<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0243</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a Shlógadh: Iarratas CED/2026/000 CT 2026 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0179/2026 -  Rapóirtéir: Lucia Yar)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh ar thionscnamh ón gCoimisiún (CED/2026/000 CT 2026 - Cúnamh teicniúil) (COM(2026)0360 – C10-0124/2026 – 2026/0126(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0360 – C10‑0124/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán maidir le CED’) arna leasú le Rialachán (AE) 2026/1139<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2026/1139, 20.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1139/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0179/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos le hiarmhairtí na mórimeachtaí agus na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá buailte le hiomarcaíocht atá ar tí tarlú i gcuideachta a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh uirthi, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair nó lena n-aistrithe gairme; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa sa mhargadh saothair nó tacú lena n-aistrithe gairme;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED gur féidir suas le 1,5 % d’uasteorainn bhliantúil CED a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh caiteachas teicniúil agus riaracháin a bheith i gceist le cúnamh teicniúil do chur chun feidhme CED, amhail gníomhaíochtaí ullmhucháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, chomh maith le bailiú sonraí, gníomhaíochtaí cumarsáide agus gníomhaíochtaí a chuireann le hinfheictheacht CED mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile; de bhrí go n-áireofar ar chúnamh teicniúil faisnéis agus treoir a sholáthar do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta maidir le CED chomh maith le for-rochtain thiomnaithe do na Ballstáit nach raibh aon ghlacadh acu nó nach raibh ach glacadh íseal acu le tacaíocht CED; de bhrí gur cheart go rannchuideodh gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil le feabhas a chur ar éifeachtacht, inrochtaineacht agus infheictheacht CED agus béim ar leith á leagan ar thorthaí intomhaiste, ar shimpliú riaracháin agus ar chur chun feidhme atá dírithe ar an úsáideoir do na Ballstáit agus do thairbhithe; de bhrí nár bhain roinnt Ballstát úsáid fós as CED in ainneoin go bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar phróisis athstruchtúraithe agus ar iomarcaíochtaí atá inchomparáide leis na próisis agus na hiomarcaíochtaí a tharla sna Ballstáit is tairbhithe; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil gá le gníomhaíochtaí spriocdhírithe múscailte feasachta agus for-rochtana chun rochtain chomhionann ar na deiseanna a chuireann CED ar fáil ar fud an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb ionann an méid atá beartaithe de EUR 210 000 agus thart ar 0,60 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil le haghaidh CED in 2026;  de bhrí go gcuireann CED tacaíocht thábhachtach ar fáil d’oibrithe a ndéanann athstruchtúrú agus iomarcaíocht difear dóibh; de bhrí go bhfuil geilleagar Eorpach iomaíoch, ualaí riaracháin laghdaithe agus timpeallacht ghnó atá fabhrach don infheistíocht agus don nuálaíocht ríthábhachtach i gcónaí chun poist ardcháilíochta a chaomhnú agus chun líon na n-oibrithe a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu faoi CED a laghdú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú le EUR 210 000 a shlógadh agus leis na bearta arna moladh ag an gCoimisiún le bheith maoinithe mar chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (4) chomh maith le hAirteagal 12(2), (3) agus (4) den Rialachán maidir le CED;  á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh caiteachas ar chúnamh teicniúil de bheith comhréireach, éifeachtúil agus dírithe ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas follasach ar rochtain ar thacaíocht d’oibrithe iomarcacha agus ar éifeachtacht fhoriomlán CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-úsáidfidh an Coimisiún an buiséad atá ar fáil faoin tacaíocht riaracháin chun cruinnithe de Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED (beirt chomhaltaí ó gach Ballstát) a thionól agus seimineár amháin le rannpháirtíocht na gcomhlachtaí cur chun feidhme CED agus na gcomhpháirtithe sóisialta chun líonrú i measc Ballstát a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chuireadh a thabhairt go córasach do Pharlaimint na hEorpa freastal ar na cruinnithe agus na seimineáir sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios gur gá feasacht ghinearálta agus infheictheacht CED a neartú tuilleadh; á chur i bhfios gur féidir an sprioc sin a shaothrú trí CED a chuimsiú i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Choimisiúin agus i ngníomhaíochta closamhairc dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED agus trí fhaisnéis spriocdhírithe a scaipeadh ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar an bpobal i gcoitinne; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, cothabháil an tsuímh gréasáin thiomnaithe do CED agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a uasdátú agus a leathnú go rialta; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ina ghníomhaíochtaí múscailte feasachta agus cumarsáide do na Ballstáit nár bhain úsáid as CED go fóill nó nár bhain ach úsáid theoranta as, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil próisis shuntasacha athstruchtúraithe agus iomarcaíochtaí rompu, chun feabhas a chur ar an eolas ar CED agus chun rochtain ar thacaíocht CED a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá nós imeachta iarratais CED a shimpliú níos mó; á chur in iúl gur geal léi, ina thaobh sin, cothabháil córais malartuithe sonraí leictreonaigh agus an obair ar nósanna imeachta caighdeánaithe le haghaidh iarratais CED arna ndéanamh ag an gCoimisiún;  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’ualaí riaracháin a laghdú agus an t-am idir cur i bhfeidhm agus soláthar tacaíochta do thairbhithe a ghiorrú agus trédhearcacht iomlán agus grinnscrúdú buiséadach Pharlaimint na hEorpa mar bhrainse amháin den údarás buiséadach á n-áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh oibrithe a ndéanann olliomarcaíochtaí, dúnadh agus athlonnuithe difear dóibh in ann fostaíocht agus deiseanna nua a aimsiú; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, gur cheart do CED leanúint de thosaíocht a thabhairt do bhearta oiliúna agus athscilithe d’oibrithe iomarcacha, lena dtairgtear conairí oiliúna agus cáilíochtaí a éascaíonn a n-athimeascadh sa mhargadh saothair; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ndíreodh meastóireachtaí tionchair CED ar athimeascadh tairbhithe san fhostaíocht agus ar éifeachtacht na hoiliúna a chuirtear ar fáil a thomhas chun conairí oiliúna agus bearta tacaíochta a fheabhsú agus a oiriúnú go leanúnach le himeacht ama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí a mhúsclaíonn feasacht maidir leis na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta agus na fiontair i ndáil leis na hathruithe ar an Rialachán maidir le CED lena n-áirítear an fhéidearthacht tacaíocht a chur ar fáil d’oibrithe atá buailte ag iomarcaíocht atá ar tí tarlú i gcuideachta a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh caiteachas a mhaoinítear faoi chúnamh teicniúil faoi réir dianfhaireacháin agus meastóireacht rialta chun bainistíocht fhónta airgeadais, cost-éifeachtúlacht agus breisluach inláimhsithe a áirithiú do na Ballstáit agus do na tairbhithe; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le húsáid acmhainní cúnaimh theicniúil agus maidir leis na torthaí nithiúla arna mbaint amach trí na gníomhaíochtaí a mhaoinítear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh ar thionscnamh ón gCoimisiún (EGF/2026/000 TA 2026 - Cúnamh teicniúil)</STRING></STI>
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

<NO.P>(1)</NO.P>Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

<NO.P>(2)</NO.P>Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus mar a leagtar síos freisin in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

<NO.P>(3)</NO.P>Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/691 go bhféadfar uasmhéid 1,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid gach bliain le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

<NO.P>(4)</NO.P>Tá an cúnamh sin riachtanach chun oibleagáidí i dtaobh chur chun feidhme CED a chomhlíonadh, mar a fhoráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/691, go háirithe maidir le faireachán agus bailiú sonraí chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin lena bhfeabhsaítear infheictheacht CED.

<NO.P>(5)</NO.P>Ba cheart CED a shlógadh, dá bhrí sin, chun méid EUR 210 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

<STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING>

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2026, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun méid EUR 210 000 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí.

<STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING>

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.

Arna dhéanamh i/in/sa ,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa			Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán					An tUachtarán</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>