<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2023)0451</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – João Leão</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0391/2023 -  Rapóirtéir: Mikuláš Peksa )</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 maidir le hainmniúchán João Leão mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0397/2023 – 2023/0814(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0397/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0391/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 25 Deireadh Fómhair 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le João Leão a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir João Leão, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, <STRING ITALIC="on">curriculum vitae</STRING> ó João Leão, chomh maith lena chuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le João Leão ina dhiaidh sin an 29 Samhain 2023, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú João Leão ag an gComhairle ina Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>