<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0260</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Moldóiv</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0164/2026 - Rapóirtéir:Sven Mikser)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2026 ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Moldóiv (2025/2258(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais Eorpaigh um méadú’ (COM(2025)0690), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Republic of Moldova 2025 Report’ [Tuarascáil 2025 maidir le Poblacht na Moldóive] (SWD(2024)0758),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2025 lena mbunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do Phoblacht na Moldóive<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/535, 21.03.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/535/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chlár Oibre don Athchóiriú faoi Phlean Fáis Phoblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Mholdóiv’ anseo feasta) do na blianta 2025 go 2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Moldóiv,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Moldóiv an 26 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón Uachtaránacht an 16 Nollaig 2025 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach tar éis an dara Cruinniú Mullaigh idir Poblacht na Moldóive agus an tAontas an 22 Meitheamh 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí an naoú cruinniú de Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive an 4 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana athnuaite idir Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint Phoblacht na Moldóive, a síníodh an 18 Márta 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0164/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, an 22 Meán Fómhair 2025, gur thug an Mholdóiv an scagadh déthaobhach i gcrích ar cuireadh tús leis an 10 Iúil 2024; de bhrí go bhfuil an Mholdóiv réidh chun tús foirmiúil a chur leis an gcaibidlíocht maidir le gach ceann de na sé chnuasach um chaibidlíocht aontachais leis an Aontas; de bhrí gur cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht maidir le cnuasach 1 (Bunphrionsabail) an 15 Meitheamh 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir Rialtas na Moldóive in iúl go bhfuil cuspóir aige atá uaillmhianach ach ar féidir é a bhaint amach, eadhon clabhsúr sealadach a chur ar chaibidlíocht aontachais faoi thús 2028 agus dul isteach san Aontas Eorpach faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur reáchtáil an Mholdóiv toghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025, as ar eascair tromlach ar son na hEorpa agus gur athdhearbhaíodh mianta mhuintir na Moldóive maidir le todhchaí Eorpach dá dtír, in ainneoin cur isteach eachtrach gan fasach ón Rúis agus ó ionadaithe na Rúise, a chaith, de réir oifigigh na Moldóive, coibhéis 2 % d’olltáirgeacht intíre na Moldóive, arb ionann é agus EUR 350 milliún, ar an gcur isteach sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Moldóiv i mbun caibidlíocht theicniúil leis an gCoimisiún maidir leis na sé chnuasach um chaibidlíocht aontachais leis an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Comhaontú Comhlachais, a chuimsíonn Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST), fós ina bhonn leis an gcomhlachas polaitiúil agus an comhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas agus an Mholdóiv, agus le hidirphlé polaitiúil agus eacnamaíoch rialta idir an dá thaobh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, an 19 Eanáir 2026, gur fhógair Rialtas na Moldóive go raibh sé ar intinn aige tarraingt siar go foirmiúil ó Chomhlathas na Stát Neamhspleách, an 2 Aibreán 2026 gur rith Parlaimint na Moldóive reachtaíocht go hoifigiúil ina léamh deiridh chun doiciméid bhunaidh na heagraíochta sin a cháineadh, agus an 6 Aibreán 2026 gur shínigh an tUachtarán Maia Sandu foraithne chun an dlí a fhógairt;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dul chun cinn i leith athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas, go háirithe i leith an smachta reachta agus i leith rialachais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag moladh na Moldóive as a tiomantas eiseamláireach leanúnach d’aontachas leis an Aontas agus as an dul chun cinn diongbháilte atá déanta aici maidir le hathchóirithe gaolmhara in ainneoin dúshláin shuntasacha inmheánacha agus sheachtracha, amhail cur isteach naimhdeach leanúnach ón Rúis; á chur in iúl gur geal léi measúnú an Choimisiúin go ndearna an Mholdóiv dul chun cinn sna caibidlí uile agus gur bhain sí an dul chun cinn bliantúil is mó amach i measc na dtíortha is iarrthóirí; á mheas go bhfuil an dul chun cinn sin thar a bheith suntasach i bhfianaise an bhrú gheopholaitiúil urghnách a leanann de bheith ar an tír; ag spreagadh na Moldóive chun luas na n-athchóirithe a choinneáil ar bun, ionas go mbeidh tairbhí nithiúla ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí mar thoradh ar an dul chun cinn, lena neartófar an fhorbairt eacnamaíoch, an athléimneacht agus an cóineasú leis an Aontas Eorpach i gcomhréir leis an uaillmhian shonraithe atá aici an chaibidlíocht aontachais a dhúnadh go sealadach faoi thús 2028;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais maidir le cnuasach 1 (Bunphrionsabail) an 15 Meitheamh 2026 tar éis don phróiseas scagtha déthaobhach bheith tugtha chun críche go rathúil i mí Mheán Fómhair 2025 agus gur cuireadh tús leis na cainteanna teicniúla maidir leis na cnuasaigh chaibidlíochta ina dhiaidh sin; á chur in iúl gur geal léi gur mheas an Coimisiún go bhfuil gach ceann de na sé chnuasach idirbheartaíochta réidh le hoscailt; ag tathant ar an gComhairle cur chuige fiúntasbhunaithe a ghlacadh agus na cnuasaigh uile a oscailt go foirmiúil gan a thuilleadh moille; ag meabhrú do na Ballstáit prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena gceanglaítear orthu staonadh ó aon bheart a d’fhéadfadh baint amach chuspóirí an Aontais a chur i mbaol, agus ag tathant orthu, dá bhrí sin, gan bac ná moill a chur ar chaibidlíocht aontachais bunaithe ar shaincheisteanna déthaobhacha; ag cur béim ar an bhfíoras go léireofaí go n-aithníonn an tAontas an méid nithiúil atá bainte amach ag an Moldóiv, agus go gcúitíonn sé í, trí thús a chur le caibidlíocht aontachais, rud a threiseodh inchreidteacht agus sláine phróiseas an mhéadaithe; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh treochláir maidir leis an smacht reachta, maidir leis an riarachán poiblí agus maidir le hinstitiúidí daonlathacha, agus gur glacadh an Clár Náisiúnta nuashonraithe maidir le hAontachas leis an Aontas Eorpach don tréimhse 2025-2029; ag moladh an dul chun cinn atá déanta cheana ag an Moldóiv ar an leibhéal teicniúil maidir le acquis an Aontais a thrasuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go léireodh luas phróiseas aontachais na Moldóive an dul chun cinn suntasach atá déanta aici maidir le hathchóirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht ullmhúcháin a éascú agus a chur ar fáil go gníomhach, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, fíoruithe leantacha agus fothú acmhainneachta riaracháin, chun a chur ar chumas na Moldóive dul chun cinn éifeachtach a dhéanamh sa chaibidlíocht agus i ngach cnuasach ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á aithint go gcuireann lánpháirtiú na Moldóive san Eoraip go dearfach leis an gcobhsaíocht agus leis an tslándáil san Eoraip agus go bhfeidhmíonn sé mar chatalaíoch ríthábhachtach d’athléimneacht dhaonlathach agus athchóiriú institiúideach na tíre, don smacht reachta agus d’fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag an Moldóiv maidir le hearnáil an cheartais a athchóiriú; á mheabhrú don Mholdóiv a tiomantas do na moltaí ó Choimisiún na Veinéise a leanúint; á chur i bhfáth go n-éilíonn inbhuanaitheacht na n-athchóirithe úinéireacht leathan pholaitiúil agus idirphlé cuimsitheach ar fud an speictrim pholaitiúil, chomh maith le comhairliúchán fóinteach leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara gairmiúla; ag aithint thoil pholaitiúil chomhsheasmhach agus iarrachtaí leanúnacha na Moldóive córas breithiúnach neamhspleách, neamhchlaonta, cuntasach agus gairmiúil a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Moldóive a áirithiú go ndéanfar próiseas grinnfhiosrúcháin na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí ar bhealach cuimsitheach, intuartha agus láidir ó thaobh an dlí de agus ag spreagadh na tíre an próiseas a thabhairt i gcrích go héifeachtach gan mhoill, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach grinnfhiosrúchán a chur i gcrích chun muinín an phobail as na breithiúna a áirithiú, chun deireadh a chur le breithiúna neamhiontaofa, agus chun an smacht reachta a threisiú mar bhunchloch do lánpháirtiú AE; á iarraidh ar an Moldóiv acmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus daonna a áirithiú do chomhlachtaí breithiúnacha agus leanúint de bhearta a dhéanamh chun a n-acmhainneachtaí a neartú chun, inter alia, aghaidh a thabhairt ar easnamh breithiúna agus ionchúisitheoirí, laghdú a chur ar fhad na n-imeachtaí, go háirithe i gcásanna éillithe agus coireachta eacnamaíche, agus feabhas a chur ar dhigitiú, inrochtaineacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an cheartais do gach saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn comhsheasmhach déanta ag an Moldóiv maidir leis an éilliú a chosc agus a chomhrac, agus go bhfuil cuntas teiste feabhsaithe aici i gcásanna ardleibhéil agus i gcásanna nach cásanna ardleibhéil iad chomh maith; á thabhairt chun suntais gur gá acmhainneachtaí oibríochtúla, neamhspleáchas institiúideach, gairmiúlacht agus cuntasacht a neartú tuilleadh, agus sásraí comhordúcháin a fheabhsú i measc na bpríomhinstitiúidí uile in aghaidh an éillithe agus na bpríomhinstitiúidí ceartais uile, chun an rath fadtéarmach d’athchóirithe cuimsitheacha a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór iarrachtaí in aghaidh an éillithe a shaothrú ar bhealach comhsheasmhach, dípholaitithe agus trédhearcach, agus tionscnaimh reachtacha ad hoc nó bhrostaithe á seachaint a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón ndeimhneacht dhlíthiúil agus ón muinín institiúideach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do cháilíocht, d’inbhuanaitheacht agus do phróis chuí seachas do luas na n-athchóirithe chun inchreidteacht agus athléimneacht fhadtéarmach an chreata in aghaidh an éillithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur príomhthosaíocht i gcónaí é leanúint d’aghaidh a thabhairt ar thionchar na struchtúr olagarcach i réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus na meán chun lánpháirtiú na Moldóive san Eoraip a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurbh iad toghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025 an cúigiú vóta as a chéile lenar deimhníodh tacaíocht mhuintir na Moldóive d’aontachas na tíre leis an Aontas agus d’athchóirithe gaolmhara; ag géarcháineadh na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise, ag olagarcaí atá ar son na Rúise agus ag seachfhórsaí na Rúise an tír a dhíchobhsú, bréagaisnéis a chruthú agus a scaipeadh, deighilt a chothú i sochaí na Moldóive, an bonn a bhaint ó institiúidí daonlathacha na tíre, agus a conair Eorpach a aisiompú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an measúnú a rinne an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)/an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) go raibh na toghcháin pharlaiminteacha dea-eagraithe agus iomaíoch agus gur thug siad rogha shoiléir do vótálaithe maidir le roghanna polaitiúla; á iarraidh ar an Moldóiv a reachtaíocht a bhaineann le toghcháin agus lena próisis toghcháin a ailíniú tuilleadh le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta agus na moltaí uile ó Choimisiún na Veinéise agus ó ESCE/ODIHR nár tugadh aghaidh orthu a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag moladh na hathléimneachta a léirigh institiúidí agus sochaí na Moldóive maidir le sláine an phróisis toghcháin a chosaint in ainneoin feachtas ollmhór hibrideach ón Rúis agus óna seachfhórsaí; ag tabhairt dá haire gurbh iad na príomhchúiseanna a bhí leis an rath sin ná iarrachtaí tráthúla agus comhordaithe údaráis na Moldóive, rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta agus na meán neamhspleách agus tacaíocht an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear trí Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais sa Mholdóiv (EUPM);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh gur próiseas leanúnach agus athraitheach é cur isteach mailíseach na Rúise lena n-éilítear faireachán leanúnach agus freagairt bunaithe ar chur chuige uile-shochaí, cumais agus acmhainní institiúideacha leormhaithe; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a dtacaíocht d’athléimneacht institiúideach, d’acmhainneachtaí cumarsáide straitéisí, don chibearshlándáil, do na meáin neamhspleácha agus do choimircí daonlathacha na Moldóive a neartú; á chur i bhfáth gur cheart go gcomhlíonfadh a hiarrachtaí, chun scaipeadh na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise ón Rúis a chomhrac, na ceanglais a bhaineann leis an dlíthiúlacht, an riachtanas agus an chomhréireacht; ag tabhairt dá haire gur féidir an taithí a fuarthas sa Mholdóiv a úsáid chun daonlathais eile a bhfuil bagairtí hibrideacha comhchosúla os a gcomhair a chosaint; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gníomhaíochtaí na líonraí atá ar son na Rúise, atá nasctha le teacht timpeall ar smachtbhannaí ar mhórscála, cur isteach toghchánach agus feachtais bhréagaisnéise trí úsáid a bhaint as bonneagair chriptea-airgeadra atá nasctha le gníomhaithe airgeadais na Rúise amhail Promsvyazbank; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar maidir le faisnéis airgeadais a neartú, forfheidhmiú smachtbhannaí a fheabhsú agus tacú le húdaráis na Moldóive comhrac in aghaidh sreabha aindleathacha airgeadais agus cur isteach eachtrach trí thíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí smachtbhannaí spriocdhírithe agus bearta cibearfhaireacháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag diaspóra na Moldóive maidir leis an tír a choinneáil ar a conair Eorpach, mar a léirítear lena rannpháirtíocht ghníomhach i bpróisis dhaonlathacha, lena n-áirítear toghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025, agus lena rannchuidiú suntasach le forbairt shocheacnamaíoch na Moldóive; á iarraidh ar údaráis na Moldóive leanúint de naisc leis an diaspóra a neartú agus a rannpháirtíocht ghníomhach i bpróiseas lánpháirtíochta na tíre san Eoraip a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Moldóive a sainordú láidir atá ar son na hEorpa a threisiú chun dlús a chur le luas na bpríomh-athchóirithe is gá do chonair bhallraíochta san Aontas agus chun an uaillmhian a bhaint amach maidir leis an gcaibidlíocht aontachais a dhúnadh faoi thús 2028; ag aithint thiomantas láidir na Moldóive mar thír is iarrthóir tabhairt faoi athchóirithe atá dian ach riachtanacha; ag tathant ar scothaicme pholaitiúil na Moldóive comhdhearcadh polaitiúil a chothú maidir le haontachas leis an Aontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach muinín shaoránaigh na Moldóive i bpróiseas aontachais leis an Aontas a chothú, lena n-áirítear trí chaibidlíocht aontachais a oscailt go tráthúil agus go foirmiúil; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Coiste Parlaiminteach tiomnaithe um Lánpháirtiú na hEorpa laistigh de Pharlaimint na Moldóive agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar traspháirtí chun go mbeidh rath inbhuanaithe ag athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo bhallraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí toilteanach ar leanúint de bheith ag tacú le Parlaimint na Moldóive trí ghníomhaíochtaí a chomhaontófar go frithpháirteach, agus a fhreagróidh do riachtanais na hinstitiúide sin, a comhaltaí tofa agus a foirne, a dhéanamh chun tacú leis an daonlathas; á thabhairt chun suntais gur osclaíodh oifig Chomhpháirtíocht an Oirthir de chuid Pharlaimint na hEorpa go foirmiúil i gCísineá an 7 Samhain 2025, rud a léiríonn tiomantas na Parlaiminte a rannpháirtíocht leis an Moldóiv agus le réigiún iomlán Chomhpháirtíocht an Oirthir a dhoimhniú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an meabhrán tuisceana athnuaite a shínigh an tUachtarán Metsola agus Spéicéir Pharlaimint na Moldóive Igor Grosu i mí an Mhárta 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur eagraíodh an chéad Chruinniú Mullaigh riamh idir an tAontas agus an Mholdóiv i mí Iúil 2025 mar gharsprioc mhór pholaitiúil sa chaidreamh idir an tAontas agus an Mholdóiv agus mar chomhartha láidir polaitiúil tacaíochta do cheannasacht, do chobhsaíocht dhaonlathach agus do chonair Eorpach na Moldóive; ag cur sonrú sa dearbhú comhpháirteach tar éis an dara Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Mholdóiv an 22 Meitheamh 2026 ina leagtar béim ar thiomantas na Moldóive leanúint den smacht reachta a neartú agus ar spreagadh an Aontais dlús breise a chur leis na hiarrachtaí i réimsí athchóiriú na mbreithiúna agus an chomhraic i gcoinne an éillithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur i gcoinne na bréagaisnéise maidir le próiseas lánpháirtíochta na hEorpa; ag tathant ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar Rialtas na Moldóive dlús a chur lena n-iarrachtaí comhpháirteacha maidir le cumarsáid straitéiseach chun infheictheacht an Aontais sa Mholdóiv a fheabhsú; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le feachtais spriocdhírithe chun míniú a thabhairt ar na tairbhí inláimhsithe laethúla a bhaineann le hullmhúcháin d’aontachas leis an Aontas agus le tionscadail arna gcistiú ag an Aontas do phobal na Moldóive, go háirithe i gceantair thuaithe agus i réigiúin tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais sa Mholdóiv, ar gníomhaíochtaí iad a chuireann feabhas ar cháilíocht na díospóireachta daonlathaí agus na hathléimneachta i gcoinne na bréagaisnéise; á chur in iúl gur geal léi an comhar idir údaráis na Moldóive agus gníomhaithe na sochaí sibhialta, inter alia, leis an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED) mar uirlis lenar féidir an folús atá fágtha ag díchóimeáil Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) sa réigiún a líonadh; ag tréaslú le EED sa chomhthéacs sin as 62 % níos mó deontas a chur ar fáil in 2025 ná mar a cuireadh ar fáil in 2024, agus gan ach 34 % níos mó buiséid ann; á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh EED a thacaíocht d’eintitis na Moldóive faoi thrí in 2025 i gcomparáid le 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á athdhearbhú gur féidir tacaíocht mhuintir na Moldóive do lánpháirtiú na hEorpa a neartú trí fheabhas inbhraite a chur ar a slite beatha, trí institiúidí stáit a neartú, trí chóras láidir leasa a threisiú, tríd an mbochtaineacht a chomhrac, tríd an gcaighdeán maireachtála ar fud na tíre a ardú, agus trí éilliú agus tionchar olagarcach a chomhrac;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn maith atá déanta go dtí seo maidir le Plean Fáis na Moldóive agus an Clár Oibre don Athchóiriú atá mar bhonn taca leis a chur chun feidhme, arb é is aidhm dó tacú le hathchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha na Moldóive agus feabhas a chur ar a rochtain ar mhargadh aonair an Aontais; á chur in iúl gur geal léi eisíocaíocht EUR 270 milliún i réamh-mhaoiniú agus EUR 207,9 milliún i dtacaíocht bhreise ón tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv, lena n-áirítear an dara tráinse i mí an Mhárta 2026 arb ionann é agus EUR 189 milliún san iomlán, mar thoradh ar an tír 24 as 26 chéim athchóirithe san iomlán a bhaint amach agus spriocdháta mhí na Nollag 2025 ag gabháil leo; á iarraidh ar an Moldóiv leanúint de bheith ag obair chun an dá chéim athchóirithe atá fágtha a thabhairt chun críche a bhfuil spriocdháta de 2025 ag gabháil leo agus ag tacú léi san iarracht sin; á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta inmheánacha a chuíchóiriú chun a áirithiú go ndéanfar measúnú agus eisíocaíocht thráthúil ar chistí nuair a ghlacfar reachtaíocht sa Mholdóiv, ar dréachtaí iad a thíolaic údaráis na Moldóive roimhe seo agus a ndeachaigh siad i gcomhairle leo ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh riaracháin agus teicniúil a chur ar fáil d’údaráis na Moldóive chun a áirithiú go n-ionsúfar cistí ón tSaoráid Athchóirithe agus Fáis go tráthúil agus go héifeachtach; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive cumarsáid, trédhearcacht, infheictheacht agus cuntasacht éifeachtach a áirithiú maidir le húsáid cistí ón tsaoráid sin, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht chuiditheach na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí cúnamh riaracháin agus teicniúil spriocdhírithe ar fáil le buiséad 2027 an Aontais chun an Mholdóiv a ullmhú don aistriú chuig struchtúr nua an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ar na bacáin agus na hionstraime um an Eoraip Dhomhanda; á chur i bhfáth gur gá cabhrú le riarachán na Moldóive oiriúnú do shamhail seachadta cholún ‘na hEorpa’ a bheidh ann di amach anseo; á chur i bhfáth nach mór leithdháileadh agus scaoileadh cistí a bheith coinníollach go docht ar gharspriocanna athchóirithe comhaontaithe a chomhlíonadh, ar chobhsaíocht mhacrairgeadais, ar bhainistiú fónta airgeadais, ar thrédhearcacht chur chun feidhme an bhuiséid agus ar choimircí éifeachtacha i gcoinne calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a bheith i bhfeidhm; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún leithdháileadh tíre sonrach leormhaith don Mholdóiv a áireamh sa chéad CAI eile de chuid an Aontais laistigh de cholún ‘na hEorpa’ um an Eoraip Dhomhanda a bheidh ann di amach anseo agus tús a chur le hullmhú na Moldóive chun cistí réamhaontachais amach anseo a úsáid go héifeachtúil; á áitiú go bhfuil gá le leithdháiltí réamhaontachais sainráite agus trédhearcacha chun caiteachas a rianú go héifeachtach agus chun caolú cistí laistigh de cholúin gheografacha leathana a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag moladh an chomhaontaithe ar thángthas air an 24 Iúil 2025 maidir le hathbhreithniú agus tabhairt cothrom le dáta théarmaí trádála LDCST idir an tAontas agus an Mholdóiv<FOOTNOTE><FIELD> Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.08.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcuirtear cobhsaíocht agus intuarthacht ar fáil d’oibreoirí an Aontais agus na Moldóive, agus lena méadaítear tarraingteacht na tíre d’infheisteoirí; ag tabhairt dá haire go raibh an comhaontú i gcomhthráth le dul in éag na mbeart trádála uathrialach a deonaíodh don tír ó mhí Iúil 2022, lenar cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus cuótaí ar onnmhairí na Moldóive chuig an Aontas ar fionraí agus, ar an gcaoi sin, gur chuidigh sé leis an Moldóiv a trádáil a atreorú i dtreo an Aontais chun tairbhe an dá thaobh; á thabhairt chun suntais gurb é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv, arb ionann é agus 67,5 % d’onnmhairí iomlána agus 54,1 % d’allmhairí iomlána in 2025, agus 86 % d’infheistíochtaí díreacha coigríche (IDC) in 2024 chomh maith, rud a dhaingníonn a sheasamh mar cholún lárnach IDC i ngeilleagar na Moldóive; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíochtaí díreacha an Aontais i ngeilleagar na Moldóive chun comhtháthú eacnamaíoch na tíre i margadh aonair an Aontais a éascú, chun deiseanna fostaíochta agus gnó a ghiniúint agus chun slite beatha na saoránach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhtháthú eacnamaíoch na Moldóive i margadh aonair an Aontais a dhoimhniú agus ag spreagadh céimeanna breise i dtreo comhtháthú earnálach de réir a chéile agus léirscaoileadh trádála uaillmhianach, inbhuanaithe, de réir a chéile, lena n-áirítear trí chuótaí rátaí taraife a leathnú agus a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a dhíothú de réir a chéile, i gcomhréir le creat athbhreithnithe LDCST, chun tairbhí eacnamaíocha nithiúla a bhaint amach, athléimneacht na Moldóive a neartú agus tacú lena conair lánpháirtíochta Eorpaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, féachaint ar léirscaoileadh breise trádála de réir a chéile i dtáirgí agraibhia, lena n-áirítear deireadh a chur leis na bacainní neamhtharaife atá fós ann agus tacaíocht mhéadaithe d’ailíniú rialála, go háirithe maidir le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta agus bacainní teicniúla ar thrádáil agus méaduithe leath-uathoibríocha ar tharaif-chuótaí a thabhairt isteach, atá nasctha le rátaí úsáide agus le comhlíonadh chaighdeáin an Aontais, agus sásraí coimirce iomchuí á n-áirithiú do tháirgeoirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an méadú suntasach ar thrádáil réigiún Tras-dnístria leis an gcuid eile den Mholdóiv agus a spleáchas ar onnmhairiú an Aontais na dálaí a chumasú do chóineasú eacnamaíoch an réigiúin le creat dlíthiúil na Moldóive, lena gcothófar athimeascadh eacnamaíoch de facto a d’fhéadfadh a bheith ina bhonn pragmatach do réiteach polaitiúil síochánta agus d’athaontú na tíre ar deireadh; ag tacú le hiarrachtaí na Moldóive réigiún Tras-dnístria a áireamh i mbearta cóineasaithe eacnamaíoch agus rialála a bhaineann le margadh aonair an Aontais; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na n-údarás i gCísineá cur i bhfeidhm reachtaíocht chánach na Moldóive a leathnú chuig cuideachtaí atá ag feidhmiú i réigiún na Tras-dnístria mar chéim i dtreo ailíniú rialála agus comhtháthú eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus na meáin neamhspleácha maidir le faireachán a dhéanamh ar rialachas agus ar dhul chun cinn na n-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas; á áitiú go leanfaidh tacaíocht airgeadais do ESSanna na Moldóive faoi bhuiséad 2027 AE agus faoin ionstraim um an Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo de bheith neamhspleách ar an dul chun cinn atá déanta ag an rialtas maidir le hathchóirithe; á iarraidh go mbeadh sruthanna cistiúcháin intuartha, tiomnaithe, solúbtha agus inrochtana ann do ESSanna áitiúla agus do chosantóirí chearta an duine trí na sásraí maoinithe nua a áirítear sa Chlár Oibre don Athchóiriú chun a áirithiú gur féidir leo oibriú go héifeachtach; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive dul i mbun fíorchomhar éifeachtach leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear trí bhuanardáin chomhairleacha; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gclár náisiúnta a chur chun feidhme chun ESSanna a fhorbairt don tréimhse 2024-2027; á chur in iúl gur geal léi na comhairliúcháin rialta a reáchtáladh maidir le próiseas aontachais leis an Aontas agus na hathchóirithe a bhaineann le haontachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh an athuair go gcuirfí dlús le comhtháthú na Moldóive de réir a chéile i margadh aonair an Aontais trí leanúint dá creat dlíthiúil agus rialála a ailíniú le acquis an Aontais agus tríd an tír a chomhlachú le tuilleadh clár, gníomhaireachtaí agus tionscnamh de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach, le seirbhísí airgeadais agus leis an nuálaíocht; ag tréaslú leis an Moldóiv as a bheith ina cuid oibríochtúil den Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro ón 6 Deireadh Fómhair 2025 i leith, as aistrithe in euro a éascú agus as costais a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na Moldóive; á chur in iúl gur geal léi cuimsiú na Moldóive i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2026, lena gceadaítear do shaoránaigh na Moldóive a n-uimhreacha teileafóin ón Moldóiv a úsáid agus iad ag taisteal san Aontas gan táillí fánaíochta a thabhú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag na tairbhí nithiúla sin maidir le tacaíocht phoiblí do lánpháirtiú an Aontais a neartú; ag spreagadh tuilleadh ailínithe le acquis digiteach an Aontais agus iarrachtaí leanúnacha chun nascacht, bonneagar digiteach agus comhtháthú margaidh a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le dlús a chur le hathchóiriú cuimsitheach ar an riarachán poiblí; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive státseirbhís atá go hiomlán bunaithe ar fhiúntas, gairmiúil agus trédhearcach a áirithiú ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil araon, rud atá bunriachtanach chun acquis an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach; á chur i bhfáth go bhfuil athchóiriú fóinteach críochach-riaracháin ríthábhachtach chun údaráis áitiúla a chumhachtú, ós rud é go gcuireann ilroinnt reatha na mbardas bac mór ar a neamhspleáchas airgeadais agus ar a n-acmhainneacht riaracháin iarratas a dhéanamh go rathúil ar chistí forbartha réigiúnaí an Aontais, agus chun iad a ionsú agus iad a bhainistiú; á thabhairt chun suntais gur gá cláir oideachais spriocdhírithe agus tacaíocht fothaithe acmhainneachta a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun iad a chumhachtú chun iarratas rathúil a dhéanamh ar na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil ón Aontas, agus chun iad a ionsú agus iad a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le húinéireacht láidir áitiúil chun próiseas rathúil aontachais leis an Aontas a bhaint amach; á chur in iúl gur oth léi an easpa sásraí foirmiúla do rialtais áitiúla agus réigiúnacha san ollstruchtúr CAI atá beartaithe; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive agus ar an gCoimisiún ról córasach a thabhairt do rialtais áitiúla agus réigiúnacha na Moldóive agus dá gcomhlachais i ndréachtú clár táscach ilbhliantúil agus pleananna gníomhaíochta ilbhliantúla. ag tathant go gcruthófaí bearta fothaithe acmhainneachta agus sruthanna cistiúcháin tiomnaithe laistigh den chreat don Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo chun tacú le bardais na Moldóive athchóirithe díláraithe agus seirbhísí poiblí atá ailínithe leis an Aontas a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Moldóive in ‘Eoraip na Cruthaitheachta’, clár an Aontais lena dtacaítear le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ón 1 Eanáir 2026 i leith, agus sa chomhpháirt fostaíochta agus nuálaíochta sóisialta de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, lena gceadaítear don Mholdóiv rochtain a fháil ar chistí an Aontais do thionscadail atá dírithe ar an dífhostaíocht a laghdú, cáilíocht na bpost a fheabhsú agus nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cuimsiú na tíre i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach, sa Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Erasmus+, Clár DiscoverEU, agus sa scéim scoile chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta an Duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí údaráis Phoblacht na Moldóive feabhas a chur ar an gcreat reachtach don chomhionannas inscne, foréigean teaghlaigh a chomhrac agus íospartaigh a chosaint agus é sin a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, lena n-áirítear coiriúlú an fhoréigin dhigitigh agus an phósta éigeantais, agus feimeamharú a thabhairt isteach ina Cód Coiriúil; á iarraidh ar údaráis Phoblacht na Moldóive cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta reatha a neartú maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh, agus maidir le híospartaigh a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme leanúnach na straitéise náisiúnta maidir le gáinneáil ar dhaoine a glacadh i mí Mheán Fómhair 2023; á iarraidh ar an Moldóiv a creat dlíthiúil agus institiúideach a neartú tuilleadh, lena n-áirítear trí uirlisí níos éifeachtaí a thabhairt isteach d’údaráis phoiblí chun cineálacha dúshaothraithe atá ag teacht chun cinn a imscrúdú agus a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gá an creat dlíthiúil agus institiúideach maidir le cearta daoine faoi mhíchumas sa Mholdóiv a ailíniú tuilleadh le acquis an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha; á iarraidh go háirithe go ndéanfaí an creat maidir le hinrochtaineacht a ailíniú leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di iarrachtaí údaráis chathair Chísineá cosc a chur ar imeacht Pride Chísineá agus na hionsaithe foréigneacha a rinne agóideoirí ina gcoinne ar an máirseáil shíochánta; ag cáineadh na mífhaisnéise agus na bhfeachtas bréagaisnéise spriocdhírithe ar líne a scaipeann na meáin áitiúla atá cleamhnaithe leis an Rúis sa Mholdóiv; á iarraidh ar an Moldóiv an ceart chun saoirse comhthionóil a áirithiú do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar an Moldóiv an creat dlíthiúil agus institiúideach a neartú chun cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a chosaint, lena n-áirítear daoine LADTI;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar acadúil agus teagmhálacha duine le duine </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an Moldóiv maidir lena córas ardoideachais a thabhairt i gcomhréir le Limistéar Eorpach an Ardoideachais, lena n-áirítear rannpháirtíocht trí institiúid de chuid na Moldóive i gcomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha mar chomhpháirtithe comhlachaithe; ag moladh, thairis sin, gur ghlac an tír páirt sa ghné idirnáisiúnta de chlár Erasmus+ 2021-2027 agus i gceithre mheitheal de chuid an Limistéir Eorpaigh Oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht mhéadaitheach na Moldóive le líonraí taighde agus nuálaíochta Eorpacha agus ag spreagadh a comhtháthaithe bhreise le Fís Eorpach, lena dtabharfaí rochtain d’ollscoileanna agus d’institiúidí taighde ar chistiú Eorpach, ar bhonneagair thaighde chomhoibríocha agus ar chomhpháirtíochtaí eolaíocha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag moladh iarrachtaí leanúnacha na tíre earnáil fuinnimh na Moldóive a ailíniú le acquis an Aontais agus dul i dtreo a comhtháthaithe iomláin i margadh fuinnimh an Aontais a chur chun cinn chun slándáil agus athléimneacht fuinnimh na Moldóive a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur bhain an Mholdóiv na scóir is airde amach i measc Bhallstáit an Chomhphobail Fuinnimh maidir le reachtaíocht Eorpach a thrasuí, ós rud é go raibh sí ar thús cadhnaíochta i measc Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail freisin maidir leis an bPacáiste um Chomhtháthú Leictreachais a thrasuí go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus ar ghníomhaithe ábhartha eile cúpláil iomlán na Moldóive le margadh leictreachais an Aontais a áirithiú faoi 2028 ar a dhéanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth, chun athléimneacht fuinnimh na Moldóive a neartú tuilleadh, gur cheart dá húdaráis, le tacaíocht ón Aontas, leanúint dá foinsí soláthair fuinnimh a éagsúlú, dlús a chur lena comhtháthú i margadh fuinnimh na hEorpa, dlús a chur leis an infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh d’fhoirgnimh phoiblí agus chónaithe, táirgeadh fuinnimh intíre a mhéadú agus laghdú ar éileamh a spreagadh; á chur in iúl gur geal léi an méadú suntasach atá tagtha ar sciar na Moldóive d’fhuinneamh in-athnuaite, a shroich thart ar 25 % den tomhaltas in 2025 agus 1 GW den toilleadh suiteáilte iomlán, garsprioc shuntasach maidir le táirgeadh fuinnimh áitiúil agus aistriú fuinnimh na tíre a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi plean gníomhaíochta rialtais mhí an Mhárta 2025 chun deireadh a chur leis an spleáchas uile ar acmhainní fuinnimh na Rúise ar fud na n-earnálacha leictreachais, gáis agus peitriliam, a glacadh mar chuid de chur chun feidhme na Straitéise Cuimsithí idir an tAontas agus an Mholdóiv maidir le Neamhspleáchas Fuinnimh agus Athléimneacht an 4 Feabhra 2025; á mheabhrú gur scoir an Rúis in 2025 de ghás a sholáthar do ghléasra cumhachta Cuciurgan, mar iarracht chomhéigneach chun tionchar a imirt ar roghanna idirnáisiúnta na Moldóive, agus gurbh iad na daoine ar an dá thaobh d’Abhainn Dniester na chéad íospartaigh den ghéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh chun críche tógáil líne chumhachta lastuas Vulcănești-Chișinău 400 kV i mí na Nollag 2025, agus meastar go dtosóidh tarchur leictreachais tríd an líne chumhachta in 2026; ag tabhairt dá haire go laghdaítear spleáchas na Moldóive ar bhonneagar fuinnimh i réigiún Tras-dnístria agus a leochaileacht i leith tionchar naimhdeach na Rúise leis an gcéim phraiticiúil sin, agus go gcuirtear ar chumas na tíre nascadh go slán agus go hiontaofa le heangach leictreachais na hEorpa tríd an Rómáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na leithdháiltí comhair trasteorann atá ar fáil faoin ionstraim um an Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo agus faoin gCiste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí chun dlús breise a chur le comhtháthú bhonneagar iompair, fuinnimh agus digiteach na Moldóive le margadh aonair na hEorpa; á chur i bhfáth gur cheart, leis an gcistiú sin, tús áite a thabhairt do thionscadail ardtionchair a bhaineann le bonneagar iompair, fuinnimh agus digiteach, lena n-áirítear idirnaisc trasteorann, táirgeadh fuinnimh in-athnuaite intíre, éifeachtúlacht fuinnimh, ailíniú an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair, sioncrónú na heangaí fuinnimh agus leathnú leathanbhanda; á mholadh go ndéanfaí forbairt mhear ar thionscadail bhreise idirnaisc fuinnimh leis an Moldóiv, amhail línte cumhachta lastuas Suceava-Bălți agus Gutinaș-Strășeni 400 kV;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag géarcháineadh ionsaithe na Rúise i mí an Mhárta 2026 i gcoinne bhonneagar fuinnimh na hÚcráine a bhí ina mbagairt ar shlándáil fuinnimh agus uisce na Moldóive, a raibh tionchar díreach acu ar shlándáil acmhainní uisce agus ar an tsláinte phoiblí de 80 % de shaoránaigh na tíre, arb í Abhainn Dniester an phríomhfhoinse fionnuisce agus uisce óil di, agus a chruthaigh éigeandáil chomhshaoil 15 lá i bPoblacht na Moldóive; á chur in iúl gur geal léi an fhreagairt mhear chomhordaithe ó údaráis agus oibreoirí córais tarchurtha na Moldóive agus na hÚcráine agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit acmhainní airgeadais breise, cúnamh teicniúil agus trealamh speisialaithe a chur ar fáil don Mholdóiv chun feabhas a chur ar a cumas déileáil le tubaistí éiceolaíocha a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin shuntasacha chomhshaoil fós le sárú ag an Moldóiv, lena n-áirítear truailliú aeir agus uisce, bonneagar bainistithe dramhaíola neamhleor agus cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta; á chur i bhfáth gur gá acmhainneacht riaracháin a neartú, forfheidhmiú na reachtaíochta comhshaoil a fheabhsú agus infheistíocht leormhaith i mbonneagar comhshaoil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á mheabhrú gur fhulaing an Mholdóiv cheana féin ó na drochiarmhairtí tromchúiseacha slándála, eacnamaíocha agus sóisialta atá ag cogadh foghach iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an tír anois i measc na dtíortha is mó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus fuinnimh atá ag dul in olcas mar thoradh ar an gcogadh leanúnach sa Mheánoirthear; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlúthpháirtíocht leanúnach bhuanseasmhach a léiriú leis an Moldóiv agus an tacaíocht is gá a chur ar fáil chun cuidiú le tionchar na suaití seachtracha forluiteacha sin ar a saoránaigh agus ar a geilleagar a mhaolú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar sa chomhbheartas eachtrach agus slándála agus dul chun cinn maidir leis an socraíocht do Thras-dnístria</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag moladh na Moldóive as a comhar comhsheasmhach maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, agus as na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici chun ailíniú iomlán a dhéanamh le seasaimh chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais; ag tabhairt dá haire gurbh é 88 % ráta ailínithe na Moldóive le beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear a bheith ar aon dul le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise; á iarraidh uirthi leanúint d’fheabhas a chur ar an ailíniú sin, lena n-áirítear maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Rúise, agus leanúint den chomhar maidir le cosc a chur ar theacht timpeall ar smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag moladh na Moldóive as an líon is airde Úcránach easáitithe per capita a óstáil agus as déileáil le brúnna suntasacha sóisialta, eacnamaíocha agus riaracháin mar thoradh ar insreabhadh mór dídeanaithe; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht mhéadaithe na Moldóive i misin agus in oibríochtaí an Aontais faoi chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, amhail Oibríocht Althea sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus Misean Oiliúna an Aontais sa tSomáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag aithint ról an chomhair thríthaobhaigh idir an Mholdóiv, an Rómáin agus an Úcráin (‘Triantán Odesa’) maidir leis an tslándáil réigiúnach a neartú, próiseas lánpháirtithe an Aontais don Mholdóiv agus don Úcráin a chur chun cinn, nascacht na dtíortha sin leis an Aontas a fheabhsú, agus bagairtí hibrideacha ó Chónaidhm na Rúise a chomhrac, lena n-áirítear bréagaisnéis agus ionramháil eachtrach ar fhaisnéis, cibirionsaithe agus bagairtí fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh le sainordú EUPM i bPoblacht na Moldóive go dtí an 31 Bealtaine 2027 agus á iarraidh ar na Ballstáit na saineolaithe agus na hacmhainní airgeadais is gá a chur ar fáil; ag spreagadh an Aontais leanúint de thacaíocht a thabhairt d’athléimneacht agus d’ullmhacht na Moldóive, mar shampla, i gcoinne cur isteach ón Rúis nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, trí EUPM, Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha, Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúltaca Cibearshlándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbíonn feachtais ionramhála agus cur isteach eachtraigh ar fhaisnéis (ICIEF) i gceist go rialta le hionsaithe fisiciúla ar bhonneagar criticiúil agus ar bhriogadh slándála, arb é is aidhm dóibh scaoll a chothú i measc an phobail agus an bonn a bhaint ó mhuinín an phobail as údaráis na Moldóive; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a ríthábhachtaí atá sé uirlisí láidre a thabhairt d’institiúidí na Moldóive le haghaidh cumarsáid mhear géarchéime chun an bhréagaisnéis a chomhrac go héifeachtach agus chun scaipeadh tapa faisnéise fíorasaí a áirithiú; ag cur sonrú, go háirithe, sna céimeanna a glacadh in 2025 chun feabhas a chur ar acmhainneacht oibríochtúil an Lárionaid um Chumarsáid Straitéiseach agus um Chomhrac na Bréagaisnéise agus na Gníomhaireachta Náisiúnta um Chibearshlándáil; á iarraidh go mbainfí úsáid straitéiseach as na cistí atá ar fáil in 2027 agus ina dhiaidh sin chun acmhainneacht na Moldóive maidir le cumarsáid straitéiseach, cibearshlándáil agus cur i gcoinne ICIEF a neartú roimh a spriocdháta aontachais; á iarraidh ar an Aontas na ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas sa Mholdóiv maidir leis an bpróiseas toghcháin agus institiúidí daonlathacha a chosaint agus ICIEF i gcoinne an Aontais é féin agus i gcoinne tíortha eile is iarrthóirí a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na hiarrachtaí atá déanta ag craoltóirí poiblí na mBallstát ábhar atá bunaithe ar fhíricí a chur ar fáil do phobal na Moldóive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di ionstraimiú struchtúr reiligiúnach chun críoch polaitiúil, i gcomhréir le Dúnghaois Mhíleata na Rúise agus leis an Straitéis Slándála Náisiúnta, lena n-áirítear iarrachtaí chun tionchar a imirt ar thuairimí an phobail agus ar phróisis toghcháin ar bhealaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó chonair Eorpach na Moldóive; á iarraidh ar údaráis na Moldóive a áirithiú go n-urramófar go hiomlán saoirse reiligiúin agus cosc á chur ar aon chur isteach nó ionramháil sheachtrach mhíchuí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phróisis dhaonlathacha agus do stiúradh straitéiseach na tíre; ag géarcháineadh na húsáide a bhaintear as Ardchathair Chișinău agus na Moldóive uile, atá cleamhnaithe le Moscó, faoi dhlínse Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise, mar mheán don bhréagaisnéis, don chur isteach toghcháin agus don tionchar hibrideach atá á stiúradh ag an gCreimil i bPoblacht na Moldóive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go hiomlán d’iomláine chríochach na Moldóive agus go bhfuil sí meáite ar theacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht, bunaithe ar cheannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag spreagadh na Moldóive leanúint dá hiarrachtaí ath-lánpháirtithe agus á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh trína áirithiú go ndéanfar a pearsanra míleata, a trealamh míleata agus a harmlón uile a tharraingt siar láithreach agus gan choinníoll ó réigiún Tras-dnístria, arb ionann a láithreacht agus sárú láidir ar an dlí idirnáisiúnta agus bagairt dhíreach slándála ar an Moldóiv agus ar chomharsanacht na hEorpa i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tacú le cur chuige de réir a chéile údaráis na Moldóive i leith athimeascadh na tíre, agus béim láidir á leagan ar thairbhí socheacnamaíocha inláimhsithe do shaoránaigh ar dhá bhruach na habhann; á iarraidh ar an Aontas rannchuidiú go gníomhach leis an bpróiseas ath-lánpháirtithe síochánta, lena n-áirítear trí ranníocaíochtaí fóinteacha leis an gCiste um Chóineasú, lena dtacófar le réigiún Tras-dnístria a ailíniú de réir a chéile le creat dlíthiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na Moldóive, agus lena gcuirfear feabhsuithe nithiúla ar sheirbhísí poiblí agus ar bhonneagar áitiúil ar fáil do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an Rúis leas a bhaint as an teannas idir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia agus údaráis na Moldóive agus an teannas sin a chothú; ag tacú le hiarrachtaí leanúnacha Rialtas na Moldóive aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí idirphlé cuiditheach agus athchóirithe cuimsitheacha, agus ag spreagadh na n-iarrachtaí sin; ag tathant ar na húdaráis réigiúnacha páirt a ghlacadh san idirphlé sin de mheon macánta agus a áirithiú go n-eagrófar saorthoghcháin chóra, thrédhearcacha agus dhlíthiúla go cuí laistigh den réigiún, i gcomhréir iomlán le dlí na Moldóive; á athdhearbhú gur rud bunriachtanach do chobhsaíocht inmheánach na Moldóive agus dá dul chun cinn leanúnach ar chonair aontachais an Aontais é caidreamh cobhsaí, comhoibritheach idir an phríomhchathair agus na réigiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Moldóive tarraingt siar ó Chomhlathas na Stát Neamhspleách, atá faoi cheannas na Rúise, mar rogha cheannasach agus straitéiseach lena léirítear an chonair Eorpach atá roghnaithe ag an tír; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar oidhreacht na tréimhse Sóivéadaí, mar shampla trí chartlanna na seirbhísí slándála iar-Shóivéadacha a scaoileadh ó rúnaicmiú, agus ag spreagadh plé maidir le siombailí bolscaireachta Sóivéadacha a bheith i spásanna poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag géarcháineadh na n-ionraí neamhúdaraithe leanúnacha a rinne ladrainn na Rúise in aerspás agus i gcríoch na Moldóive ó 2022 i leith, ar sárú tromchúiseach iad ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na Moldóive; á chur i bhfáth go bhfuil riosca díreach ag baint leis na gníomhaíochtaí sin don tsábháilteacht shibhialtach, don tslándáil agus don chobhsaíocht réigiúnach, agus á athdhearbhú gur gá cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a ríthábhachtaí atá infheistíocht i mbonneagar faireachais aeir agus cosanta aeir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht leanúnach d’Fhórsaí Armtha na Moldóive faoin tSaoráid Eorpach Síochána; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit cistiú na Saoráide Eorpaí Síochána don Mholdóiv a mhéadú tuilleadh chun cumais chosanta na tíre a fheabhsú i bhfianaise na mbagairtí slándála atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le SEGS, tacaíocht níos struchtúrtha, níos intuartha agus níos fearr a áirithiú chun acmhainneachtaí slándála agus cosanta Phoblacht na Moldóive a neartú, chomh maith lena hailíniú le caighdeáin slándála an Aontais a neartú, mar chuid den phróiseas aontachais; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do nuachóiriú earnáil cosanta na Moldóive, lena n-áirítear a cumais aerchosanta; ag cur béim ar an bhfíoras nach tomhaltóir slándála amháin í an Mholdóiv ach gur soláthraí slándála don Aontas í freisin, i bhfianaise a suímh straitéisigh agus a taithí luachmhar fíor-ama; á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear an Mholdóiv mar thír a bhféadfaí cainníochtaí breise táirgí cosanta a sholáthar go comhoibríoch ina leith faoin gclár um thionscal cosanta na hEorpa, agus ráta ranníocaíochta airgeadais an Aontais ardaithe ó 15 % go 25 %, agus á iarraidh go ndéanfaí an chóir fhabhrach sin a leabú san ollstruchtúr tar éis 2027;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Moldóive.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>