<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2023)0458</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0374/2023 -  Rapóirtéirí: Michael Gahler, Charles Goerens, Pedro Marques, Tomas Tobé)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (2023/2029(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 209 agus 212 agus Airteagal 322(1) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 8 Samhain 2022 dar teideal ‘Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le cur chun feidhme Ionstraimí Gníomhaíochta Seachtraí an Aontais Eorpaigh in 2021’ (COM(2022)0578),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha éagsúla ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) maidir le maoiniú seachtrach AE, go háirithe do Thuarascáil Speisialta 14/2023 dar teideal ‘An clársceidealú don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda: Cláir chuimsitheacha ach go bhfuil easnaimh sna modhanna chun cistí a leithdháileadh agus san fhaireachán ar an tionchar’ agus do Thuarascáil Speisialta 09/2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Public Private Partnerships in the EU: Widespread shortcomings and limited benefits’</STRING> [Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha in AE: Easnaimh fhorleathana agus sochair theoranta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Global Gateway’</STRING> (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a fheabhsú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 dar teideal ‘Treochlár an Choimisiúin le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn’ (COM(2022)0139),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le tiomantas Fhoireann na hEorpa don fhorbairt dhaonna a neartú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2022 maidir le comhpháirtíocht athnuaite an Aontais leis na Tíortha is Lú Forbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Aibreán 2018 ar chur chun feidhme ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE: athbhreithniú meántéarma 2017 agus an ollstruchtúr a bheidh leo tar éis 2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 390, 18.11.2019, lch. 76.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 ar chur chun feidhme na hIonstraime maidir le Comhar um Fhorbairt, na hIonstraime um Chabhair Dhaonnúil agus an Chiste Eorpaigh Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 390, 18.11.2019, lch. 33.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 108, 26.3.2021, lch. 312.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 57.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 ar chur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 32, 27.1.2023, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meitheamh 2023 ar chur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0250.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 15 Márta 2023 chuig an gComhairle agus chuig Leas‑Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 ar fheabhas a chur ar éifeachtacht forbartha agus ar éifeachtúlacht cabhrach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 425, 20.10.2021, lch. 73.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Fhorbairt faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0374/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb iad an tAontas Eorpach agus a 27 mBallstát le chéile an soláthraí cúnaimh sheachtraigh is mó ar domhan, arb ionann é agus thart ar 43 % den chúnamh oifigiúil iomlán um fhorbairt (ODA) a chuireann deontóirí uile ODA ECFE ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha; de bhrí gurb iad ionstraimí maoinithe sheachtraigh an príomhshásra chun tacú le gníomhaíocht AE ar an ardán domhanda, agus de bhrí go bhfuil gníomhaíocht sheachtrach AE ag éirí níos tábhachtaí do shaoránaigh na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur tháinig an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (‘an Ionstraim’) i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2021 agus go ndearnadh léi ionstraimí roimhe sin a chumasc in aon ionstraim amháin; de bhrí go léirítear athrú stairiúil i mbeartais sheachtracha agus forbartha AE leis an Ionstraim, a bhfuil buiséad foriomlán EUR 79,5 billiún aige;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Coimisiún freagrach as cúnamh AE a shainaithint, a cheapadh, a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh air agus é a mheas; de bhrí go bhfuil sé de chúram ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) leanúnachas agus comhtháthú bheartais sheachtracha AE a áirithiú leis an gcur chuige comhtháite lena n-áirítear an Ionstraim seo; de bhrí go bhfuil an Pharlaimint freagrach as maoirseacht agus grinnscrúdú daonlathach agus go ngníomhaíonn sí mar chomhreachtóir faoin nós imeachta comhchinnteoireachta; de bhrí gur cheart go rannchuideodh cruthú chur chuige Fhoireann na hEorpa le creat comhchoiteann um chomhordú straitéiseach a fhorbairt le haghaidh fhreagairt sheachtrach AE ar dhúshláin mhóra; de bhrí go n-éascaítear leis an gcur chuige sin tuilleadh comhair idir institiúidí AE, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), rud a mhéadaíonn éifeachtacht agus infheictheacht AE i gcoitinne ar bhonn leanúnach; de bhrí go bhfuil an Ionstraim le cur chun feidhme trí mheascán módúlachtaí, lena n-áirítear comhar déthaobhach, deontais do réimse comhpháirtithe agus creat infheistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go dtugann creat infheistíochta seachtraí na hIonstraime maoiniú cumaiscthe agus ráthaíochtaí le chéile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (EAG) de chuid an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+), atá le cur chun feidhme ag comhpháirtithe incháilithe i gcur chuige oscailte agus comhoibríoch, ina mbeidh ról sonrach ag BEI; de bhrí go gcuireann CEFI+ go mór le himchlúdach airgeadais a réamhtheachtaí, CEFI, agus go mbeidh sé in ann oibríochtaí suas le EUR 53,4 billiún a ráthú trí EAG; de bhrí nach mór comhar arna spreagadh ag cuspóirí beartais a bheith mar thoradh ar an bprionsabal ‘tús áite don bheartas’ agus nach mór a áirithiú leis go ndéanfar an t-ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a ailíniú ina leith sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> meáchan geopholaitiúil AE a mhéadú ar an leibhéal domhanda trí bhorradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sa réimse digiteach agus i réimse an fhuinnimh agus an iompair agus trí chórais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain, faoi chuimsiú Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a SDGanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil neamhionannais i measc na mbunchúiseanna a bhíonn leis an éagobhsaíocht, an éiginnteacht agus an foréigean;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur bunchloch de ghníomhaíocht sheachtrach AE é cur chun cinn chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur réimse lárnach do bheartais sheachtracha agus forbartha AE í an fhorbairt dhaonna i gcónaí; de bhrí go bhfuil infheistíochtaí i gcúram sláinte, in oideachas, i gcothú agus i gcosaint shóisialta ríthábhachtach chun rochtain uilíoch ar na seirbhísí sin, arb ionann iad agus cearta bunúsacha an duine, a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar acmhainní teoranta, gur minic a cuireadh brú as cuimse ar hionstraimí maoinithe sheachtraigh AE; de bhrí, ó glacadh an Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim, go ndearna imeachtaí, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a rinne an ghéarchéim dhomhanda bhia níos measa, a spreag géarchéim ó thaobh fuinnimh, costas maireachtála agus fiachais de ar fud an domhain agus a chruthaigh neamhchinnteacht eacnamaíoch, lena bhféadfaí na Ballstáit agus tríú tíortha a dhíchobhsú tuilleadh, agus tionchar phaindéim COVID-19 an staid níos measa sa mhéid go bhfuil gá le meastóireacht mheántéarma luath (MMT) ar an Ionstraim agus le hathbhreithniú meántéarma (AMT) ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI);
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis cur leis an mbearna shuntasach mhaoiniúcháin atá ann cheana i leith SDGanna agus gur tháinig laghdú foriomlán USD 700 billiún ar acmhainní, agus, ag an am céanna, go bhfuil gá le méadú suntasach chun freagairt ar an mbearna a bhí ann roimh an bpaindéim i dtíortha atá i mbéal forbartha; de bhrí gur úsáideadh 80 % den chúlchiste cheana féin agus gur cheart méadú air a chur san áireamh; de bhrí nach leor ceannaireacht pholaitiúil agus airgeadais AE atá ann faoi láthair agus na hiarrachtaí atá déanta ag AE chun an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, na SDGanna agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin dhomhanda eile, go háirithe an t-athrú aeráide atá ag dul in olcas, iarmhairtí COVID-19 agus coinbhleachtaí foréigneacha, rud a chiallaíonn gur gá oibriú i gcomhar le chéile ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an Ionstraim in ann freagairt ar na dúshláin sin atá ag teacht chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir meastóireacht iomlán a dhéanamh go fóill ar chur chun feidhme tionscadal faoin Ionstraim, mar go bhfuil sí fós le linn a céimeanna luatha; de bhrí gur cheart do MMT, a bhfuiltear ag súil leis in 2024, measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas i dtaobh na hIonstraime: an rannchuidíonn sí le tosaíochtaí straitéiseacha AE agus an gcuireann sí a luachanna chun cinn go héifeachtach i dtíortha comhpháirtíochta, an gcuireann sí cearta an duine chun cinn, an rannchuidíonn sí leis an mbochtaineacht agus neamhionannais a laghdú agus an gcuireann sí forbairt inbhuanaithe tríú tíortha chun cinn, agus an leithdháiltear cistiú fúithi bunaithe ar riachtanais agus straitéisí forbartha tríú tíortha;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur tháinig CIE ar an gconclúid in 2023 go raibh easnaimh sna modhanna chun cistí a leithdháileadh agus chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar, go bhféadfadh raon feidhme leathan na hIonstraime teorainn a chur lena tionchar agus go raibh gá le feabhsuithe ar an gcaoi a ndéantar cabhair um fhorbairt a leithdháileadh agus a ndéantar faireachán uirthi;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur cheart an Ionstraim a úsáid chun comhpháirtíochtaí níos dlúithe agus níos éifeachtaí a chruthú le tríú tíortha, ar comhpháirtíochtaí iad lena mbainfí torthaí nithiúla amach agus a bheadh bunaithe ar leasanna coiteanna, tosaíochtaí straitéiseacha, comhar struchtúrtha agus éifeachtach agus spriocanna soiléire fadtéarmacha; de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach ar leith ag baint le caidreamh an Aontais leis an Afraic agus leis an gComharsanacht; de bhrí gur cheart an Ionstraim a úsáid chun aistriú glas cothrom a áirithiú, breisluach áitiúil a chur chun cinn agus urraim a thabhairt don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; de bhrí gurb iad éifeachtúlacht, éifeachtacht agus tionchar forbartha na hIonstraime na príomhtháscairí atá le rianú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, ó glacadh an Ionstraim, go bhfuil forbairt agus méadú tagtha ar an iomaíocht gheopholaitiúil; de bhrí go dtugtar an Ionstraim chun suntais ar bhealach nua agus níos práinní dá bharr; de bhrí gur freagairt í an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> ar an dúshlán sin, agus é mar aidhm aici rogha mhalartach inmharthana agus tharraingteach a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta, ar rogha í lena soláthraítear tairbhí marthanacha do phobail áitiúla; de bhrí gur gá cumarsáid níos fearr a dhéanamh agus infheictheacht ghníomhaíochtaí AE i dtíortha comhpháirtíochta a mhéadú; de bhrí, in ainneoin go bhfuil an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> ag díriú ar chuspóirí geopholaitiúla an Aontais, nach mór do ODA na hIonstraime freastal ar fhorbairt inbhuanaithe fhadtéarmach i dtíortha comhpháirtíochta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar CAI 2021-2027 le cistiú breise do Cheannteideal 6, ós rud é nach leor an clársceidealú airgeadais atá ann faoi láthair don Ionstraim, atá tearc-chistithe, agus gur cheart go léireofaí leis uaillmhianta geopholaitiúla an Aontais agus a chuid gealltanas domhanda ar bhealach níos fearr; ag cur sonrú sna cistí breise arna moladh ag an gCoimisiún do Cheannteideal 6, as a leithdháilfí EUR 9,5 billiún chun freagairt ar ghné sheachtrach na himirce, lena n-áirítear dúshláin sheachtracha, EUR 3 bhilliún ar an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn de chuid na hIonstraime agus EUR 2,5 billiún ar an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais sheachtracha agus forbartha AE i bhfianaise na bearna cistiúcháin, na neamhionannas atá ag dul i méid idir tíortha agus laistigh díobh agus neamhshlándáil dhomhanda bia; á aithint go bhfuil tionchar ag athruithe geopholaitiúla, go háirithe cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil tosaíochtaí nua ag an Aontas, go bhfuil tábhacht fheabhsaithe ag baint le comhpháirtíochtaí straitéiseacha le tíortha comhpháirtíochta, atá ailínithe le prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt, agus go bhfuil ról sonrach ag infheistíochtaí an Aontais, ar gá dóibh luachanna agus leasanna an Aontais agus leasanna ár gcomhpháirtithe a léiriú; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá an t-athbhreithniú sin a dhéanamh chun a mheas an bhfuil cuspóirí na hIonstraime maidir leis an mbochtaineacht agus neamhionannais a laghdú agus le cur chun cinn chearta an duine agus fhorbairt inbhuanaithe fhadtéarmach na dtíortha comhpháirtíochta á gcomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag athdhearbhú a tacaíochta buanseasmhaí don Úcráin i ngach gné di, lena n-áirítear cabhair dhaonnúil, téarnamh, atógáil agus nuachóiriú, i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart go mbeadh ODA, comhpháirtithe eile agus tríú tíortha a ndéanann cogadh foghach na Rúise dochar dóibh thíos leis an tacaíocht sin, agus nár cheart laghdú a dhéanamh ar an gcistiú AE atá acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí meastóireacht chríochnúil ar acmhainní na hIonstraime, lenar cheart go ndéanfaí measúnú freisin ar leordhóthanacht na n-acmhainní chun cuspóirí na hIonstraime a leagtar síos sa Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim a chomhlíonadh, go méadófaí acmhainní na hIonstraime dá réir sin, agus go n-áiritheofaí go leanfaidís de bheith ábhartha i gcomhthéacs dúshláin gheopholaitiúla leanúnacha, go bhféadfaí an tAontas a mheas mar chomhpháirtí iontaofa agus go ngníomhofaí in aghaidh thionchar cumhachtaí domhanda eile leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhdhlúthú fhormhór ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais in aon Ionstraim amháin, lena ndéantar na hionstraimí iomadúla a bhí ann roimhe seo a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú de réir a chéile; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, cé go bhfuil feabhas tagtha ar sholúbthacht agus éifeachtúlacht mar thoradh ar an simpliú sin, nach raibh leibhéil leordhóthanacha cuntasachta éifeachtaí agus trédhearcachta ag gabháil leis; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, nach féidir a mheas go bhfuil bearta éifeachtach ach amháin nuair is féidir an méid sin a chruthú le sásraí faireacháin agus meastóireachta atá soiléir agus inchomparáide; ag meabhrú thorthaí Thuarascáil Speisialta 14/2023 ó CIE, inar cuireadh in iúl nach raibh aon bhonnlíne nó is bonnlíne dhoiléir a bhí i níos mó ná 20 % de na táscairí sampláilte agus nach raibh aon sprioc nó is spriocanna doiléire a bhí in 24 % díobh, agus go raibh foinsí sonraí sna cláir ilbhliantúla tháscacha (MIPanna) ilroinnte nó ar iarraidh; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid táscairí an Chreata le haghaidh Torthaí don Eoraip Dhomhanda a dhéanamh éigeantach, ar cheart go mbeadh a n-úsáid mar ghnáthchleachtas, i gcás beart le linn thimthriall iomlán chur chun feidhme MIPanna, eadhon torthaí a phleanáil, a chur chun feidhme agus a thuairisciú, agus acmhainneachtaí thoscaireachtaí AE a mhéadú go suntasach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndéanfaí foráil san Ionstraim maidir le cur chun feidhme éifeachtúil, éifeachtach, comhleanúnach agus cuimsitheach, agus an prionsabal ‘tús áite don bheartas’ mar bhonn taca léi, i gcomhréir le leasanna straitéiseacha agus luachanna an Aontais agus le tosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le héifeachtacht cabhrach a fhoilsiú, dhá uair sa bhliain ar a laghad, ina n-áireofaí go comhsheasmhach táscairí caighdeánaithe, sothuigthe agus inchomparáide, lena gcumhdófaí pleanáil chomhpháirteach, cur chun feidhme comhpháirteach agus creataí torthaí comhpháirteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún an tuarascáil sin ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an géarú ar shuaitheadh geopholaitiúil, treochtaí forlámhacha agus ionsaithe a rinneadh le déanaí ar fud an domhain ar bhunchlocha an daonlathais agus an smachta reachta; á iarraidh, le MMT, go ndéanfaí mionmheastóireacht ar chumas na hIonstraime spriocanna foriomlána beartais sheachtraigh AE a bhaint amach, agus go háirithe an cuspóir chun rannchuidiú le hiltaobhachas agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn; á chur i bhfáth nach mór do ghníomhaíocht sheachtrach AE don daonlathas, arna cur chun feidhme faoin Ionstraim, dul in oiriúint do réaltacht gheopholaitiúil nua ina bhfuil samhlacha rialachais iomaíocha chun cúlú daonlathach a chosc agus freagairt air ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú criticiúil, lena bhfuil leibhéal iomchuí gráinneachta faisnéise, a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na hIonstraime ar fud na gclár, na spriocanna caiteachais agus na dtagarmharcanna, agus go staonfadh sé ó sheasaimh bheartais fholmha a ghlacadh an athuair; á athdhearbhú gur cheart, de réir na gConarthaí agus an Chomhdhearcaidh Eorpaigh Nua maidir le Forbairt, gurb é príomhchuspóir an chomhair um fhorbairt deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha atá i mbéal forbartha a chothú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an cur chuige ‘tús áite don bheartas’ bunaithe ar na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach i gCompás Straitéiseach an Aontais agus sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, i gComhaontú Pháras agus i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí measúnú macánta críochnúil ar úsáid Airteagal 42(4) agus aithris 40 den Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim, ar aithris í ina luaitear go bhféadfaí cúnamh a chur ar fionraí i gcás meath ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta i dtríú tíortha; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> chun cinneadh a dhéanamh ar na himpleachtaí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail maidir le cearta an duine, i gcomhréir le hAirteagal 25(5) den Rialachán; á iarraidh go ndéanfaí faireachán ar chearta an duine agus tionscadail á gcur chun feidhme i dtríú tíortha, go háirithe i gcás tionscadail a bhfuil baol mór ag baint leo go ndéanfaí sáruithe ar chearta; á iarraidh go ndéanfaí tionscadail a chuireann le sáruithe ar chearta an duine i dtríú tíortha a chur ar fionraí nó a leasú; á iarraidh ar an gCoimisiún na measúnuithe uile a bhaineann le cearta an duine a chomhroinnt leis an bParlaimint ar bhealach réamhghníomhach; á chur i bhfios go láidir gur gá do AE cur chuige atá níos bunaithe ar phrionsabail a ghlacadh i leith tíortha comhpháirtíochta atá ag dul sa treo eile a mhéid a bhaineann le luachanna agus prionsabail lárnacha; ag tacú le tacaíocht bhuiséadach a chur ar fionraí mar dhea-chleachtas ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil cuid mhór de chúlchiste na hIonstraime ídithe mar gheall ar an gcúnamh don Úcráin á mhaoiniú tríd an gcúlchiste a shlógadh, seachas tríd an ionstraim bhuiséadach iomchuí, rud a fhágann nach bhfuil ach cumas teoranta ag an Ionstraim freagairt ar dhúshláin gan choinne; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú (COM(2023)0338).</FIELD></FOOTNOTE>, lenar cheart maoiniú fadtéarmach inbhuanaithe a áirithiú don Úcráin agus cumas na hIonstraime dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo á chaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh, le MMT, go soláthrófaí soiléireacht dhlíthiúil agus pholaitiúil maidir le liostú na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia mar thairbhithe faoin gcaibidil maidir leis an gComharsanacht san Ionstraim; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Úcráin agus Poblacht na Moldóive anois ina n-iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus go meastar gur iarrthóir ionchasach ar bhallraíocht in AE í an tSeoirsia; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an mhéid sin, gur cheart, dá bhrí sin, an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia a liostú mar thairbhithe den aistriú buiséadach leormhaith ó imchlúdaigh airgeadais dhéthaobhacha chuig an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, a bhfuil bunús dlí ar leith aici agus creat beartais atá éagsúil ón Ionstraim agus ó Bheartas Comharsanachta na hEorpa, lena laghdófaí an brú ar an Ionstraim; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le saoráid nua thiomnaithe na hÚcráine lena ndéanfaí tacaíocht amach anseo a chomhthiomsú in ionstraim aonair ar leith faoi Cheannteideal 6 de CAI chun freastal ar riachtanais práinneacha, ach á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ionstraim fhadtéarmach a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh, le MMT, go ndéanfaí measúnú, go háirithe, ar a mhéid a baineadh amach torthaí nithiúla san Afraic de thairbhe cistiú, i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime, le Straitéis AE-na hAfraice agus le torthaí an 6ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach in 2022 agus leis na tosaíochtaí a leagadh síos lena linn, agus go bhféachfaí ar an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí agus ar chuspóirí; á chur i bhfáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach anailís a dhéanamh ar thorthaí nithiúla an chúnaimh a chuirtear ar fáil, ar bhonn táscairí soiléire, chun measúnú leormhaith a dhéanamh ar éifeachtacht úsáid na gcistí; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos fearr a bhaint as an rogha imchlúdaigh gheografacha a chur le chéile ar mhaithe le cláir phan-Afracacha, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim, chun tacú le gealltanais idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach; á chur i bhfios go láidir gur gá do AE leanúint de thacaíocht ghníomhach a thabhairt do Limistéar nua Saorthrádála Mór-roinne na hAfraice, lena n-áirítear tríd an Ionstraim seo, bunaithe ar a thaithí féin maidir le Margadh Aonair Eorpach a fhorbairt, chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch a spreagadh, borradh a chur faoi chruthú post, an bhochtaineacht a laghdú agus rathúnas comhroinnte a mhéadú san Afraic; á chur i bhfáth gur gá tacú le tíortha comhpháirtíochta na hAfraice trí leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór na mór-roinne maidir le fuinneamh in-athnuaite neamhshaothraithe agus dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le SDG 7 san Afraic, rud a chuirfidh borradh faoin bhfás eacnamaíoch, faoi chruthú post agus faoin bhforbairt shóisialta, ach lena méadófar go suntasach sciar domhanda na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag athdhearbhú go láidir an ghealltanais a leagtar amach san Ionstraim chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an t-athrú aeráide agus neamhshlándáil bia a chomhrac, neamhionannais agus idirdhealú a chomhrac agus forbairt inbhuanaithe an duine a chur chun cinn; ag meabhrú an ghealltanais a thug an tAontas agus na Ballstáit a ODA a mhéadú go 0,7 % den ollioncam náisiúnta faoi 2030, lena n-áirítear 20 % ar a laghad de ODA a chistítear faoin Ionstraim a ranníoc leis an gcuimsiú sóisialta agus leis an bhforbairt dhaonna, amhail sláinte, oideachas, cothú agus cosaint shóisialta, agus 0,2 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais a chur ar fáil mar ODA do na tíortha is lú forbairt; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag CEFI+ tacú le hinfheistíochtaí mar bhealach chun rannchuidiú le SDGanna a bhaint amach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir le slándáil an duine, mar pharaidím threorach nua; á iarraidh, i gcomhthéacs an phróisis clársceidealaithe atá le teacht, go ndéanfaí Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne a chur chun feidhme ina iomláine, le tiomantas láidir do ghné na hinscne agus do phríomhshruthú inscne, agus go ndéanfaí Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais agus an Plean Gníomhaíochta don Óige a chur i bhfeidhm i ngníomhaíocht sheachtrach AE; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar iarrachtaí AE cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ina ghníomhaíocht sheachtrach agus á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú meántéarma ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé seasamh láidir frith-éillithe a ghlacadh in iarrachtaí forbartha uile an Aontais agus ag tacú leis na conclúidí ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir leis an éilliú mar bhac ar an bhforbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil infheistíochtaí san fhorbairt dhaonna ríthábhachtach don chomhrac i gcoinne an neamhionannais agus don oideachas, lena n-áirítear gairmoiliúint, agus gur cheart go leanfadh siad de bheith ina dtosaíocht shoiléir sa phróiseas clársceidealaithe atá le teacht, ós rud é go gcuireann siad ar chumas tíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha leas a bhaint as acmhainneacht caipitil dhaonna a ndaoine óga agus borradh a chur faoin bhforbairt dhaonna, faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin bhfostaíocht ina dtír féin; á iarraidh ar an gCoimisiún marcóir beartais um leanaí a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar an modheolaíocht atá ann cheana a forbraíodh i réimsí na hinscne, na haeráide, na himirce agus an digitithe, chun go mbeadh institiúidí agus comhpháirtithe AE in ann infheistíochtaí i leanaí a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht AE i leanaí a rianú agus faireachán a dhéanamh uirthi chun breisluach AE agus éifeachtacht AE a léiriú; á chur i bhfios go láidir gur oscailt súil do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim a bhí i bpaindéim COVID-19, agus béim á leagan ar an ngá atá le dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo córais sláinte uilíocha a mhaoinítear go poiblí a thógáil; á iarraidh go dtabharfaí tús áite le clársceidealú na hIonstraime do dheontais agus do chur chun cinn na hearnála poiblí i réimse na sláinte chun a áirithiú go bhfaighidh daoine cabhair um fhorbairt ar dtús; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint de bhuiséad leordhóthanach a ghealladh i leith torthaí sóisialta a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna córasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid chearta LGBTIQ+ ar fud an domhain, chomh maith leis an bhfrithfhreagairt ghinearálta i gcoinne chearta na mban, an chomhionannais inscne agus sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo i dtíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS aghaidh a thabhairt ar an gcéim ar gcúl maidir leis na cearta sin a aithint agus a chosaint; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá tús áite a thabhairt do thacaíocht spriocdhírithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus do phobail a mholann urraim do sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, do chearta na mban, don chomhionannas inscne, do phobal LGBTIQ+ agus do phobail imeallaithe eile, lena n-áirítear bearta feabhsaithe chun an homaighnéasacht a dhíchoiriúlú; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an comhionannas inscne mar phríomhchuspóir nó mar chuspóir suntasach ag 85 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí nua arna gcur chun feidhme faoin Ionstraim agus gur cheart go mbeadh an comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag 5 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé spriocanna uile na hIonstraime a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis an gclár a chomhlíonadh agus á iarraidh go mbeadh faisnéis mhionsonraithe ann maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin; á chur in iúl gur oth léi gur theip go dona ar an Aontas maidir le sprioc aeráide 30 % na hIonstraime a bhaint amach, le rannchuidiú leis an sprioc bhithéagsúlachta 10 % faoi CAI le haghaidh 2026 agus 2027 agus maidir lena áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais dhomhanda airgeadais AE faoi chreat na Náisiún Aontaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht leis an gCiste Caillteanais agus Damáiste; á mheabhrú go gcuirfidh an t-athrú aeráide brú de réir a chéile ar tháirgeadh bia agus ar rochtain ar bhia, go háirithe i réigiúin leochaileacha, lena mbainfear an bonn ón tslándáil bia agus ón gcothú; á mheabhrú, thairis sin, gur gné ríthábhachtach í an bhithéagsúlacht chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus go mbainfidh cailliúint na bithéagsúlachta agus na seirbhísí éiceachórais an bonn ón dul chun cinn maidir le tuairim is 80 % de na spriocanna measúnaithe do SDGanna; á iarraidh go mbeadh plean mionsonraithe ann ina leagfaí amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na spriocanna caiteachais agus inscne a bhaint amach faoi dheireadh CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag athdhearbhú an ghealltanais a leagtar amach san Ionstraim maidir le haghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, gan dochar d’imthosca gan choinne, gur cheart urraim a thabhairt don ghealltanas san Ionstraim céatadán táscach 10 % d’imchlúdach airgeadais na hIonstraime a thiomnú do ghníomhaíochtaí lena dtacaítear le bainistiú agus rialachas na himirce agus an easáitithe éigeantaigh laistigh de chuspóirí na hIonstraime agus nár cheart an clásal sin a athoscailt; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb ionann an sciar de na cistí a gealladh in 2021 a rannchuidigh leis an sprioc maidir le caiteachas ar imirce agus 14 %; ag dréim le nuashonruithe substaintiúla rialta a fháil maidir le staid na himeartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach rannchuidíonn úsáid reatha an cholúin mearfhreagartha go feiceálach agus go héifeachtach le leasanna AE a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú le linn MMT 2024 ar athbhunú na tacaíochta a bhaineann leis an gclár do chuspóirí bheartas eachtrach agus slándála an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na hacmhainní is gá a áirithiú agus infheistíochtaí a shlógadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart, in imthosca ar bith, go ndéanfaí cistí na hIonstraime a laghdú nó a ath-leithdháileadh idir na cláir théamacha agus gheografacha fhadtéarmacha atá tiomnaithe don fhorbairt inbhuanaithe, mar thoradh ar AMT 2024 ar CAI; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Ionstraim tearc-chistithe ó thús CAI 2021-2027 agus go bhfuil línte cistiúcháin téamacha tábhachtacha thíos lena béim gheografach, amhail an réimse tosaíochta ‘Daoine’ faoin líne bhuiséid ‘Dúshláin Dhomhanda’, a bhí faoi tuilleadh brú mar gheall ar phaindéim COVID-19, rud a d’fhág nach raibh mórán solúbthachta ann chun gealltanais AE maidir le tacú le tionscnaimh sláinte iltaobhacha sna blianta amach romhainn a chomhlíonadh ina n-iomláine; á chur i bhfios go láidir go gcruthaítear leis an easpa cistí bearna chontúirteach idir uaillmhian AE agus a chumas a ghealltanais a chomhlíonadh; á mheabhrú go ndéanfar damáiste don iomaíocht idir riachtanais ghearrthéarmacha agus infheistíochtaí fadtéarmacha, agus idir croí-earnálacha forbartha, mar thoradh ar chistiú neamhleor freisin, rud a chuirfidh bac ar éifeachtacht chabhair an Aontais agus ar a rannchuidiú le Clár Oibre 2030 a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an Ionstraim, ag CEFI+ agus ag EAG maidir le creat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh maoiniú cumaiscthe, leis na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí agus ráthaíochtaí a laghdú agus le hacmhainní ón earnáil phríobháideach a shlógadh le tacaíocht ó bhuiséad AE, go háirithe i bhfianaise na hiomaíochta geopholaitiúla agus eacnamaíche atá ag dul i méid; á chur i bhfáth nach mór do thionscadail maoinithe chumaiscthe agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha leis an earnáil phríobháideach i dtíortha atá i mbéal forbartha díriú ar thorthaí forbartha a uasmhéadú agus nach mór dóibh a bheith comhsheasmhach le SDGanna, le Comhaontú Pháras agus le tosaíochtaí forbartha náisiúnta; á mheabhrú nach dtagann tacaíocht ón earnáil phríobháideach in ionad na n-infheistíochtaí poiblí ach go gcuireann sí leo, go háirithe i leith seirbhísí criticiúla, amhail sláinte, oideachas agus cosaint shóisialta, lena gcuirtear ionchais ríthábhachtacha fhadtéarmacha ar fáil chun teacht as an mbochtaineacht; á iarraidh ar CEFI+ gan infheistíochtaí a mhaoiniú a bhfuil tionchar diúltach acu ar bhaint amach SDGanna, go háirithe maidir leis an athrú aeráide a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí an buiséad fadtéarmach a oiriúnú chun tionchar dearfach agus creidiúnacht AE ar an leibhéal domhanda a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint an róil shonraigh atá ag infheistíochtaí an Aontais, nach mór dóibh leasanna straitéiseacha agus cuspóirí forbartha an Aontais agus ár dtíortha comhpháirtíochta araon a léiriú, chomh maith le luachanna an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag na ráthaíochtaí buiséadacha chun iad a bhaint amach faoin bprionsabal ‘tús áite don bheartas’; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar an riosca a bhaineann leis na tíortha is mó riosca le haghaidh infheistíochta a chúiteamh leis na ráthaíochtaí ionas go ndíreofar an infheistíocht ábhartha chucu freisin; á chur i bhfáth gur cheart do AE dea-shampla a thabhairt ina leith sin, i bhfianaise na díospóireachta atá ar siúl faoi láthair maidir le hathchóiriú na mbanc forbartha iltaobhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur sonrú sa ról sonrach atá ag BEI san ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt, mar a leagtar amach in Airteagal 209 CFAE agus in Airteagal 36 den Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim, agus ag aithint acmhainneacht BEI cistiú breise a shlógadh, ar cistiú é a rannchuidíonn le cuspóirí na hIonstraime; á chur in iúl gur geal léi cruthú BEI Domhanda, atá ag feidhmiú ón 1 Eanáir 2022 agus a bhfuil sé mar aidhm leis láithreacht agus saineolas an bhainc i dtíortha atá i mbéal forbartha a mhéadú; ag tabhairt dá haire, ó cuireadh an brainse nua forbartha ar bun, go bhfuil úsáid níos mó ná riamh bainte ag BEI Domhanda as an bhfuinneog thiomnaithe infheistíochta a sholáthraítear leis an Ionstraim, lena gcuirtear os cionn EUR 10 mbilliún ar fáil in 2022, go háirithe chun tacú leis an Úcráin agus leis an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING>; á mheabhrú a thábhachtaí atá buiséad AE mar an t-aon ráthóir amháin i gcomhair ghníomhaíocht BEI lena gcuirtear iasachtaí ar fáil lasmuigh de AE chun tacú le beartais AE; á iarraidh go méadófaí na ráthaíochtaí a thugtar do BEI le buiséad AE chun go mbeadh BEI in ann leanúint d’oibríochtaí ríthábhachtacha de chuid na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí a chur ar fáil san Úcráin agus a ghníomhaíochtaí a leathnú sa Domhan Theas; á iarraidh ar BEI a sheasamh a úsáid chun infheistíochtaí a shlógadh don fhorbairt inbhuanaithe i gcomhréir leis an gcuspóir agus leis na critéir arna mbunú le CEFI+; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag BEI maidir le dul i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún chun EUR 100 billiún den EUR 300 billiún a gealladh faoin straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> a chur ar fáil; á iarraidh ar BEI tús áite a thabhairt do chlár oibre don fhorbairt inbhuanaithe; á iarraidh ar BEI dul sa seans níos minice i leith tionscadail a bhfuil rátaí arda toraidh shóisialta acu a mhaoiniú; á iarraidh ar BEI leanúint dá láithreacht ar an talamh a neartú trí chur leis an gcur chuige comhshuímh atá ann faoi láthair laistigh de thoscaireachtaí AE, agus leas breise á bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus le hinstitiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta eile (DFInna); ag moladh do BEI leanúint de pháirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt pleanála, faireacháin agus meastóireachta ar leibhéal na tíre, i gcomhar le toscaireachtaí AE agus trí chómhaoiniú le DFInna; á iarraidh go mbeadh comhordú níos láidre ann idir an Coimisiún agus SEGS agus á iarraidh ar thoscaireachtaí AE plé agus comhar leis na gníomhaithe ábhartha ar an talamh a éascú chun na tionscadail is fearr a chomhlíonann cuspóirí éifeachtacht na forbartha a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ‘ollstruchtúr oscailte’ CEFI+, ar bunaíodh é chun tacú le hinfheistíochtaí san earnáil phríobháideach agus á iarraidh ar an gCoimisiún, ar BEI, ar BEAF, ar na Ballstáit agus ar DFInna úsáid iomlán a bhaint as na roghanna a chuirtear ar fáil le EAG agus leis na fuinneoga infheistíochta ábhartha chun infheistíochtaí inbhuanaithe san earnáil phríobháideach a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá maoiniú na hearnála príobháidí a ghiaráil, agus béim ar leith á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill agus ar bhaic ar infheistíocht; á aithint, thairis sin, go bhfuil ról tábhachtach ag an earnáil phríobháideach maidir le hinfheistíochtaí nua, fostaíocht agus maoiniú don fhorbairt a ghiniúint i gcás inar féidir; ag meabhrú chumhacht ghrinnscrúdaithe na Parlaiminte agus an ghá atá le trédhearcacht i gcur chun feidhme CEFI+;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur chuige straitéiseach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chuige Fhoireann na hEorpa agus an aidhm atá leis comhleanúnachas, tionchar agus infheictheacht thionscadail forbartha an Aontais a mhéadú, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochtaí comhpháirteacha leis na Ballstáit, go háirithe Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa (TEInna); ag meabhrú na barúla ó CIE nach léirítear ranníocaíochtaí na mBallstát aonair le TEInna in MIPanna, ud a fhágann go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis an tacaíocht airgeadais a tháinig ó na Ballstáit, agus ag tabhairt dá haire go gcuireann an éiginnteacht sin leis an easpa soiléireachta maidir le todhchaí TEInna mar thionscnamh comhchoiteann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an chur chuige agus an Pharlaimint a chur ar an eolas faoina dtorthaí; á iarraidh ar an gCoimisiún na róil laistigh de chur chuige Fhoireann na hEorpa a shoiléiriú agus sásra a mholadh lena méadófaí trédhearcacht agus grinnscrúdú daonlathach na dtionscnamh; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh AE agus na Ballstáit gníomhaíocht chomhpháirteach chun éifeachtacht a mhéadú agus acmhainní a uasmhéadú; ag moladh do na Ballstáit, DFInna, BEI agus BEAF ról níos gníomhaí a bheith acu i bhFoireann na hEorpa trí ghealltanais airgeadais agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha, arna stiúradh ag an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> mar fhreagairt chomhbheartaithe ón Aontas ar dhúshláin dhomhanda; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcomhthéacs na ndúshlán nua geostraitéiseach, nach mór do ghníomhaithe bheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus ghníomhaithe don chomhar um fhorbairt oibriú i gcomhar le chéile ar bhealach níos fearr chun láithreacht agus infheictheacht AE ar fud an domhain a mhéadú trí infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar, lena gcruthaítear luach náisiúnta i dtíortha comhpháirtíochta, i gcomhréir le SDGanna; á mheabhrú go bhfuil an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> le tuiscint mar choincheap straitéiseach ina ndéantar beartas eachtrach, beartas eacnamaíoch agus beartas forbartha a chomhtháthú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí ollmhóra i mbonneagar inláimhsithe agus doláimhsithe araon i dtíortha atá i mbéal forbartha, idir líonraí digiteacha, iompair agus fuinnimh agus córais sláinte, oideachais agus bhia; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa trédhearcachta agus easpa creat rialála le haghaidh rialachas agus cur chun feidhme na straitéise laistigh de chuspóirí agus tosaíochtaí na hIonstraime; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rannpháirtíocht agus grinnscrúdú parlaiminteach leormhaith, chomh maith le comhairliúchán leis an earnáil gnó agus le ESSanna trí chreat rialachais éadrom a chuirfeadh borradh go tapa faoin infheistíocht agus faoi infheictheacht AE i dtíortha comhpháirtíochta i gcomhthéacs casta geopholaitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar an teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> chun an creat rialachais a shoiléiriú, lena n-áirítear ról grinnscrúdaithe na Parlaiminte, agus sainmhíniú soiléir a thabhairt ar cad is tionscadal de chuid na straitéise <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> ann agus ar conas atá na tionscadail sin éagsúil ó thionscadail infheistíochta eile; á iarraidh go mbeadh soiléireacht ann maidir leis an gcaoi a gcuirtear Rialachán Airgeadais an Aontais agus rialacha soláthair phoiblí i bhfeidhm; á iarraidh go gcuirfí an straitéis chun feidhme ar bhealach níos tapúla i bhfianaise na ndúshlán domhanda atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa soiléireachta maidir leis an maoiniú don straitéis <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> agus á mheabhrú gur cheart na tionscnaimh nua sin a mhaoiniú trí leithreasuithe nua agus tríd an athbhreithniú aníos ar uasteorainn Cheannteideal 6 a bhaineann leo; á iarraidh ar an gCoimisiún ról níos córasaí a thabhairt do ESSanna i dtionscadail de chuid na straitéise <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> agus in TEInna agus breithniú a dhéanamh ar pháirt ghníomhach a thabhairt do ESSanna áitiúla sa chlársceidealú do gach tír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint le sineirgí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar na tionscnaimh mhaoinithe a dhéanann BEI, BEAF agus institiúidí maoinithe forbraíochta eile chun díriú ar thíortha de chuid chomharsanachta na hEorpa, agus tábhacht á leagan go háirithe ar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Grinnscrúdú parlaiminteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag meabhrú chumhachtaí na Parlaiminte a bhaineann le rialú polaitiúil agus buiséadach agus le comhairliúchán agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an idirphlé ardleibhéil geopholaitiúil maidir le treoshuíomhanna ginearálta a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis mhionsonraithe a bheith ann faoin mbuiséad a forghníomhaíodh nó a fhorghníomhófar; á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn rochtain iomlán thráthúil ar dhoiciméid ón bParlaimint agus nach mór di a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal agus ar an dul chun cinn atá déanta orthu chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar a raon feidhme agus ar a dtionchar, agus is é sin an fáth a dteastaíonn rochtain iomlán uaithi ar tháscairí bonnlíne agus sprice caighdeánaithe, chomh maith le foinsí sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún go soláthrófaí sreabhadh comhsheasmhach faisnéise idir na hinstitiúidí, lena gcoinneofaí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi thionscadail infheistíochta, lena n-áirítear tionscadail de chuid na straitéise <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING>, agus go gcuirfí an Creat Bainistíochta Torthaí ar fáil go hiomlán; á athdhearbhú gur gá na seasaimh ón bParlaimint a chur san áireamh go hiomlán; á athdhearbhú, thairis sin, gur cuid den chreat beartais foriomlán do chur chun feidhme na hIonstraime iad rúin ón bParlaimint; ag tathant ar an gCoimisiún feabhas suntasach a chur ar sholáthar tráthúil doiciméad don Pharlaimint roimh an idirphlé ardleibhéil geopholaitiúil, chomh maith leis an gcaoi a gcuireann sé moltaí ón bParlaimint san áireamh, go háirithe trí dhul i mbun nós imeachta i scríbhinn tar éis gach idirphlé lena léirítear conas a dhéanfaidh sé obair leantach ar gach moladh sonrach ón bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an athbhreithniú ar CAI chun ainmníocht na hIonstraime a bheachtú trí níos mó línte buiséid a chur san áireamh chun go mbeadh an t-údarás buiséadach in ann a chumhachtaí grinnscrúdaithe a fheidhmiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na línte buiséid ‘Comharsanacht’, chun trédhearcacht a neartú ionas go mbainfí beartas sonraíbhunaithe amach ar féidir iniúchadh a dhéanamh air i dtaobh a chuspóirí agus chun cur chuige straitéiseach a léiriú ar bhealach níos fearr agus clársceidealú fadtéarmach a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé deacair grinnscrúdú a dhéanamh mar gheall ar an bhforluí atá ann idir ionstraimí airgeadais, mar shampla i gcomhthéacs ráthaíochtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bParlaimint, forléargas intuigthe, soiléir agus iomlán a sholáthar, i ndoiciméad aonair, ar na hionstraimí airgeadais, ar a gcaidreamh frithpháirteach agus na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann, chomh maith le forléargas iomlán beacht ar dheontais agus ar ráthaíochtaí agus ar an gcaoi a gcumhdaítear iad; á iarraidh ar an gCoimisiún nuashonruithe ráithiúla a sholáthar don údarás buiséadach, lena n-áirítear maidir le húsáid agus méideanna na ráthaíochtaí buiséadacha, mar aon leis an soláthar measta agus réamhaisnéisí don todhchaí, chomh maith le staid na himeartha maidir leis na spriocanna a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis an gclár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an próiseas clársceidealaithe, agus béim á leagan ar an ról ríthábhachtach atá ag SEGS agus ag toscaireachtaí AE ina leith sin, chomh maith lena áirithiú go gcuirfear tíortha comhpháirtíochta agus gníomhaithe forbartha eile san áireamh go cuí le linn an phróisis, lena n-áirítear trí dhlúthchomhairliúchán trédhearcach agus comhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a chothú, chun tosaíochtaí coiteanna a shainaithint agus úinéireacht na dtíortha comhpháirtíochta a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cur chuige éifeachtach atá bunaithe ar riachtanais agus atá dírithe ar an duine a ráthú i ngníomhaíocht sheachtrach AE agus á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh ról ríthábhachtach ag comhpháirtithe áitiúla agus ag an tsochaí shibhialta i ndearadh agus i gcur chun feidhme na gclár agus nuair atá faireachán agus meastóireacht á ndéanamh orthu; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ESSanna agus, i gcás inarb ábhartha, an earnáil phríobháideach i gcur chun feidhme na hIonstraime, go háirithe sa phróiseas clársceidealaithe; á athdhearbhú gur gá an tacaíocht don tsochaí shibhialta a mhéadú ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an próiseas clársceidealaithe a rinneadh faoi dheifir sa dara leath de 2021, rud a chuir cosc le grinnscrúdú leormhaith ag an bParlaimint; ag cur sonrú i dtorthaí Thuarascáil Speisialta 14/2023 ó CIE agus iad ina n-ábhar imní di, inar thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí an próiseas clársceidealaithe a fheabhsú; ag dréim leis go ngníomhóidh an Coimisiún agus SEGS de réir an mholta ó CIE agus go gcuirfidh siad na ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh sa chéad chleachtadh clársceidealaithe eile; á iarraidh ar an gCoimisiún cleachtadh clársceidealaithe níos intuartha agus níos trédhearcaí a áirithiú, modheolaíocht chaighdeánaithe, inchomparáide agus thrédhearcach a fhorbairt chun cistí a leithdháileadh ar thíortha comharsanachta, cur i bhfeidhm dian an phróisis a áirithiú do thíortha neamhchomharsanachta agus soiléiriú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar thionchar thacaíocht AE agus a hábharthacht a áirithiú i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hionstraimí um chúnamh macrairgeadais (MFA) a glacadh le déanaí chun tacú le roinnt tíortha, go háirithe an Úcráin, aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise a tugadh do na húdaráis bhuiséadacha maidir le bainistiú mhaoiniú chostais úis MFA; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar gheall ar chostais úis MFA á maoiniú faoi láthair tríd an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn de chuid na hIonstraime a shlógadh, seachas trí leithreasuithe nua, go bhfuil baol ann go n-ídeofaí an chuid is mó den chúlchiste, nó go n-ídeofaí é ar fad, don tréimhse atá fágtha, rud a d’fhágfadh nach mbeadh sé ar chumas na hIonstraime freagairt ar dhúshláin gan choinne; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá teacht ar réitigh maoinithe fhadtéarmaigh inbhuanaithe, agus an cumas dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo á chaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi mainneachtain an Choimisiúin fógra a thabhairt don Pharlaimint gach uair sula ndéantar an cúlchiste a shlógadh agus á chur in iúl gur saoth léi an cleachtas um litreacha a sheoladh, ar litreacha iad a thagann tar éis shlógadh an chúlchiste, lena mbaintear an bonn ó cheart grinnscrúdaithe na Parlaiminte agus lena gcuirtear bac ar an gCoimisiún na barúlacha ón bParlaimint a chur san áireamh go hiomlán maidir le cineál agus cuspóirí an slógtha agus na suimeanna airgeadais atá beartaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas go mion gach uair sula ndéanfar na cúlchistí a shlógadh agus a barúlacha a chur san áireamh, i gcomhréir le haithris 71 den Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach n-urramaíonn an úsáid a bhaineann an Coimisiún as an gcúlchiste meon Airteagal 17 den Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionscnaimh reachtacha nua a mhaoiniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil 80 % den chistiú atá ar fáil i gcúlchiste na hIonstraime le haghaidh 2021-2027 curtha in áirithe cheana féin, rud a fhágann nach bhfuil ach EUR 1,9 billiún (21 %) ann don tréimhse suas go dtí 2027; á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh 60 % de na cistí atá fágtha don chúlchiste a leithdháileadh roimh ré gan na riachtanais a bhfuiltear ag súil leo amach anseo a chur san áireamh, amhail an pacáiste do dhídeanaithe ón tSiria;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú go raibh rannpháirtíocht níos mó na Parlaiminte i ngach céim de rialachas agus de chur chun feidhme na hIonstraime ina coinníoll chun glacadh leis go ndéanfaí ionstraimí maoinithe sheachtraigh a bhí ann roimhe sin a chumasc faoin Ionstraim (mar a leagtar síos sa rún ón bParlaimint an 18 Aibreán 2018 ar chur chun feidhme ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE: athbhreithniú meántéarma 2017 agus an t-ollstruchtúr tar éis 2020 agus i sainordú caibidlíochta 2019 na Parlaiminte le haghaidh na hIonstraime); á mheabhrú go dtugtar deis leis an Ionstraim leasuithe reachtacha a dhéanamh ar na rialacháin maidir leis an Ionstraim agus IPA III agus go moltar léi mionmheasúnú a dhéanamh ar ról na Parlaiminte maidir le stiúradh agus grinnscrúdú straitéiseach a sholáthar nó ar rannpháirtíocht neamhleor na Parlaiminte i gcur ar fionraí na cabhrach nó in úsáid an chúlchiste, chomh maith le cruinnithe rialta an choiste don Ionstraim, a bhfuil acmhainneacht neamhréadaithe acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag dréim leis go mbeidh an Pharlaimint rannpháirteach go hiomlán sa chleachtadh clársceidealaithe don dara leath de CAI agus do MIPanna le haghaidh 2025-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheas nach leor na socruithe reatha a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl ag an Aontas in aon tír, réigiún nó réimse téamach agus go bhfuil siad ródhleathaíoch; á iarraidh go ndéanfaí feabhsuithe pragmatacha gasta maidir le sonraí úsáideacha a nuashonrú agus go ndéanfaí samplaí de dhea-chleachtais i leith cur chun feidhme a sholáthar don Pharlaimint go solúbtha agus in am trátha, agus rialacha iomchuí rúndachta á gcur i bhfeidhm i gcás inar gá; á mheas nach bhfuil bunachar sonraí na dtionscadal poiblí soláimhsithe agus nach gcuidíonn sé le faisnéis nuashonraithe a fháil; á chur i bhfios go láidir gur cheart tionscadail infheistíochta AE a bheith faoi réir meastóireachta, faireacháin agus tuairiscithe chun a n-éifeachtacht a chinneadh agus chun tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, in éineacht le BEI, BEAF agus DFInna Eorpacha eile, nósanna imeachta caighdeánaithe a fhorbairt, lena n-áirítear meastóireachtaí <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> agus cur i bhfeidhm Chreat Bainistíochta Torthaí an Choimisiúin; ag tathant ar an gCoimisiún an Creat sin a fhoilsiú agus a áirithiú go ndéanfaidh DFInna a úsáideann a dtáscairí féin iad a shainiú go soiléir agus a gcur i bhfeidhm agus a n-inchomparáideacht leis an gCreat a mhíniú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais na dtionscadal infheistíochta uile; á iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí Creat Bainistíochta Torthaí CEFI+ ar fáil chun grinnscrúdú a éascú d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo maoiniú forbartha níos cuntasaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bealach chun tosaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go n-úsáidfí MMT a mhéid is féidir chun an Ionstraim nó a gníomhartha tarmligthe maidir le réimsí tosaíochta a thabhairt cothrom le dáta agus chun athmheasúnú a dhéanamh ar bhailíocht MIPanna geografacha agus téamacha, lena n-áirítear coinníollacha níos feiceálaí a bhaineann le comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta, chearta an duine, an smachta reachta agus an daonlathais, ailíniú le beartas eachtrach AE agus cur i bhfeidhm an tsásra fionraíochta a bhaineann leis, mar rogha dheiridh, i gcás ina bhfuil éagsúlacht iomlán ann idir beartas eachtrach tíre is tairbhí den Ionstraim agus beartas eachtrach AE; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheictheacht ghníomhaíochtaí AE a mhéadú, go háirithe iarrachtaí maidir le comhar um fhorbairt; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh na huirlisí is gá ag SEGS agus ag toscaireachtaí AE chun a gcumais cumarsáide straitéisí a fhorbairt ionas gur fearr is féidir leo gníomhaíochtaí AE a mhíniú do chinnteoirí agus don phobal i gcoitinne i dtríú tíortha agus an bhréagaisnéis a chomhrac; á iarraidh ar an Aontas cur i gcoinne aon tacaíocht do stáit is ionsaitheoirí agus dá mbeartais, go háirithe Cónaidhm na Rúise ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na hathruithe reachtacha is gá ar an Ionstraim agus ar IPA III ag gabháil le MMT ionas go léireoidh na rialacháin ábhartha stádas nua na hÚcráine agus na Moldóive mar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, agus gníomh tarmligthe nua lena leagfar amach na cuspóirí sonracha agus na réimsí tosaíochta comhair do gach réigiún; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú a chur ar fáil, trí DFInna agus BEI, lena ndírítear ar rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara maidir le scileanna, bonneagar agus an creat rialála i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta BEI, mar chuid de phleanáil chomhroinnte ag AE agus a chomhpháirtithe chun fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt le haghaidh SDGanna a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheas go n-éilítear leis na dúshláin gheopholaitiúla a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus as tionchar díobhálach méadaitheach agus teanntás Dhaon-Phoblacht na Síne go ndéanfaí buiséad na hIonstraime a mhéadú go suntasach; á thabhairt chun suntais go bhfuil na dúshláin scaipthe ar fud an domhain, rud a chiallaíonn nach mór don Aontas a thionchar geopholaitiúil a mhéadú agus a bheith tiomanta i gcónaí dá luachanna agus dá phrionsabail; á chur i bhfáth nach mbeifear in ann freagairt do na dúshláin sin ar bhealach cothrom ach amháin má choimeádtar cion na leithdháiltí do gach réimse den Ionstraim mar an gcéanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an chumhacht agus an infheictheacht chéanna ag an Aontas mar gheall ar thairiscintí malartacha arna ndéanamh ag an tSín agus ag an Rúis; á iarraidh ar an Aontas freagairt ar ionchais na dtíortha comhpháirtíochta agus na comhaontuithe polaitiúla a rinneadh leo a bhaint amach go tapa, amhail an Comhaontú Iar-Cotonou, a stádas mar chomhghuaillí iontaofa sa chomhar um fhorbairt a threisiú agus a léiriú gur féidir leis an gcóras idirnáisiúnta riailbhunaithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhaimseartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á áitiú gur cuid d’Fhoireann na hEorpa í an Pharlaimint agus gur cheart déileáil léi amhlaidh, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí ag dréim le faisnéis níos mionsonraithe agus níos fónta a fháil faoi chur chun feidhme na hIonstraime ar bhonn níos minice, lena n-áirítear liosta d’infheistíochtaí BEI a bhaineann le cistí na hIonstraime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tionscnaimh nua iad treoirthionscadail agus réamhbhearta a d’fhéadfadh a bheith ina gcláir chistiúcháin AE dá n-éireodh leo; á chur i bhfios go láidir gur deis iad don Pharlaimint cláir a thabhairt isteach nach mbeadh maoinithe murach sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil an Ionstraim, nuair a léirmhínítear go leathan í, go teoiriciúil ina bunús dlí do gach tionscnamh, rud a chiallaíonn nach bhfuil tionscnaimh <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> ón bParlaimint incháilithe ná indéanta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig institiúidí forbartha airgeadais Eorpacha eile atá ábhartha.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>