<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0270</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An fhéidearthacht an 28ú córas cánach a bheith ann agus an acmhainneacht atá ann tacú le hiomaíochas an Aontais.</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0167/2026 -  Rapóirtéir:Ľudovít Ódor)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2026 ar an bhféidearthacht an 28ú córas cánach a bheith ann agus an acmhainneacht atá ann tacú le hiomaíochas an Aontais (2025/2211(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 4(2)(a), 5, 6(g), 50, 113, 114(1), 115, 116 agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 18 Márta 2026 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an 28ú córas den chreat dlíthiúil corparáideach – ‘EU Inc.’ (COM(2026)0321),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2026 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir leis an 28ú Córas: creat dlíthiúil nua do chuideachtaí nuálacha<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0002.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Clár Oibre 2026 an Choimisiún – Tráth Neamhspleáchais na hEorpa’ (COM(2020)0870),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach’ (COM(2025)0124),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’(COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2025 dar teideal ‘Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú – Roghnaigh an Eoraip chun dul i mbun gnó agus méadú’ (COM(2025)0270),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’ (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Margadh Thar an gCoitiantacht’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) (COM(2023)0532),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2025 maidir leis an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0268.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 le haghaidh Treoir ón gComhairle lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2023)0528),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh uaithi an 10 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1326/, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1326/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2016 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide (CCCTB) (COM(2016)0683),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2016 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Comhbhonn don Cháin Chorparáide (COM(2016)0685),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (COM(2022)0216),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 18 Márta 2026 maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus ar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Fhlais-Eorabharaiméadar 559 ó mhí Feabhra go mí Aibreáin 2025 maidir le Gnólachtaí Nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus fiontraíocht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Márta 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0167/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil AE, mar an margadh comhtháite is mó ar domhan, ina bhfuil níos mó ná 450 milliún tomhaltóir, ag cailleadh a bhuntáiste iomaíoch eacnamaíoch<FOOTNOTE><FIELD> Draghi, M., ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’, 2024.</FIELD></FOOTNOTE> mar gheall ar mheascán de laigí struchtúracha, an iomaíocht dhomhanda atá ag éirí níos déine chun caipiteal, gnólachtaí agus tallann a mhealladh, agus creat rialála casta agus ilroinnte;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh iomaíochas eacnamaíoch – atá i gcroílár na mbeartas is ábhartha de chuid an Aontais agus na tosaíochta polaitiúla práinní, a léirítear le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh, fás táirgiúlachta, infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach, agus na haistrithe digiteacha agus glasa – rathúnas an Aontais a neartú trí phoist ardcháilíochta a chruthú, ár samhail eacnamaíoch agus shóisialta a chothú, agus, dá bhrí sin, borradh a chur faoi leas ár ndaoine agus ár sochaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go meastar go bhfuil bacainní trádála inmheánacha i margadh aonair an Aontais coibhéiseach le ráta taraife 44 % d’earraí agus 110 % do sheirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> Óráid an 16 Nollaig 2024 ó Alfred Kammer, Stiúrthóir na Roinne Eorpaí, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s Choice: Policies for Growth and Resilience’</STRING> [Rogha na hEorpa: Beartais don Fhás agus don Athléimneacht].</FIELD></FOOTNOTE>, lena leantar de bheith ina n-ualach suntasach ar fhás gnó agus ar infheistíocht in AE agus lena léirítear costas na hilroinnte rialála, agus an gá atá le bogadh i dtreo creat níos comhtháite, níos simplithe agus níos uaillmhianaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an cumas comhchuibhiú níos fearr a bhaint amach i réimse an chánachais, agus an chreata rialála, srianta i gcónaí ag an gceanglas aontoilíochta is infheidhme maidir leis an réimse beartais sin; de bhrí go bhfuil comhchuibhiú agus doimhniú breise an mhargaidh inmheánaigh ríthábhachtach chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais agus chun laghduithe ar an ualach riaracháin agus ar chostas na gníomhaíochta eacnamaíche trasteorann a bhaint amach; de bhrí gur cheart go mbeadh sé ríthábhachtach lúba ar lár maidir le pleanáil ionsaitheach cánach agus cleachtais seachanta cánach eile a laghdú chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais mar a bheartaítear sa chlár oibre ‘Eoraip Amháin, Margadh Aonair’;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlúthbhaint ag borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais lena neamhspleáchas straitéiseach a chomhdhlúthú agus lena bheith in ann spleáchais eacnamaíocha sheachtracha a laghdú in earnálacha straitéiseacha agus criticiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil fiontair san Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, agus a n-acmhainneacht nuálach srianta ó thaobh struchtúir de mar gheall ar ilroinnt leanúnach na gcreataí rialála idir na Ballstáit; de bhrí, le héagsúlacht rialála agus chánach agus na costais ghaolmhara a bhaineann le dul i ngleic le timpeallachtaí náisiúnta ar leith, nach bhfuil cur amach orthu, agus ar minic iad a bheith ar neamhréir le chéile, go ndéantar bac a chur ar mhaoiniú uile-Eorpach agus ar chuideachtaí atá i mbun fáis, agus go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar an mbearna iomaíochais sin<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 maille le moltaí don Choimisiún maidir leis an 28ú Córas: creat dlíthiúil nua do chuideachtaí nuálacha,</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil timpeallacht rialála atá fabhrach, intuartha agus comhréireach bunriachtanach chun a chur ar a gcumas do chuideachtaí infheistíocht a dhéanamh, méadú agus dul san iomaíocht ar fud an domhain; de bhrí gur cheart do AE a thiomantas do shaoirse fiontraíochta agus do dheireadh a chur le bacainní a neartú; de bhrí, trí chreat comhchuibhithe a sholáthar, go ndéanfaí rochtain FBManna an Aontais ar chaipiteal a éascú leis an 28ú córas, go rannchuideofaí le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus críochacha in AE a laghdú, go n-áiritheofaí dálaí cothroma rochtana agus forbartha ar fud réigiúin éagsúla, agus go mbeadh sé níos éasca d’infheisteoirí cistiú a sholáthar do chuideachtaí atá lonnaithe i mBallstát eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go meastar gurb ionann an laghdú foriomlán ar an ualach riaracháin a bhaineann leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear an 28ú córas agus idir EUR 328 milliún agus 440 milliún thar thréimhse 10 mbliana<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an 28ú córas den chreat dlíthiúil corparáideach - ‘EU Inc.’</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcás FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, gurb iad na deacrachtaí a bhaineann leis na timpeallachtaí gnó éagsúla in AE a thuiscint – lena n-áirítear de dheasca bacainní teanga, easpa rochtana ar fhaisnéis nó ar rialacha agus ar cheanglais, saincheisteanna maidir le cánachas agus údarú gnó – na bacainní is suntasaí atá ar a n-oibríochtaí trasteorann agus ar a méadú laistigh de AE; de bhrí gurb é an cánachas, go háirithe saincheisteanna a bhaineann le Cáin Bhreisluacha (CBL), ceadú agus údaruithe, is siocair leis na príomhbhacainní ar a n-uas-scálú i dtíortha eile an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ‘Flais-Eorabharaiméadar 559 – Gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus fiontraíocht’, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, ó 2025 ar aghaidh, nach raibh ach 331 aonbheannach san Eoraip i gcomparáid le 1 963 sna Stáit Aontaithe agus de bhrí, idir 2008 agus 2021, gur athlonnaigh gar do 30 % d’aonbheannaigh na hEorpa a gceanncheathrú lasmuigh de AE; de bhrí go bhfuil sciar mór de chuideachtaí ag fágáil AE chun an caipiteal is gá a aimsiú i ndlínsí eile; de bhrí gurb é is cúis leis sin, rochtain níos fearr ar mhargaí móra, timpeallacht ghnó thacúil, rochtain níos fearr ar chaipiteal fiontair, infhaighteacht agus soghluaisteacht mhéadaithe maidir le hoibrithe tréitheacha agus oilte, creat rialála neamh-ilroinnte agus timpeallacht chánach nach bhfuil chomh casta céanna, agus infhaighteacht níos leithne scéimeanna úinéireachta fostaithe, a chabhródh le hinfheistíocht trasteorann agus le gníomhaíocht eacnamaíoch agus thionsclaíoch a mhealladh agus a choinneáil laistigh dá ngeilleagair<FOOTNOTE><FIELD> Draghi, M., ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, mar a luaitear i dtuarascáil Draghi, i gcás cuideachtaí nuálacha, go bhféadfaí ‘an 28ú leabhar rialacha cuideachta deonach lena gcomhchuibhítear reachtaíocht maidir leis an dlí corparáideach, dócmhainneacht, chomh maith le roinnt príomhghnéithe den chánachas, atá le déanamh níos uaillmhianaí de réir a chéile, a fhiosrú faoi chomhar feabhsaithe ag na Ballstáit thoilteanacha’<FOOTNOTE><FIELD> Draghi, M., ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, mar a luaitear i dtuarascáil Letta, gur réimse eile í an cháin ina bhfuil castacht ina bacainn mhór ar thrádáil agus infheistíocht trasteorann, agus de dheasca na hilroinnte, go bhféadfadh an margadh aonair a bheith ina constaic do FBManna; de bhrí go sainaithnítear an 28ú córas sa tuarascáil mar phríomhuirlis chun a chur ar a gcumas lántairbhe a bhaint as an margadh aonair<FOOTNOTE><FIELD> Letta, E., ‘Margadh Thar an gCoitiantacht’, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur cheart go n-urramófaí le gné chánach an 28ú córas an creat inniúlachta dá bhforáiltear sna Conarthaí agus gur cheart é a cheapadh chun tacú le saolré iomlán cuideachtaí; de bhrí go léirítear i dtuarascáil Draghi go bhfuil easpa infheistíochta caipitil fiontair ag an Aontas ag gach céim forbartha de ghnólachtaí nuathionscanta (síol, céim luath agus céim dhéanach) mar thoradh ar easpa féidearthachtaí scálaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go mbaineann na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córas roghnach gnó uile-Eorpach, lena simplítear go mór próiseas iomlán an leathnaithe amach anseo chuig margaí nua, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, le deimhneacht dhlíthiúil fheabhsaithe, costais chomhlíonta níos ísle agus nósanna imeachta simplithe maidir le rialáil agus cánach, agus cothrom iomaíochta le dlínsí iomaíocha lasmuigh den Aontas; de bhrí gur gá soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil d’infheisteoirí Eorpacha agus eachtracha a áirithiú trí rialacha níos simplí agus níos comhchuibhithe a sholáthar, lena n-áirítear i réimse an chánachais, lena gcuirfí ar a gcumas infheistíocht trasteorann a dhéanamh go muiníneach;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar na beartais agus ar na spriocanna polaitiúla sin, nach mór do AE agus dá Bhallstáit gníomhú agus úsáid á baint acu as cur chuige atá comhordaithe, uaillmhianach agus dírithe ar thorthaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a thabhairt chun críche chun caipiteal príobháideach a shlógadh san Aontas agus é a dhíriú go héifeachtúil ar an ngeilleagar, go háirithe i dtreo FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú; de bhrí, le margadh caipitil níos doimhne, níos comhtháite agus níos inrochtana go gcuirfí feabhas ar rochtain ar mhaoiniú agus go spreagfaí infheistíocht fhadtéarmach; de bhrí go bhfuil comhtháthú breise mhargaí airgeadais na hEorpa ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a neartú, chun cosc a chur ar chuideachtaí athlonnú chuig dlínsí eile agus chun a áirithiú go ndéanfar fás agus nuálaíocht laistigh den mhargadh aonair a mhaoiniú trí coigilteas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh ról a bheith ag na modúil bhreise, a eascraíonn as an 28ú córas, maidir le tacú leis an bhforbairt trasteorann ar tháirgí coigiltis fhadtéarmaigh agus ar tháirgí pinsin; de bhrí, i gcomhthéacs an chánachais, gur cheart do na córais sin idirghníomhú go comhleanúnach le creataí cánach náisiúnta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Prionsabail ghinearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra reachtach ón gCoimisiún maidir leis an 28ú córas (‘EU Inc.’) do chuideachtaí; á aithint go bhfuil tionchar córasach ionchasach aige ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus ar iomaíochas foriomlán gheilleagar an Aontais; á chur i bhfios go láidir, áfach, nár cheart an togra maidir leis an 28ú córas a chur in ionad aon iarrachtaí reachtacha breise chun ilroinnt agus éagothromaíochtaí idir creataí rialála na mBallstát a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go ndearna sí rún maille le moltaí don Choimisiún maidir leis an 28ú córas: creat dlíthiúil nua do chuideachtaí nuálacha, a ghlacadh,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an clár oibre ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ chun leas a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair; ag tabhairt dá haire gur iarr an Chomhairle Eorpach go nglacfaí an 28ú córas do dhlí na gcuideachtaí; ag cur sonrú in easpa tagairtí na Comhairle Eorpaí do chomhchuibhiú spriocdhírithe an bheartais cánach faoin gclár oibre sin, go háirithe ós rud é gur roghnaigh FBManna ilroinnt cánach agus CBL mar an bhacainn is forleithne ar uas-scálú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur inniúlacht eisiach de chuid na mBallstát é an cánachas i bhformhór na gcásanna, ach go bhfuil spás ann – go háirithe ó thaobh nósanna imeachta de – le haghaidh simpliú sa bhreis nó comhchuibhiú spriocdhírithe chun dul i ngleic le córais éagsúla chomhlíonta, le cóireáil cánach corparáide atá casta agus ilroinnte, le hoibleagáidí tuairiscithe agus le bacainní riaracháin maidir le láimhseáil infheistíochta trasteorann; ag cur béim ar rannchuidiú dearfach thionscnaimh reachtacha an Aontais a bhí ann roimhe seo maidir le cánachas, go háirithe maidir le dul i ngleic le himghabháil cánach, seachaint cánach agus calaois chánach, atá comhlántach le creataí dlíthiúla náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh go mbeadh tionscnamh an 28ú córas uaillmhianach ina shubstaint, lena n-áirítear maidir le gnéithe cánachais, agus na Conarthaí á n-urramú go hiomlán ag an am céanna, chun lamháil do FBManna, do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus do chuideachtaí nuálacha uas-scálú agus oibriú gan uaim gan bacainní trasnáisiúnta ar fud mhargadh aonair an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcumasófaí leis an 28ú córas, in imthosca ar bith, imchéimniú a dhéanamh ar chosaint éigeantach intíre d’oibrithe, dá gcearta sóisialta, d’ionadaithe agus do cheardchumainn, ná a bheith ina mheán chun an bonn a bhaint ó na leibhéil chosanta atá ann cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, chun iad a laghdú nó chun iad a lagú; á thabhairt chun suntais gur cheart don 28ú córas tacú leis an nuálaíocht, le trédhearcacht bheartais na gcuideachtaí agus le fás toiseach agus inscálaitheacht cuideachtaí trína mholadh go gcuirfí deireadh le constaicí dlíthiúla agus cánach lena gcuirtear teorainn le forbairt agus leathnú trasteorann chomh maith le cothroime chánach, agus éagothromaíochtaí cánach, sóisialta agus rialála á gcosc go héifeachtach ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart na tairbhí a bhaineann leis an digitiú agus le simpliú na gceanglas comhlíontachta a thabharfar isteach faoi mhodúl cánach an 28ú córas (dá ngairtear an ‘modúl cánach’ anseo feasta) a chur ar fáil do gach cuideachta faoi ‘EU Inc.’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheas gur céim straitéiseach é an 28ú córas i dtreo an margadh aonair a dhoimhniú tuilleadh, lena ndéantar, dá bhrí sin, comhtháthú na hEorpa a chur chun cinn agus feidhmiú an mhargaidh aonair agus a iomaíochas a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart an 28ú córas a bhunú trí chur chuige modúlach; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear creat dlíthiúil corparáideach (‘EU Inc.’) an chéad chéim ar féidir modúil eile a chur leis, lena n-áirítear maidir le cánachas (modúl cánach); á mheas gur cheart go gcumhdófaí leis na modúil sin a bheidh ann amach anseo gnéithe ábhartha de shaolré iomlán cuideachtaí, agus gur cheart meastóireacht leanúnach a dhéanamh orthu i gcomparáid le tagarmharcanna idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheas go bhféadfaí an modúl cánach a chur leis an togra reachtach le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat dlíthiúil corparáideach (‘EU Inc.’), ar cheart é a leathnú chuig réimse an chánachais, ar bhealach spriocdhírithe, uaillmhianach agus comhréireach; á mheas go n-áirítear ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an modúl cánach costais chomhlíonta níos ísle, nósanna imeachta rialála simplithe, deimhneacht dhlíthiúil fheabhsaithe, intuarthacht agus rochtain níos rianúla ar mhargaí trasteorann, lena ndéantar, dá bhrí sin, margadh aonair na hEorpa a fheabhsú agus a dhoimhniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, chun go bhféadfaí modúl cánach faoi chreat na gConarthaí atá ann cheana a bhaint amach, agus i gcás nach mbeadh torthaí ar an nós imeachta reachtach is infheidhme, gur cheart breithniú a dhéanamh ar struchtúr um rogha a bheith páirteach sa reachtaíocht ábhartha, nó ar chomhar feabhsaithe mar rogha dheireanach, chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa bheartas cánach; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cánach faoi réir aontoilíochta i gComhairle an Aontais Eorpaigh i gcónaí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe a úsáid i ngnéithe áirithe den bheartas cánach amhail i gcur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta arna síniú ag na Ballstáit uile, nósanna imeachta riaracháin áirithe nó sainmhínithe dlíthiúla áirithe, chun cosc a chur ar aontoilíocht ó chomhchuibhiú rialála a theorannú agus chun stop a chur le saoránaigh agus gnólachtaí lántairbhe a bhaint as an margadh aonair; ag tabhairt dá haire gur cheart an modúl sin a cheapadh mar chóras roghnach, soiléir agus atá slán ó thaobh an dlí de, a bheadh oscailte d’aontachas Ballstát eile ag aon tráth, lena seachnófaí tuilleadh ilroinnte agus lena n-áiritheofaí comhleanúnachas an mhargaidh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á áitiú nach mór don 28ú córas castacht chomhlíonta do chuideachtaí rannpháirteacha a laghdú go héifeachtach agus nár cheart leabhar rialacha comhthreomhar a chruthú a bheadh sa bhreis ar chórais dlí náisiúnta as a dtiocfadh méaduithe ar shaobhadh dlíthiúil, forluí nó neamhréireachtaí, nó ualach riaracháin breise; á mheabhrú gurb é simpliú agus iomaíochas príomhsprioc an chórais nua, agus nach mór iad sin a áirithiú i gcónaí agus iarracht á déanamh ag an am céanna cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach é cuspóir an 28ú córas agus a mhodúl cánach araon buntáiste cánach éagórach a chruthú do chuideachtaí nó dá bhfostaithe, ach an chastacht agus an t-ualach riaracháin a eascraíonn as oibleagáidí éagsúla a laghdú go suntasach, agus saintréithe sonracha na gcuideachtaí sin á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun tuilleadh castachta a sheachaint, gur cheart forálacha an 28ú córas a bheith i gcomhréir le haon mhórthogra eile ón gCoimisiún agus le treoirlínte ábhartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le comhtháthú níos fearr laistigh den mhargadh aonair, eadhon i réimse an chánachais agus na reachtaíochta cánach is infheidhme, go háirithe i gcreataí frithsheachanta agus frith-imghabhála an Aontais, lena n-áirítear an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/1164/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (ATAD);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige modúlach agus píolótach ann i gcás an 28ú córas a mbeadh an dlí corparáideach ina chuid thábhachtach de; á chur i bhfáth nach mór do na modúil sin castacht chomhlíonta do chuideachtaí rannpháirteacha a laghdú go héifeachtach, ach á áitiú go nglacfaí treochlár, maidir leis an méid ba cheart a chur leis agus cathain, cad ba cheart a bheith ar eolas faoi ag an tús agus ba cheart a choigeartú go leanúnach faoi phróiseas athbhreithniúcháin daonlathach tréimhsiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, sa chomhthéacs sin, agus é mar aidhm indéantacht (pholaitiúil) a áirithiú agus chun smacht na mBallstát ar chuid shuntasach dá mbeartas cánach a chaomhnú mar a fhoráiltear faoi na creataí dlíthiúla atá ann faoi láthair, gur cheart raon feidhme an mhodúil cánach a theorannú, mar thúsphointe, d’fhothacar cuideachtaí, amhail gnólachtaí nuathionscanta trasteorann agus gnólachtaí trasteorann atá ag méadú atá dírithe ar fhás, nach ngineann de ghnáth ach ioncam teoranta ó cháin chorparáide do na Ballstáit; ag cur sonrú sa mholadh ón gCoimisiún an 18 Márta 2026 lena mbunaítear sainmhíniú ar na cuideachtaí sin trí úsáid a bhaint as critéir amhail a gcaiteachas taighde agus forbartha (T&F) agus a méid, a bhí ag gabháil leis an togra ‘EU Inc.’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór na dreasachtaí cánach uile faoi chuimsiú an 28ú córas a bheith go hiomlán comhoiriúnach leis na rialacha maidir le Státchabhair agus nach mór iad a cheapadh ar bhealach lena seachnófar iomaíocht dhíobhálach chánach, agus cothrom iomaíochta laistigh den mhargadh aonair á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á athdhearbhú, maidir le cuideachtaí a roghnaíonn dá ndeoin féin a bheith páirteach sa 28ú córas agus ina mhodúl cánach, gur cheart go mbeidís faoi cheangal ag a rialacha agus nach mór aitheantas uathoibríoch a thabhairt dá rogha a bheith páirteach i gcreataí dlíthiúla na mBallstát uile, lena gcuirfí ar a gcumas oibriú amhail aon chuideachta eile atá cláraithe go náisiúnta i margadh aon Bhallstáit; á mheabhrú gur cheart go mbeadh iontráil sa 28ú córas roghnach, ach gur cheart go mbeadh imeacht uaidh éigeantach ar chritéir atá sainithe go soiléir a bhaint amach, lena n-áirítear tairiscint tosaigh phoiblí; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur cheart prionsabal an neamh-idirdhealaithe i leith foirmeacha dlíthiúla cuideachtaí náisiúnta a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór coinníollacha imeachta a bhunú do chuideachtaí a chinneann roghnú gan a bheith páirteach ar a dtionscnamh féin, lena n-áirítear ceanglais maidir le fógra a thabhairt, íostréimhsí rannpháirtíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus teacht i bhfeidhm na tarraingthe siar agus, a luaithe a chomhlíontar na critéir ábhartha maidir le himeacht, nach mór dóthain ama a chur ar fáil chun go bhféadfar an claochlú is gá a dhéanamh ar chuideachtaí, lena n-áiritheofar aistriú intuartha agus de réir a chéile agus na deiseanna le haghaidh arbatráiste rialála á n-íoslaghdú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á aithint go bhfuil neodracht ó thaobh foirm dhlíthiúil de agus neamh-idirdhealú fioscach bunriachtanach chun éileamh leordhóthanach ar an gcóras a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, más gá, <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais a bhaineann le cánachas a leasú, cibé acu go díreach nó go hindíreach, chun a áirithiú gur féidir le cuideachtaí a oibríonn faoin 28ú córas teacht faoina raon feidhme féin, agus chun na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar thairbhí na dtreoracha sin a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, sna luathchéimeanna de shaolré cuideachta, go bhfuil luas agus simplíocht, gan gá le foirmeacha dlíthiúla ar leith a bhunú i ngach Ballstát, ríthábhachtach chun coincheap nuálach a thiontú ina eintiteas inmharthana; á chur i bhfáth, i gcás an 28ú córas, nach mór clárú aonair lándigiteach ag an Ionad Ilfhreastail, mar aon le huimhir chánach aonair a sholáthar, lena n-áirítear doiciméadacht lánchaighdeánaithe, teimpléid agus comhéadan aonair comhdúcháin cánach, agus urraim don phrionsabal ‘tús áite don Bhéarla’, i gcás cumarsáide, gan beag is fiú a dhéanamh de theangacha oifigiúla eile an Aontais, a shocrú mar réamhshocrú; á mheabhrú gur cheart don 28ú córas ollstruchtúr dlíthiúil soiléir, tairbhí fóinteacha agus inchainníochtaithe ex ante do chuideachtaí, agus tacaíocht láidir institiúideach a chomhcheangal; á thabhairt chun suntais na sineirgí leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhunú (COM(2025)0838), arna cheapadh chun timpeallacht shlán gan uaim a bhunú le haghaidh idirghníomhaíocht dhigiteach idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí na hearnála poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfeidhmeodh an tIonad Ilfhreastail, nó de rogha air sin, mol lárnach eile, mar ardán digiteach lena dtacaítear le cuideachtaí ar feadh a saolré laistigh den 28ú córas agus dá mhodúil éagsúla; á thabhairt chun suntais gur cheart dó rochtain chuíchóirithe ar fhaisnéis ábhartha rialála, chánach agus riaracháin a chur ar fáil ar fud na mBallstát, lena n-áiritheofaí trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, chomh maith leis an bhféidearthacht gníomhaíochtaí a ionchorprú, a bhainistiú agus a dhíscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>gan dochar d’aon bhearta cosanta breise, ag cur béim ar an bhfíoras nach mór na bearta i gcoinne seachaint cánach a leagtar síos le dlí reatha an Aontais a chur i bhfeidhm go críochnúil; á chur i bhfáth nár cheart rochtain a bheith ach ag cuideachtaí a bhfuil fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha acu laistigh den Aontas ar an modúl cánach agus nár cheart go gcruthófaí cuideachtaí caocha nó cuideachtaí nach bhfuil acu ach láithreacht ainmniúil mar thoradh ar an modúl sin, ós rud é go mbaintear an bonn den tsláine rialála leis na cleachtais sin, go saobhtar iomaíocht chóir leo agus go gcreimtear gníomhaíocht iarbhír eacnamaíoch laistigh den Aontas leo; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh an modúl cánach ina uirlis le haghaidh ‘siopadóireacht chánach’ agus nár cheart, in imthosca ar bith, é a bheith ina uirlis chun na leibhéil reatha chánachais ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a laghdú go míchuí ná chun imchéimniú a dhéanamh orthu go míchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheas gur cheart go mbeadh cuideachta a bhfuil sárú ar rialacha ceangailteacha maidir le calaois, cáin, imghabháil slándála sóisialta nó rannpháirtíocht fostaithe bunaithe go hoifigiúil ina leith, a bheith neamh-incháilithe chun roghnú a bheith páirteach sa mhodúl cánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le creat tuairiscithe airgeadais atá trédhearcach, cuntasach agus éifeachtúil, agus gur cheart na Caighdeáin Chuntasaíochta Aonair a chur i bhfeidhm mar réamhshocrú do gach cuideachta a oibríonn faoin 28ú córas ar fud na mBallstát rannpháirteach uile, ag tógáil ar chaighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta amhail Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais i gcás inarb iomchuí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cáin a ghearradh ar ioncam corparáideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur constaic shuntasach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann laistigh de AE é an easpa comhchuibhithe ar bheartas cánach corparáide, agus go bhfuil na rioscaí a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach ag dul i méid ag an am céanna; á mholadh, dá bhrí sin, chun córas cánach soiléir, éifeachtach agus trédhearcach a chur ar fáil, gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an modúl cánach a bheidh ann amach anseo bonn comhdhlúite aonair don cháin chorparáide a bhaint amach do chuideachtaí rannpháirteacha ar fud an Aontais; ag meabhrú na dtionscnamh roimhe sin, amhail an Comhbhonn don Cháin Chorparáide, CCCTB, BEFIT, agus an Córas Cánach Ceannoifige le haghaidh samhlacha FBManna, agus á mholadh gur cheart don 28ú córas modh aonfhoirmeach a sholáthar chun ioncam inchánach a chinneadh, lena ndéanfaí, dá bhrí sin, deireadh a chur le hilroinnt i ríomh an bhoinn cánach agus lena ndéanfaí éiginnteacht trasteorann a laghdú; á chur i bhfáth nár cheart don mhodúl cánach teorainn bhreise a chur le lánrogha na mBallstát rátaí cánach corparáide a shocrú; á chur i bhfáth gur cheart don 28ú córas tús áite a thabhairt do chomhdhlúthú iarbhír chun fritháireamh éifeachtach trasteorann caillteanas a áirithiú, lena ndéanfaí, dá bhrí sin, infheistíocht trasteorann a dhreasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus aird á tabhairt ar an togra maidir leis an liúntas maidir leis an gclaontacht fiachais/cothromais a laghdú, gur cheart don mhodúl neodracht idir maoiniú fiachais agus cothromais a chur chun cinn, chun deireadh a chur le claontachtaí cánach struchtúracha agus chun infheistíocht chothromas-bhunaithe a neartú, rud atá thar a bheith tábhachtach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú a bhraitheann go príomha ar mhaoiniú cothromais ag céimeanna luatha a bhforbartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mholadh gur cheart go bhféachfadh an 28ú córas le riarachán cánach a shimpliú agus le héiginnteacht trasteorann a laghdú, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, trí thuairisceáin chánach a chaighdeánú, tuairisceáin dhúblacha a sheachaint, agus feabhas a chur ar chumarsáid i measc na n-údarás cánach agus ar chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘tús áite digiteach’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí an bonn cánach comhdhlúite a leithreasú i measc na mBallstát trí úsáid a bhaint as foirmle réamhaontaithe lena léirítear fíorghníomhaíocht eacnamaíoch, amhail díolacháin, saothar agus sócmhainní inláimhsithe agus láithreacht dhigiteach, trí mhodh leithdháilte trédhearcach a chur in ionad díospóidí casta maidir le praghsáil aistrithe inghrúpa laistigh den chóras i gcomhréir le treoirlínte ECFE; á chur i bhfáth go mbeadh sé sin ina shimpliú agus ina uirlis chun seachaint cánach a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheabhrú nach mór do rátaí cánach fanacht faoi inniúlacht na mBallstát; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfaí iad a chomhdú trí chomhéadan comhdúcháin aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór cánachas dúbailte a chosc go héifeachtach, mar shampla, trí ghnóthachain chaipitiúla, íocaíochtaí laistigh den chóras nó aitheantas frithpháirteach uathoibríoch do stádas cánach a shainiú agus a aicmiú go haonfhoirmeach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mholadh gur cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar phainéil speisialta a thabhairt isteach laistigh dá gcúirteanna náisiúnta atá tiomnaithe do dhíospóidí maidir leis an modúl cánach, agus gur cheart go mbeadh na painéil sin in ann réiteach díospóidí a dhéanamh i mBéarla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhféadfadh imeachtaí agus atheagrú rialta maidir le soghluaisteacht chorparáideach a bheith i gceist leis an uas-scálú trasteorann, agus, é d’aidhm leis tairbhe a bhaint as an gcreat atá ann faoi láthair d’oibríochtaí atá neodrach ó thaobh cánach de, gur cheart go mbeadh sé i gceist leis an modúl cánach dlí reatha an Aontais a leathnú agus aghaidh a thabhairt ar easaontais chánach a bhaineann le soghluaisteacht trí chomhordú riaracháin feabhsaithe agus trí dheimhneacht shubstainteach níos fearr, lena n-áirithítear ag an am céanna go leanfaidh aon bhearta simpliúcháin de bheith faoi réir coimircí iomchuí i gcoinne mí-úsáide<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um an nGeilleagar agus um Fhás; Filip Debelva, Joris Luts, Anne Mieke Vandekerkhove, Niels Bammens, staidéar ar ‘<STRING ITALIC="on">Feasibility of an 28th Tax Regime and Its Potential to Support EU Competitiveness’</STRING> [Indéantacht an 28ú Córas Cánach agus an Acmhainneacht a bhaineann leis chun Tacú le hIomaíochas an Aontais], 2026.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cáin bhreisluacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun ualaí comhlíontachta a laghdú, nach mór do rannpháirtithe córais oibriú faoi chreat láraithe CBL, i gcás nach mór d’uimhir CBL aonair de chuid an Aontais agus do thairseach dhigiteach Ionaid Ilfhreastail<FOOTNOTE><FIELD> An pacáiste maidir le CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA).</FIELD></FOOTNOTE> dearbhuithe agus aisíocaíochtaí ar fud na mBallstát a chumhdach, lena n-áirítear trí nósanna imeachta aisíocaíochta atá tráthúil agus éifeachtúil agus gá laghdaithe le clárúcháin iomadúla; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé úsáid réiteach digiteach idir-inoibritheach a chur chun cinn, lena n-áirítear ríomhshonrascadh, chun comhlíonadh a shimpliú, trédhearcacht a fheabhsú agus costais riaracháin a laghdú; á mheabhrú gur cheart gurb é an cuspóir a bheadh ann faoin modúl cánach simpliú nós imeachta seachas rátaí CBL a chomhchuibhiú, lena gcuirfí ar a gcumas do chuideachtaí leathnú gan comhéadain riaracháin a iolrú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cáin shiarchoinneálach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart go mbainfeadh sreafaí caipitil trasteorann laistigh den mhodúl tairbhe as láimhseáil níos comhordaithe agus níos éifeachtúla, trínar cheart go mbainfeadh díbhinní, ús agus ríchíosanna idir eintitis rannpháirteacha agus a meáin infheistíochta ghaolmhara tairbhe as nós imeachta comhchoiteann simplithe um cháin shiarchoinneálach agus íoschánachas éifeachtach agus go mbeidís faoi réir an nós imeachta sin; á mholadh nach mór aitheantas láithreach do chónaí chun críoch cánach a bhaint amach trí chlárlann dhigiteach láraithe de chuid an Aontais, lena gcumasófaí imréiteach digiteach cuíchóirithe agus lena gcuirfí deireadh le moilleanna ar aisíocaíochtaí de láimh a shainaithnítear mar phríomhbhacainn ar mhéadú san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2025/50 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha (IO L, 2025/50, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/50/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí sainmhíniú soiléir agus trédhearcach ar úinéireacht thairbhiúil chun críoch cánach lena sainaithneofaí fíorúinéirí gnólachtaí, nó ar a laghad tacar critéar atá intuigthe agus a bhfuil glacadh forleathan leo ar cheart faoiseamh cánach siarchoinneálaí a thairiscint ag an bhfoinse ina leith, agus gur cheart nósanna imeachta fada aisíocaíochta a sheachaint, ach iad a choinneáil i gcásanna nach gcomhlíontar aon cheann de na critéir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cánachas fostaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le húsáid roghnach scair-roghanna fostaithe an Aontais laistigh den togra níos leithne ‘EU Inc.’ agus go háirithe a phrionsabal gur cheart cánachas a bheith iníoctha nuair a dhíoltar na scaireanna agus tairbhe a bhaint as an gcóireáil chánach chéanna is infheidhme maidir le scair-roghanna fostaithe eile nó ionstraimí comhchosúla faoin dlí náisiúnta; á chreidiúint, áfach, gur cheart go mbeadh sé éigeantach scéim scair-rogha fostaithe de chuid an Aontais a chur chun feidhme faoin modúl cánach; ag tabhairt dá haire gur cheart déileáil le gnóthachain mar ioncam caipitil seachas mar ioncam fostaíochta, lena ndéantar, dá bhrí sin, dreasachtaí fostaithe a ailíniú le fás fadtéarmach cuideachtaí agus deireadh a chur le héifeacht saofa an chánachais tosaigh; ag tacú le haghaidh a thabhairt ar cheist na hin-chomhshóiteachta le scéimeanna scair-roghanna ar fud na hEorpa chun tiontú cuideachtaí atá ann cheana go dtí an 28ú córas a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ag scéimeanna scaireanna d’fhostaithe agus ag sásraí comhchosúla maidir le dreasachtaí a chruthú chun tallann agus príomhphearsanra a mhealladh laistigh de na cuideachtaí sin; á thabhairt chun suntais go n-áirítear ar phríomhphearsanra bunaitheoirí agus fostaithe bunriachtanacha eile a bhfuil a scileanna agus a saineolas ríthábhachtach d’fhorbairt na cuideachta; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil córas cánach atá trédhearcach, fónta ó thaobh an gheilleagair de agus intuartha i gcás na n-ionstraimí sin bunriachtanach chun na cuideachtaí sin a choinneáil laistigh den Aontas agus chun tallann a mhealladh agus a choinneáil ar théarmaí atá inchomparáide leis na téarmaí atá ar fáil i ndlínsí iomaíocha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go mbeadh modh luachála caighdeánaithe an Aontais ann lena gcuirfí rialacha tearmainn ar fáil chun luach scaireanna i gcuideachtaí neamhliostaithe a chinneadh, lena gcuirfí cosc ar athmheasúnuithe cúlghabhálacha agus lena laghdófaí éiginnteacht dhlíthiúil; á mheas gur cheart do riaracháin chánach rannpháirteacha na luachálacha sin a aithint mura léirítear mí-úsáid, calaois nó earráid fhollasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheabhrú go socraítear ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus cánacha ioncaim pinsin is infheidhme maidir le hoibrithe a dhéanann a ngníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin le creat na n-oibrithe ilstáit faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/883/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, trína gcinntear an reachtaíocht is infheidhme i gcomhréir le roinnt tosca, lena ndéantar, dá bhrí sin, deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus ualaí riaracháin trasteorann a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rialacha spriocdhírithe ann chun deimhneacht chánach a áirithiú d’fhostaithe a bhogann idir na Ballstáit, le linn na tréimhse idir cothromas fostaithe a dheonú agus na scaireanna foluiteacha a dhíol, lena n-áirítear trí thuairisciú cuíchóirithe fostóra dhigitigh ilfhreastail chomh maith le cánachas dúbailte nó ilchánachas a sheachaint ag díolphointe cothromais fostaithe; á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh aon leithdháileadh ar chearta cánachais de bheith comhréireach, simplí agus intuartha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Praghsáil aistrithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, cé go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ag na Ballstáit uile i gcomhréir le treoirlínte ECFE maidir le praghsáil aistrithe, go bhfuil cur i bhfeidhm na dtreoirlínte sin fós éagsúil toisc nach ann do threoir an Aontais maidir le praghsáil aistrithe; á chur i bhfáth gur cheart castacht na praghsála aistrithe a laghdú go suntasach chun cosc a chur ar chostais chomhlíonta a bheith ina mbac struchtúrach ar leathnú; á mheas gur gá leas a bhaint as gnéithe CCCTB chun bonn comhleanúnach a chur ar fáil do chreat cánach Eorpach aontaithe; á mholadh, laistigh den mhodúl cánach, gur cheart don Choimisiún na rialacha praghsála aistrithe is infheidhme maidir le cuideachtaí a roghnaíonn a bheith páirteach sa 28ú córas a shonrú go soiléir, agus tearmainn chomhordaithe a áireamh ar cheart feidhm a bheith acu maidir le gnáthsheirbhísí inghrúpa agus idirbhearta ísealriosca, agus cineálacha cur chuige comhchuibhithe ar cheart feidhm a bheith acu maidir le ceadúnú maoine intleachtúla agus leithdháileadh costas chun díospóidí a theorannú, agus gur cheart ceanglais doiciméadachta a bheith comhréireach le méid agus céim fáis na cuideachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rochtain ar chaipiteal</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí sainmhínithe agus cóireáil gnóthachan caipitiúil a chomhchuibhiú, chomh maith le sásraí éifeachtúla chun cánachas dúbailte a chosc agus chun éiginnteacht trasteorann a laghdú; á mholadh go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht stádas aonair atá fíoraithe go digiteach a bhunú d’infheisteoirí bunaithe ar shraith comhchaighdeán, chun a áirithiú go n-aithneofaí a n-incháilitheacht go huathoibríoch ar fud na mBallstát uile chun infheistíochtaí trasteorann a éascú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart ionstraimí infheistíochta caighdeánaithe, lena n-áirítear teimpléid mhaoinithe chomhchuibhithe, in-chomhshóite agus samhail-chomhaontuithe scairshealbhóirí, a thabhairt isteach chun costais idirbheart agus éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú, agus cosaint infheisteoirí agus trédhearcacht an mhargaidh á neartú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé ar cheann de spriocanna an chórais nua rannchuidiú le fíormhargadh caipitil an Aontais a fhorbairt, lena gcuirfí ar a gcumas do ghnólachtaí atá faoina raon feidhme an cistiú is gá a fháil agus a láithreacht in AE á coinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá an t-ardmhéid coigiltis san Aontas a shlógadh i dtreo na n-infheistíochtaí thuasluaite, go háirithe trí tháirgí infheistíochta tarraingteacha agus inrochtana a fhorbairt d’infheisteoirí miondíola, agus cosc á chur ag an am céanna ar an riosca go ndéanfaí na coigiltis sin a dhíriú i dtreo dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad; á chur i bhfáth nach mór don mhodúl cánach dúnadh na bearna cistiúcháin atá ann faoi láthair in AE a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don 28ú córas aghaidh a thabhairt go díreach ar bhacainní struchtúracha a chuireann teorainn le slógadh caipitil san Eoraip; á mheabhrú, ó thaobh infheisteoirí de, nach mór ailíniú rialála agus stuamachta a áirithiú; á mheas gur cheart go mbeadh rialacha comhchuibhithe sa 28ú córas maidir le hionstraimí fiachais atá cosúil le cothromas, lena n-áirítear rialacha dócmhainneachta atá nasctha leis na hionstraimí sin, lena gcuirfí ar a gcumas d’infheisteoirí infheistíocht a dhéanamh i gcuideachta gan cearta rialaithe ar an gcuideachta sin a fháil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dreasachtaí cánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go dtabharfaí isteach leis an modúl cánach dreasachtaí cánach comhordaithe agus dianchoinníollacha iomchuí atá dírithe ar thaighde, ar fhorbairt agus ar athinfheistíocht; ag tabhairt dá haire gur cheart, le bonnlíne chomhchuibhithe do dhreasachtaí T&F, sainmhínithe incháilitheachta comhchoiteanna agus íoschaighdeáin a bhunú ar fud na mBallstát, lena n-áirítear coinníollacht shóisialta, uirlisí faireacháin agus meastóireachta rialta ar chaiteachas cánach, ach gan a bheith teoranta dóibh, chun an méid seo a leanas a áirithiú: (i) go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm; (ii) gur bealach costéifeachtach iad chun nuálaíocht a chothú; agus (iii) nach bhfuil aon impleachtaí gan choinne ná diúltacha acu; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh gnólachtaí a roghnaíonn an modúl cánach faoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain a fháil ar chláir nó ar dhreasachtaí na mBallstát ar bhonn a bhfoirme dlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór dearadh na ndreasachtaí T&F faoin modúl cánach a chalabrú go sainráite chun ailíniú le creat cánach íosta domhanda Cholún a Dó ECFE, agus go háirithe nach mór aghaidh a thabhairt ar an idirghníomhaíocht leis na rialacha maidir le Creidmheas Cánach In-aisíoctha Cáilithe chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí faoi raon feidhme an mhodúil cánach – a bhféadfadh nach bhfuil aon bhrabúis reatha acu – lántairbhe a bhaint as na dreasachtaí mar sin féin gan ualach riaracháin díréireach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á mheabhrú gur gá gníomhaíochtaí méadaithe a spreagadh go láidir; á chreidiúint, i gcás ina n-úsáidtear brabúis athinfheistithe le haghaidh T&F, gur cheart go mbeadh digitiú nó nuálaíocht ghlas incháilithe chun asbhaintí breise sealadacha nó iarchur cánach a fháil, agus ar an gcaoi sin atreorú tuillimh choimeádta i dtreo infheistíocht lena bhfeabhsaítear táirgiúlacht a dhreasú seachas dáileadh gearrthéarmach, chun borradh a chur faoin acmhainneacht theicneolaíoch agus faoin iomaíochas; á thabhairt chun suntais nach mór na dreasachtaí uile a dhearadh chun go leanfaidh siad de bheith trédhearcach, simplí agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Measúnú tionchair, athbhreithniú agus meastóireacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú cuimsitheach agus, i gcás inar gá, athbhreithnithe ar ghnéithe cánach an 28ú córas a áirithiú go tráthrialta, lena n-áirítear an fhéidearthacht reachtaíocht mhodúlach nua a chur leis an gcóras, measúnú ar a rátaí glactha i measc cuideachtaí, go háirithe FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, agus ar a bhforbairt agus ar a bhfás eacnamaíoch, a ailíniú le riachtanais ghnó agus shochaíocha atá ag teacht chun cinn, a oiriúnacht fhoriomlán don fheidhm agus a éifeacht ar iomaíochas an Aontais (tagarmharcáil idirnáisiúnta); á mheas gur cheart go dtarlódh an timthriall athbhreithniúcháin gach 4 bliana chun inoiriúnaitheacht do dhúshláin nua a áirithiú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>