<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2023)0449</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Údarú lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú déthaobhach a chaibidliú leis an Ailgéir i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair dlí teaghlaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0355/2023 -  Rapóirtéir: Ilana Cicurel)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 ar an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le húdarú atá dírithe ar an bhFrainc chun comhaontú déthaobhach a chaibidliú leis an Ailgéir i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair dlí teaghlaigh (COM(2023)0064 – C9-0026/2023 – 2023/0027(CNS))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0064),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 2(1) agus d’Airteagal 81(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0026/2023),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0355/2023)</P></VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION><P><NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.</P></ACTION></ACTLST></DISPOSITIF><AMDLST><HD><HEAD.OLD><STRING ITALIC="on">Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún</STRING></HEAD.OLD><HEAD.NEW><STRING ITALIC="on">Leasú</STRING></HEAD.NEW></HD><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		1</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 2</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(2)</NO.P>	Sholáthair an Fhrainc faisnéis a léiríonn<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> go bhfuil leas ar leith aici sa dréacht-chomhaontú a tarchuireadh chuig an gCoimisiún a chaibidliú</STRING></STRING>, mar gheall ar na naisc eisceachtúla eacnamaíocha, chultúrtha, stairiúla, shóisialta agus pholaitiúla idir an Fhrainc agus an Ailgéir.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(2)</NO.P>	Sholáthair an Fhrainc faisnéis a léiríonn, mar gheall ar na naisc eisceachtúla eacnamaíocha, chultúrtha, stairiúla, shóisialta agus pholaitiúla idir an Fhrainc agus an Ailgéir<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, go bhfuil leas ar leith ag an bhFrainc comhaontú déthaobhach a chaibidliú leis an Ailgéir, ar tarchuireadh an dréacht de chuig an gCoimisiún</STRING></STRING>.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		2</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 8</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(8)</NO.P>	Bíonn tionchar ag<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> an gcuid is mó</STRING></STRING> de na hábhair a ndéileálfar leo sa dréacht-chomhaontú idir an Fhrainc agus an Ailgéir ar <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, go háirithe reachtaíocht an Aontais</STRING></STRING> maidir le hábhair dlí teaghlaigh. Dá réir sin, tagann na hábhair a chumhdaítear leis na gealltanais idirnáisiúnta sin faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit gealltanais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> den sórt</STRING></STRING> sin a chaibidliú ná a ghlacadh orthu féin ach amháin má<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> thugann an tAontas de chumhacht dóibh</STRING></STRING> déanamh amhlaidh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> i gcomhréir le hAirteagal</STRING></STRING> 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> gcomhar le bunús dlí substainteach</STRING></STRING> Airteagal 81(3) CFAE.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(8)</NO.P>	Bíonn tionchar ag<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> roinnt</STRING></STRING> de na hábhair a ndéileálfar leo sa dréacht-chomhaontú idir an Fhrainc agus an Ailgéir ar <STRING ITALIC="on">acquis</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ábhartha</STRING></STRING> an Aontais maidir le hábhair dlí teaghlaigh. Dá réir sin, tagann na hábhair a chumhdaítear leis na gealltanais idirnáisiúnta sin faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> na</STRING></STRING> gealltanais sin a chaibidliú ná a ghlacadh orthu féin ach amháin má<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> thugtar cumhacht dóibh ó reachtóir an Aontais</STRING></STRING> déanamh amhlaidh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> faoi Airteagal</STRING></STRING> 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> i<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in</STRING></STRING> Airteagal 81(3) CFAE.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		3</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 1</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a chur ar an eolas go<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nglacfaidh</STRING></STRING> an Coimisiún Eorpach páirt sa chaibidlíocht mar bhreathnóir agus go gcuirfear ar an eolas é maidir le haon dul chun cinn agus toradh a bhainfear amach le linn chéimeanna éagsúla na caibidlíochta;</P></OLD><NEW><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a chur ar an eolas go<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> bhféadfaidh</STRING></STRING> an Coimisiún Eorpach páirt<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a ghlacadh</STRING></STRING> sa chaibidlíocht mar bhreathnóir agus go gcuirfear ar an eolas é maidir le haon dul chun cinn agus toradh a bhainfear amach le linn chéimeanna éagsúla na caibidlíochta;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		4</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 2</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a spreagadh chun machnamh a dhéanamh aontú do na<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Croíchoinbhinsiúin</STRING></STRING> a bhaineann leis an dlí teaghlaigh a d’fhorbair Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach agus tús a chur le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> diananailís</STRING></STRING> ar na<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> cúiseanna a chuir</STRING></STRING> cosc ar an Ailgéir déanamh amhlaidh go dtí seo;</P></OLD><NEW><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a spreagadh chun machnamh a dhéanamh aontú do na<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> croí-Choinbhinsiúin</STRING></STRING> a bhaineann leis an dlí teaghlaigh a d’fhorbair Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach agus tús a chur le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> anailís</STRING></STRING> ar na<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> modhanna is iomchuí deireadh a chur le bacainní lenar cuireadh</STRING></STRING> cosc ar an Ailgéir déanamh amhlaidh go dtí seo;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		5</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 3</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a chur ar an eolas go bhfuil údarú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag teastáil, tar éis na caibidlíochta a thabhairt i gcrích, sula gceadófar<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do na Páirtithe</STRING></STRING> an comhaontú a thabhairt i gcrích;</P></OLD><NEW><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a chur ar an eolas go bhfuil údarú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag teastáil, tar éis na caibidlíochta a thabhairt i gcrích, sula gceadófar<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> don Fhrainc</STRING></STRING> an comhaontú a thabhairt i gcrích;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		6</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 4</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a chur ar an eolas go bhféadfar foráil a dhéanamh leis an údarú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun an comhaontú a thabhairt i gcrích, tar éis togra ón gCoimisiún, go bhféadfadh bailíocht theoranta ama<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> (mar shampla, 5 bliana)</STRING></STRING> a bheith ag<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> gabháil leis</STRING></STRING> an gcomhaontú agus<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> go bhféadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh air ina dhiaidh sin</STRING></STRING>;</P></OLD><NEW><P><NO.P>—</NO.P>	an Ailgéir a chur ar an eolas go bhféadfar foráil a dhéanamh leis an údarú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun an comhaontú a thabhairt i gcrích, tar éis togra ón gCoimisiún, go bhféadfadh bailíocht theoranta ama a bheith ag an gcomhaontú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, b’fhéidir le córas athnuachana intuigthe atá le léiriú i gcinneadh ó Pharlaimint na hEorpa</STRING></STRING> agus<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe</STRING></STRING>;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		7</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 4 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>—</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">	foráil a chur isteach lena leagtar amach séanadh iomlán nó páirteach an chomhaontaithe nó athsholáthar díreach forálacha ábhartha an chomhaontaithe i gcás ina dtugtar comhaontú dá éis sin i gcrích idir an tAontas, nó idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus an Ailgéir, ar an taobh eile, nó aontachas an Ailgéir le Coinbhinsiúin ábhartha na Háige;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		8</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 5</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>—</NO.P>	foráil a chur isteach nach féidir na cinntí a aithnítear sa Fhrainc faoin gcomhaontú seo a scaipeadh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ina dhiaidh</STRING></STRING> sin i mBallstáit eile an Aontais;</P></OLD><NEW><P><NO.P>—</NO.P>	foráil a chur isteach nach féidir na cinntí a aithnítear sa Fhrainc faoin gcomhaontú seo a scaipeadh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> dá éis</STRING></STRING> sin i mBallstáit eile an Aontais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> faoi dhlí an Aontais</STRING></STRING>;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		9</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh cinnidh</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – fleasc 6</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>—</NO.P>	a áirithiú go<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ndéanfar na</STRING></STRING> forálacha a<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> bhaineann</STRING></STRING> leis an<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> gceart chun seirbheáil doiciméad a dhiúltú a ailíniú le forálacha Airteagal 12(3) den Rialachán athmhúnlaithe maidir le Doiciméid a Sheirbheáil, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh an seolaí seirbheáil doiciméad a dhiúltú tráth na seirbheála nó laistigh de choicís ó thráth na seirbheála</STRING></STRING>;</P></OLD><NEW><P><NO.P>—</NO.P>	a áirithiú go<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> gcomhlíonfaidh</STRING></STRING> forálacha<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> an chomhaontaithe</STRING></STRING> a<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> caibidlíodh</STRING></STRING> leis an<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ailgéir acquis ábhartha an Aontais agus Coinbhinsiúin na Háige</STRING></STRING>;</P></NEW></AMEND></AMDLST></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>