<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0251</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Sócmhainní digiteacha – dúshláin don iomaíochas agus sláine chóras airgeadais an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0186/2026 -  Rapóirtéir: Johan Van Overtveldt)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 maidir le sócmhainní digiteacha – dúshláin don iomaíochas agus sláine chóras airgeadais an Aontais (2025/2208(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don athbhreithniú ar chobhsaíocht airgeadais ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ó mhí na Samhna 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Pháipéar Oibre BCE Uimh. 3199 an 3 Márta 2026 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Stablecoins and monetary policy transmission’</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le scéimeanna cripteamhonaí cobhsaí ileisitheoir tríú tír,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil BERS ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Crypto-assets and decentralised finance – Report on stablecoin, crypto-investment products and multi-function groups’</STRING> [‘Criptea-shócmhainní agus airgeadas díláraithe – Tuarascáil maidir le cripteamhonaí cobhsaí, táirgí criptea-infheistíochta agus grúpaí ilfheidhme’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) an 19 Márta 2025 maidir leis na coinníollacha agus na critéir chun cripteashócmhainní a cháiliú mar ionstraimí airgeadais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) ó mhí na Nollag 2024 dar teideal ‘Tuarascáil maidir le taiscí téacschomharthaithe’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ÚBE ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Report on tackling ML/TF risks in crypto-asset services through supervision – Lessons learned from recent cases’</STRING> [Tuarascáil maidir le dul i ngleic le rioscaí SA/MS i seirbhísí criptea-shócmhainní trí mhaoirseacht – Ceachtanna a foghlaimíodh ó chásanna a bhí ann le déanaí],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’eisiúint mhí Mheán Fómhair 2025 ó iris an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ‘Airgeadas agus Forbairt’, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Stablecoins and the future of finance’</STRING><FOOTNOTE><FIELD> An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ‘<STRING ITALIC="on">Stablecoins and the future of finance’</STRING>, <STRING ITALIC="on">Airgeadas agus Forbairt</STRING>, Imleabhar 62, Eagrán 3, 3 Meán Fómhair 2025, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Washington, https://doi.org/10.5089/9798400297649.022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús ó mhí na Samhna 2025 dar teideal ‘Téacschomharthú sócmhainní airgeadais’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) ó mhí an Mheithimh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) an 16 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Thematic Review on FSB Global Regulatory Framework for Crypto-asset Activities’</STRING> [Athbhreithniú Téamach ar Chreat Rialála Domhanda FSB le haghaidh Gníomhaíochtaí Cripteashócmhainní],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil stádais FSB an 22 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">G20 crypto-asset policy implementation roadmap’</STRING>[Treochlár cur chun feidhme bheartas cripteashócmhainní G20],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil stádais FSB an 22 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The financial stability implications of tokenisation’</STRING> [Na himpleachtaí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann le téacschomharthú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar comhairliúcháin Bhanc Shasana an 10 Samhain 2025 dar teideal ‘Córas rialála atá beartaithe le haghaidh cripteamhonaí cobhsaí sistéamacha atá ainmnithe i steirling’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú ón Aonad um Ghrinnscrúdúchán ar an Rialachas Eacnamaíoch agus AEA i mí na Samhna 2025 dar teideal ‘Sócmhainní digiteacha: Creat rialála an Aontais, glacadh sa mhargadh, rioscaí agus dúshláin’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar beartais na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an 9 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Tokenisation of assets and distributed bigger technologies in financial markets – Potential obstacles to market development and policy implications</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Páipéir Beartais Gnó agus Airgeadais ECFE, Uimh. 75.</FIELD></FOOTNOTE>’ [Téacschomharthú sócmhainní agus teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte i margaí airgeadais – Baic fhéideartha ar fhorbairt an mhargaidh agus ar impleachtaí beartais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0186/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir Shuirbhé BCE ar Ionchais Tomhaltóirí i mí na Samhna 2024, gur thuairiscigh 9,7 % ar an meán de na freagróirí suirbhé nó duine éigin ina gcripteashócmhainní atá faoi úinéireacht teaghlaigh, ar thuairiscigh 54 % díobh sealúchais ag a bhfuil luach faoi bhun EUR 1000 agus 91 % sealúchais ag a bhfuil luach faoi bhun EUR 20 000;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurbh ionann caipitliú margaidh domhanda iomlán na gcriptea-shócmhainní agus EUR 2,03 trilliún an 10 Feabhra 2026 le sciar 12,9 % den mhargadh, nó EUR 261 bhilliún le haghaidh cripteamhonaí cobhsaí, de réir foinsí sonraí príobháideacha; de bhrí, de réir Pháipéar Oibre BCE Uimh. 3199, go léiríonn ionchais an mhargaidh fás láidir in eisiúint cripteamhonaí cobhsaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurbh ionann sócmhainní téacschomharthaithe agus thart ar 1 % de na sócmhainní digiteacha domhanda i mí Feabhra 2026, sciar atá ag fás go tapa, bunaithe ar fhoinsí sonraí príobháideacha neamh-chomhchuibhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, in 2025, gurbh ionann an lucht saothair criptea-airgeadra domhanda agus os cionn 1,6 milliún gairmí, a bhfuil sciar mór ach ar sciar é atá ag laghdú á óstáil ag an Aontas, ar bhonn foinsí sonraí príobháideacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ nó ‘DLT’ in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/858<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 agus Treoir 2014/65/AE (IO L 151, 2.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/858/oj).</FIELD></FOOTNOTE>maidir leis an gcóras píolótach teicneolaíochta mórleabhar digiteach mar ‘theicneolaíocht lena gcumasaítear oibriú agus úsáid mórleabhar dáilte’; de bhrí go sainítear ‘mórleabhar dáilte’ in Airteagal 2(2) mar ‘thaisclann faisnéise ina gcoimeádtar taifid ar idirbhearta agus a chomhroinntear ar fud tacar de nóid líonra DLT agus a shioncrónaítear idir nóid líonra DLT, agus úsáid á baint as sásra comhthola’;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go mbunaítear le Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcripteashócmhainní<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937, (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (MiCAR) creat comhchuibhithe san Aontas le haghaidh cripteashócmhainní trí idirdhealú a dhéanamh idir trí phríomhchatagóir, eadhon comharthaí ríomh-airgid, a fhéachann lena luach a chobhsú trí thagairt a dhéanamh d’airgeadra oifigiúil aonair, comharthaí sócmhainn-tagartha, arb é is aidhm dóibh luach cobhsaí a choinneáil trí thagairt a dhéanamh do luach nó ceart eile nó teaglaim díobh, lena n-áirítear airgeadra oifigiúil amháin nó níos mó, agus cripteashócmhainní eile, rud a chiallaíonn léiriú digiteach ar luach nó ar cheart is féidir a aistriú agus a stóráil go leictreonach trí úsáid a bhaint as mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil, agus nach dtagann faoi na catagóirí eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go n-eisiatar ó raon feidhme MiCAR, de bhun Airteagal 2(4) de, cripteashócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, taiscí, cistí, urrúsuithe, táirgí árachais nó pinsin faoi dhlí reatha an Aontais, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go bhfanfaidh cripteashócmhainní den sórt sin faoi réir na gcreataí reachtacha earnáilsonracha ábhartha agus go léireofar leo an tsamhail mhaoirseachta tháirge-bhunaithe de dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil riarachán nua SAM i bhfad níos oscailte do chriptea-shócmhainní, as ar eascair glacadh príomhreachtaíochta agus cur chuige níos boige maidir le forfheidhmiú ag údaráis mhaoirseachta; de bhrí go bhfuil an cur chuige rialála sna Stáit Aontaithe fós á fhorbairt agus go dtagraíonn lucht ceaptha beartas agus rialtóirí na Stát Aontaithe go ginearálta do ‘shócmhainní digiteacha’ ina ionad sin, a thuigtear go coitianta go gcuimsíonn siad léirithe digiteacha cripteagrafacha ar luach nó ar chearta arna n-urrú i mórleabhar dáilte, lena n-áirítear criptea-airgeadraí, cripteamhonaí cobhsaí agus ionstraimí téacschomharthaithe áirithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forbhreathnú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tacú leis an aidhm fhadtéarmach go mbeidh cur chuige uile-chórais, gníomhaíocht-bhunaithe agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ann do chreat rialála an Aontais le haghaidh seirbhísí airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag DLTanna agus comharthaíocht sócmhainní tacú le cuspóirí an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta trí infheistíocht trasteorann a éascú, ilroinnt an mhargaidh a laghdú agus bonneagar margaidh caipitil níos éifeachtúla agus níos cuimsithí a chumasú ar fud an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an idir-inoibritheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcruthaíonn teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua san airgeadas dúshláin nua don chreat rialála agus maoirseachta; ag tabhairt dá haire éagsúlacht na sócmhainní digiteacha agus ag aithint go bhfuil na rioscaí gaolmhara agus an acmhainneacht ghnó éagsúil ó chatagóir amháin go catagóir eile; á dhearbhú go bhfuil sí tiomanta don athbhreithniú spriocdhírithe ar chreataí rialála an Aontais chun margaí caipitil agus bonneagar íocaíochta an Aontais atá láidir agus cumasaithe do shócmhainní digiteacha a fhorbairt; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé iasachtú agus iasachtaíocht cripteashócmhainní a rialáil, lena n-áirítear glacadh, comharthaí neamh-idirmhalartacha agus maoiniú díláraithe, faoi MiCAR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh cumais nuálaíochta agus nascachta a bheith ag mórleabhair dháilte arna ndaingniú go cripteagrafach agus ag teicneolaíochtaí comhchosúla le haghaidh bonneagar seirbhísí airgeadais, laistigh den Aontas agus le haghaidh ról domhanda an Aontais araon; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh timpeallacht rialála intuartha atá fabhrach don nuálaíocht bunriachtanach chun a áirithiú go bhfanfaidh infheistíocht agus forbairt theicneolaíoch laistigh den Aontas agus chun iomaíochas agus muinín i mbonneagar airgeadais atá ainmnithe in euro a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cripteashócmhainní</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á aithint go raibh an tAontas i measc na gcéad dlínsí chun córas tiomnaithe le haghaidh criptea-shócmhainní a ghlacadh agus a chur chun feidhme, le MiCAR, agus chun teicneolaíocht DLT a chur i bhfeidhm san earnáil airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE, le ESMA, leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (AMLA) agus le húdaráis inniúla náisiúnta, forfheidhmiú éifeachtach MiCAR a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó cheanglais agus dliteanais bhreise a thabhairt isteach thar chreataí MiCAR nó an Rialacháin maidir le hAistriú Cistí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023 lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1113/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cumais sonraí a neartú, go háirithe maidir le giaráil sa chriptea-thionscal agus idirnaisc le hearnáil na n-institiúidí airgeadais neamhbhaincéireachta; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán breise a dhéanamh ar idirnascthacht criptea-shócmhainní leis an gcóras airgeadais; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh rioscaí agus luaineacht bhreise a bheith ag baint le criptea-shócmhainní gan tacaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar ÚBE, ESMA, AMLA, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, na húdaráis inniúla náisiúnta, BCE agus BERS an t-idirphlé maoirseachta maidir le grúpaí ilfheidhmeacha suntasacha (MFGanna) a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gá creat beartais MiCAR a ailíniú le haghaidh MFGanna suntasacha neamhbhainc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á aithint go dtugann teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte breithnithe nua teicneolaíocha agus oibríochtúla isteach do mhaoirseoirí airgeadais, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le slándáil conarthaí cliste, rialachas líonraí díláraithe, cibear-athléimneacht agus bainistiú riosca oibríochtúil; á iarraidh ar údaráis mhaoirseachta saineolas teicniúil leordhóthanach a fhorbairt chun na bonneagair mhargaidh sin atá ag teacht chun cinn a thuiscint agus faireachán éifeachtach a dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról atá ag criptea-shócmhainní maidir le rialacháin agus smachtbhannaí i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (SA/MSC) a sheachaint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé uirlisí maoirseachta, forfheidhmiú agus caighdeáin chomhlíontachta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí SA/MSC, lena n-áirítear caighdeáin éifeachtacha ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir’ agus faireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach d’údaráis imscrúdaitheacha an teicneolaíocht atá taobh thiar de chriptea-shócmhainní a úsáid chun criptea-choireanna a dhíspreagadh, agus chun comhoibriú lena chéile maidir le hidirbhearta neamhdhleathacha arna mbrath nó arna dtuairisciú a bhlocáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil táirgí hibrideacha ag teacht chun cinn lena gcomhcheanglaítear gnéithe de chriptea-shócmhainní agus d’ionstraimí airgeadais traidisiúnta, rud a d’fhéadfadh éiginnteacht dhlíthiúil a chruthú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Téacschomharthú ionstraimí airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go sainmhínítear ‘téacschomharthú’ ionstraimí airgeadais in Aithris 3 de Rialachán (AE) 2022/858 mar léiriú digiteach ar ionstraimí airgeadais maidir le mórleabhair dháilte nó eisiúint aicmí sócmhainní traidisiúnta i bhfoirm téacschomharthaithe chun gur féidir iad a eisiúint, a stóráil agus a aistriú ar mhórleabhar dáilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth nach n-athraíonn comharthaíocht sócmhainní airgeadais ann féin cineál dlíthiúil ná croí-shaintréithe eacnamaíocha na sócmhainní sin; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór d’ionstraimí airgeadais ceadchomharthaithe cearta a dheonú atá coibhéiseach leo siúd a ghabhann le hurrúis thraidisiúnta chun arbatráiste rialála a chosc agus cosaint infheisteoirí a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le téacschomharthú chun sócmhainní airgeadais a thrádáil, amhail éifeachtúlacht agus trédhearcacht mhéadaithe, riosca contrapháirtí laghdaithe agus costais oibríochtúla laghdaithe, conraitheoireacht chliste agus leachtacht fheabhsaithe trí úinéireacht chodánach, agus ag tabhairt dá haire gur cheart faireachán a dhéanamh ar a leochaileachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún téacschomharthú a éascú agus a spreagadh ar fud na seirbhísí airgeadais, ag áitiú ar idir-inoibritheacht agus ilroinnt a chosc trí chaighdeáin a chaomhnú ar fud an mhargaidh aonair agus trí bhonneagar a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag aithint iarrachtaí BCE réitigh a sholáthar, lena n-áirítear bonneagar lena gcuirtear rogha ar fáil d’airgeadra digiteach mórdhíola na mbanc ceannais (CBDC) lena gceadaítear an ghné airgid agus sócmhainne a shocrú laistigh de mhórleabhar comhroinnte, atá comhlántach le taiscí bainc tráchtála ceadchomharthaithe agus cripteamhonaí cobhsaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht ann maidir le nascacht dhomhanda an mhargaidh chomharthaithe Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta chun critéir, prionsabail agus caighdeáin maidir le catagóiriú a chomhchuibhiú; ag tacú le hobair BIS i dtionscnaimh comhair íocaíochta trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plé leanúnach maidir le córas píolótach DLT mar chuid den phacáiste um chomhtháthú agus maoirseacht margaidh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cripteamhonaí cobhsaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir cripteamhonaí cobhsaí a bheith in dhá chatagóir faoi chreat dlíthiúil MiCAR, mar chomharthaí sócmhainn-tagartha agus mar chomharthaí ríomh-airgid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cineál cruthaithe airgid phríobháidigh iad cripteamhonaí cobhsaí agus go léiríonn a bhfeidhm eacnamaíoch cosúlachtaí le pionnaí ráta malairte, cistí margaidh airgid agus bainc chúnga; á chur i bhfáth, áfach, go gcuireann MiCAR toirmeasc ar eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ús a dheonú go díreach nó go hindíreach i ndáil le comharthaí ríomh-airgid, agus nach bhfuil rochtain dhíreach ag cripteamhonaí cobhsaí ar bhainc cheannais agus nach gcumhdaítear a sealbhóirí le scéimeanna ráthaithe taiscí; ag tabhairt dá haire na rioscaí díluachála nó díchnaipeála agus dí-idirghabhála a bhaineann le cripteamhonaí cobhsaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú tapa agus ceannasacht leanúnach ag baint le cripteamhonaí cobhsaí arna n-ainmniú ag dollar na Stát Aontaithe, rud a d’fhéadfadh ceannasacht airgeadaíochta an Aontais a lagú, rioscaí cobhsaíochta airgeadais a mhéadú, tarchur an bheartais airgeadaíochta a lagú agus spleáchais sheachtracha ar íocaíochtaí a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi teacht chun cinn comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in euro faoi MiCAR agus ag spreagadh a bhforbartha chun tacú le nuálaíocht íocaíochta an Aontais, le hiomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais agus le ról idirnáisiúnta an euro, lena n-áirítear trí íocaíochtaí trasteorann níos tapúla agus ar chostas níos ísle, trí thaiscí comharthaíochta comhlántacha agus trí CBDC mórdhíola; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá creataí comhchuibhithe riosca leachtachta agus bainistithe géarchéime, lena n-áirítear cascáidí fuascailte agus ceanglais maidir le leithscaradh cúltaca; ag tabhairt dá haire go seasann BCE leis go bhféadfadh cripteamhonaí cobhsaí nach bhfuil ainmnithe in euro a bheith ina rioscaí don bheartas airgeadaíochta má éiríonn a n-úsáid forleathan; á chur in iúl go bhfuil sí cúramach faoi mhí-úsáid an chlásail ‘sirtheoireacht droim ar ais’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le deimhneacht dhlíthiúil i ndlí an Aontais maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh eintiteas an Aontais agus eintiteas neamh-AE cripteamhonaí cobhsaí a ileisiúint, i gcás ina mbeadh na cripteamhonaí cobhsaí digiteacha arna n-eisiúint ag an dá eintiteas go hiomlán idirmhalartach agus do-aitheanta; á mheabhrú go bhfuil rabhadh tugtha ag BERS maidir le hileisiúint mar bhealach tógálachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh oibriú na scéimeanna sin san Aontas bunaithe ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar chreat rialála láidir lena gcuirfear coimircí láidre stuamachta, socruithe láidre comhair agus prótacail fheabhsaithe bainistithe géarchéime ar fáil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhordú idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le rialáil agus maoirseacht cripteamhonaí cobhsaí domhanda, d’fhonn caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú sealadach maidir leis na tograí le haghaidh treoir<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2015/2366/AE agus 2009/110/CE (COM(2023)0366).</FIELD></FOOTNOTE> agus rialachán<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (COM(0367).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le seirbhísí íocaíochta agus an réiteach simplithe údaraithe do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe cheana faoi MiCAR chun forluí rialála nach bhfuil gá leis a sheachaint, a bheadh faoi réir nós imeachta cuíchóirithe, agus rialuithe riosca iomchuí á gcoinneáil agus gan ach seirbhísí a shonraítear san iarratas á soláthar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe cothrománacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil idir-inoibritheacht ríthábhachtach san airgeadas digiteach, lena n-éilítear, mar shampla, céannacht iniompartha agus dintiúir infhíoraithe mar chomhpháirteanna cumasúcháin de bhonneagar margaidh trasghréasáin; á chur i bhfáth gur cheart measúnú a dhéanamh ar chineálacha cur chuige aitheantóra eintitis dhlítheanaigh/eintitis dhlítheanaigh infhíoraithe mar uirlisí de ghrád bonneagair; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le heagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeáin chun caighdeáin agus prótacail theicniúla choiteanna a fhorbairt le haghaidh sócmhainní digiteacha, conarthaí cliste agus céannachtaí digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plé leanúnach maidir leis an euro digiteach, lena n-áirítear na hullmhúcháin d’úsáidí miondíola agus mórdhíola araon, agus ag tacú le tionscadail leanúnacha gearrthéarmacha (Pontes) agus tionscadail fhadtéarmacha rianta (Appia) DLT le haghaidh socraíocht mhórdhíola airgid bainc ceannais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BCE a áirithiú go ndearfar réitigh sa euro digiteach amach anseo chun idir-inoibritheacht le bonneagair DLT a éascú agus chun comhlántacht a áirithiú in éineacht le hairgead tirim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi spleáchas an Aontais ar sholáthraithe seirbhíse neamh-AE do bhonneagar DLT; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart faireachán stuama a dhéanamh ar láimhseáil sócmhainní digiteacha ag rialtas na Stát Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire an plé leanúnach maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní maidir le ról ESMA mar chuid den phacáiste comhtháthaithe agus maoirseachta margaidh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>