<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0242</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2026: lena n-iontráiltear barrachas na bliana airgeadais 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0180/2026 -  Rapóirtéir: Andrzej Halicki)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2026 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026 lena n-iontráiltear an barrachas ón mbliain airgeadais 2025 (09919/2026 – C10-0145/2026 – 2026/0090(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026, mar a glacadh go cinntitheach é an 26 Samhain 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2026/72, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2026/72/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2026 maidir leis an togra le haghaidh dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2028 go 2034<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0111.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2026, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 10 Aibreán 2026 (COM(2026)0450),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2026, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 16 Meitheamh 2026, agus é a chur ar aghaidh chun na Parlaiminte an 18 Meitheamh 2026 (09919/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0180/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach 1/2026 an barrachas a eascraíonn as cur chun feidhme na bliana airgeadais 2025, arb ionann é agus EUR 2 095 mhilliún, a iontráil i mbuiséad 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb iad na príomh-chomhpháirteanna den bharrachas sin ná toradh dearfach ar ioncam EUR 1 994 mhilliún agus tearc-chaitheamh arb ionann é agus EUR 101 mhilliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, ó thaobh an ioncaim de, gurb é méid níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis de dhleachtanna custaim EUR 860 milliún is cúis leis an mbarrachas den chuid is mó; de bhrí gurb é EUR 840 milliún in ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha an dara príomhspreagadh do mhéid an bharrachais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ar thaobh an chaiteachais, gurbh ionann tearc-cur chun feidhme in íocaíochtaí ag na hinstitiúidí uile, lena n-áirítear leithreasuithe a tugadh anonn a chur ar ceal, agus EUR 111 mhilliún (arb ionann é agus 0,04 % de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí údaraithe);
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2026 mar a thíolaic an Coimisiún é, atá chun an barrachas ó 2025 a bhuiséadú, le haghaidh mhéid EUR 2 095 mhilliún, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurb é méadú ar an éagsúlacht i dteidil 1 (Acmhainní Dílse, go háirithe dleachtanna custaim) agus 4 (Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha) is cúis go príomha le barrachas 2025, agus go bhfuil an barrachas caiteachais fós an-bheag ag EUR 101 mhilliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go laghdaíonn buiséadú an bharrachais ranníocaíocht iomlán acmhainní dílse OIN-bhunaithe na mBallstát le maoiniú bhuiséad 2026 faoi mhéid comhréireach; á chur i bhfios go láidir, tráth a bhfuil riachtanais mhaoinithe fós ard, go háirithe i gcás chostais fiach-sheirbhíse EURI, agus go bhfuil an tsolúbthacht laistigh de bhuiséad an Aontais fós thar a bheith teoranta, gur cheart go gcoinneodh an buiséad leibhéal leordhóthanach solúbthachta sna blianta deireanacha den CAI reatha chun cur ar chumas an Aontais déileáil le himeachtaí gan choinne; á chur i bhfios go láidir go bhfuil solúbthacht bhuiséad an Aontais ar cheann de na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa chaibidlíocht don chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart gnóthachain amhantair a eascraíonn as fíneálacha agus táillí, nó méideanna coibhéiseacha díobh, a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais agus nár cheart laghdú comhfhreagrach ar ranníocaíochtaí OIN-bhunaithe a bheith mar thoradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ríomhadh na laghduithe bliantúla coigeartaithe ar chnapshuim OIN do na cúig Bhallstát is tairbhithe, arb ionann iad agus thart ar EUR 5,8 billiún glan; á thabhairt chun suntais go bhfuil na lacáistí sin nasctha le boilsciú agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú tagtha orthu ag ráta níos airde ná uasteorainneacha CAI, a dhéantar a choigeartú go bliantúil ar bhonn an díbhoilsceora 2 %; á chur i bhfáth go méadaíonn an aimhrialtacht sin an t-ualach ar na Ballstáit eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire an mhír ioncaim dhiúltaigh faoi Airteagal 425, arb ionann í agus EUR 54 mhilliún agus á chur in iúl gur geal léi an modh sin chun costais a ionchorprú don bhuiséad a eascraíonn as íocaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú socraíochta lena mbaineann ús cúiteach agus cúiteamh ar ús mainneachtana a bhaineann le haisíoc fíneálacha iomaíochta a neamhníodh nó a laghdaíodh i gcomhréir le breithiúnais ábhartha na Cúirte Breithiúnais; á mheabhrú gur áitigh an Pharlaimint, agus athmhúnlú 2024 ar an Rialachán Airgeadais á chaibidliú aici, go gcuirfí an cur chuige sin i bhfeidhm ionas nach nginfí leithreasuithe breise caiteachais i gCeannteideal 7 atá faoi bhrú cheana féin; á mheabhrú go dtiocfaidh deireadh leis an réiteach sin an 31 Nollaig 2027; á iarraidh ar an gCoimisiún réiteach cinntitheach a mholadh le haghaidh an chéad CAI eile lena mbaintear amach an cuspóir céanna, mar atá, aon tionchar ar thaobh caiteachais an bhuiséid a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata seanbhunaithe ar ioncam inbhuanaithe, intuartha agus athléimneach do bhuiséad an Aontais de bhun Airteagal 310 CFAE ar cheart dó a bheith ag teacht le taobh an chaiteachais agus le tosaíochtaí straitéiseacha agus le riachtanais mhaoiniúcháin shainaitheanta an Aontais; ag athdhearbhú a ghealltanas láidir i leith acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, ní hamháin le haghaidh aisíocaíocht fiachais NGEU ach freisin chun uaillmhianta beartais feabhsaithe an Aontais a mhaoiniú; á mheabhrú, gan fíoracmhainní dílse nua, gur cinnte go dtitfidh an t-ualach airgeadais ar na Ballstáit trí ranníocaíochtaí méadaithe OIN-bhunaithe; á mheas, dá bhrí sin, gur coinníoll bunriachtanach é fíorshruthanna nua ioncaim de EUR 60 billiún ar a laghad a thabhairt isteach in aghaidh na bliana le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil uaillmhianach do na blianta 2028 go 2034;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 1/2026 glactha go cinntitheach agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>