<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0250</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a bhaint amach i bhfianaise Fhóram Ardleibhéil Polaitíochta 2026</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0187/2026 -  Rapóirtéirí: Lukas Mandl, Pierfrancesco Maran)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a bhaint amach i bhfianaise Fhóram Ardleibhéil Polaitíochta 2026 (2025/2248(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagal 208(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 07 Meitheamh 2017 maidir leis an gComhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO L 114, 12.4.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/591/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chéad athbhreithniú deonach ón Aontas ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), a cuireadh faoi bhráid na Náisiún Aontaithe an 19 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Eurostat dar teideal ‘Forbairt inbhuanaithe san Aontas Eorpach – tuarascáil faireacháin ar an dul chun cinn i dtreo na SFInna i gcomhthéacs AE – eagrán 2025’, a foilsíodh an 4 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiúin Aontaithe dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transforming our World – the 2030 Agenda for Sustainable Development’</STRING> (2030 Agenda) [An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] (Clár Oibre 2030), a glacadh ag Cruinniú Mullaigh sin na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe a bhí ar siúl an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac, lena mbunaítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht agus do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, a comhaontaíodh i mí na Nollag 2022 ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015-2030, a ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe ag an Tríú Comhdháil Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Laghdú Rioscaí Tubaistí an 18 Márta 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan’</STRING> [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais]: ‘<STRING ITALIC="on">Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’</STRING> [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] (COM(2021)0400), agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do Chomhaontú Pháras a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe in UNFCCC (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2025 maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chruinniú Mullaigh 2023 maidir le SFInna a bhí ar siúl i mí Mheán Fómhair 2023, le linn sheachtain ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chruinniú Mullaigh na Todhchaí a bhí ar siúl an 22 agus an 23 Meán Fómhair 2024 i Nua-Eabhrac, don toradh a bhí air, don Chomhshocrú don Todhchaí, lena ngealltar 56 ghníomhaíocht chun dlús a chur leis an bhforbairt inbhuanaithe agus chun í a mhaoiniú, agus don dá iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhshocrú don Todhchaí eadhon, don Chomhshocrú Digiteach Domhanda agus don Dearbhú maidir leis na glúnta atá le teacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú na Forbraíochta a bhí ar siúl in Sevilla, an Spáinn, ón 30 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú COP29 maidir le hUisce le haghaidh Gníomhú ar son na hAeráide, a glacadh ag an 29ú Comhdháil de na Páirtithe in UNFCCC in Baku na hAsarbaiseáine an 20 Samhain 2024 agus a d’fhormhuinigh an tAontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thionscnamh na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar an Aon Sláinte Amháin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Institiúid Ollscoile na Náisiún Aontaithe um Uisce, Comhshaol agus Sláinte a foilsíodh i mí Eanáir 2026 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Global Water Bankruptcy: Living Beyond our Hydrological Means in the Post-Crisis Era’</STRING>, [Ídiú Uisce Domhanda: Ag Maireachtáil Lasmuigh dár nAcmhainní Hidreolaíocha sa Ré Iar-Ghéarchéime],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2025 dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i réimse an uisce’ (COM(2025)0280),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le rochtain ar uisce mar cheart an duine – an ghné sheachtrach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE> agus an 07 Bealtaine 2025 i dtaca leis an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i réimse an uisce<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/576, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/576/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 15 Meitheamh 2023 maidir le cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/493, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/493/oj</FIELD></FOOTNOTE> agus an 9 Iúil 2025 maidir le cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfianaise Fhóram Ardleibhéil Polaitíochta 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/1441, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1441/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 64/292 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 28 Iúil 2010 maidir le ceart an duine chun uisce agus sláintíochta agus do Rún 68/157 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 2013 maidir le ceart an duine chun uisce óil sábháilte agus sláintíochta, agus do Rún 45/8 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The human rights to safe drinking water and sanitation’</STRING> [Cearta an duine chun uisce óil sábháilte agus sláintíochta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhorbairt agus an Choiste um an gComhshaol, um Aeráid agus um Shábháilteacht Bia faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0187/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é Clár Oibre 2030 agus na 17 SFI atá ann an t-aon chreat atá comhroinnte agus comhaontaithe go polaitiúil ar fud an domhain le haghaidh beartais fhianaisebhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, chun an compás domhanda a atreorú i dtreo inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil agus chun síocháin agus rathúnas a áirithiú do gach duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil feabhas curtha ag na SFInna ar an saol do na milliúin daoine le deich mbliana anuas, agus go bhfuil rochtain ag os cionn 100 milliún leanbh agus duine óg ar oideachas, go bhfuil rochtain ag na céadta milliún duine ar uisce óil sábháilte, ar shláintíocht agus ar leictreachas, agus go sroicheann rochtain ar leictreachas 92 % den daonra domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i roinnt réimsí, nach bhfuil ach 35 % de spriocanna SFI ar an mbóthar ceart nó go bhfuil dul chun cinn measartha á dhéanamh ina leith, go bhfuil beagnach leath ag bogadh rómhall nó nach léiríonn siad ach dul chun cinn imeallach, agus go bhfuil 18 % tar éis dul ar gcúl;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéanann an timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus an iliomad géarchéimeanna, lena n-áirítear coinbhleachtaí armtha, brú eacnamaíoch agus éagobhsaíocht idirnáisiúnta, an ghéarchéim fuinnimh, ganntanas uisce atá ag dul i méid agus minicíocht níos mó triomach, géarchéim phláinéadach thriarach an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe, neamhionannais mhéadaitheacha maidir le cúlú daonlathach, gluaiseachtaí frithinscne agus frithchearta atá ag dul i méid agus laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta, difear mór don dul chun cinn i dtreo na SFInna a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, ag féachaint níos faide ná an bhearna mhaoinithe SFInna, gurb iad neamhionannais mhéadaitheacha laistigh de thíortha agus idir tíortha an phríomhchonstaic struchtúrach ar na SFInna a bhaint amach; de bhrí go bhfuil na leibhéil tomhaltais dhomhanda atá ann faoi láthair coibhéiseach le 1,8 pláinéad ar fiú acmhainní in aghaidh na bliana iad, agus go bhfuil leibhéil tomhaltais reatha an Aontais coibhéiseach le 3 phláinéad ar fiú acmhainní in aghaidh na bliana iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur cheart go leanfadh an tAontas agus a Bhallstáit de ról lárnach a bheith acu maidir le forbairt inbhuanaithe agus iltaobhachas NA-bhunaithe a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go ndéanfaidh Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2026 grinn-athbhreithnithe ar SFInna 6, 7, 9, 11 agus 17;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur ceart daonna é rochtain ar uisce óil glan sábháilte agus ar shláintíocht, mar a aithnítear i Rún 64/292 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; de bhrí nach bhfuil rochtain fós ag thart ar 2,2 billiún duine, lena n-áirítear 600 milliún leanbh, ar uisce óil a bhainistítear go sábháilte, nach bhfuil sláintíocht a bhainistítear go sábháilte ag 3,5 billiún duine, lena n-áirítear 1,1 billiún leanbh, agus go mbíonn ganntanas mór uisce ag thart ar 4 bhilliún duine ar feadh mí amháin ar a laghad sa bhliain; de bhrí go bhfuil beagnach trí cheathrú de dhaonra an domhain ina gcónaí i dtíortha atá aicmithe mar thíortha neamhdhaingean uisce nó mar thíortha atá neamhdhaingean go criticiúil ó thaobh uisce de; de bhrí, san Aontas, gurb ionann caillteanais eacnamaíocha ó ghanntanas uisce agus suas le EUR 9 mbilliún in aghaidh na bliana, rud a dhéanann difear do 30 % de mhuintir na hEorpa agus do 20 % den talamh gach bliain<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an 15 Deireadh Fómhair 2024, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s state of water 2024: the need for improved water resilience’</STRING>. [Staid uisce na hEorpa, 2024: an gá atá le hathléimneacht fheabhsaithe uisce].</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt nach beag ar acmhainní uisce agus ar éiceachórais uisceacha; de bhrí, faoi 2030, go mbeidh an t-éileamh domhanda ar uisce 40 % níos mó ná na hacmhainní atá ar fáil agus, ag an ráta éilimh atá ann faoi láthair agus de réir na meastachán a rinneadh le déanaí, nach mbainfidh an domhan bainistiú inbhuanaithe uisce amach go dtí 2049 ar a laghad;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur ar mhná agus ar chailíní atá an phríomhfhreagracht as seirbhísí uisce, sláintíochta agus sláinteachais (WASH) agus as bainistiú fuinnimh ar leibhéal an teaghlaigh; de bhrí go ndéanann ganntanas uisce difear díréireach do mhná agus do chailíní mar thoradh ar riachtanais sláinte inscne-shonracha, tosca sóisialta agus toisc gur orthusan atá an phríomhfhreagracht as bailiú agus bainistiú uisce; de bhrí go bhfuil rioscaí méadaithe sláinte, cailliúint deiseanna oideachais agus nochtadh méadaithe d’fhoréigean inscnebhunaithe roimh mhná agus cailíní, go háirithe i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus le linn géarchéimeanna daonnúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go ndéanann infheistíocht in WASH inscne-fhreagrúil agus i mbeartais fuinnimh baol an fhoréigin inscnebhunaithe a laghdú, go laghdaíonn sí mortlaíocht leanaí agus máithreacha, go méadaíonn sí rochtain cailíní ar oideachas agus go bhfeabhsaíonn sí cáilíocht an oideachais a fhaigheann siad, go bhfeabhsaíonn sí rannpháirtíocht eacnamaíoch agus slite beatha na mban, go gcuireann sí dlús leis an aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe agus go gcuidíonn sí le pobail athléimneacha a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfaigheann os cionn 1000 leanbh faoi bhun cúig bliana d’aois bás gach lá mar thoradh ar ghalair a bhaineann le WASH neamhshábháilte, amhail buinneach; de bhrí, i gcás na milliún daoine atá faoi mhíchumas, go bhfuil bacainní suntasacha ag baint le heaspa seirbhísí iomchuí WASH, agus go ndéanann bonneagar neamh-inrochtana agus stiogma dochar dá sláinte, dá sábháilteacht agus dá ndínit; de bhrí gur gá an ráta dul chun cinn atá ann faoi láthair a mhéadú faoi dhó má tá na spriocanna maidir le huisce uilíoch, sláintíocht agus sláinteachas le baint amach (cumhdach seirbhíse WASH i scoileanna le comhlíonadh faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go gcosnaítear bonneagar uisce agus fuinnimh faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil rochtain ar uisce bunriachtanach chun críocha lena n-áirítear bainistiú éiceachórais, talmhaíocht agus fuinneamh; de bhrí go bhfuil treocht mhéadaitheach ann maidir le huisce a úsáid mar mhodh cogaíochta, trína ndéanann páirtithe i gcoinbhleacht córais uisce a scriosadh go neamhbheartaithe nó d’aon ghnó, acmhainní uisce a éilliú agus cumhacht a ghearradh, rud a chuireann isteach go mór ar an bpobal sibhialta; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí seirbhísí WASH a athbhunú i suíomhanna coinbhleachta agus gur féidir leo gníomhú mar dhroichead don tsíocháin; de bhrí gur gá bainistiú cúramach a dhéanamh ar thionscal na mianadóireachta agus ar an bhfeirmeoireacht thionsclaíoch chun infhaighteacht agus cáilíocht acmhainní uisce araon a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur ceannaire domhanda í an Eoraip sa teicneolaíocht uisce, agus go dtáirgeann Ballstáit an Aontais 40 % de na paitinní idirnáisiúnta uile i dteicneolaíochtaí a bhaineann le huisce; de bhrí go bhfágann éiceachórais shláintiúla gur féidir cáilíocht an uisce a fheabhsú, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 208 CFAE gurb é is príomhchuspóir do chomhar um fhorbairt AE an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil baol bochtaineachta níos airde ann do dhaoine faoi mhíchumas mar gheall ar dheiseanna teoranta fostaíochta agus oideachais, pá níos ísle agus costais mhaireachtála níos airde; de bhrí go leagtar béim sa Choinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas ar a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta um fhorbairt chun bacainní ailtireachta agus cumarsáide a bhaint, lena n-áirítear i gcathracha, mar phríomhghné lena gcuirtear a gcuimsiú gairmiúil agus sóisialta chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil infheistíocht i leanaí agus i ndaoine óga ríthábhachtach don fhorbairt shocheacnamaíoch fhadtéarmach, don chobhsaíocht agus do laghdú na bochtaineachta; de bhrí gur sciar suntasach den daonra i dtíortha atá i mbéal forbartha iad leanaí agus go bhfuil siad níos mó i mbaol ó éifeachtaí na bochtaineachta agus na coinbhleachta agus níos mó i mbaol nach mbeadh ach rochtain theoranta acu ar bhonneagar bunúsach agus ar sheirbhísí bunúsacha; de bhrí gur cheart fíor-riachtanais leanaí a chur san áireamh níos mó i ngníomhaíochtaí faoi SFInna, lena n-áirítear i réimsí amhail rochtain ar uisce, ar fhuinneamh agus ar bhonneagar;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go meastar go bhfuil thart ar 1,18 billiún duine ar fud an domhain fuinneamhbhocht, lena n-áirítear na 685 mhilliún duine nach bhfuil rochtain acu ar leictreachas; de bhrí go mbaineann bochtaineacht fuinnimh an bonn ó sholáthar seirbhísí, ó théarnamh eacnamaíoch agus ó chothú na síochána; de bhrí gur deis chlaochlaitheach é an fuinneamh inbhuanaithe chun athléimneacht a fheabhsú, coinbhleacht a laghdú, tacú le pobail easáitithe agus spleáchas ar sholáthairtí luaineacha a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil thart ar 55 % de dhaonra an domhain ina gcónaí i gceantair uirbeacha; de bhrí, má bhainistítear go maith iad, gur féidir le foraoisí agus crainn uirbeacha teocht an aeir a laghdú suas le 8 C, costais aerchóirithe a laghdú suas le 40 %, sreafaí uisce stoirme a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú trí dheannach agus truailleáin a scagadh; de bhrí gur féidir le cathracha suas le 70 % den dramhaíl dhomhanda a tháirgeadh; de bhrí gcruthaíonn drochbhailiú agus drochbhainistiú dramhaíola truailliú aeir agus uisce, go ngineann sé bruscar muirí agus go gcuireann sé leis an athrú aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gurb é maoiniú neamhleor an phríomhchonstaic ar SFInna a bhaint amach; de bhrí go bhfuil easnamh infheistíochta bhliantúil SFI de USD 4 thrilliún fós ann; de bhrí go bhfuil leibhéil arda fiachais na dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ina mbacainn ar an infheistíocht is gá chun na SFInna a bhaint amach; de bhrí go bhfuil níos mó ná 50 % de thíortha ísealioncaim in anacair fiachais anois nó go bhfuil rioscaí arda fiachais rompu, rud a chuireann baint amach na SFInna i mbaol; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag Global Gateway, mar straitéis le haghaidh infheistíocht inbhuanaithe, ról lárnach a bheith aige maidir le rannchuidiú le dul chun cinn ar na SFInna; de bhrí gur cheart béim a leagan freisin ar éifeachtúlacht caiteachais agus ar fhreagracht fhioscach;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas neamhbhalbh do Chlár Oibre 2030 agus do na SFInna a leagtar amach ann; de bhrí go n-aithníonn an tAontas gur gá dó tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le go leor SFInna; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an gcomhar idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear ar leibhéal na tíre, maidir le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe maidir le suíomhanna leochaileacha agus casta; de bhrí go meastar go bhfuil baint amach thart ar 65 % de na spriocanna ag brath ar ionchur ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gurb iad an tAontas agus a Bhallstáit na príomhdheontóirí cúnaimh oifigiúil um fhorbairt (COF) ar fud an domhain; de bhrí, cé go bhfuil gealltanas comhchoiteann tugtha ag an Aontas agus a Bhallstáit 0,7 % den ollioncam náisiúnta (OIN) a sholáthar mar COF, gur laghdaigh siad a ngealltanais COF ó 0,53 % in 2023 go 0,47 % in 2024; de bhrí go bhfuil sprioc chomhchoiteann leagtha síos ag an Aontas 0,2 % de OIN a sholáthar mar COF do na tíortha is lú forbairt, ach in 2023 b’ionann an COF agus 0,12 % de OIN; de bhrí go ndéanann an laghdú stairiúil sin ar chistiú difear díréireach do na tíortha is lú forbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil sraith cinntí an-imníoch agus an-díobhálach déanta ag rialtas na Stát Aontaithe i réimse na forbartha idirnáisiúnta agus na cabhrach daonnúla, go háirithe an chuid is mó den chistiú do chláir faoi USAID a chur ar fionraí; de bhrí go bhfuil na ciorruithe sin ag cur isteach cheana féin ar rochtain ar sheirbhísí riachtanacha sláinte, bia agus cosanta, agus go meastar go gcuirfidh siad na milliúin duine i bhfíorbhochtaineacht agus go gcuirfidh siad le géarchéimeanna daonnúla; de bhrí, de réir anailísí a rinneadh le déanaí, go bhféadfadh na ciorruithe ar chistiú cur leis na milliúin bás inchoiscthe, lena n-áirítear suas le 14 mhilliún bás faoi 2030, agus iarmhairtí an-tromchúiseach aige sin do mhná, do leanaí agus do ghrúpaí leochaileacha eile;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An staid mar atá</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go láidir agus go buanseasmhach a áirithiú go ndéanfar na SFInna uile a chur chun feidhme agus a chur i gcrích go hiomlán agus go pras; á chreidiúint gur cheart don Aontas leanúint de bheith lántiomanta do na SFInna a chomhtháthú ar fud bheartais agus thionscnaimh reachtacha uile an Aontais agus do chomhtháthú beartais ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe a áirithiú, agus á aithint ag an am céanna go bhfuil ról lárnach ag na Ballstáit maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; á iarraidh ar an Aontas leanúint dá cheannaireacht maidir le cur chun feidhme na SFInna a shaothrú san Aontas agus ar fud an domhain trí thacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a chur ar fáil; ag athdhearbhú a tiomantais láidir don Chomhshocrú don Todhchaí; á iarraidh go neartófaí ról agus cumas na n-institiúidí iltaobhacha chun seachadadh SFInna a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag aithint na gcéimeanna a glacadh ar leibhéal an Aontais agus ar fud an domhain, ó 2015 i leith, chun na SFInna a chur chun feidhme; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin éachtaí suntasacha le deich mbliana anuas, nach bhfuil an pobal domhanda ar an mbóthar ceart ar chor ar bith maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme; á aithint go bhfuil na 17 SFI idirnasctha agus go mbeidh gá le gníomhaíocht luathaithe ar fud na SFInna uile chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur bacainní suntasacha ar bhaint amach na SFInna iad éifeachtaí scanrúla coinbhleachtaí atá ag dul in olcas, teannas geopholaitiúil, éigeandálaí sláinte agus daonnúla agus géarchéim thriarach phláinéadach an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil géarghá le comhar idirnáisiúnta agus le claochlú córasach an chreata cur chun feidhme chun na SFInna a bhaint amach, agus srianta eacnamaíocha agus difríochtaí forbartha idir tíortha á gcur san áireamh; á chur in iúl gur oth léi nach mbeidh an deis ag formhór na mBallstát a nAthbhreithnithe Náisiúnta Deonacha ar chur chun feidhme na SFInna a chur i láthair ag Fóram Polaitiúil Ardleibhéil 2026; mar sin féin, á mholadh do na Ballstáit uile Athbhreithnithe Náisiúnta Deonacha a dhéanamh chun bonn eolais a chur faoi chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gcruthaíonn an staid gheopholaitiúil agus slándála atá ann faoi láthair, mar aon leis an dúshlán práinneach a bhaineann le haeráidneodracht a bhaint amach, tuilleadh deacrachtaí don tsochaí agus chun na SFInna a bhaint amach; á chreidiúint go mbeidh gá le cobhsaíocht, slándáil, cosc coinbhleachtaí agus athléimneacht eacnamaíoch agus aeráide, go háirithe i gcomhthéacsanna leochaileacha, chun na SFInna a bhaint amach, lena n-áirítear maidir le forbairt dhaonna agus comhionannas, agus nach féidir iad a bhaint amach ar leithligh ón ngeopholaitíocht, ón tslándáil fuinnimh agus ón tslándáil bia agus uisce; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le hiarrachtaí méadaithe ó na gníomhaithe uile agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról fíor-riachtanach ag an iltaobhachas, ag cosaint agus ag neartú córais iltaobhaigh dhaonlathaigh atá bunaithe ar rialacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, agus ag infheistíocht leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna is bonn leis cuspóir na SFInna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tiomantas an Aontais do chur chun feidhme domhanda agus Eorpach na SFInna agus Chlár Oibre 2030 ríthábhachtach i gcónaí agus gur cheart dó comhartha soiléir a thabhairt do chomhpháirtithe ar fud an domhain; ag meabhrú thiomantas an Aontais teorainneacha pláinéadacha a urramú agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus, i ndáil leis an méid sin, á iarraidh go méadófaí éifeachtúlacht acmhainní; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a ról ceannaireachta a threisiú trí chomhghuaillíochtaí domhanda a fhorbairt agus a rannpháirtíocht le tíortha comhpháirtíochta a neartú ar bhealach cuiditheach chun na SFInna a bhaint amach agus chun cistiú leordhóthanach agus marthanach a áirithiú chun na SFInna a bhaint amach tríd an mbearna ollmhór mhaoinithe a líonadh, lena n-áirítear an bhearna sin atá fágtha mar gheall ar an gcuid is mó de chistiú USAID a chur ar fionraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an baol ann go gcuirfidh an treocht atá ann faoi láthair maidir le cúlú daonlathach ar fud an domhain, ina bhfuil creimeadh an smachta reachta, institiúidí lagaithe, laghdú ar an spás sibhialta agus gluaiseachtaí frithinscne agus frithchearta atá ag dul i méid, go háirithe maidir le cearta na mban agus cearta LADTIA+, moill ar an dul chun cinn maidir leis na SFInna agus go n-aisiompóidh sé é agus go mbaineann sé an bonn de bhaint amach Chlár Oibre 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige pragmatach atá dírithe ar thorthaí chun dlús a chur le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus tús áite á thabhairt do réitigh atá bunaithe ar an eolaíocht agus ar fhianaise, atá claochlaitheach, nuálach agus comhordaithe agus lena mbaintear torthaí intomhaiste amach, agus go bhfuil gá le comhleanúnachas níos fearr ar fud an naisc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin; ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann cur chun feidhme éifeachtach na SFInna ar dhea-rialachas, ar an smacht reachta, ar bhearta frithéillithe agus ar bhainistiú fónta airgeadais phoiblí; á athdhearbhú a thábhachtaí atá cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine; á iarraidh go mbeadh faireachán, cuntasacht agus tuairisciú bunaithe ar thorthaí níos éifeachtúla ann maidir le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag an earnáil phríobháideach, ag an nuálaíocht agus ag an maoiniú inbhuanaithe chun an bhearna mhaoinithe SFInna a dhúnadh agus á iarraidh go neartófaí comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus rialachas poiblí agus timpeallachtaí gnó feabhsaithe i dtíortha comhpháirtíochta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tacú leis an bhfiontraíocht áitiúil, le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le forbairt scileanna agus le creataí rialála iomchuí agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta á gcaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá tosaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha, go háirithe leanaí, agus go háirithe i gcomhthéacsanna leochaileacha agus i gcomhthéacsanna ina bhfuil coinbhleacht, agus á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht neartaithe, chomhordaithe agus fhadtéarmach in oideachas ardcháilíochta, i gcúram sláinte agus i gcórais cosanta leanaí, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 agus leis an bprionsabal gan aon duine a fhágáil ar lár, agus á aithint go bhfuil infheistíocht den sórt sin bunriachtanach don fhorbairt dhaonna, don athléimneacht agus don chobhsaíocht fhadtéarmach inbhuanaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">SFI 6: Infhaighteacht agus bainistiú inbhuanaithe uisce agus sláintíochta a chinntiú do chách</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil SFI 6 ar cheann de na SFInna ar a raibh an fheidhmíocht is boichte, agus nach bhfuil aon cheann dá spriocanna á bhaint amach ná ar an mbóthar ceart chun iad a bhaint amach, agus go bhfuil leath dá spriocanna ina stad nó ag dul ar gcúl; á mheabhrú gur cearta bunúsacha iad rochtain ar uisce óil sábháilte agus glan agus ar shláintíocht a bhaineann le leas an phobail agus le hearraí poiblí agus domhanda, agus go bhfuil siad ríthábhachtach chun feabhas a chur ar chumhdach sláinte domhanda agus ar rochtain ar oideachas, chun laghdú na bochtaineachta agus slándáil bia a bhaint amach agus chun éiceachórais a chosaint; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil sé ríthábhachtach athléimneacht uisce a neartú i bhfianaise brúnna méadaitheacha ón athrú aeráide, ó thriomaigh, ó thuilte agus ó thruailliú, i gcomhthéacs éileamh méadaithe ar uisce agus úsáidí iomaíocha; á áitiú go bhfuil rochtain ar uisce agus ar athléimneacht uisce ríthábhachtach chun roinnt SFInna eile a bhaint amach; ag meabhrú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh Right2Water agus an rúin ón bParlaimint ina leith<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh Right2Water (IO C 316, 22.9.2017, lch. 99).</FIELD></FOOTNOTE>, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go nglacfaí na bearta a mholtar ann chun SFI 6 a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur shainaithin an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide seirbhísí WASH mar cheann de na bearta oiriúnaithe is éifeachtaí do shuaití aeráide gearrthéarmacha agus beart oiriúnaithe ‘ar bheagán aiféala’, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthnasc idir an dul chun cinn maidir le SFI 6 agus córais agus earnálacha WASH éifeachtúla agus athléimneacha a neartú; á aithint go bhfuil seirbhísí WASH bunriachtanach do dhínit agus sláinte na mban agus na gcailíní — lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe — agus don chomhionannas agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hidirghabhálacha WASH atá inscne-fhreagrúil, agus tús áite á thabhairt d’idirghabhálacha chun rochtain na mban ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a áirithiú agus chun tacú le rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban sa chinnteoireacht a bhaineann le WASH; á chur i bhfáth gur gá cur chuige atá cuimsitheach ó thaobh míchumais de a áirithiú i gclársceidealú WASH;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag aithint an róil lárnaigh atá ag éiceachórais shláintiúla maidir le slándáil uisce a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach timthriall an uisce a athbhunú agus a chosaint chun athléimneacht a chothú i gcoinne tuilte, triomach agus ganntanas uisce; cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé éiceachórais fionnuisce a chosaint agus a athbhunú, ar éiceachórais iad atá bunriachtanach don tslándáil uisce, don bhithéagsúlacht, d’athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, do shláinte na n-aigéan agus do sholáthar seirbhísí éiceachórais; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, reachtaíocht uisce uile AE a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na caillteanais dho-aisiompaithe a bhaineann le caipiteal uisce nádúrtha, agus go bhfuil go leor córas uisce criticiúil ann cheana féin atá ídithe ó thaobh uisce de, rud a bhfuil tionchar aige ar sholáthar iontaofa seirbhísí uisce; á mheabhrú go bhfuil rochtain ar uisce mar bhonn agus mar thaca ag an gcobhsaíocht dhomhanda agus á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta úsáid a bhaint as Comhdháil Uisce na Náisiún Aontaithe atá ar na bacáin chun saincheisteanna a bhaineann le huisce a chur níos airde ar an gclár oibre idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir nach mór do bheartais uisce tacú le bainistiú inbhuanaithe dobharlach agus cleachtais éifeachtúlachta uisce a chomhtháthú, lena n-áirítear réitigh atá cliste ó thaobh uisce de agus réitigh dhigiteacha nuálacha, ar fud na n-earnálacha uile; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht idirnáisiúnta níos láidre chun strus uisce agus róshaothrú acmhainní uisce a chosc agus a mhaolú, chun éiceachórais dhíghrádaithe a athbhunú agus chun rialachas uisce a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, de réir na Náisiún Aontaithe, nach bhfuil seirbhísí sláintíochta arna mbainistiú go sábháilte fós ag thart ar 3,5 billiún duine, agus nach bhfuil seirbhísí bunúsacha fiú ag 1,7 billiún duine; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar suntasach ag slándáil uisce, agus go háirithe rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht, ar chobhsaíocht eacnamaíoch, ar athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ar shíocháin; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, gur dlúthchuid de phróisis cothaithe síochána í an tslándáil uisce; á iarraidh ar an Aontas a infheistíochtaí seachtracha i rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a neartú agus feabhas a chur ar a cheannaireacht i mbainistiú comhoibritheach i rialachas uisce i gcomhthéacsanna leochaileacha agus i gcomhthéacsanna ina bhfuil coinbhleacht mar bhealach chun tacú leis an gcobhsaíocht, le cothú na síochána, leis an athléimneacht agus leis an oiriúnú don athrú aeráide; á iarraidh, thairis sin, ar pháirtithe i gcoinbhleacht gan díriú ar bhonneagar uisce agus fuinnimh, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas ar shonraí agus ar fhaireachán, go háirithe i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla agus i réigiúin ina bhfuil ganntanas uisce, agus go ndéanfaí infheistíochtaí spriocdhírithe atá athléimneach ó thaobh na haeráide de chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar thruailliú uisce ag an bhfoinse agus trí rochtain ar chóireáil éifeachtúil fuíolluisce a áirithiú; á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le cáilíocht agus cainníocht fionnuisce agus feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar orthu sin; ag spreagadh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun bonneagar fionnuisce agus fuíolluisce a mhéadú, lena n-áirítear tionscadail uisce agus sláintíochta; á mholadh go ndéanfaí córais luathrabhaidh agus pleanáil riosca uisce a leathadh amach chun caillteanais dho-aisiompaithe a chosc; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cóireáil fuíolluisce do shláinte na ndaonraí agus na bpobal; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfeidhmíonn fuíolluisce mar fhoinse ríthábhachtach sonraí, lena gcuirtear príomhtháscairí ar fáil chun leathadh paindéimí a rianú; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag faireachán agus bailiú sonraí, ar cheart iad a dhearadh ar bhealach indéanta agus réalaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú gurb iad na réitigh atá comhdheartha le rannpháirtíocht agus eolas na bpobal áitiúil na réitigh is éifeachtaí chun athléimneacht shóisialta agus phobail a bhaint amach i leith suaití a bhaineann le huisce; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le fothú acmhainneachta do phobail áitiúla, d’údaráis áitiúla agus d’fhóntais áitiúla, go háirithe i gcomhthéacsanna leochaileacha agus i gcomhthéacsanna tíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear trí réitigh a chur chun cinn atá oiriúnaithe agus marthanach i gcomhthéacsanna áitiúla agus nach bhfágann aon duine ar lár; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe do mhná, do leanaí agus do na pobail is leochailí maidir le rochtain ar uisce agus ar shláintíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí deireadh de réir a chéile le buancheimiceáin (PFAS), ag tosú le hearraí tomhaltais — ag tosú le hearraí tomhaltais — atá nasctha le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, lena gceadaítear iad a úsáid i gcás nach bhfuil aon roghanna malartacha sábháilte ann; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí a mhéadú agus dlús a chur le taighde ar roghanna malartacha coibhéiseacha agus sábháilte agus le forbairt na roghanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta i dtaidhleoireacht uisce agus i dtacú le comhar uisce trasteorann, go háirithe trí bhainistiú comhtháite acmhainní uisce, chun leas a bhaint as a acmhainneacht dhomhanda maidir le forbairt inbhuanaithe, cearta an duine, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, slándáil bia, cosaint na bithéagsúlachta, coinbhleachtaí a chosc, síocháin inbhuanaithe agus comhionannas inscne a thógáil, lena n-áirítear trí ionstraimí agus bonneagar uisce agus sláintíochta atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chomhtháthú go hiomlán i gclár oibre aeráide an Aontais; á iarraidh ar an Aontas bainistiú uisce trasteorann agus slándáil uisce a chomhtháthú i gcomhar um fhorbairt agus i ngníomhaíocht dhaonnúil an Aontais; á iarraidh, thairis sin, ar an Aontas a áirithiú go dtabharfaidh tionscnaimh uisce trasteorann a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, lena n-áirítear tionscadail bhonneagair arna gcistiú ag Global Gateway, aghaidh ar riachtanais daoine, lena n-áirítear iad siúd atá faoi bhochtaineacht, agus grúpaí leochaileacha agus imeallaithe; á iarraidh go n-áireofaí mná, an óige agus pobail dhúchasacha i rialachas uisce; á mholadh go neartófaí an comhar iltaobhach maidir le huisce, lena n-áirítear trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na nÚsáidí Neamh-Loingseoireachta de Shruthchúrsaí Idirnáisiúnta a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cur chun feidhme chuspóirí an bheartais uisce a chomhtháthú i réimsí beartais ábhartha eile, chun comhleanúnachas beartais a áirithiú ar fud raon réimsí, lena n-áirítear an beartas talmhaíochta, trádála agus comhshaoil, agus ina bheartais sheachtracha freisin, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartais i réimse na forbartha idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chéad straitéis athléimneachta uisce riamh ón gCoimisiún, lena dtugtar gealltanas tacú le rochtain ar uisce óil glan agus ar shláintíocht do 70 milliún duine ar a laghad; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí, i ndáil leis sin, agus an bhearna a dhúnadh i dtreo spriocanna SFI 6 a bhaint amach tríd an straitéis sin a chur chun feidhme go héifeachtach agus go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar comhordú níos fearr ar a gcláir athléimneachta uisce, agus béim á leagan ar sheirbhísí agus ar bhonneagar uisce agus sláintíochta atá athléimneach ó thaobh na haeráide de; á iarraidh ar an Aontas, trí Thionscnaimh Fhoireann na hEorpa, tacú le fothú acmhainneachta, neartú institiúideach agus cineálacha cur chuige comhtháite maidir le bainistiú acmhainní uisce i dtíortha comhpháirtíochta, chun feabhas a chur ar phleanáil, rialachas agus cothabháil seirbhísí uisce agus sláintíochta, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí le húdaráis áitiúla, soláthraithe seirbhíse poiblí agus an tsochaí shibhialta; á iarraidh go mbeadh cur chuige an-uaillmhianach ann chun rialachas agus rannpháirtíocht dhomhanda uisce a neartú, i ndáil leis sin, i bhfóraim iltaobhacha, amhail cruinnithe mullaigh G7, cruinnithe mullaigh G20, Idirphlé Baku maidir le hUisce don Ghníomhú ar son na hAeráide agus Comhdháil Uisce na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di an easpa dul chun cinn maidir le húsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-acmhainní muirí; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit tógáil ar ghealltanais Chomhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin chun an t-aigéan a chosaint go práinneach, agus dlús a chur lena ranníocaíocht airgeadais chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leibhéil mhéadaitheacha an truaillithe mhuirí; á iarraidh go mbeadh bearta níos láidre agus cur chun feidhme luathaithe ann, mar ábhar práinne chun deireadh a chur le truailliú muirí ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar an gcaibidlíocht dhomhanda maidir leis an gcéad chonradh idir-rialtasach riamh maidir le plaistigh; á iarraidh go nglacfaí conradh domhanda uaillmhianach ceangailteach maidir le truailliú plaisteach tráth a chuirfear tús an athuair leis an gcaibidlíocht idir-rialtasach in 2026;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">SFI 7: Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a chinntiú do chách</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur príomhchumasóir trasearnálach do Chlár Oibre 2030 ina iomláine é rochtain uilíoch ar fhuinneamh glan inacmhainne a bhaint amach; á chur i bhfáth go gcuideoidh SFI 7 le go leor SFInna eile a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le díothú na bochtaineachta, caighdeáin mhaireachtála agus forbairtí socheacnamaíocha, fás eacnamaíoch cuimsitheach agus inbhuanaithe, comhionannas inscne, an t-athrú aeráide, slándáil bia, sláinte phoiblí, cathracha agus pobail inbhuanaithe, uisce glan agus sláintíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt don aistriú domhanda i dtreo córas fuinnimh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, ar príomhspreagadh é don fhorbairt eacnamaíoch, don athléimneacht agus don tslándáil fuinnimh fhadtéarmach; á mheabhrú, chun SFI 7 a bhaint amach, go bhfuil ról lárnach ag an bhfuinneamh in-athnuaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le heangach Eorpach nuachóirithe, idirnasctha chun SFI 7 a bhaint amach; ag aithint acmhainneacht an Phacáiste um na hEangacha Eorpacha chun sreabhadh trasteorann fuinnimh inacmhainne a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag fuinneamh inacmhainne, inbhuanaithe agus slán chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, bonn tionsclaíoch an Aontais a neartú agus poist ardcháilíochta a chaomhnú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht fhadtéarmach chóras fuinnimh na hEorpa a neartú trí shlabhraí soláthair inbhuanaithe a áirithiú, nuálaíocht a chothú agus costais fuinnimh iomaíocha, inacmhainne agus chothroma a choinneáil, agus ar an gcaoi sin córas fuinnimh iontaofa a sheasfaidh an aimsir a chumasú do shaoránaigh agus don tionscal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá foinsí fuinnimh a éagsúlú, go háirithe trí bhorradh a chur faoi tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite, chomh maith leis an ngá atá le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus dlús a chur le hinfheistíocht inbhuanaithe agus fhreagrach sa teicneolaíocht ghlan mar phríomh-chomhpháirteanna chun SFI 7 a bhaint amach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit fanacht chun tosaigh ar an gcuar i leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, agus spleáchais ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SFI 7 ar cheann de na spriocanna leis an dul chun cinn is mó a taifeadadh go dtí seo, go príomha mar gheall ar an méadú tapa ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite; molann sí don Choimisiún tús áite a thabhairt d’úsáid réiteach costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite atá tíosach ar fhuinneamh, in éineacht le tíortha comhpháirtíochta, tríd an maoiniú is gá a áirithiú, i ndáil leis an méid sin, agus go háirithe trí chuidiú le maoiniú príobháideach a scaoileadh; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí córais chumhachta in-athnuaite agus neamhspleácha a mhéadú i gcomhthéacsanna leochaileacha agus i gcomhthéacsanna ina bhfuil coinbhleacht, agus úsáid á baint as cur chuige atá íogair ó thaobh coinbhleachta de, a rachaidh chun tairbhe do phobail easáitithe agus do phobail óstacha araon, agus lena neartófar athléimneacht agus forbairt áitiúil eacnamaíoch agus dhaonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise a luaithe is féidir, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus Chomhdhearcadh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus deireadh a chur de réir a chéile le gach fóirdheontas breosla iontaise agus gach fóirdheontas atá díobhálach don chomhshaol i gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an Chéad Chomhdháil maidir le hAistriú ó Bhreoslaí Iontaise, a tionóladh in Santa Marta, an Cholóim, ón 24 go dtí an 29 Aibreán 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé infheistíocht an Aontais i gcórais fuinnimh dhíláraithe, inbhuanaithe agus in-athnuaite a chur chun cinn, lena n-áirítear córais grianbhaile, mioneangacha, córais eiseangaí agus tionscnaimh faoi úinéireacht an phobail, chun iarrachtaí a neartú chun an bhearna rochtana fuinnimh a dhúnadh, go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta agus i suíomhanna leochaileacha, agus aitheantas á thabhairt don tionchar criticiúil atá aici ar oideachas, ar chúram sláinte agus ar chosaint, go háirithe do mhná agus do leanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir dlús a chur le leathnú na rochtana ar fhuinneamh trí chomhpháirtíochtaí idir institiúidí poiblí agus an earnáil phríobháideach; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’idirghabhálacha agus tionscadail fuinnimh a bheith bunaithe ar anailís atá íogair ó thaobh coinbhleachta de, agus a bheith freagrúil do réaltachtaí agus riachtanais áitiúla, chun a dtionchar claochlaitheach a uasmhéadú, go háirithe i gcomhthéacsanna nach ndéantar freastal ceart orthu agus atá leochaileach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i ndáil leis sin, agus go bhfuil gá le rannpháirtíocht fhóinteach le geallsealbhóirí áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíochtaí an Aontais a neartú, faoin tionscnamh Global Gateway agus faoin ionstraim um an Eoraip Dhomhanda atá beartaithe araon, lena n-áiritheofar tairbhí comhionanna do thíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir le comhroinnt eolais agus aistriú teicneolaíochta, oiliúint agus athsciliú an phobail áitiúil, cruthú post, dícharbónú gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar deacair iad a mhaolú agus rochtain ar shoghluaisteacht agus ar fhuinneamh níos glaine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá comhar domhanda agus slabhraí luacha inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh chun a áirithiú go ndéanfar amhábhair chriticiúla, a bhfuil gá leo don tslándáil fuinnimh dhomhanda, chomh maith leis an aistriú digiteach agus glas, a fhoinsiú de réir cur chuige atá bunaithe ar chearta; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór riachtanais thaobh an éilimh agus an tsoláthair araon a chur san áireamh sa chur chuige sin, ar bhealach a mhaolóidh drochthionchair shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha, impleachtaí do chearta an duine, amhail saothar leanaí, chomh maith le tionchair ar phobail áitiúla, agus a rannchuideoidh le forbairt thionsclaíoch agus shocheacnamaíoch na dtíortha foinseacha, lena n-áirítear a ról i slabhra luacha iomlán CRManna, agus rannpháirtíocht fhóinteach na bpobal áitiúil agus na sochaí sibhialta sa phróiseas a áirithiú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá cur le cuspóirí agus prionsabail Phainéal Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Mianraí Criticiúla i ndáil leis an Aistriú Fuinnimh, a bhfuil an tAontas ina chomhchathaoirleach air, chun táirgeadh inbhuanaithe mianraí agus forbairt slabhraí luacha áitiúla a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá atá rannpháirtíocht iomlán éifeachtach na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil ar fud shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil, i gcomhréir le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á aithint, gan bainistiú cuí, go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh an t-éileamh méadaitheach ar CRManna spleáchais straitéiseacha a threisiú, leochaileachtaí agus teannas geopholaitiúil agus sáruithe ar chearta an duine a mhéadú, agus rannchuidiú le dúshláin chomhshaoil agus shóisialta; ag cur béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá sé geilleagar ciorclach iomaíoch agus athléimneach a neartú, go háirithe trí éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, borradh a chur faoi acmhainneachtaí athchúrsála agus nuálaíocht a chothú in amhábhair thánaisteacha, d’fhonn úsáid acmhainní nádúrtha agus spleáchais ar CRManna a laghdú; chuige sin, á iarraidh go ndéanfaí bearta chun comhar domhanda méadaithe a bhaint amach le haghaidh bainistiú inbhuanaithe acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá bearta a mhéadú chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac, go háirithe i gcásanna atá leochaileach agus a bhfuil easáitiú daonra i gceist leo; á thabhairt chun suntais go ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear do chaighdeáin mhaireachtála agus go mbaineann sí an bonn de shlite beatha agus de shláinte daoine, go bhfuil tionchar aici ar sholáthar seirbhísí bunriachtanacha agus go bhfuil gá le bearta tiomnaithe do ghrúpaí leochaileacha, go háirithe mná agus leanaí, lena n-áirítear taraifí agus fóirdheontais fuinnimh shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth go mbaineann bochtaineacht fuinnimh i gcomhthéacsanna leochaileacha agus easáitithe an bonn de shlite beatha, de sholáthar seirbhísí bunriachtanacha, d’fhorbairt dhaonna agus de chobhsaíocht shóisialta, a dhéanann difear go háirithe do ghrúpaí leochaileacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">SFI 9: Bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclú cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus nuálaíocht a chothú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag moladh an dul chun cinn fhoriomláin atá déanta maidir le SFI 9, go háirithe an dul chun cinn suntasach maidir le forbairt bonneagair, fás tionsclaíoch agus nuálaíocht atá cuimsitheach agus inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an dul chun cinn míchothrom ar fud tíortha agus réigiún; á chreidiúint go bhfuil gá le gníomhaíocht spriocdhírithe chun an deighilt sin a dhúnadh agus chun dul chun cinn cothrom a áirithiú i dtreo chur chun feidhme SFI 9;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth an tábhacht straitéiseach a bhaineann le bonneagar slán, inbhuanaithe agus athléimneach, lena n-áirítear bonneagar digiteach, iompair agus fuinnimh agus uisce, chun tacú le forbairt eacnamaíoch, nascacht, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a fheabhsú, agus forbairt dhaonna a fheabhsú freisin, go háirithe i gceantair thuaithe agus fhorimeallacha; á iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ann chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chomhtháthú i ngach céim de shaolré an bhonneagair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá na bearnaí bonneagair agus neamhionannais shocheacnamaíocha a dhúnadh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hinrochtaineacht dhigiteach agus bochtaineacht fuinnimh; á áitiú nach mór do thionscadail bhonneagair agus nascachta rannchuidiú le cruthú luacha áitiúil agus prionsabail na hinrochtaineachta uilíche a urramú chun a áirithiú nach gcruthóidh tionscadail bhonneagair bacainní nua, agus cuimsiú iomlán na ngrúpaí is leochailí a spreagadh; á chur i bhfáth gur gá cineálacha cur chuige inscne-fhreagrúla a áirithiú in infheistíochtaí digiteacha chun an bhearna dhigiteach idir na hinscní a dhúnadh, ós rud é go gcuireann bacainní leanúnacha teorainn le hionchais na mban agus na gcailíní leas a bhaint as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá réitigh inbhuanaithe a chur chun cinn chun lorg comhshaoil gnólachtaí i ngach earnáil a laghdú, amhail tomhaltas freagrach acmhainní, éifeachtúlacht acmhainní agus gníomhaíochtaí méadaithe chun geilleagar ciorclach a bhaint amach; á mheabhrú a thábhachtaí atá an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt chun suntais, agus iomaíochas, nuálaíocht agus infheistíocht á gcothú, nach mór an tionsclú cuimsitheach agus inbhuanaithe chun críocha Chlár Oibre 2030 agus ina dhiaidh sin a ailíniú le spriocanna na haeráidneodrachta, chosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, agus le haistriú cóir nach bhfágann aon duine ar lár; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta chun SFI 9 a bhaint amach, go sonrach trí chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus trí ionstraimí dí-rioscaithe eile, lena n-áirítear tríd an straitéis Global Gateway, agus trí institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha eile; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht phoiblí mhéadaithe i mbonneagar glas, digiteach agus sóisialta, lena n-áirítear iompar poiblí, eangacha fuinnimh agus nascacht dhigiteach, agus leas á bhaint as dul chun cinn ar fud na réigiún, go háirithe sna tíortha is lú forbairt; á iarraidh, thairis sin, ar an Aontas caipiteal príobháideach a shlógadh tuilleadh chun infheistíochtaí a dhéanamh tarraingteach d’infheisteoirí príobháideacha; á chur i bhfáth, chun go rachaidh na hinfheistíochtaí sin chun tairbhe don dá thaobh, gur cheart dóibh tacú le breisluach áitiúil, dea-rialachas, tairbhí fioscacha agus ardchaighdeáin chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an nuálaíocht, ag an taighde agus ag an bhforbairt theicneolaíoch maidir le táirgiúlacht, iomaíochas agus inbhuanaitheacht a fheabhsú, lena n-áirítear chun taighde a dhéanamh ar theicneolaíochtaí inbhuanaithe agus chun iad a fhorbairt agus a chur in úsáid; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht fheabhsaithe don fhiontraíocht, don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint, agus d’fhorbairt scileanna, mar phríomhchumasóirí don nuálaíocht, don táirgiúlacht agus don fhás tionsclaíoch cuimsitheach, go háirithe i dtíortha ísealioncaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar neartaithe ann maidir le haistriú teicneolaíochta, comhpháirtíochtaí taighde agus éiceachórais nuálaíochta idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta, lena gcothófar comhar taighde agus lena gcuirfear ar chumas na dtíortha is lú forbairt agus na dtíortha ísealioncaim dul chun cinn a dhéanamh i slabhraí luacha domhanda;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">SFI 11: Cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh cuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire na rioscaí a bhaineann le huirbiú tapa, mar aon leis an athrú aeráide agus truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur gá oiriúnú don athrú aeráide agus an bhithéagsúlacht a chomhtháthú sa phleanáil uirbeach agus bearta athléimneachta uirbí a neartú, lena n-áirítear trí thithíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus athléimneach ó thaobh na haeráide de a chothú, limistéir ghlasa a leathnú le haghaidh athchóiriú éiceachórais, uullmhacht, cosc agus freagairt do thubaistí a neartú agus bainistiú uisce agus cosaint ar thuilte a fheabhsú; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá sé úsáid éifeachtúil talún a áirithiú agus éifeachtaí diúltacha a bhaineann leis an tsraoilleáil uirbeach a theorannú, chun éiceachórais a chosaint agus forbairt uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le fócas tiomnaithe ar dhul i ngleic le neamhionannais i gceantair uirbeacha chun SFI 11 a bhaint amach; á chur i bhfáth, thairis sin, go ndéanann an t-athrú aeráide, lena n-áirítear i suíomhanna uirbeacha, difear díréireach do mhná agus do chailíní, go háirithe iad siúd atá i gcomhthéacsanna leochaileacha; á iarraidh ar rialtais agus ar údaráis áitiúla a áirithiú go ndáilfear infheistíochtaí go cothrom, agus aghaidh á tabhairt ar imeallú, go háirithe i limistéir atá thíos le heaspa chórasach iompair inrochtana agus inacmhainne, seirbhísí poiblí, slabhraí bia áitiúla agus inbhuanaithe agus tithíocht, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil rochtain fós ag sciar mór den daonra uirbeach ar chórais iompair inacmhainne, éifeachtúla agus inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire gur uirlis ríthábhachtach é infhaighteacht, inrochtaineacht agus úsáid an iompair phoiblí a mhéadú, in éineacht le bonneagar don tsoghluaisteacht bhog, chomh maith le réitigh soghluaisteachta nuálacha agus ghlana eile, chun truailliú aeir a laghdú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bonneagar agus seirbhísí leormhaithe a áirithiú do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le córais bailithe agus bainistithe dramhaíola a fheabhsú agus a chur chun feidhme tuilleadh, i gcomhréir le prionsabail ord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí theicneolaíocht dhigiteach agus Intleacht Shaorga a úsáid, agus trí infheistíocht a dhéanamh i gcórais athúsáide agus athchúrsála agus i laghdú dramhaíola; ag cur béim ar ról an Ghnímh um an nGeilleagar Ciorclach atá ar na bacáin maidir le luach an gheilleagair chiorclaigh a scaoileadh; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun fíormhargadh an Aontais d’amhábhair thánaisteacha a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil géarghá le réitigh fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal bardasach, lena n-áirítear trí réitigh dhúlrabhunaithe, chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide, lena n-áirítear nochtadh do theas foircneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á mheabhrú gur gá gníomhú maidir le nuachóiriú, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht tithíochta trí shamhlacha tithíochta agus straitéisí tógála atá tíosach ar fhuinneamh agus athléimneach ó thaobh na haeráide de a mhéadú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a mhéadú, i ndáil leis sin, lena bhféadfaí infheistíochtaí príobháideacha agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a áireamh, agus á iarraidh ar an Aontas tacú le cathracha caipiteal a ghiaráil trí ionstraimí nuálacha maoinithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag aithint an chirt chun cónaí áit éigin faoi shíocháin, faoi shlándáil agus faoi dhínit, mar cheart bunúsach an duine, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim inacmhainneachta tithíochta ar suas le trí bhilliún duine ar fud an domhain; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú, faoi 2030, go mbeidh rochtain ag cách ar thithíocht agus ar sheirbhísí bunúsacha atá cuibhiúil, oiriúnach, sábháilte, inrochtana, inbhuanaithe, tíosach ar fhuinneamh agus inacmhainne, lena n-áirítear trí bheartais tithíochta poiblí a chur chun cinn; á iarraidh ar an Aontas tacú le tíortha comhpháirtíochta agus beartais tithíochta sóisialta á bhforbairt acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag spreagadh comhar níos dlúithe idir cathracha, gnólachtaí, institiúidí taighde agus an tsochaí shibhialta chun nuálaíocht a chothú, dea-chleachtais a chomhroinnt agus réitigh uirbeacha rathúla a mhéadú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí idir cathracha Eorpacha agus cathracha tíortha comhpháirtíochta, ardáin an Aontais agus tionscnaimh malartaithe eolais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">SFI 17: na modhanna cur chun feidhme a neartú agus an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe a athbheochan</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas leanúint de bheith ag tacú leis an iltaobhachas, le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus le tacaíocht do chóras na Náisiún Aontaithe chun ceannaireacht dhomhanda a chur ar fáil maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme, agus folúis atá fágtha ag daoine eile a líonadh, trí chomhghuaillíochtaí nua a thógáil agus trí na comhghuaillíochtaí atá ann cheana a neartú, agus trí oibriú le comhpháirtithe domhanda chun cistiú a shlógadh; á chur i bhfáth gur gá conarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta a threisiú, amhail Comhaontú Pháras, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus tionscnaimh chaomhnaithe réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí lántiomanta do luach marthanach an iltaobhachais agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil córas iltaobhach nuachóirithe chun trádáil a rialú bunriachtanach; á mheabhrú go dtacaíonn an tAontas le sainordú EDT agus leis an gcaibidlíocht leanúnach maidir le Conradh na Náisiún Aontaithe ar Ghnó agus ar Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di an bhearna infheistíochta bhliantúil de luach thart ar USD 4 thrilliún sa chistiú is gá chun na SFInna a bhaint amach, rud atá níos measa fós mar gheall ar leibhéil COF atá ag meath; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh maoiniú leordhóthanach tiomnaithe do chomhlíonadh an ghealltanais 0,7 % de OIN a chaitheamh ar COF agus 0,2 % de OIN a sholáthar mar COF do na tíortha is lú forbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á mholadh go láidir go bhféachfaí ar roghanna chun maoiniú príobháideach a ghiaráil, lena n-áirítear trí aontas na margaí caipitil; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, Ardán Infheisteoirí SFI Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, lena gceadaítear do chuideachtaí príobháideacha ‘réimsí deiseanna infheistíochta’ a shainaithint chun rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus ag spreagadh tuilleadh infheistíochta, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, chun rannchuidiú leis an mbearna chistiúcháin SFI a líonadh, agus critéir Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta á n-urramú; á mholadh, thairis sin, go ndéanfaí sreabha aindleathacha airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionchais go mbeidh géarchéim fiachais ann do thíortha i mbéal forbartha, go háirithe do thíortha ísealioncaim agus do thíortha is lú forbairt, agus á iarraidh go ndéanfaí faoiseamh fiachais agus athstruchtúrú fiachais do thíortha atá buailte, agus prionsabail Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt maidir le hiasachtú agus iasachtaíocht cheannasach fhreagrach agus prionsabail inbhuanaitheachta fiachais ECFE, chomh maith le ceannasacht acmhainní, á gcur i gcuntas mar chéad chéim; á chur i bhfáth gur gá úsáid éifeachtúil agus fhreagrach a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil; ag aithint a thábhachtaí atá maoiniú atá bunaithe ar dheontais agus atá ar ardleibhéal lamháltais agus ionstraimí nach gcruthaíonn fiachas do thíortha atá buailte; á chur i bhfios go láidir go bhfuil teorainneacha leis an ollstruchtúr airgeadais domhanda agus nach bhfuil tacaíocht idirnáisiúnta leordhóthanach ann, i ndáil leis sin; á chur i bhfáth go bhfuil níos mó acmhainní airgeadais agus spás fioscach ag teastáil go práinneach ó na tíortha sin chun infheistíocht i bhfad níos mó sna SFInna a éascú; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an chaibidlíocht leanúnach maidir le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar Idirnáisiúnta Cánach a chruthú agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart comhpháirtíochtaí domhanda éifeachtacha a bheith bunaithe ar chomhar frithpháirteach agus cuspóirí coiteanna na gcomhpháirtithe a bhaint amach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá trédhearcacht, dea-rialachas agus tionchar intomhaiste i ngach iarracht maidir le comhar um fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht straitéiseach agus acmhainneacht straitéiseach ag baint le Global Gateway an Aontais mar ionstraim shuaitheanta chun comhpháirtíochtaí inbhuanaithe a neartú agus bonneagar ardcháilíochta a sholáthar, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus forbairt fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta á gcur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag spreagadh comhar níos dlúithe le tíortha comhpháirtíochta, le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, le bainc forbartha réigiúnacha agus le geallsealbhóirí áitiúla chun iarrachtaí forbartha a chomhordú, dúbailt a sheachaint agus an tionchar is mó is féidir a imirt chun tacú le Clár Oibre 2030, go háirithe i limistéir leochaileacha, i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ina bhfuil easáitiú; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí i gcláir maidir le comhar um fhorbairt sásraí soiléire meastóireachta tionchair agus faireachán rannpháirteach ina mbeidh geallsealbhóirí áitiúla rannpháirteach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ionchas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á athdhearbhú gurb iad na SFInna an t-aon tacar cuimsitheach spriocanna a comhaontaíodh ar fud an domhain maidir leis na mórdhúshláin atá os comhair tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha araon, agus gurb iad an uirlis is fearr iad atá ar fáil faoi láthair chun dul i ngleic lena mbunchúiseanna; á athdhearbhú go bhfuil tacaíocht dhomhanda fheabhsaithe de dhíth ar na tíortha is lú forbairt agus ar na tíortha ísealioncaim, mar na grúpaí tíortha is leochailí, chun na SFInna a bhaint amach; á iarraidh ar an Aontas leanúint dá ról sa phlé ag Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2026 agus é a neartú, chun an bealach a réiteach do ghníomhaíocht luathaithe, i bhfianaise an spriocdháta do Chlár Oibre 2030 agus chun clár oibre réamhbhreathnaitheach don fhorbairt inbhuanaithe dhomhanda a rachaidh níos faide ná 2030 a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit pleananna cur chun feidhme a fhorbairt ina mbeidh amlínte nithiúla chun na SFInna a bhaint amach lena leagtar síos spriocanna uaillmhianacha tar éis 2030; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún dea-shampla a thabhairt agus straitéis chuimsitheach a fhorbairt a mbeidh plean struchtúrtha cur chun feidhme SFInna ag gabháil léi; á chur in iúl gur geal léi an chéad athbhreithniú deonach a rinne an tAontas ar chur chun feidhme SFInna in 2023, agus á chreidiúint gur cheart na hathbhreithnithe sin a bheith ina gcleachtaí rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfios gur deis eacnamaíoch iad na SFInna freisin chun fíor-fholláine agus geilleagar inbhuanaithe cuimsitheach lena gcothaítear iomaíochas, nuálaíocht agus athléimneacht a thógáil, a chuireann ar chumas daoine saol cuibhiúil a bheith acu agus teorainneacha pláinéadacha á n-urramú go hiomlán ag an am céanna, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus an comhshaol, trí theicneolaíochtaí nua a úsáid agus trí earnálacha agus poist eacnamaíocha nua a chruthú; á chur i bhfáth gur cheart don aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus athléimneach obair chuibhiúil, cosaint shóisialta agus cearta láidre saothair a chur chun cinn ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá comhleanúnachas beartais ar mhaithe le forbairt a áirithiú, de bhun Airteagal 208 CFAE, lena ndírítear ar ghnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú ag gach céim den timthriall ceaptha beartas, chun sineirgí a chothú ar fud réimsí beartais, comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a thabhairt chun réitigh, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar éifeachtaí iarmharta idirnáisiúnta bheartais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur príomh-chomhpháirtí í sochaí shibhialta atá neamhspleách agus cistithe go leormhaith, chomh maith le húdaráis agus pobail áitiúla, chun Clár Oibre 2030 a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá spás sibhialta a chruthú, tacú leis agus é a chosaint, agus a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla, rannpháirteach go fóinteach chun na SFInna a bhaint amach agus go bhfaighidh siad cistiú fadtéarmach agus solúbtha leormhaith, go háirithe i dtíortha ina bhfuil an spás sibhialta ag laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á mheabhrú go ndéanann géarchéimeanna eacnamaíocha, cúram sláinte teoranta, an t-athrú aeráide, foréigean agus coinbhleachtaí inscnebhunaithe difear díréireach do mhná agus do leanaí, go háirithe cailíní, agus go leanann neamhionannais leanúnacha de theorainn a chur lena rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú leormhaith agus solúbtha, lena n-áirítear d’eagraíochtaí áitiúla agus d’eagraíochtaí um chearta na mban, a bhfuil srianta tromchúiseacha airgeadais ar go leor acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cumasóirí fíor-riachtanacha don fhorbairt inbhuanaithe agus do dhea-bhail na sochaithe iad fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach laistigh de theorainneacha pláinéadacha, iomaíochas agus nuálaíocht, agus earnáil phríobháideach láidir, agus á chur i bhfáth go bhfuil sé d’acmhainn ag an digitiú, ag IS agus ag teicneolaíochtaí glana cabhrú le spriocanna inbhuanaitheachta domhanda a bhaint amach, agus gur cheart, dá bhrí sin, ról a bheith acu i bhfís forbartha an Aontais; ag spreagadh an Aontais a thionchar a úsáid chun Clár Oibre 2030 a chur chun cinn, chun feabhsuithe nithiúla a bhaint amach maidir le caighdeáin mhaireachtála, laghdú na bochtaineachta agus deiseanna do na glúine atá le teacht, lena n-áirítear trí athléimneacht agus nuálaíocht fheabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí na gealltanais a tugadh le linn Chruinniú Mullaigh na Todhchaí 2024, sa Chomhshocrú don Todhchaí, agus ag an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le Maoiniú don Fhorbairt in Sevilla 2025 a aistriú ina ngníomhaíochtaí nithiúla agus go ndéanfaí infheistíocht a mhéadú chun an bhearna mhaoinithe don fhorbairt inbhuanaithe a dhúnadh; á chur i bhfáth nach mór d’aon chreat forbartha domhanda tar éis 2030 a bheith uaillmhianach, intomhaiste agus dírithe ar thorthaí a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhaontuithe iltaobhacha, go háirithe comhaontuithe comhshaoil, mar chreataí éifeachtacha chun comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn agus chun SFInna a chur chun cinn, agus ag spreagadh an Aontais a gcur chun feidhme agus a dtionchar a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh go mbeadh creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2028-2034 go hiomlán comhsheasmhach le Clár Oibre 2030, agus go rannchuideofaí leis na SFInna a bhaint amach; á chur i bhfáth gur cheart tacú le tiomantas an Aontais do SFInna trí ghealltanais uaillmhianacha airgeadais sa chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit maoiniú breise a sholáthar do mhaolú ar an athrú aeráide agus d’oiriúnú don athrú sin chomh maith le caillteanas agus damáiste, i gcomhréir le ‘Treochlár Baki go Belém’, a comhaontaíodh ag an 29ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP 29);
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>