<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2023)0461</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An creat a bheidh ann amach anseo maidir le cistí struchtúracha an Aontais a athmhúnlú chun tacú le réigiúin atá thíos go mór leis na dúshláin a bhaineann leis an aistriú ó thaobh gluaisteán de, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0326/2023 -  Rapóirtéir: Susana Solís Pérez)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 ar an gcreat a bheidh ann amach anseo maidir le cistí struchtúracha an Aontais a athmhúnlú chun tacú le réigiúin atá thíos go mór leis na dúshláin a bhaineann leis an aistriú ó thaobh gluaisteán de, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach (2023/2061(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 174 go 178 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna)
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 231, 30.6.2021, lch. 21.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 99, 31.3.2020, lch. 5.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a ghlac an Coimisiún an 14 Iúil 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 110, 25.4.2023, lch. 5.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 63, 28.2.2023, lch. 1.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 (COM(2022)0586),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age’</STRING> [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach] (COM(2023)0062),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">European Structural and Investment Funds 2022 Summary report of the programme annual implementation reports covering implementation in 2014-2020’</STRING> [Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, Tuarascáil achomair 2022 ar na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme an chláir lena gcumhdaítear cur chun feidhme in 2014-2020] (COM(2023)0039),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">on the 8th Cohesion Report: Cohesion in Europe towards 2050’</STRING> [maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050] (COM(2022)0034),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhliainiris réigiúnach Eurostat – eagrán 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Athbhreithniú meántéarma ar CAI 2021–2027’ (COM(2023)0336),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 2022 ón gCoimisiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis na pleananna críochacha um aistriú cóir (SWD(2021)0275),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ECFE ó Fheabhra 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Regional Industrial Transitions to Climate Neutrality’</STRING> [Aistrithe Tionsclaíocha Réigiúnacha chuig an Aeráidneodracht]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">https://doi.org/10.1787/35247cc7-en.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 13 Iúil 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Towards zero emission road transport: Deploying alternative fuels infrastructure and strengthening CO</STRING><STRING ITALIC="on"><STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING></STRING><STRING ITALIC="on"> emission performance standards’</STRING> [Iompar de bhóthar atá saor ó astaíochtaí: Bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh agus na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a láidriú]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO C 270, 13.7.2022, lch. 38.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 maidir le ‘<STRING ITALIC="on">Just and Sustainable Transition in the context of the coal and energy intense regions’</STRING> [Aistriú Cóir agus Inbhuanaithe i gcomhthéacs na réigiún atá dian ar ghual agus ar fhuinneamh]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO C 498, 30.12.2022, lch. 36.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 maidir le ‘<STRING ITALIC="on">Digital Cohesion’</STRING> [Comhtháthú Digiteach]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO C 498, 30.12.2022, lch. 39.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 maidir le ‘<STRING ITALIC="on">A Just and Sustainable Transition for Automotive Regions’</STRING> [Aistriú Cóir Inbhuanaithe le haghaidh Réigiúin an Tionscail Gluaisteán]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">CDR 1449/2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil AE maidir le staid na réigiún agus na mbardas, arna foilsiú an 11 Deireadh Fómhair 2022 ag Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 dar teideal ‘maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach in AE: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú’<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Cohesion Policy in EU Coal Regions’</STRING> [Beartas Comhtháthaithe i Réigiúin Ghuail an Aontais], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 31 Eanáir 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Future of the EU Automotive Sector’</STRING> [Todhchaí Earnáil Mótarfheithiclí an Aontais], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 30 Meán Fómhair 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Just Transition Fund – How the EU budget can best assist in the necessary transition from fossil fuels to sustainable energy’</STRING> [Ciste um Aistriú Cóir – An chaoi is fearr is féidir le buiséad an Aontais cabhrú leis an aistriú is gá ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh inbhuanaithe], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 15 Aibreán 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0326/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go n-eascróidh dúshláin nua as an aistriú glas agus an aistriú digiteach, lena n-áirítear éagsúlú an tsoláthair fuinnimh agus an tsoláthair amhábhair chomh maith leis na forbairtí sa teicneolaíocht agus chomh maith le deiseanna nua do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur féidir le beartais AE a bhaineann leis an aeráid rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais agus gur cheart measúnuithe tionchair chríochaigh cuimsitheacha a bheith ag gabháil leo chun na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar réigiúin atá i mbun aistrithe a shainaithint, chun athléimneacht, cóineasú sóisialta aníos, ceartas sóisialta, inbhuanaitheacht agus comhtháthú a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha dáileacháin agus chun éagothromaíochtaí a laghdú trí bhíthin tacaíocht spriocdhírithe do dhaoine agus do thionscail agus straitéisí saincheaptha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur ceapadh an Ciste um Aistriú Cóir go sonrach chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus AE ag dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta; de bhrí go n-áirítear leis sin tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do na réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú sin difear dóibh chun méadú ar neamhionannais réigiúnacha ar fud an Aontais a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur réitigh an beartas comhtháthaithe sa tréimhse 2014-2020 an bealach d’aistriú na réigiún guail cheana féin tríd an iliomad cuspóirí sonracha agus ábhartha don aistriú a ionchorprú ina gcláir agus, ar deireadh, cistí suntasacha a infheistiú i réimsí gaolmhara; de bhrí go dteastaíonn ó réigiúin trasdula eile an leibhéal céanna tacaíochta chun tionchair dhiúltacha eacnamaíocha an phróisis dhomhain aistrithe atá á dhéanamh acu a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil difríochtaí suntasacha idir saintréithe socheacnamaíocha agus déimeagrafacha i réigiúin éagsúla an Aontais agus de bhrí go bhfuil dúshláin éagsúla rompu, agus dá dheasca sin, nach bhfuil aon réiteach amháin a oireann do chách ann do gach riachtanas críochach agus socheacnamaíoch; de bhrí go bhféadfadh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) a bheith ina n-uirlis níos fearr de chuid an Aontais chun aon tionchar diúltach a thagann ón aistriú glas agus ón aistriú digiteach araon a mhaolú, lena n-áirítear sna réigiúin sin a bhfuil aistrithe bunúsacha san earnáil mótarfheithiclí nó tionscail agus seirbhísí gaolmhara os a gcomhair;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, in ainneoin go bhfuiltear in ann le comhúsáid acmhainní buiséadacha AE ón gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta athchóirithe uaillmhianacha agus infheistíocht shubstaintiúil a chur chun feidhme, cruthaíodh freisin deacrachtaí móra do réigiúin agus d’údaráis áitiúla maidir le hilroinnt beartais, acmhainneacht riaracháin agus castacht na gcistí arna gclársceidealú don tréimhse 2021-2027 a phleanáil agus a fheidhmiú; de bhrí gur gá dlús a chur le ráta ionsúcháin an bheartais chomhtháthaithe agus le seachadadh na dtionscadal ar an láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é atá in iompar de bhóthar an cion is airde d’astaíochtaí foriomlána iompair; de bhrí, de réir mar a théann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun cinn, gur dócha go gcruthóidh siad dúshláin don earnáil sin; de bhrí, chun seasamh le hiomaíochas gheilleagar AE agus chun táirgeadh agus poist na hEorpa a chaomhnú, gur gá dúinn faireachán a dhéanamh ar thionchar bheartais AE ar phríomhearnálacha agus uirlisí a bheith ar fáil dúinn chun freagairt go tráthúil do dhúshláin nua a bhaineann leis na haistrithe glasa agus digiteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil claochlú mór ag teacht ar an tionscal gluaisteán faoi láthair mar gheall ar athruithe sa chóras iompair a spreagann teacht chun cinn modhanna iompair malartacha agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus ísle, digitiú agus uathoibriú a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, dá bhrí sin, gur cheart don tionscal gluaisteán a bheith mar chuid de ‘chlaochlú na soghluaisteachta’ ar scála níos mó, lena ndéanfar samhlacha gnó agus slabhraí luacha a athmhúnlú laistigh den earnáil agus lena mbainfidh athruithe suntasacha fostaíochta agus sóisialta, le patrúin éagsúla sna Ballstáit agus sna réigiúin; de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha i ngach réimse den slabhra luacha, lena n-áirítear táirgeadh, chun an earnáil a oiriúnú do na caighdeáin feidhmíochta nua maidir le hastaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> agus chun deireadh a chur de réir a chéile le feithiclí a astaíonn CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> in AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil AE ar cheann de na táirgeoirí mótarfheithiclí is mó ar domhan agus go bhfuil an tionscal gluaisteán ar cheann de na príomhthionscail Eorpacha, lena ngintear láimhdeachas os cionn 7 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) AE, arb ionann é, i réigiúin áirithe, agus suas le 25 % den OTI réigiúnach, rud a fhágann gurb í an earnáil an t-infheisteoir príobháideach is mó sa taighde agus san fhorbairt (T&D) in AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil mótarfheithiclí na hEorpa fós ina lárionad cumhachta d’fhostaíocht thionsclaíoch toisc gurb ionann í agus níos mó ná 6 % d’fhostaíocht na hEorpa ar an iomlán, lena gcuirtear poist dhíreacha agus indíreacha ar fáil do 13,8 milliún Eorpach agus arb ionann í agus 8,5 % de phoist mhonaraíochta na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go meastar go bhfuil 3000 cuideachta san earnáil mótarfheithiclí, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 2500 díobh, ar soláthraithe neamhspleácha do mhonaróirí gluaisteán iad 2500 díobh agus go bhfuil constaicí breise rompu sa chlaochlú glas agus digiteach; de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, go mbeidh ar réigiúin agus ar an tionscal gluaisteán infheistíocht mhór a dhéanamh sa teicneolaíocht, sa taighde agus san fhorbairt, agus in atheagrú slabhraí soláthair, in oiliúint fostaithe agus in oiriúnú do shamhlacha nua gnó;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil acmhainneacht bhreisluacha AE amach anseo sna hearnálacha mótarfheithiclí teoranta, áfach, mar gheall ar spleáchas trom AE ar allmhairí eachtracha na bpríomhthionscal tacaíochta agus amhábhar do charranna na todhchaí chomh maith leis an easpa earnáil láidir TFC agus gníomhaithe móra digiteacha Eorpacha a chruthaíonn luach trí rochtain ar shonraí, éiceachórais dhigiteacha agus teicneolaíochtaí nascachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go gcuireann cistiú an bheartais comhtháthaithe deiseanna ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh in Eoraip níos glaise agus chun tacú le réigiúin agus le hearnálacha atá i mbun aistrithe; de bhrí nach soláthraítear leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair bearta sonracha tacaíochta agus cistiú do réigiúin Eorpacha arb í an earnáil mótarfheithiclí is mó a ghineann OTI iontu, agus mar thoradh air sin, go gcuireann na Ballstáit straitéisí éagsúla státchabhrach i bhfeidhm ar an tionscal sin, rud a dhéanann difear do chomhtháthú críochach AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gurb ionann gluaisteáin paisinéirí agus veaineanna amháin agus 15 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa (GCT) san Eoraip agus gurb é an t-iompar an t-aon earnáil nár tháinig laghdú ar leibhéal GCTanna i gcomparáid le leibhéil 1990;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí le cur chun feidhme pras an rialacháin maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha inmharthanacht an aistrithe chuig córais iompair dhícharbónaithe; de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha náisiúnta agus réigiúnacha ann ó thaobh ullmhachta don aistriú i dtreo iompar dícharbónaithe; de bhrí go bhfuil sciar na ngluaisteán paisinéirí atá níos sine ná 20 bliain breis agus 40 % sa Pholainn go níos lú ná 5 % i Lucsamburg agus go bhfuil sciar na gclárúchán nua feithiclí leictreacha idir 46 % sa tSualainn agus 1 % i bPoblacht na Seice agus sa tSlóvaic; de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí comhchosúla ann maidir le líon na stáisiún luchtaithe feithiclí leictreacha, agus go bhfuil beagnach 1600 uair níos mó pointí luchtaithe ag an Ísiltír ná ag an gCipir;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí nár cheart do bheartais AE a bheith dall ó thaobh críche de chun nach gcuirfear leis an bhfeiniméan ‘leagan amach tíreolaíoch na míshástachta’ agus chun glacadh a chruthú i measc an tionscail, na n-údarás áitiúil agus na ndaoine a ndéanann na príomhspriocanna coiteanna maidir le dícharbónú an gheilleagair difear dóibh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach beartais a oiriúnú do chásanna aonair na réigiún iarthionsclaíoch chun iad a dhéanamh tarraingteach arís, go háirithe i bhfianaise chlaonadh na réigiún atá buailte go mór le dídhaonrú, imirce daoine oilte agus marbhántacht eacnamaíoch; de bhrí go n-áirítear ar straitéisí éifeachtacha chun feabhas a chur ar tharraingteacht réigiún iarthionsclaíoch cáilíocht saoil a fheabhsú, infheistíocht a dhéanamh san oideachas, sa chúram sláinte, sa bhonneagar agus san fhiontraíocht áitiúil, rochtain ar thithíocht inacmhainne a éascú agus dreasachtaí a chruthú do ghairmithe óga agus do theaghlaigh fanacht sna limistéir sin nó bogadh chucu;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, in ainneoin spleáchas reatha AE ar allmhairí amhábhar eachtrach, gurb í earnáil mótarfheithiclí an t-éiceachóras is comhtháite i slabhraí luacha laistigh de AE, agus go bhfuil níos mó ná 45 % dá táirgeacht ag brath ar shlabhraí luacha trasteorann; de bhrí go dtugann na slabhraí luacha sin laistigh den Aontas monaróirí feithiclí, soláthróirí gluaisteán, monaróirí ceallraí mótair, trealamh leictreach agus boinn, soláthróirí amhábhar agus seirbhísí úsáide gluaisteán le chéile; de bhrí go bhfuil na slabhraí luacha sin ina mbonn go nádúrtha don spleáchas agus don chomhar i measc na réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nár sroicheadh sprioc AE go fóill an sprioc de 3 % de OTI AE a infheistiú sa Taighde agus san Fhorbairt (T&D);
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An creat a bheidh ann amach anseo maidir le cistí struchtúracha agus cistí infheistíochta an Aontais a athmhúnlú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú nár cheart go gcúiteofaí dolúbthacht bhuiséadach leis an mbeartas comhtháthaithe ná go mbainfí ciorruithe de mar gheall ar ghéarchéimeanna, agus gur cheart dó, mar straitéis infheistíochta fadtéarmaí, réigiúin a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú tionsclaíoch, ar an aistriú teicneolaíoch, ar an aistriú éiceolaíoch, ar an aistriú fuinnimh, ar an aistriú digiteach, ar an aistriú sóisialta agus ar an aistriú déimeagrafach, agus iad a chomhchruthú; á chur i bhfios go láidir nach féidir leis an mbeartas comhtháthaithe na cúraimí sin go léir a chomhlíonadh ach amháin má tá sé leabaithe i gclár láidir cistiúcháin, agus á áitiú, dá bhrí sin, gur cheart beartas láidir comhtháthaithe le cistiú méadaithe a áirithiú i CAI iar-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil dúshláin shonracha roimh na réigiúin is forimeallaí san aistriú i dtreo Aontas atá níos glaise, níos digitithe agus níos neamhspleáiche ar iompar a chumhachtaítear le hinnill dócháin, mar gheall ar a iargúltacht ón ngréasán ilchríochach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á aithint go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach maidir le cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, atá cumhdaithe sna Conarthaí; á chur in iúl gurb eol di an baol a bhaineann le méadú na n-éagothromaíochtaí réigiúnacha, doimhniú na n-éagsúlachtaí sóisialta agus le ‘leagan amach tíreolaíoch na míshástachta’ atá ag méadú, ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór idir réigiún Eorpach amháin go réigiún eile a mhéid a bhaineann leis na coigeartuithe riachtanacha is gá agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an dá aistriú, rud a chuirfidh leis na héagothromaíochtaí réigiúnacha sna blianta amach romhainn; á mheas nach mór don bheartas comhtháthaithe na fórsaí eacnamaíocha atá fabhrach do cheirtleán méadaitheach na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ardluacha in ionaid uirbeacha agus thionsclaíocha a shárú más mian leis an Aontas a sprioc maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a choinneáil mar a chumhdaítear sna Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeidh tionchar suntasach ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais ag na pleananna chun astaíochtaí GCT a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus neodracht aeráide iomlán a bhaint amach faoi 2050;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aird bhreise a thabhairt ar na críocha a bhfuil sainiúlachtaí geografacha acu, amhail réigiúin thuaithe, oileáin, na réigiúin is forimeallaí, réigiúin shléibhtiúla agus réigiúin nach bhfuil an daonra chomh dlúth sin iontu, go háirithe iad siúd atá iargúlta agus ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise nó deireadh a chur ar thionscail shonracha de réir a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mholadh go láidir go n-áireofaí cuspóir sonrach beartais maidir leis an aistriú tionsclaíoch laistigh de bheartas comhtháthaithe AE tar éis 2027; á chur i bhfáth gur cheart don chuspóir sin neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar fho-iarmhairtí dúshlánacha na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus gur cheart é sin a bhaint amach ar luas níos airde fós i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha d’fhonn borradh a chur faoin bhfostaíocht le poist ardcháilíochta, athsciliú agus uas-sciliú oibrithe a chur chun cinn, go háirithe oibrithe atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus oibrithe atá dífhostaithe go fadtéarmach, agus na hiarmhairtí diúltacha ar fhostaíocht agus ar fholláine shóisialta a mhaolú, trí thacaíocht a thabhairt do gheilleagair áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus iad a éagsúlú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheas gur cheart do bheartas comhtháthaithe AE tar éis 2027 cur chuige níos difreálaithe agus níos spriocdhírithe a leanúint, ag comhlánú le húsáid critéar a bhaineann le hioncam chun leibhéal na tacaíochta a chinneadh chuig chritéir bhreise lena gcuirtear san áireamh freisin saintréithe réigiún agus na dúshláin shonracha lena dtugtar aghaidh orthu a bhaineann le hacmhainneacht fáis réigiún amach anseo, amhail an ráta dífhostaíochta i measc na hóige, an ráta dífhostaíochta fadtéarmaí, leibhéil na bochtaineachta, spleáchas ar phoist in earnálacha aistrithe agus infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt, chomh maith leis an dídhaonrú, aosú an daonra, imirce daoine oilte agus an bhearna scileanna atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí síneadh leis an gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) sa chlárthréimhse tar éis 2027, ar cheart acmhainní airgeadais breise a thabhairt dó chun tacú le réigiúin atá ag brath go mór ar earnálacha a bhfuil claochlú domhain á dhéanamh orthu, amhail earnáil mótarfheithiclí, i bhfianaise an ghlanchaillteanais fostaíochta a mheastar a bheidh ann mar thoradh ar an aistriú mótarfheithiclí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an síneadh sin ar CUAC a dhíriú ar leibhéal ainmníocht iomchuí na n-aonad críochach ar mhaithe le staidreamh (NUTS), go gcuirfí san áireamh sainiúlachtaí réigiúnacha, go bhfuil raon feidhme níos leithne acu ná CUAC atá ann faoi láthair, gur cheart é a cheapadh sa chaoi go bhféadfar freagairtí prasa a thabhairt ar dhúshláin a thiocfaidh chun cinn as an nua ar fud earnálacha agus tionscal éagsúil agus go ndéanfar é a chomhtháthú go hiomlán i Rialachán na bhForálacha Coiteanna bunaithe ar phrionsabail na comhpháirtíochta, an rialachais il-leibhéil agus an chur chuige áitbhunaithe; á iarraidh, thairis sin, ar Eurostat meastachán a dhéanamh ar an nglanchaillteanas fostaíochta in earnáil mótarfheithiclí a bheidh mar thoradh ar an aistriú glas agus digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí gur cheart na táscairí seo a leanas a chur san áireamh chun go gcinnteofar ar cheart a mheas go bhfuil réigiún ag brath go mór ar an tionscal gluaisteán: rannchuidiú thionscal na ngluaisteán le OTI réigiúnach; sciar na dtáirgí gluaisteán in onnmhairí réigiúnacha; rannchuidiú thionscal na ngluaisteán le fostaíocht réigiúnach; agus rannchuidiú thionscal na ngluaisteán le hinfheistíocht iomlán T&F réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cleachtaí tuairiscithe a shimpliú, mar shampla tríd an gcur chuige ‘maoiniú nach bhfuil nasctha le costais’ a leathnú, i gcás inarb iomchuí, agus trí chothromaíocht a aimsiú idir an fócas ar thorthaí agus ar thionchair agus an fócas ar chaiteachas chun cur chun feidhme níos éifeachtúla a bhaint amach agus faireachán láidir a choinneáil ar úsáid na gcistí ag an am céanna; á mheas gur beart an-dearfach é ‘rogha costas simplithe’ agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis bhainistíochta a chur i bhfeidhm a leathnú chuig tionscadail thionsclaíocha, ghlasa agus dhigiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga i ndáileadh CSIE trí shimpliú a dhéanamh ar na céimeanna riaracháin is gá chun rochtain a fháil ar na cistí sin agus trí dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo ‘prionsabal na haonuaire’ a chur chun feidhme go hiomlán, rud a chiallaíonn nach gceanglaítear ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí ach faisnéis chaighdeánach áirithe a sholáthar do na húdaráis aon uair amháin; ina theannta sin, aithníonn sí an ról bunúsach atá ag MFBManna san aistriú tionsclaíoch agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go gníomhach i dtionscadail, agus a ráthú go ndaingneoidh siad maoiniú leormhaith trí shásraí amhail cuibhreannais nó ionstraimí malartacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réigiúin athléimneacha a thógáil: beartas comhtháthaithe le haghaidh todhchaí níos glaise a bheidh oiriúnach go digiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á aithint, in ainneoin go mbaineann tairbhí eacnamaíocha do na réigiúin uile leis an digitiú faoi láthair, go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha á gcruthú ag an aistriú digiteach do réigiúin bheagfhorbartha; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar digiteach agus scileanna digiteacha a thógáil i measc an phobail i gcoitinne agus an lucht saothair, chun aistriú ó theicneolaíochtaí diansaothair go teicneolaíochtaí atá dian ar chaipiteal agus feiniméan a bhaineann le himirce daoine oilte a sheachaint; ag cur béim, ina leith sin, ar an ról lárnach atá ag institiúidí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta oideachais agus taighde maidir le moil nuálaíochta digití a threorú, agus aird á tabhairt ar chur amú an tsaineolais a eascraíonn as beartais réigiúnacha neamh-chomhordaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht shuntasach chun cabhrú le réigiúin agus iad ag dul i dtreo na digiteála agus chun spriocanna digiteacha a leagtar amach i gclár beartais 2030 dar teideal ‘Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach’ a bhaint amach; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur bealach amháin iad comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun tacú le forbairt scileanna criticiúla agus feabhsuithe ar dheiseanna fostaíochta agus ar inoiriúnaitheacht na margaí saothair, chomh maith lena bhfeidhmíocht ó thaobh táirgiúlachta agus éifeachtúlachta de, rud a fhágann go bhfuil siad ina bpríomhthosca d’aistriú digiteach rathúil; á chreidiúint nár cheart dearmad a dhéanamh ar aon duine, gan beann ar a earnáil oibre, ar a chineál conartha, inscne, aoise nó suímh gheografaigh ar an mbealach chuig aistriú glas agus digiteach AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh dúshláin a bheith roimh earnálacha monaraíochta atá neamhchosanta ar iomaíocht dhomhanda, agus roimh na réigiúin atá speisialaithe ann, le linn an aistrithe ghlais, go háirithe má bhaineann iomaitheoirí idirnáisiúnta tairbhe as praghsanna fuinnimh níos ísle agus má úsáideann siad níos lú fuinnimh in-athnuaite; á chur i bhfáth go mbeidh ról suntasach ag costais an fhuinnimh inathnuaite sna dinimicí sin freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheabhrú gur dócha go mbeidh tionchar díréireach ag réigiúin bheagfhorbartha le linn an aistrithe ghlais, go háirithe maidir le haistriú na hearnála iompair chuig réitigh dhícharbónaithe; á chreidiúint gur gá ionstraimí sonracha a bhunú chun tacú leis an slabhra luacha i gcomhthéacs an aistrithe éiceolaíoch d’fheithiclí agus, go sonrach, na hearnálacha leathsheoltóirí, ceallraí agus comhpháirteanna atá riachtanach do mhótair leictreacha, don tiomáint uathrialaitheach, don digitiú agus don nascacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aistriú cóir do réigiúin an tionscail gluaisteán</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chreidiúint nach mór do dhícharbónú an iompair de bhóthar, lena n-éilítear claochlú shlabhra luacha iomlán thionscal na ngluaisteán agus deireadh a chur de réir a chéile leis an inneall dócháin faoi 2035, straitéis dea-phleanáilte maidir le ‘haistriú soghluaisteachta’ a leanúint agus ní mór don straitéis sin na hathruithe is gá a chur chun feidhme ar fud an tslabhra luacha ina iomláine, lena n-áirítear i bpróisis táirgthe, chun nach n-athlonnófar an táirgeadh lasmuigh de AE; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, leis an straitéis sin, ba cheart go n-áiritheofar aistriú rianúil agus inghlactha go sóisialta do na hoibrithe agus do na cuideachtaí atá buailte, go háirithe iad siúd i réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin a bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha nó chríochacha rompu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh ról ag iompar dícharbónaithe d’iarnróid agus de bhus in iompar glan-nialasach amach anseo, agus gur cheart tacú leis trí phleanáil phoiblí fhadtéarmach trí bhonneagar iarnróid agus iompair phoiblí a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas gur cheart go n-áireofaí sa straitéis aistrithe soghluaisteachta sin plean mionsonraithe chun oibrithe a athsciliú agus a uas-sciliú, nó, i gcás inar gá, roghanna malartacha fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine atá fostaithe faoi láthair in earnáil mótarfheithiclí; á chreidiúint gur cheart go mbeadh bearta sa phlean sin freisin chun láithreacht na mban san earnáil sin ina bhfuil ceannas ag fir a neartú agus chun lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas san ionad oibre a chur chun cinn; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, thairis sin, gur cheart go gcuirfí dreasachtaí agus tacaíocht ar fáil leis an bplean sin chun a áirithiú go bhfanfaidh gléasraí tionsclaíocha nua a eascraíonn as an aistriú laistigh de na réigiúin lena mbaineann, lena ráthófar a dtairbhí táirgiúla agus ar an gcaoi sin go gcoinneofar na héifeachtaí iarmharta sna réimsí sin; á mholadh go mbunófaí tionscadail thionsclaíocha inbhuanaithe lena dtabharfar chun críche na slabhraí soláthair ina n-iomláine sna críocha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an togra is gá a chur ar aghaidh chun leanúnachas an tSásra um Aistriú Cóir a áirithiú agus go dtabharfar cistí leordhóthanacha agus breise dó chun tacaíocht a chur san áireamh do réigiúin atá ag brath go díreach nó go hindíreach ar an earnáil mótarfheithiclí agus ar na tionscail agus seirbhísí a bhaineann le páirteanna a sholáthar, go háirithe sa Chiste ábhartha um Aistriú Cóir atá príomhshruthaithe laistigh den bheartas comhtháthaithe, ionas gur féidir sineirgí agus éifeachtaí iarmharta a chur chun cinn le cistí agus cláir éagsúla Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar phróiseas an chlaochlaithe réigiúnaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú gur minic gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is mó a bhíonn freagrach as beartais a bhaineann le hoiliúint a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin go bhfuil gné chríochach na mbeartas sin ríthábhachtach. á mheabhrú, chun na críche sin, a thábhachtaí atá acmhainneacht riaracháin chomhionann agus rochtain ar chistiú agus ar fhaisnéis i réigiúin uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheas gur cheart go leanfadh na pleananna um aistriú cóir do réigiúin atá spleách ar an tionscal gluaisteán go comhsheasmhach cur chuige áitbhunaithe agus gur cheart do na húdaráis inniúla iad a bhainistiú ar bhonn phrionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil;, agus comhar idir-réigiúnach agus trasteorann a dhreasú i measc na réigiún i mbun aistrithe; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur gá tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i gclaochlú éigeantach na hearnála, rud a chuirfidh ar a cumas oiriúnú do na caighdeáin feidhmíochta nua d'astaíochtaí, agus i gcláir athscilithe agus i straitéisí inbhuanaithe éagsúlaithe eacnamaíocha ar fud an tslabhra luacha ar fad chun aistriú rianúil agus cuimsitheach a áirithiú d’oibrithe agus do gheilleagair áitiúla agus réigiunacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú, maidir le haon chinntí straitéiseacha a dhéanfaidh monaróirí buntrealaimh chun aistriú i dtreo na soghluaisteachta leictrí, nó forbairtí teicniúla eile amhail tiomáint uathrialaitheach, digitiú agus feidhmeanna breise sábháilteachta i gcarranna, ós rud é gur cinnte go mbeidh éifeacht an tsíolaithe acu agus go mbeidh tionchar níos mó acu ar an slabhra luacha áitiúil agus réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí breithniú ar an rogha na pleananna aistrithe a chur chun feidhme trí chur chuige torthaí-bhunaithe a úsáid, lena gcuimsítear grúpa tionscadal a bheidh le déanamh ag tairbhí chun rannchuidiú le cuspóirí na bpleananna; á mheas, chun an treoshuíomh atá bunaithe ar thorthaí a shimpliú agus a threisiú, go bhféadfaí an bhainistíocht a bhunú go heisiach ar gharspriocanna, aschuir agus torthaí a comhaontaíodh roimhe seo idir an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh rialú agus iniúchóireacht plean aistrithe teoranta i dtaobh cé acu an mbaineann sé nó nach mbaineann sé amach a gharspriocanna agus a spriocanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>aithníonn sí a thábhachtaí atá sé tacaíocht a chur ar fáil do gach cuideachta sna hearnálacha atá ag dul i mbun aistrithe, agus béim ar leith á leagan ar MFBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, a bhféadfadh acmhainní teoranta a bheith acu chun an t-athrú is gá a bhaint amach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cúnamh spriocdhírithe chun cabhrú le MFBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga sócmhainní fisiceacha agus bonneagar fisiciúil a fháil, a uasghrádú agus a chothabháil, agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cláir chistiúcháin thiomnaithe, tionscnaimh fothaithe acmhainneachta, malartú eolais agus dea-chleachtais agus cúnamh teicniúil atá saincheaptha go sonrach do riachtanais MFBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga chun a áirithiú go ndéanfar iad a chomhtháthú go rathúil agus rannpháirtíocht i dtimpeallacht shíorathraitheach na hearnála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá an bhearna infheistíochta i réimse T&F san Aontas a dhúnadh agus an sprioc 3 % de OTI an Aontais a infheistiú i T&D a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit éiceachóras leormhaith agus cothrom a bhunú chun soghluaisteacht leictreach a rolladh amach i gcomhréir leis an rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid; á mheabhrú nach bhfuil coincheapa áirithe a oibríonn do limistéir uirbeacha indéanta ná leordhóthanach do limistéir thuaithe agus, á chur i bhfáth a thabháchtaí atá sé bonneagar breoslaí malartacha poiblí a sholáthar i réigiúin thuaithe, i réigiúin oileánacha agus iargúlta agus i réigiúin ina bhfuil dlús íseal daonra nach bhfuil cumhdaithe go leormhaith ag soláthraithe príobháideacha chun freastal ar riachtanais an daonra cónaithe agus na gcuairteoirí; á mheas, ina leith sin, gur cheart go mbeadh praghas na seirbhíse sin arna soláthar go poiblí iomaíoch le meánphraghas na seirbhíse a thairgeann soláthraithe príobháideacha; á mheas, chun na críche sin, gur gá creat beartais agus rialála don tsoghluaisteacht leictreach a fhorbairt bunaithe ar anailís dhomhain ar an staid atá dírithe ar phríomhdhúshláin an bheartais sin agus na deiseanna a shainaithint chun go n-éireoidh leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na cláir exchangeEU agus TARGET (cúnamh teicniúil le haghaidh aistriú chuig fuinneamh glas) a mhéadú chuig na réigiúin mótarfheithiclí atá i mbun aistrithe, chun malartú taithí agus torthaí a chur chun cinn idir réigiúin ina bhfuil meath ag teacht ar earnálacha eacnamaíocha, amhail gual nó móin, agus réigiúin ina bhfuil earnálacha claochlaithe amhail tógálaithe agus soláthróirí mótarfheithiclí; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhféadfadh an chomhroinnt taithí sin, mar aon le cur chun feidhme na bpleananna aistrithe a fhaigheann tacaíocht ó chistiú CSIE, cabhrú le réigiúin mótarfheithiclí agus soláthraithe aistriú rianúil i dtreo gníomhaíocht atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>