<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0261</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0163/2026 -  Rapóirtéir: Tonino Picula)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2026 ar Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia (2025/2255(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 278, 18.10.2013, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/490/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na Seirbia an 19 Nollaig 2009 ar bhallraíocht san Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hiarratas na Seirbia ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2011)0668), agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 1 Márta 2012 chun stádas iarrthóra a dheonú don tSeirbia agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia maidir le haontachas leis an Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú na Bruiséile an 27 Feabhra 2023 agus do Chomhaontú Ohrid an 18 Márta 2023, agus don iarscríbhinn cur chun feidhme a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021, lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na huachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dearbhuithe ó na cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 i Sóifia agus an 6 Bealtaine 2020 i Ságrab,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, arna dhaingniú ag an tSeirbia in 2001 agus do Chairt Eorpach Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, arna daingniú ag an tSeirbia in 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú teicniúil ó Amnesty International a foilsíodh an 27 Márta 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Serbia: journalists targeted with Pegasus spyware</STRING>’ (EUR 70/9186/2025), ina ndoiciméadaítear an spriocdhíriú a dhéantar ar iriseoirí iniúchacha le hearraí spiaireachta Pegasus,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil tíre maidir leis an tSeirbia ó Freedom House ‘<STRING ITALIC="on">Freedom in the World 2026’</STRING>, a foilsíodh an 19 Márta 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025 ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha, a foilsíodh an 2 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinniú Cheannairí na mBalcán Thiar an 1 Iúil 2025 i Scóipé, an Mhacadóin Thuaidh, maidir leis an bPlean Fáis do na Balcáin Thiar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú ón gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 17 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta an 16 Nollaig 2025 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí an Chathaoirligh ó Chruinniú Mullaigh 2025 maidir le Próiseas Bheirlín, an 22 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal<STRING ITALIC="on"> An Economic and Investment Plan for the Western Balkans</STRING> [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Plean nua fáis do na Balcáin Thiar</STRING>’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2025 dar teideal ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach' (COM(2025)0900), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi dar teideal <STRING ITALIC="on">2025</STRING> <STRING ITALIC="on">Rule of Law Report — Country Chapter on the rule of law situation in Serbia</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta — Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa tSeirbia] (SWD(2025)0931),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú’ (COM(2025)0690), agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi dar teideal <STRING ITALIC="on">Serbia 2025 Report</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir leis an tSeirbia] (SWD(2024)0755) ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lenar rialaíodh normalú an chaidrimh idir rialtas na Seirbia agus rialtas na Cosaive an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag an Aontas chun an caidreamh a normalú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ó mhisean breathnóireachta toghchán na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ESCE/ODIHR) agus maidir le luath-thoghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta an 3 Aibreán 2022 sa tSeirbia, a foilsíodh an 19 Lúnasa 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ó mhisean breathnóireachta toghchán ESCE/ODIHR maidir le luath-thoghcháin pharlaiminteacha an 17 Nollaig 2023 sa tSeirbia, a foilsíodh an 28 Feabhra 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí na Nollag 2006, do na conclúidí ón gComhairle ó mhí an Mhárta 2020 agus do na Conclúidí ó Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan an 21-22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar critéir Chóbanhávan freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ó Rapóirtéirí Speisialta na Náisiún Aontaithe an 4 Lúnasa 2025 maidir le cniogbheartaíocht rialtas na Seirbia ar ghluaiseacht na mac léinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 14 de Bhunreacht na Seirbia maidir le mionlaigh náisiúnta a chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an tSeirbia, go háirithe an ceann ar an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an bpolarú agus brú faoi chois méadaithe sa tSeirbia, bliain amháin tar éis thragóid Novi Sad<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/2098, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2098/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mhisean a Coiste um Ghnóthaí Eachtracha chun na Seirbia an 22 agus 24 Eanáir 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0163/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ina phríomhuirlis beartais eachtraigh de chuid an Aontais agus ina infheistíocht gheopholaitiúil straitéiseach sa tsíocháin, cobhsaíocht, slándáil agus rathúnas fadtéarmach ar an mór-roinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach tír is iarrthóir i bpróiseas an mhéadaithe a meas ar a fiúntas féin maidir le critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh agus maidir le hurraim agus tiomantas buanseasmhach a thabhairt do luachanna agus cearta comhroinnte Eorpacha, do mhionlaigh a chosaint agus d’ailíniú le beartas eachtrach agus slándála an Aontais; de bhrí nach bhfuil aon aicearraí ann do bhallraíocht san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur gá don tSeirbia iarrachtaí breise a dhéanamh chun a beartas eachtrach a ailíniú tuilleadh le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí, ráitis agus teagmhálacha ardleibhéil áirithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht Uachtarán na Seirbia i mórshiúl míleata an 9 Bealtaine 2025 i Moscó, ag teacht salach ar phríomhsheasaimh bheartas eachtrach an Aontais, go háirithe maidir leis an Rúis;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil moill tagtha nó gur léirigh cúlú ar na hathchóirithe sa tSeirbia a bhaineann leis an Aontas i roinnt príomhréimsí, go háirithe i mbunphrionsabail an phróisis aontachais, amhail an smacht reachta, cearta bunúsacha agus saoirse na meán; de bhrí gur thug an Coimisiún dá aire easnaimh leanúnacha i bhfeidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; de bhrí nár dúnadh go sealadach ach 2 cheann de na 35 chaibidil idirbheartaíochta go dtí seo;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil cearta polaitiúla agus saoirsí sibhialta á gcreimeadh go seasta ag an gcomhghuaillíocht rialaithe sa tSeirbia, rud a chuireann brú ar na meáin neamhspleácha, ar an saol acadúil, ar mhionlaigh eitneacha, ar an bhfreasúra polaitiúil agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus institiúidí á lagú go córasach agus na línte idir gníomhaithe polaitiúla, cumhacht an stáit agus cumhacht na meán á ndoiléiriú an tráth céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSeirbia fós ina láthair chatha ríthábhachtach d’fheachtais bhréagaisnéise eachtracha, go háirithe ag an Rúis agus ag an tSín, a fhéachann le hinsintí ina gcaitear anuas ar an Iarthar a chruthú, a ndéanann gníomhaithe intíre cuid mhaith acu a ghiniúint agus a scaipeadh freisin; de bhrí go n-oibríonn eagraíochtaí bolscaireachta Rúiseacha amhail RT Balkan (ar a dtugtaí Russia Today roimhe seo) agus Sputnik gan bhac sa tSeirbia agus go bhfuil tionchar suntasach acu maidir le hinsintí i gcoinne an Aontais agus insintí frithdhaonlathacha a mhúnlú agus a scaipeadh ar fud an réigiúin; de bhrí go bhfuil meáin náisiúnta a bhfuil baint acu leis an stát ag cur leis na hinsintí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir faireachán neamhspleách ar na meáin in 2024, gur léirigh meáin na Seirbia cúlú daonlathach leanúnach, agus gur ghlac an tromlach atá i gceannas os cionn 90 % den am príomhnuachta ar stáisiúin teilifíse náisiúnta agus gur léiríodh iad go neodrach nó go dearfach den chuid is mó, agus go bhfaigheann an freasúra níos lú ná 10 % den am craolta agus go gcuirtear i láthair go diúltach é den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Caibidil 23, nach mór don tSeirbia fíorfheabhsuithe a léiriú ar fheidhmiú éifeachtach chearta daoine ar mionlaigh náisiúnta iad; de bhrí gur bunluach Eorpach agus ceart bunúsach an duine í saoirse reiligiúin; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar an tSeirbia, dá bhrí sin, an tsaoirse sin a urramú agus a ráthú do gach duine aonair a chónaíonn ar a críoch, i gcomhréir lena gealltanais idirnáisiúnta agus lena hoibleagáidí maidir le cearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an staid shóisialta sa tSeirbia fós deacair; de bhrí go dtugann UNICEF dá aire go bhfuil an tSeirbia i measc thíortha na hEorpa nach bhfuil chomh cothrom céanna; de bhrí go raibh diandíothacht ábharach agus shóisialta ar 13,6 % den daonra in 2024, gurbh ionann ráta riosca na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta agus 27,2 % in 2023, agus gurbh ionann an ráta dífhostaíochta i measc na hóige agus 24,5 %; de bhrí go bhfuil pobail tuaithe fós an-leochaileach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fós ar an bpríomh-chomhpháirtí trádála atá ag an tSeirbia arb ionann é agus 58,3 % de thrádáil iomlán na Seirbia in 2024, an phríomhfhoinse infheistíochta atá aici agus an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá aici; de bhrí go bhfuil an tAontas, go mór agus go fada, fós ar an bhfoinse is mó seoltán, a sheolann Seirbiaigh atá ag obair san Aontas, agus gur foinse ríthábhachtach agus chobhsaí ioncaim iad do go leor teaghlach Seirbiach, a bhfuil ról suntasach acu i ngeilleagar na tíre;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dul chun cinn ar an gconair i dtreo aontachas leis an Aontas - próiseas bunaithe i ndáiríre ar fhiúntas - ag brath ar lánurraim do luachanna an Aontais agus ar chomhlíonadh le daonlathas, an smeacht reachta agus cearta bunúsacha, iad uilig á gcumhdach sa chritéir Chóbanhávan; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann sé sin ní hamháin le hathchóirithe a ghlacadh, ach iad a chur chun feidhme go críochnúil agus go hiomlán freisin, ós rud é go bhfuil an bhearna leanúnach idir ailíniú reachtach agus cur chun feidhme éifeachtach fós ag baint an bhoinn de dhul chun cinn na Seirbia; á chur i bhfáth nach mór measúnú a dhéanamh ar chonair gach tíre i dtreo lánpháirtiú an Aontais ar a fiúntas féin agus nár cheart aon tír a cheangal le tír eile ná déileáil léi mar chuid de phacáiste; á chur i bhfios go láidir nach féidir aon aicearraí a dhéanamh maidir le luachanna agus bunphrionsabail an Aontais, ós rud é gur próiseas teicniúil agus polaitiúil é aontachas leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil 2025 ón gCoimisiún, go ndearnadh na moltaí ón gCoimisiún a ullmhú agus a chur chun feidhme go páirteach ar leibhéal éigin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár comhlíonadh den chuis is mó príomhghealltanais na Seirbia, mar a leagtar amach iad ina páipéar leathoifigiúil i mí na Samhna 2024, arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá fós gan réiteach ar oscailt Chnuasach 3; á chur in iúl gur saoth léi, ina leith sin, an reitric ghríosaitheach a rinne an rialtas le déanaí, atá dírithe ar na tíortha nár thacaigh le hoscailt Chnuasach 3;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór inchreidteacht phróiseas an mhéadaithe a chaomhnú trí choinníollacht dhocht agus chothrom a chur i bhfeidhm, agus á áirithiúgo n-aithneofar iarrachtaí athchóirithe go cuí i gcás inarb iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil tiomantas sonraithe na Seirbia do bhallraíocht an Aontais mar a sprioc straitéiseach, ach ag tabhairt dá haire, nach léirítear gealltanais shonraithe go minic i ndáiríre, mar a cuireadh in iúl, mar shampla nuair nach raibh na hionadaithe is airde na Seirbia i láthair ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i mí na Nollag 2025; á chur i bhfáth go n-éilítear leis an neamhréireacht leanúnach sin soiléiriú ar chonair Eorpach na Seirbia; á iarraidh ar an tSeirbia tiomantas leanúnach do luachanna agus do chaighdeáin an Aontais a léiriú go follasach agus a tiomantas do bhallraíocht an Aontais a leanúint go comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis na Balcáin Thiar sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair ar mhaithe le slándáil agus cobhsaíocht an Aontais ina iomláine; á chur in iúl, mar gheall ar a mhéid agus a seasamh geopholaitiúil, go bhfuil tionchar díreach ag an tSeirbia ar chobhsaíocht fhoriomlán an réigiúin; ag cáineadh, dá bhrí sin, iarrachtaí na Seirbia réimse tionchair a bhunú, agus a gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht tíortha comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don tSeirbia a treoshuíomh geopholaitiúil i leith an Aontais a léiriú go soiléir agus go comhsheasmhach, lena n-áirítear trí ailíniú iomlán a dhéanamh le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais, go háirithe na bearta sriantacha arna ndéanamh ag an Aontas i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di mainneachtain leanúnach na Seirbia ailíniú go hiomlán le CBES an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil a hailíniú ar an leibhéal is ísle i measc na dtíortha is iarrthóirí uile; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa ailínithe na Seirbia le beartas eachtrach an Aontais, lena n-áirítear a mainneachtain bearta sriantacha a ghlacadh, ar neamhréir le ceann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag athdhearbhú a tuairime go bhfuil ailíniú iomlán fós ina cheanglas doshannta le haghaidh aontachais; á chur in iúl gur geal léi ailíniú na Seirbia le déanaí le Cinntí (CBES) 2026/438<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (CBES) 2026/438 ón gComhairle an 23 Feabhra 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise (IO L, 2026/438, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/438/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus (CBES) 2025/490<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (AE) 2025/490 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 i ndáil le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontaithe maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus trí chomhaontú ghaolmhara (IO L, 2025/490, 18.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/490/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, ach á athdhearbhú nach leor ailíniú roghnaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi dlúthnaisc leanúnacha na Seirbia leis an Rúis agus an chomhpháirtíocht atá aici leis an Rúis atá á doimhniú, rud ar cúis imní é maidir lena treoshuíomh straitéiseach agus a bhaineann an bonn de chonair inchreidte i dtreo bhallraíocht an Aontais; á chur i bhfáth go n-éilíonn conair Eorpach na Seirbia rogha straitéiseach shoiléir; á chur i bhfios go láidir go bhfuil beartas cothromaíochta idir an tAontas agus gníomhaithe geopholaitiúla eile ar neamhréir leis an muinín pholaitiúil a bhfuiltear ag súil léi ó thír is iarrthóir; á iarraidh ar údaráis na Seirbia staonadh ó theachtaireachtaí poiblí agus ó ghníomhaíochtaí poiblí atá bunoscionn le príomhsheasaimh bheartas eachtrach agus slándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di infheistíochtaí na Rúise agus na Síne sa tSeirbia agus a dtionchar méadaithe ar na próisis pholaitiúla agus eacnamaíocha sa réigiún; ag cáineadh na cuairte ardleibhéil a thug Aire Forbartha Eacnamaíche Chónaidhm na Rúise ar Bhéalgrád i mí an Mhárta 2026, atá ar liosta smachtbhannaí an Aontais; á iarraidh go ndúnfaí láithreach an Lárionad Daonnúil Rúiseach-Seirbeach, mar a thugtar air, in Niš, a fheidhmíonn mar bhonn do ghníomhaireacht faisnéise míleata na Rúise GRU chun oibriú ó thír is iarrthóir, agus ag tathant ar an tSeirbia deireadh a chur le gach comhar míleata atá aici leis an Rúis, ós rud é go n-ardaíonn sé ceisteanna dlisteanacha maidir le treoshuíomh straitéiseach na Seirbia agus ailíniú le leasanna slándála an Aontais; ag cáineadh ghníomhaíochtaí cuir isteach eachtraigh na Rúise sa tSeirbia; á mheabhrú go n-úsáidtear an tSeirbia go gníomhach mar ardán réigiúnach chun feachtais bhréagaisnéise agus mhífhaisnéise a scaipeadh ar fud réigiún na mBalcán Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di neartú míleata leanúnach na Seirbia, mar aon leis an reitric atá ag éirí níos naimhdí i leith tíortha comharsanachta agus doimhniú chomhar slándála agus cosanta na Seirbia leis an tSín, lena n-áirítear cleachtaí fórsaí speisialta agus leathnú comhaontuithe straitéiseacha, chomh maith le láithreacht mhéadaitheach theicneolaíocht slándála agus faireachais na Síne; ag géarcháineadh an éadáil a fuair an tSeirbia le déanaí de dhiúracáin bhalaistíocha aer go dromchla CM-400AKG ón tSín; ag tabhairt rabhaidh go n-athraíonn an neartú míleata sin an chothromaíocht slándála réigiúnach agus go mbaineann sé an bonn den chobhsaíocht réigiúnach agus den dea-chaidreamh comharsanachta le Ballstáit ECAT máguaird; á chur i bhfáth go bhfuil an soláthar sin ag teacht salach ar CBES an Aontais agus go n-ardaíonn sé ceisteanna tromchúiseacha faoi threoshuíomh geopholaitiúil na Seirbia; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear le mórsholáthairtí cosanta ó iomaitheoirí straitéiseacha forlámhacha an Aontais go mbeadh trédhearcacht iomlán ann agus go ndéanfaí measúnú cúramach ar a n-impleachtaí don chobhsaíocht réigiúnach, don idir-inoibritheacht agus do threoshuíomh Eorpach dearbhaithe na Seirbia; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an meabhrán comhair le déanaí idir páirtí rialaithe na Seirbia agus Páirtí Cumannach na Síne, lena n-ardaítear tuilleadh ceisteanna faoi thiomantas straitéiseach na Seirbia a conair chun AE a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cáineadh an fhíorais go bhfuil an tSeirbia tagtha chun bheith ina bonn anois do sheirbhísí faisnéise na Rúise chun gníomhaíochtaí sabaitéireachta a dhéanamh san Eoraip; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tuarascálacha inchreidte ina léirítear go bhfuil an tSeirbia tagtha chun cinn mar phríomh-mhol oibríochtúil do ghníomhaíochtaí hibrideacha agus díchobhsaithe na Rúise san Eoraip; ag tabhairt dá haire, go háirithe, cásanna doiciméadaithe ina ndearna daoine aonair a earcaíodh agus a maoiníodh ag gníomhaithe atá nasctha le faisnéis na Rúise briogadh comhordaithe agus gníomhartha a bhí dírithe ar theannas eitneach agus reiligiúnach a ghríosú laistigh de Bhallstáit an Aontais; ag cur sonrú, thairis sin, i dtuarascálacha ar líonraí eagraithe a oibríonn ó chríoch na Seirbia, lena n-áirítear san oiliúint agus imscaradh de dhaoine aonair le haghaidh gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha i dtíortha Eorpacha eile agus i gcomharsanacht an Aontais; á iarraidh ar údaráis na Seirbia bearta láithreacha agus éifeachtacha a dhéanamh chun gníomhaíochtaí den sórt sin a imscrúdú, a chosc agus a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi staonadh na Seirbia maidir leis an rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 2026 chun tacú le síocháin chóir agus bhuan san Úcráin; á mheas go lagaíonn na vótaí sin tuilleadh an mhuinín i dtiomantas straitéiseach na Seirbia don chonair Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gcoinníonn an tSeirbia stádas breathnóra i dTionól Parlaiminteach Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála, struchtúr slándála atá faoi stiúir Chónaidhm na Rúise, agus go leanann sí de chomhaontú saorthrádála leis an Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go ndearna an tSeirbia dul chun cinn teoranta nó nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir leis na tagarmharcanna do bhallraíocht san Aontas a bhaint amach ar fud na hiliomad caibidlí caibidlíochta eile; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh an Fhoireann Oibríochtúil arb é is aidhm di dlús a chur le cur chun feidhme na n-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas; á iarraidh ar an tSeirbia gníomhaíocht nithiúil chuimsitheach a léiriú lena léirítear tiomantas na tíre na hathchóirithe is gá do chonair bhallraíochta san Aontas a chur chun feidhme; á athdhearbhú nár cheart dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht leis an tSeirbia maidir le haontachas leis an Aontas go dtí go mbeidh an tSeirbia ailínithe le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus ar bhonn dul chun cinn intomhaiste agus inbhuanaithe i gcnuasach na mbunphrionsabal, go háirithe maidir leis an smacht reachta, saorthoghcháin chóra, an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, neamhspleáchas breithiúnach, saoirse na meán, athchóiriú ar an riarachán poiblí agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; á iarraidh ar an gCoimisiún an prionsabal ‘buntosca ar dtús’ a chur i bhfeidhm go docht agus aon chúlchéimniú suntasach maidir le luas agus déine na tacaíochta airgeadais a sholáthraítear faoi na hionstraimí réamhaontachais a léiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú gur próiseas uile-shochaí é aontachas leis an Aontas agus á iarraidh ar Rialtas na Seirbia tábhacht, tairbhí agus oibleagáidí aontachais leis an Aontas, tacaíocht airgeadais an Aontais agus athchóirithe a bhaineann le haontachas a chur chun cinn i measc mhuintir na Seirbia; á iarraidh ar an Aomtas agus ar a institiúidí a n-iarrachtaí cumarsáide agus for-rochtana sa tSeirbia a neartú chun aird níos fearr a tharraingt ar thionchar agus ar thairbhí thacaíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an tSeirbia dul chun cinn inchreidte a dhéanamh agus iarrachtaí a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar ionramháil agus cur isteach eachtrach agus intíre ar fhaisnéis, lena n-áirítear bréagaisnéis agus reitric ina gcaitear anuas ar an Aontas agus ar an Iarthar, a bhfuil tionchar diúltach acu lasmuigh den tSeirbia agus ar fud an réigiúin chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an tacaíocht íseal sa tSeirbia do bhallraíocht san Aontas, atá mar thoradh ar insint iomramhála fhadtéarmach ina gcaitear anuas ar an Aontas agus atá á scaipeadh ag na meáin atá faoi rialú an rialtais agus ag roinnt oifigeach sinsearach Seirbiach agus comhaltaí den pháirtí rialaithe, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde; á iarraidh ar an tSeirbia an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear maidir le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus, go háirithe, deireadh a chur lena feachtais bhréagaisnéise státurraithe féin, agus treoshuíomh comhsheasmhach agus cuiditheach ón Aontas á chur chun cinn an tráth céanna; á iarraidh ar an Aontas feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha na Seirbia chun athléimneacht dhaonlathach a neartú agus chun bagairtí hibrideacha a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi go mór na hinsintí leanúnacha, comhsheasmhacha agus córasacha i gcoinne an Iarthar i meáin na Seirbia, ina ndéantar an tAontas a léiriú ar bhealach diúltach den chuid is mó, agus ionadaíocht dhearfach á déanamh ar an Rúis, ar an tSín agus, níos mó ná riamh, ar na Stáit Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i gcinneadh an Choimisiúin nach ndearna an tSeirbia aon ghníomhaíocht chun cur i gcoinne ionramhála agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis; á iarraidh ar an tSeirbia creat cuimsitheach náisiúnta don athléimneacht dhaonlathach a ghlacadh agus a chur chun feidhme, gan mhoill, lena n-áirítear freagrachtaí institiúideacha soiléire, tuairisciú poiblí rialta agus cosaint comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha; ag spreagadh an Aontais a chumarsáid straitéiseach agus a láithreacht sa tSeirbia a neartú chun cur i gcoinne insintí ina gcaitear anuas ar an Aontas; á iarraidh ar údaráis na Seirbia imscrúdú a dhéanamh ar aon líonraí a bhaineann leis an mbréagaisnéis a oibríonn ó chríoch na Seirbia agus iad a dhíchóimeáil agus an comhar le Ballstáit an Aontais agus le tíortha comhpháirtíochta a neartú chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus cur isteach eachtrach; ag tathant ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh, leis na hardáin ar líne lena mbaineann, ar chur ar fionraí roinnt próifílí asraoin meán a bhfuil cáil orthu as Rialtas na Seirbia a cháineadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á dhiúltú go daingean gach líomhain ó oifigigh Sheirbiacha go raibh an tAontas agus roinnt dá Bhallstáit rannpháirteach in agóidí na mac léinn a eagrú ó Mí na Samhna 2024, d’fhonn ‘réabhlóid dathanna’ a spreagadh; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil teoiricí comhcheilge á scaipeadh go gníomhach ag na hoifigigh stáit ar na leibhéil is airde maidir le titim ceannbhrait, ar gníomh sabaitéireachta nó ionsaí sceimhlitheoireachta é a rinne Ballstáit an Aontais agus a dtacaíonn Ballstáit an Aontais leis; á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir an ghabháil agus an dhíbirt neamhdhleathach ar shaoránaigh an Aontais a rinne ráitis i dtacaíocht leis na mic léinn a bhí ag déanamh agóide; ag diúltú freisin do na líomhaintí gan bhunús ó údaráis na Seirbia gur chuir an Chróit isteach ar reáchtáil toghchán áitiúil i mí an Mhárta 2026 agus gur ghlac sí páirt iontu; ag cáineadh na líomhaintí bréagacha sin go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cáineadh an iompair dhoghlactha, na maslaí agus na reitrice diúltaí dírithe ar Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus ghníomhaithe polaitiúla eile, lena n-áirítear misean na bhfeisirí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha chun na Seirbia i mí Eanáir 2026; á chur in iúl gur saoth léi, sa chomhthéacs sin, ráitis a rinne Uachtarán na Seirbia i mí Mheán Fómhair 2025 ina dtagraítear d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa i dtéarmaí dímheasúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur chuige géillte an Choimisiúin i leith na Seirbia i bhfianaise an rolladh siar atá déanta ag an tír le blianta anuas maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha, chomh maith lena thionchar díchobhsaitheach ar an réigiún ina iomláine; ag tathant ar an gCoimisiún seasamh le bunluachanna an Aontais trí theanga níos soiléire a úsáid i leith na Seirbia agus trí aghaidh a thabhairt go comhsheasmhach ar a heasnaimh shuntasacha, ar an easpa dul chun cinn agus ar chúlú fiú; á chur in iúl gur geal léi an feabhas tosaigh a rinne an Coimisinéir um Méadú chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh na Seirbia agus gur fógraíodh go gcuirfí cistí a bhí curtha i leataobh don tSeirbia ar fionraí mar gheall ar athchóirithe reachtacha; ag tabhairt rabhadh i gcoinne aon iarrachtaí córasacha a d’fhéadfadh an tSeirbia a dhéanamh chun bac a chur ar dhul chun cinn brostaithe na dtíortha comharsanachta i dtreo ballraíocht san Aontas, go háirithe i gcomhthéacs a marbhántachta féin ar chonair an aontachais; á iarraidh ar an tSeirbia a beartas víosaí a ailíniú níos dlúithe le liosta an Aontais de thríú tíortha a dteastaíonn víosaí óna náisiúnaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ghéarchéim pholaitiúil atá ag dul in olcas sa tSeirbia, i gcomhthéacs na n-ollagóidí atá ar siúl ar fud na tíre ó mhí na Samhna 2024, rud a léiríonn an tionchar atá ag an éilliú sistéamach ar muintir na Seirbia agus an easpa cuntasachta agus trédhearcachta atá sa tír; ag tabhairt dá haire gur shainaithin misean aimsithe fíoras na Parlaiminte i mí Eanáir 2026 polarú méadaitheach, idirphlé parlaiminteach teoranta agus muinín institiúideach lagaithe mar phríomhthosca rannchuiditheacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an t-éilliú fós forleathan in go leor réimsí agus go bhfuil gá le toil láidir pholaitiúil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an éilliú, chomh maith le freagairt láidir ceartais choiriúil ar éilliú ardleibhéil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thaifead an tSeirbia an scór is measa le fiche bliain anuas in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2025 arna chur i dtoll a chéile ag Transparency International; á mheas gur comhartha rabhaidh breise é sin ar institiúidí laga agus ar chuntasacht neamhleor; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Straitéis Náisiúnta Frith-Éillithe don tréimhse 2024-2026; á iarraidh ar údaráis na Seirbia a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán moltaí Chomhairle Frith-Éillithe na Seirbia; á chur in iúl gur cúis bhuartha di neamhspleáchas Ghníomhaireacht na Seirbia um Éilliú a Chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil imscrúduithe a bhaineann le titim cheannbhrat stáisiún traenach in Novi Sad in 2024 fós ar siúl agus á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon dul chun cinn suntasach; á chur in iúl gur oth léi an easpa soiléireachta maidir leis an imscrúdú, lena n-áirítear ráitis chontrártha ó oifigigh, chomh maith leis an ionramháil fhéideartha nó an láimhseáil fhaillitheach den fhianaise; ag cáineadh go láidir an tionchair mhíchuí uile atá ar na hionchúisitheoirí atá i gceannas ar an gcás; á iarraidh arís eile go mbeadh trédhearcacht, cuntasacht agus neamhspleáchas breithiúnach ann le linn na himeachtaí breithiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á athdhearbhú gur nocht tragóid Novi Sad tuilleadh laigí struchtúracha maidir le riarachán poiblí, trédhearcacht, cuntasacht agus smacht reachta na Seirbia, ar réimsí ríthábhachtacha athchóirithe iad i gcónaí d’aon tír is iarrthóir ar mian léi ballraíocht a bhaint amach san Aontas; ag tabhairt rabhadh i gcoinne patrún athfhillteach conarthaí rialtais a bheith á ndámhachtain do chuideachtaí Síneacha agus atá á bhfeidhmiú ag na cuideachtaí sin, ar cuideachtaí iad nach bhfuil trédhearcacht, grinnscrúdú poiblí ná cuntasacht leordhóthanach acu, agus á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán caighdeáin agus prionsabail soláthair phoiblí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chreidiúint gurb é an bealach is fearr chun an ghéarchéim pholaitiúil sa tSeirbia a réiteach ná toghcháin atá saor agus cothrom i ndáiríre a reáchtáil; á iarraidh go ndéanfaí moltaí uile ODIHR a chur chun feidhme go hiomlán, ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach agus á chur i bhfáth go n-éilítear leis sin, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, deireadh a chur leis an mbrú ar vótálaithe, lena n-áirítear imeaglú agus ceannach vótaí, cosc éifeachtach ar mhí-úsáid acmhainní poiblí agus riaracháin, cothrom iomaíochta do na gníomhaithe polaitiúla uile, gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar chlaontacht na meán, agus deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás neamhrialtachtaí toghcháin agus coireanna gaolmhara mar atá tugtha chun suntais arís agus arís eile ag ODIHR agus ag an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cáineadh go láidir an timpeallacht naimhdeach a bhaineann leis na toghcháin áitiúla a reáchtáladh i 10 mbardas an 29 Márta 2026, agus misin bhreathnóireachta ag tuairisciú go leor teagmhas foréigneach, bagairtí agus neamhrialtachtaí vótála, lena n-áirítear imeaglú agus brú ar vótálaithe, ionsaithe ar iriseoirí, ar mhic léinn, ar ghníomhaithe agus ar bhreathnóirí, foréigean timpeall ar stáisiúin vótála, liostaí comhthreomhara toghcháin agus taifid chomhthreomhara vótálaithe, ceannach vótaí, vótálaithe ó chathracha eile a thabhairt ar bhusanna chun na stáisiúin vótála, ruathair ar oifigí pháirtithe an fhreasúra, mí-úsáid acmhainní riaracháin agus easpa chothrom iomaíochta; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta cuntasacht a chur ar fáil trí imscrúdú cinntitheach, críochnúil agus trédhearcach; ag tabhairt dá haire gur comhartha dearfach de rannpháirtíocht shibhialta é an ráta ard vótála; á chur i bhfáth go n-éilítear le toghcháin atá saor agus cóir go ndéanfaí timpeallacht na faisnéise toghcháin a chosaint go héifeachtach ar thionchar atá faoi cheilt, ar bhréagaisnéis chomhordaithe agus ar mhí-úsáid buntáistí struchtúracha ag sealbhóirí oifige; ag cáineadh thimpeallacht an fhoréigin agus an imeaglaithe fhorleataigh a fheictear go rialta le linn tréimhsí toghcháin sa tSeirbia, ina mbíonn ar iriseoirí agus saoránaigh araon aghaidh a thabhairt ar bhac córasach, bagairtí fisiciúla agus ionsaithe díreacha, ar meath tromchúiseach iad ar an timpeallacht dhaonlathach, nach ndéanann forfheidhmiú an dlí idirghabháil in go leor cásanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndéanfaí an dlí maidir le clár aontaithe vótálaithe a chur chun feidhme go mion agus go hiomlán, lena n-áirítear i ndáil le spriocdhátaí dlíthiúla a chomhlíonadh agus le comhar iomlán agus eifeachtach na n-institiúidí stáit uile i hiniúchadh an chlár a áirithiú; á mheabhrú gur príomh-mholadh ó ODIHR i gcónaí é feabhas a chur ar chlár na vótálaithe agus gur réamhchoinníoll é do thoghcháin inchreidte; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cur chun feidhme cuí na mbeart sin bunriachtanach chun muinín an phobail as cruinneas agus sláine chlár na vótálaithe a áirithiú agus, dá bhrí sin, chun muinín an phobail as an bpróiseas toghcháin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an méadú atá tagtha ar an bhforéigean, ar na hionsaithe fisiciúla, ar an bhfaireachas neamhdhleathach agus ar an imeaglú a dhéantar ar iriseoirí, a bhí le feiceáil go forleathan leis na hionsaitheoirí masctha le linn thoghcháin áitiúla mhí an Mhárta 2026; á iarraidh go méadófaí cuntasacht agus ionchúiseamh ionsaitheoirí; á athdhearbhú a thábhachtaí atá saoirse an phreasa do thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról méadaitheach atá ag ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) agus ag cibearoibríochtaí eachtracha agus cur isteach eachtrach ar phróisis toghcháin dhaonlathacha na Seirbia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, sna hathruithe leanúnacha eagarthóireachta sna meáin agus ag cáineadh an bhrú mhéadaithe ar na craoltóirí neamhspleácha meán atá fágtha, mar chuid de phróiseas níos leithne gabhála na meán; ag cáineadh oibriú leanúnach RT Balkan agus Sputnik Srbija, a úsáidtear chun insintí agus bréagaisnéis ar son na Rúise a scaipeadh ar fud réigiún na mBalcán Thiar; á mheabhrú go n-úsáidtear na líonraí sin chun dul timpeall ar smachtbhannaí Eorpacha ar an Rúis; ag tathant ar údaráis na Seirbia cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus iad a ailíniú go hiomlán leis an gcinneadh ón gComhairle maidir le gníomhaíochtaí craolacháin Sputnik agus RT a chur ar fionraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na leasuithe a ghlac an Tionól Náisiúnta an 28 Eanáir 2026 chun príomhdhlíthe breithiúnacha a mhodhnú faoi nós imeachta práinne, gan comhairliúchán poiblí, rannpháirtíocht comhlachtaí breithiúnacha ná údar leormhaith; ag cur béim ar an bhfíoras gur céim siar shuntasach eile é seo ar chonair na Seirbia i dtreo aontachas leis an Aontas, mar go lagaíonn sé tuilleadh neamhspleáchas breithiúnach agus uathriail ionchúisimh; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil ‘Dlíthe Mrdić’, mar a thugtar orthu, curtha chun feidhme cheana féin trí na hIonchúisitheoirí don Choireacht Eagraithe (TOK) a bhaint, agus ar an gcaoi sin an dul chun cinn atá déanta in athchóirithe breithiúnacha ó athchóiriú bunreachtúil 2022 á aisiompú go héifeachtach, rud a fhágann go mbeidh an iarraidh go ndéanfaí iad a chúlghairm ina dhiaidh sin imithe i léig; ag tabhairt dá haire gur cuireadh stop le cur chun feidhme na leasuithe sin; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú práinneach orthu, i gcomhréir go hiomlán leis na moltaí sa tuairim ó Choimisiún na Veinéise, agus ag tathant ar údaráis na Seirbia amlíne shoiléir a thíolacadh chun ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas breithiúnach a athbhunú; ag tathant ar an gCoimisiún stop a chur le heisíocaíochtaí breise cistiúcháin don tSeirbia faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar i gcomhthéacs na leasuithe arna nglacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di easpa leanúnachais na Seirbia i gcomhar éifeachtach le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) trína mainneachtain ionchúisitheoir idirchaidrimh a cheapadh in am, rud a d’fhág gur dúnadh a hoifig idirchaidrimh go sealadach agus a rinne difear diúltach don chomhar leanúnach, rud a fhágann, de réir tuairiscí, go bhfuil stad curtha le níos mó ná 200 cás nó go bhfuil difear déanta dóibh; ag tabhairt dá haire gur athcheapadh an t-ionchúisitheoir idirchaidrimh ag Eurojust agus ag tathant ar an tSeirbia leanúint den chomhar breithiúnach cuí agus déileáil leis an gcomhar breithiúnach le gníomhaireachtaí an Aontais mar phríomhoibleagáid aontachais; á iarraidh ar údaráis na Seirbia rannpháirtíocht iomlán agus chomhsheasmhach a áirithiú mar réamhchoinníoll chun tuilleadh cistí a eisíoc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin na cásanna méadaitheacha de thionchar míchuí ar na breithiúna sa tSeirbia, lena n-áirítear ionsaithe poiblí ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí, ráitis pholaitiúla lena mbaintear an bonn dá neamhspleáchas, agus iarrachtaí brú a chur orthu trí mhodhanna institiúideacha agus reachtacha; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go gcruthóidh cleachtais den sórt sin éifeacht athchomhairleach ar chinnteoireacht neamhspleách agus go mbainfidh siad an bonn tuilleadh ó mhuinín an phobail as an gcóras ceartais; á chur i bhfios go láidir nach mór neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint go héifeachtach sa dlí agus sa chleachtas araon; á iarraidh ar údaráis na Seirbia staonadh ó aon ghníomhaíochtaí nó reitric a d’fhéadfadh neamhspleáchas na mbreithiúna a chur i mbaol agus timpeallacht shábháilte chumasúcháin a áirithiú do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí chun a ndualgais a chomhlíonadh saor ó bhrú; ag cáineadh oifigigh na Seirbia as úsáid a bhaint as teanga lena spreagtar foréigean;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di tásca leanúnacha maidir le greamú stáit, lena n-áirítear tionchar polaitiúil míchuí ar phríomhinstitiúidí, ar chomhlachtaí rialála agus ar an riarachán poiblí; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach neamhspleáchas agus cuntasacht institiúideach a neartú chun muinín an phobail a athbhunú agus chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gconair Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaintear an bonn tuilleadh de ról bunreachtúil agus de neamhchlaontacht fhorordaithe institiúid an Uachtaráin trí fheachtasaíocht leanúnach agus gníomhaíochas páirtí, lena n-áirítear trí liostaí iarrthóirí do thoghcháin áitiúla a bhfuil ainm an Uachtaráin orthu; ag cáineadh mhí-úsáid na hoifige poiblí agus na gcistí poiblí chun críocha páirtí polaitíochta chun tairbhe an pháirtí rialaithe, lena n-áirítear feachtasaíocht toghcháin agus slógadh vótálaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh, rud a fhágann go bhfuil na línte idir an stát agus an páirtí rialaithe doiléir ar deireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go gcuireann obair pharlaiminteach scortha, mar aon leis an modh buan feachtais agus polarú ard, le heaspa feidhmiúlachta an Tionóil Náisiúnta; á athdhearbhú go bhfuil sí réidh chun tacú leis an Tionól Náisiúnta agus lena chomhaltaí sna próisis dhaonlathacha a bhaineann le conair Eorpach na Seirbia, lena n-áirítear feidhmiú cuí na parlaiminte i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, trí úsáid a bhaint as uirlisí agus tionscnaimh tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa atá ann cheana; ag spreagadh an idirphlé pharlaimintigh idir an tAontas agus an tSeirbia agus rannpháirtíocht chuiditheach laistigh de Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais Pharlaimint na hEorpa a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na saincheisteanna sistéamacha ar tharraing agóidí na mac léinn sa tSeirbia agus agóidí éagsúla eile aird orthu, amhail saincheisteanna a bhaineann le saoirsí sibhialta, deighilt na gcumhachtaí, éilliú, cosaint chomhshaoil, trédhearcacht institiúideach agus airgeadais, go háirithe maidir le tionscadail bonneagair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di glacadh an <STRING ITALIC="on">lex specialis</STRING> agus an ‘léirmhíniú barántúil’ ina dhiaidh sin ar an dlí a bhaineann le Coimpléasc Nua-Aimsearthach Generalštab i mBéalgrád, a sháraíonn, i ndáiríre, an creat dlíthiúil chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a bhaineann an bonn den deimhneacht dhlíthiúil; á chur i bhfáth go lagaíonn na bearta reachtacha <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> sin an smacht reachta, intuarthacht dhlíthiúil agus sláine fhoriomlán an chórais dlí; á iarraidh ar údaráis na Seirbia na bearta sin a aisghairm agus a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an reachtaíocht bhunreachtúil, an reachtaíocht maidir le cosaint na hoidhreachta agus an reachtaíocht phleanála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheabhrú gur cheart, faoi théarmaí an Bhunreachta, an dlí maidir le maoiniú Chúige Féinrialaitheach Vojvodina a bheith glactha faoi dheireadh 2008; ag spreagadh an rialtais, dá bhrí sin, an t-ábhar a chur faoi bhráid na parlaiminte gan a thuilleadh moille;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an gceart bunúsach atá ag muintir uile na Seirbia, lena n-áirítear mic léinn, a dtuairimí a chur in iúl gan bhac agus agóid shíochánta a dhéanamh, lena n-áirítear iarraidh ar chuntasacht agus athchóirithe daonlathacha atá nasctha go díreach leis an smacht reachta, agus ar ailíniú na tíre le prionsabail agus luachanna an Aontais chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cáineadh an fhíorais go bhfuil agóideoirí síochánta, mic léinn, gníomhaithe agus iriseoirí faoi réir raon leathan beart diansmachtúil le bliain anuas, lena n-áirítear úsáid iomarcach fornirt agus foréigin póilíneachta, coinneáil agus gabhálacha treallacha, deoraíocht pholaitiúil, faireachas neamhdhleathach, ciapadh agus imeaglú inscnebhunaithe ar líne, lena n-áirítear ábhar dlúthchaidrimh neamhthoiliúil a scaipeadh, mí-úsáid sonraí pearsanta ó chlárlanna poiblí chun frithbheart a dhéanamh i gcoinne agóideoirí síochánta agus cineálacha eile imeaglaithe agus díbirt éagórach; á iarraidh go gcuirfí smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne daoine aonair atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha agus sístéamacha ar chearta an duine sa tSeirbia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag cáineadh an rabharta foréigin a scaoil dronga neamhfhoirmiúla a bhfuil dlúthnaisc acu leis an bpáirtí rialaithe atá ag feidhmiú le saoirse ó phionós agus ag ionsaí agóideoirí; á iarraidh ar údaráis na Seirbia a áirithiú go gcosnófar iad siúd atá rannpháirteach in agóidí síochánta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe phráinneach, neamhchlaonta agus trédhearcacha ar gach líomhain maidir le úsáid neamhriachtanach agus díréireach as forneart agus faireachais neamhdhleathaigh a dhéanamh ar léirsitheoirí; á iarraidh ar na húdaráis deireadh a chur le díriú ar dhaoine aonair mar gheall ar a ngníomhaíochtaí dlisteanacha agus a áirithiú go n-urramófar cearta polaitiúla go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí na tuairiscí ó Amnesty International agus ó Fhondúireacht SHARE, i measc nithe eile, ina léirítear gur bhain údaráis na Seirbia úsáid as earraí spiaireachta neamhdhleathacha amhail Pegasus chun faireachas a dhéanamh ar ghníomhaithe, iriseoirí, baill na sochaí sibhialta agus saoránaigh, agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di easpa freagairtí formhaoirseachta leormhaithe institiúideacha nó neamhspleácha ar chásanna úsáide earraí spiaireachta; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia deireadh a chur láithreach leis na cleachtais sin, gach cás a imscrúdú go críochnúil, agus iad siúd atá freagrach a thabhairt chun cuntais; ag tathant ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar na teagmhais sin agus brú a chur ar údaráis na Seirbia imscrúdú iomlán agus neamhspleách a áirithiú; ag cáineadh go láidir ráitis dho-ghlactha an 4 Aibreán 2026 ó Aire Faisnéise agus Teileachumarsáide na Seirbia maidir le foréigean póilíneachta i gcoinne saoránach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil úsáid á baint as cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna) i gcoinne iriseoirí iniúchacha agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di líomhaintí inchreidte maidir le harm fuaimiúil a úsáid i gcoinne agóideoirí síochánta; ag tabhairt dá haire nach bhfuil imscrúdú pras agus trédhearcach á dhéanamh ar an teagmhas; ag meabhrú bheart eatramhach Chomhairle na hEorpa i mí Aibreáin 2025 maidir le léirsitheoirí a chosaint agus á chur i bhfáth go bhféadfadh mainneachtain na líomhaintí sin a imscrúdú a bheith ina sárú ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; á iarraidh ar údaráis na Seirbia imscrúdú láithreach, neamhchlaonta a dhéanamh agus cuntasacht a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil crua-earraí agus bogearraí Síneacha á gceannach ag an tSeirbia ar phraghsanna laghdaithe chun dlús a chur leis an bhfaireachas ar a saoránaigh, go háirithe trí chórais fhairsinge físfhaireachais agus trí ardchórais aghaidhaitheanta a úsáid i spásanna poiblí trí chomhar le Huawei faoin tionscadal ‘Safe City’ a chuirtear chun feidhme i mBéalgrád; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí gur bhain údaráis na Seirbia úsáid as cistí réamhaontachais AE chun bogearraí bithmhéadracha agus fóiréinseacha a fháil ó Papilon, cuideachta Rúiseach atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán bearta sriantacha an Aontais i ngach clár arna chistiú ag an Aontas; á chur in iúl gur saoth léi feachtas údaráis na Seirbia d’imeaglú i gcoinne mic léinn, iriseoirí agus gníomhaithe síochánta, a bhraitheann ar thuarascáil chonspóideach ó Sheirbhís Slándála Cónaidhme na Rúise (FSB) chun úsáid canóin fuaime a chur i leith agóideoirí go bréagach le linn agóid Chearnóg Slavija i mBéalgrád an 15 Márta 2025; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé go hiomlán do-ghlactha agus ar neamhréir le bunluachanna AE an eagla a úsáid mar arm chun easaontú sibhialta a chur faoi chois; ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe is déanaí ó oifigigh is airde céim na Seirbia i gcoinne Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear líomhaintí bréagacha gur scaip siad bréaga agus mífhaisnéis faoin agóid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an géarú ar ionsaithe ó bhéal, feachtais chlúmhillte agus brú a bheith á chur ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thacaíonn leis an smacht reachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa tSeirbia, lena n-áirítear coinníollacha sriantacha, srianta ar mhaoiniú, ruathair phóilíneachta agus cineálacha eile imeaglaithe ag údaráis stáit; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá creat lena gcuirtear ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta áitiúla agus bríomhara páirt a ghlacadh i gceapadh beartas, lena n-áirítear próisis lánpháirtithe AE ar bhealach cuimsitheach fóinteach; á iarraidh ar na húdaráis timpeallacht shábháilte a áirithiú don tsochaí shibhialta chun oibriú gan bhac, agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn dá neamhspleáchas agus dá n-obair; ag cáineadh an mheatha atá tagtha ar dhálaí oibre d’iriseoirí agus do na meán; ag tathant ar an tSeirbia go n-aisiompóidh sí an cúlú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur bhain an tSeirbia an scór is ísle riamh amach in 2025 ar an Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa, agus í rangaithe sa 96ú háit as 180 tír, rud a chuireann í sa dara háit ón deireadh san Eoraip ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cruthú de thimpeallacht naimhdeach i leith na meán neamhspleách agus iriseoirí aonair trí ionsaithe ó bhéal ag na pearsana polaitiúla is airde; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar ionsaithe taifeadta i gcoinne iriseoirí le bliain anuas, mar aon leis an laghdú atá tagtha ar rátaí ionchúisimh, rud a chothaíonn saoirse ó phionós; á thabhairt chun suntais go bhfuil fadhbanna struchtúracha leanúnacha ann maidir le húinéireacht na meán, maoirseacht rialála neamhleor agus easpa fíor-iolrachas na meán; ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i gcomhchruinniú úinéireacht na meán agus i dtionchar díréireach na n-eagraíochtaí atá ar son an rialtais, rud a chuireann teorainn leis an iolrachas agus a chuireann le scaipeadh na bréagaisnéise; á iarraidh ar údaráis na Seirbia timpeallacht meán atá fíorneamhspleách agus fíoréagsúil a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní mór di, nach bhfuil Údaráis Rialála um na Meáin Leictreonacha (REM) na Seirbia ábalta feidhmiú go héifeachtach fós toisc nach bhfuil Comhairle dhlisteanach agus oibríochtúil ann atá neamhspleách ar chur isteach polaitiúil; á mheabhrú gur theip ar an Tionól Náisiúnta don dara bliain as a chéile comhaltaí na Comhairle REM a thoghadh; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn leis an bpairilis leanúnach REM ón maoirseacht rialála le linn tréimhse polaraithe pholaitiúil mhéadaithe; á mheabhrú gur leag an Coimisiún béim arís agus arís eile ar an ngá atá le REM lánfheidhmiúil agus neamhspleách mar phríomhchosaint d’iolrachas na meán; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé neamhspleáchas agus feidhmiú éifeachtach REM a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachas gairmiúil agus moltóirí údaraithe eile i bpróiseas roghnúcháin cuimsitheach, in ainneoin neamhrialtachtaí agus sáruithe nós imeachta, agus á mheas go gcuireann an rannpháirtíocht sin béim ar an ngá atá le toradh an phróisis a aithint chun deireadh a chur leis na forais le hiarrthóirí arna roghnú go cuí a tharraingt siar; á mheas nach féidir inchreidteacht an phróisis agus Chomhairle REM sa todhchaí a athbhunú ach amháin trí fhilleadh ar chéim dhleathach an nós imeachta agus trí thoradh an phróisis roghnúcháin chuimsithigh is déanaí a aithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di neamhspleáchas, iontaofacht agus sláine thírdhreach mheáin na Seirbia; á thabhairt chun suntais go háirithe scaipeadh bréagaisnéise agus bolscaireachta ar son na Rúise ag eagraíochtaí meán atá cleamhnaithe leis an stát; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia bearta iomchuí a dhéanamh chun trédhearcacht na meán, cruinneas faisnéise agus urraim do chaighdeáin iriseoireachta a áirithiú; ag tathant ar an tSeirbia a cúlú i saoirse na meán a aisiompú agus ailíniú a dhéanamh leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a neartú chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, na hionramhála agus an chuir isteach eachtraigh ar fhaisnéis agus insintí ina gcaitear anuas ar an Aontas, agus chun athléimneacht dhaonlathach a threisiú; á iarraidh ar an tSeirbia tionscnaimh chuimsitheacha maidir le litearthacht sna meáin a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh ar fud an chórais oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an smacht fairsing atá ag páirtithe polaitiúla ar cheapacháin san earnáil phoiblí, ar ghníomhaireachtaí stáit, ar fhiontair faoi úinéireacht stáit, ar bhoird mhaoirseachta agus ar phríomhchomhlachtaí rialála, ós rud é go mbaintear an bonn de ghairmiúlacht agus de chuntasacht an riaracháin le pátrúnacht pholaitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach a chosaint i gcomhréir le prionsabail an Limistéar Eorpach Ardoideachais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ar bhrú airgeadais, riaracháin agus fisiciúil ar an bhfoireann acadúil agus ar chur isteach ar neamhspleáchas institiúideach na n-ollscoileanna le bearta rialtais, lena n-áirítear bagairtí polaitiúla ar Reachtaire Ollscoil Bhéalgrád agus ar dhéin ollscoileanna ar fud na Seirbia, dífhostú foirne acadúla agus idirghabhálacha póilíneachta tuairiscithe ar áitribh ollscoile; á iarraidh ar údaráis na Seirbia deireadh a chur láithreach leis na cleachtais sin agus neamhspleáchas na n-ollscoileanna a urramú go hiomlán i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; ag cáineadh an bhrú pholaitiúil a chuirtear ar ollscoileanna agus ar institiúidí taighde eile; ag cáineadh an díblithe a dhéantar sna meáin atá ar son an rialtais ar ollúna, ar thaighdeoirí agus ar fhoirne acadúla eile; ag cáineadh ruathar na bpóilíní, a chraoltar trí na meáin thablóideacha atá ar son an rialtais, ar áitreabh Ollscoil Bhéalgrád, mar chineál eile brú agus imeaglaithe ar an saol acadúil agus ar shaoirsí acadúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil iompar Rialtas na Seirbia i réimse an oideachais agus na saoirse acadúla ag baint an bhoinn de chaighdeáin faoi Chaibidlí 25 agus 26, arb iad an t-aon dá chaibidil iad atá dúnta go sealadach ag an tSeirbia; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le dúnadh sealadach Chaibidlí 25 agus 26 fós á gcomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cur isteach polaitiúil atá ag dul i méid ar institiúidí cultúrtha sa tSeirbia, lena n-áirítear brúnna ar chlársceidealú ealaíonta, ar struchtúir rialachais agus ar chinntí cistiúcháin, agus ar institiúidí agus gairmithe cosanta oidhreachta; ag tabhairt dá haire go ndearnadh tuairiscí ar shrianta ar rochtain ar ábhar cultúrtha lena mbaintear an bonn de cheart na saoránach páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, gur cuireadh cláir chultúrtha ar ceal, gur dífhostaíodh gairmithe cultúrtha agus gur cuireadh brú ar shaineolaithe a bhfuil baint acu le cosaint na hoidhreachta; á chur i bhfáth gur codanna lárnacha den saol daonlathach iad saoirse an léirithe ealaíonta, neamhspleáchas institiúideach agus neamhspleáchas gairmiúil; á iarraidh ar údaráis na Seirbia na prionsabail sin a urramú go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus rialachas cultúrtha trédhearcach, fiúntas-bhunaithe agus dípholaitithe a bhunú, lena n-áiritheofar leithdháileadh cothrom agus neamhspleách cistiúcháin phoiblí agus timpeallacht chumasúcháin d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a bheidh saor ó chur isteach polaitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á athdhearbhú nach mór don tSeirbia a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtach na creataí reachtacha agus institiúideacha chun cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe maidir le beartais lena dtugtar aghaidh ar fhoréigean in aghaidh na mban, ar dhí-institiúidiú agus ar fhoréigean in aghaidh leanaí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ráta ard leanúnach an fhoréigin inscnebhunaithe sa tSeirbia, lena n-áirítear a ghné dhigiteach, agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia freagairt a áirithiú le pleananna gníomhaíochta, sásraí cistiúcháin agus cur chun feidhme leormhaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia a áirithiú go n-urramófar cearta na mionlach náisiúnta uile go hiarbhír agus go léireofar tiomantas dílis maidir le réiteach a fháil ar shaincheisteanna atá fós gan réiteach, lena n-áirítear rochtain ar oideachas, faisnéis, spás tiomnaithe do na meáin, cistiú, saoráidí agus seirbhísí reiligiúnacha i dteangacha mionlaigh, chomh maith le hionadaíocht iomlán ar gach leibhéal rialtais, i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta, nuair is féidir, agus leis na caighdeáin Eorpacha ábhartha uile; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta ar leibhéal na n-airí ó 2025 i leith, go háirithe ionadaíocht lena gcumhdaítear an phunann um chearta an duine agus um chearta mionlach; á thabhairt chun suntais, cé go bhfuil creat dlíthiúil agus beartais na Seirbia um chosaint na mionlach náisiúnta i bhfeidhm den chuid is mó, go bhfuil easnaimh shuntasacha fós ann maidir lena chur chun feidhme éifeachtach agus comhsheasmhach; ag tabhairt dá haire go bhfuil moill shuntasach ar phlean gníomhaíochta nua a dhréachtú chun cearta mionlaigh náisiúnta a bhaint amach, a glacadh sa deireadh an 28 Bealtaine 2026, agus á chur i bhfáth a phráinní atá sé go gcuirfeadh an tSeirbia é chun feidhme go pras; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh bearta nithiúla, lena n-áirítear amlínte soiléire, acmhainní leormhaithe agus sásraí láidre faireacháin; á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht frith-idirdhealaithe a chur chun feidhme go hiomlán agus go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun a áirithiú go gcaithfear go neamh-idirdhealaitheach le gach mionlach náisiúnta agus le gach mionlach eile; á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe agus ciontuithe éifeachtacha ar choireanna ar fuath is bun leo; ag géarcháineadh ionsaithe, imeaglú, spriocdhíriú agus chiapadh pobal mionlaigh, lena n-áirítear Slóvacaigh, Rómánaigh, Bulgáraigh agus Crótaigh, agus úsáid maslaí eitneacha ag na meáin atá ar son an rialtais; á chur i bhfáth gur cheart déileáil le dul chun cinn intomhaiste agus infhíoraithe maidir le cosaint mionlach mar chuid de chnuasach na mbunphrionsabal, le tagarmharcanna soiléire agus faireachán soiléir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil rochtain ar oideachas trí theangacha mionlaigh fós teoranta go hiarbhír agus nach mór í a ráthú ar gach leibhéal gan mhoill nó gan bhacainní riaracháin, i gcomhréir le cearta bunúsacha mionlaigh; á iarraidh ar an tSeirbia oidhreacht chultúrtha agus traidisiúin a mionlach náisiúnta a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe chun atmaisféar dearfach a chruthú don oideachas trí theangacha mionlaigh agus á chur in iúl gur saoth léi an sárú ar chearta mionlaigh sa réimse sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá múinteoirí, téacsleabhair agus ábhair leordhóthanacha a bheith curtha ar fáil ina n-iomláine; á iarraidh ar an tSeirbia staonadh ó leas a bhaint as féiniúlachtaí náisiúnta agus ag géarcháineadh cásanna fuathchainte taifeadta ina gcoinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag aithint ról na gcomhairlí mionlaigh náisiúnta ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di a n-acmhainneachtaí teoranta agus á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leormhaith airgeadais agus institiúideach chun a neamhspleáchas a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á ghéarcháineadh gur oth léi iarrachtaí údaráis na Seirbia an bonn a bhaint d’fhéiniúlacht náisiúnta na bpobal laistigh den tír; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, sa chomhthéacs sin, cur chun cinn insintí amhail ‘náisiún Shopi’, mar a thugtar air, a fhéachann le pobal na Bulgáire a scriosadh agus a fhréamhacha stairiúla, a oidhreacht chultúrtha agus a cheart féinaitheanta, atá cosanta faoin dlí idirnáisiúnta, a shéanadh; á iarraidh ar an tSeirbia an ceart a áirithiú chun ainmneacha agus teanga a bhaineann go sonrach le grúpaí mionlaigh a úsáid, lena n-áirítear mná laistigh de phobal na Bulgáire; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an meath déimeagrafach atá ag teacht ar ghrúpaí mionlaigh áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar Rialtas na Seirbia cearta comhionanna a áirithiú do mhionlach na Cróite sa tSeirbia, díreach mar atá cearta comhionanna ag an mionlach Seirbiach sa Chróit, agus tiomantas dílis a léiriú do réiteach a fháil ar shaincheisteanna atá fós gan réiteach maidir le mionlach na Cróite; á chur in iúl gur oth léi gníomhaíochtaí na Seirbia oidhreacht chultúrtha na Cróite agus bunús a traidisiúin liteartha a ghabháil chuici féin nó chun amhras a chaitheamh ar stádas na Cróitise; á chur in iúl gur geal léi, ag an am céanna, gur formheasadh oideachas réamh-bhunscoile trí Chróitis in Tavankut; ag dréim leis go gcuirfear tús láithreach leis an gcur chun feidhme iomlán agus ag spreagadh na n-údarás náisiúnta agus áitiúil leanúint dá n-idirphlé le Comhairle Náisiúnta na Cróite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag cur sonrú i staid mhionlach na Rómáine sa tSeirbia agus á iarraidh ar na húdaráis gach beart a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfidh siad leas iomlán as a gcearta teanga, reiligiúnacha, oideachais agus cultúrtha, lena n-áirítear trí rochtain ar oideachas Rómáinise, ar sheirbhísí reiligiúnacha Rómáinise agus ar na meáin Rómáinise a éascú, agus beartais chuimsitheacha a chur chun cinn lena gcosnaítear féiniúlacht agus rannpháirtíocht a gcomhaltaí sa saol poiblí; á iarraidh ar údaráis na Seirbia staonadh ó idirdhealú a dhéanamh idir muintir na Valáice agus na Rómánaigh; á chur in iúl gur oth léi staid Eaglais Cheartchreidmheach na Rómáine sa tSeirbia, nach n-aithníonn an stát go hoifigiúil í mar eaglais thraidisiúnta, rud a chruthaíonn dúshláin shuntasacha d’eaglaisí agus do chléirigh Rómánacha maidir le hadhradh reiligiúnach a dhéanamh do phobal na Rómáine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di forfheidhmiú sriantach agus treallach an Dlí maidir le Cónaí Buan agus Sealadach a bhaineann le héighníomhú sheoltaí na mílte Albánach i ndeisceart na Seirbia; ag tathant ar an Aireacht Gnóthaí Baile staidreamh cuimsitheach a phoibliú, a luaithe is féidir, maidir le saoránaigh a éighníomhaíodh idir 2011 agus 2024 in Medveđa, Bujanovac agus Preševo, ar imdhealaíodh iad de réir náisiúntachta/eitneachta; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aireacht Riaracháin Phoiblí agus Féinrialtais Áitiúil stop a chur leis an bpróiseas chun na saoránaigh a bhfuil seoltaí éighníomhaithe acu a bhaint de rolla aonair na dtoghthóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia a áirithiú go ndéanfar an straitéis maidir le cuimsiú na Romach a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear cistiú, comhordú agus faireachán leormhaith le rannpháirtíocht na bpobal Romach; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun rochtain chomhionann ar oideachas a áirithiú agus chun leithscaradh a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar polaitiúil méadaitheach atá ag institiúidí reiligiúnacha agus á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go n-urramófar an tuatachas, an chóir chomhionann agus aitheantas iomlán na bpobal reiligiúnach uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag cáineadh thimpeallacht leanúnach an naimhdis, an idirdhealaithe agus na fuathchainte i gcoinne daoine LADTIA+ sa tSeirbia; á iarraidh ar an tSeirbia feabhas a chur ar a cur chun feidhme de dhlíthe maidir leis an bhfuathchoireacht, leis an bhfuathchaint agus leis an bhfrith-idirdhealú; ag spreagadh údaráis na Seirbia tús a chur an athuair, gan mhoill, leis an bpróiseas reachtach a bhaineann leis an Dlí maidir le Comhionannas Inscne agus leis an Dlí maidir le hAontais Chomhghnéis chun cosaint na gceart bunúsach a neartú agus chun ailíniú le caighdeáin Eorpacha maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtugtar chun suntais sa Tuarascáil maidir le Gáinneáil ar Dhaoine nach gcomhlíonann na húdaráis ábhartha sa tSeirbia na híoschaighdeáin ina n-iomláine chun deireadh a chur le gáinneáil ar dhaoine, in ainneoin iarrachtaí méadaithe a léiriú i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin; á iarraidh ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin trí chineálacha cur chuige atá dírithe ar íospartaigh a neartú, trí ionchúisimh éifeachtacha agus athchomhairleacha a áirithiú, trí chomhordú idirinstitiúideach a fheabhsú, agus trí chomhar leis an tsochaí shibhialta a fheabhsú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag dréim leis go ndéanfaidh an tSeirbia comhoibriú go hiomlán leis an gCosaiv chun lucht déanta an ionsaithe sceimhlitheoireachta in Banjska in 2023 a thabhairt os comhair na cúirte ar deireadh; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil na ciontóirí ionchúisithe fós ag an tSeirbia, go háirithe Milan Radoičić, Leas-Uachtarán Srpska Lista; á athdhearbhú nach mór na daoine go léir atá freagrach as gníomhartha foréigin a choinneáil cuntasach agus nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar an gceartas gan mhoill, i gcomhréir leis an smacht reachta agus leis an bpróiseas cuí; á cháineadh go láidir go ndearnadh ionsaí ar chanáil Ibër-Lepenc/Ibar-Lepenac i dtuaisceart na Cosaive i mí na Samhna 2024, agus á iarraidh go ndéanfaí lucht déanta an ionsaithe a ghabháil go pras agus a thabhairt os comhair na cúirte; á iarraidh ar an tSeirbia freagairt gan tuilleadh moille ar iarraidh na Cosaive i mí Eanáir 2025 ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach i ndáil leis an ionsaí sin agus comhoibriú go hiomlán leis an imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag aithint ról tábhachtach na Seirbia i réigiún na mBalcán Thiar, agus ag géarcháineadh aon ghníomhaíochtaí nó iarrachtaí atá dírithe ar réimse tionchair a dhearbhú a bhainfeadh an bonn de cheannasacht agus d’iomláine chríochach na dtíortha comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á mheabhrú go leanann an normalú ar an gcaidreamh leis an gCosaiv agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe uile ar thángthas orthu faoin Idirphlé idir Béalgrád agus Pristina de bheith ina gcuid dhílis agus ina n-eilimint bhunúsach riachtanach de pheirspictíocht Eorpach na Seirbia; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dul chun cinn nithiúil, marthanach agus infhíoraithe sa réimse sin ríthábhachtach chun an chobhsaíocht réigiúnach a neartú agus chun peirspictíocht Eorpach na tíre a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir breathnú ar normalú mar ábhar imní tánaisteach, ach nach mór dó leanúint de bheith ina dhearbhthosaíocht pholaitiúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar iarrachtaí éascaithe an Aontais idir na páirtithe d’fhonn an tsáinn reatha a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á mheabhrú don Aontas gur gnéithe ríthábhachtacha de phróiseas an mhéadaithe iad dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach fós; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh dea-chaidreamh comharsanachta ag an tSeirbia, go háirithe trí chomhaontuithe le Ballstáit an Aontais a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach féidir lánpháirtiú na hEorpa a bheith fite fuaite le coincheap ‘Domhan na Seirbia’, arb é is aidhm dó an bonn a bhaint den tsíocháin agus den chobhsaíocht sa réigiún; á chur i bhfáth go bhfuil na hinsintí sin ag teacht salach ar phrionsabail an dea-chaidrimh comharsanachta agus an chomhair réigiúnaigh, ar príomhghnéithe de phróiseas aontachais an Aontais iad; á chur i bhfios go láidir go gcuirtear próiseas normalaithe an chaidrimh le Poblacht na Cosaive i mbaol leis na hinsintí sin; á iarraidh ar údaráis na Seirbia staonadh ó reitric agus ó ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh teannas réigiúnach a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag géarcháineadh cásanna atá ag tarlú arís agus arís eile d’fhuathchaint, reitric naimhdeach agus insintí gríosaitheacha atá dírithe ar a tíortha comharsanachta, go háirithe an Bhulgáir, an Chróit, an Chosaiv agus an Albáin, lena n-áirítear ag oifigigh phoiblí agus eagraíochtaí meán; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an dioscúrsa sin ar neamhréir le luachanna Eorpacha agus go mbaineann sé an bonn den mhuinín, den athmhuintearas agus den chobhsaíocht réigiúnach; á iarraidh ar údaráis na Seirbia an fhuathchaint a chomhrac go gníomhach, cuntasacht a áirithiú, agus timpeallacht d’urraim agus idirphlé cuiditheach a chur chun cinn sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata chun cáilíocht an phróisis idirphlé a fheabhsú trí rannpháirtíocht ban, trí thrédhearcacht mhéadaithe don phobal, agus trí rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an Idirphlé arna éascú ag an Aontas agus á chur in iúl gur geal léi an sainordú leathnaithe ag Peter Sørensen mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristina go dtí an 29 Feabhra 2028;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chuiditheach údaráis na Cosaive agus na Seirbia d’fhonn cur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an gCosán i dtreo an Normalaithe agus na hiarscríbhinne a ghabhann leis maidir leis an gcur chun feidhme a chur ar aghaidh, comhaontú atá bailí i gcónaí agus atá ceangailteach ó thaobh dlí ar an dá pháirtí; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia araon Comhaontuithe na Bruiséile agus Ohrid a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí Chomhlachas/Comhphobal na mBardasach ag a bhfuil tromlach Seirbiach a bhunú agus trí dheireadh a chur le cur i gcoinne na Seirbia i ndáil le ballraíocht na Cosaive in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus gníomhartha aontaobhacha a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den phróiseas idirphlé a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag cáineadh na reitrice diúltaí, ionsaithí agus ansmachtúla a dhéanann ceannairí polaitiúla na Seirbia arís agis arís eile atá dírithe ar thíortha agus ar phobail chomharsanachta, lena mbaintear an bonn de na hiarrachtaí maidir le dea-chaidreamh comharsanachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le ceiliúradh míbhunreachtúil Lá Republika Srpska, rud a chuireann cobhsaíocht agus iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine i mbaol; á iarraidh ar an tSeirbia staonadh ó insintí géaraitheacha agus a áirithiú go mbeidh a beartais slándála agus chosanta ailínithe le luachanna Eorpacha agus go n-urramóidh siad dea-chaidreamh comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag cáineadh na reitrice ionsaithí agus athlastaí a d’úsáid Uachtarán na Seirbia i gcoinne comharsana agus é ag maíomh, gan fianaise, go raibh an Chróit, an Albáin agus an Chosaiv ag ullmhú chun ionsaí a dhéanamh ar an tSeirbia, agus é sin á úsáid mar leithscéal chun diúracáin fhorshonacha Shíneacha a cheannach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an tSeirbia ag leanúint dá hiarrachtaí a tír chomharsanachta, an Chosaiv, a leithlisiú ón ardán idirnáisiúnta trí fheachtas a dhéanamh i gcoinne aitheantas a thabhairt di nó tríd an tír a eisiamh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta; á iarraidh ar an tSeirbia stop a chur le cur i gcoinne iarratas na Cosaive a bheith ina comhalta de Chomhairle na hEorpa, rud a thagann salach ar chomhaontú 2013 idir an Chosaiv agus an tSeirbia maidir le normalú an chaidrimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia cur chuige níos gníomhaí a ghlacadh chun dul i ngleic le diúltú coireanna cogaidh agus le athbhreithniúchais stairiúil, go háirithe maidir leis na cogaí sa Chróit, sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus sa Chosaiv; á iarraidh ar údaráis na Seirbia ceartas a bhaint amach d’íospartaigh trí chinntí cúirte maidir le coireanna cogaidh a aithint agus a urramú, agus trí chomhrac a dhéanamh i gcoinne saoirse ó phionós i leith coireanna cogaidh, agus trí thacú le hionchúisitheoirí intíre lucht déanta na coire a thabhairt os comhair na cúirte; ag géarcháineadh séanadh poiblí forleathan na mbreithiúnas idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh, lena n-áirítear an séanadh maidir leis an gcinedhíothú Srebrenica; á iarraidh go ndéanfaí an séanadh de choireanna cogaidh agus móradh coirpeach cogaidh a áireamh sa Chód Coiriúil, d’fhonn aon chineál diúltaithe coireanna cogaidh arna gcinneadh le breithiúnais Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár léirigh an tSeirbia fíorthiomantas d’aghaidh a thabhairt ar an méid a rinne sí san am atá thart agus ar choireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, mar a léirítear ina mainneachtain amhrastaigh ardleibhéil a chúiseamh, Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí as Coireanna Cogaidh a bheith in easnamh ó 2023 i leith, agus séanadh poiblí forleathan fíorasc maidir le coireanna cogaidh idirnáisiúnta, lena n-áirítear an séanadh maidir leis an gcinedhíothú Srebrenica; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil coirpigh chogaidh chiontaithe á gcur chun cinn go leanúnach ag an bpáirtí rialaithe agus trí eagraíochtaí meán atá ar son an rialtais, rud a thugann an spás dóibh d’athbhreithniúchas stairiúil agus d’fhuathchaint stairiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis an tábhacht a bhaineann le cartlanna cogaidh a oscailt agus a fhoilsiú, agus á iarraidh an athuair go n-osclófaí cartlanna na hIar-Iúgslaive agus, go háirithe, go ráthófaí rochtain ar chomhaid sheirbhís rúnda na hIar-Iúgslaive (UDBA) agus Sheirbhís Frithfhaisnéise Arm Phobal na hIúgslaive (KOS), agus go dtabharfaí na comhaid ar ais do na rialtais faoi seach má iarrann siad amhlaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhar réigiúnach fóinteach maidir le coireanna cogaidh a láimhseáil trí choinbhleachtaí dlínsí a sheachaint agus trína áirithiú go ndéanfar coireanna cogaidh a ionchúiseamh gan aon idirdhealú, agus á chur i bhfios go láidir nach mór na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach i ndáil leis sin a réiteach go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil chásanna neamhréitithe maidir le ‘daoine atá ar iarraidh’ ina dúshlán tromchúiseach i gcónaí agus ina mbac suntasach ar normalú an chaidrimh; ag tathant ar an tSeirbia dlús a chur lena hiarrachtaí athmhuintearais agus cur chuige níos gníomhaí a ghlacadh; á iarraidh ar an tSeirbia comhoibriú go hiomlán le húdaráis bhreithiúnacha Bhallstáit an Aontais ina n-imscrúduithe ar choireanna cogaidh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le coireanna i gcoinne daoine atá ar iarraidh, agus an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil lena bhféadfaí iad a shainaithint; á iarraidh go mbeadh comhar déthaobhach fóinteach ann leis na stáit eile lena mbaineann trí fhaisnéis a mhalartú go pras, lena n-áirítear trí rochtain ar dhoiciméadacht agus ar chartlanna agus trí chásanna daoine atá ar iarraidh a réiteach, trí ábhair chomharbais a shocrú, trí choireanna cogaidh a ionchúiseamh agus trí mhaoin chultúrtha a thabhairt ar ais; ag tathant ar an tSeirbia a dlí a fógraíodh le fada maidir le daoine atá ar iarraidh a ghlacadh ar deireadh ar bhealach fíorchuimsitheach agus fíorthrédhearcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag cáineadh úsáid Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia mar leathnú ar thionchar na Seirbia ar fud an réigiúin agus á iarraidh ar cheannairí reiligiúnacha sa tír teachtaireachtaí a chur chun cinn lena gcothaítear dea-chaidreamh comharsanachta agus dea-thuiscint chomharsanachta i measc tíortha agus reiligiúin éagsúla sa réigiún, chomh maith le rannchuidiú go gníomhach le cultúr coimhlinte a chosc; á iarraidh go gcosnófaí mionlaigh reiligiúnacha sa tSeirbia agus sa Chosaiv agus go n-áiritheofaí rochtain ar ionaid adhartha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an tacaíocht ón bPlean Athchóirithe agus Fáis coinníollach ar urraim do shásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, iolrachas na meán, breithiúna neamhspleácha, an smacht reachta, oibleagáidí uile chearta an duine a chomhlíonadh, agus agus rannpháirtíocht chuiditheach i normalú an chaidrimh leis an gCosaiv; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur fhormheas an Coimisiún, mar sin féin, chun na chéad cistí a scaoileadh chuig an tSeirbia i mí Eanáir 2026 faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar; á iarraidh ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíontar na réamhchoinníollacha; ag tabhairt dá haire, trí chistí a chur ar fáil don tSeirbia, go seoltar an teachtaireacht mhícheart chuig tíortha eile a bhfuil ballraíocht san Aontas á lorg acu, rud a thugann le fios gur féidir cistí an Aontais a fháil gan dul chun cinn dáiríre a dhéanamh maidir le hathchóirithe a bhaineann le haontachas; á chreidiúint gur cheart go dtacódh cistiú Eorpach ar bhealach níos fearr le hathchóirithe daonlathacha na tíre; á iarraidh go ndéanfaí an cistiú ábhartha ón Aontas atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a athchlárú chun níos mó cistí a atreorú i dtreo tacú le hathchóirithe breithiúnacha, bearta frithéillithe, na meáin neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus earnáil an chultúir neamhspleách, chun tacú lena gcuid oibre criticiúla; á chur i bhfáth gur cheart an tacaíocht a chuirtear ar fáil trí Rialtas na Seirbia a chur ar fionraí láithreach ós rud é nach bhfuil dul chun cinn soiléir agus inchreidte déanta i réimsí an smachta reachta, shaoirse na meán agus na ndálaí toghcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil próiseas aontachais an Aontais bunaithe ar chomhfhogasú na reachtaíochta náisiúnta le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí breise maidir le bainistiú airgeadais phoiblí agus athchóirithe riaracháin phoiblí a chur chun feidhme agus maidir le haghaidh a thabhairt ar shrianta leanúnacha ar acmhainneacht riaracháin trí infheistíocht leanúnach ón Aontas i gcreataí ardcháilíochta forbartha acmhainneachta agus comhroinnte eolais; á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur leis na hiarrachtaí agus an infheistíocht i bhforbairt shocheacnamaíoch a réigiún teorann a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar dhídhaonrú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag cónaitheoirí ar sheirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear deiseanna gairmiúla, cúram sláinte agus oideachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat comhair a bhunú idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus a a leithéidí sna Balcáin Thiar agus socrú oibre déthaobhach a thabhairt i gcrích go pras le OIPE chun a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí maidir le cistí IPA III agus Shaoráid na mBalcán Thiar a fheidhmiú go héifeachtach sna tíortha is faighteoirí; á iarraidh go n-eisíocfaí cistiú faoin Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo faoi choinníollacht dhocht an smachta reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di scála agus raon feidhme na gconarthaí arna ndámhachtain atá díolmhaithe ón gcreat reachtach reatha maidir le soláthar poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia agus le tíortha eile na mBalcán Thiar d’fhonn iad a lánpháirtiú i gcóras ‘fánaíocht ar tháillí baile’ de chuid an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeadh tairbhí nithiúla ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon dá leathnófaí an limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ go dtí na Balcáin Thiar, lena gcothófaí teagmhálacha duine le duine, lena gcuirfí borradh faoi naisc eacnamaíocha, lena dtacófaí le malartuithe oideachais agus lena n-éascófaí turasóireacht; á iarraidh go nglacfaí go pras na sainorduithe caibidlíochta agus go dtabharfaí comhaontuithe déthaobhacha i gcrích go tráthúil le comhpháirtithe na mBalcán Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh bainc sa tSeirbia ar idirbhearta trasteorann euro a chur i ngníomh go hoifigiúil trí chóras an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, go bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha os comhair na Seirbia mar gheall ar dhaonra atá ag dul in aois agus rátaí breithe ísle, rud atá níos measa mar gheall ar thréigean na hóige mar gheall ar éiginnteachtaí polaitiúla agus deacrachtaí socheacnamaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia cosaintí sláinte agus sábháilteachta ceirde a neartú trí bheartais náisiúnta shonracha a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear sa gheilleagar poistíneachta agus ardáin, agus trína áirithiú go mbeidh ceart éifeachtach chun dícheangail ag oibrithe; á iarraidh ar an tSeirbia a áirithiú go gcumhdófar oibrithe tí go hiomlán le reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta ceirde agus go ndéanfar iad a chosaint go héifeachtach i ndáiríre, lena n-áirítear trí shásraí leormhaithe cigireachta agus forfheidhmithe saothair; á iarraidh ar an tSeirbia pá comhionann idir mná agus fir a áirithiú trí bhearta éifeachtacha a ghlacadh a mbeidh sé de chumas acu dul chun cinn intomhaiste a bhaint amach maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia a reachtaíocht maidir leis an gceart dul ar stailc a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin EIS; á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú agus dul chun cinn intomhaiste a chur chun cinn maidir le hionadaíocht na mban i bpoist feidhmiúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-idirphlé sóisialta agus comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta fós lag agus á iarraidh ar na húdaráis an chómhargáil a neartú, sa dlí agus sa chleachtas, agus leas a bhaint as an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar chun tacú le fothú acmhainneachta do na comhpháirtithe sóisialta; ag tabhairt dá haire nach mór eisíocaíocht na Saoráide Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar a bheith coinníollach i gcónaí ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ndréachtú an Chláir Oibre don Athchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don tSeirbia trédhearcacht a neartú maidir le scrúdú a dhéanamh ar infheistíochtaí díreacha coigríche;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol, an fhorbairt inbhuanaithe agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag cur sonrú sna forbairtí atá íogair ó thaobh na polaitíochta de, maidir leis an gcuideachta ola agus gáis Naftna Industrija Srbije (NIS) agus claochlú na struchtúr úinéireachta, i gcomhthéacs na smachtbhannaí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe agus úinéireacht tromlaigh NIS ag na cuideachtaí Rúiseacha Gazprom agus Gazprom Neft; ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht agus tacaíocht an Aontais agus na Cróite chun teacht ar réiteach inbhuanaithe ar an ngéarchéim seo; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cuspóir bunriachtanach beartais slándála é don tSeirbia í féin a bhaint d’fhuinneamh na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Seirbia dlús a chur go práinneach leis na hiarrachtaí chun foinsí soláthair gáis a éagsúlú, lena n-áirítear trí idirnascacht réigiúnach fheabhsaithe, infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus ailíniú le straitéis an Aontais um éagsúlú fuinnimh; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin iarrachtaí na Seirbia a soláthar fuinnimh a éagsúlú ón Rúis, go bhfuil comhaontú nua maidir le hallmhairiú gáis leis an Rúis mar thoradh ar chainteanna a rinneadh le déanaí, rud a bhaineann an bonn de dhul chun cinn na tíre i dtreo ailíniú le beartas fuinnimh an Aontais agus a ardaíonn ceisteanna tromchúiseacha faoi thiomantas na Seirbia dá spleáchas straitéiseach ar fhoinsí fuinnimh na Rúise a laghdú; ag tabhairt dá haire gur féidir breathnú ar éagsúlú fuinnimh mar chuid de threoshuíomh straitéiseach na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé caighdeáin chomhshaoil a chosaint sa tSeirbia, go háirithe maidir le tionscadal mianadóireachta, agus cearta na bpobal áitiúil á n-urramú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia grinnscrúdú agus meastóireacht chuí agus thrédhearcach a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche isteach, go háirithe ó thaobh caighdeáin chomhshaoil agus inbhuanaitheacht de; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an díghrádú comhshaoil agus an tionchar sóisialta tuairiscithe a bhaineann le tionscadail eastóscacha ar mhórscála, agus an tionchar tromchúiseach ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí a bhíonn ag gníomhaíochtaí mianadóireachta agus tionsclaíocha a bhfuil baint ag infheisteoirí Síneacha leo, rud a fhágann go bhfuil saothrú níos déine á dhéanamh ar chopar, ar ór agus ar ábhair neamhchoitianta eile i mbardais Bor agus Majdanpek; á chur i bhfáth nach mór don tSeirbia a hord bunreachtúil a choimirciú go hiomlán, a áirithiú go gcomhlíonfar go docht caighdeáin chomhshaoil agus cearta na bpobal mionlaigh áitiúil agus náisiúnta a chosaint agus na tionscadail sin á bhformheas agus á gcur chun feidhme aici; á iarraidh ar údaráis na Seirbia trédhearcacht, cuntasacht agus dícheall cuí iomlán a áirithiú i bpróisis soláthair phoiblí, príobháidithe agus lamháltais a bhfuil baint ag cuideachtaí eachtracha faoi úinéireacht stáit leo, lena n-áirítear conraitheoirí Síneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bacainní a bhí ann le déanaí ag trasnuithe teorann isteach i Limistéar Schengen ag tiománaithe gairmiúla ó thíortha na mBalcán Thiar i ndáil le cur chun feidhme Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES) an Aontais, rud a chuireann slí bheatha na ndaoine sna tíortha is iarrthóirí i mbaol agus a d’fhéadfadh cur isteach ar shlabhraí soláthair san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar réitigh phragmatacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá fónta ó thaobh an dlí de lena mbainfear cothromaíocht amach idir réaltachtaí oibríochtúla in earnáil an iompair agus an gá atá le sláine <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> Schengen a chaomhnú, lena n-áiritheofaí coimircí iomchuí agus lena gcoiscfí aon mhí-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia a hiarrachtaí a mhéadú chun an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> ábhartha comhshaoil agus aeráide a thrasuí agus chun cur i bhfeidhm cuí na gcaighdeán cosanta comhshaoil a áirithiú; ag tathant ar údaráis na Seirbia feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar mheasúnú tionchair comhshaoil na n-infheistíochtaí uile, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí ón tSín agus ón Rúis; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Dlí maidir leis an Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus an Dlí maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach fós bunriachtanach, go háirithe maidir lena áirithiú go mbeidh gach tionscadal faoi réir nósanna imeachta measúnaithe iomlána agus trédhearcacha, go mbeidh rannpháirtíocht an phobail fóinteach agus tráthúil, agus nach gceadófar le haon chleachtais riaracháin do thionscadail grinnscrúdú cuimsitheach comhshaoil a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur lena hailíniú leis na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus dlús suntasach a chur leis na hiarrachtaí chun láithreáin do líonra Natura 2000 a shainaithint agus a réamhainmniú d’fhonn príomhoibleagáidí faoi Chaibidil 27 a chomhlíonadh, agus limistéir faoi chosaint a leathnú agus a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear trí fhorfheidhmiú i gcoinne na coireachta fiadhúlra a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an brú méadaitheach ó thionscail eastóscacha ar limistéir bhithéagsúlachta ardluacha, lena n-áirítear limistéir faoi chosaint agus éiceachórais foraoise seanfháis; ag athdhearbhú gurb oth léi an easpa gníomhaíochta maidir le truailliú, lena n-áirítear truailliú Abhainn Dragovishtitsa, ó mhianaigh atá ag oibriú sa réigiún agus an tionchar díobhálach atá aige sin ar shláinte an phobail áitiúil agus ar shláinte an chomhshaoil;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus é a aistriú go Seirbis agus é a chur ar aghaidh chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Náisiúnta na Seirbia.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>