<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0244</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh: cúnamh don Rómáin, don Chipir agus don Spáinn i ndáil le tubaistí nádúrtha in 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0178/2026 -  Rapóirtéir: Bogdan Rzońca)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin maidir leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, don Chipir tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025 agus don Spáinn tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025 (COM(2026)1002 – C10-0119/2026 – 2026/0120(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)1002‑C10/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go sonrach Airteagal 9 de.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 10 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle: RESTORE – Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057<FOOTNOTE><FIELD> Téacs arna ghlacadh, P10_TA(2024)0059.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe don mheasúnú buiséadach a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil EEA Uimh. 1/2024 - Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (EUCRA)<FOOTNOTE><FIELD> https://www.eea.europa.eu/en/analysis/publications/european-climate-risk-assessment</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, idir an 26 Bealtaine agus tús mhí an Mheithimh 2025, gur bhuail báisteach throm an Rómáin a bhí ina cúis le tuilte tromchúiseacha i réigiúin Centru, Sud Muntenia agus Nord Est na Rómáine, as ar eascair damáiste díreach iomlán a mheas an Coimisiún a bheith cothrom le EUR 573,59 milliún agus a rinne difear do bhonneagar criticiúil, do sheirbhísí poiblí agus do na mílte teaghlach; de bhrí go ndearna na tuilte damáiste forleathan do Mhianach Salainn Praid agus don bhonneagar hidriteicniúil gaolmhar;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i mí Iúil 2025, go raibh an Chipir thíos le falscaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i réigiúin Limassol agus Pafos tar éis triomach fada, tonnta teasa foircneacha agus gaotha láidre, as ar eascair damáiste díreach iomlán a mheas an Coimisiún a bheith cothrom le EUR 252,68 milliún; de bhrí go ndearna na falscaithe difear do na mílte cónaitheoirí, gur scrios siad beagnach 900 réadmhaoin phríobháideach agus gurbh iad ba chúis le 2 bhás ar a laghad;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i mí Lúnasa 2025, gur fhulaing an Spáinn an tríú ráig d’fhalscaithe tromchúiseacha, agus go measann an Coimisiún gurb ionann an damáiste díreach iomlán agus EUR 4,32 billiún; de bhrí go ndearna na dóiteáin difear do 16 Phobal Fhéinrialaitheacha, go ndearna siad damáiste mór don chomhshaol, don tsochaí agus don gheilleagar, agus go raibh 8 mbás ar a laghad mar thoradh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go léiríonn déine agus minicíocht mhéadaitheach tuilte agus falscaithe ar fud na mBallstát tionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide, lena n-éilítear gníomhaíocht neartaithe ón Aontas i mbearta oiriúnúcháin, coisc agus athléimneachta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh uile, lena dteaghlaigh agus leis na daoine uile a ndearna na tuilte sa Rómáin difear dóibh ag deireadh mhí na Bealtaine agus go luath i mí an Mheithimh 2025, chomh maith leis na falscaithe sa Chipir i mí Iúil 2025 agus sa Spáinn i mí Lúnasa 2025, agus leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil baint acu leis na hiarrachtaí fóirithinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar fhoirm inbhraite agus infheicthe de dhlúthpháirtíocht an Aontais leis na saoránaigh agus leis na réigiúin a ndearna na tuilte agus na falscaithe sa Rómáin, sa Chipir agus sa Spáinn difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na tairbhí inláimhsithe a eascraíonn as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chur in iúl don phobal, agus chun feasacht na saoránach ar uirlisí agus cláir an Aontais agus ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa a mhéadú tuilleadh tráth géarchéime, go háirithe sna limistéir atá buailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil buiséad teoranta ag CDAE agus nach féidir a mheas gurb é an t-aon ionstraim amháin é chun aghaidh a thabhairt ar mhórthubaistí nádúrtha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí measúnú ar acmhainneacht airgeadais bhuiséad an Aontais; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur lena nósanna imeachta uile agus iad a shimpliú chun a áirithiú go sroichfidh an chabhair na limistéir atá buailte a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha tromchúiseacha, millteacha agus marfacha san Eoraip agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i mbearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin chun caillteanais dhaonna agus eacnamaíocha a sheachaint; ag iarraidh ar na Ballstáit a chur san áireamh go mbíonn tionchar díréireach ag rioscaí aeráide ar dhaonraí leochaileacha mar gheall ar thosca socheacnamaíocha; ag tabhairt dá haire gur cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta téarnaimh chun tacú leis na pobail atá buailte, go príomha na pobail leochaileacha, chun rochtain ar thithíocht leormhaith agus ar sheirbhísí bunriachtanacha a áirithiú le linn téarnaimh; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun a áirithiú go sroichfidh cabhair CDAE a fhaighteoirí deiridh go pras, lena n-áirítear gnólachtaí, FBManna, teaghlaigh agus saoránaigh dá ndéantar difear, chomh maith le hatógáil bonneagair agus deisiú damáiste ábhartha, agus an measúnú tionchair comhfhreagrach agus sásraí rialaithe iomchuí ag gabháil leo go léir; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé bonneagar criticiúil a athbhunú agus a threisiú, lena n-áirítear iompar, fuinneamh, bainistiú uisce, sláinte agus líonraí cumarsáide, chun athléimneacht na réigiún atá buailte a fheabhsú agus chun leochaileacht i leith tubaistí a bheidh ann amach anseo a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil in CDAE ach ionstraim leigheasach agus gur cheart don Aontas leanúint d’aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar mhaolú ar an athrú sin trí thacú le beartais Eorpacha agus náisiúnta chun tubaistí nádúrtha a chosc; á chur i bhfios go láidir go leagtar béim i dTuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil Uimh. 1/2024 ‘Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide’ ar an ngá atá le gníomhaíocht maidir leis na rioscaí a shainaithnítear inti; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leanúint dá n-iarrachtaí athléimneacht a neartú, ullmhacht a fheabhsú agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme na ngealltanas faoi Chomhaontú Pháras, agus acmhainneachtaí éifeachtacha maidir le cosc tubaistí, bainistiú riosca agus cosaint shibhialta á n-áirithiú ar fud an Aontais ag an am céanna; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le bearta coisctheacha, ní hamháin chun damáiste amach anseo a mhaolú ach freisin chun géarú ar dhálaí riosca i ndiaidh eachtraí tubaisteacha a chosc, ar nós tuilte, falscaithe, sciorrthaí talún nó triomú lochanna agus aibhneacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá solúbthacht leormhaith idir na cláir éagsúla; á chur i bhfios go láidir nach mór rialú buiséadach dian a bheith ag gabháil le haon solúbthacht idir cláir chistiúcháin éagsúla chun dúbláil nó cur amú cistiúcháin a sheachaint, agus nach mór prionsabail na héifeachtúlachta buiséadaí agus na dtáscairí feidhmíochta spriocdhírithe a urramú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann RESTORE<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3236, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3236/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus na bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3242, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3242/oj.</FIELD></FOOTNOTE> cúnamh breise ar fáil do na Ballstáit atá thíos le tubaistí nádúrtha trí sholúbthacht bhreise maidir le húsáid na gcistí; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit leas a bhaint as na deiseanna nua sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le sineirgí éifeachtacha le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna cistiúcháin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus na cláir forbartha tuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go pras ar aon iarratas réasúnaithe ó na Ballstáit chun cistí laistigh de na pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a ath-leithdháileadh ar chúnamh i gcás tubaistí nádúrtha, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar na húdaráis ábhartha an comhordú iomchuí agus riachtanach a áirithiú idir an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil chun a ráthú go ndáilfear cistí go trédhearcach, go cothrom, agus gan aon treallachas ar fud na gceantar uile a ndéantar difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh an cúnamh a sholáthraítear faoi CDAE dochar do chistiú an Aontais a fhaigheann na Ballstáit faoi bheartais nó cláir eile de chuid an Aontais; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit Státchabhair a dheonú, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe do ghnólachtaí talmhaíochta a d’fhulaing damáistí de dheasca tubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí is atá measúnú tapa láidir ar dhamáiste lena dtugtar an aird chuí ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe ar mhaithe leis na meán-tréimhsí faoina ndéantar réamhíocaíochtaí a laghdú, agus buiséad an Aontais á chosaint ag an am céanna; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil gá le trédhearcacht iomlán, faireachán éifeachtach agus rialú <STRING ITALIC="on">ex-post</STRING> ar úsáid acmhainní CDAE, chun a áirithiú go sroichfidh cistí an Aontais na réigiúin agus na pobail atá buailte; ag tathant ar an gCoimisiún freisin féachaint ar na bealaí uile a d’fhéadfadh a bheith ann chun dlús a chur le slógadh CDAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cúnamh airgeadais láithreach a chur ar fáil trí CDAE do shaoránaigh, do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla atá buailte chomh tapa agus is féidir chun a áirithiú gur féidir leis an tacaíocht an Rómáin, an Chipir agus an Spáinn a bhaint amach go tráthúil; ag tathant ar an gCoimisiún freisin féachaint ar na bealaí uile is féidir chun dlús a chur le slógadh CDAE, go háirithe trí na rialacha reatha a leasú agus réamhíocaíochtaí níos airde a dheonú do thíortha iarrthacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am idir cur isteach iarratais ar chúnamh CDAE agus an cinneadh maoiniúcháin a laghdú; á chur i bhfios go láidir gur gá nósanna imeachta inmheánacha a shimpliú agus dlús a chur leo gan an bonn a bhaint ón gcothromaíocht institiúideach, go háirithe cearta Pharlaimint na hEorpa mar bhrainse amháin den údarás buiséadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar le húdaráis na Rómáine chun tacú le hatógáil thapa Mhianach Salainn Praid agus na bpobal máguaird a ndéantar difear dóibh, agus aitheantas á thabhairt dá thábhacht straitéiseach uathúil d’athléimneacht eacnamaíoch réigiúnach, d’fhostaíocht, do thurasóireacht, do shláinte phoiblí, do bhonneagar criticiúil agus do bhonneagar bainistithe uisce; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí ionstraimí cistiúcháin ábhartha uile an Aontais a shlógadh go hiomlán agus go n-úsáidfí an tsolúbthacht is mó atá ar fáil faoi rialacha reatha an Aontais, chun dlús a chur leis an téarnamh, chun seirbhísí bunriachtanacha a athbhunú, chun tacú leis an ngeilleagar áitiúil agus chun athléimneacht fhadtéarmach an réigiúin a neartú i gcoinne rioscaí a bhaineann le tuilte amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise scála na ndúshlán agus a dtionchair shóisialta agus eacnamaíoch, ionstraimí airgeadais breise agus sásraí dlúthpháirtíochta breise a shainaithint chun tacú leis na hoibrithe agus na réigiúin a ndéantar difear dóibh, lena n-áirítear solúbthacht níos mó maidir le húsáid chistí an Bheartais Chomhtháthaithe, slógadh Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), agus aon ionstraime airgeadais ábhartha eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin maidir leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, don Chipir tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025 agus don Spáinn tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025</STRING></STI>
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 9 de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

<NO.P>(1)</NO.P>Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) é a chur ar a chumas don Aontas freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a bhuailtear le tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha nó ag mór-éigeandáil sláinte poiblí.

<NO.P>(2)</NO.P>Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle, a bheith sa Chiste<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).</FIELD></FOOTNOTE>.

<NO.P>(3)</NO.P>An 14 Lúnasa 2025, chuir an Rómáin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte ag deireadh mhí na Bealtaine agus ag tús mhí an Mheithimh 2025.

<NO.P>(4)</NO.P>An 14 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Chipir iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025.

<NO.P>(5)</NO.P>An 30 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025.

<NO.P>(6)</NO.P>Comhlíonann na hiarratais sin na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

<NO.P>(7)</NO.P>Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Rómáin, don Chipir agus don Spáinn.

<NO.P>(8)</NO.P>Chun a áirithiú gur féidir cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil chomh tapa agus is féidir do na Ballstáit lena mbaineann agus chun aon mhoill ar shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a sheachaint, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

<STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING>

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2026, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

<NO.P>(a)</NO.P>soláthrófar EUR 14 339 675 don Rómáin i ndáil leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine agus ag tús mhí an Mheithimh 2025;

<NO.P>(b)</NO.P>soláthrófar EUR 9 209 223 don Chipir i ndáil leis na falscaithe i mí Iúil 2025;

<NO.P>(c)</NO.P>soláthrófar EUR 120 550 858 don Spáinn i ndáil leis na falscaithe i mí Lúnasa 2025.

<STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING>

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.

Beidh feidhm aige ón [<STRING ITALIC="on">dáta a ghlactha</STRING>]<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING> An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilseofar san Iris Oifigiúil é.</FIELD></FOOTNOTE>.

Arna dhéanamh i/in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,		Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán					An tUachtarán
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>