<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0249</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis nua don litearthacht sna meáin agus don fhoghlaim dhigiteach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0173/2026 -  Rapóirtéir:Marcos Ros Sempere)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 maidir le straitéis nua don litearthacht sna meáin agus don fhoghlaim dhigiteach (2025/2181(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (‘An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc’) i bhfianaise athruithe ar an margadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 303, 28.11.2018, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1808/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le beartas oideachais dhigitigh a mhúnlú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Cumhachtú digiteach: An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne (BIK+)’ (COM(2022)0212),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 12 Samhain 2025 dar teideal ‘An Sciath Eorpach don Daonlathas: ‘Daonlathais Láidir Athléimneacha a Chumhachtú’ (JOIN(2025)0791),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Bunscileanna (COM(2025)0088),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation’</STRING> [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM(2020)0784),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2026 dar teideal ‘Plean gníomhaíochta in aghaidh na cibearbhulaíochta – “Níos sábháilte ar líne, níos láidre le chéile”’ (COM(2026)0071),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2026 dar teideal ‘Straitéis um an gCothroime Idirghlúine’ (COM(2026)0110),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2025 maidir le mionaoisigh a chosaint ar líne<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/1708, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1708/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Chomhshocrú na Náisiún Aontaithe don Todhchaí an 22 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat le haghaidh comhar Eorpach i réimse na hóige dar teideal ‘Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 18.12.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhoilseachán ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoirlínte maidir le húsáid eiticiúil na hintleachta saorga agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim d’Oideoirí’, a foilsíodh in 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint don fhoilseachán ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoirlínte maidir le faisnéisíocht a theagasc: straitéisí praiticiúla do sheomraí ranga Eorpacha’, a foilsíodh in 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhoilseachán ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Wellbeing and mental health at school — Guidelines for education policymakers’</STRING> [Folláine agus meabhairshláinte ar scoil — Treoirlínte do lucht ceaptha beartas oideachais], a foilsíodh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhoilseachán ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Social media use and adolescents mental health in the EU’</STRING> [Úsáid na meán sóisialta agus meabhairshláinte déagóirí san Aontas], a foilsíodh in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha UNESCO, go háirithe an tuarascáil dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Media and information literacy for all: closing the gaps: global analysis of the current state of play of media and information literacy’</STRING> [Litearthacht sna meáin agus sa bhfaisnéis do chách: na bearnaí a dhúnadh: anailís dhomhanda ar staid reatha na litearthachta meán agus faisnéise], a foilsíodh in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán ECFE dar teideal ‘Torthaí Phisa 2022 (Imleabhar II): Foghlaim le linn Cur isteach – agus Uaidh’, a foilsíodh in 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair dar teideal ‘Treoirlínte maidir le bearta chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála ar líne a áirithiú do mhionaoisigh, de bhun Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2022/2065’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5519/, 10.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5519/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989, agus do Bharúil Ghinearálta Uimh. 25 de 2021 maidir le cearta leanaí i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán ECFE dar teideal ‘Moladh ón gComhairle maidir le Leanaí sa Timpeallacht Dhigiteach’, a foilsíodh in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte Chomhairle na hEorpa chun cearta an linbh sa timpeallacht dhigiteach a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, a foilsíodh in 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Chomhairle na hEorpa dar teideal ‘An Litearthacht sna Meáin do Chách: Ag tacú le grúpaí imeallaithe trí na meáin phobail, a foilsíodh in 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad beartais ó Choiste Stiúrtha Chomhairle na hEorpa um na Meáin agus um an tSochaí Faisnéise (CDMSI) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">National Media and Information Literacy (MIL) Strategies</STRING>: Céimeanna agus Táscairí Praiticiúla’, a glacadh i mí na Nollag 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A10-0173/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>	de bhrí go bhfuil an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach bunriachtanach chun saoránaigh a chumhachtú leis na scileanna criticiúla is gá chun faisnéis agus ábhar na meán a mheasúnú, a fhíorú, a chruthú agus a chomhroinnt go neamhspleách agus go freagrach ar fud na n-ardán traidisiúnta agus na n-ardán ar líne, agus chun roghanna eolasacha a dhéanamh i dtimpeallacht faisnéise atá ag síorathrú; de bhrí go dtreisítear leis na scileanna sin rannpháirtíocht shibhialta, cuimsiú sóisialta agus athléimneacht dhaonlathach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuireann an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach bunscileanna ar fáil sa tsochaí nua-aimseartha agus go bhfuil siad ríthábhachtach chun dul i ngleic le hiomadú na bréagaisnéise, meath ar mhuinín sna meáin, agus tionchar na n-ardán ar líne, gníomhaithe nua sna meáin, amhail tionchairí agus cruthaitheoirí inneachair, agus an intleacht shaorga; de bhrí go bhfuil gá leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach i gcomhthéacs na bpatrún athraithe maidir le tomhaltas faisnéise, a bhfuil an ‘cultúr scrollaigh’ mar bhonn taca leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach fíor-riachtanach chun dea-bhail dhigiteach na n-úsáideoirí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na bealaí a ndéantar rochtain ar na meáin agus ar ábhar digiteach, agus úsáideoirí, go háirithe mionaoisigh agus daoine óga, ag roghnú níos mó ábhar saincheaptha ar ardáin na meán sóisialta, ag leanúint go dlúth gníomhaíochtaí tionchairí, ag brath go mór ar mholtaí algartamacha agus go minic go mbíonn réimse airde níos giorra acu ná mar a bhí acu nuair a d’úsáid siad na meáin thraidisiúnta; de bhrí gur féidir leis na meáin shóisialta a bhfothaí a phearsantú go tapa, agus úsáideoirí, go háirithe mionaoisigh, úsáideoirí scothaosta agus úsáideoirí leochaileacha eile, a nochtadh do rioscaí go ndéanfaí ábhar díobhálach a mhéadú nó a ghabháil i mboilgeog faisnéise;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur féidir le gnéithe dearaidh áirithe d’ardáin dhigiteacha, lena n-áirítear córais moltaí algartamacha, tionchar a imirt ar roghnú agus infheictheacht ábhair agus go bhféadfaí leo cur le rioscaí a bhaineann le folláine úsáideoirí agus le nochtadh d’ábhar díobhálach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, sa staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, gur cheart raon leathan scileanna cognaíocha, teicniúla agus sóisialta a bheith ag daoine in AE chun rochtain éifeachtach a fháil ar ábhar na meán agus anailís a dhéanamh air agus, ar an gcaoi sin, a bheith athléimneach i gcónaí i leith gníomhaíochtaí ionramhála nó ionsaithe hibrideacha a d’fhéadfadh a bheith ann arb é is aidhm dóibh an dioscúrsa sibhialta agus próisis dhaonlathacha a dhíchobhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>	de bhrí gurb í an iriseoireacht ardcháilíochta, neamhspleách agus iolraíoch bunchloch na sochaithe daonlathacha agus go bhfuil ról lárnach aici maidir leis an litearthacht sna meáin a neartú, cur i gcoinne na bréagaisnéise agus muinín na saoránach as éiceachóras na faisnéise a mhéadú, le tionchar dearfach ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch earnáil na meán; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag meáin na seirbhíse poiblí maidir leis na cuspóirí sin a shaothrú agus go bhfuil cistiú leormhaith agus inbhuanaithe ag teastáil uathu;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach mór an litearthacht sna meáin agus an t-oideachas digiteach a mheas mar chomhpháirteanna lárnacha de straitéis chuimsitheach foghlama ar feadh an tsaoil, lenar cheart riachtanais shonracha foghlaimeoirí, agus na ngeallsealbhóirí in éiceachóras an oideachais agus na faisnéise a chumhdach, lena n-áirítear tuismitheoirí, cúramóirí, oideoirí, na meáin, iriseoirí, leabharlanna, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe nua sna meáin, amhail tionchairí agus cruthaitheoirí inneachair; de bhrí go n-aithnítear sa Straitéis maidir le Cothroime Idirghlúine foghlaim ar feadh an tsaoil, scileanna digiteacha, litearthacht sna meáin agus rannpháirtíocht ghníomhach na n-aoisghrúpaí uile mar phríomhchoinníollacha le haghaidh cothroime idirghlúine agus athléimneacht sochaithe daonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go n-éilítear leis an litearthacht éifeachtach sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach comhdheiseanna maidir le rochtain ar oideachas agus timpeallacht faisnéise iolraíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfaigheann leanaí rochtain ar na meáin shóisialta ag aois níos óige, agus 97 % de dhaoine óga in AE ag úsáid an idirlín go laethúil agus gurb iad ardáin na meán sóisialta an phríomhfhoinse faisnéise do dhaoine óga idir 15-24 bliana d’aois<FOOTNOTE><FIELD> Maza, M.T. et al., ‘<STRING ITALIC="on">Association of habitual checking behaviors on social media with longitudinal functional brain development’</STRING>, JAMA Pediatrics, Iml. 177, Eagrán 2, 2023, lgh. 160-167.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht sna cineálacha cur chuige maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach ar fud an Aontais, agus go bhfuil difríochtaí suntasacha ann maidir lena n-ionchorprú i gcuraclaim scoile agus maidir le leibhéal na tacaíochta airgeadais nó riaracháin a sholáthraítear do ghníomhaíochtaí nó do chláir ghaolmhara, agus maidir leis na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla agus an comhar eatarthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go suitear le Barúil Ghinearálta Uimh. 25 maidir le cearta an linbh i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach a ghlac Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh in 2021 nach mór cearta an linbh a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh sa timpeallacht dhigiteach agus, agus a dtáirgí agus a seirbhísí á gcur ar fáil do leanaí, nach mór do sholáthraithe seirbhíse digití na caighdeáin is airde eitice, príobháideachais agus sábháilteachta, agus oiriúnachta aoise a leanúint;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur cheart an litearthacht sna meáin agus scileanna foghlama digití a fhorbairt ó aois óg, agus a dtabhairt isteach sa bhunoideachas ag rannchuidiú le leanaí a ullmhú níos fearr do dhúshláin na timpeallachta digití, ar bhealach atá iomchuí dá n-aois agus dá bhforbairt; de bhrí go bhfuil na scileanna sin chomh bunriachtanach céanna ar feadh shaolré an duine, rud a éilíonn cur chuige foghlama ar feadh an tsaoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, trí uirlisí nó teicneolaíochtaí digiteacha a thabhairt isteach roimh am do mhionaoisigh sula ndéantar bunscileanna litearthachta sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt le huirlisí analógacha, go nochtar iad do raidhse rioscaí digiteacha agus díobhálacha ar líne a d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann iad a aithint ná a bhainistiú go fóill;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil gach daonra, go háirithe mionaoisigh, daoine óga, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine i gceantair thuaithe nó iargúlta a bhfuil bonneagar digiteach teoranta acu, fós i mbaol níos mó go ndéanfar dúshaothrú orthu sa timpeallacht dhigiteach; de bhrí go bhfuil saoránaigh de gach aois, go háirithe mionaoisigh a bhfuil a gcumais chognaíocha fós ag forbairt, leochaileach do rioscaí a bhaineann le hinneachar arna ghiniúint ag IS agus botaí comhrá;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur phléigh lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon aois íosta a thabhairt isteach chun mionaoisigh a choimirciú agus ardáin ar líne á n-úsáid acu, lena n-áirítear plé maidir le haois íosta, fíorú aoise agus rialú tuismitheoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur bhunaigh an Coimisiún painéal speisialta tiomnaithe saineolaithe maidir le sábháilteacht leanaí ar líne i mí an Mhárta 2026, a bhfuil sé de chúram air moltaí a fhorbairt chun leanaí sa timpeallacht dhigiteach a chosaint agus a chumhachtú ar bhealach níos fearr; de bhrí go bhféachann an painéal freisin ar a thábhachtaí atá an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach do leanaí, do thuismitheoirí agus d’oideoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go soláthraítear sainmhíniú le reachtaíocht chlosamhairc agus meán AE agus go n-aithnítear léi an tábhacht a bhaineann leis an litearthacht sna meáin, go háirithe trí Airteagal 2(21) den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) agus trí na hoibleagáidí maidir leis an litearthacht sna meáin faoi Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD); de bhrí go gcuirtear, le hAirteagal 13 EMFA, de chúram ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí na Meán dea-chleachtais maidir leis an litearthacht sna meáin a mhalartú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhghnéithe an chur chuige nua maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag cur chuige réamhbhreathnaitheach maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach daoine de gach aois a chumhachtú le bunscileanna lena gcuirfí ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as an timpeallacht dhigiteach, borradh a chur faoina scileanna cruthaitheacha, tairbhe a bhaint as nochtadh d’fhoinsí éagsúla agus rioscaí a bhaineann le húsáid agus dearadh ardán ar líne a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag litearthacht sna meáin maidir le scileanna smaointeoireachta criticiúla a thabhairt do dhaoine aonair lena rannchuidítear le cinnteoireacht fheasach agus uathrialach i bpróisis dhaonlathacha agus lena bhfeabhsaítear freagracht shibhialta chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, an pholaraithe agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, go háirithe i gcomhthéacsanna toghcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach a léiriú laistigh de thionscnaimh níos leithne de chuid an Aontais atá dírithe ar phróisis dhaonlathacha a chosaint, lena n-áirítear i gcomhthéacs Sciath Daonlathais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á aithint nach mór cineálacha cur chuige maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach a theagasc a bheith nuálach, dírithe ar gach grúpa daonra agus curtha in oiriúint do riachtanais foghlaimeoirí, go háirithe úsáideoirí leochaileacha a bhfuil míbhuntáistí acu mar gheall ar thosca geografacha, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag aithint luach an oideachais idir piaraí arna chur chun feidhme ag Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar uirlis éifeachtach chun teagmháil a dhéanamh le leanaí agus le déagóirí le teachtaireachtaí maidir le húsáid shábháilte an idirlín, lena gcomhlánaítear an t-oideachas foirmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth na príomhróil atá ag an litearthacht sna meáin agus ag an bhfoghlaim dhigiteach maidir le húsáideoirí a chumhachtú chun nascleanúint a dhéanamh go sábháilte ar an timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear maidir leis an gcibearbhulaíocht agus cineálacha eile díobhála ar líne a chomhrac; á thabhairt chun suntais, go háirithe, go bhfuil sé ríthábhachtach scileanna litearthachta sna meáin agus scileanna foghlama digití a sholáthar ar fud chonair iomlán an oideachais agus laistigh de ghníomhaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil chun smaointeoireacht chriticiúil, féinfheasacht agus iompraíocht fhreagrach ar líne a fhorbairt agus a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do bheartais litearthachta sna meáin feasacht a mhúscailt maidir leis an tionchar a bhíonn ag timpeallachtaí digiteacha agus dearadh ardáin ar an gcaoi a bhfaightear rochtain ar fhaisnéis, lena n-áirítear an cumas feidhmiú algartam a thuiscint agus dearadh andúile agus ábhar ionramhála mothúchánach a aithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tionchar méadaitheach ag timpeallachtaí digiteacha ar mheabhairshláinte agus ar fholláine úsáideoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forbairt ionbhá dhigitigh, iompar freagrach ar líne agus tuiscint ar thionchar na timpeallachta digití ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine a áireamh i gcláir litearthachta sna meáin agus i gcláir foghlama digití, mar ghnéithe tábhachtacha chun an chibearbhulaíocht a chosc agus chun an fholláine dhigiteach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé úsáid a bhaint as na hionstraimí rialála ábhartha uile atá ar fáil agus comhar a chothú idir na gníomhaithe ábhartha uile, de réir mar is gá, chun cur chuige AE a bhaint amach maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a neartú chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn ar fud an Aontais; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ag tionscnaimh phobail, ag saorálaithe agus ag gníomhaithe cultúrtha maidir le muinín a chothú, agus ar an gcaoi sin idirphlé a chothú sa díospóireacht phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair an tSainghrúpa um Litearthacht sna Meáin agus na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO), agus an ról tábhachtach atá acu maidir le lucht ceaptha beartas, taighdeoirí agus cleachtóirí a thabhairt le chéile chun pobal ildisciplíneach saineolaithe a thógáil, dea-chleachtais a roinnt agus feasacht a fheabhsú; á iarraidh go neartófaí a ngníomhaíochtaí maidir leis an litearthacht sna meáin chun tacú leis an gcomhar i measc na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach a thabhairt isteach i gcuraclaim scoile le linn phróiseas iomlán an oideachais fhoirmiúil agus gur gá cur chuige fianaise-bhunaithe agus iomlánaíoch a fhorbairt maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha i scoileanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach a chur chun cinn lasmuigh den oideachas foirmiúil agus san ionad oibre, lena n-áiritheofar foghlaim ar feadh an tsaoil agus cur chuige uile-shochaí ina mbeidh rialtais, institiúidí oideachais, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí meán, ardáin teicneolaíochta agus teaghlaigh rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, creat struchtúrtha faireacháin agus meastóireachta a bhunú do ghníomhaíochtaí náisiúnta litearthachta sna meáin, lena n-áirítear táscairí intomhaiste lena ndéantar measúnú ar eolas, ar thorthaí iompraíochta, ar fhorbairt na smaointeoireachta criticiúla, agus ar athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise, lena n-áirítear trí staidéir chomhréireacha agus trí mheastóireacht a dhéanamh ar chuir chuige atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus ar chláir tacaíochta do thuismitheoirí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach: colúin éiceachóras nua-aimseartha na meán a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit comhoibriú chun cur chuige comhordaithe AE a bhunú maidir leis an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, cur chuige coiteann soiléir de chuid an Aontais a mholadh maidir le rochtain atá oiriúnach ó thaobh aoise de ar ardáin ar líne, go háirithe ardáin na meán sóisialta, agus cur chuige á leanúint atá bunaithe ar dhea-bhail leanaí a chosaint, ar riachtanais forbartha cognaíche agus mothúchánaí mionaoiseach a aithint, agus ar an ngá atá le timpeallacht dhigiteach atá sábháilte agus oiriúnach ó thaobh aoise de a áirithiú, agus cearta bunúsacha agus difríochtaí i gcur chuige náisiúnta á n-urramú go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha AVMSD<STRING ITALIC="on">, </STRING>a fhorfheidhmiú a áirithiú agus leasuithe spriocdhírithe a mholadh chun leibhéil chosanta a mhéadú tuilleadh d’úsáideoirí ar ardáin comhroinnte físeán, go háirithe mionaoisigh, rialacha maidir le hábhar na meán a leathnú chuig tionchairí agus cruthaitheoirí inneachair, agus lipéadú éifeachtach ar inneachar arna ghiniúint ag IS, arna ionramháil ag IS agus arna urrú ar bhonn tráchtála a áirithiú, gan bheith ag brath go hiomlán ar lipéid ná ar tháscairí uathoibrithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cóid iompair agus treoirlínte soiléire a fhorbairt agus a chur chun cinn do thionchairí agus do chruthaitheoirí ábhair maidir le prionsabail litearthachta sna meáin agus na foghlama digití a chomhtháthú ina n-ábhar, i bhfianaise an róil shuntasaigh atá acu maidir le patrúin tomhaltais faisnéise a mhúnlú, go háirithe i measc daoine óga; ag spreagadh ardáin ar líne chun infheictheacht níos fearr a thabhairt, lena n-áirítear trí chórais mholta, d’ábhar a chuireann litearthacht sna meáin, smaointeoireacht chriticiúil agus sábháilteacht ar líne chun cinn go gníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit maoirseacht éifeachtach a chur ar fáil agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hardáin comhroinnte físeán a n-oibleagáid bearta agus uirlisí éifeachtacha litearthachta sna meáin a chur ar fáil agus feasacht úsáideoirí a mhúscailt maidir leis na bearta agus na huirlisí sin, mar a shonraítear faoi Airteagal 28(b)(3) AVMSD; á iarraidh ar údaráis agus comhlachtaí rialála náisiúnta úsáid a bhaint as an sásra comhair a bunaíodh faoi Airteagal 15 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán chun a áirithiú go ndéanfar an oibleagáid sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar fud AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, faoi Airteagal 33(a) AVMSD, bearta a chur chun cinn agus a dhéanamh chun scileanna litearthachta sna meáin a fhorbairt agus tuairisciú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na mbeart sin; ag spreagadh rialtóirí náisiúnta na meán dul i gcomhairle le hionadaithe ó gach grúpa den daonra agus na bearta sin á bhforbairt acu, agus cur chuige saincheaptha a ghlacadh, lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais de gach aois, agus na bearta sin á gcur i bhfeidhm acu; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cistiú cobhsaí agus tiomnaithe ag na húdaráis sin chun bearta litearthachta sna meáin a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tathant ar na hardáin an-mhór ar líne bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as dúshaothrú scileanna neamhleora litearthachta sna meáin agus foghlama digití úsáideoirí, go háirithe mionaoisigh, mar a cheanglaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA); á iarraidh ar na hardáin an-mhór ar líne measúnuithe tionchair ar an litearthacht sna meáin agus ar an bhfoghlaim dhigiteach a dhéanamh chun a shainaithint go réamhghníomhach conas a d’fhéadfadh dearadh a seirbhísí difear a dhéanamh d’acmhainneacht úsáideoirí ábhar a rochtain, a chruthú agus dul i ngleic leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí i gcuntas sna measúnuithe tionchair sin freisin na héifeachtaí ar fholláine agus ar fhorbairt chognaíoch agus shochmhothúchánach agus ar mheabhairshláinte na n-úsáideoirí, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le gnéithe deartha atá dírithe ar rannpháirtíocht nó a d’fhéadfadh a bheith andúileach; á iarraidh go ndéanfaí na measúnuithe sin trédhearcach, neamhspleách agus ar fáil go poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar gealltanais maidir leis an litearthacht sna meáin a chur chun feidhme go héifeachtach faoi Chód Iompair DSA maidir leis an mbréagaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach a chumhdach ina athbhreithniú ar threoirlínte DSA maidir le bearta chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do mhionaoisigh ar líne, go háirithe maidir leis an litearthacht sna meáin agus bearta foghlama digití a d’fhéadfadh ardáin ar líne a dhéanamh chun eispéireas atá oiriúnach ó thaobh aoise de a áirithiú do mhionaoisigh ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí na Meán úsáid a bhaint as an idirphlé struchtúrtha faoi Airteagal 19 de EMFA chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag ardáin an-mhór ar líne maidir leis an litearthacht sna meáin agus chun an t-idirphlé idir soláthraithe seirbhíse meán a neartú maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach agus infheictheacht na meán creidiúnach ar líne a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do bheartais litearthachta sna meáin an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus iolrachas na meán a urramú go hiomlán agus gur cheart dóibh úsáideoirí a chumhachtú gan srian a chur ar rochtain ar fhoinsí éagsúla faisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth go mbraitheann an litearthacht sna meáin ní hamháin ar chumas úsáideoirí measúnú criticiúil a dhéanamh ar fhaisnéis, ach freisin ar iriseoireacht láidir, neamhspleách agus ardcháilíochta a bheith ann lena soláthraítear faisnéis iontaofa, fhíoraithe agus iolraíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht do na meáin thraidisiúnta a neartú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu maidir le saoránaigh a chur ar an eolas, lena n-áirítear trí luach saothair cothrom as ábhar iriseoireachta a chur chun cinn agus trí chistiú inbhuanaithe a áirithiú, go háirithe trí chláir amhail an clár AgoraEU a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí litearthachta sna meáin laistigh den chlár athléimneachta meán agus a áirithiú go sroichfidh na gníomhaíochtaí sin gach catagóir aoise (daoine óga, daoine fásta agus seanóirí) i gceantair thuaithe, iargúlta agus uirbeacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar i mbearta náisiúnta litearthachta sna meáin straitéisí for-rochtana sonracha do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta, agus dóibh siúd a bhfuil leibhéil scileanna digiteacha níos ísle acu, chun cosc a chur ar litearthacht sna meáin agus ar bhearnaí foghlama digití neamhionannais níos leithne a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cistiú cobhsaí agus fadtéarmach AE a áirithiú do litearthacht sna meáin agus don fhoghlaim dhigiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do thionscnaimh litearthachta sna meáin faoi chláir ábhartha AE, lena n-áirítear an clár AgoraEU a bheidh ann amach anseo, agus béim á leagan ar an smaointeoireacht chriticiúil, ar an athléimneacht in aghaidh na bréagaisnéise agus ar iolrachas na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin um Litearthacht sna Meáin, ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán agus ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha comhoibriú go dlúth maidir le hábhair a bhaineann leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach, agus treoir bhreise a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí praiticiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an tSeachtain Eorpach um Litearthacht sna Meáin mar imeacht suaitheanta bliantúil chun samplaí den dea-chleachtas a thaispeáint agus fóram cuimsitheach a sholáthar le haghaidh plé agus fothú acmhainneachta, agus raon leathan geallsealbhóirí agus institiúidí a spreagadh, lena n-áirítear oifigí idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) sna Ballstáit agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gcur chun cinn na litearthachta sna meáin agus na foghlama digití, lena n-áiritheofar go mbeidh na himeachtaí sin ina n-iolrachas tuairimí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach: córas oideachais iomlánaíoch atá dírithe ar an todhchaí a chur chun cinn </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún litearthacht sna meáin agus oideachas digiteach a aithint mar bhunscileanna do gach saoránach; á iarraidh ar na Ballstáit an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach a ionchorprú ina gcuraclaim oideachais ar bhealach atá oiriúnach ó thaobh aoise de; á chur i bhfáth gur féidir uirlisí analógacha a úsáid chun litearthacht sna meáin a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar litearthacht sna meáin i dtreochlár 2030 maidir le todhchaí an oideachais dhigitigh agus scileanna digiteacha, agus ar inniúlachtaí digiteacha a neartú, cibearbhulaíocht a chosc agus dea-bhail dhigiteach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoir Eorpach agus ábhair oideachais eile a sholáthar maidir leis an litearthacht sna meáin atá saincheaptha do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal oideachais, agus ceardlanna rialta a eagrú, ina dírítear ar an smaointeoireacht chriticiúil, ar fhíorú foinsí faisnéise, ar an iolrachas sna meáin, ar an rannpháirtíocht fhreagrach sna meáin, agus ar ról na n-eagraíochtaí seiceála fíricí, na gcomhlachtaí féinrialála iriseoireachta agus na meán pobail, chomh maith le treoir a thabhairt do thuismitheoirí agus do chúramóirí maidir le húsáid na meán atá oiriúnach ó thaobh aoise de, rioscaí ar líne agus uirlisí IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát dul i gcomhairle agus comhoibriú le hoideoirí, taighdeoirí, lucht acadúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tuismitheoirí, cúramóirí agus eagraíochtaí óige agus tionscnaimh litearthachta sna meáin agus foghlama digití á bhforbairt agus á measúnú acu, chun a áirithiú go bhfreagróidh siad do riachtanais foghlaimeoirí agus oideoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh úsáid uirlisí foghlama digití san oideachas saor ó thionchar tráchtála míchuí; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh an comhar le gníomhaithe san earnáil phríobháideach trédhearcach, dírithe ar an oideachas agus ar mhaithe le leas an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit litearthacht sna meáin agus cláir foghlama digití a neartú chun cur ar chumas úsáideoirí idirdhealú a dhéanamh idir ábhar eagarthóireachta, tráchtála agus sintéiseach agus teicnící áititheacha a shainaithint; á chur i bhfáth gur gá litearthacht IS a chomhtháthú sna cláir sin chun go bhféadfar ábhar arna ghiniúint ag IS agus rioscaí gaolmhara cúblála agus mífhaisnéise a aithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, measúnú práinneach agus cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar gléasanna agus seirbhísí digiteacha, lena n-áirítear uirlisí IS, i suíomhanna oideachais ar thorthaí foghlama, ar fhorbairt chognaíoch, ar fholláine, ar mheabhairshláinte agus ar réimsí airde, chun tacú lena n-úsáid fhreagrach i scoileanna; ag tathant ar an gCoimisiún bearta beartais a mholadh, i gcás inar gá, lena bhféadfaí srianta nó toirmisc spriocdhírithe a bheartú, go háirithe in oideachas na luath-óige, chun a áirithiú go mbeidh bonn cirt docht le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha san oideachas ó thaobh na hoideolaíochta de, oiriúnach ó thaobh aoise de, comhréireach agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch neamhspleách, ionas go dtacóidh na huirlisí sin le próisis foghlama seachas iad a ionadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát oiliúint leanúnach a áirithiú d’oideoirí – bídís san oideachas foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil – agus do leabharlannaithe sna meáin agus san oideachas digiteach araon, le tacaíocht ó chistiú leormhaith; á iarraidh ar an gCoimisiún oiliúint litearthachta sna meáin a neartú trí Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte, tríd an ardán um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí agus trí ardáin ábhartha AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ábhartha feachtais oideachais agus feasachta poiblí a reáchtáil maidir leis an litearthacht sna meáin agus leis an bhfoghlaim dhigiteach chun feasacht a mhéadú maidir leis an gcaoi a múnlaíonn timpeallachtaí digiteacha iompraíocht ar líne, agus maidir leis na bearta rialaithe tuismitheora atá ar fáil, na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar ardáin ar líne cheana, agus na sásraí tacaíochta atá ar fáil, lena n-áirítear eagraíochtaí a sholáthraíonn tacaíocht mheabhairshláinte inrochtana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an litearthacht sna meáin agus an fhoghlaim dhigiteach ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do gach saoránach, ag díriú ar dhaoine fásta, ar dhaoine scothaosta agus ar phobail leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag aithint ról na leabharlann poiblí, na n-ionad pobail agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar mhoil iontaofa, inrochtana agus chuimsitheacha don litearthacht sna meáin agus don fhoghlaim dhigiteach lena rannchuidítear leis an gcuimsiú sóisialta, leis an rannpháirtíocht dhaonlathach agus le rochtain chomhionann ar eolas, ar chultúr agus ar fhaisnéis; á iarraidh ar na Ballstáit comhpháirtíochtaí agus infheistíocht sna príomhbhonneagair áitiúla sin a neartú trí chistiú leormhaith, oiliúint foirne agus rochtain ar uirlisí agus acmhainní digiteacha atá cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú, i gcomhar le gníomhaithe leasa phoiblí agus le geallsealbhóirí ábhartha, le héiceachórais dhigiteacha athléimneacha agus iontaofa a fhorbairt lena neartófar athléimneacht dhigiteach na hEorpa, iolrachas na meán agus rochtain na saoránach ar fhaisnéis chruinn agus iontaofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla litearthacht sna meáin agus oideachas digiteach a chur chun cinn ar bhealach nuálach agus cruthaitheach ar fud timpeallachtaí uirbeacha, idir fhisiciúil agus dhigiteach, chun rannpháirtíocht dhaonlathach agus rannpháirtíocht shibhialta a chothú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag cathracha maidir le sábháilteacht agus slándáil spásanna poiblí a áirithiú, ar spásanna iad a ndéanann timpeallacht na faisnéise difear dóibh níos mó agus níos mó;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>