<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0245</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Gníomhaíochtaí airgeadais Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta- tuarascáil bhliantúil 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0170/2026 -  Rapóirtéir: Joachim Streit)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 maidir le gníomhaíochtaí airgeadais Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2213(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 15, 126, 174, 175, 177, 208, 209, 271, 308 agus 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus do Phrótacal Uimh. 5 a ghabhann leis na Conarthaí ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 41-43 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht BEI,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Oibríochtúil 2026-2028 Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 29 Eanáir 2026, agus do Phlean Oibríochtúil 2025-2027 Ghrúpa BEI an 30 Eanáir 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíocht 2025 ó Ghrúpa BEI dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Powering Europe’</STRING> [An Eoraip a Chumhachtú], a foilsíodh an 29 Eanáir 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do nósanna imeachta BEI maidir le dícheall cuí comhshaoil, aeráide agus sóisialta, a foilsíodh an 20 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoshuíomh Straitéiseach Domhanda BEI, a foilsíodh an 15 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Shuirbhé Infheistíochta 2025 BEI dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">European Union – Overview’</STRING> [An tAontas Eorpach – Forbhreathnú], a foilsíodh an 14 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán ó BEI dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Unlocking innovation: Addressing the funding needs of EU technology infrastructures’</STRING> [Scód a ligean leis an nuálaíocht: Aghaidh a thabhairt ar riachtanais chistiúcháin bhonneagair teicneolaíochta AE], a foilsíodh an 15 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2022 maidir le Meastóireacht agus Clár Oibre 2023-2025 ó BEI, a foilsíodh an 3 Márta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Bheartas Ghrúpa BEI maidir le Sásra Gearán, a foilsíodh an 13 Samhain 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán ó BEI dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EIB energy lending policy’</STRING> [Beartas iasachta fuinnimh BEI], a foilsíodh an 8 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threochlár Bainc Aeráide 2021-2025 de chuid Ghrúpa BEI, arna ghlacadh ag Bord Stiúrthóirí BEI an 11 Samhain 2020, do Threochlár Bainc Aeráide Céim 2, a foilsíodh an 3 Deireadh Fómhair 2025, agus do straitéis aeráide BEI, a foilsíodh an 15 Samhain 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chaighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta BEI an 2 Feabhra 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Ghrúpa BEI maidir le Tithíocht Inacmhainne agus Inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán ó BEI dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EIB Global – Partnerships, People, Impact’</STRING> [BEI Domhanda – Comhpháirtíochtaí, Daoine, Tionchar], a foilsíodh an 10 Feabhra 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis Ghrúpa BEI maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú Eacnamaíoch na mBan, a foilsíodh an 6 Eanáir 2017, agus do Phlean Gníomhaíochta III (2026-2030) de chuid Ghrúpa BEI maidir le hInscne, a foilsíodh an 3 Márta 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chód iompair d’fhoireann Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 3 Feabhra 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phacáiste Dlúthpháirtíochta BEI don Úcráin, arna fhormheas ag Bord BEI an 4 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne: Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa’ (COM(2025)0079),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas (‘CEI’) a bhunú, lena n-áirítear an clár sonrach le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i réimse na cosanta, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2021/522, (AE) 2021/694, (AE) 2021/697, (AE) 2021/783, lena n-aisghairtear forálacha Rialacháin (AE) 2021/696, (AE) 2023/588, agus lena leasaítear Rialachán (AE) [EDIP] (COM(2025)0555),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach idir an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta, a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0170/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go luann BEI gur shroich a infheistíocht iomlán EUR 100 billiún, an leibhéal is airde riamh, in 2025, i gcomparáid le EUR 89 mbilliún in 2024; de bhrí gur méadaíodh cóimheas giarála BEI go 290 %, rud a thugann deis bhreise do BEI infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí coiteanna an Aontais agus tacú leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn BEI le haghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus ar bhearnaí infheistíochta trí chaipiteal príobháideach a spreagadh agus é ag feidhmiú mar institiúid airgeadais mhargadhbhunaithe atá bunaithe ar phrionsabail fhónta bhaincéireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé de chúram ar BEI, atá faoi úinéireacht iomlán na mBallstát, rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, go háirithe an margadh inmheánach a fhorbairt agus acmhainneacht an Aontais a neartú ó thaobh cruthú post, fás eacnamaíoch agus iomaíochas de, agus an dá aistriú; de bhrí go n-áirítear leis an sainordú sin freisin beartais an Aontais a chur chun cinn i dtríú tíortha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi treochlár straitéiseach BEI do 2024 go 2027 arb é is aidhm dó tacú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, lena n-áirítear infheistíocht a shlógadh chun bonn eacnamaíoch agus tionsclaíoch na hEorpa a neartú, chun tacú leis an nuálaíocht, leis an iomaíochas, le teicneolaíochtaí criticiúla, leis an tslándáil agus leis an gcosaint, chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe, faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach, faoin bhforbairt réigiúnach, faoi bhonneagar nua-aimseartha agus criticiúil, lena n-áirítear bonneagair shóisialta amhail tithíocht, oideachas agus sláinte, agus earnáil talmhaíochta athléimneach agus nuálach, agus chun díriú ar FBManna Eorpacha agus ar ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta á gcothú agus an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta á thabhairt chun críche ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil BEI ailínithe go dlúth le tosaíochtaí Eorpacha thar na blianta; á chur in iúl gur geal léi go mór go bhfuil tosaíocht mhéadaithe á tabhairt d’infheistíochtaí lena neartaítear iomaíochas, athléimneacht thionsclaíoch agus slándáil na hEorpa, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras agus go héifeachtach iad; ag tacú le ról BEI mar bhanc aeráide, ag tabhairt dá haire go sainaithnítear gníomhú ar son na haeráide mar phríomhthosaíocht straitéiseach Ghrúpa BEI don tréimhse 2024-2027 – agus go leithdháiltear i bhfad os cionn 50 % d’infheistíochtaí bliantúla ar an aistriú glas; á iarraidh go mbeadh leibhéil níos airde infheistíochta ann do thosaíochtaí a bhaineann leis an iomaíochas, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus go ndéanfaí cuideachtaí nuálacha Eorpacha a mhéadú, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu maidir le bearna iomaíochais na hEorpa a dhúnadh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do BEI punann chothrom a choinneáil, lena n-áirítear slándáil agus cosaint, an aeráid, iomaíochas, comhtháthú, nuálaíocht, comhar agus forbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gníomhaí inchreidte é BEI ar mhargaí airgeadais idirnáisiúnta, mar a léirítear lena rátáil chreidmheasa AAA; á chur i bhfáth go bhfuil sé bunriachtanach an rátáil sin a chaomhnú chun cur ar a chumas cistí a thiomsú ar théarmaí fabhracha agus go méadódh aon mheathlú costais chistiúcháin go suntasach; á iarraidh ar BEI dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar a ghníomhaíochtaí cosanta leathnaithe ar a rátáil chreidmheasa AAA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar an ról lárnach atá ag BEI i dtaobh maoiniú poiblí agus príobháideach a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí infheistíochta agus chun athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a neartú i dtimpeallacht dhúshlánach dhomhanda; á mheabhrú go bhfuil comhordú trasteorann, comhtháthú an mhargaidh caipitil agus dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair bunriachtanach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI leas iomlán a bhaint as acmhainneacht BEI agus an maoiniú is gá don aistriú glas, digiteach agus sóisialta a scaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcomhlánódh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais infheistíochtaí na mBallstát, seachas iad a phlódú amach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh solúbthacht leormhaith ann laistigh de chreat incháilitheachta agus breithmheasa BEI chun freastal ar riachtanais infheistíochta náisiúnta agus réigiúnacha; á mheabhrú gur cheart do bhainc agus d’institiúidí forbartha poiblí tionscadail inmharthana a dhí-rioscú i gcás inarb ann do bhearnaí sa mhargadh, gan ionadú a dhéanamh ar chaipiteal príobháideach; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart go mbeadh ról lárnach ag BEI maidir le cur ar chumas na mbanc tráchtála agus poiblí araon infheistíocht a dhéanamh in earnáil cosanta na hEorpa; ag tabhairt dá haire nach gcuireann creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais srianta uileghabhálacha ar infheistíocht i réimse na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an iarraidh ar BEI neartaithe sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun a chur ar a chumas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thosaíochtaí coiteanna an Aontais, go háirithe faoi chreat InvestEU CEI agus faoin gCiste don Eoraip Dhomhanda agus freisin trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad an-éifeachtach maidir le príomhchuspóirí bheartais an Aontais a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur cheart do BEI cistiú leordhóthanach a shlógadh, leachtacht a instealladh agus an uaillmhian a mhéadú chun tacú le hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí trí InvestEU; á iarraidh, i gcomhréir lena thuarascáil eatramhach maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2028 go 2034, go ndéanfaí cláir rathúla de chuid an Aontais amhail InvestEU a threisiú agus go mbeadh comhpháirtíocht infheistíochta neartaithe ann le Grúpa BEI, lena n-áiritheofar go n-úsáidfear gach euro a chaitear ar leibhéal an Aontais ar an mbealach is éifeachtaí agus is mó tionchar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhlántacht agus sineirgí feabhsaithe idir maoiniú BEI agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, chun an tionchar a uasmhéadú agus chun straitéisí comhleanúnacha infheistíochta críochacha a áirithiú; á iarraidh ar BEI agus ar an gCoimisiún creataí soiléire comhordúcháin a fhorbairt lena n-éascófar úsáid chomhpháirteach na n-ionstraimí sin ar leibhéal an tionscadail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar BEI ról gníomhach a bheith aige maidir le tacú le leanúnachas agus cur i gcrích tionscadal arna dtionscnamh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), agus na cuspóirí á gcoimirciú tar éis an scoithdháta; á chur i bhfios go láidir gur féidir le maoiniú agus cúnamh teicniúil BEI nasc criticiúil a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá beartaithe ag tionscadail arna gcistiú ag STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag spreagadh BEI chun leanúint d’ionstraimí airgeadais nuálacha a fhorbairt chun coigilteas príobháideach suntasach na hEorpa a shlógadh le haghaidh infheistíocht tháirgiúil, go háirithe trí dhul i dteagmháil le hinfheisteoirí institiúideacha chun tacú le caipiteal fiontair, chun rannchuidiú leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áireofaí ar infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó BEI measúnuithe tionchair ar iomaíochas, lena n-áiritheofar go ndéanfaidh cistí an Aontais nuálaíocht, táirgiúlacht agus scálú margaidh a ghiaráil go héifeachtach i bpríomhearnálacha tionsclaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú gurbh é BEI an chéad eisitheoir bannaí glasa agus gurb é anois an t-eisitheoir ilairgeadra is mó a eisíonn bannaí glasa; á chur in iúl gur geal léi gur eisigh BEI a chéad Bhanna um Fheasacht Aeráide an 2 Aibreán 2025 atá ailínithe le Rialachán Chaighdeán Bannaí Glasa an Aontais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag BEI maidir le margadh na mbannaí glasa a fhorbairt agus réitigh mhaoiniúcháin a chur ar fáil do chuideachtaí inbhuanaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nuálaíocht a spreagadh le haghaidh ceannaireacht theicneolaíoch </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an baol ann go gcaillfidh an tAontas caipiteal, tallann agus acmhainneacht nuálaíochta d’iomaitheoirí domhanda atá ag bogadh níos tapúla, agus go bhfuil an tAontas fós chun deiridh i bhforbairt príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin; á chur in iúl gur geal léi seoladh chlár TechEU, lena dtógtar ar Thionscnamh rathúil um Sheaimpíní Teicneolaíochta Eorpacha agus lena slógtar suas le EUR 250 billiún in infheistíocht; á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht leis an gclár sin d’infheistíochtaí atá in ann dul in iomaíocht ar fud an domhain agus rannchuidiú le fás inbhuanaithe fadtéarmach agus slabhraí soláthair Eorpacha a neartú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a mhéadú i dteicneolaíochtaí agus in earnálacha Eorpacha atá ríthábhachtach don athléimneacht fhadtéarmach, lena n-áirítear leathsheoltóirí, slabhraí luacha ceallraí, ceannasacht dhigiteach agus monaraíocht teicneolaíochta glaine; ag spreagadh BEI chun sciar an chistithe atá tuartha do 2027 a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní faoin gclár TechEU a leithdháileadh go cothrom agus go cuimsitheach ar FBManna, ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht leormhaith don iomaíochas in éineacht le príomhchuspóirí eile; á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur le himscaradh na gclár sin chun coinneáil suas le luas na nuálaíochta agus na ngnólachtaí nuathionscanta; á iarraidh go méadófaí buiséad an Chiste Eorpaigh Infheistíochta atá tiomnaithe d’éiceachóras caipitil fiontair an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh beagnach 60 % de mhaoiniú BEI in 2025 dírithe ar an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin; á iarraidh ar BEI iomaíochas agus slándáil eacnamaíoch a threisiú trí aistriú intuartha, cuimsitheach, cothrom agus inacmhainne a chumasú, gan ualach míchuí a chur ar an tionscal agus ar theaghlaigh; á chur i bhfios go láidir gur féidir le hinfheistíochtaí aeráide agus comhshaoil rannchuidiú le bonn tionsclaíoch, táirgiúlacht agus iomaíochas domhanda na hEorpa a neartú; ag tacú le hinfheistíochtaí ar fud slabhraí luacha tionsclaíocha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí ísealcharbóin, chun conairí i dtreo an dícharbónaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de a chumasú, i gcás ina bhfuil na hinfheistíochtaí sin á spreagadh ag an nuálaíocht agus ina bhfuil acmhainneacht shoiléir acu iomaíochas an mhargaidh agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a fheabhsú; á iarraidh ar BEI critéir mheastóireachta atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a chur i bhfeidhm, amhail déine carbóin saolré agus cobhsaíocht eangaí, agus tionscadail fuinnimh ísealcharbóin á maoiniú, lena n-áirítear fuinneamh núicléach, agus lánurraim á tabhairt do cheart ceannasach gach Ballstáit a mheascán fuinnimh féin a chinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú gur féidir leis an teicneolaíocht ghlan rannchuidiú le ceannasacht agus iomaíochas an Aontais a neartú; á chur in iúl gur geal léi ailíniú BEI le creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais, lena n-áirítear critéir Thacsanomaíocht an Aontais a chomhtháthú; á iarraidh go leanfar d’infheistíochtaí a mbeidh tionchar soiléir agus intomhaiste acu ar laghdú astaíochtaí; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí san oiriúnú don athrú aeráide agus san athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide; ag spreagadh infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt, agus i dteicneolaíochtaí nuálacha maidir le hullmhacht i leith na haeráide; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú idir BEI agus GEC chun a gcomhar maidir leis an mbithéagsúlacht agus gníomhaíochtaí ar son na haeráide a dhoimhniú; ag dréim leis go ndéanfaidh BEI a chúnamh teicniúil agus a sheirbhísí comhairleacha a ghiaráil, go háirithe chun tacú le tionscadail lena soláthraítear rochtain inacmhainne ar fhuinneamh in-athnuaite, agus béim á leagan ar phraghsanna fuinnimh a laghdú agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear do theaghlaigh leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir BEI EUR 16 bhilliún de mhaoiniú ar fáil do ghnólachtaí beaga agus do ghnólachtaí nuathionscanta in 2025; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, go háirithe ar chaipiteal riosca, ar chothromas príobháideach agus ar chistiú méadúcháin, chun tacú le fás agus le hidirnáisiúnú gnólachtaí iomaíocha Eorpacha; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun an bhearna mhaoiniúcháin do chuideachtaí ardfháis a dhúnadh agus chun margadh caipitil Eorpach níos dinimiciúla agus níos comhtháite a chothú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart iarrachtaí chun acmhainní breise a shlógadh do FBManna agus do ghnólachtaí atá ag méadú a neartú chun a áirithiú gur féidir leo dul san iomaíocht ar fud an domhain; á iarraidh ar BEI a mhaoiniú do FBManna ar fud an Aontais a mhéadú; ag spreagadh CEI chun tuilleadh tionscnamh a sheoladh chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar BEI nósanna imeachta cur i bhfeidhm agus formheasa a shimpliú tuilleadh agus dlús a chur leo, ualaí riaracháin a laghdú, agus tacaíocht do thairbhithe beaga a neartú, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, bardais, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, trína áirithiú go bhfuil réamhriachtanais agus ceanglais tuairiscithe comhréireach le luach leithdháilte agus/nó méid an tairbhí, gan caighdeáin airgeadais a chur i mbaol, agus cistiú a leithdháileadh ar bhonn éifeachtúlachta, inmharthanachta eacnamaíche agus tionchair intomhaiste; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh rochtain níos fearr ar mhaoiniú ann do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí chritéir agus nósanna imeachta incháilitheachta simplithe faoi InvestEU agus CEI, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha agus thuaithe, arna gcomhlánú le cúnamh teicniúil feabhsaithe; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí cistiú a leithdháileadh ar bhonn éifeachtúlachta, inmharthanachta eacnamaíche agus tionchair intomhaiste, agus go ndéanfaí meastóireachtaí <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> comhréireacha chun úsáid éifeachtach acmhainní agus plódú isteach infheistíochta príobháidí a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ndéanann ceanglais dhíréireacha maidir le tuairisciú comhshaoil, sóisialta agus rialachais a fhorchuirtear ar thairbhithe tionscadail atá inmharthana go heacnamaíoch a dhíspreagadh agus gnólachtaí Eorpacha a chur faoi mhíbhuntáiste iomaíoch, agus á iarraidh ar BEI athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais sin chun comhréireacht a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Slándáil fuinnimh agus soláthar slán amhábhar criticiúil le haghaidh iomaíochas tionsclaíoch a mhaoiniú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an t-iomaíochas tionsclaíoch bunaithe ar phraghsanna fuinnimh intuartha agus inacmhainne; á mheabhrú go bhfuil luaineacht fuinnimh fós ina riosca struchtúrach do gheilleagar an Aontais mar gheall ar dhúshláin gheopholaitiúla agus srianta soláthair; ag tabhairt dá haire go bhfuil BEI ag díriú in 2026 ar an iomaíochas agus an tslándáil a neartú; á iarraidh ar BEI tacú le tionscadail bonneagair fuinnimh, lena n-áirítear iad siúd a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun praghsanna fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a mhaolú agus chun an soláthar fuinnimh a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thaifead BEI EUR 33 bhilliún de mhaoiniú do shlándáil fuinnimh na hEorpa in 2025, rud a thacaigh le EUR 108 mbilliún d’infheistíocht iomlán, lena n-áirítear EUR 11 bhilliún d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite in 2025; á iarraidh go ndéanfaí beartais aeráide agus fuinnimh a chur chun feidhme ar bhealach pragmatach, lena n-áiritheofar maoiniú réiteach costéifeachtach, i gcomhréir le Tacsanomaíocht an Aontais agus faoi threoir tionchair eacnamaíocha intomhaiste lena ráthaítear fuinneamh inacmhainne, neamhspleáchas straitéiseach agus iontaofacht an chórais agus forbairt bonneagair; á mheabhrú go bhfuil aistriú cóir ar cheann de cholúin threochlár aeráide BEI, agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BEI chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin cothrom agus inbhuanaithe go sóisialta, gan aon duine a fhágáil ar lár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil slándáil sholáthar na n-amhábhar criticiúil (AÁC) ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, d’earnáil na cosanta agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais i gcoitinne; ag meabhrú an róil atá ag BEI i gComhghuaillíocht Amhábhar an Aontais agus aidhm an Aontais chun bheith níos neamhspleáiche a mhéid a bhaineann le soláthar AÁC; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cur chuige an gheilleagair chiorclaigh i leith AÁC, bunaithe ar athchúrsáil agus athúsáid, chun spleáchas an Aontais ar thríú tíortha a laghdú agus borradh a chur faoina neamhspleáchas straitéiseach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar BEI níos mó infheistíochta a dhéanamh in earnáil AÁC chun athléimneacht in amhábhair a fheabhsú agus béim ar leith á leagan ar spriocanna an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING> Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a bhaint amach, eadhon amhábhair thánaisteacha a eastóscadh, a athchúrsáil agus a phróiseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos láidre ar leibhéal an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla, lena n-áirítear comhar níos dlúithe idir BEI, gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus institiúidí airgeadais poiblí eile; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tAontas ag titim chun deiridh ar iomaitheoirí amhail Ceanada, na Stáit Aontaithe agus an Astráil, a chuireann cuir chuige mhaoiniúcháin ‘uile-rialtais’ níos comhordaithe i bhfeidhm; á chur i bhfáth nach mór do gach tionscadal a bhaineann le AÁC dá dtugtar tacaíocht ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chomhlíonadh; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le roghnú agus maoiniú na dtionscadal lena gcumhdaítear gach céim de AÁC mar a shainmhínítear leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint agus gníomhaíocht sheachtrach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tacú le Plean Gníomhaíochta BEI ó mhí an Mhárta 2025 maidir le cumais slándála agus chosanta na hEorpa a neartú; á chur in iúl gur geal léi an EUR 4 bhilliún breise de mhaoiniú nua, arb ionann é agus beagnach 5 % d’infheistíochtaí iomlána BEI san Aontas; á mheabhrú go bhfuil athrú tagtha ar thosaíochtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha an Aontais, rud a chuir brú suntasach ar bhuiséid náisiúnta maidir le hinfheistíochtaí cosanta agus slándála; á chur i bhfáth, i bhfianaise shainordú BEI chun tacú le cuspóirí an Aontais, gur cheart do BEI a rannpháirtíocht sna hearnálacha straitéiseacha sin a mhéadú tuilleadh, agus a rátáil AAA á coimirciú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht airgeadais BEI don tsoghluaisteacht mhíleata, don bhonneagar straitéiseach agus d’ardteicneolaíochtaí ríthábhachtach chun comhtháthú an mhargaidh a spreagadh agus chun comhleasanna Eorpacha a threisiú; á chur in iúl gur geal léi na critéir incháilitheachta nuashonraithe lena bhfeabhsaítear tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí nuathionscanta trí ionstraimí airgeadais saincheaptha amhail fiachas fiontair, infheistíochtaí cothromais agus línte creidmheasa tiomnaithe; ag tabhairt dá haire gur cheart don chaiteachas cosanta comhleanúnachas straitéiseach agus cur chuige cothrom a áirithiú, agus nár cheart dó an bonn a bhaint de chaiteachas sóisialta agus comhshaoil ná de bheartais sheanbhunaithe an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil srianta cistiúcháin BEI fós le sárú ag earnálacha straitéiseacha áirithe laistigh den tionscal cosanta agus slándála; ag tabhairt dá haire, in ainneoin chinneadh BEI an 21 Márta 2025 chun incháilitheacht a leathnú, go bhfuil bacainní iarmharacha fós ann agus go gcuireann siad bac ar chaipiteal príobháideach a shlógadh go hiomlán chun tacú le slándáil na hEorpa; á iarraidh ar Bhord Gobharnóirí BEI leanúint de chleachtais BEI a oiriúnú maidir le hiasachtú don tionscal cosanta, mar a luaitear sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas agus ag BEI maidir le comhpháirtíochtaí eacnamaíocha comhthairbheacha a fhorbairt le tíortha nach bhfuil san Aontas, atá ríthábhachtach do sheasamh domhanda an Aontais maidir le córas iltaobhach riailbhunaithe, forbairt inbhuanaithe, daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn agus slabhraí soláthair athléimneacha agus bonneagar inbhuanaithe a neartú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do BEI páirt chórasach a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do phobail áitiúla ag gach céim de dhearadh, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht an tionscadail chun a áirithiú go mbeidh tionscadail Global Gateway freagrúil do riachtanais áitiúla agus go nginfidh siad torthaí fónta forbartha; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag BEI Domhanda maidir le hinfheistíocht san fhorbairt inbhuanaithe a shlógadh faoin tionscnamh Global Gateway, agus gur sháraigh sé a sprioc EUR 100 billiún a bhaint amach in 2025, agus ar an gcaoi sin leasanna eacnamaíocha na hEorpa agus rochtain na hEorpa ar an margadh i dtimpeallacht dhomhanda iomaíoch a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór tacaíocht leanúnach BEI maidir le hoibríochtaí na hearnála poiblí agus príobháidí san Úcráin a chur i gcrích agus a neartú agus maidir le tacú le trádáil, bonneagar agus comhtháthú réigiúnach uile-Afracach, chun naisc leis an Eoraip a neartú; á chur i bhfios go láidir nach leor tacaíocht BEI agus AE amháin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di leibhéil fiachais atá ag ardú go tapa agus costais iasachtaíochta níos airde i margaí atá ag teacht chun cinn agus i ngeilleagair atá i mbéal forbartha tráth a bhfuil suaití domhanda tar éis éirí níos minice agus a bhfuil fiachas rialtais i measc na dtíortha sin tar éis méadú go dtí leibhéal ard 55 bliana; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag BEI maidir le cistiú a chur ar fáil; á chur in iúl gur geal léi ról na n-institiúidí iltaobhacha eile maidir le cuidiú le hualaí fiachais neamh-inbhuanaithe a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh an athuair ar BEI Domhanda oibríochtaí measctha a theorannú do réimsí inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil agus plódú amach caipitil phríobháidigh á sheachaint ag an am céanna agus a áirithiú nach n-úsáidfear maoiniú cumaiscthe le haghaidh seirbhísí poiblí bunriachtanacha, go háirithe seirbhísí sláinte, oideachais agus cosanta sóisialta; á mheabhrú gur cheart do spriocanna beartais forbartha AE, agus go háirithe an sprioc rochtain uilíoch agus inacmhainne ar chúram sláinte a fheabhsú, infheistíochtaí BEI sa réimse seo a threorú, chun torthaí sláinte níos fearr a áirithiú do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit liosta eisiaimh BEI a leasú chun maoiniú arm agus armlóin a chumasú a théann níos faide ná teicneolaíochtaí dé-úsáide amháin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le tionscal cosanta na hEorpa a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go dtreiseodh iasachtú BEI i dtíortha nach bhfuil san Aontas tosaíochtaí seachtracha an Aontais; á iarraidh ar BEI comhar éifeachtach ó thíortha comhpháirtíochta maidir le bainistiú imirce a áireamh, lena n-áirítear athligean isteach agus filleadh imirceach nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht in AE, mar chritéar ábhartha laistigh dá chreat iasachtaithe sheachtraigh do thíortha nach de chuid an Aontais iad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacaíocht don chomhtháthú, don talmhaíocht agus don tithíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thacaigh thart ar leath de mhaoiniú BEI in 2025 le hinfheistíocht i réigiúin bheagfhorbartha an Aontais agus gur leithdháileadh EUR 3 bhilliún don talmhaíocht agus don bhithgheilleagar; ag spreagadh BEI chun comhar a dhoimhniú le bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus le hinstitiúidí airgeadais réigiúnacha chun tionchar críochach chistiú an Aontais a uasmhéadú agus chun éagothromaíochtaí infheistíochta réigiúnacha a laghdú; á iarraidh go n-úsáidfí maoiniú cumaiscthe trí chistí comhtháthaithe an Aontais a chomhcheangal le hionstraimí BEI; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé bunriachtanach rochtain ar mhaoiniú díreach a áirithiú i ngach réigiún chun cóineasú eacnamaíoch a chothú agus chun comhtháthú eacnamaíoch agus críochach a chur chun cinn agus, in éineacht leis an tslándáil bia a threisiú, go bhfuil sé sin ríthábhachtach d’uathriail straitéiseach an Aontais; á iarraidh ar BEI cistiú intuartha agus leordhóthanach a shlógadh d’fheirmeoirí óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go gcaomhnófaí tacaíocht Ghrúpa BEI don bheartas talmhaíochta agus comhtháthaithe, lena n-áirítear úsáid níos leithne a bhaint as ionstraimí airgeadais chun deontais an Aontais a ghiaráil agus infheistíocht phríobháideach a mhealladh; á thabhairt chun suntais an breisluach a bhaineann le maoiniú leormhaith do chúnamh teicniúil comhpháirteach idir BEI agus an Coimisiúin d’údaráis cur chun feidhme chun cuidiú le cur chun feidhme tráthúil agus breisíocht infheistíochtaí a áirithiú, go háirithe trí acmhainneacht riaracháin a fhorbairt agus trí phíblínte infheistíochta a fhorbairt; á iarraidh go leathnófaí úsáid an mhaoinithe chumaiscthe chun díriú ar réigiúin nach ndéantar freastal ceart orthu agus ar réigiúin chomhtháthaithe trí chistí struchtúracha agus infheistíochta AE a chomhcheangal le hionstraimí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Ghrúpa BEI tionscadail tithíochta sóisialta a mhaoiniú ar fud an Aontais; á iarraidh ar an mBanc dlús a chur lena ghníomhaíochtaí chun rochtain ar thithíocht inacmhainne a fheabhsú i bhfianaise na géarchéime tithíochta atá ag dul i méid san Eoraip; ag spreagadh BEI chun comhoibriú le bainc infheistíochta poiblí Eorpacha eile, le hinstitiúidí airgeadais poiblí áitiúla, le rialtais áitiúla, le cuideachtaí tithíochta comhoibritheacha agus sóisialta, agus le bardais chun réitigh tithíochta a mhaoiniú agus réitigh fhadtéarmacha a sholáthar ar an ngéarchéim costais mhaireachtála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BEI tacú le tionscadail lena mbaintear amach cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar BEI ualú na sochar sóisialta a mhéadú i meastóireachtaí ar thionscadail chun réitigh fhadtéarmacha inacmhainne a chur ar fáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht agus cuntasacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mheabhrú gur airgead poiblí iad cistí BEI agus gur cheart iad a bheith faoi réir grinnscrúdú poiblí agus cuntasachta i gcónaí, go háirithe i gcás ina bhfuil ráthaíochtaí ón Aontas nó cistí buiséadacha ón Aontas mar thaca leo; á iarraidh an athuair go mbeadh creat struchtúrtha idirinstitiúideach ann lena n-áiritheofar formhaoirseacht pharlaiminteach fheabhsaithe, rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis agus an fhéidearthacht don Pharlaimint ionchur a sholáthar maidir le treoshuíomhanna straitéiseacha BEI; ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta in Innéacs Trédhearcachta 2025 um an Infheistíocht Dhíreach Choigríche ach á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh feabhsuithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le freagracht fhioscach agus le húsáid éifeachtúil cistí chun airgead na gcáiníocóirí a chosaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil sásraí tuairiscithe neartaithe bunriachtanach le haghaidh grinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go n-áiritheoidh BEI inrianaitheacht na dtionscadal arna gcistiú; á chur i bhfáth gur cheart do BEI faisnéis níos mionsonraithe a fhoilsiú go tráthúil maidir lena thionscadail, lena n-áirítear a réasúnaíocht agus a gcomhthéacs, míniú ar an gcaoi a n-ailíníonn siad le tosaíochtaí coiteanna an Aontais agus faisnéis maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha faighteora iarbhír, agus béim shoiléir á leagan ar na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais; á chur in iúl gur geal léi cinneadh BEI, tar éis fiosrúchán ón Ombudsman, tús a chur lena mheasúnuithe comhshaoil agus sóisialta ar thionscadail atá lonnaithe lasmuigh den Aontas ar dócha go mbeidh tionchar suntasach acu sna réimsí sin a fhoilsiú go réamhghníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart ráthaíochtaí sealadacha arna gceapadh go cúramach a úsáid, i gcás inarb iomchuí, seachas deontais, chun tionchar díreach buiséadach a theorannú agus tús áite a thabhairt do phlódú isteach caipitil phríobháidigh; á mheabhrú gur fíor-riosca fioscach iad ráthaíochtaí agus gur cheart iad a bheith faoi réir an smachta chéanna le caiteachas díreach; á chur i bhfios go láidir nach mór ardleibhéal trédhearcachta, formhaoirseachta daonlathaí agus sásraí cuí measúnaithe riosca a bheith ag gabháil le húsáid ráthaíochtaí; á chur i bhfáth gur cheart d’infheisteoirí príobháideacha an neamhchosaint phríomhúil ar riosca tráchtála a choinneáil, agus gur cheart d’idirghabháil BEI leanúint de bheith teoranta, sainithe go soiléir agus sealadach, lena ndíreofar ar rioscaí nach féidir le rannpháirtithe príobháideacha sa mhargadh a sheasamh agus lena n-áiritheofar maolú riosca a bhaineann go sonrach le tionscadal; á iarraidh ar BEI oibríochtaí measctha a theorannú do limistéir inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil agus plódú amach caipitil phríobháidigh á sheachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil costais oibríochtúla arda fhoriomlána ag BEI; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta maolaithe iomchuí a shainaithint, d’fhonn cost-éifeachtúlacht a fheabhsú agus éifeachtacht oibríochtúil an Bhainc á coimirciú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-oibríonn Grúpa BEI faoi dhéchóras faoina ndéanann an Coimisiún agus CIE, agus an Pharlaimint ina cinneadh maidir le hurscaoileadh bhuiséad an Aontais grinnscrúdú indíreach ar oibríochtaí de chuid an Aontais a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, agus go dtagann oibríochtaí a mhaoinítear ó acmhainní dílse BEI a eascraíonn ó na Ballstáit – níos mó ná trí cheathrú d’oibríochtaí BEI – den chuid is mó lasmuigh d’iniúchadh agus grinnscrúdú seachtrach córasach ag parlaimintí náisiúnta agus ag Parlaimint na hEorpa; ag tabhairt dá haire go bhfuil struchtúr dlúth cuntasachta inmheánaí ag BEI agus go ndéanann iniúchóir seachtrach formhaoirseacht ar oibríochtaí agus ar chóras cuntasaíochta BEI; ag aontú go bhfuil an struchtúr sin i gcomhréir, tríd is tríd, le cleachtais idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur tuairisciú ócáideach é tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil athrú tagtha ar an gcomhar leis an Ombudsman Eorpach agus go bhfuil ról CIE teoranta ag na rialacha reatha agus ag na socruithe cur chun feidhme; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le gníomhaíochtaí inláimhsithe ó BEI chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin, i gcomhréir leis na hiarrataí roimhe seo a áirítear sna rúin ón bParlaimint agus leis an infhaighteacht d’idirphlé agus don chomhar arna gcur in iúl ag an údarás Eorpach buiséadach agus um urscaoileadh; á iarraidh ar BEI páirt ghníomhach a thabhairt d’uasfhorais iniúchóireachta náisiúnta sa phróiseas sin chun cuntasacht a áirithiú d’oibríochtaí nach gcumhdaítear faoi láthair le CIE agus chun cuntasacht agus formhaoirseacht láidir a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ról formhaoirseachta inmheánaí ag Coiste Iniúchóireachta BEI; á chur i bhfios nach ndéantar aon fhormhaoirseacht stuamachta sheachtrach i gcomhréir le caighdeáin mhaoirseachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, seachas i réimse an bhainistithe leachtachta; ag moladh do Bhord Gobharnóirí BEI, i bhfianaise mhéid, chastacht agus shainiúlachtaí shamhail ghnó BEI, socruithe iomchuí a dhéanamh leis na caighdeáin is airde formhaoirseachta stuamachta seachtraí a chomhlíonadh, agus fós na hoiriúnuithe is gá arna n-eascairt as samhail ghnó uathúil BEI a chur i gcuntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tóireadóir éillithe leanúnach i gcoinne iar-Uachtarán BEI; ag dréim leis go ndéanfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúdú críochnúil ar an gcás agus ag fanacht le soiléireacht iomlán a fháil ar an ábhar; á mheabhrú gur cheart pionós mór a ghearradh ar aon éagóir agus mí-úsáid cistí poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí beartais BEI maidir le cearta an duine a neartú; á chur i bhfáth gur cheart do shaineolaithe neamhspleácha measúnuithe tionchair comhshaoil agus sóisialta a dhéanamh, agus gur cheart sásraí neamhspleácha fíorúcháin a thabhairt isteach chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an bhféinfhaireachán agus ar an bhféintuairisciú a dhéanann cliaint BEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag aithint iarrachtaí BEI chun feabhas a chur ar chleachtais bhainistíochta, tar éis shuirbhé inmheánach BEI in 2023; á iarraidh go leanfaí de phrionsabail BEI a chur chun feidhme maidir le héagsúlacht, cothromas agus cuimsiú, lena n-áirítear an sprioc a áirithiú go mbeidh 40 % ar a laghad de na poist bhainistíochta ag mná faoi dheireadh 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh an athuair ar BEI athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar roinnt an tsaothair laistigh den Choiste Bainistíochta agus, go háirithe, a áirithiú nach mbeidh Leas-Uachtaráin BEI chun tosaigh go brách agus tionscadail arna gceapadh ina dtíortha dúchais á gcur i gcrích, fiú má ghlacann an Coiste Bainistíochta freagracht chomhchoiteann as a chinntí, ar an ábhar go mbeadh baol ann go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an iliomad moltaí ann ó institiúidí an Aontais ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir BEI é féin ar fáil in 2025, tar éis don Pharlaimint glaonna a dhéanamh arís agus arís eile, chun dul i mbun caibidlíochta d’fhonn ‘comhaontú’ a bhunú maidir le comhar feabhsaithe idir an Pharlaimint agus BEI; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an chomhthuiscint gur cheart an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích go tráthúil; á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh ‘comhaontú’ den sórt sin idirghníomhaíochtaí idir an Pharlaimint agus BEI a chur ar bhonn foirmiúil agus a neartú, rud a léireoidh tiomantas frithpháirteach do chomhar níos dlúithe; ag tabhairt dá haire go bhfianaítear breisluach na gcomhaontuithe sin le cur chun feidhme comhaontuithe inchomparáide arna dtabhairt i gcrích idir an Pharlaimint agus institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais nó eagraíochtaí idir-rialtasacha;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>