigiúin teorann na hOstaire a shainiú chun críocha an Chinnidh seo ar bhealach a dtabharfaidh an aird chuí ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, agus a fhágfaidh go méadófar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí lena mbaineann,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING></TI.ART><PARAG>Leis seo, tugtar de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar idir an Ostair agus an Eilvéis an 22 Deireadh Fómhair 1958 (‘an Comhaontú idir an Ostaire agus-an Eilvéis’) a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú i réigiúin teorann na hOstaire agus na hEilvéise le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an dá thír, ar choinníoll nach ann d’aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe san Aontas ná d’aon saobhadh ar an iomaíocht.</PARAG><PARAG>Measfar gur réigiúin teorann de chuid na hOstaire de réir bhrí na chéad míre iad ceantair riaracháin Bludenz, Bregenz, Dornbirn agus Feldkirch i réigiún Vorarlberg agus ceantar Landeck i réigiún Tyrol.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING></TI.ART><PARAG>Cuirfidh an Ostair an Coimisiún ar an eolas faoin leasú ar angComhaontú idir an Ostairagus an Eilvéis de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo agus cuirfidh sí téacs an chomhaontaithe leasaithe in iúl don Choimisiún.</PARAG><PARAG>Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin méid sin.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 3</STRING></TI.ART><PARAG>Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na hOstaire.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh i/in/sa …,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>