<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0246</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Moladh maidir leis an staid gheopholaitiúil atá ag athrú san Áise Thoir agus an gá atá le comhar níos dlúithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis sa réigiún</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0189/2026 -  Rapóirtéir: Adam Bielan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an staid gheopholaitiúil atá ag athrú san Áise Thoir agus an gá atá le comhar níos dlúithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis sa réigiún (2025/2169(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU strategy for cooperation in the Indo-Pacific</STRING>’ [Straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach] (JOIN(2021)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022, lena leagtar béim ar ról na gcomhpháirtíochtaí do shlándáil agus d’athléimneacht an Aontais, lena n-áirítear sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘The Global Gateway’ [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Meitheamh 2023 maidir le ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 12 Samhain 2025 dar teideal ‘An Sciath Eorpach don Daonlathas: Daonlathais Láidre agus Athléimneacha a Chumhachtú’ (JOIN(2025)0791),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Nollaig 2020 dar teideal ‘The EU’s Cybersecurity Strategy for the Digital Decade’ [Straitéis Chibearshlándála an Aontais don Deacáid Dhigiteach] (JOIN(2020)0018),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin an 1 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré an 4 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeapáin, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 216, 24.8.2018, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/1197/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 20, 23.1.2013, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 27.12.2018, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/1907/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 127, 14.5.2011, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2011/265/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a glacadh ag an 30ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin a tionóladh an 23 Iúil 2025 i dTóiceo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 42ú cruinniú idirpharlaiminteach idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a tionóladh an 28 agus an 29 Bealtaine 2025 i dTóiceo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tríú hIdirphlé Straitéiseach idir an tAontas agus an tSeapáin an26 Márta 2026 in Vaux-de-Cernay,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 9ú hIdirphlé maidir le Beartas Digiteach idir an tAontas agus an tSeapáin an 25 Márta 2026 in Tóiceo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Litir Intinne a shínigh an tAontas agus an tSeapáin an 13 Márta 2025 maidir le ‘Comhar san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht Chandamach a Neartú’ chun taighde comhpháirteach, malartuithe agus forbairt éiceachórais a dhoimhniú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ghealltanas a thug an tAontas, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe ag an gcruinniú Aireachta i ndáil le Mianraí Criticiúla an 4 Feabhra 2026, chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hamhábhair chriticiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhghuaillíocht Ghlas idir an tAontas agus an tSeapáin an 27 Bealtaine 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a glacadh ag an 11ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a tionóladh an 10 Meitheamh 2026 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 23ú cruinniú idirpharlaiminteach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a tionóladh an 18 Samhain 2025 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara hIdirphlé Straitéiseach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré an 22 Eanáir 2026 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinniú mullaigh idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré an 22 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 4ú fóram aireachta idir an tAontas agus an réigiún Ind‑Chiúin‑Aigéanach a tionóladh sa Bhruiséil an 20-21 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas tar éis na cuairte a thug toscaireacht ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha ar Phoblacht na Cóiré agus ar an tSeapáin le déanaí ón 31 Márta go dtí an 2 Aibreán 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir leis an Aontas agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 32.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2023 ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSeapáin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4167, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4167/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2026 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0012.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2024 maidir le tacaíocht bhuan-seasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus an Rúis<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1809, 4.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1809/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an mhíchiall atá á baint ag Daon-Phoblacht na Síne as Rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe agus a briogadh míleata leanúnach mórthimpeall na Téaváine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/487, 29.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/487/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2023 maidir le caidreamh trádála agus infheistíochta idir an Aontas Eorpach agus an Téaváin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4174, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4174/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasaimh agus dá moltaí maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear iarrataí ar oibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn léi chun seasamh leis an tsaoirse loingseoireachta agus leis an gcobhsaíocht i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Thoir agus Theas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0189/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-ord domhanda á athmhúnlú ag na hathruithe geopholaitiúla leanúnacha agus ag tábhacht straitéiseach mhéadaitheach an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; de bhrí go bhfuil an Áise Thoir agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach níos leithne ríthábhachtach don rathúnas agus don tslándáil dhomhanda, don tslándáil fuinnimh agus don athléimneacht dhaonlathach, mar a bhfuil lánaí farraige ríthábhachtacha, éiceachórais teicneolaíochta ardfhorbartha, mórbhealaí trádála, níos mó ná leath de dhaonra an domhain, agus slabhraí soláthair criticiúla atá bunriachtanach d’iomaíochas eacnamaíoch agus d’athléimneacht thionsclaíoch fhadtéarmach an Aontais in earnálacha straitéiseacha, chomh maith lena thionchar geopholaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur dlúthchuid den bheartas trádála, eachtrach agus slándála í an tslándáil eacnamaíoch, lena n-áirítear slabhraí soláthair athléimneacha agus éagsúlaithe le haghaidh amhábhair chriticiúla, leathsheoltóirí agus teicneolaíochtaí glana; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach do shlándáil eacnamaíoch agus d’iomaíochas an Aontais spleáchais straitéiseacha a laghdú agus slabhraí soláthair a dhéanamh níos athléimní agus níos éagsúlaithe in earnálacha criticiúla, i gcomhréir lena straitéis dí-rioscaithe, agus díchúpláil eacnamaíoch nach bhfuil gá léi á seachaint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil tírdhreach geopholaitiúil na hÁise Thoir ag éirí níos luainí le blianta beaga anuas, agus go bhfuil dinimic na cumhachta go réigiúnda á múnlú níos mó agus níos mó ag an iomaíocht shistéamach, díospóidí muirí, méadú míleata, agus tionchar méadaitheach an rialachais údarásaíoch a bhaineann úsáid as an gcomhéigean eacnamaíoch, lena n-áirítear rochtain leatromach ar an margadh, bagairtí hibrideacha lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, agus spiaireacht tráchtála agus pholaitiúil a thugann dúshlán na síochána, na cobhsaíochta agus an oird idirnáisiúnta riail-bhunaithe agus a éilíonn freagairtí comhordaithe i gcomhar le comhpháirtithe a bhfuil luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáin rialála acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil slándáil na Seapáine, na Cóiré Theas agus na Téaváine fós ag brath go mór ar na Stáit Aontaithe; de bhrí go bhfuil na comhpháirtithe sin níos neamhchosanta ar dhothuarthacht agus comhéigean eacnamaíoch na Stát Aontaithe, rud a dhéanann difear uaireanta do na comhghuaillithe is dlúithe atá acu fiú; de bhrí gur gá do na comhpháirtithe daonlathacha sin, dá bhrí sin, a gcomhpháirtíochtaí le gníomhaithe eile, go háirithe an tAontas, a threisiú agus a éagsúlú chun athléimneacht agus leasanna slándála comhroinnte a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach bunaithe ar an tuairim láidir go bhfuil dlúthnasc idir slándáil agus rathúnas an Aontais agus slándáil agus rathúnas an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir sa straitéis a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún a neartú trí idirphlé polaitiúil níos doimhne, trí chomhar eacnamaíoch feabhsaithe agus trí chomhpháirtíochtaí slándála leathnaithe; de bhrí go bhfuil gá le naisc níos láidre idir an tAontas agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leis sa réigiún chun cur leis an tslándáil fhrithpháirteach agus leis an rathúnas frithpháirteach mar gheall go bhfuil an t-ord riail-bhunaithe agus comhghuaillíochtaí traidisiúnta á scaoileadh agus mar gheall ar theacht chun cinn gníomhaithe bagracha le huaillmhianta impiriúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur bunphrionsabail den dlí idirnáisiúnta iad saoirse na loingseoireachta agus saoirse na tras-eitilte, mar a chumhdaítear, go sonrach, in UNCLOS, agus go bhfuil siad ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar mór ag na dúshláin slándála atá ag éirí níos casta ar chobhsaíocht agus ar rathúnas na hEorpa agus ar chobhsaíocht agus ar rathúnas an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh araon, agus go bhfuil cobhsaíocht an dá réigiún níos idirnasctha ná riamh; de bhrí go bhfuil tionchar díreach ag ionradh dearg neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin orthu araon agus ag tacaíocht tríú tíortha amhail an tSín agus an Chóiré Thuaidh atá ag cumasú ionsaí na Rúise; de bhrí go bhfuil comhar láidir cosanta-tionsclaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin agus idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré bunriachtanach; de bhrí go bhfuil an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré chun tosaigh ina gcúnamh suntasach airgeadais agus daonnúil don Úcráin; de bhrí go bhfuil os cionn USD 20 billiún curtha ar fáil agus geallta ag an tSeapáin don Úcráin i gcúnamh airgeadais agus míleata ó 2022 i leith; de bhrí go bhfuil iarmhairtí suntasacha ag éagobhsaíocht sa Mheánoirthear don Eoraip agus don Áise Thoir maidir le slándáil fuinnimh agus suaitheadh sa slabhra soláthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go luaitear sa ‘Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint’ go leanann gníomhaithe áirithe, amhail Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC), den tsíocháin agus den tslándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta a chur i mbaol; de bhrí gur bagairtí tromchúiseacha iad cláir núicléacha agus diúracán DPDC ar an ord idirnáisiúnta riail-bhunaithe, chomh maith leis an teicneolaíocht núicléach nó balaistíoch a d’fhéadfadh a bheith ag an tír a bhaineann le diúracáin mar aon le haistriú aerfheithiclí gan foireann ón Rúis mar mhalairt ar airm agus ar phearsanra míleata; de bhrí gur sháraigh DPDC rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arís agus arís eile trí dhiúracáin a lainseáil ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear tástálacha a rinneadh os cionn na Seapáine;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon agus ar scála na gcibir-ionsaithe mar gheall ar thábhacht mhéadaitheach an spáis dhigitigh d’fheidhmiú ár sochaithe agus ár ngeilleagar; de bhrí go luaitear sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais don Deacáid Dhigiteach gur gá comhoibriú le comhpháirtithe a ghéilleann don smacht reachta, don tsaoirse bhunúsach, don daonlathas agus do chearta an duine chun na bagairtí agus na leochaileachtaí sin a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur fearr a chosnaítear leasanna an Aontais agus an tslándáil dhomhanda trí chomhar praiticiúil a dhoimhniú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis sa réigiún – go háirithe an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an Téaváin agus rannpháirtíocht phrionsabálta agus chuiditheach le gníomhaithe réigiúnacha á saothrú ag an am céanna, agus plé le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) mar ghníomhaí lárnach tionóil; de bhrí gur cheart do na comhpháirtíochtaí sin neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú trí bhonn láidir tionsclaíoch agus teicneolaíochta do chosaint na hEorpa a chomhdhlúthú, gan an tAontas a fhágáil ag brath rómhór ar chumhachtaí seachtracha; de bhrí gur cheart don Aontas dinimic choimhlinte bhloc-bhunaithe a sheachaint agus, ina ionad sin, iltaobhachas agus idirphlé comhoibritheach atá bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfeidhmíonn an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an tSeapáin mar shamhail don chomhar déthaobhach éifeachtach lena neartaítear múnlú beartais i bhfóraim iltaobhacha; de bhrí, le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas agus an tSeapáin an 1 Eanáir 2025, go gceadaítear comhar níos doimhne, lena n-áirítear réimsí amhail slándáil agus cosaint, bagairtí hibrideacha, slándáil mhuirí, cibearshlándáil, spás agus neamhleathadh, chomh maith le hiarrachtaí comhpháirteacha nithiúla faoin gComhghuaillíocht Iomaíochais, faoin gComhghuaillíocht Ghlas, faoin Comhpháirtíocht Dhigiteach agus faoin Idirphlé i ndáil le Fuinneamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gurb í an tSeapáin an comhpháirtí straitéiseach is dlúithe atá ag an Aontas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí go bhfuil gá le comhpháirtíocht níos dlúithe idir an tAontas agus an tSeapáin mar gheall ar dhúshláin dhomhanda agus, go háirithe, an teannas atá ag dul i méid sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí gur croí-leas é réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor agus oscailte, atá á shaothrú ag an tSeapáin agus ag an Aontas araon, go háirithe trí ord idirnáisiúnta riail-bhunaithe a chur chun cinn ina gcloíonn gach tír leis an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabal an réitigh shíochánta ar choinbhleachtaí; de bhrí gur gníomhaí tábhachtach í an tSeapáin i roinnt fóram sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach amhail Cruinniú Mullaigh na hÁise Thoir; de bhrí go lorgaíonn an tAontas agus an tSeapáin cuir chuige choiteanna ar an leibhéal déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha amhail G7, G20, na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), chomh maith le hailíniú mar dheontóirí atá ar aon intinn leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin i bhfeidhm in 2019 agus gur leasaíodh é chun forálacha maidir le saorshreabhadh sonraí in 2024 a chur san áireamh; de bhrí go bhfuil an tSeapáin ar an seachtú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, i mí na Bealtaine 2026, gur leathnaigh an ceathrú Comhairle Comhpháirtíochta Digití idir an tAontas agus an tSeapáin an comhar maidir leis an intleacht shaorga (IS), 5G/6G, leathsheoltóirí, cibearshlándáil agus rialachas sonraí agus gur dhíol sásaimh di an dul chun cinn maidir leis an tionscadail taighde chomhpháirtigh ‘6G MIRAI-HARMONY’;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur leagadh béim san Idirphlé i ndáil le Fuinneamh idir an tAontas agus an tSeapáin in 2025 ar obair chomhpháirteach ar shlabhraí soláthair fuinnimh ghlain, ar shlándáil GNL agus ar chomhar hidrigine chun tacú leis an aeráidneodracht;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go gcumhdaítear idirphlé polaitiúil, trádáil agus comhar slándála leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, ar comhghuaillí lárnach de chuid an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh í; de bhrí gur chuidigh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré le fás suntasach sa trádáil dhéthaobhach ó tháinig sé i bhfeidhm; de bhrí go neartaíonn an Creat-Chomhaontú idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré naisc pholaitiúla, eacnamaíocha agus institiúideacha, lena n-áirítear an tslándáil; de bhrí go neartaíonn an Creat-Chomhaontú Rannpháirtíochta an caidreamh polaitiúil agus slándála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré agus go leagtar béim ann ar luachanna agus ar leasanna comhroinnte; de bhrí, ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, gur chomhaontaigh na ceannairí comhpháirtíocht slándála agus idirphlé straitéiseach a bhunú ar leibhéal na n-airí eachtracha chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil dhomhanda; de bhrí go gcuireann an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré creat struchtúrtha ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht i ngach réimse slándála; de bhrí go leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Trádáil Dhigiteach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré rialacha a théann chun tairbhe don dá thaobh maidir le sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag Poblacht na Cóiré sa chobhsaíocht réigiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go raibh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré ar an gcéad cheann de ghlúin nua comhaontuithe saorthrádála de chuid an Aontais; de bhrí go bhfuil cur chun feidhme iomlán na caibidle maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, lena n-áirítear dul chun cinn leanúnach maidir le cearta saothair agus daingniú Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105), tábhachtach i gcónaí; de bhrí gurb í Poblacht na Cóiré an t-ochtú comhpháirtí trádála is mó ag an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí straitéiseacha bunaithe cheana féin ag an Aontas leis an tSeapáin agus le Poblacht na Cóiré mar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo sa réigiún; de bhrí go bhfuil acmhainní suntasacha á ndíriú ag an tSeapáin agus ag Poblacht na Cóiré chun dlús a chur lena n-aistriú fuinnimh, lena n-áirítear i bhfianaise a ndaingnithe ar Chomhaontú Pháras 2015 agus a n-infheistíochtaí suntasacha i ngrianfhuinneamh agus fuinneamh gaoithe amach ón gcósta; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas dul níos faide ina chomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus a chomhar leis an tSeapáin agus le Poblacht na Cóiré i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a neartú chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur príomhghníomhaithe teicneolaíochta iad Poblacht na Cóiré agus an tSeapáin, a bhfuil a bhforbairt ar IS, lena n-áirítear i réimse na cosanta, ag múnlú freagairtí ar chibearbhagairtí agus ar bhagairtí míleata, go háirithe i bhfianaise na mbagairtí leanúnacha ó Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Astráil, an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré ag doimhniú an chomhair thríthaobhaigh chun slándáil agus cobhsaíocht a fheabhsú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear trí fhreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha agus trí chomhar níos dlúithe maidir le teicneolaíocht chosanta agus athléimneacht an tslabhra soláthair; de bhrí go gcuireann an comhordú tríthaobhach méadaitheach sin leis an móiminteam a cruthaíodh le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach na hAstráile le Poblacht na Cóiré agus lena Comhpháirtíocht Straitéiseach Speisialta leis an tSeapáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí, an 1 Eanáir 2025, go raibh Poblacht na Cóiré ar an gcéad tír de chuid na hÁise a tháinig isteach sa chlár Fís Eorpach, agus caibidlíocht a thabhairt chun críche leis an tSeapáin ina dhiaidh sin an 22 Nollaig 2025; de bhrí go léiríonn aontachas an dá thír leis an gclár a dtiomantas láidir do chomhar taighde agus nuálaíochta leis an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur príomh-chomhpháirtí daonlathach iontaofa í an Téaváin don Aontas i réigiún na hÁise Thoir; de bhrí go bhfuil luachanna coiteanna ag an Aontas Eorpach agus ag an Téaváin, amhail an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, agus go bhfuil siad araon tiomanta don iltaobhachas agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú; de bhrí go gcuirtear in iúl sa Pháipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa 2030 (JOIN(2025)0120) gur cúis bhuartha di comhéigean na Síne i gcoinne na Téaváine trí bhearta polaitiúla, eacnamaíocha, míleata agus cibearshlándála a ghéarú; de bhrí gur de leas straitéiseach ríthábhachtach don Aontas Eorpach iad an tsíocháin agus an chobhsaíocht i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Theas agus go bhfuil siad bunriachtanach don tslándáil agus don rathúnas domhanda, lena n-áirítear do shreafaí trádála idirnáisiúnta, do chinnteacht infheistíochta agus d’fheidhmiú na slabhraí soláthair domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gurb í an Téaváin an 13ú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas agus gur príomh-chomhpháirtí eacnamaíoch í, atá rangaithe i measc na gcomhpháirtithe trádála agus infheistíochta is tábhachtaí atá ag an Aontas san Áise, agus go bhfuil ról lárnach aici i slabhraí luacha domhanda, go háirithe i monarú leathsheoltóirí, sláinte phoiblí, athléimneacht dhaonlathach agus ullmhúchán in aghaidh tubaiste;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Téaváin lonnaithe i suíomh straitéiseach ó thaobh trádála de; de bhrí gurb é Caolas na Téaváine an príomhbhealach do longa a thaistealaíonn ón tSín, ón tSeapáin, ó Phoblacht na Cóiré agus ón Téaváin i dtreo na hEorpa; de bhrí go bhfuil an Téaváin ina ceannródaí ar mhargadh monaraíochta na leathsheoltóirí, agus tuairim is 50 % d’aschur leathsheoltóra an domhain á monarú ag a cuid táirgeoirí; de bhrí go n-áitítear i straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach an Aontais go méadófaí an comhar trádála agus infheistíochta leis an Téaváin agus go moltar inti teannas i Muir na Síne Theas agus i gCaolas na Téaváine a chobhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn comhar idir an tAontas Eorpach, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an Téaváin le cobhsaíocht, margaí oscailte agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil leasanna coiteanna ag na comhpháirtithe sin maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear slándáil eacnamaíoch agus forbairt theicneolaíoch; de bhrí gur féidir le comhordú feabhsaithe idir an tAontas Eorpach, an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré rannchuidiú le comhtháthú beartas níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin réigiúnacha agus dhomhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur féidir le comhar tríthaobhach idir an tAontas Eorpach, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an Téaváin tacú le noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt, go háirithe i réimsí an rialachais dhigitigh agus na slabhraí soláthair; de bhrí gur comhpháirtithe atá ar aon intinn iad tAontas Eorpach, an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré a bhfuil na cuspóirí céanna acu; de bhrí gur sásra í a gcomhpháirtíocht straitéiseach maidir le IS chun malartuithe sa trádáil dhigiteach a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe sa chomhthéacs domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Chomhghuaillíocht Ghlas idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus an Chomhpháirtíocht Ghlas idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré creataí nithiúla ar fáil don chomhar maidir le gníomhú ar son na haeráide, fuinneamh glan, dícharbónú tionsclaíoch, an geilleagar ciorclach agus gnéithe eile den aistriú glas; de bhrí go bhfuil comhar struchtúrtha níos doimhne leis an Téaváin maidir le teicneolaíocht ghlan agus athléimneacht an tslabhra soláthair chun leasa an Aontais freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Theas don tslándáil réigiúnach agus dhomhanda; de bhrí go bhfuil láithreacht chabhlaigh ag roinnt Ballstát an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go bhfuil leas díreach ag an Aontas ina iomláine i gcaomhnú an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur bhunaigh an tAontas Eorpach agus na hOileáin Fhilipíneacha Idirphlé Slándála agus Cosanta i mí na Samhna 2025 chun aghaidh a thabhairt ar chastacht mhéadaitheach na mbagairtí slándála agus chun malartuithe agus comhar a chothú maidir le saincheisteanna amhail an tslándáil mhuirí, an chobhsaíocht réigiúnach agus an nascacht; de bhrí, i mí Eanáir 2026, go ndearna an tAontas Eorpach agus Vítneam uasghrádú ar a gcaidreamh le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach chun comhar a dhoimhniú thar raon leathan réimsí, lena n-áirítear an tslándáil mhuirí, athléimneacht slabhraí soláthair agus nascacht idir an Eoraip agus an Áise Thoir Theas a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil sáruithe córasacha, forleathana agus tromchúiseacha fós ina saintréithe de staid chearta an duine i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, lena n-áirítear srianta ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar ghluaiseacht agus ar rochtain ar fhaisnéis, campaí príosúin polaitiúla a bheith ann agus cásanna doiciméadaithe de shaothar éigeantais agus de chéastóireacht, agus easpa na n-íoschaighdeán dlíthiúil laistigh den nós imeachta coiriúil; de bhrí go bhfuil na sáruithe sin tuairiscithe go comhsheasmhach ag institiúidí idirnáisiúnta agus go bhfuil aird agus gníomhaíocht leanúnach ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag teastáil ina leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil láithreacht an Aontais i réigiún na hÁise Thoir, agus comhar an Aontais leis, ríthábhachtach chun síocháin agus cobhsaíocht a chothú sa réigiún, chun slándáil eacnamaíoch a choimirciú agus chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a neartú toisc go bhfuil impleachtaí díreacha ag na dúshláin slándála sa réigiún don tsíocháin dhomhanda agus do leasanna an Aontais; de bhrí go gcoinníonn comhpháirtithe san Áise Thoir, lena n-áirítear an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an Téaváin agus comhaltaí ASEAN, caidreamh casta agus ilghnéitheach leis an tSín, arb é is príomhthréith dó idirspleáchas eacnamaíoch suntasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gurb iad na tíortha agus na críocha thar lear (TCTLanna) an t-aon chríoch a bhaineann leis na Ballstáit san Aigéan Ciúin agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí go bhfeidhmíonn TCTLanna mar phointí fócasacha uathúla leasa straitéisigh, lena gcuirtear láithreacht, tionchar agus comhpháirtíochtaí ar fáil don Aontas sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe i réimsí na cosanta, na trádála, na teicneolaíochta digití, an spáis agus an chomhair chultúrtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas an fhoinse is mó de stoc infheistíochta dírí coigríche sa tSeapáin, i bPoblacht na Cóiré agus sa Téaváin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Comhaontú Cuimsitheach agus Forásach do Chomhpháirtíocht an Aigéin Chiúin (CPTPP) tagtha chun cinn mar mhórchreat trádála riailbhunaithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí go bhfuil an tSeapáin ina comhalta de CPTPP, agus go bhfuil iarratas déanta ag Poblacht na Cóiré agus ag an Téaváin ar bhallraíocht; de bhrí gur sheol an tAontas Idirphlé Trádála agus Infheistíochta le tíortha CPTPP i mí na Samhna 2025;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>béim straitéiseach, láithreacht agus infheictheacht an Aontais Eorpaigh san Áise Thoir agus an t-idirphlé agus an comhar léi a threisiú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht taidhleoireachta, comhar slándála, teagmháil idir dhaoine agus comhpháirtíochtaí eacnamaíocha, agus é mar aidhm leis sin dinimic coimhlinte blocbhunaithe a sheachaint agus rannchuidiú leis an tsíocháin, leis an gcobhsaíocht réigiúnach, leis an tslándáil, leis an rathúnas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus cur chun cinn an daonlathais, an iltaobhachais, an smachta reachta, chearta an duine, córais trádála riailbhunaithe, na hiomláine críochaí agus an dlí idirnáisiúnta mar bhonn taca leis sin; sa chomhthéacs sin, oibriú i gcomhar leis an tSeapáin ar a coincheap nuashonraithe maidir le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá Saor agus Oscailte; feabhas a chur ar an gcomhar, ar an gcomhordú agus ar an idirphlé le comhpháirtithe san Áise Thoir atá ar aon intinn leo, agus leas iomlán á bhaint as an eolas agus as an taithí atá acu ar an leibhéal réigiúnach chun cur chuige níos éifeachtaí, níos comhleanúnaí agus níos íogaire ó thaobh an chomhthéacs de a áirithiú i leith na síochána, na slándála agus na cobhsaíochta san Áise Thoir;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus pleanáil theagmhasach a neartú idir an tAontas agus a chomhpháirtithe san Áise Thoir chun measúnú comhroinnte ar rioscaí slándála réigiúnacha a fhorbairt agus chun bearta díspreagtha a chomhordú chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht sa réigiún a chosaint agus chun cur leo agus chun iarrachtaí aontaobhacha chun an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> réigiúnach a athrú le forneart nó le comhéigean a dhíspreagadh go réamhghníomhach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>go mbeadh sé ina dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn suntasach taidhleoireachta atá déanta ag Rialtas na Seapáine agus Phoblacht na Cóiré maidir le comhpháirtíocht réamhbhreathnaitheach athléimneach a chruthú toisc go bhfuil comhar feabhsaithe den sórt sin idir an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré ríthábhachtach chun ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a choinneáil agus chun cobhsaíocht a áirithiú ar fud an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>uathriail straitéiseach agus slándáil eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh a neartú trí éagsúlú trádála agus infheistíochta, slabhraí soláthair slána agus intuartha, margaí oscailte agus sreafaí trádála, agus comhar níos dlúithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn san Áise Thoir, agus tairbhí frithpháirteacha agus cruthú luacha áitiúil á n-áirithiú ag an am céanna, agus tiomantas an Aontais Eorpaigh do thrádáil chóir agus inbhuanaithe á chaomhnú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>an comhar a dhoimhniú le comhpháirtithe atá ar aon intinn sa réigiún, go háirithe an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an Téaváin, chomh maith le tíortha ASEAN, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna i réimsí amhail comhéigean eacnamaíoch, bearta rialaithe treallacha ar onnmhairiú, lena n-áirítear srianta onnmhairiúcháin ar ítimí dé-úsáide lena ndírítear ar an tSeapáin, beartais agus cleachtais neamh-mhargaidh, athléimneacht dhaonlathach, aistriú éiceolaíoch, an chibearshlándáil, bagairtí hibrideacha lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, cosaint an bhonneagair chriticiúil, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí agus moil chalafoirt agus lóistíochta, slándáil mhuirí agus spáis, neamhleathadh, agus teicneolaíochtaí cosanta atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear ardteicneolaíocht drón, agus sineirgí le príomh-chomhpháirtithe agus le heagraíochtaí réigiúnacha á neartú ag an am céanna agus lánurraim á tabhairt do Chairt na Náisiún Aontaithe; tionscnaimh chomhpháirteacha a fhiosrú agus a chur chun feidhme chun uathriail straitéiseach na bpáirtithe faoi seach a neartú agus chun spleáchas ar an tSín a laghdú; béim a leagan ar a thábhachtaí atá institiúidí láidre agus daonlathais bhríomhara na Seapáine, Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine sa chomhthéacs réigiúnach níos leithne, lena gcuirtear frithchothromú ríthábhachtach ar fáil sa réigiún;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>bealaí oscailte idirphlé agus rannpháirtíochta ar bhonn prionsabail le gníomhaithe domhanda eile san Áise Thoir a choinneáil, i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomhroinnte;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>a athdhearbhú a thábhachtaí atá sé seasamh leis an dlí idirnáisiúnta chun an tsíocháin agus an rathúnas a chur chun cinn sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor agus oscailte; urramú agus cur i bhfeidhm uilíoch UNCLOS a chur chun cinn go gníomhach mar an creat dlíthiúil uilíoch lena rialaítear gníomhaíochtaí muirí, lena n-áirítear Rialú Eadrána Mhuir na Síne Theas 2016, agus agóid a dhéanamh i gcoinne gníomhaíochtaí nó éilimh aontaobhacha nach gcomhlíonann an dlí idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>comhar struchtúrtha míleata-tionsclaíoch a éascú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus comhpháirtíochtaí slándála faoi seach a bhunú lena ndíreofar ar idir-inoibritheacht, ar fhorbairt agus soláthar comhpháirteach na teicneolaíochta cosanta, ar shlándáil na slabhraí soláthair, agus ar T&F comhroinnte san eitlíocht agus i ndróin, maidir le rannchuidiú na gcóras atá faoi thiomáint IS freisin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>leanúint de bheith i dteagmháil go pragmatach leis an tSín maidir le dúshláin dhomhanda agus feabhas á chur ag an am céanna ar an gcomhordú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo maidir le saincheisteanna slándála i bhfianaise ról na Síne atá ag éirí níos criticiúla sa tsíocháin agus sa chobhsaíocht dhomhanda, go háirithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na héagobhsaíochta leanúnaí sa Mheánoirthear;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>dlús a chur leis an gcomhar maidir le slabhraí soláthair slána, inbhuanaithe agus éagsúlaithe le haghaidh leathsheoltóirí, ceallraí agus amhábhair chriticiúla, lena n-áirítear trí inrianaitheacht, athchúrsáil, ciorclaíocht agus ardchaighdeáin chomhshaoil agus saothair, agus i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo i dtionscnaimh iltaobhacha ábhartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA) idir an tAontas agus an tSeapáin agus Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta na bpáirtithe a chur chun cinn; comhar níos doimhne a spreagadh maidir le cúrsaí cosanta agus tionsclaíocha, lena n-áirítear rannpháirtíocht fhrithpháirteach i dtionscnaimh chosanta, dul chun cinn maidir le comhaontú maidir le slándáil faisnéise, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Idirphlé idir an tAontas agus an tSeapáin maidir leis an Tionscal Cosanta chun athléimneacht, idir-inoibritheacht agus nuálaíocht an tslabhra soláthair a threisiú; gníomhaíochtaí comhpháirteacha nithiúla a threisiú faoin gComhghuaillíocht Iomaíochais, faoin gComhghuaillíocht Ghlas, faoin gComhpháirtíocht Dhigiteach agus faoin Idirphlé Fuinnimh agus leanúint den Idirphlé Eacnamaíoch Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSeapáin a leathnú agus comhar eacnamaíoch straitéiseach idir an dá pháirtí a neartú, dlús a chur le cur chun feidhme na Comhghuaillíochta Iomaíochais idir an tAontas agus an tSeapáin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>a thabhairt chun suntais gur comhpháirtíocht í an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an tSeapáin ina bhfuil na compháirtithe go mór ar aon intinn lena chéile, atá bunaithe ar luachanna comhroinnte, ar an daonlathas, ar an tsaorthrádáil agus ar leasanna atá comhoiriúnach dá chéile; béim a chur ar a thábhachtaí atá sé an chomhpháirtíocht sin a dhoimhniú agus a leathnú a thuilleadh go déthaobhach agus i gcomhthéacsanna iltaobhacha araon; a chur i bhfios gurb ionann an tAontas Eorpach agus an tSeapáin le chéile agus beagnach 25 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) domhanda, agus gur féidir leis an gcomhpháirtíocht ról lárnach a bheith aici, agus gur cheart go mbeadh ról lárnach aici, chun ord idirnáisiúnta síochánta, riailbhunaithe, cuimsitheach, cóir, inbhuanaithe agus rathúil a mhúnlú; go mbeadh sé ina dhíol sásaimh dóibh cúnamh airgeadais, teicniúil, daonnúil agus slándála na Seapáine don Úcráin ó thús ionradh iomlán na Rúise in 2022;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>cur chun feidhme na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a chur chun cinn, comhar praiticiúil a chothú sa tslándáil mhuirí, sa neamhleathadh, sa chibearshlándáil, sa fhrithsceimhlitheoireacht agus sa bhainistiú géarchéime, ag tógáil ar na hoibríochtaí comhpháirteacha atá ann cheana agus ag féachaint ar rannpháirtíocht bhreise faoi uirlis an Aontais maidir le Láithreachtaí Muirí Comhordaithe; idirphlé comhpháirteach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré maidir le tionscal cosanta a sheoladh, agus comhordú i bhfóraim iltaobhacha a neartú chun an tsíocháin a chaomhnú, briogadh a dhíspreagadh agus dí-armáil núicléach a chur chun cinn; tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar rathúil comhthairbheach idir Poblacht na Cóiré agus roinnt Ballstát de chuid an Aontais maidir le táirgí cosanta; an comhar idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a threisiú chun tacaíocht mhíleata agus airgeadais don Úcráin a threisiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>go mbeadh sé ina dhíol sásaimh dóibh comhar Phoblacht na Cóiré leis an Aontas maidir le hábhair imní chomhroinnte a bhaineann leis an tslándáil eacnamaíoch; a chur i bhfáth go bhfuil Poblacht na Cóiré fós ina príomh-chomhpháirtí in aon iarrachtaí dí-rioscaithe agus comharbhunaithe, go háirithe laistigh den réimse trádála; tathant ar an gCoiste Speisialaithe um Shaincheisteanna Trádála agus Eacnamaíocha atá ag Teacht Chun Cinn, a cruthaíodh le déanaí faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, dlús a chur leis an gcomhar, go háirithe maidir le hábhair atá ábhartha i ndáil leis an tslándáil eacnamaíoch, amhail slabhraí soláthair criticiúla agus ró-acmhainneacht;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>na hiarrachtaí comhpháirteacha a chur chun cinn le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo san Áise Thoir chun aghaidh a thabhairt ar rannpháirtíocht mhéadaitheach na Rúise le DPDC, lena n-áirítear a tacaíocht chun feabhas a chur ar chumais núicléacha agus bhalaistíocha DPDC agus ar neamhthoil na Síne é a chosc, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an nasc idir cláir núicléacha DPDC agus na hIaráine, agus é á chur i bhfios go láidir go gcuireann an rannpháirtíocht sin leis an timpeallacht gheopholaitiúil theannasach ar Leithinis na Cóiré; comhar le ROK a chur chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar fheachtais bhréagaisnéise i bpróisis toghcháin agus maidir le bonneagar toghcháin a chosaint ar chibirionsaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>moladh a thabhairt d’iarrachtaí ROK tús a chur an athuair leis an idirphlé le DPDC trí bhearta réamhghníomhacha chun an lasóg a bhaint den bharrach agus chun muinín a chothú; a iarraidh ar DPDC deireadh a chur láithreach lena gníomhaíochtaí míleata agus lena briogadh míleata uile, agus lena forbairt ar chumais diúracán núicléach agus balaistíoch; cibirghníomhaíochtaí mailíseacha DPDC a cháineadh go láidir agus aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach, lena n-áirítear goid criptea-airgeadra agus cineálacha eile cibearchoireachta; ag tathant ar DPDC rochtain ar eagraíochtaí cabhrach daonnúla a cheadú, cearta an duine a urramú agus go háirithe saincheist na bhfuaduithe a réiteach láithreach; ag tathant ar an Rúis agus ar DPDC Cairt na Náisiún Aontaithe agus na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear maidir le dí-armáil núicléach iomlán DPDC; ag cáineadh rannchuidiú DPDC le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear a rannpháirtíocht trí phearsanra agus trealamh míleata a sheoladh; beartas an Aontais maidir leis an gCóiré Thuaidh a fhorbairt agus aird chuí á tabhairt ar shaineolas, riachtanais slándála agus ábhair imní dhlisteanacha na gcomhpháirtithe atá ar aon intinn sa réigiún, go háirithe iad siúd atá i ndlúthghaireacht gheografach do DPDC, go háirithe ROK agus an tSeapáin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>creat comhair struchtúrtha agus cuimsitheach idir an tAontas agus an Téaváin a bhunú, lena gcuirfear leis na sásraí atá ann cheana amhail an tIdirphlé Trádála agus Infheistíochta, ina mbeidh comhpháirt láidir eacnamaíoch agus trádála, a bheidh dírithe ar theicneolaíochtaí criticiúla amhail leathsheoltóirí agus an intleacht shaorga, athléimneacht sa slabhra soláthair, cibearshlándáil, frithbhearta bréagaisnéise, slándáil mhuirí, sláinte phoiblí, cosaint shibhialta agus nascacht shlán, chomh maith le hathléimneacht dhaonlathach, shóisialta agus fuinnimh agus ullmhacht i gcomhair tubaistí; leanúint de thacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht fhóinteach na Téaváine i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus i bhfóraim theicniúla ábhartha, amhail EDS, an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide; malartuithe rialta idir an tAontas agus a chontrapháirtithe sa Téaváin a threisiú maidir le saincheisteanna slándála ábhartha, slándáil eacnamaíoch, lúfaireacht sa slabhra soláthair, sláine dhaonlathach agus toghcháin, cosaint bonneagair chriticiúil agus comhar maidir le teicneolaíochtaí glana; ag tathant ar údaráis na Síne dlúthchomhordú a dhéanamh le gníomhaithe réigiúnacha eile, lena n-áirítear an Téaváin, agus aghaidh á tabhairt acu ar mhórdhúshláin dhomhanda sláinte; a chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon iarracht ó réimis fhorlámhacha chun tionchar a imirt ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Téaváin inghlactha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>á chur i bhfios go láidir gur príomh-chomhpháirtí daonlathach í an Téaváin don Aontas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; an tIdirphlé Trádála agus Infheistíochta idir an tAontas agus an Téaváin a dhoimhniú a thuilleadh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rochtain ar an margadh agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú d’infheisteoirí an Aontais; féachaint an bhféadfaí tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú déthaobhach infheistíochta idir an tAontas agus an Téaváin nó maidir le creataí eile a bhaineann le trádáil; á aithint a thábhachtaí atá an Téaváin maidir le slabhraí soláthair domhanda a áirithiú, go háirithe san earnáil ardteicneolaíochta, agus ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit páirt a ghlacadh i gcomhar níos dlúithe leis an Téaváin chun dlús a chur le naisc eacnamaíocha, trádála agus infheistíochta; aitheantas a thabhairt do thaithí na Téaváine maidir le neamhchosaint eacnamaíoch ar an tSín agus a láidreachtaí sa rialachas daonlathach, i gcaighdeáin rialála thrédhearcacha agus in éiceachórais dhigiteacha agus theicneolaíocha athléimneacha a bhainistiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>a athdhearbhú a thábhachtaí atá an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar fud Chaolas na Téaváine trí dhiúltú d’aon athrú aontaobhach comhéigneach ar an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING>; a áirithiú, trí theachtaireachtaí soiléire comhordaithe in éineacht leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, go dtabhódh gníomhaíochtaí den sórt sin costais shuntasacha pholaitiúla agus eacnamaíocha; a chur i bhfios go láidir nach mór aon difríochtaí a réiteach go síochánta trí idirphlé, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus toil mhuintir na Téaváine á hurramú; á mheabhrú go láidir nach mór saoirse loingseoireachta agus traseitilte, mar a ráthaítear leis an dlí idirnáisiúnta, a urramú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear i Muir na Síne Theas agus i gCaolas na Téaváine; páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí taidhleoireachta chun géarú breise i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Thoir agus Theas a chosc; pleanáil theagmhasach agus bearta maolaithe a fhorbairt, mar ábhar práinne, bunaithe ar chásanna géaraithe inchreidte, lena n-áirítear imshuí cabhlaigh na Téaváine ag Daon-Phoblacht na Síne;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>béim a leagan ar a thábhachtaí atá ionstraimí slándála eacnamaíche an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais eacnamaíocha chomhéigneacha agus chun iomaíocht chóir a choimirciú, lena n-áirítear an Ionstraim Frith-Chomhéigin, sásraí éifeachtacha le haghaidh scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche, agus córais rialaithe onnmhairí, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh; giaráil gheoeacnamaíoch an Aontais Eorpaigh a chomhthiomsú, lena n-áirítear trí rialuithe onnmhairiúcháin comhordaithe, measúnuithe riosca comhpháirteacha agus freagairtí comhchoiteanna ar an gcomhéigean eacnamaíoch, agus ar an gcaoi sin spleáchais dhéthaobhacha a chlaochlú ina ndíspreagadh éifeachtach agus slándáil eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus slándáil eacnamaíoch a chomhpháirtithe araon a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>dlús a chur leis an gcomhar trí chomhaontuithe agus tionscnaimh thríthaobhacha nó cheathairthaobhacha a chaibidliú maidir le saincheisteanna leasa choitinn agus a rannchuidíonn le seasamh leis an ord idirnáisiúnta iltaobhach riailbhunaithe; comhpháirtíochtaí digiteacha idir an tAontas agus an tSeapáin agus idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré atá ann cheana a chur chun cinn le gealltanais chomhroinnte maidir leis an intleacht shaorga, leathsheoltóirí, nascacht den chéad ghlúin eile, ríomhaireacht chandamach, rialachas sonraí, cibearshlándáil, teicneolaíochtaí ceallraí, cáblaí fomhuirí, céannacht dhigiteach agus athléimneacht an tslabhra soláthair; feabhas a chur ar chreataí comhair chun teicneolaíocht cosanta a fhorbairt;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>na comhaontuithe trádála leis an tSeapáin agus le Poblacht na Cóiré a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, lena n-áirítear i réimsí na rochtana ar an margadh, bacainní neamhtharaife, na forbartha inbhuanaithe agus an chomhair rialála, agus, maidir le Poblacht na Cóiré, cur chun feidhme choinbhinsiúin bhunúsacha EIS a áirithiú; comhar níos dlúithe a chothú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san Aontas agus iad siúd ina thíortha comhpháirtíochta san Áise Thoir, chun deiseanna frithpháirteacha gnó a chur chun cinn, rochtain ar an margadh a fheabhsú agus líonraí nuálaíochta a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>a áirithiú gur comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a bheidh in aon chomhaontú eacnamaíoch nó earnáilsonrach a dhéanfar amach anseo le comhpháirtithe atá ar aon intinn sa réigiún a théann níos faide ná cuspóirí eacnamaíocha agus slándála, agus go n-áireofar iontu freisin gealltanais láidre maidir le cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus forbairt slabhraí luacha glana agus inbhuanaithe, i gcomhréir le creat Trádála agus Forbartha Inbhuanaithe an Aontais; feachtas cuimsitheach faisnéise a chur chun cinn san Áise Thoir maidir le beartais an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an earnáil cruach agus an gníomh luasaire tionsclaíoch atá beartaithe<FOOTNOTE><FIELD> COM(2026)0100.</FIELD></FOOTNOTE>, d’fhonn trédhearcacht agus tuiscint ar spriocanna an Aontais i measc comhpháirtithe idirnáisiúnta a fheabhsú; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil go réamhghníomhach le comhpháirtithe na hÁise Thoir chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá acu, chun idirphlé a chothú, agus chun míthuiscintí a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh trádála agus tionsclaíoch a chosc;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>obair leantach a dhéanamh ar an imchéimniú smachtbhannaí a thuairiscigh an Rúis trí dhlínsí san Áise Thoir, lena n-áirítear trádáil athródaithe chun earraí dé-úsáide, micrishliseanna agus innealra tionsclaíoch atá faoi smachtbhannaí a fháil, trí idirghabhálaithe sa réigiún;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>rannpháirtíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ina iomláine a mhéadú, trí chomhpháirtíochtaí feabhsaithe leis na gníomhaithe uile atá ar aon intinn leo agus trí thionscnaimh amhail an straitéis Global Gateway, idirphlé maidir le cearta an duine, forbairt agus nascacht inbhuanaithe, comhionannas agus ardchaighdeáin saothair a chur chun cinn; aitheantas a thabhairt do chóineasú méadaitheach na leasanna straitéiseacha idir na réigiúin Eora-Atlantacha agus Ind-Chiúin-Aigéanacha, agus an tSeapáin agus ROK ag feidhmiú mar chomhpháirtithe ECAT faoi chreat IP4, rud a léirítear freisin le bunú Mhisean na Seapáine chuig ECAT le déanaí; a dhearbhú go gcuireann an comhar sin feabhas ar fheasacht staide fhrithpháirteach maidir le forbairtí slándála ar fud an dá réigiún; tacú le creat IP4 ECAT mar rannchuidiú bunriachtanach chun slándáil na hEorpa a neartú agus chun an comhar idir-réigiúnach a dhoimhniú ar bhealach comhlántach a threisíonn a chéile; rannpháirtíocht agus comhordú an Aontais le príomhthionscnaimh slándála réigiúnacha ar fud an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh a neartú, lena n-áirítear an tIdirphlé Slándála Ceathairshleasach idir na Stáit Aontaithe, an Astráil, an India agus an tSeapáin; straitéis nua chuimsitheach, chomhleanúnach agus sholúbtha a cheapadh don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bheidh fréamhaithe go daingean i luachanna agus leasanna na hEorpa agus i réaltachtaí, riachtanais agus tosaíochtaí an réigiúin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>cur le seasamh straitéiseach TCTLanna sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, ionas gur féidir leo a bheith ina n-ardardardáin le haghaidh comhar le comhpháirtithe réigiúnacha, lena n-áirítear i réimsí na trádála, na nascachta digití, an bhonneagair chriticiúil agus na ngníomhaíochtaí spáis;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>béim a leagan ar ról iarmhartach ASEAN maidir le cobhsaíocht a ráthú agus comhtháthú sochaíoch agus eacnamaíoch a chothú; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht mhéadaitheach na Seapáine agus ROK le ASEAN, lena n-áirítear trí chruinnithe mullaigh déthaobhacha agus iltaobhacha rialta; béim a leagan ar a ríthábhachtaí atá ASEAN chun réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach síochánta rathúil a áirithiú; dlús a chur leis an rannpháirtíocht struchtúrtha le ASEAN chun ailtireachtaí cuimsitheacha réigiúnacha slándála a thógáil, freagairtí iltaobhacha beartais a chomhordú, agus láithreacht an Aontais sa réigiún a dhaingniú a thuilleadh tríd an gcomhar le ASEAN agus lena Bhallstáit a dhoimhniú, lena n-áirítear trí idirphlé neartaithe slándála agus cosanta le Vítneam agus leis na hOileáin Fhilipíneacha; neartú ról agus infheictheacht an Aontais i bhformáidí réigiúnacha a spreagadh, go háirithe i gcreataí comhair le ASEAN agus sábháilteacht agus slándáil mhuirí, cibearshlándáil agus bainistiú géarchéime á sainaithint mar réimsí tosaíochta le haghaidh comhar leathnaithe, agus leas á bhaint as tionscnaimh amhail ESIWA+, CRIMARIO II agus tionscadail Sábháilteachta na gCalafort Domhanda;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>gníomhaíocht chomhpháirteach a leathnú maidir le slándáil neamhthraidisiúnta amhail cuardach agus tarrtháil, freagairt do thubaistí agus teagmhais chomhshaoil; tionscnamh struchtúrtha a sheoladh chun cosaint agus athléimneacht an bhonneagair mhuirí chriticiúil a neartú, lena n-áirítear cáblaí faoin bhfarraige, píblínte agus calafoirt; feasacht ar an réimse muirí a fheabhsú trí fhothú acmhainneachta spriocdhírithe, oiliúint, braiteoirí agus comhroinnt sonraí i gcomhar le gardaí cósta ASEAN agus le lárionaid réigiúnacha um chomhleá;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>tacú le naisc duine le duine a neartú trí scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe do thaighdeoirí, d’innealtóirí agus do ghairmithe cibearshlándála, agus trí thionscnaimh nasctha struchtúrtha idir moil nuálaíochta na hEorpa agus na hÁise Thoir; feabhas a chur ar an tuiscint fhrithpháirteach ar luachanna comhroinnte i measc mac léinn ón dá réigiún trí chláir oideachais, amhail Erasmus+, a dhoimhniú, a leathnú agus a threisiú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo sa réigiún; malartuithe idir parlaimintí, státseirbhísigh, údaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta a neartú; tacaíocht a mhéadú d’fhoghlaim teangacha, do mhalartuithe cultúrtha agus do thionscnaimh faoi stiúir na hóige chun athléimneacht agus muinín shochaíoch fhadtéarmach a chothú idir an dá réigiún;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>comhar a leathnú faoi chuimsiú Fís Eorpach chun feabhas a chur ar an gcomhar comhthairbheach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, agus aird dhearfach á tabhairt ar na fíorais gurb í ROK an chéad tír san Áise a chomhlachaigh le Colún II d’Fhís Eorpach i mí Iúil 2025 agus gur thug an tAontas an chaibidlíocht leis an tSeapáin i gcrích go rathúil maidir lena chomhlachas le Fís Eorpach i mí na Nollag 2025; féachaint an bhféadfaí tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Téaváin faoi chuimsiú Fís Eorpach; tacú le hinfheictheacht an Aontais ar fud an réigiúin trí iarrachtaí fiúntacha taidhleoireachta cultúrtha agus poiblí;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le taidhleoireacht pharlaiminteach níos doimhne agus leis an malartú idirpharlaiminteach maidir le míreanna leasa choitinn le Diat na Seapáine, Tionól Náisiúnta ROK, agus comhaltaí Yuan Reachtach na Téaváine; á chreidiúint go láidir gur cheart neartú na gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha leis an tSeapáin agus le ROK araon le blianta beaga anuas a léiriú trí naisc a threisiú ar leibhéal idirpharlaiminteach; á mheas go mbainfeadh clár oibre cuimsitheach an chomhair leis an dá thír tairbhe as malartuithe rialta agus struchtúrtha idir parlaiminteoirí; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart féachaint ar chomhchoiste parlaiminteach AE-na Seapáine agus ar chomhchoiste parlaiminteach AE-ROK a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig rialtais agus parlaimintí na Seapáine, Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine, agus chuig rúnaíocht agus Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>