<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0247</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Beartas iomaíochta – tuarascáil bhliaintúil 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0171/2026 -  Rapóirtéir:Stéphanie Yon-Courtin)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 maidir leis an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2134(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 101 go 109 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2026 ar an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha), i gcomhréir le hAirteagal 53 de (COM(2026)0178),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte maidir leis an measúnú ar chumaisc chothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 31, 5.2.2004, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte maidir leis an measúnú ar chumaisc neamhchothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 265, 18.10.2008, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’ (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le maoiniú infheistíochtaí agus athchóirithe a éascú chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa agus chun Aontas na Margaí Caipitil a chruthú (Tuarascáil Draghi)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/1472, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1472/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Margadh Thar an gCoitiantacht– Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais’ (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 19 Eanáir 2026 ó Jörg Kukies agus Christian Noyer dar teideal ‘Fiontair Nuálacha a Mhaoiniú san Eoraip’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonraí digiteacha, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120, Treoir 2002/58/CE agus Cinneadh Uimh. 676/2002/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1971, Treoir (AE) 2018/1972 agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE (an Gníomh um Líonraí Digiteacha) (COM(2026)0016),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 29 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Achoimre fhíorasach ar na haighneachtaí a fuarthas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an athbhreithniú ar na treoirlínte cothrománacha agus neamhchothrománacha maidir le cumaisc’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 13 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Meastóireacht ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 maidir le Conradh CE ar Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí’ (SWD(2025)0330),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 13 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Achoimre feidhmiúcháin ar an meastóireacht ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh CE maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (SWD(2025)0331),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún dar teideal ‘Meastóireacht <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar chur chun feidhme agus éifeachtacht leigheasanna in aghaidh trustaí AE’<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, <STRING ITALIC="on">Meastóireacht ex post ar chur chun feidhme agus éifeachtacht leigheasanna an Aontais in aghaidh trustaí</STRING>, 2025,</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 23.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2560/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Eanáir 2026 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/224, 13.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/224/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Iúil 2025 dar teideal ‘Creat le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan)’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3602/, 4.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3602/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 4 Samhain 2025 a ghabhann leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (SWD(2025)0850),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2025/2630 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/21/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/2630, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2630/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Cinneadh Seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta), agus don Iarscríbhinn a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2026 dar teideal ‘Tuarascáil maidir le Beartas Iomaíochta 2025 (COM(2026)0180),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 18 Nollaig 2025, dar teideal ‘Tuarascáil ar Sciar den Mhargadh CRA: Eagrán 2025’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0171/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur gné bhunriachtanach í iomaíocht chothrom agus oscailte d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair, do chruthú post, do chosaint tomhaltóirí agus d’fhorbairt gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an mbeartas iomaíochta go príomha iomaíocht éifeachtach agus leas tomhaltóirí a áirithiú, agus ag an am céanna go bhfuil sé fós comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach mór do bheartas iomaíochta an Aontais a bheith réamhbhreathnaitheach, réitigh agus nuálaíocht an Aontais a chothú, agus tomhaltóirí a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb iad FBManna cnámh droma gheilleagar na hEorpa, agus nach mór a riachtanais shonracha a chur i gcuntas sa bheartas iomaíochta, rud lena n-áiritheofar nach gcuirfidh oibleagáidí comhlíontachta agus nósanna imeachta forfheidhmiúcháin ualaí díréireacha orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le rialacha iomaíochta láidre,urrúnta, intuartha agus neamh-idirdhealaitheacha chun an margadh aonair a choimirciú, ar rialacha iad a chuirtear i bhfeidhm go cothrom maidir le gach gníomhaí sa mhargadh, nach mór a chosaint ar chur isteach polaitiúil míchuí d’aon chineál;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar ag comhchruinniú margaidh atá ag méadú ar dháileadh ioncaim, agus go gcuidíonn margaí iomaíocha lena áirithiú go ndéantar gnóthachain táirgiúlachta a chomhroinnt ar bhonn níos leithne ar fud an gheilleagair agus go dtacaíonn siad le hiomaíochas inbhuanaithe trí chumhacht cheannaigh, éileamh inmheánach agus foirmiú caipitil dhaonna a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanais iad neamhspleáchas institiúideach agus oibríochtúil na n-údarás iomaíochta náisiúnta (NCAnna) agus forfheidhmiú an Aontais d’inchreidteacht agus d’éifeachtacht an bheartais iomaíochta; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach a bpróisis chinnteoireachta a chosaint ar chur isteach polaitiúil nó ar bhrú ón earnáil phríobháideach chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, chun seasamh leis an smacht reachta agus chun cothrom iomaíochta a choinneáil ar fud an mhargaidh aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go sainaithnítear i dtuarascáil Draghi trí phríomhréimse gníomhaíochta: ar an gcéad dul síos, an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, ar an dara dul síos, plean comhpháirteach a bhunú chun dícharbónú agus iomaíochas araon a áirithiú, lena léireofar bonn láidir tionsclaíoch agus nuálaíochta an Aontais agus an buntáiste comparáideach atá aige i dteicneolaíochtaí glasa, agus, ar deireadh, an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, sa chomhthéacs sin, go gcuireann an margadh fuinnimh ilroinnte le praghsanna agus go lagaíonn sé an iomaíocht, agus go bhféadfadh an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair leochaileachtaí a mhéadú tuilleadh; de bhrí gur féidir le comhtháthú níos doimhne ar an margadh inmheánach fuinnimh, idirnaisc níos láidre agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí na hiomaíochta éifeachtúlacht, athléimneacht agus rannpháirtíocht trasteorann a mhéadú, spleáchais ar sholáthróirí neamh-AE a laghdú agus costais do thomhaltóirí a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil dinimic iomaíoch, struchtúir mhargaidh, slabhraí luacha agus rochtain úsáideoirí ar sheirbhísí digiteacha ar fud an Aontais á n-athmhúnlú go suntasach ag forbairt thapa na hintleachta saorga (IS), lena n-áirítear córais ghiniúnacha IS, agus go bhféadfadh impleachtaí a bheith aige sin don iomaíocht laistigh de na margaí digiteacha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a athshlánú trí bheartas iomaíochta, nuálaíocht agus ceannasacht dhigiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag meabhrú chreata láidir iomaíochta an Aontais agus a fhorfheidhmiú cuí mar uirlis chun dlús a chur leis an iomaíochas ar fud na dtionscal uile; á chur i bhfios go láidir nár cheart beartais an Aontais a shaothrú ina n-aonar agus nach féidir ábhair imní maidir le hiomaíochas a léirmhíniú mar easnaimh sa bheartas iomaíochta; á mheabhrú nach mór rialacha iomaíochta an Aontais a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail a chumhdaítear sna Conarthaí agus gur cheart dóibh tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais, lena n-áirítear iad siúd lena gcumhdaítear tionscal, trádáil, tomhaltóirí, seirbhísí airgeadais agus cosaint, agus creat cobhsaí á áirithiú ag an am céanna lena gcothaítear infheistíochtaí, fás agus an cumas méadú faoi dhálaí cothroma; á chur i bhfios go láidir gur cheart go rannchuideodh an beartas iomaíochta le comhtháthú agus doimhniú mhargaí caipitil na hEorpa agus go dtacódh sé le cuspóirí an aontais coigiltis agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil iomaíocht dhea-fheidhmiúil ina príomhspreagadh d’fhás táirgiúlachta agus d’iomaíochas fadtéarmach san Aontas; ag tabhairt dá haire go mbaineann forfheidhmiú beartais iomaíochta níos láidre le táirgiúlacht fachtóirí iomlána níos airde agus le leithdháileadh níos éifeachtúla saothair agus caipitil; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go rannchuidíonn beartas agus forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta le dálaí cothroma fostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chreidiúint go daingean gur cheart tuarascálacha Draghi agus Letta rannchuidiú le tosaíochtaí i réimse na hiomaíochta a mhúnlú, agus á iarraidh go ndéanfaí obair leantach ar na tuarascálacha sin mar ábhar práinne; ag tabhairt meastachán Mario Draghi dá haire go bhfuil gá le EUR 800 billiún breise in aghaidh na bliana chun iomaíochas an Aontais a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go leanfadh leasanna tomhaltóirí de bheith lárnach, agus an gá atá le beartas iomaíochta chun rannchuidiú le príomhchuspóirí, amhail iomaíochas, athléimneacht, slándáil, uathriail straitéiseach agus inbhuanaitheacht á chur i gcuntas ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi an togra ó thuarascáil Draghi le haghaidh uirlis sholúbtha imscrúdaithe margaidh (‘an uirlis nua iomaíochta’) chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nach féidir dul i ngleic go héifeachtach leo faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE atá ann faoi láthair; ag tabhairt dá haire gur cuireadh uirlisí comhchosúla chun feidhme go rathúil cheana féin ar leibhéal na mBallstát agus á mholadh go bhféadfadh uirlis nua iomaíochta ar leibhéal an Aontais cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna struchtúracha iomaíochta ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlis den sórt sin a thabhairt isteach chun an creat atá ann cheana a chomhlánú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á aithint gur gá bonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú; á chur i bhfáth nach mór don bheartas iomaíochta rochtain chothrom a áirithiú do FBManna agus comhchruinniú iomarcach i slabhraí soláthair cosanta a chosc, rud a d’fhéadfadh athléimneacht a laghdú agus spleáchas a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról bunúsach ag FBManna maidir le hiomaíochas na hEorpa a neartú, nuálaíocht a chur chun cinn agus poist a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear a dtionchar ar FBManna i gcuntas agus rialacha iomaíochta agus beartais dhigiteacha á bhforfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé costais fuinnimh a laghdú chun iomaíochas an Aontais a choimirciú, foinsí fuinnimh glan-nialasacha a chur chun cinn i gcomhréir leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar nach beag leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2139/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus leis an nGníomh Tarmligthe Comhlántach maidir le Tacsanomaíocht Aeráide<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1214/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar margadh aonair oscailte, iomaíoch agus inbhuanaithe a chothromú le slándáil an tsoláthair agus le neamhspleáchas fuinnimh méadaithe an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil margaí leictreachais atá cothrom, dea-fheidhmiúil, iomaíoch, comhtháite agus idirnasctha bunriachtanach chun iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a neartú agus chun tacú le praghsanna fuinnimh níos cobhsaí agus níos inacmhainne; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú go héifeachtach maidir le bonneagar fuinnimh agus rochtain ar ghréasáin chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a choimirciú agus chun praghsáil chothrom a áirithiú agus tomhaltóirí a chosaint ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ról straitéiseach ag amhábhair chriticiúla don aistriú fuinnimh agus do chuspóirí an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le spleáchais gheopholaitiúla a laghdú agus athléimneacht an tslabhra soláthair a neartú, agus á iarraidh go mbeadh beartas iomaíochta ann chun tacú le margaí iomaíocha ar fud an tslabhra luacha agus le hinfheistíochtaí uile-Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an ról lárnach atá ag an iomaíocht maidir le roghanna malartacha ar an margadh digiteach a chruthú agus spleáchas ar sholáthraithe neamh-AE agus ceannasacht na soláthraithe sin a laghdú; ag spreagadh príomhbhonneagar a thógáil chun borradh a chur faoi neamhspleáchas agus nuálaíocht na hEorpa, lena n-áirítear néalseirbhísí, bonneagar IS (lárionaid sonraí agus nascacht), bonneagar an mhargaidh airgeadais agus córais íocaíochta Eorpacha atá athléimneach, idir-inoibritheach agus iomaíoch, chun margaí oscailte agus inchoimhlinte a áirithiú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú; ag tabhairt faoi deara go bhfuil cleachtais ghnó agus struchtúir mhargaidh ag teacht chun cinn, agus cineálacha nua iompair dhíobhálaigh a d’fhéadfadh a bheith ann amhail claonpháirteachas intuigthe agus claonpháirteachas algartamach maidir le praghsanna, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tosaíochtaí forfheidhmiúcháin a ailíniú leis an tírdhreach athraitheach sin, le tacaíocht ó anailís agus fianaise shonraíbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh go mbeadh machaire comhréidh ann in earnálacha straitéiseacha agus go mbainfeadh an tAontas úsáid as na huirlisí uile atá ar fáil, lena n-áirítear an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha (FSR), rialacha soláthair phoiblí agus creat láidir athbhreithnithe cumaisc, chun a áirithiú gur féidir le cuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht ar bhonn fiúntais agus nach mbainfidh fóirdheontais stáit eachtracha buntáiste as rannpháirtithe neamh-AE sa mhargadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athléimneacht, éagsúlú agus slándáil shlabhraí soláthair na hEorpa a neartú in earnálacha straitéiseacha lena gcuirtear cumais agus réitigh Eorpacha chun cinn, i gcás inarb iomchuí, gan margaí oscailte a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil inrochtaineacht sonraí níos fearr de dhíth ar údaráis iomaíochta chun forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar bhailiú sonraí, rochtain ar shonraí soláthair a éascú d’údaráis iomaíochta náisiúnta, agus sásraí braite calaoise a neartú agus an beartas iomaíochta á fhorfheidhmiú acu; á iarraidh, thairis sin, ar údaráis iomaíochta nósanna imeachta simplithe a chur chun cinn, trédhearcacht a fheabhsú agus rochtain ar an margadh a fheabhsú do FBManna atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) chun mórthionscadail straitéiseacha AE a mhaoiniú; á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta fógartha IPCEI a chuíchóiriú agus a shimpliú toisc go bhfuil ualach trom ag baint leo, go háirithe do FBManna, agus comhréireacht a áirithiú, critéir shoiléire agus intuartha maidir le hinghlacthacht a sholáthar, agus trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú le linn an phróisis measúnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta fógartha IPCEI a chuíchóiriú agus a shimpliú toisc go bhfuil ualach trom ag baint leo, go háirithe do FBManna, agus comhréireacht a áirithiú, critéir shoiléire agus intuartha maidir le hinghlacthacht a sholáthar, agus trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú le linn an phróisis measúnaithe; á chur in iúl gur geal léi treoirlínte an Rialacháin maidir le Fóirdheontais Eachtracha; á áitiú nár cheart státchabhair nach gceadaítear faoi Chonarthaí AE a cheadú ó thíortha nach bhfuil san Aontas ach oiread; á iarraidh go ndéanfaí dianmheasúnú ar shaobhadh iomaíochta tríd an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha agus trí scagadh iomchuí a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche in éineacht le hionstraimí cosanta trádála traidisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú FSR a neartú maidir le hardáin ar líne agus margaí atá bunaithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfidh oibleagáidí comhlíontachta FSR ualach díréireach ar FBManna agus ar idirbhearta níos lú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, de réir an tsuirbhé Eorabharaiméadair is déanaí agus an tsuirbhé iarthoghcháin Eorabharaiméadair in 2024, go bhfuil freagróirí ag dréim leis go dtabharfaidh an tAontas tús áite d’aghaidh a thabhairt ar bhoilsciú, ar phraghsanna atá ag ardú agus ar an gcostas maireachtála; á chur i bhfáth gur gné thábhachtach é iomaíocht chothrom agus éifeachtach a áirithiú chun dul i ngleic leis na dúshláin sin agus gur cheart, dá bhrí sin, go leanfadh sé de bheith ina thosaíocht sa bheartas iomaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn forfheidhmiú dian agus comhsheasmhach an bheartais iomaíochta leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú ar fud an Aontais agus a réigiún is forimeallaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearnaí leanúnacha eacnamaíocha agus bonneagair ann idir na réigiúin inmheánacha, thuaithe, fhorimeallacha, is forimeallaí agus oileánacha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tionchar críochach na gcinntí iomaíochta a chur i gcuntas, chun beartais chomhtháthaithe iomchuí a chur chun cinn a ghabhann le forbairt an mhargaidh aonair, agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha iomaíochta á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an Comhaontú maidir le Comhar Iomaíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (AE) 2025/2376 ón gComhairle an 4 Samhain 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhar i dtaca le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta faoi seach (IO L, 2025/2376, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2376/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, ar céim thábhachtach é chun comhordú idir na húdaráis iomaíochta faoi seach a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forfheidhmiú iomaíochta an Aontais atá níos neamhspleáiche agus níos éifeachtaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun neamhspleáchas fhorfheidhmiú iomaíochta an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach an acmhainneacht forfheidhmiúcháin atá ann cheana a neartú sa ghearrthéarma; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú mar ábhar práinne go mbeidh na hacmhainní agus an saineolas teicniúil is gá ag a Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta chun an dlí in aghaidh trustaí, an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus rialacha cumaisc a fhorfheidhmiú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé forfheidhmiú iomaíochta a dhéanamh ar bhealach neamhchlaonta, neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a thíolacadh maidir leis an bhfiúntas a bhaineann le húdarás iomaíochta Eorpach tiomnaithe a bhunú, lena scrúdaítear coimhdeacht, an dealú cuí idir feidhmeanna iomaíochta agus rialála, cuntasacht dhaonlathach don Pharlaimint, agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Ghréasán Eorpach Iomaíochta (ECN); á chur i bhfáth go bhfuil gá le foireann, saineolas agus cumhachtaí leormhaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iomaíocht sa ré dhigiteach agus forfheidhmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha le linn dúshláin dhomhanda</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún leabhar rialacha iomaíochta an Aontais, lena n-áirítear an Gníomh um Margaí Digiteacha, a fhorfheidhmiú go hiomlán ar bhealach comhsheasmhach, neamhchlaonta agus láidir ó thaobh an dlí de, chun neamhspleáchas rialála na hEorpa a chosaint ar bhrúnna polaitiúla; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil brú seachtrach ar an nGníomh um Margaí Digiteacha agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne trasnaíocht eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach féidir forfheidhmiú éifeachtach a bhaint amach ach amháin má oibríonn rialacha chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid ceannasachta (Airteagal 102 CFAE) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha le chéile, lena gcomhcheanglaítear cineálacha cur chuige ex ante agus ex post; á iarraidh ar an gCoimisiún an leabhar rialacha iomaíochta agus digiteach a chuíchóiriú agus a chur in iúl ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh an tuarascáil ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2026 maidir leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha; ag cur sonrú i gconclúid an Choimisiúin, sa chéad athbhreithniú seo ar an nGníomh um Margaí Digiteacha, go bhfuil an Gníomh um Margaí Digiteacha oiriúnach dá fheidhm agus nach gá é a leasú ag an gcéim seo, cé go sainaithnítear ann réimsí áirithe fócais amach anseo, eadhon IS agus seirbhísí néalríomhaireachta, agus á thabhairt chun suntais ag an am céanna nár cheart breathnú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha ina aonar a mhéid a bhaineann le huirlisí rialála arb é is aidhm dóibh slabhra luacha IS nó néalríomhaireachta a ghabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go mbeidh próiseas an athbhreithnithe ar an nGníomh um Margaí Digiteacha, athbhreithniú a mheastar a dhéanfar gach 3 bliana, trédhearcach, fianaise-bhunaithe, comhréireach, spriocdhírithe agus uaillmhianach, agus cobhsaíocht rialála á háirithiú agus leathnú neamhriachtanach na n-oibleagáidí do rannpháirtithe sa mhargadh á sheachaint ag an am céanna; á áitiú gur cheart, leis an athbhreithniú tréimhsiúil ar an nGníomh um Margaí Digiteacha gach 3 bliana, measúnú córasach a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar praiticiúil na n-oibleagáidí atá ann cheana, ar dheimhneacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sa mhargadh, ar idirghníomhaíocht an Ghnímh um Margaí Digiteacha le rialáil earnáilsonrach, agus ar an ngá atá le haon choigeartuithe ar thairseacha ainmniúcháin geatóirí i bhfianaise forbairtí sa mhargadh; á iarraidh ar an gCoimisiún FBManna a áireamh go córasach i gcomhairliúcháin athbhreithnithe an Ghnímh um Margaí Digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh comhchruinniú méadaitheach i néalseirbhísí an bonn a bhaint den iomaíocht, den nuálaíocht agus d’uathriail straitéiseach an Aontais; á thabhairt chun suntais gur féidir le cleachtais amhail cuachadh, margaí néalríomhaireachta agus sásraí conarthacha, lena n-áirítear creidmheasanna agus gealltanais chaiteachais, gaibhniú díoltóirí a threisiú agus teorainn a chur le straitéisí malartaithe nó straitéisí ilnéil; á chur i bhfáth nach mór oibleagáidí néalríomhaireachta a thabhairt cothrom le dáta; ag tabhairt dá haire, tar éis na n-imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí néalríomhaireachta a osclaíodh i mí na Samhna 2025, gur fhoilsigh an Coimisiún a réamhsheasamh an 25 Meitheamh 2026, inar luadh gur cheart Microsoft Azure agus Amazon Web Services a ainmniú mar gheatóirí do sheirbhísí néalríomhaireachta<FOOTNOTE><FIELD> https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/commission-reaches-preliminary-position-amazons-and-microsofts-market-leading-cloud-services-should.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go bhfuil a imscrúdú fós ar siúl i dtaobh an féidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chleachtais a d’fhéadfadh iomaíochas agus cothroime i seirbhísí néalríomhaireachta a theorannú<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Tá imscrúduithe margaidh seolta ag an gCoimisiún maidir le seirbhísí néalríomhaireachta faoin nGníomh um Margaí Digiteacha’, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, an 18 Samhain 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-imscrúdú margaidh ar néalseirbhísí a úsáid chun oibleagáidí an Ghnímh um Margaí Digiteacha a choigeartú agus chun a áirithiú go dtabharfaidh siad aghaidh go héifeachtach ar na bacainní a chuireann cosc ar úsáideoirí soláthraithe a mhalartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil forfheidhmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha fós fo-optamach; ag tacú le forfheidhmiú níos láidre an Ghnímh um Margaí Digiteacha i ndáil leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh a thagann faoi raon feidhme a rialacháin gan beann ar náisiúntacht agus ag spreagadh an Choimisiúin imscrúduithe oscailte a thabhairt i gcrích laistigh de na tréimhsí ama dá bhforáiltear faoin nGníomh um Margaí Digiteacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hacmhainní leormhaithe agus inbhuanaithe chun an Gníomh um Margaí Digiteacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis bhuiséadacha a áirithiú go leithdháilfear acmhainní leormhaithe agus cobhsaí ar fhorfheidhmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha trí bhuiséad an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar réitigh airgeadais inbhuanaithe, agus cothromaíocht institiúideach á hurramú ag an am céanna, go háirithe chun ‘táille an Ghnímh um Margaí Digiteacha’ a thabhairt isteach, cosúil leis an táille faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, a fhiosrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid iomlán agus réamhghníomhach a bhaint as na hionstraimí forfheidhmiúcháin uile dá bhforáiltear faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, lena n-áirítear tuilleadh imscrúduithe margaidh, imeachtaí neamhchomhlíontachta, cigireachtaí, bearta eatramhacha, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, chun imchéimniú a chosc agus comhlíonadh éifeachtach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á aithint go bhfuil bunús dlí ann do leigheasanna struchtúracha i gcoinne mhí-úsáid an cheannais mhargaidh; á chur in iúl gur eol di go sonraítear i rialacha iomaíochta an Aontais nár cheart leigheasanna struchtúracha a úsáid ach amháin má tá sé cruthaithe go bhfuil leigheasanna iompraíochta neamhéifeachtach, ach mar sin féin, á chur in iúl go bhfuil drogall ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar cheannasacht sa mhargadh trí leigheasanna struchtúracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún, ina chéad athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha, go bhfuil na huirlisí a sheasfaidh an aimsir arna n-ionchorprú ag na comhreachtóirí ríthábhachtach chun go mbeidh an creat in ann freagairt d’fhorbairtí i margaí agus i dteicneolaíochtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an Gníomh um Margaí Digiteacha a fhorfheidhmiú, ar bhealach comhsheasmhach a sheasfaidh an aimsir, i ndáil le forbairtí teicneolaíochta, trí aghaidh a thabhairt go tráthúil ar sheirbhísí atá bunaithe ar IS agus ar bhonneagar néalbhunaithe, chun cineálacha nua cleachtas gaibhnithe, foriaimh nó geataíochta a chosc, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann geatóirí rialú ar shonraí, ar acmhainní ríomhaireachta nó ar sheirbhísí comhtháite a ghiaráil chun dochair d’fhorbróirí IS atá ag teacht chun cinn agus d’iontrálaithe nuálacha sa mhargadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún cheana féin ar úsáid uirlisí IS laistigh de chroísheirbhísí ardáin ainmnithe faoin nGníomh um Margaí Digiteacha; ag tabhairt dá haire, ina chéad athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha, go dtuairiscíonn an Coimisiún, maidir le seirbhísí IS, go bhfuil tús curtha aige le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúla cothroime agus inchoimlinteachta a bhí go mór chun tosaigh sa chomhairliúchán poiblí, mar shampla, trína idirphlé rialála le geatóirí maidir lena áirithiú gur féidir réamhshocruithe a athrú go héasca agus go bhfuil rochtain chomhionann ag seirbhísí IS ar chórais oibriúcháin; ag tabhairt dá haire gur tionscnaíodh dhá imeacht sonraíochta i mí Eanáir 2026 i ndáil le Alphabet a bhfuil gné IS ag baint leo freisin a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus rochtain ar shonraí cuardaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún teoiricí nua díobhála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar dhaingniú breise na sealbhóirí reatha agus measúnú a dhéanamh, laistigh den athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha atá ar na bacáin, ar cé acu a léiríonn nó nach léiríonn liosta reatha de chroísheirbhísí ardáin réaltachtaí an mhargaidh go leormhaith, lena n-áirítear i réimsí amhail samhlacha IS, botaí comhrá IS agus néalseirbhísí, príomhsheirbhísí cúnta fíorúla agus córais oibriúcháin teilifíse nasctha; á iarraidh ar an gCoimisiún FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, comhlachais tionscail, saineolaithe acadúla agus eagraíochtaí tomhaltóirí ar fud na mBallstát uile a áireamh i gcomhairliúcháin athbhreithnithe an Ghnímh um Margaí Digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil feidhm ag forfheidhmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha maidir leis na geatóirí ainmnithe uile gan beann ar náisiúntacht ná ar thionscnamh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáidí an Ghnímh um Margaí Digiteachaa chur i bhfeidhm go comhsheasmhach; á chur in iúl gur geal léi an comhordú idir an Coimisiún agus ÚINanna maidir le hiompar a bhaineann leis an nGníomh um Margaí Digiteacha; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh dá réir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh, i gcomhthéacs chur chun feidhme na Treorach maidir le Margadh Aonair Digiteach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/790/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, ar mhí-úsáidí a d’fhéadfadh geatóirí a dhéanamh faoin nGníomh um Margaí Digiteacha ina gcaibidlíocht le foilsitheoirí preasa, agus go háirithe scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann an chaibidlíocht sin oibleagáidí FRAND (cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach), lena n-áirithítear luach saothair cothrom, téarmaí trédhearcacha agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar lucht féachana ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as Airteagal 13 den Ghníomh um Margaí Digiteacha chun aghaidh a thabhairt ar aon teacht timpeall ag geatóirí ar a n-oibleagáidí faoi Airteagail 5 agus 6 den Ghníomh um Margaí Digiteacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">In aghaidh trustaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún úsáid iomchuí a bhaint as bearta eatramhacha chun deireadh a chur le haon chleachtais a dhéanann dochar don iomaíocht, go háirithe i margaí digiteacha atá ag athrú go tapa; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán (CE) 1/2003<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Rialachán (CE) 773/2004<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/773/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún a nuachóiriú chun éifeachtúlacht, deimhneacht dhlíthiúil agus comhréireacht fhorfheidhmiú an Aontais in aghaidh trustaí a fheabhsú; ag tacú le creat soiléirithe le haghaidh bearta eatramhacha i gcásanna ina ndéantar dochar tromchúiseach doleasaithe don iomaíocht, le coimircí iomchuí próise cuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar imscrúduithe in aghaidh trustaí atá rófhada; á iarraidh go mbeadh teorainneacha ama nós imeachta ceangailteacha ann maidir le himscrúduithe in aghaidh trustaí chun moilleanna míchuí a dhéanann dochar do dheimhneacht dhlíthiúil agus do chearta cosanta a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar éifeacht dhíspreagthach a fhíneálacha; á áitiú nach mór do smachtbhannaí a bheith ard go leor chun an tairbhe eacnamaíoch aindleathach a dhíorthaítear ón sárú a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí éifeachtacha i leith damáistí mar chomhlánú ar fhorfheidhmiú poiblí in aghaidh trustaí, lena n-áirithítear gur féidir le híospartaigh sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE cúiteamh iomlán a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach na Treorach maidir le Damáistí Frithiontaobhais<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 5.12.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/104/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a áirithiú agus deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann ar fhorfheidhmiú príobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le comhar láidir éifeachtach idir an Coimisiún agus ÚINanna laistigh de ECN, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha príobháideacha agus poiblí agus eagraíochtaí tomhaltóirí; á chur i bhfios go láidir nach mór do ÚINanna leanúint de bheith neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu, agus gur cheart Treoir ECN+<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, IO L 11, 14.1.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile; á iarraidh go bhfeabhsófaí cóineasú na gcaighdeán forfheidhmiúcháin, comhroinnt thráthúil faisnéise, agus leithdháileadh soiléir inniúlachtaí chun imeachtaí dúbailte a sheachaint; á chur i bhfáth gur gá do ECN bogadh i dtreo cineál comhair atá comhtháite go hiomlán, d’fhonn cost-éifeachtúlacht a fheabhsú agus láimhseáil gnéithe trasteorann a fheabhsú, lena n-áirítear trí imscrúduithe comhpháirteacha agus cinnteoireacht chomhpháirteach a chumasú; á iarraidh ar ECN treoir bhreise a thabhairt do chuideachtaí, go háirithe FBManna, maidir leis an leabhar rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ÚINanna sásraí gearáin atá inrochtana go héasca agus fabhrach do FBManna a bhunú le haghaidh cleachtais fhrithiomaíocha, rud lena n-áiritheofar láimhseáil thapa agus éifeachtach cásanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur sonrú sna himscrúduithe reatha ar chuideachtaí neamh-AE, lena n-áirítear réamh-imscrúdú an Choimisiúin ar tháillí Visa agus Mastercard; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh margadh na n-íocaíochtaí de bheith iomaíoch, trédhearcach agus inrochtana do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Táillí Idirmhalartaithe<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/751/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtacht maidir le haghaidh a thabhairt ar tháillí atá ag dul i méid; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúduithe leanúnacha in earnáil na n-íocaíochtaí a thabhairt i gcrích gan moill mhíchuí; ag cur béim ar an bhfíoras gur deis ríthábhachtach é an euro digiteach chun an róspleáchas ar scéimeanna cártaí neamh-AE a laghdú, agus chun iomaíocht agus uathriail straitéiseach an Aontais in earnáil na n-íocaíochtaí a neartú, lena n-áirítear trí chuidiú le dálaí praghsála níos iomaíche a áirithiú do ghnólachtaí, go háirithe FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iomaíocht in earnáil na baincéireachta agus an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích; á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí uile atá ar fáil a úsáid chun iomaíocht chóir a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí in earnáil na baincéireachta le linn tréimhsí arda boilscithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí agus a phráinní atá an tuarascáil atá le teacht ón gCoimisiún maidir le hiomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais agus ag dréim leis go nglacfaidh an Coimisiún an tuarascáil faoi mhí Iúil 2026; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an measúnú atá ar na bacáin ar fheidhmiú Threoir 2002/87/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/87/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Threoir Shócmhainneacht II<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le gnéithe a bhaineann leis an gcothrom iomaíochta i measc rannpháirtithe sa mhargadh árachais agus baincéireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ann d’olagaplachtaí i soláthar seirbhísí áirithe atá ríthábhachtach do rannpháirtithe i margadh airgeadais an Aontais, amhail comhbhailitheoirí margaidh agus soláthraithe nascachta a bhfuil líon teoranta soláthraithe mar shaintréith acu, deacracht shuntasach ag baint le malartú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile, nó cumhacht praghsála neamhshiméadrach chun tairbhe an tsoláthraí, rud a dhéanann costais d’infheisteoirí a bhoilsciú ar deireadh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sciartha os cionn 90 % den mhargadh fós ag na trí ghníomhaireacht rátála creidmheasa is mó agus ag na ceithre chuideachta is mó sa mhargadh iniúchóireachta; ag tathant ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar olagaplachtaí atá ann cheana agus na bearta iomchuí a dhéanamh chun tairbhe iomaíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú gur thug an Banc Ceannais Eorpach dá aire go bhfuil praghsanna bia fós ard, rud a dhéanann difear go háirithe do thomhaltóirí leochaileacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di comhchruinniú ard an mhargaidh ar leibhéil áirithe de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar scála agus ar thionchar na gcomhghuaillíochtaí ceannaigh, agus anailís bhreise a dhéanamh ar a n-éifeachtaí, ní hamháin ar phraghsanna ach freisin ar chumas feirmeoirí agus táirgeoirí agraibhia táirgí sláintiúla, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do thomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil gá le treoirlínte breise maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE maidir le mí-úsáidí dúshaothraithe, lena n-áirítear praghsanna iomarcacha nó éagóracha, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun forfheidhmiú a dhéanamh níos éifeachtaí i margaí tomhaltóirí atá thar a bheith comhchruinnithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialú cumaisc</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil cuideachtaí mórscála san Eoraip atá in ann dul san iomaíocht ar fud an domhain in go leor príomhréimsí straitéiseacha; á mheas gur riachtanas straitéiseach de chuid an Aontais é uas-scálú laistigh den mhargadh aonair chun infheistíochtaí a shlógadh, iomaíochas a spreagadh, infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus cur ar chumas chuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht go héifeachtach ar mhargaí domhanda, mar a léiríodh i dtuarascáil Letta; á chur i bhfáth go bhfuil comhlánú an mhargaidh aonair agus deireadh a chur le bacainní inmheánacha fós ina bpríomhthosaíochtaí i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé go bhfaigheadh gníomhaithe neamh-AE cuideachtaí nuálacha de chuid an Aontais mar thoradh ar bhacainní struchtúracha ar uas-scálú laistigh den Aontas, agus go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith aige sin ar iomaíocht fhadtéarmach agus ar acmhainneacht nuálaíochta san Aontas; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart cumas chuideachtaí an Aontais infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht a chur i gcuntas go hiomlán i rialú cumasc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mheas nár cheart go gcruthódh an beartas iomaíochta bacainní neamhriachtanacha do chuideachtaí ar gá dóibh uas-scálú chun dul san iomaíocht ar fud an domhain, agus á thabhairt dá haire ag an am céanna nach gá do chuideachtaí uile an Aontais uas-scálú a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rath ar an Aontas maidir leis an nasc ríthábhachtach idir fiontair mhóra agus fiontair bheaga; á mheas gur cheart scála iomaíoch a bheith mar thoradh go príomha ar iomaíocht chóir, ar fhorfheidhmiú láidir in aghaidh trustaí agus ar dhoimhniú an mhargaidh aonair, arb iad is bonn le geilleagar sóisialta margaidh an Aontais agus atá fós ina bhfíorspreagadh don nuálaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún beartas cumaisc a chur i bhfeidhm go dinimiciúil, bunaithe ar mheasúnú eacnamaíoch agus dlíthiúil, ina ndéanfar anailís iomlán ar choincheap leas na dtomhaltóirí sa mheasúnú ar iomaíocht, agus breithniú a dhéanamh ar éifeachtaí eacnamaíocha níos leithne na gcumasc, an beartas a oiriúnú do réaltachtaí nua an mhargaidh lena n-áirítear éiceachórais dhigiteacha, IS, fuinneamh agus cosaint, agus anailís a dhéanamh ar éifeachtaí comhchruinnithe san fhadtéarma, agus cur chuige réamhbhreathnaitheach á ghlacadh; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar éabhlóid na cumhachta margaidh san Eoraip, lena n-áirítear tionchar na gcumasc ar inbhuanaitheacht, nuálaíocht agus athléimneacht fhadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú uaillmhianach agus fianaise-bhunaithe ar threoirlínte cumaisc an Aontais ionas go mbeidh siad ailínithe níos fearr le réaltachtaí nua an mhargaidh agus le tosaíochtaí an Aontais maidir le hEoraip níos athléimní agus níos iomaíche a chothú agus go leanfar d’ardleibhéal leasa tomhaltóirí a choimirciú ag an am céanna; á áitiú, cé go bhfuil sé bunaithe go fóill ar anailís iomaíochta agus ar iomaíocht éifeachtach a choimirciú ar mhargaí náisiúnta agus laistigh den mhargadh aonair, gur cheart do rialú cumasc measúnú a dhéanamh ar chumaisc uile-Eorpacha ar bhealach réamhbhreathnaitheach agus a áirithiú go gcuirfidh aon chomhdhlúthú lena gcruthaítear ‘seaimpíní an Aontais’ feabhas ar leas tomhaltóirí, ar inchoimhlinteacht an mhargaidh agus ar athléimneacht fhadtéarmach, go háirithe i bpríomhearnálacha amhail teileachumarsáid, baincéireacht, íocaíochtaí, cosaint agus fuinneamh; á iarraidh go n-áiritheofaí leis na treoirlínte nua maidir le rialú cumasc deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí maidir le gníomhaithe uile-Eorpacha a chruthú lena gcothófar uas-scálú ar son na hiomaíochta, agus a áirithiú ag an am céanna nach n-úsáidfear cumhachtaí idirghabhála náisiúnta, lena n-áirítear cumhachtaí crosta, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige réamhbhreathnaitheach agus dinimiciúil a ghlacadh maidir le cumaisc, agus gnóthachain éifeachtúlachta á gcur i gcuntas, lena n-áirítear, mar shampla, barainneachtaí scála agus gnóthachain inbhuanaitheachta, a luaithe is féidir sa nós imeachta, agus trédhearcacht agus intuarthacht á n-áirithiú agus lena gcuirfear ar chumas cuideachtaí comhghuaillíochtaí a bhunú nuair a rannchuidíonn siad leis an nuálaíocht, leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus leis an tslándáil, agus cur chuige á léiriú maidir le measúnú a dhéanamh ar chumhacht an mhargaidh agus ar réaltachtaí earnáilsonracha a théann thar phraghsanna agus sciartha den mhargadh agus lena n-áirítear freisin éifeachtaí ar phá agus ar dhálaí fostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á mheabhrú go ndéantar rogha na dtomhaltóirí, éagsúlacht an mhargaidh agus praghsanna inacmhainne a choimirciú leis an iomaíocht; ag cur sonrú sa chinneadh ó stocshealbhóirí Warner Bros Discovery an 23 Aibreán 2026 lena bhformheastar an comhaontú cumaisc le Paramount Skydance; á iarraidh ar an gCoimisiún dianrialú cumasc a chur i bhfeidhm in earnáil an chlosamhairc agus na meán, faireachán a dhéanamh ar thionchar chomhdhlúthú an mhargaidh sa mhargadh aonair agus cur ar chumas ghníomhaithe an Aontais uas-scálú a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beagnach 700 cuideachta níos lú faighte ag ardáin ar líne faoi raon feidhme an Ghnímh um Margaí Digiteacha ó 2000 i leith, cé nár tugadh fógra don Choimisiún ach faoi thart ar 19 gcinn de na hidirbhearta sin, ós rud é gur thit an chuid is mó díobh faoi bhun na dtairseach fógartha atá bunaithe ar láimhdeachas; á iarraidh ar an gCoimisiún ‘éadálacha marfacha’ a bhrath (i.e. nuair a fhaigheann cuideachta smacht ar chuideachta nuálach chun deireadh a chur léi mar fhoinse fhéideartha iomaíochta amach anseo), agus rialáil a oiriúnú chun éadálacha den sórt sin a chosc, go háirithe in earnálacha digiteacha, IS, cógaisíochta agus earnálacha straitéiseacha eile; á áitiú gur cheart bunús dlí don mhargadh aonair a chur leis an Rialachán CE um Chumaisc má dhéantar athbhreithniú air, ionas go mbeidh na comhreachtóirí rannpháirteach go hiomlán, ar bhealach atá cosúil leis an nGníomh um Margaí Digiteacha; ag tathant ar na Ballstáit cumhachtaí ‘glao isteach’ a thabhairt d’údaráis iomaíochta náisiúnta ionas gur féidir leo athbhreithniú a dhéanamh ar chumaisc agus ar éadálacha, murab amhlaidh an cás cheana féin, agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú agus ualach míchuí ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta á sheachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag aithint threocht mhéadaitheach na hinfheistíochta coigríche agus na húinéireachta ilchlubanna i spóirt na hEorpa, chomh maith leis an méadú ar phraghsáil dhinimiciúil ticéad, agus á iarraidh ar an gCoimisiún impleachtaí na forbartha sin a chur i gcuntas agus é ag tacú le hiarrachtaí chun sláine airgeadais agus cothromaíocht iomaíoch spórt na hEorpa a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na roghanna rialála uile a mheas, lena n-áirítear toirmeasc ar phraghsáil dhinimiciúil ag imeachtaí beo spóirt agus cultúrtha sa Ghníomh um Chothroime Dhigiteach, d’fhonn tomhaltóirí a chosaint agus luach sóisialta agus poiblí an spóirt agus an chultúir a chaomhnú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Státchabhair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá anailís chríochnúil a dhéanamh ar na rialacha maidir le Státchabhair, go háirithe do chuideachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh, teicneolaíocht agus nuálaíocht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé éifeachtacht na Státchabhrach sa talmhaíocht, sa lóistíocht agus san iompar a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneachtaí fioscacha éagsúla ag na Ballstáit, ag tabhairt rabhaidh go gcruthaíonn státchabhair ilroinnte éagothroime iomaíochta agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí sin; á mheas gur cheart go mbeadh aon státchabhair a dheonaítear comhsheasmhach le dlí agus prionsabail an Aontais, lena n-áirítear cuspóirí bheartas comhshaoil agus sóisialta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CSCCTG); á iarraidh go ndéanfaí CSCCTG a chur chun feidhme ar bhealach spriocdhírithe agus comhréireach, go n-áiritheofaí an t-ualach is lú ar na Ballstáit, go gcoiscfí rásaí fóirdheontais agus go gcaomhnófaí sláine an mhargaidh inmheánaigh, agus coimircí láidre maidir le trédhearcacht, comhréireacht agus éifeachtacht chomhshaoil á gcur i gcuntas ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á mheabhrú gur féidir le Státchabhair shealadach, spriocdhírithe a bheith iomchuí tráth géarchéime; á athdhearbhú a thábhachtaí atá CSCCTG chun tacú le hearnálacha leochaileacha, i gcomhthéacs praghsanna breosla atá ag méadú go tapa mar gheall ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair; ag cur sonrú, mar sin féin, i dtorthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (Tuarascáil Speisialta 21/2024) ina sainaithnítear easnaimh san fhaireachán a dhéanann an Coimisiún ar státchabhair tráth géarchéime agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún faireachán níos déine ar fhógraí maidir le státchabhair agus go bhfeabhsófaí tuairisciú agus trédhearcacht maidir le státchabhair i gcomhréir le moltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil níos mó ná trí cheathrú den Státchabhair comhchruinnithe ach in dhá Bhallstát, agus béim á leagan ar na rioscaí a bhaineann le hilroinnt agus le héagothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag cur béim ar ról na Státchabhrach mar uirlis chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha a laghdú idir réigiúin agus oileáin is forbartha an Aontais, limistéir intíre, na réigiúin is forimeallaí, criosanna atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, agus gach cuid den Aontas a ndéanann srianta nádúrtha difear dóibh; á iarraidh go mbeadh níos mó solúbthachta ann agus go mbeadh níos lú srianta ar státchabhair d’oileáin an Aontais agus do réigiúin níos leochailí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag dréim leis go réiteofar leis an athbhreithniú ar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach don mhargadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj).</FIELD></FOOTNOTE> na saincheisteanna atá ann faoi láthair maidir leis an sainmhíniú ar ‘gnóthas atá i gcruachás’ agus go ndéanfar na rialacha maidir le Státchabhair a nuachóiriú agus a shimpliú chun an rómhaorlathas a laghdú agus chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh an comhairliúchán poiblí chun ionchur a bhailiú maidir le raon feidhme agus ábhar an athbhreithnithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Cinneadh athbhreithnithe SLEG, chun a chur ar chumas na mBallstát tacú le tionscadail tithíochta atá cuibhiúil, inbhuanaithe, tíosach ar fhuinneamh, cuimsitheach go sóisialta agus inacmhainne a sholáthar, do theaghlaigh mheánioncaim freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Chinneadh athbhreithnithe SLEG agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na tairseacha agus na coinníollacha solúbtha go leor chun riachtanais na mBallstát a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh nósanna imeachta simplithe ann maidir le fógra a thabhairt do bhearta Státchabhrach a bhaineann le SGEI nach mbaineann rioscaí suntasacha iomaíochta leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar comhchruinnithe margaidh in earnáil an eastáit réadaigh agus i margaí gaolmhara, amhail tógáil agus bainistiú maoine, chun a áirithiú go gcuideoidh iomaíocht éifeachtach le praghsanna a shrianadh agus le rochtain ar thithíocht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cur sonrú in éifeachtaí saofa na pleanála ionsaithí cánach agus na gcóras cánach ar iomaíocht chóir, lena n-áirítear comhaontuithe fabhracha cánach, toisc go bhféadfadh siad bac a chur ar nuálaíocht agus iniomaíocht na margaí a chur i mbaol, go háirithe do FBManna; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún moladh an 14 Iúil 2020<FOOTNOTE><FIELD> Moladh (AE) 2020/1039 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2020 maidir le tacaíocht airgeadais Stáit do ghnóthais san Aontas a dhéanamh coinníollach ar easpa nasc le dlínsí neamh-chomhoibríocha (IO L 227, 16.7.2020, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2020/1039/oj).</FIELD></FOOTNOTE> gan tacaíocht airgeadais a dheonú do chuideachtaí a bhfuil naisc acu le tearmainn chánach agus cáiníocóirí macánta á gcosaint ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí cuideachtaí atá bunaithe i dtíortha atá liostaithe ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, mar a ghlac an Chomhairle iad, a eisiamh ó státchabhair a fháil agus á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an rannchuidíonn an creat atá ann faoi láthair le hiarrachtaí níos leithne chun pleanáil ionsaitheach cánach agus cleachtais tearmainn chánach a chomhrac;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht na Parlaiminte </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa faisnéise a fhaigheann sí maidir le hathbhreithniú agus cur chun feidhme rialacha iomaíochta agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go leordhóthanach i múnlú an bheartais iomaíochta; ag cur béim, thairis sin, ar an ngá atá le bheith trédhearcach leis an bParlaimint maidir leis na pléití uile le tíortha nach bhfuil san Aontas a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhorfheidhmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh idirphlé struchtúrtha agus rialta ann idir an Coimisiún agus an Pharlaimint maidir leis an mbeartas iomaíochta, lena n-áirítear maidir le rialacha iomaíochta a athbhreithniú agus a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis thráthúil agus chuimsitheach a chur ar fáil do choiste inniúil na Parlaiminte maidir le cinntí suntasacha forfheidhmithe, tograí reachtacha agus mórionstraimí suntasacha dlí bhoig; á iarraidh go gcuirfí comhaontú idirinstitiúideach i gcrích chun ról na Parlaiminte i maoirseacht ar an mbeartas iomaíochta a chur ar bhonn foirmiúil, lena n-áirítear comhairliúchán maidir le tosaíochtaí a shocrú do threoirlínte agus do chreataí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag tabhairt rabhadh i gcoinne róspleáchas ar ionstraimí dlí bhoig, amhail treoir agus creataí sealadacha, ina bhfuil rannpháirtíocht na Parlaiminte teoranta; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 48(7)(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena bhforáiltear do ghníomhartha reachtacha a ghlacadh i réimse an bheartais iomaíochta i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag cur malartú dea-chleachtas chun cinn i bhfóraim idirnáisiúnta, amhail an Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht agus Coiste Iomaíochta na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún a dhícheall a dhéanamh idirphlé agus comhar leanúnach a bhaint amach ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chomhaontuithe comhair den dara glúin lena gceadaítear malartú faisnéise níos éifeachtaí idir údaráis iomaíochta, agus á chur in iúl gur oth léi ag an am céanna nár saothraíodh é sin go leordhóthanach san am a chuaigh thart; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt don Aontas chun ról ceannasach a ghlacadh ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le hiomaíocht éifeachtach a chur chun cinn;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>