<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0259</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Úcráin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0172/2026 -  Rapóirtéir:Michael Gahler)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2026 maidir le tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Úcráin (2025/2259(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Meitheamh 2022 lena dtugtar stádas iarrthóra don Úcráin, an 15 Nollaig 2023 lena moltar oscailt na caibidlíochta maidir le haontachas, agus an 20 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2026 ar chur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0013.</FIELD></FOOTNOTE> agus don rún uaithi an 11 Márta 2026 ar straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tSaoráid don Úcráin agus do Phlean na hÚcráine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach idir an Coimisinéir Marta Kos agus Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine Taras Kachka an 11 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threochláir na hÚcráine maidir leis an smacht reachta, athchóiriú an riaracháin phoiblí, agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha, chomh maith leis an bplean gníomhaíochta maidir le cosaint cearta daoine ar de mhionlaigh náisiúnta (pobail) na hÚcráine iad, a formheasadh i mí na Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chlár Náisiúnta um Chomhfhogasú an <STRING ITALIC="on">Acquis</STRING>, arna ghlacadh ag Rialtas na hÚcráine an 1 Aibreán 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 4 Samhain 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Ukraine 2025 Report</STRING> [Tuarascáil 2025 ar an Úcráin] (SWD(2025)0759), agus don teachtaireacht ón gCoimisiún a ghabhann leis dar teideal <STRING ITALIC="on">2025 Communication on EU enlargement policy</STRING> [Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú] (COM(2025)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0172/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go gcáineann Parlaimint na hEorpa, sna téarmaí is láidre is féidir, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, arna léiriú ag coireanna cogaidh forleathana agus córasacha, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, agus díbirt éigeantach na mílte Úcránach chuig críoch na Rúise, go háirithe leanaí, ar gníomhartha iad a éilíonn cuntasacht agus ceartas iomlán; de bhrí go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa le ceart na hÚcráine ar cheannasacht, ar neamhspleáchas agus ar iomláine chríochach laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; de bhrí go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin agus go bhféadfadh sí deireadh a chur leis an gcogadh brúidiúil atá á fhearadh aici ar a comharsa tráth ar bith;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar á chur ag an Rúis, le tacaíocht pholaitiúil, ábharach agus mhíleata á soláthar di ag a comhghuaillithe – go háirithe an Bhealarúis, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, chomh maith le tacaíocht ón tSín – in aghaidh na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022; de bhrí gur cuireadh tús le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2014 le forghabháil agus ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus le forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk ina dhiaidh sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndeimhníonn na sáruithe a rinne an Rúis le déanaí agus atá ar siúl faoi láthair ar cheannasacht stát Eorpach go bhfuil a cuspóirí i bhfad níos faide ná an Úcráin agus gur bagairt eiseach iad ar shaoirse agus ar dhaonlathas na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin cáineadh leathan idirnáisiúnta agus smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, go bhfuil an Rúis ag géarú ar a hiarrachtaí cogaidh trí ionsaithe spriocdhírithe ar bhonneagar criticiúil fuinnimh, ar fhoirgnimh chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach; chomh maith le suíomhanna oidhreachta cultúrtha agus reiligiúnacha, amhail Lavra Kyiv Pechersk; de bhrí gur tháinig na milliúin duine san Úcráin slán as teochtaí an gheimhridh le déanaí a bhí faoi bhun an reophointe le leictreachas, téamh agus uisce reatha teoranta; de bhrí go bhfuil iarmhairtí tubaisteacha ag an damáiste atá déanta ag an Rúis don chomhshaol le 4 bliana anuas ar acmhainní nádúrtha na hÚcráine, ar éiceachórais chriticiúla agus ar shláinte, slite beatha agus slándáil mhuintir na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, mar thoradh ar ionradh na Rúise, go bhfuil os cionn 4 mhilliún Úcránach ina gcónaí faoi láthair i mBallstáit den Aontas faoin sásra cosanta sealadaí agus go mbaineann siad tairbhe as cearta cónaithe, rochtain ar an margadh saothair, tithíocht, cúram leighis, cúnamh leasa shóisialta agus oideachas dá leanaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Úcráin, trína cosaint féin i gcoinne na Rúise, ag cur go mór le slándáil an Aontais Eorpaigh; de bhrí gurb iad an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an soláthraí cúnaimh airgeadais, eacnamaíoch, mhíleata agus dhaonnúil is mó atá ag an Úcráin ó thús an ionraidh iomláin; de bhrí, ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil thart ar EUR 75 bhilliún de chúnamh míleata curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin go dtí seo; de bhrí gur cheart go gcabhródh tacaíocht don Úcráin freisin le Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) agus uathriail straitéiseach an Aontais a threisiú, agus nár cheart go mbeadh aon spleáchas níos mó ar ghníomhaithe seachtracha mar thoradh uirthi;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, ó cuireadh tús le forghabháil neamhdhleathach agus leanúnach codanna de chríoch na hÚcráine i mí Feabhra 2014, go bhfuil sáruithe leanúnacha agus forleathana á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha sna críocha atá faoi fhorghabháil shealadach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil doiciméadú déanta ag an Úcráin agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar na céadta príosúnach cogaidh ón Úcráin a chuir fórsaí na Rúise chun báis; de bhrí gur sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine iad na básuithe sin agus go n-aithnítear go sainráite iad mar choireanna cogaidh faoi Choinbhinsiúin na Ginéive agus faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go ndearnadh ar a laghad 20 000, agus b’fhéidir suas le 35 000 leanbh ón Úcráin a dhíbirt go héigeantach chun na Rúise agus na Bealarúise nó a choinneáil sna críocha Úcránacha atá faoi fhorghabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, gur bunaíodh an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin agus an Clár Damáiste don Úcráin sa Háig, agus go bhfuil an Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin á bhunú faoi láthair; de bhrí gur ghlac an Coimisiún togra lena dtionscnaítear an próiseas chun go mbeidh an tAontas Eorpach ina chomhalta bunaidh den Bhinse Speisialta; de bhrí gur chúisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta Vladimir Putin agus Maria Lvova-Belova as coireanna cogaidh; de bhrí go n-osclaíodh Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin ar imeall an 135ú seisiún de Choiste Airí Chomhairle na hEorpa in Chișinău sa Mholdóiv an 14 Bealtaine 2026; de bhrí go neartóidh an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta an acmhainneacht cuntasacht a áirithiú as coireanna idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin agus i gcoinne na hÚcráine agus seasamh le ceart na hÚcráine cúiteamh iomlán a fháil as na damáistí atá ann tar éis gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil athléimneacht agus diongbháilteacht den scoth léirithe ag an Úcráin dá conair chuig ballraíocht san Aontas Eorpach, ar rogha é a léiríonn toil mharthanach mhuintir na hÚcráine, in ainneoin chogadh foghach na Rúise fúithi atá fós ar siúl, ar de thoradh air a fhuair na mílte bás, a fágadh tráma domhan ar mharthanóirí, ar theaghlaigh íospartach, ar iarshaighdiúirí agus ar a dteaghlaigh, agus ar an tsochaí shibhialta, a fágadh go leor cathracha agus bonneagar sibhialta ríthábhachtach ina bhfothrach, agus a tharla forghabháil leantach i gcodanna dá críoch ag fórsaí na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil ann do streachailt na hÚcráine ní hamháin don cheart chun maireachtáil saor agus chun a comhghuaillíochtaí a roghnú gan bhac, agus ní hamháin dá ceannasacht, dá síocháin, dá cobhsaíocht agus dá slándáil, ach freisin do chaomhnú shubstaint an daonlathais atá faoi bhrú eiseach; de bhrí go ndéanfar athléimneacht dhaonlathas na hÚcráine a mheas ar deireadh, ní hamháin trína chumas cur i gcoinne fogha seachtrach, ach trína thoilteanas iolrachas, cuimsitheacht, oscailteacht agus éagsúlacht pholaitiúil a chosaint laistigh den tír;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa daonlathas agus sa rathúnas don mhór-roinn ar fad é lánpháirtiú na hÚcráine san Eoraip; de bhrí nach bhfuil tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais do cheannasacht, d’iomláine chríochach agus do neamhspleáchas na hÚcráine ag brath ar luas lánpháirtiú na tíre san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach amháin go n-éilítear le critéir reatha Chóbanhávan ailíniú foirmiúil le dlí an Aontais ach go n-éilítear leo freisin cearta bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun feidhme agus a ráthú go héifeachtach; de bhrí nach mór measúnú a dhéanamh ar chonair gach tíre i dtreo lánpháirtiú an Aontais ar a fiúntas féin agus nár cheart aon tír a cheangal le tír eile ná déileáil léi mar chuid de phacáiste;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Úcráin tiomanta i gcónaí dá reachtaíocht a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE agus gur lean sí de bhearta a dhéanamh chun athchóirithe a chur chun feidhme in ainneoin chogadh foghach na Rúise; de bhrí gur shroich an Úcráin 84 % de chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin in 2025<FOOTNOTE><FIELD> Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil an próiseas scagtha déthaobhach do gach caibidil caibidlíochta curtha i gcrích ag an Úcráin agus go bhfuil sé réidh chun gach cnuasach caibidlíochta a oscailt, ag tosú le cnuasach na mbunphrionsabal;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta, ach go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, an smacht reachta san Úcráin a neartú agus chun an t-éilliú a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le hinstitiúidí frith-éillithe láidre, neamhspleácha agus dea-fheidhmiúla, chomh maith le maoirseacht dhaonlathach éifeachtach a mbeidh baint ag an tsochaí shibhialta agus ag comhpháirtithe sóisialta léi, chun a áirithiú go mbainfear úsáid thrédhearcach agus chuntasach as tacaíocht airgeadais idirnáisiúnta agus de chuid an Aontais agus as cistí atógála amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur chuidigh saineolaithe idirnáisiúnta atá ag obair i gcoimisiúin roghnúcháin bhreithiúnacha le muinín an phobail as an gcóras breithiúnach a chothú trí neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú; de bhrí gur tháinig deireadh le rannpháirtíocht saineolaithe idirnáisiúnta i roghnú an Ard-Choimisiúin maidir le Cáilíocht na mBreithiúna an 1 Meitheamh 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur léirigh institiúidí daonlathacha na hÚcráine inoiriúnaitheacht trína thaispeáint, fiú i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise agus faoin dlí míleata, go bhfuil siad fós ag fónamh do leasanna na saoránach agus ag cur chun feidhme athchóirithe an Úcráin fós ina stát atá inmharthana go hinstitiúideach, go daonlathach agus d’athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas a chur chun feidhme; de bhrí gur geal leis an bParlaimint na tásca go bhféadfar tús a chur leis na hullmhúcháin do thoghcháin a luaithe a bheidh deireadh leis an dlí míleata agus a lamhálfar leis an staid slándála toghcháin a reáchtáil i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; de bhrí gur cheart don Úcráin leanúint de bheith ag obair chun a daonlathas a chosaint agus trédhearcacht agus cothromaíocht na cumhachta a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gurb í an tsochaí shibhialta crann taca na hathléimneachta agus an daonlathais san Úcráin i gcónaí, siúd is go bhfuil imní ann faoi bhrú a bheith á chur ar ghníomhaithe agus ar cheardchumainn, agus go gcaithfidh an rialtas gníomhaíocht a dhéanamh ina leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go dtacaítear go forleathan le lánpháirtiú an Aontais ar fud shochaí agus institiúidí na hÚcráine, agus go bhfuil sé fós ina cheann feadhna bunúsach ar fhorbairt dhaonlathach na hÚcráine; de bhrí go neartóidh ballraíocht na hÚcráine san Aontas an tAontas féin chomh maith trí rannchuidiú lena hathléimneacht gheopholaitiúil, trína hacmhainneacht eacnamaíoch a fheabhsú, agus trína tiomantas do luachanna comhroinnte an daonlathais, an smachta reachta agus na saoirse a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go léirítear sa tuarascáil Eorabharaiméadair is déanaí maidir leis an méadú go dtacaíonn 56 %de shaoránaigh an Aontais le méadú breise ar an Aontas Eorpach, agus gurb í an Úcráin an t-iarrthóir is fabhraí ar aontachas a luaithe a chomhlíonfar critéir bhallraíochta uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur plean tosaíochta athchóirithe 10 bpointe é an ráiteas comhpháirteach a shínigh an Coimisinéir Marta Kos agus Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine Taras Kachka (ar a dtugtar plean Kos-Kachka) an 11 Nollaig 2025 a chuirfear chun feidhme faoi dheireadh 2026; de bhrí go mbaineann na hathchóirithe sin leis an smacht reachta, le nósanna imeachta breithiúnacha agus le neamhspleáchas institiúidí frithéillithe na hÚcráine a neartú; de bhrí go mbeidh cur chun feidhme iomlán agus aonchiallach na mbeart sin ina léiriú tábhachtach inláimhsithe ar thiomantas na hÚcráine; de bhrí go measann meithleacha machnaimh ábhartha go raibh thart ar 15% den phlean curtha chun feidhme faoi lár 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go leanann an Rúis d’iarrachtaí a shaothrú agus a threisiú arb é is aidhm dóibh údar a thabhairt lena fogha i gcoinne na hÚcráine trí fhalsú d’aon ghnó a dhéanamh ar an stair, trí ionramháil a dhéanamh ar insintí stairiúla, agus trí úsáid straitéiseach a bhaint as insintí reiligiúnacha, cultúrtha agus luachbhunaithe a bhfuil sé mar aidhm leis an dioscúrsa poiblí a shaobhadh, féiniúlacht náisiúnta, státacht agus ceannasacht na hÚcráine a dhiúltú agus a dhídhlisteanú agus aontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach a chosc; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach le Dúnghaois Mhíleata na Rúise a formheasadh an 25 Nollaig 2014 agus le doiciméid straitéiseacha ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Straitéis Slándála Náisiúnta Chónaidhm na Rúise a d’fhormheas an tUachtarán Vladimir Putin an 31 Nollaig 2015, ina leagtar béim ar ‘luachanna traidisiúnta spioradálta agus morálta na Rúise’ a chosaint ar thionchar braite an Iarthair; de bhrí gur treisíodh an cur chuige sin tuilleadh i Straitéis Slándála Náisiúnta 2021, lenar méadaíodh coimirciú ‘luachanna traidisiúnta’, cur chun cinn an choincheapa ‘Domhan na Rúise’ (Russkiy Mir), agus cosaint ‘comhthírigh thar lear’ chuig croíthosaíochtaí slándála náisiúnta, rud a léiríonn úsáid leanúnach agus chórasach insintí cultúrtha, reiligiúnacha agus sibhialta mar uirlisí tionchair gheopholaitiúil agus mar údar leis an bhfogha i gcoinne na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí, de réir Aireacht Beartais Shóisialta na hÚcráine, go n-aithnítear go bhfuil níos mó ná 3 mhilliún Úcránach faoi mhíchumas amháin nó níos mó, agus go meastar go dtiocfaidh méadú 17 000 ar an líon sin gach mí, mar gheall ar an gcogadh leanúnach den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go raibh iarmhairtí tubaisteacha ag an damáiste a rinne an Rúis don chomhshaol ar acmhainní nádúrtha na hÚcráine, ar éiceachórais chriticiúla agus ar shláinte, slite beatha agus slándáil a muintire; de bhrí gurb é atá i gceist leis an téarnamh glas an damáiste sin a leigheas agus an Úcráin a chur ar chonair nua inbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta atá ailínithe leis na dlíthe comhshaoil in <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur deimhníodh i suirbhé a rinne Institiúid Idirnáisiúnta Socheolaíochta Chív in 2024 go raibh dearcadh shochaí na hÚcráine i leith daoine LADTIA+ neodrach nó dearfach den chuid is mó, agus go raibh os cionn 70 % de mhuintir na hÚcráine a ndearnadh suirbhé orthu ag tacú le cearta comhionanna do dhaoine LADTIA+;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil fulaingt agus scrios ollmhór daonna mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil sé ríthábhachtach síocháin chóir, inbhuanaithe agus mharthanach a lorg mar gheall ar scála an léirscriosta dhaonna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go meastar go forleathan gur fíor-athchóiriú é an dlí nua maidir le soláthar poiblí, a ghlac Verkhovna Rada na hÚcráine an 27 Bealtaine 2026 agus a tháinig i bhfeidhm an 24 Meitheamh 2026, atá ailínithe le reachtaíocht AE agus ina mbunaítear coimircí trédhearcachta agus frithéillithe do thairiscintí móra; de bhrí gur dhíghlasáil glacadh na reachtaíochta sin USD 3,4 billiún de thacaíocht bhuiséadach dhíreach don Úcráin ón mBanc Domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur chuir AE tús le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv maidir le Cnuasach 1 an 15 Meitheamh 2026: Bunphrionsabail, ina bhfuil an méid seo a leanas: Caibidil 23: Na breithiúna agus cearta bunúsacha, Ccaibidil 24: An ceartas, an tsaoirse agus an tslándáil, Caibidil 5: An soláthar poiblí, Caibidil 18: Staidreamh agus Caibidil 32: Rialú airgeadais; de bhrí gurb iad na caibidlíochtaí ar an gcnuasach Bunphrionsabal na chéad cinn a osclaítear agus na cinn dheireanacha a dhúnfar sa phróiseas aontachais agus go gcinneann dul chun cinn ar an gcnuasach sin luas foriomlán na gcaibidlíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil Ballstáit éagsúla tar éis páipéir leathoifigiúla maidir le dinimic aontachas na hÚcráine le AE a scaipeadh agus roghanna chun conarthaí aontachais AE amach anseo a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gur sainaithníodh in anailís chomhpháirteach ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Ionad Comhraic na Bréagaisnéise san Úcráin straitéisí agus oibríochtaí Rúiseacha maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis chun tacaíocht an phobail do phróiseas aontachais na hÚcráine le AE a lagú agus a chreimeadh, san Úcráin agus in AE araon;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT>I.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid na himeartha maidir le cogadh foghach na Rúise agus smachtbhannaí an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cáineadh, go neamhbhalbh, chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na tíre laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag athdhearbhú a beartais gan aitheantas a thabhairt do chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach agus go mídhleathach ag an Rúis, lena n-áirítear an Chrimé;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á éileamh go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach agus gan choinníoll le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus i gcoinne na hÚcráine agus go dtarraingeodh sí a fórsaí agus a trealamh míleata uile siar ó chríoch iomlán na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear a farraige theorann; á chur i bhfios go láidir gur íoc muintir chróga na hÚcráine an praghas is airde chun an Úcráin agus, dá réir sin, slándáil na hEorpa, a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl go ndéanann sí comhbhrón ó chroí leo siúd go léir atá buailte ag cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear comhaltaí de na fórsaí armtha, iarshaighdiúirí, teaghlaigh na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh, daoine easáitithe ina dtír féin, dídeanaithe, agus na sibhialtaigh uile atá thíos le hiarmhairtí tromchúiseacha daonnúla, sláinte, síceolaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha an chogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cáineadh na n-ionsaithe forleathana agus córasacha a rinne Cónaidhm na Rúise i gcoinne phobal sibhialtach na hÚcráine, go háirithe trí ionsaithe ar bhonneagar criticiúil fuinnimh agus uisce, ar sáruithe follasacha iad ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mór na sáruithe tromchúiseacha i gcoinne leanaí na hÚcráine, lena n-áirítear dúnmharú, drochíde, aistriú éigeantach agus díbirt éigeantach, chomh maith le huchtú neamhdhleathach, athrú ar a sonraí pearsanta agus srian ar theagmháil lena dteaghlaigh; ag cáineadh, thairis sin, an ‘Rúisiú’ éigeantach agus an nochtadh d’oiliúint mhíleata-thírghrách, do bholscaireacht chogaidh agus do mhíleatú a ngabhadh orthu ; á iarraidh go bhfillfeadh leanaí a fuadaíodh láithreach, go sábháilte agus gan choinníoll agus á iarraidh ar an Aontas tosaíocht a thabhairt do mheabhairshláinte leanaí mar chuid thiomnaithe dá thacaíocht téarnaimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht d’údaráis na hÚcráine, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, a neartú maidir leis na coireanna sin a dhoiciméadú agus na leanaí atá buailte a shainaithint, a aisdúichiú, a athimeascadh, a athshlánú agus tacú leo; á chur in iúl gur geal léi an rannpháirtíocht mhéadaitheach sa Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile, mar phríomhardán le haghaidh gníomhaíocht idirnáisiúnta chomhordaithe atá dírithe ar leanaí Úcránacha a díbríodh go neamhdhleathach agus a aistríodh go héigeantach a thabhairt ar ais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an meath ollmhór atá tagtha ar staid chearta an duine i limistéir atá faoi fhorghabháil na Rúise, amhail coinneáil threallach agus fuadach, céasadh, nós imeachta éigeantach pasanna agus slógadh shaoránaigh na hÚcráine sna críocha atá faoi fhorghabháil shealadach, príosúnaigh chogaidh a chur chun báis agus díbirt neamhdhleathach; á athdhearbhú go láidir go bhfuil sé de cheart doshannta ag gach Úcránach a easáitíodh go héigeantach mar thoradh ar fhogha na Rúise filleadh go sábháilte, go deonach agus gan réamhchoinníollacha ar a dtithe tar éis iomláine chríochach na hÚcráine a dhí-áitiú agus a athbhunú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cáineadh go láidir gur fhorchuir Cónaidhm na Rúise a riarachán forghabhála go neamhdhleathach ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, chomh maith lena leithreasú córasach, neamhdhleathach ar mhaoin phoiblí agus phríobháideach, creachadh agus aistriú neamhdhleathach mhaoin chultúrtha agus oidhreacht na hÚcráine, scriosadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus saothrú na gcríoch sin ar mhaithe lena leasanna polaitiúla agus eacnamaíocha féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cáineadh go láidir gur earcaigh Cónaidhm na Rúise náisiúnaigh eachtracha, lena n-áirítear náisiúnaigh ó thríú tíortha, chun páirt a ghlacadh ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, go minic trí chleachtais mheabhlacha agus trí dhúshaothrú dálaí socheacnamaíocha leochaileacha; á chur i bhfios go láidir gurb ionann na cleachtais sin agus gáinneáil ar dhaoine agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta, na cleachtais sin a chomhrac, lena n-áirítear trí smachtbhannaí, múscailt feasachta agus tacaíocht d’íospartaigh, agus ag tathant ar thríú tíortha earcaíocht den sórt sin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cáineadh na híde mídhaonna a thugann Cónaidhm na Rúise do phríosúnaigh chogaidh na hÚcráine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe, de shárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll iad; á iarraidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta dlús a chur leis na hiarrachtaí, lena n-áirítear trí mhodhanna taidhleoireachta agus dlíthiúla, chun comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a áirithiú agus chun tuilleadh malartuithe príosúnach a éascú; á iarraidh ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge a shainordú a fheidhmiú go hiomlán faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, trí rochtain rialta gan bhac a áirithiú ar gach áit ina gcoinnítear príosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh de chuid na hÚcráine, lena n-áirítear iad siúd atá á gcoinneáil; ag tabhairt dá haire go leanann an Úcráin dá hoibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus í ag déileáil le príosúnaigh chogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúnamh a bhaineann leis an tsláinte a mhéadú go suntasach agus a áirithiú go léireofar riachtanais athshlánaithe go hiomlán i gcreataí tacaíochta de chuid an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a chothú agus a leathnú, más gá, do dhídeanaithe ón Úcráin atá á n-óstáil faoi láthair ar fud na mBallstát, agus do dhaoine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit bréagaisnéis na Rúise faoina chogadh ionsaithe agus próiseas aontachais na hÚcráine le AE, trí shrian iomlán a chur ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le heagraíochtaí meán na Rúise atá faoi rialú an stáit agus lena rannchuiditheoirí ar fud Bhallstáit an Aontais, trí liostaí ábhartha smachtbhannaí aonair a leathnú, trí chuntasacht dhlíthiúil a shaothrú dóibh siúd atá comhpháirteach i mbolscaireacht atá á reáchtáil ag an stát, tríd an litearthacht dhigiteach a neartú, trí fhaisnéis fhíricbhunaithe a chur chun cinn agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha a ndírítear bolscaireacht na Rúise orthu go sonrach lasmuigh den Eoraip agus trí ardáin meán sóisialta a thabhairt chun cuntais as ábhar díobhálach a scaipeadh tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú go docht<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceart bunúsach féinchosanta ag an Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear ceart na hÚcráine, agus í i mbun streachailt chosantach, spriocanna dlisteanacha a aimsiú i gcríoch an ionsaitheora, an Rúis; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gur tháinig laghdú 99 % ar chabhair mhíleata na Stát Aontaithe in 2025; ag moladh, dá bhrí sin, thionscnamh Liosta Riachtanas ECAT maidir leis an Úcráin, chomh maith le Misean Cúnaimh Slándála agus Oiliúna ECAT don Úcráin; á chur in iúl gur geal léi ceannaireacht an Aontais agus a Bhallstát mar phríomhsholáthraí tacaíochta airgeadais agus míleata don Úcráin, lena n-áirítear trí thionscnaimh oiliúna Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin agus trí thacaíocht mhíleata a mhaoiniú agus a sholáthar, amhail córais aerchosanta agus cumais domhain-ionsaithe; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cúnamh a mhéadú chun seasamh le ceart na hÚcráine chun féinchosanta; á thabhairt chun suntais go bhfuil cúnamh míleata leordhóthanach agus intuartha, lena n-áirítear rochtain ar chistiú do tháirgeadh arm, tacaíocht don táirgeadh sin lasmuigh den Úcráin agus comhar idir EDTIB agus tionscal cosanta na hÚcráine, ríthábhachtach do fhrithbheartaíocht éifeachtach na hÚcráine i gcoinne fhogha na Rúise, go háirithe i bhfianaise an laghdaithe mhóir ar chabhair mhíleata na Stát Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig moill ar luas ghnóthachain chríochacha na Rúise san Úcráin in 2026 agus go bhfuair an Úcráin críoch ar ais i mí Aibreáin 2026, agus go raibh caillteanais an-ard ag an Rúis ag an am céanna; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur féidir leis an Úcráin forlámhas a bheith aici agus nach mór di forlámhas a bheith aici agus nach bhfuil toradh na coinbhleachta réamhchinntithe; á mheas, dá bhrí sin, go bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith ag tacaíocht mhíleata leanúnach agus fheabhsaithe ón Aontas ar láthair an chatha; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhú ar bhealach níos diongbháilte agus níos práinní, lena n-áirítear trí dhlús suntasach a chur le seachadadh agus maoiniú arm agus armlóin chuig an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tathant go sonrach ar an nGearmáin diúracáin fadraoin Taurus a sheoladh chuig an Úcráin agus á iarraidh ar Bhallstáit eile cumais aerchosanta bhreise a chur ar fáil go práinneach don Úcráin, lena n-áirítear córais Patriot chomh maith le diúracáin do chórais Patriot, SAMP/T, NASAMS, IRIS-T agus HAWK;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí taidhleoireachta idirnáisiúnta chun deireadh a chur leis an gcogadh agus ag moladh chur chuige cuiditheach na hÚcráine; á chur i bhfáth, áfach, nach mór sos cogaidh inbhuanaithe a bheith ann sula ndéanfar caibidlíocht síochána; á chur i bhfios go láidir nach mór aon tsíocháin a bheith cóir agus inbhuanaithe, agus lánurraim á tabhairt do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine; á chur i bhfáth nár cheart d’aon chomhaontú síochána dochar a dhéanamh do leasanna straitéiseacha na hÚcráine agus leasanna straitéiseacha Eorpacha, ná teorainneacha a chur ar chumas na hÚcráine í féin a chosaint agus a comhghuaillíochtaí slándála agus polaitiúla a roghnú saor ó aon chros ón Rúis; á chur i bhfáth nach mór é a bheith bunaithe ar urraim iomlán do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, ar chuntasacht as coireanna cogaidh, as coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus as coir an fhogha, agus ar chúiteamh na Rúise as an damáiste ollmhór a rinneadh san Úcráin; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí ann gealltanas ón Rúis deireadh a chur láithreach lena cogaíocht hibrideach i gcoinne an Aontais Eorpaigh agus a chomhpháirtithe, lena n-áirítear an Úcráin, agus gur cheart go n-áireofaí ann freisin filleadh leanaí uile na hÚcráine a fuadaíodh agus sibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá i bpríosún agus malartú iomlán príosúnach cogaidh, lena n-áirítear taisí saighdiúirí a maraíodh; á chur i bhfáth nach mór go soláthrófaí le haon chomhaontú den sórt sin ráthaíochtaí láidre agus inchreidte slándála don Úcráin, arb ionann iad agus leibhéal Airteagal 5 de Chonradh Washington agus Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a luaithe a bheidh deireadh go hoifigiúil leis an staid cogaidh; á aithint go measann an Úcráin gur ráthaíocht thábhachtach slándála é aontachas leis an Aontas, go háirithe i bhfianaise Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú nach féidir ach leis an Úcráin téarmaí comhaontaithe síochána atá inghlactha ag a muintir a chinneadh; á áitiú nár cheart faic faoin Úcráin a shocrú gan an Úcráin agus faic faoin Eoraip gan an Eoraip; á athdhearbhú go dtéann aon chomhaontú atá dírithe ar dheireadh a chur le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i bhfad thar an Rúis agus an Úcráin, agus go bhfuil impleachtaí móra aige d’ord slándála na hEorpa ina iomláine; á chur i bhfáth nach féidir teacht ar chomhaontú den sórt sin ach amháin le rannpháirtíocht an Aontais agus a Bhallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint an bhféadfaí idirbheartaí ardleibhéil Eorpach a cheapadh agus a chumhachtú go hiomlán chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit i gcainteanna taidhleoireachta a bhfuil sainordú atá sainithe go beacht acu; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar an gComhairle, i gcomhar leis an Úcráin agus i gcomhairle leis na Ballstáit, doiciméad cáis straitéisigh a fhorbairt don ollstruchtúr slándála agus comhair iarchogaidh ar mhór-roinn na hEorpa, ina léireofar na ceachtanna a foghlaimíodh ón am a chuaigh thart agus ina mbeidh paraiméadair fhéideartha an chaidrimh a bheidh ann amach anseo leis an Rúis tar éis dheireadh an chogaidh, lena n-áirítear saincheisteanna na slándála, an fhuinnimh, na dteorainneacha, na cuntasachta agus an chúitimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór nár léirigh an Rúis go dtí seo aon toilteanas i leith síocháin inbhuanaithe agus nach n-úsáideann sí ach a teagmhálacha taidhleoireachta leis na Stáit Aontaithe mar chuid d’fheachtas cogaíochta síceolaíche chun an bonn a bhaint de thacaíocht idirnáisiúnta don Úcráin; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, gur gá an brú ar an Rúis a mhéadú agus ag cáineadh mhaolú páirteach na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise arna gcinneadh ag na Stáit Aontaithe, ag cáineadh sheasamh na Stát Aontaithe ráthaíochtaí slándála na Stát Aontaithe don Úcráin a dhéanamh coinníollach ar tharraingt siar na hÚcráine ó Donbas; á mheabhrú gur gnéithe d’iarracht taidhleoireachta iad dul i dteagmháil go díreach leis an Rúis gan brú fóinteach a chur uirthi, giaráil mhór a thréigean go poiblí, tacaíocht mhíleata a laghdú, diúltú smachtbhannaí breise a chur chun feidhme agus deireadh a chur leo siúd atá i bhfeidhm cheana féin, dúmhál a dhéanamh ar an Úcráin chun rochtain fhabhrach a thabhairt do chuideachtaí na Stát Aontaithe le haghaidh atógála agus rochtain ar acmhainní nádúrtha, agus iarracht a dhéanamh iallach a chur ar an Úcráin lamháltais chríochacha a dhéanamh agus scaradh lena ceart dlisteanach féinchosanta, ar iarracht taidhleoireachta iad a bhfuil teip i ndán di;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ó Cheannairí G7 maidir leis an Úcráin i Meitheamh 2026, lena n-áirítear an gealltanas (a) tacú leis an móiminteam nua ar an réimse catha agus a luathú, lena n-áirítear trí bhreithniú ar shochar ceadúnas a leathnú chun na hÚcráine chun go méadófar táirgeadh míleata na hÚcráine agus (b) an brú ar gheilleagar cogaidh na Rúise a mhéadú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit gach beart is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme praiticiúil a chinntiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á áitiú nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit, in éineacht le comhpháirtithe agus comhghuaillithe, rannchuidiú le ráthaíochtaí slándála láidre atá ceangailteach ó thaobh dlí don Úcráin chun tuilleadh ionsaithe ón Rúis a dhíspreagadh, ar cheart iad a threisiú le sásraí ceangailteacha chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, chun cúnamh a chomhordú go córasach, agus chun tacaíocht leanúnach fhadtéarmach a ráthú do cheannasacht, d’iomláine chríochach agus d’atógáil na hÚcráine; á chur in iúl gur díol sásaimh di na conclúidí ón gcruinniú a bhí ag ‘Comhghuaillíocht na dTíortha Toilteanacha’ i bPáras an 6 Eanáir 2026; á chur in iúl gur geal léi go mór an togra le haghaidh fórsa ilnáisiúnta ‘athdhearbhaithe’ don Úcráin, agus á mholadh do Bhallstáit uile an Aontais machnamh críochnúil a dhéanamh ar an gcaoi is fearr is féidir leo tacú le fórsa den sórt sin; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú chun bailchríoch a chur ar ghealltanas atá ceangailteach ó thaobh na polaitíochta agus an dlí de chun an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú i gcás ionsaí armtha ag an Rúis amach anseo, agus creat soiléir chun tacú leis an Úcráin; ag athdhearbhú a hiarrata ar chomhghuaillíocht de Bhallstáit toilteanacha den Aontas féachaint conas crios comhtháite cosanta aeir faoi stiúir na hEorpa a bhunú lena bhféadfaí patróil aeir chomhraic a úsáid thar limistéir neamhchonspóidithe na hÚcráine, rud a chuideodh le sibhialtaigh na hÚcráine a chosaint ar ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar bhonneagar sibhialtach, lena gcuirfí cosaint réamhghníomhach ar fáil i gcoinne ionraí na Rúise in aerspás an Aontais, agus lena n-aistreofaí cothromaíocht na cumhachta chun cabhrú leis an Rúis chuig an mbord caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh, i bhfianaise an ghá atá le brú níos mó ar an Rúis, go mbeadh smachtbhannaí méadaithe agus níos cuimsithí agus níos struchtúrtha ann i gcoinne na Rúise agus a comhghuaillithe, agus é mar aidhm leis sin na hacmhainní is gá a bhaint di chun a meaisín míleata a mhaoiniú agus a fogha i gcoinne na hÚcráine a choinneáil ar bun, lena n-áirítear smachtbhannaí aonair spriocdhírithe faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky de chuid an Aontais) i gcoinne iad siúd atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine; á iarraidh go ndéanfaí liostaí smachtbhannaí a ailíniú níos mó le liostaí smachtbhannaí comhpháirtithe atá ar aon intinn leo; á iarraidh go láidir go méadófaí acmhainneacht riaracháin agus acmhainní airgeadais chun feabhas a chur ar cheapadh, ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú smachtbhannaí an Aontais; á áitiú nach scoirfear d’aon smachtbhannaí sula ndéanfar comhaontú síochána a chaibidliú agus a chur chun feidhme ar bhealach inmharthana; á iarraidh ar an gComhairle agus ar a cuid Ballstát dul i ngleic go córasach leis an tsaincheist maidir le teacht timpeall ar smachtbhannaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tionchar soiléir ag smachtbhannaí ar gheilleagar na Rúise, ach á athdhearbhú gur gá an córas smachtbhannaí a bheith níos leithne agus a chur chun feidhme níos déine má tá sé chun an éifeacht is gá a bheith aige cistí na Rúise a theorannú dá cogadh foghach; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí smachtbhannaí lena ndírítear ar phríomhfhoinsí ioncaim na Rúise a threisiú agus a leathnú, lena n-áirítear earnálacha an fhuinnimh, na n-amhábhar, an airgeadais agus an iompair ach gan a bheith teoranta dóibh; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú ar bhealach comhordaithe chun toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí trádála agus tráchtála leis an Rúis agus leis an mBealarúis, agus aird ar leith á tabhairt ar earraí agus ar theicneolaíochtaí a bhféadfadh feidhmeanna dé-úsáide a bheith acu, agus toirmeasc a chur ar idirthuras earraí chuig an Aontas agus uaidh trína gcríocha; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc iomlán ar tháirgí cruach na Rúise agus ar alúmana a onnmhairiú chuig an Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos déine chun deireadh a chur le hoibríochtaí scáthchabhlaigh na Rúise, a bhfuil riosca suntasach agus méadaitheach ag baint leo don tsábháilteacht mhuirí agus don chomhshaol, go háirithe i Muir Bhailt atá ríthábhachtach go straitéiseach; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir na húdaráis sna Ballstáit timpeall Mhuir Bhailt chun a áirithiú go gcuirfear stop éifeachtach le hoibríochtaí an scáthchabhlaigh; ag tathant ar na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a urramú go docht agus stop a chur le hallmhairí uile ghás nádúrtha leachtaithe agus ghás nádúrtha na Rúise, a bhfuil an t-ioncam uathu ag tacú go seasta le meaisín cogaidh na Rúise agus ag baint an bhoinn d’éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais agus de thacaíocht ón Aontas don Úcráin
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi na cinntí crua a rinne an Coiste Idirnáisiúnta Oilimpeach agus an Coiste Idirnáisiúnta Parailimpeach maidir le saoirse cainte lúthchleasaithe na hÚcráine le linn Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Geimhridh Milano Cortina 2026, chomh maith le cinneadh Uiscíocht an Domhain deireadh a chur le smachtbhannaí i gcoinne lúthchleasaithe na Rúise agus na Bealarúise agus cinneadh Biennale na Veinéise ealaíontóirí Rúiseacha a athligean isteach; á thabhairt chun suntais go mbaineann réimis na Rúise agus na Bealarúise úsáid ghníomhach as an spórt agus as an gcultúr le haghaidh bolscaireacht stáit agus chun athrú a dhéanamh ar an insint maidir le déantóirí sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus coireanna cogaidh; á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht le lúthchleasaithe na hÚcráine a ndearnadh idirdhealú orthu, agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú go ndéanfar an dlí iomaíochta Eorpach a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go hiomlán; á iarraidh go gcuirfí cosc ar eisiúint víosaí an Aontais do lúthchleasaithe agus ealaíontóirí Rúiseacha nach bhfuil i bhfad ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>II.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacaíocht airgeadais fhadtéarmach don Úcráin agus cúiteamh cogaidh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh an fhógra ón gCoimisiún i mí Eanáir 2026 go gcuirfeadh sé EUR 90 billiún de thacaíocht chriticiúil ar fáil do riachtanais bhuiséadacha agus mhíleata na hÚcráine le linn dhá bhliain 2026-2027 agus á chur in iúl gur geal léi an tsolúbthacht is gá atá sa phacáiste faoin gcóras maolaithe a leagtar síos in Airteagal 13(5) den rialachán atá beartaithe lena mbunaítear an Iasacht Tacaíochta don Úcráin do 2026 agus 2027<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 (COM(2026)0020).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur geal léi gur réitigh an Chomhairle an tsáinn lena gcuirtear cosc ar oibríochtú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin agus ar dhíbhlocáil Chiste Cúnaimh na hÚcráine, faoin tSaoráid Eorpach Síochána, á iarraidh ar Rialtais na hUngáire, na Slóvaice agus na Seicia athmhachnamh a dhéanamh ar a socrú um rogha gan a bheith páirteach agus páirt a ghlacadh sna ráthaíochtaí don iasacht; á chur in iúl gur geal léi an chéad tráthchuid de EUR 3.2 billiún faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, a eisíocadh leis an Úcráin an 25 Meitheamh 2026
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige níos cuimsithí, níos fadtéarmaí agus níos straitéisí a ghlacadh chun tacú leis an Úcráin, a théann níos faide ná bearta cúnaimh <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>; á chur i bhfáth go bhfuil gá le straitéis struchtúrtha agus ilghnéitheach de chuid an Aontais lena gcomhcheanglaítear tacaíocht mharthanach mhíleata, eacnamaíoch agus thionsclaíoch; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí acmhainneachtaí táirgeachta cosanta na hEorpa a mhéadú go suntasach agus sásraí soláthair comhordaithe uile-Eorpacha a bhunú chun a áirithiú go seachadfar armlón agus trealamh go tráthúil agus go leordhóthanach chuig an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach mór don Rúis íoc as an damáiste ollmhór atá déanta san Úcráin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le creat airgeadais ilbhliantúil intuartha don Úcráin a chuideoidh leis an Úcráin costais téarnaimh agus chosanta a chumhdach le linn fhogha na Rúise gan éiginnteacht bhliantúil; á chur in iúl gur oth léi nár tháinig an Coimisiún agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Iasacht Chúiteamh-nasctha don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2025 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Iasacht Chúiteamh-Nasctha don Úcráin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (COM(2025)3502).</FIELD></FOOTNOTE> trí úsáid a bhaint as na hiarmhéideanna airgid a bhaineann le sócmhainní ceannasacha na Rúise agus á chur in iúl gur geal léi gur iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leanúint den obair ar ghnéithe teicniúla agus dlíthiúla na n-ionstraimí lena mbunaítear Iasacht Chúiteamh-nasctha bunaithe ar na hiarmhéideanna airgid a bhaineann le sócmhainní blocáilte na Rúise chun íoc as cosaint, atógáil agus cúiteamh na hÚcráine; á athdhearbhú gur gá na sócmhainní blocáilte sin a aistriú chuig meán sainchuspóireach tiomnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar an gCoinbhinsiún maidir leis an gCoimisiún Éileamh Idirnáisiúnta a Bhunú agus ag tathant go ndaingneofaí go pras é; ag moladh an togra ón gCoimisiún chun tús a chur leis an bpróiseas chun go mbeidh an tAontas ina chomhalta bunaidh den Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin, mar chéim i dtreo cuntasacht a áirithiú as coir an fhogha agus tacú le hiarrachtaí ceartais idirnáisiúnta; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas tacaíocht níos láidre do bhailiú fianaise agus do chaomhnú fianaise ar choireanna cogaidh na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear méadú suntasach ar chúnamh airgeadais, teicniúil agus fóiréinseach d’ionchúisitheoirí coireanna cogaidh agus do chomhlachtaí imscrúdaitheacha na hÚcráine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>III.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’aontachas leis an Aontas agus maidir le caibidlíocht aontachais </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór tiomantas leanúnach na hÚcráine ceanglais bhallraíochta an Aontais a chomhlíonadh agus a cumas dul chun cinn a dhéanamh ar chonair aontachais leis an Aontas Eorpach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór feidhmíocht na hÚcráine a mheas i gcónaí i gcomhthéacs chogadh foghach leanúnach na Rúise agus a tionchair dhiúltaigh ar phróisis dhaonlathacha agus ar riarachán poiblí na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á athdhearbhú, cé nach mór do phróiseas méadaithe an Aontais leanúint de bheith bunaithe go docht ar fhiúntas, de bheith oibiachtúil agus bunaithe ar chritéir Chóbanhávan agus ar choinníollacha an chreata um méadú, gur infheistíocht gheostraitéiseach chomhthairbheach é an méadú sa tsíocháin, sa chobhsaíocht agus sa tslándáil ar mhór-roinn na hEorpa chomh maith le hoibleagáid mhorálta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur san Aontas Eorpach atá todhchaí na hÚcráine agus ag aithint lánpháirtiú Eorpach na hÚcráine mar thosaíocht straitéiseach don Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag moladh ghlacadh Chlár Náisiúnta na hÚcráine chun Reachtaíocht na hÚcráine a oiriúnú do dhlí an Aontais Eorpaigh mar phríomhionstraim chun an próiseas ailínithe reachtaigh a phleanáil ar bhealach struchtúrtha agus trédhearcach, lena n-áirítear a amlíne uaillmhianach féin chun na céimeanna uile is gá a thabhairt chun críche chun tagarmharcanna a bhaint amach faoi dheireadh 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tabhairt chun críche an phróisis scagtha do na braislí uile, agus aird á tabhairt ar mheasúnú an Choimisiúin agus na Comhairle go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin i dtreo oscailt cnuasach caibidlíochta; ag moladh na hiarrata ón gComhairle Eorpach i mí an Mhárta 2026 ar an gComhairle na cnuasaigh chaibidlíochta uile a oscailt gan mhoill agus á iarraidh ar an gComhairle gníomhú láithreach chun obair leantach a dhéanamh ar an gcinneadh sin, ag tosú le cnuasach na mbunphrionsabal; idir an dá linn, á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún agus ó Uachtaránacht na Cipire ar an gComhairle leanúint den chaibidlíocht ar an leibhéal teicniúil in oirchill tús a chur leis an gcaibidlíocht amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tathant go láidir ar na Ballstáit uile, agus go háirithe ar Rialtas nua na hUngáire, stop a chur le cnuasaigh chaibidlíochta a oscailt agus scor d’úsáid a bhaint as ionchas ballraíochta na hÚcráine san Aontas sa pholaitíocht intíre agus san fheachtasaíocht pholaitiúil; is díol sásaimh di gur cuireadh tús leis an gcéad chnuasach bunúsach den chaibidlíocht aontachais agus tá sí ag súil go ndéanfaidh na cnuasaigh ina dhiaidh sin amhlaidh:
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go mbeidh impleachtaí suntasacha buiséadacha ag aontachas féideartha na hÚcráine leis an Aontas; á chur i bhfáth, áfach, go meastar go gcumhdófar formhór na gcostas atógála le foinsí eile seachas buiséad an Aontais agus go mbeidh gá, sa bhreis ar iarrachtaí ollmhóra intíre, le ranníocaíocht ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, ó infheistíocht phríobháideach agus ó thíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht phoiblí a chaomhnú agus a neartú tuilleadh sna Ballstáit agus san Úcráin do phróiseas an mhéadaithe agus d’aontachas na hÚcráine, lena n-éilítear cumarsáid shaincheaptha fhíricbhunaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear maidir le conas aghaidh a thabhairt ar ábhair imní dhlisteanacha faoin tionchar ar earnálacha eacnamaíocha áirithe agus ar bheartais de chuid an Aontais, amhail an comhbheartas talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an smaointeoireacht nuálach is mó is féidir a fheidhmiú chun a áirithiú nach mbeidh an plé maidir le ballraíocht na hÚcráine san Aontas ina thoisc dhiúltach i gcainteanna síochána, i dtíortha aontachais eile, ná i bpolaitíocht intíre na hÚcráine; á iarraidh ar na Ballstáit páirt ghníomhach agus chuiditheach a ghlacadh sa phlé ar thograí arb é is aidhm dóibh lánpháirtiú na hÚcráine san Eoraip a chur chun cinn, agus leasanna straitéiseacha an Aontais á léiriú ag an am céanna, agus an dinimic i dtíortha aontachais á cur san áireamh, lena n-áirítear iarrachtaí na Rúise an bonn a bhaint ó thacaíocht phoiblí do mhéadú agus aontachas an Aontais, agus slándáil na hÚcráine agus mhór-roinn na hEorpa amach anseo a chur chun cinn; á iarraidh an athuair go bhfeabhsófaí cumas an Aontais gníomhú trí na próisis chinnteoireachta a shimpliú, amhail vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach le haghaidh céimeanna idirmheánacha i bpróiseas an mhéadaithe agus cinneadh á dhéanamh maidir le cnuasaigh agus caibidlí caibidlíochta aonair a oscailt agus a dhúnadh, i gcomhréir go hiomlán leis na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>	ag meabhrú a seasaimh a glacadh roimhe seo maidir le sléacht Volhynia, á chur in iúl gur oth léi an géarú gan chúis gan ghá a rinne an tUachtarán Volodymyr Zelenskyy le déanaí trí aonad míleata mionlach d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine a athainmniú tar éis laochra Arm Ceannasach na hÚcráine (UPA); á chur in iúl gur oth léi an neamhaird ar íogaireachtaí agus ar bhrón na Polainne a bhaineann leis na mílte íospartach agus a dteaghlaigh a mheastar a bheith ag UPA, go háirithe i bhfianaise thacaíocht dhaingean na Polainne do chomhrac na hÚcráine i gcoinne fhogha na Rúise; á mheas go mbaineann an cinneadh sin an bonn ón gcaidreamh comharsanachta agus de na hiarrachtaí a rinneadh roimhe seo chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe neamhréitithe agus pianmhara den chaidreamh stairiúil déthaobhach de mheon an athmhuintearais dhílis agus nach bhfuil sé i gcomhréir le luachanna Eorpacha; á iarraidh go ndéanfaí díghéarú agus iarrachtaí athnuaite de mheon macánta i dtreo an athmhuintearais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mheas go rannchuidíonn beartas comhoibritheach agus réamhbhreathnaitheach na hÚcráine i leith a tíortha comharsanachta, lena n-áirítear díospóidí déthaobhacha a réiteach agus idirphlé stairiúil, le dul chun cinn sa phróiseas aontachais agus á chur i bhfios go láidir nár cheart mí-úsáid a bhaint as an bpróiseas aontachais chun bac a chur ar dhul chun cinn bunaithe ar fhiúntas ar an gconair Eorpach nó chun leasanna straitéiseacha níos leithne an Aontais a shárú, agus nach mór aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin trí idirphlé oscailte agus trí fhíorchomhar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>IV.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An daonlathas agus institiúidí daonlathacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag moladh go hard iarrachtaí urghnácha na hÚcráine chun institiúidí daonlathacha a neartú le linn an chogaidh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, an meath a tháinig le déanaí ar an gcaidreamh idir brainsí reachtacha agus feidhmiúcháin an rialtais; ag tathant go láidir ar na geallsealbhóirí uile caidreamh táirgiúil a athbhunú idir an rialtas agus Verkhovna Rada agus á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile san Úcráin, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht faoi láthair, aontacht pholaitiúil agus ceapadh beartas comhleanúnach agus cuimsitheach a chothú, agus ag tathant ar fhórsaí polaitiúla na hÚcráine leanúint de bheith aontaithe maidir le cosaint na tíre agus maidir lena conair lánpháirtithe san Aontas; á iarraidh, go sonrach, ar údaráis na hÚcráine an phrionsabal ‘roinnt na gcumhachtaí’, iolrachas agus cuimsiú ilpháirtí a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí agus ar chearta na n-údarás áitiúil agus na gcomhlachtaí féinrialaitheacha áitiúla, ar urraim don smacht reachta agus do shaoirsí bunúsacha, lena n-áirítear iolrachas na meán, i gcomhréir leis na prionsabail dhaonlathacha agus na luachanna daonlathacha atá muintir na hÚcráine a chosaint chomh diongbháilte agus chomh cróga sin; á iarraidh ar institiúidí an Aontais a rannpháirtíocht le Verkhovna Rada a dhoimhniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á athdhearbhú a ríthábhachtaí atá an aontacht pholaitiúil inmheánach mar cholún bunúsach d’athléimneacht fhadtéarmach na hÚcráine in aghaidh fhogha leanúnach Chónaidhm na Rúise; á athdhearbhú, thairis sin, a thábhachtaí atá sé iolrachas parlaiminteach a chaomhnú mar bhunchloch den rialachas daonlathach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhar cuiditheach agus fóinteach i measc na bhfórsaí polaitiúla parlaiminteacha uile a bhfuil ionadaíocht acu in Verkhovna Rada, agus é mar aidhm leis sin athléimneacht pholaitiúil, mhíleata, eacnamaíoch agus shóisialta a neartú agus critéir aontachais leis an Aontas a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag Verkhovna Rada maidir leis na hathchóirithe a ghlacadh go tráthúil; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ról institiúideach Verkhovna Rada a urramú agus a threisiú, agus ag tacú leis na hiarrachtaí leanúnacha athchóirithe chun feabhas a chur ar a chumas reachtach, ar a mhaoirseacht ar an bhfeidhmeannas agus ar a chuntasacht don phobal; á chur in iúl gur cúis bhuartha di moilleanna ar ghlacadh na ndlíthe sin agus á iarraidh ar Verkhovna Rada agus ar a chomhaltaí nós imeachta brostaithe a bhunú chun iad a ghlacadh go pras, agus grinnscrúdú parlaiminteach ar thograí reachtacha á chaomhnú go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tathant ar Rialtas na hÚcráine agus ar an bhfreasúra bealaí agus módúlachtaí praiticiúla a lorg go gníomhach, lena n-áirítear féachaint ar chuir chuige nua maidir le comhar polaitiúil leathan, oibriú le chéile chun athchóirithe Eorpacha a chur chun cinn ar chonair na hÚcráine i dtreo bhallraíocht san Aontas; á mheabhrú gur cúis bhuartha di na srianta ar thaisteal eachtrach ag comhaltaí Verkhovna Rada na hÚcráine, agus ag athdhearbhú a molta deireadh a chur leis na srianta ar thaisteal eachtrach a bhaineann le sainordú agus ar thaisteal eachtrach polaitiúil do chomhaltaí na parlaiminte; á mholadh go neartófaí cumas reachtóireachta Verkhovna Rada chun reachtaíocht ar cháilíocht níos fearr a tháirgeadh agus chun ‘spamáil reachtach’ a chomhrac, arb é nuair a scaiptear dréachtdlíthe comhthreomhara iomadúla ar dhroch-chaighdeán ar an ábhar céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach na hÚcráine i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i dTionól Parlaiminteach Euronest; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht chomhaltaí an fhreasúra in Verkhovna Rada ina chruinnithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cultúr polaitiúil cuiditheach a chothú agus comhar muinínbhunaithe a chothú i measc na bpáirtithe polaitiúla san Úcráin; ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht ghníomhach pharlaiminteoirí na hÚcráine in Idirphlé Jean Monnet ar son na Síochána agus an Daonlathais le Verkhovna Rada na hÚcráine agus i mbliana comóradh 10 mbliana ó seoladh é i mí Dheireadh Fómhair 2016; ag moladh na formáide sin mar ionstraim leanúnach agus chuiditheach d’idirphlé idirpháirtí a chuidigh leis an gceannaireacht agus le faicsin agus grúpaí parlaiminteacha uile Verkhovna Rada teacht ar chomhthoil maidir le hathchóirithe institiúideacha; ag spreagadh Verkhovna Rada babhta eile a thionól chun na hathchóirithe is gá do phróiseas aontachais na hÚcráine a chomhdhlúthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag moladh na n-iarrachtaí urghnácha atá déanta ag an Úcráin mar ullmhúchán do thoghcháin dhaonlathacha, a thionólfar a luaithe a chuirfear deireadh leis an dlí airm, agus á áitiú go gceadófar am iomchuí chun na caighdeáin agus na coinníollacha is gá a chomhlíonadh do shaorthoghcháin chóra; á mheabhrú, i gcomhréir le prionsabail dhaonlathacha a aithnítear go forleathan agus le Bunreacht na hÚcráine, nach féidir toghcháin a reáchtáil le linn cogaidh agus faoin dlí míleata, agus go n-éilíonn siad staid shábháilte fhoriomlán agus am leordhóthanach chun faisnéis a ullmhú agus chun rochtain a fháil uirthi chun caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh; á mheas, dá bhrí sin, gur míchuí é an brú rialtas na Stát Aontaithe ar an Úcráin toghcháin a reáchtáil fad a leanann cogadh foghach na Rúise ar aghaidh agus fad a bhfuil an tír faoi dhlí airm agus á mheas nach bhfónann sé sin do chuspóir na dlisteanachta daonlathaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag aithint obair thábhachtach na meithleacha a chruthaigh Verkhovna Rada chun reachtaíocht toghcháin a fhorbairt do na chéad toghcháin iarchogaidh; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit cúnamh a chur ar fáil chun reachtaíocht toghcháin na hÚcráine a athchóiriú, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní lena gcuirtear cosc ar dhaoine atá easáitithe go héigeantach páirt a ghlacadh i dtoghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta, agus cúnamh airgeadais a chur ar fáil, go háirithe chun vótáil a eagrú lasmuigh den Úcráin; á mholadh go dtacódh an tAontas Eorpach go hiomlán le Misean Idirnáisiúnta Breathnóireachta Toghchán fadtéarmach agus go n-ullmhódh sé é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil cogadh foghach na Rúise á fhearadh freisin i réimse na faisnéise agus ag cáineadh go láidir iarrachtaí na Rúise institiúidí na hÚcráine a dhídhlisteanú; á chur i bhfios go láidir go ndíríonn cogaíocht chognaíoch na Rúise ar thacaíocht phoiblí don Úcráin i ndaonlathais Eorpacha, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do pháirtithe polaitiúla éagsúla; á áitiú, dá bhrí sin, go bhfaighidh an Úcráin cúnamh ón Aontas chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac le linn a toghchán iarchogaidh, cosúil leis an gcúnamh a chuirtear ar fáil do Phoblacht na Moldóive, agus ag tathant ar an Úcráin agus ar an Aontas dul i gcomhar le chéile chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag moladh gur athbhunaíodh craoltaí parlaiminteacha, rud a chuir le dlisteanacht dhaonlathach na hÚcráine; ag aithint na ndúshlán a bhaineann leis na meáin iolraíocha a chothabháil i ndálaí cogaidh; á chur i bhfáth nach de chineál buan iad aon srianta a thugtar isteach faoi imthosca urghnácha den sórt sin agus gur cheart iad a athbhreithniú agus a choigeartú go rialta, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, i gcomhréir leis an staid atá ag teacht chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras nach dtugann fadú an chogaidh údar ann féin le leanúint ar aghaidh leis na srianta ar feadh tréimhse éiginnte, agus, de réir mar a neartaíonn athléimneacht na hÚcráine, gur cheart na bearta sin a mhaolú de réir a chéile, agus nach bhfanfadh i bhfeidhm ach na bearta sin a bhfuil géarghá leo agus atá comhréireach le breithnithe slándála náisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>V.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta agus athchóirithe breithiúnacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag moladh ghlacadh an phlean tosaíochta 10 bpointe um athchóiriú, ar a dtugtar ‘Plean Kos-Kachka’, a comhaontaíodh idir an tAontas agus an Úcráin i mí na Nollag 2025, atá ina chéim chun cinn chun an smacht reachta a neartú, an t-athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn agus iarrachtaí frithéillithe a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach atá á déanamh chun an plean a chur chun feidhme agus ag spreagadh na hÚcráine torthaí nithiúla a bhaint amach a luaithe is féidir, agus athchóirithe tábhachtacha á gcur ar aghaidh thar chéimeanna an phlé nó na meithle; á thabhairt chun suntais gur cheart a mheas go bhfuil leibhéal cur chun feidhme an phlean ag lár 2026 ar leibhéal thart ar 15 %, arna thomhas ag pobal meithleacha machnaimh na hÚcráine, míshásúil don Úcráin
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chun feidhme tráthúil agus iomlán, lena n-áirítear trí gharspriocanna atá sainithe go soiléir, táscairí intomhaiste agus sásraí faireacháin éifeachtacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an dul chun cinn teoranta atá déanta i réimsí tosaíochta áirithe agus ag tathant ar údaráis na hÚcráine dlús a chur leis an gcur chun feidhme ar bhonn tagarmharcanna soiléire agus tiomantas polaitiúil leanúnach, ós rud é go mbeidh cur chun feidhme tráthúil, inchreidte agus éifeachtach bunriachtanach chun athléimneacht dhaonlathach na hÚcráine a neartú agus chun a próiseas aontachais leis an Aontas a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh an tionscnamh suaitheanta Ukraine2EU, a thionscain an tAontas, an Liotuáin agus an Danmhairg agus a ndeachaigh an tSualainn, Éire agus an Pholainn isteach ann ina dhiaidh sin, lena gcuirtear cúnamh spriocdhírithe ar fáil d’institiúidí stáit na hÚcráine agus iad ag dul i ngleic leis na céimeanna chun próiseas aontachais leis an Aontas a thabhairt chun críche agus chun ullmhú do bhallraíocht san Aontas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tionscadail cúnaimh theicniúil amhail an ceann seo agus á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach dóibh agus go mbeadh níos mó Ballstát rannpháirteach; ag moladh freisin iarrachtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus tacú le tuilleadh dul chun cinn athchóirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn na hÚcráine in athchóiriú na mbreithiúna agus sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus á aithint go bhfuil dul chun cinn den sórt sin á dhéanamh faoi bhrú urghnách cogaidh; á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn marthanach agus brostaithe sna réimsí criticiúla sin, ós rud é go gcumasaíonn an smacht reachta trédhearcacht agus cuntasacht sna próisis atógála agus téarnaimh eacnamaíoch agus go gcuireann sé feabhas ar an timpeallacht infheistíochta agus ar mhuinín na gcomhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme threochlár an smachta reachta a glacadh i mí na Bealtaine 2025 agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil baint dhíreach ag an dul chun cinn sin le muinín an phobail as institiúidí stáit a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí nár ceapadh breithiúna a ndearnadh grinnfhiosrúchán idirnáisiúnta orthu chuig Cúirt Bhunreachtúil na hÚcráine; á iarraidh ar Verkhovna Rada an Dlí maidir leis an gCúirt Bhunreachtúil a ghlacadh i gcomhréir le tuairimí Choimisiún na Veinéise, lena n-áiritheofar nós imeachta roghnúcháin trédhearcach le rannpháirtíocht saineolaithe idirnáisiúnta agus tromlach parlaiminteach dhá thrian le haghaidh ceapachán; ag tathant ar an Úcráin leas a bhaint as an saineolas agus as an gcúnamh idirnáisiúnta atá ar fáil chun na breithiúna a chlaochlú, agus á aithint ag an am céanna gur gá bearta níos leithne a chur chun feidhme chun feidhmíocht agus neamhspleáchas a neartú; á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn maidir le hathchóiriú cuimsitheach ar Chomhlachas Barra Náisiúnta na hÚcráine mar ábhar tosaíochta do 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tathant ar an Úcráin iarracht bhreise a dhéanamh chun gairmiúlacht agus sláine shealbhóirí na n-oifigí breithiúnacha a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le ceapacháin thrédhearcacha sna breithiúna agus le cionta éillithe a imscrúdú go héifeachtach agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith ar gach leibhéal; ag spreagadh na hÚcráine chun próiseas roghnúcháin agus dífhostaithe an Ard-Ionchúisitheora a athchóiriú agus chun tionchar míchuí ar chásanna aonair a theorannú, lena n-áirítear trí shannadh uathoibríoch cásanna agus rochtain theoranta ar cháschomhaid; ag spreagadh na mbreithiúna leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua chun cabhrú le tearclíon foirne agus ualaí arda oibre a shárú; ag moladh na mbreithiúna as leanúint dá gcuid oibre faoi dhálaí dúshlánacha agus ag moladh shochaí shibhialta na hÚcráine as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe ar an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar an tSeirbhís Slándála (SBU) agus ar Bhiúró Stáit an Imscrúdaithe (SBI), ag tógáil ar thionscnamh an Uachtaráin Zelenskyy mar a fógraíodh an 2 Eanáir 2026, go háirithe aghaidh a thabhairt ar fhócas SBU ar fhrithfhaisnéis, ar fhrithsceimhlitheoireacht agus ar fhoinsí eile bagairtí slándála, chomh maith leis an bhféidearthacht go mbainfí mí-úsáid as cumhachtaí agus go gcaomhnófaí cearta an duine; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí a rinneadh chun na hinstitiúidí sin a athchóiriú le linn aimsir cogaidh; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár glacadh an dréachtdlí maidir le hathchóiriú SBI i seisiún iomlánach Verkhovna Rada faoi dheireadh mhí Aibreáin 2026; ag aithint rannchuidiú Mhisean Comhairleach an Aontais leis an Úcráin as an obair thábhachtach atá déanta aige maidir le lánpháirtiú na hEorpa, lena n-áirítear maidir le hathchóiriú na hearnála slándála, an smacht reachta agus cuntasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar Chód an Nós Imeachta Choiriúil agus ar an reachtaíocht ghaolmhar chun ceartas tapa ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha lena bhforáiltear do dhúnadh uathoibríoch imscrúduithe mar gheall ar dhul in éag teorainneacha ama imscrúdaithe réamhthrialach agus teorainneacha ama imscrúdaithe giorraithe, lena gcuirtear imscrúduithe éifeachtacha ar chásanna coiriúla casta i mbaol, lena n-áirítear cásanna éillithe ardleibhéil; ag tathant freisin ar údaráis na hÚcráine aghaidh a thabhairt ar chleachtais choinneála réamhthrialach agus ar mhí-úsáidí ceart nós imeachta; á mholadh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le rochtain ar thaifid phoiblí, agus riachtanais slándála le linn an chogaidh á n-aithint ag an am céanna; á mholadh gur tugadh isteach dlí nua maidir le brústocaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tathant ar údaráis na hÚcráine staonadh ó aon imeachtaí breithiúnacha a bhfuil údar polaitiúil leo agus ó smachtbhannaí pearsanta a thabhairt isteach i gcoinne ionadaithe an fhreasúra agus ceannairí eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go mbainfidh cleachtais den sórt sin an bonn de chaighdeáin dhaonlathacha agus de mhuinín an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na hÚcráine sáruithe ar chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le neamhspleáchas parlaiminteach a aithnítear go ginearálta a bhaint den reachtaíocht náisiúnta, amhail an sainordú saorionadaíoch, scaradh na gcumhachtaí, agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a mhéid a bhaineann siad le comhionannas earráideach comhalta de pharlaimint na hÚcráine le stádas oifigigh phoiblí; á chur i bhfáth go bhfeidhmíonn comhalta de pharlaimint na hÚcráine sainordú ionadaíoch agus nach mbaineann sé le haon ordlathas riaracháin, nach gceaptar é i bpost, nach gcomhlíonann sé feidhmeanna oifigiúla, agus dá bhrí sin nach féidir é a shainiú sa reachtaíocht náisiúnta mar oifigeach poiblí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>VI.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An troid in aghaidh an éillithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag na sainghníomhaireachtaí frithéillithe maidir le cásanna ardphróifíle a nochtadh agus a ionchúiseamh agus ag tabhairt ardmholadh do chur chun feidhme na sásraí sceithirí; á thabhairt chun suntais gur fianaise é nochtadh an éillithe ardleibhéil le déanaí ar an ngá atá le leanúint den éilliú a chomhrac agus ar rath na n-iarrachtaí chun é sin a dhéanamh; á aithint go bhfuil rath suntasach bainte amach ag an Úcráin maidir le héilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á chur i bhfáth go bhfuil cuntas teiste láidir agus do-aisiompaithe maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus ciontuithe deiridh i gcásanna éillithe ardleibhéil bunriachtanach i gcónaí; ag tabhairt rabhaidh go mbainfeadh aon chúlú ar athchóirithe frith-éillithe an bonn go mór ó mhuinín an phobail agus ó chonair lánpháirtíochta na hÚcráine san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi earcú mórscála fostaithe nua chuig Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine (NABU) agus chuig Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe (SAPO); á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur formheasadh straitéis forbartha NABU agus gur cuireadh tús leis an obair ar straitéis forbartha institiúideach SAPO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil obair ríthábhachtach déanta ag príomhinstitiúidí frith-éillithe, amhail NABU, chomh maith leis na hiarrachtaí atá déanta ag an tsochaí shibhialta neamhspleáchas na riarachán frith-éillithe a choinneáil agus a n-éifeachtúlacht a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh comhaltaí idirnáisiúnta an choimisiúin roghnúcháin do SAPO, agus ag an am céanna á chur in iúl gur cúis bhuartha di na saincheisteanna eiticiúla a ardaíodh i ndáil le duine de chomhaltaí na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn substainteach atá déanta ag Comhairle Phoiblí na Saineolaithe Idirnáisiúnta agus ag Coimisiún Ardcháilíochtaí na mBreithiúna maidir le hiarrthóirí a chur faoi agallamh trí phróiseas dian, neamhspleách, cuimsitheach agus trédhearcach don Ard-Chúirt Frith-Éillithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á áitiú go ráthóidh údaráis na hÚcráine neamhspleáchas institiúideach agus oibríochtúil NABU agus SAPO; ag cáineadh aon chur isteach polaitiúil, ionstraimiú nó imeaglú atá dírithe ar institiúidí frith-éillithe, lena n-áirítear cigireachtaí, ionchúisimh nó srianta oibríochtúla gan údar, agus á éileamh go gcuirfear deireadh láithreach le brú míchuí ó sheirbhísí slándála agus faisnéise, lena n-áirítear SBU; á chur i bhfáth gur réamhriachtanas lárnach é NABU agus SAPO a chosaint don smacht reachta, do phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas agus d’úsáid inchreidte na tacaíochta idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc feabhas a chur ar a nósanna imeachta fíoraithe dearbhaithe sócmhainní agus a hiarrachtaí a dhíriú ar oifigigh shinsearacha i réimsí a shainaithnítear mar réimsí ardriosca; ag tathant ar an Úcráin an t-athchóiriú ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistiú Sócmhainní a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear a fodhlíthe riachtanacha; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, seachas na sainchomhlachtaí frithéillithe, maidir le feabhas a chur ar a gcuntas teiste maidir le cásanna frithéillithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag moladh bhallraíocht na hÚcráine sa Mheitheal um Bhreabaireacht na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) mar chéim dhearfach i dtreo bhallraíocht iomlán ECFE agus mar dhearbhú breise ar thiomantas na hÚcráine do chaighdeáin idirnáisiúnta trédhearcachta agus dea-rialachais; ag aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Úcráin maidir le reachtaíocht frithbhreabaireachta a chur chun feidhme le haghaidh idirbhearta idirnáisiúnta mar chomhartha de thír a chomhtháthaíonn í féin i gcomhphobal domhanda na ngníomhaithe eacnamaíocha freagracha, agus ag spreagadh na hÚcráine leanúint dá hiarrachtaí an dul chun cinn sin a choinneáil ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá comhrac leanúnach i gcoinne na coireachta eagraithe; ag tathant ar an Úcráin iarrachtaí breise a dhéanamh chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne camscéimeanna agus calaois ar líne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>VII.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag moladh thiomantas na hÚcráine cearta bunúsacha a chaomhnú in ainneoin ionsaí leanúnach na Rúise, agus ag moladh go háirithe an phlean gníomhaíochta maidir le mionlach náisiúnta; ag spreagadh na hÚcráine idirphlé struchtúrtha agus cuiditheach a choinneáil ar bun le Ballstáit chomharsanachta maidir le cearta comhaltaí de mhionlaigh náisiúnta, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus le moltaí Choimisiún na Veinéise; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí atá déanta ag údaráis na hÚcráine chun an córas oideachais a athchóiriú agus á chur in iúl go bhfuil súil aici nach mbainfidh forálacha an Dlí maidir le hOideachas a thiocfaidh i bhfeidhm in 2027 an bonn de cheart mionlach chun oideachais ina dteanga dhúchais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar an Úcráin tacaíocht leanúnach a áirithiú don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do neamhspleáchas na meán; á iarraidh ar an Úcráin a áirithiú go mbeidh srianta dlí airm fíor-riachtanach agus comhréireach; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú pras, neamhspleách agus éifeachtach ar chásanna imeaglaithe agus ciaptha dhírigh, chomh maith le cineálacha indíreacha brú ar iriseoirí agus ar institiúidí na meán; á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag maoiniú leordhóthanach maidir le neamhspleáchas na craoltóireachta poiblí a áirithiú, lena gcuirtear ar a cumas a ról mar a chumhdaítear i ndlí na hÚcráine a chomhlíonadh, agus á iarraidh ar údaráis na hÚcráine a áirithiú go mbeidh ábhar a tháirgeann na meáin a mhaoinítear go poiblí ionadaíoch ar iolrachas polaitiúil agus sochaíoch na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mholadh go nglacfaí Bille uimh. 13597 lena neartaítear cosaintí dlíthiúla ar idirdhealú, coireanna fuatha agus fuathchaint ar fhorais cine, dath craicinn, creidimh pholaitiúla, reiligiúnacha agus eile, inscne, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, náisiúntacht, bunadh eitneach, sóisialta nó eachtrach, aois, staid sláinte, míchumas, stádas teaghlaigh agus maoine, cearta agus freagrachtaí teaghlaigh, áit chónaithe, teanga, slí bheatha nó ar fhorais eile, i gcomhréir le gealltanais na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais agus faoi phróiseas aontachais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha na hÚcráine a reachtaíocht shibhialta a nuachóiriú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh aon athchóirithe den sórt sin i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin an Aontais maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú, lena n-áirítear cearta na mban agus daoine LADTIA+ a chosaint; á chur in iúl gur geal léi an rialú a rinne Cúirt Uachtarach na hÚcráine le déanaí lena n-aithnítear lánúin chomhghnéis mar theaghlach <STRING ITALIC="on">de facto</STRING>; á iarraidh go nglacfaí dréachtdlí Uimh. 9103 maidir le haitheantas dlíthiúil a thabhairt do pháirtnéireachtaí sibhialta san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag moladh an ghrinnscrúdaithe agus na habhcóideachta a rinne sochaí shibhialta na hÚcráine as ar eascair gealltanas ó reachtóirí na hÚcráine dréachtleasuithe ar an gCód Teaghlaigh a tharraingt siar lena gcuirfí ar chumas na gcúirteanna pósadh leanaí do chailíní 14 bliana d’aois a fhormheas i gcásanna eisceachtúla; ag tathant ar Verkhovna Rada a áirithiú go ndéanfar na forálacha sin a tharraingt siar go buan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an Úcráin dul ar aghaidh le glacadh na reachtaíochta atá ina stad maidir le cosaint sonraí pearsanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis dí-institiúidithe agus an obair ar athchóiriú na seirbhísí inrochtaineachta agus athshlánaithe; á chur i bhfáth, áfach, gur gá reachtaíocht a ghlacadh go pras maidir le hathshlánú daoine faoi mhíchumas, agus a áirithiú ag an am céanna go sroichfidh na hathchóirithe cuimsitheacha sin an leibhéal áitiúil agus an leibhéal pobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>	ag tabhairt dá haire glacadh an dlí a cheadóidh do pharóistí Ceartchreidmheacha ón Úcráin dícheangal ó dhlínse Phatrarcacht Mhoscó agus cinneadh a dhéanamh go saor maidir lena gcleamhnacht ordlathach nua; ag tabhairt dá haire, i mí Lúnasa 2024, gur thíolaic paróistí Ceartchreidmheacha na Rómáine san Úcráin iarraidh ar aitheantas a thabhairt don chomhlachas reiligiúnach ‘Eaglais Cheartchreidmheach Rómánach san Úcráin’ mar chomhlachas reiligiúnach sa chaoi lena bhféadfadh paróistí Ceartchreidmheacha na Rómáine nach gcleamhnaíonn le dlínse Phatrarcacht Mhoscó a bheith cleamhnaithe leis; á iarraidh ar údaráis na hÚcráine an comhlachas reiligiúnach ‘Eaglais Cheartchreidmheach na Rómáine san Úcráin’ a chlárú gan a thuilleadh moille;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">VIII. Ról na sochaí shibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag moladh shochaí shibhialta na hÚcráine as a bheith fós gníomhach in ainneoin na gcruatan a bhíonn le mothú le linn an chogaidh; ag tathant ar gach údaráis na hÚcráine comhairliúchán fónta leis an tsochaí shibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go gcuirfear an t-ionchur a fhaightear uathu san áireamh go cuí, agus dul i ngleic le haon cineál brú polaitiúil arna chur ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar an Úcráin an Dlí maidir le hAchomhairc na Saoránach a ghlacadh chun dea-rialachas agus rannpháirtíocht na saoránach a áirithiú; ag aithint a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta i ndáil le feabhas a chur ar athléimneacht mhuintir na hÚcráine le linn an chogaidh agus ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta i dtéarnamh inbhuanaithe na hÚcráine i ndiaidh an chogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi úsáid ionstraimí an daonlathais dhigitigh, lena n-áirítear achainíocha leictreonacha agus litreacha oscailte, agus ag tacú le cineálacha rannpháirtíochta sibhialta níos struchtúrtha agus níos institiúidithe, lena n-áirítear do phobail diaspóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí agus institiúidí sochaíocha ábhartha eile san Úcráin a áireamh go córasach i ndearadh thacaíocht airgeadais agus athchóirithe ón Aontas agus san fhaireachán orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus idirnáisiúnta chun taithí a mhalartú le sochaí shibhialta na hÚcráine agus chun tacú léi, go háirithe a rannpháirtíocht i gcur i gcoinne fheachtais bhréagaisnéise na Rúise atá dírithe ar an Úcráin agus ar mhuintir na hÚcráine laistigh den Aontas; á iarraidh go gcuirfí tuilleadh feabhais ar an gcomhar leis na heagraíochtaí sin chun cearta bunúsacha a chosaint, athléimneacht faisnéise a neartú agus tacú le dioscúrsa poiblí inchreidte;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>IX.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhtháthú an mhargaidh aonair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur le comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i margadh aonair an Aontais, a bhfuil tairbhí eacnamaíocha ag baint leis don dá thaobh, don Úcráin agus do na Ballstáit; á chur i bhfáth gur gné ríthábhachtach é sin de thacaíocht eacnamaíoch an Aontais chun ionsaí na Rúise a chomhrac agus chun tionscal na hÚcráine a ullmhú chun oibriú faoi dhálaí mhargadh aonair an Aontais; á mholadh go leanfadh an Úcráin na 10 dtosaíocht a leagtar amach i bplean gníomhaíochta tosaíochta an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na dlúthnaisc idir atógáil agus comhtháthú ionchasach na hÚcráine i margadh aonair an Aontais a chur san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa phlean atógála bearta chun ailíniú rialála a chothú agus chun tacú le hinfheistíocht i mbonneagar criticiúil, i ngréasáin iompair agus i naisc iarnróid, agus ar an gcaoi sin comhlíonadh chaighdeáin an mhargaidh aonair a éascú agus comhar trádála agus eacnamaíoch leis na Ballstáit a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh an Úcráin isteach i limistéar ‘Fánaíocht ar Tháille Baile’ an Aontais i mí Eanáir 2026, rud a chuirfidh ceann de na tairbhí is inláimhsithe agus is braite ar an toirt a bhaineann le próiseas aontachais a dtíre leis an Aontas ar fáil do mhuintir na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí méadaithe na hÚcráine a seasaimh a ailíniú leis an Aontas agus leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála; ag spreagadh dlúthchomhar leis an Aontas maidir le caibidlíocht trádála idirnáisiúnta, go háirithe d’fhonn an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais agus a rannpháirtíocht i slabhraí luacha domhanda a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>X.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhar cosanta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á aithint go bhfuil tionscal cosanta na hÚcráine anois ina chomhpháirt ríthábhachtach agus chomhlántach de shlándáil na hEorpa, go háirithe maidir le hacmhainneacht táirgeachta ladrann, nuálaíocht a ndearnadh tástáil catha uirthi i gcórais gan foireann, cogaíocht leictreonach agus bogearraí láthair chatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an comhar méadaithe maidir le cúrsaí slándála agus cosanta idir an Úcráin agus an tAontas agus a Bhallstáit, go háirithe tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann faoin ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) agus faoin gclár um an tionscal cosanta Eorpach (EDIP) chun freastal ar riachtanais chriticiúla chosanta na hÚcráine agus chun comhtháthú thionscal cosanta na hÚcráine in éiceachóras tionsclaíoch an Aontais a éascú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aontachas na hÚcráine leis an gCiste Eorpach Cosanta mar thír chomhlachaithe agus á iarraidh go ndéanfaí an chaibidlíocht is gá go pras; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Tascfhórsa idir an tAontas agus an Úcráin um Chomhar Tionsclaíoch Cosanta agus tionscnamh BraveTech an Aontais; á iarraidh ar an Aontas tacú le comhtháthú bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hÚcráine laistigh de EDTIB, lena n-áirítear trí EDIP agus tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas a bheidh ann amach anseo; á aithint gur léiríodh saineolas na hÚcráine ar an láthair chatha arís sa Mheánoirthear agus Stáit na Murascaille á gcosaint ag an am céanna; á athdhearbhú go bhfuil an t-arm is mó taithí san Eoraip ag an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag cur béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le freachnaimh mhíleata chomhpháirteacha rialta a eagrú agus leis an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i gcreataí oiliúna agus oibríochtúla faoi stiúir an Aontais, mar bhealach chun ullmhacht, idir-inoibritheacht le fórsaí Eorpacha, agus ailíniú le caighdeáin ECAT a fheabhsú; á iarraidh, ina theannta sin, go méadófaí tionscnaimh infheistíochta chomhpháirteacha idir an tAontas agus an Úcráin in earnáil thionsclaíoch na cosanta, lena n-áirítear comhfhorbairt agus comhtháirgeadh trealaimh mhíleata, lena neartófaí cumais féinchosanta na hÚcráine; á iarraidh go ndéanfaí bearta leanúnacha chun an nasc idir boinn theicneolaíocha agus thionsclaíocha cosanta na hÚcráine agus na hEorpa a neartú, spleáchais straitéiseacha a laghdú, agus rannchuidiú leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht fhadtéarmach ar mhór-roinn na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le soghluaisteacht mhíleata a fheabhsú chun tacú le cosaint agus athléimneacht na hÚcráine, lena n-áiritheofar go ndéanfar trealamh agus cabhair dhaonnúil a imscaradh go tapa chuig fórsaí na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag stáit chladachúla na Mara Duibhe agus ag tíortha teorann thoir maidir le bealaí idirthurais slána, réamhshuíomh ábhair, agus comhordú oibríochtúil comhpháirteach leis an Úcráin a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bonneagar, idir-inoibritheacht agus creataí lóistíochta a neartú sna réigiúin sin, lena n-áirítear trí chleachtaí comhpháirteacha agus infheistíochtaí spriocdhírithe, chun cumais oibríochtúla na hÚcráine a fheabhsú, a hiomláine chríochach a neartú agus tuilleadh ionsaithe a dhíspreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis beartais iarshaighdiúirí na hÚcráine do 2030; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iarshaighdiúirí cogaidh na hÚcráine a athimeascadh go héifeachtach sa saol sibhialtach mar chuid thábhachtach de théarnamh fadtéarmach agus de chomhtháthú sóisialta na hÚcráine; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-iarshaighdiúirí faoi mhíchumas agus gur gá cur chun feidhme na mbeartas inrochtaineachta agus cearta daoine faoi mhíchumas a neartú; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Úcráin ina leith seo; ag aithint luach straitéiseach thaithí iarshaighdiúirí na hÚcráine ar shlándáil agus ar chosaint na hEorpa lena n-áirítear a bhfios gnó uathúil i gcogaíocht nua-aimseartha, amhail cur i gcoinne córais gan foireann, leigheas láithreach catha agus aslonnú taismeach i gcoinbhleacht ard-déine; á chur i bhfios go láidir gur gá a leochaileacht i leith imeallú sóisialta agus ionramháil naimhdeach a chosc, lena n-áirítear ag Cónaidhm na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creataí iomchuí a fhorbairt chun taithí uathúil na hÚcráine in aimsir an chogaidh maidir le cosaint shibhialta, athléimneacht bonneagair chriticiúil, an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise, agus rialachas faoi fhogha míleata iomlán a chomhtháthú i mbeartais ullmhachta, athléimneachta agus slándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag aithint an chúnaimh shubstaintiúil pholaitiúil, airgeadais, dhaonnúil agus mhíleata a chuir tíortha nach bhfuil san Aontas agus comhpháirtithe idirnáisiúnta ar fáil don Úcráin ó thús ionradh iomlán Chónaidhm na Rúise in 2022; á chur i bhfios go láidir go léiríonn an chomhghuaillíocht leathan tacaíochta sin tiomantas comhroinnte seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus leis na prionsabail a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gur rannchuidigh na Stáit Aontaithe go suntasach, agus gur chuir siad os cionn USD 66,9 billiún de chúnamh míleata ar fáil; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil ról tábhachtach ag an Ríocht Aontaithe, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag an Iorua, ag an Nua-Shéalainn agus ag an Astráil, atá ailínithe le smachtbhannaí idirnáisiúnta i gcoinne Chónaidhm na Rúise agus a rannchuidigh le tacú leis an Úcráin agus le hoiliúint pearsanra, chomh maith le cúnamh daonnúil agus macra-airgeadais don Úcráin;  ag aithint an chúnaimh thábhachtaigh a chuireann an Tuirc ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata agus dhaonnúil agus iarrachtaí taidhleoireachta; ag aithint, thairis sin, an chúnaimh dhaonnúil a chuir Poblacht na Moldóive ar fáil, a léirigh dlúthpháirtíocht réigiúnach i bhfianaise fhogha leanúnach na Rúise;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>XI.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi réiteach na díospóide idir an Úcráin agus an Ungáir (agus an tSlóvaic) maidir le seachadtaí ola na Rúise ar cuireadh isteach orthu trí phíblíne Druzhba; á chur i bhfios go láidir nach raibh aon ghanntanas soláthair san Ungáir ná sa tSlóvaic mar thoradh ar an díospóid, i bhfianaise na roghanna malartacha iompair a bhí ar fáil go héasca trí phíblíne Adria a bhfuil sé de bhuntáiste breise acu gan urraíocht a thabhairt do gheilleagar na Rúise; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh cuideachtaí Ungáracha a n-allmhairí fuinnimh ón Rúis ó thús ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, contrártha le beartais de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil praghsanna breosla san Ungáir os cionn an mheáin Eorpaigh agus go raibh argóintí faoi chostas méadaithe trí phíblíne Adria samhailteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit uile, ní hamháin Rialtas na hUngáire agus Rialtas na Slóvaice, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchais ar sholáthairtí fuinnimh Rúiseacha agus ar bhonneagar fuinnimh na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag cáineadh na ngníomhaíochtaí a rinne lucht forfheidhmithe dlí na hUngáire roimhe seo maidir le foireann bhanc Oschadbank na hÚcráine a choinneáil agus maidir le hurghabháil airgid thirim agus óir, a d’údaraigh custaim na hUngáire go cuí roimh ré; á chur in iúl gur geal léi gur réitíodh an díospóid le déanaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>XII.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag moladh na hÚcráine as an athchóiriú ar an riarachán poiblí a ghlacadh agus as an Úcráin a ionchorprú go praiticiúil i struchtúir rialachais agus i gcreataí eacnamaíocha, rialála agus slándála an Aontais; ag spreagadh Rialtas na hÚcráine chun cur chuige sistéamach a ghlacadh maidir le hathchóiriú an riaracháin phoiblí agus bainistiú airgeadais phoiblí, lena n-áiritheofar ailíniú leis an treochlár atá ann cheana, agus éifeachtúlacht a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Straitéis um Athchóiriú ar Bhainistíocht Airgeadais Phoiblí do 2026-2030 agus á mholadh go dtabharfaí an Straitéis maidir le hAthchóiriú ar an Riarachán Poiblí do 2026-2030 chun críche agus go nglacfaí go pras í; ag moladh an ratha a bhí ar an gclár ‘Cruthaigh an Úcráin’, lena gcabhraítear, ag tógáil ar an taithí a fuarthas sa Liotuáin, le hÚcránaigh óga a bhfuil taithí luachmhar idirnáisiúnta acu dul isteach in earnáil phoiblí na hÚcráine; á mholadh go leathnófaí an tionscnamh sin agus tionscnaimh chomhchosúla chun gairmithe a mhealladh ar ais chuig an Úcráin agus chun rannchuidiú lena haontachas leis an Aontas agus lena hatógáil iarchogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le Biúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine agus ar a Gníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistiú Sócmhainní a athchóiriú; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur ceapadh Ceann Sheirbhís Custaim Stáit na hÚcráine agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athchóiriú custaim a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag cur sonrú sna torthaí dearfacha a bhí sna tuarascálacha is déanaí ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, lena léirítear athléimneacht eacnamaíoch na hÚcráine agus an dul chun cinn atá déanta aici maidir le cobhsú maicreacnamaíoch in ainneoin an chogaidh leanúnaigh; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh clár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta le déanaí, ar fiú USD 1,8 billiún é, agus na hathchóirithe gaolmhara; ag tathant ar an Úcráin dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme na n-athchóirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh an Úcráin agus na Ballstáit comhoibriú go dlúth le chéile d’fhonn rannpháirtíocht eacnamaíoch fhéideartha dhaonra dídeanaithe agus diaspóra na hÚcráine a uasmhéadú chun athléimneacht agus cuimsitheacht théarnamh agus atógáil eacnamaíoch na hÚcráine atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí nithiúla a dhéanamh chuige sin; ag tabhairt dá haire go rachaidh an Treoir um Chosaint Shealadach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lenar cuireadh stádas dlíthiúil ar fáil do níos mó ná 4 mhilliún Úcránach san Aontas, in éag i mí an Mhárta 2027; á iarraidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar an Úcráin oibriú i dtreo beartas comhordaithe, comhchuibhithe agus dea-chumarsáide, lena soláthrófaí cinnteacht d’Úcránaigh atá ag ullmhú chun filleadh nó lena mbreithneofaí bealaí dlíthiúla chun fanacht i dtíortha óstacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá go mbeadh atógáil na hÚcráine, agus na pleananna ullmhúcháin lena mbaineann, nasctha go dlúth lena hathchóirithe aontachais leis an Aontais agus agus a bheith faoi threoir phrionsabail na cothroime sóisialta, na hinbhuanaitheachta, na trédhearcachta agus na húinéireachta áitiúla cuimsithí; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá athchóiriú na hÚcráine a bheith fréamhaithe i smacht láidir reachta, rialachas trédhearcach agus cuimsiú daonlathach; ag cur béim ar an bhfíoras nach coinníollacha le haghaidh aontachais leis an Aontas amháin iad athchóiriú breithiúnach, iarrachtaí frithéillithe agus feabhsuithe ar an riarachán poiblí ach go bhfuil siad bunúsach freisin chun infheistíocht a mhealladh agus muinín a athbhunú i measc chomhpháirtithe agus shaoránaigh na hÚcráine; á iarraidh go ndéanfaí cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a chomhtháthú i ngach iarracht atógála, lena n-áirítear ionadaíocht mhéadaithe do mhná agus do mhionlaigh i bpróisis chinnteoireachta go mbeadh ann don tionchar is mo agus d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil beartas comhtháthaithe an Aontais, mar an phríomhionstraim chun aontacht eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach a chur chun cinn, bunriachtanach chun cuspóirí bheartas réigiúnach an Aontais a bhaint amach agus chun comhar idir réigiúin an Aontais agus na hÚcráine a dhoimhniú; á iarraidh go gcuirfí an beartas sin san áireamh go hiomlán faoi chuimsiú an chomhair réigiúnaigh agus chomharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag cur béim ar thábhacht mhéadaitheach na hÚcráine mar chomhpháirtí straitéiseach don Aontas Eorpach maidir le príomh-thráchtearraí agus amhábhair chriticiúla a sholáthar, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta amhail gránaigh, olashíolta agus olaí plandúla, chomh maith le litiam, tíotáiniam agus acmhainní mianracha eile atá bunriachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach; ag tathant go mbeadh trédhearcacht, cuntasacht phoiblí agus coimircí leasa náisiúnta ann i ngach próiseas príobháidithe agus infheistíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sciar suntasach d’acmhainní criticiúla lonnaithe i gcríocha atá faoi fhorghabháil shealadach ag Cónaidhm na Rúise; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht neartaithe ón Aontas leis an Úcráin chun a hacmhainní nádúrtha, a hacmhainneacht talmhaíochta agus a hiomláine chríochach a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar an idirphlé sóisialta trípháirteach san Úcráin, lena n-áirítear le tacaíocht ón gcomhaontú comhpháirtíochta a síníodh le déanaí leis an Aontas agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS); á áitiú nach mór prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus gach coinbhinsiún ábhartha EIS a urramú le linn an phróisis réamhaontachais; á iarraidh ar an Úcráin leanúint de chomhfhogasú na gcaighdeán saothair, go háirithe maidir le saoirse comhthionóil agus idirphlé sóisialta; ag cur béim ar an ngá atá le comhairliúcháin leathana le ceardchumainn agus leis an tsochaí shibhialta agus á mholadh go gcuirfí saineolas EIS ar an ábhar san áireamh; ag tathant ar an Úcráin agus ar an gCoimisiún dul i dteagmháil leis na príomh-chomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear le ceardchumainn neamhspleácha, maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don ghá atá le bearta athchóirithe chun feidhmiú na timpeallachta gnó agus an gheilleagair margaidh a fheabhsú; á iarraidh go ndíreofaí níos mó ar bhearta chun saobhadh margaidh a cheartú agus ar bhearta cosanta sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascálacha maidir le cur isteach stáit ar ghnóthaí ceardchumainn, lena n-áirítear maoin cheardchumainn a urghabháil; á iarraidh go ndéanfaí sócmhainní ceardchumainn urghafa a thabhairt ar ais; á iarraidh ar údaráis na hÚcráine a áirithiú gur féidir le ceardchumannaithe a sainordú a fheidhmiú gan bhac agus á iarraidh go mbeadh cosaint dhlíthiúil iomlán ann i gcoinne cleachtais frith-cheardchumainn; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán gníomhach a dhéanamh ar staid na gceart saothair san Úcráin, i ndlúthchomhar le Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann agus EIS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha chun gluaiseachtaí caipitil a léirscaoileadh, lena n-áirítear trí ailíniú leis an Rialachán maidir leis an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/260/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus chun an comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>ag moladh rialachas il-leibhéil éifeachtach na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir leis an dílárú a chur chun cinn i gcomhréir le ceanglais aontachais an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh athchóirithe chun an féinrialtas áitiúil a chumhachtú i gcomhréir le prionsabail na Cairte Eorpaí um Fhéinrialú Áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>ag moladh na hÚcráine as 63 as 68 gcoinníoll athchóirithe a leagtar amach i bPlean na hÚcráine a chomhlíonadh, a ceapadh ar dtús le bheith curtha chun feidhme tar éis dheireadh an chogaidh agus a rinneadh fós le linn an chogaidh, rud a d’fhág go bhféadfaí EUR 26,8 billiún a eisíoc in 2025; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha cur chun feidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe chun an Úcráin a spreagadh chun ailíniú le reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>	ag moladh na hoibre ríthábhachtaí a dhéanann seirbhísí cúraim sláinte na hÚcráine ar bhonn laethúil, agus go háirithe altraí na hÚcráine, le linn an chogaidh; ag tabhairt dá haire go bhfaigheann sciar mór d’oibrithe na hearnála cúraim phoiblí pá íosta, arb ionann é faoi láthair agus glanphá UAH 6 658; á mheabhrú gurbh é UAH 10 979 an t-íosmhéid cothaithe iarbhír do dhuine amháin, a ríomh an Aireacht Beartais Shóisialta i mí na Nollag 2025; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá rialáil shonrach agus réasúnta a thabhairt isteach ar ualach oibre altraí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">XIII. Fuinneamh, iompar agus forbairt inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le hathchóirithe ar an earnáil fuinnimh agus ailíniú na hÚcráine le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus ag moladh na hÚcráine as dul chun cinn maith a dhéanamh maidir lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme, in ainneoin scriosadh forleathan na Rúise ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine; á chur i bhfáth gur cheart riachtanais láithreacha atógála, iomaíochas eacnamaíoch agus slándáil fuinnimh fhadtéarmach na hÚcráine a chur san áireamh san ailíniú le tionscnaimh an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis an tacaíocht do chóras fuinnimh na hÚcráine, agus á chur i bhfios go láidir go gcuireann athléimneacht níos fearr san Úcráin go díreach le slándáil fuinnimh níos leithne na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil tacaíocht fuinnimh leanúnach agus intuartha don Úcráin bunriachtanach chun athléimneacht shibhialtach, cobhsaíocht eacnamaíoch agus leanúnachas seirbhísí criticiúla a chosaint le linn ionsaithe leanúnacha agus roimh an gcéad séasúr geimhridh eile; á iarraidh ar an gCoimisiún atógáil na hearnála fuinnimh a shainaithint mar thosaíocht, ag bogadh ó chabhair éigeandála <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> i dtreo sásraí fadtéarmacha le haghaidh théarnamh, chosaint agus nuachóiriú na hearnála fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag an Úcráin mar sholáthraí fuinnimh agus táirgí atá dian ar fhuinneamh don chuid eile den Eoraip; á iarraidh go gcuirfí dlús le comhtháthú na hÚcráine i margadh fuinnimh an Aontais, mar cheann de na gnéithe a chuireann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear trí shioncrónú rialála agus infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite; á iarraidh go leanfar de bheith ag forbairt idirnasc fuinnimh le Ballstáit chomharsanachta agus le comhpháirtithe réigiúnacha, amhail Poblacht na Moldóive, d’fhonn comhtháthú breise i margadh fuinnimh an Aontais a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le hinfheistíochtaí i leathnú agus nuachóiriú na n-idirnasc fuinnimh trasteorann leis an Úcráin agus líonraí tarchurtha a chomhtháthú agus a chomhchuibhiú tuilleadh mar phríomhchéim ullmhúcháin i dtreo chomhtháthú na hÚcráine i margadh inmheánach fuinnimh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le comhaontú amach anseo go ndíolfaidh an Bhulgáir dhá imoibreoir núicléacha VVER-1000 leis an Úcráin mar shampla den chomhar fuinnimh a dhoimhniú, agus ag tabhairt dá haire, thairis sin, go rannchuideoidh sé sin le slándáil fuinnimh na hÚcráine; á thabhairt chun suntais acmhainneacht an tionscadail chun nascacht fuinnimh réigiúnach agus comhtháthú chóras fuinnimh na hÚcráine i gcóras fuinnimh an Aontais a neartú; á mholadh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar thionscnaimh chomhpháirteacha i réimsí amhail bonneagar fuinnimh, lena n-áirítear línte tarchurtha cumhachta agus stóráil fuinnimh, chomh maith le feabhas a chur ar naisc iompair idirmhódúil, d’fhonn slabhraí soláthair, lóistíocht agus trádáil idir an dá thír agus i mór-réigiún na Mara Duibhe a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur iarr an Úcráin go mbeadh eisceacht shealadach <STRING ITALIC="on">force majeure</STRING> ann maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha nó bearta gaolmhara a thabhairt isteach chun tionchar chogadh foghach na Rúise ar chumas na hÚcráine lorg carbóin a cuid tionscal a laghdú a chur i gcuntas; ag spreagadh an Choimisiúin dul i mbun comhairliúcháin agus é mar aidhm leis sin réitigh shealadacha atá inghlactha go frithpháirteach a shainaithint i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>ag tathant ar an Úcráin atógáil a úsáid chun atógáil chun feabhais, trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is neamhdhíobhálaí don aeráid agus na réitigh is costéifeachtaí agus is iontaofa d’earnáil fuinnimh na hÚcráine a mhéid is féidir, ag infheistiú i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh, agus ag íoslaghdú an tionchair ar an gcomhshaol ar fud an tslabhra táirgthe; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach an Choimisiúin sa réimse seo chun tacú le hathchóiriú earnáil fuinnimh na hÚcráine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis na hÚcráine úsáid straitéiseach a bhaint as na cistí faoin tSaoráid don Úcráin chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite; á iarraidh go ndéanfar dul chun cinn i gcur chun feidhme na ngealltanas atá ann cheana faoi Phlean na hÚcráine agus faoi phacáistí an chomhphobail fuinnimh, lena n-áirítear díchuacadh chuideachtaí dáileacháin fuinnimh réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na hÚcráine a beartas iompair a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus nascacht leis an Aontas a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an straitéis náisiúnta iompair agus an straitéis chun bonneagar teorann a fhorbairt agus a leathnú le Ballstáit AE agus leis an Moldóiv a chur chun feidhme; á iarraidh go gcuirfí dlús le nuachóiriú inbhuanaithe an bhonneagair iarnróid, bóthair, calafoirt agus trasnaithe teorann i gcomhréir le tosaíochtaí TEN-T; á iarraidh ar an Úcráin dlús a chur leis an athchóiriú iarnróid, lena n-áirítear ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, ag an am céanna, go bhfuil comhlíonadh na gcaighdeán comhshaoil i gcur chun feidhme tionscadal fuinnimh agus iompair ríthábhachtach chun an clár oibre athchóirithe is gá a chur chun cinn do chonair na hÚcráine i dtreo bhallraíocht san Aontas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go dtacódh an tAontas leis an Úcráin atógáil ar bhealach níos fearr ar bhonn na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis an tacaíocht don Úcráin, ó thaobh airgeadais agus saineolais de araon, chun dlús a chur lena hailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> comhshaoil an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin shuntasacha chomhshaoil fós roimh an Úcráin, ar dúshláin iad atá níos measa fós mar gheall ar an gcogadh leanúnach; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchair dhiúltacha thromchúiseacha fós ag fadú na coinbhleachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear truailliú ithreach agus uisce, díghrádú éiceachóras agus brú méadaithe ar acmhainní nádúrtha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chailliúint bithéagsúlachta a eascraíonn as sin, lena n-áirítear damáiste d’éiceachórais foraoise, steipe agus bhogaigh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cosaint agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil a chomhtháthú sna hiarrachtaí téarnaimh agus atógála; á iarraidh go neartófaí rialachas comhshaoil, go bhfeabhsófaí córais faireacháin agus go gcuirfí chun feidhme go héifeachtach measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus nósanna imeachta straitéiseacha maidir le measúnú comhshaoil, i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais faoi Chaibidil 27;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di forbairt feirmeacha tuirbíní gaoithe i limistéir ardchríche faoi chosaint i sléibhte Shléibhte Cairp in iarthar na hÚcráine, go háirithe an tsuiteáil 30 tuirbín atá beartaithe ar Shliabh Runa; á chur i bhfios go láidir go gcuireann fuinneamh gaoithe rogha mhalartach níos sláine agus níos inbhuanaithe ar bhreoslaí iontaise ar fáil agus á iarraidh ar an Úcráin a hacmhainneacht ard maidir le forbairt fuinnimh gaoithe lasmuigh de limistéir faoi chosaint a shaothrú; á chur i bhfáth nach gá do tháirgeadh fuinnimh ghlais agus do chaomhnú an dúlra a bheith comheisiach san Úcráin toisc go bhfuil limistéir eile talún ann atá ainmnithe cheana féin chun bonneagar fuinnimh a fhorbairt, gan gnáthóga uathúla agus foraoisí cianaosta, agus le bóithre rochtana atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid leanúnach ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia, atá fós faoi rialú neamhdhleathach na Rúise agus a bhfuil rioscaí suntasacha fós ag baint leis don tsábháilteacht agus don tslándáil núicléach mar gheall ar ghníomhaíocht mhíleata leanúnach ina chomharsanacht; á chur i bhfios go láidir gur cheart rannpháirtíocht na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, cé go bhfuil sé bunriachtanach chun sábháilteacht agus slándáil núicléach a áirithiú, a bheith de chineál teicniúil amháin i gcónaí; ag cur béim ar an bhfíoras, sa chomhthéacs sin, gur cheart an rannpháirtíocht sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, agus nár cheart í a fhorléiriú mar ní a dhéanann difear do stádas na saoráide; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé oibriú sábháilte agus slán an ghléasra a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach agus faoi údarás dlisteanach na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á mheabhrú gurb é 2026 comóradh 40 bliain thubaiste núicléach Shearnóbail, atá fós ar cheann de na timpistí núicléacha is tromchúisí riamh; ag cáineadh go láidir ionsaithe spriocdhírithe na Rúise ar shuíomh Ghléasra Cumhachta Núicléiche Shearnóbail agus an damáiste tubaisteach dá sciath chosanta, a tógadh chun ábhar radaighníomhach a shrianadh agus nach féidir léi a príomhfheidhm sábháilteachta a chomhlíonadh a thuilleadh, rud a ardaíonn rioscaí tromchúiseacha sábháilteachta núicléiche; ag tabhairt dá haire go meastar gurb ionann costas na ndeisiúchán agus EUR 500 milliún;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>