<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2023)0455</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Toghcháin Eorpacha 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0332/2023 -  Rapóirtéirí: Sven Simon, Domènec Ruiz Devesa )</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 ar Thoghcháin Eorpacha 2024 (2023/2016(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 10, 14 agus 17(7) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 20 agus 22 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad<FOOTNOTE><FIELD> IO L 329, 30.12.1993, lch. 34.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil óna Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla an 28 Aibreán 2011 maidir le togra le haghaidh modhnú ar an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Iúil 2013 maidir le feabhas a chur ar na socruithe praiticiúla chun na toghcháin Eorpacha a reáchtáil in 2014<FOOTNOTE><FIELD> IO C 75, 26.2.2016, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976<FOOTNOTE><FIELD> IO L 178, 16.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le hathbhreithniú ar na toghcháin Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 425, 20.10.2021, lch. 98.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">On the European democracy action plan </STRING>[Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach] (COM(2020)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gcinneadh sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 171.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 485.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla<FOOTNOTE><FIELD> IO C 267, 28.7.2023, lch. 36.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2023 maidir leis an bParlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus an daonlathas<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0330.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/2061 ón gComhairle Eorpach an 22 Meán Fómhair 2023 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO L 238, 27.9.2023, lch. 114.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0332/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur thug an líon ba mhó saoránach, ag 50,66 % de na toghthóirí, (méadú ocht bpointe céatadáin ar 2014), in aon toghcháin do Pharlaimint na hEorpa le 20 bliain anuas a nguth i dtoghcháin Eorpacha 2019, ar comhartha dearfach é go bhfuil níos mó spéise á cur ag saoránaigh na hEorpa i bhforbairtí ar leibhéal AE agus go gcreideann siad go bhfuil tionchar ag reachtaíocht AE ar a saol laethúil; de bhrí gur thuairiscigh 19 mBallstát go raibh méadú ag teacht ar an ráta vótála náisiúnta, agus go raibh méaduithe suntasacha ann i gcomparáid le 2014 sa Pholainn, sa Rómáin, sa Spáinn, san Ostair, san Ungáir, sa Ghearmáin, sa tSlóvaic agus sa tSeicia;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go raibh roinnt feabhsuithe san áireamh sa Chinneadh ón gComhairle 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, amhail lógónna na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha sna ballóidí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa; de bhrí go bhfuil sé fós le daingniú ag na Ballstáit uile; de bhrí go bhfuil feabhsuithe ollmhóra sa Dlí Toghcháin Eorpach atá beartaithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 agus go dtabharfaí aghaidh leis ar an ilroinnt atá ann faoi láthair i 27 gcóras toghcháin éagsúla agus go ndéanfadh sé rialacha toghcháin níos nua-aimseartha agus níos aonfhoirmí laistigh den Aontas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh córas na bpríomhiarrthóirí an díospóireacht phoiblí Eorpach a chothú agus páirtithe polaitiúla Eorpacha a chumhachtú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach raibh roghnú Uachtarán an Choimisiúin trí chóras na bpríomhiarrthóirí mar thoradh ar thoghcháin Eorpacha 2019; de bhrí gur bhac breise chun próiseas na bpríomhiarrthóirí a chur chun feidhme go rathúil é an easpa athchóirithe ar an dlí toghcháin Eorpach; de bhrí go bhfuil díomá i measc go leor vótálaithe go bhfuiltear ag mainneachtain chóras na bpríomhiarrthóirí a chur chun feidhme agus go bhfuil níos lú muiníne as an bpróiseas; de bhrí nach mór díomá den sórt sin a sheachaint ag toghcháin Eorpacha 2024; de bhrí go mbraitheann toghadh an Uachtaráin ar an gCoimisiún ar thacaíocht ó thromlach Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a fháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le córas na bpríomhiarrthóirí a chur chun feidhme go héifeachtach go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann iarrthóir comhchoiteann d'Uachtarán an Choimisiúin a chur in iúl sula ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach a togra a thíolacadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nár thug roinnt Ballstát aghaidh go leormhaith ar bhacainní leanúnacha go fóill agus nár chuir siad socruithe iomchuí chun feidhme chun vótáil na saoránach faoi mhíchumas a éascú, rud a chuireann cosc, dá bhrí sin, ar rannpháirtíocht agus ionadaíocht fhóinteach na saoránach sin i bpróisis dhaonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcuirtear bacainní gan údar maidir le rannpháirtíocht dhaonlathach fós ar lánfheidhmiú na gcearta toghchánacha a dheonaítear leis na Conarthaí do shaoránaigh shoghluaiste i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear easpa feasachta maidir leis na coinníollacha agus na rialacha is infheidhme; de bhrí gur eisigh an Coimisiún togra reachtach lena dtugtar aghaidh ar roinnt de na hábhair imní;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur rómhinic nach bhfuil na feachtais pholaitiúla do na toghcháin Eorpacha arna n-eagrú sna Ballstáit ‘Eorpach’ go leor, ach gur plé beartais de chineál náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil amháin atá ann den chuid is mó; de bhrí go bhfuil an fhreagracht ar pháirtithe agus iarrthóirí polaitiúla saoránaigh a chur ar an eolas go leormhaith faoi na dúshláin bheartais ar leibhéal AE;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas na hEorpa a neartú i dtoghchán 2024</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ráta vótála níos airde i dtoghcháin Eorpacha 2019 agus go bhféachann sí leis an ráta vótála i dtoghcháin Eorpacha 2024 a mhéadú tuilleadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht sna toghcháin a mhéadú; á thabhairt dá haire go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun an ráta vótála i measc saoránaigh shoghluaiste a mhéadú; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn arna dhéanamh ag an gComhairle i dtreo an dlí toghcháin Eorpaigh nua mar a ghlac Parlaimint na hEorpa é an 3 Bealtaine 2022; á iarraidh go bhformheasfadh an Chomhairle é go pras; ag dréim leis an gComhairle go dtiocfaidh sí ar chomhréiteach maidir leis an togra ina iomláine ó Pharlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na geallsealbhóirí sochaíocha ábhartha uile i dtaobh cur leis an díospóireacht ar shaincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus maidir le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go gcuireann na srianta faoi na creataí reatha rialála Eorpacha agus náisiúnta cosc ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha ó pháirt iomlán a ghlacadh i bhfeachtais toghcháin Eorpaigh; ag spreagadh páirtithe polaitiúla Eorpacha chun a bhfeachtais toghchán Eorpach féin a reáchtáil; á iarraidh ar pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus Eorpacha, chomh maith leis na Ballstáit, an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>an feachtas toghcháin Eorpaigh a dhéanamh i gcomhréir le luachanna an Aontais,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>caighdeáin dhaonlathacha agus rialacha inmheánacha páirtí maidir leis an daonlathas a chaomhnú chun a áirithiú go ndéanfar ainmniú iarrthóirí ar bhealach daonlathach go háirithe, lena n-áirítear na príomhiarrthóirí d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>forógraí a dhréachtú in am trátha roimh na toghcháin,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>cur le hinfheictheacht páirtithe polaitiúla Eorpacha i ndíospóireachtaí poiblí agus i bhfeachtais sna meáin, lena n-áirítear a n-ainmneacha agus/nó a lógónna,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>a gcomhpháirtithe Eorpacha a shainaithint go comhsheasmhach ina gcumarsáid phoiblí,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>tacú le hainmneacha agus/nó lógónna na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha a dhéanamh níos infheicthe ar bhallóidí agus ar ábhair feachtais,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>feasacht a ardú faoi na rialacha nuachóirithe do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm go foirmiúil,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>teacht ar chomhaontú maidir leis an gcaoi chun dul ar aghaidh le linn an phróisis iarthoghcháin, lena n-áirítear an chaibidlíocht ar uachtaráin institiúidí an Aontais;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tacú le Plean Gníomhaíochta an Fheachtais Eorpaigh (‘E-CAP’) mar atá dréachtaithe ag an Údarás um Páirtithe Polaitiúla agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla (APPF), go háirithe maidir le hinfheictheacht na bpríomhiarrthóirí agus na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá obair an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha chun saoránaigh a chur ar an eolas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi nár cuireadh córas na bpríomhiarrthóirí do thoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chun feidhme i dtoghcháin Eorpacha 2019; á chur in iúl gurb oth léi easpa dul chun cinn maidir leis an tsaincheist sin atá déanta ó 2019 i leith ag Comhairle na hEorpa agus ag an gCoimisiún Eorpach, a raibh gealltanas tugtha acu an daonlathas Eorpach a fheabhsú; á chreidiúint go bhfuil gá le nasc soiléir agus inchreidte idir rogha na vótálaithe agus toghadh Uachtarán an Choimisiúin; á iarraidh ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha, ar na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus ar na rialtais náisiúnta oibriú le chéile chun an toradh sin a áirithiú ag na chéad toghcháin eile; ag tabhairt dá haire go mbraitheann toghadh Uachtarán an Choimisiúin ar thacaíocht ó thromlach Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a fháil ionas go gcuirfear torthaí na dtoghchán san áireamh go hiomlán, mar a bheartaítear i gConradh Liospóin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle Eorpach deimhneacht a sholáthar do shaoránaigh na hEorpa maidir le córas na bpríomhiarrthóirí agus deireadh a chur le margaí a dhéantar ar chúla téarmaí; ag tathant ar an gComhairle Eorpach tús a chur le comhairliúcháin chun na críche sin i bhfad roimh ré d'fhonn phrionsabal an phríomhiarrthóra a chur chun feidhme i bhfianaise thoradh na dtoghchán Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag dréim leis go n-ainmneoidh páirtithe polaitiúla Eorpacha a n-iarrthóirí do phost Uachtarán an Choimisiúin in am trátha, 12 sheachtain ar a laghad roimh lá an toghcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí comhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach maidir le córas na bpríomhiarrthóirí faoi chuimsiú Airteagal 17(7) CAE; á iarraidh ar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús láithreach a chur leis an obair ullmhúcháin a mbeidh comhaontú den sórt sin mar thoradh uirthi; á chreidiúint gur cheart do na príomhiarrthóirí agus d’uachtaráin na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá ngrúpaí parlaiminteacha faoi seach dul i mbun caibidlíochta go díreach tar éis thoghcháin Eorpacha 2024 chun teacht ar chomhaontú thar ceann Pharlaimint na hEorpa maidir le hiarrthóir comhchoiteann a bheidh i gceannas ar an gCoimisiún sula ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach a togra a thíolacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheas nach mór don phríomhiarrthóir ón bpáirtí polaitiúil Eorpach a bhfuil an sciar is mó de na suíocháin sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa bainte amach aige an chaibidlíocht a stiúradh ar an gcéad dul síos chun an t-iarrthóir comhchoiteann a bhfuil an tromlach is mó aige a shainaithint, agus ina dhiaidh sin, do na príomhiarrthóirí eile déanamh amhlaidh san iarracht sin más gá, i gcomhréir leis an sciar de na suíocháin arna mbaint amach ag a bpáirtithe polaitiúla Eorpacha faoi seach; á mholadh nach mór d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa bheith ar fáil chun an próiseas seo a stiúradh, más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeidh sé de shaincheart ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ainm an phríomhiarrthóra ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a chur in iúl don Chomhairle Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mholadh, in éagmais iarrthóir comhchoiteann ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, nach mór d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí dul i mbun comhairliúcháin le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, leis na príomhiarrthóirí, le huachtaráin na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus a ngrúpaí parlaiminteacha faoi seach, sula ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach togra a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheas, chuige sin, gur cheart don Chomhairle Eorpach fanacht lena togra maidir le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thíolacadh go dtí go bhfuil iarrthóir comhchoiteann curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na comhairliúcháin iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 17(7) CAE agus le prionsabal an chomhair dhílis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé de shaincheart ag Parlaimint na hEorpa a hUachtarán féin a roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag dréim leis go nglacfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a ngrúpaí parlaiminteacha ‘comhaontú reachtach’ do thréimhse reachtach 2024-2029 mar bhealach chun tromlach a áirithiú i bParlaimint na hEorpa roimh cheapachán an Choimisiúin, mar bhonn dá cuid oibre agus chun obair leantach chomhleanúnach ar na toghcháin a ráthú do vótálaithe Eorpacha; á chur i bhfios nach mór do gach iarrthóir don Choimisiún Eorpach cloí leis an ‘gcomhaontú reachtach’ sin chun tacaíocht ó thromlach Pharlaimint na hEorpa a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht leathan pholaitiúil ríthábhachtach chun an comhaontú sin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chreidiúint go gcruthófaí toghchán uile-Eorpach níos comhleanúnaí dá mbunófaí lá vótála aonair comhchoiteann Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag meabhrú fhreagracht na formhaoirseachta polaitiúla a thugtar do Pharlaimint na hEorpa leis na Conarthaí; á chur i bhfáth gur prionsabal tábhachtach maidir le rialú daonlathach inmheánach é cuntasacht an Choimisiúin do Pharlaimint na hEorpa; á mheabhrú gur céim ríthábhachtach iad éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe agus Choláiste na gCoimisinéirí i dtreo próiseas cinnteoireachta AE a dhaonlathú tuilleadh agus go bhfuil ag méadú ar an tábhacht a bhaineann leo mar mhodh chun go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa ról níos mó i socrú clár oibre ar leibhéal AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Deonú ceart vótála agus rannpháirtíocht na saoránach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheas go bhfuil sé riachtanach a ráthú go mbeidh saoránaigh uile an Aontais a bhfuil an ceart vótála agus seasamh mar iarrthóir acu, lena n-áirítear saoránaigh shoghluaiste an Aontais, saoránaigh faoi mhíchumas agus saoránaigh atá gan dídean, in ann an ceart sin a fheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit inrochtaineacht na dtoghchán a ráthú trí bhearta a thabhairt isteach atá dírithe ar rochtain ar fhaisnéis agus ar shocruithe vótála inrochtana a áirithiú – mar shampla trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cúnta, formáidí agus teicnící amhail Braille, cóid QR, cló mór, faisnéis fuaimbhunaithe, stionsail thadhlacha, faisnéis atá éasca le léamh agus cumarsáid i dteanga chomharthaíochta; á chreidiúint go bhfuil feachtais feasachta phoiblí ríthábhachtach chun an ráta vótála a mhéadú agus á iarraidh ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh ina leith sin, ina mbeidh eagraíochtaí sochaí sibhialta rannpháirteach freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheas gur coinníoll riachtanach í rochtain ar fhaisnéis faoin bhfeachtas toghcháin chun rannpháirtíocht na saoránach sa toghchán a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit a meáin náisiúnta a spreagadh chun na toghcháin a chumhdach ar bhealach a chuireann ar chumas shaoránaigh na hEorpa a gceart vótála a fheidhmiú agus gné Eorpach dá rogha féin a bhrath, lena n-áirítear i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chreidiúint go gcuireann feachtas institiúideach faisnéise na Parlaiminte, i gcuibhreann le heagraíochtaí sochaí sibhialta, leis an díospóireacht ar shaincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus le feasacht pholaitiúil Eorpach a chruthú maidir leis an daonlathas parlaiminteach agus go bhfuil sé mar thacaíocht don fheachtas toghcháin arna stiúradh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha uile; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí comhordaithe a rinne institiúidí uile AE ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit cead a dheonú do shaoránaigh uile an Aontais nó atá ina gcónaí nó ag obair i dtriú tír vóta a chaitheamh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun saoránaigh an Aontais i dtríú tíortha a chur ar an eolas faoi na toghcháin Eorpacha agus a rannpháirtíocht sna toghcháin sin a éascú; á iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála airí eachtracha na mBallstát a spreagadh chun dea-chleachtais maidir le feachtais faisnéise a mhalartú agus socruithe chun an vótáil ón gcoigríoch a éascú, lena n-áirítear stáisiúin vótála inrochtana a bhunú lasmuigh den Aontas agus vótáil tríd an bpost nó cineálacha eile cianvótála a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go ndéanfaidh an easpa dul chun cinn sa Chomhairle maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart vótála a fheidhmiú agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa atá ag saoránaigh shoghluaiste an Aontais, cosc a chur ar theacht i bhfeidhm na nuálaíochtaí a chuirfidh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa ar aghaidh roimh thoghcháin 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mholadh go dtabharfaí isteach postvótáil chun a áirithiú nach gcuirfidh an neamhábaltacht dul chuig na stáisiúin vótála ar Lá an Toghcháin cosc ar shaoránaigh an Aontais a gceart vótála a fheidhmiú; á mholadh thairis sin uirlisí comhlántacha eile a thabhairt isteach chun vótáil a éascú, amhail réamhvótáil fhisiciúil, seachvótáil agus vótáil leictreonach agus ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheas gur príomhghné é an comhionannas inscne chun ionadaíocht i dtoghcháin a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i dtreo Pharlaimint na hEorpa atá cothrom ó thaobh inscne de tar éis thoghcháin Eorpacha 2019, ach á chur i bhfios go láidir na héagothromaíochtaí atá ann idir na Ballstáit maidir lena leibhéil ionadaíochta ar mhná; ag spreagadh, i ndáil leis sin, chur chun feidhme na bhforálacha a ghlac Parlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an dlí toghcháin Eorpach nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an aois vótála agus an aois íosta chun seasamh mar iarrthóir a ailíniú agus a ísliú, mar a léirítear sa togra maidir leis an dlí toghcháin agus i gconclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athléimneacht institiúideach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chreidiúint gurb ionann bréagaisnéis agus trasnaíocht eachtrach agus ionsaí tromchúiseach ar shláine an phróisis toghcháin agus ar dhaonlathas na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag ardáin dhigiteacha sa chomhrac i gcoinne bréagaisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag institiúidí an Aontais chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus leis an trasnaíocht eachtrach, amhail an Cód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis 2022 agus an Córas Mear-rabhaidh; á thabhairt chun suntais, mar sin féin, go bhfuil gá le coimircí agus bearta níos láidre i gcoinne na bréagaisnéise agus i gcoinne trasnaíocht inmheánach agus sheachtrach sa phróiseas toghcháin; ag tabhairt gealltanais chun dlús a chur lena hiarrachtaí i leith iarrachtaí ar thrasnaíocht eachtrach laistigh de Pharlaimint na hEorpa a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíocht idirinstitiúideach ar siúl faoi láthair maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí Eorpacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach de mheon an chomhair dhílis ; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla; á chur in iúl gur geal léi in-fhorfheidhmitheacht cuid dá bhforálacha, amhail iad siúd a bhaineann le neamh-idirdhealú, roimh thoghcháin 2024; á iarraidh ar an Ballstáit forálacha eile an rialacháin a chur chun feidhme a luaithe a thagann siad i bhfeidhm ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil rún glactha ag Parlaimint na hEorpa agus go bhfuil sí ag obair faoi láthair ar thograí chun na Conarthaí a leasú, i measc nithe eile, chun dlisteanacht dhaonlathach AE a mhéadú agus chun obair leantach chuí a éascú do na tograí arna nglacadh ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa; ag tabhairt dá haire gur deis uathúil iad toghcháin 2023 chun tús a chur le díospóireacht uile-Aontais maidir le hathchóiriú an Aontais ar bhonn na dtograí athchóiriúcháin ar na Conarthaí arna gcur chun cinn ag Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach seasamh a ghlacadh go gasta maidir le coinbhinsiún a reáchtáil tar éis do Pharlaimint na hEorpa a tograí a ghlacadh; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le hathchóiriú a dhéanamh ar na Conarthaí sa chomhthéacs sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar na Conarthaí agus ag tathant ar an gComhairle, agus ar an gComhairle Eorpach ar deireadh, gníomhú i gcomhréir lena togra chun Airteagal 48 CAE a ghníomhachtú chun coinbhinsiún a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá muinín na dtoghthóirí i bpróisis toghcháin a neartú trína áirithiú go mbeidh na toghcháin uile saor agus cothrom; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, ón 6 go dtí an 9 Samhain 2023, go ndearna an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) Misean Measúnaithe Riachtanais i gceithre Bhallstát chun féachaint ar Mhisean a ullmhú maidir le breathnóireacht a dhéanamh ar na toghcháin Eorpacha; ag moladh d’Uachtaránacht na Comhairle spreagadh a thabhairt do na Ballstáit litreacha cuiridh a sheoladh chuig ESCE chun breathnóireacht a dhéanamh ar na toghcháin Eorpacha agus lánúsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar a Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla scrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí cuid de na forálacha agus moltaí ón rún sin a chur isteach i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>