<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0006</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0387/2023 -  Rapóirtéir:Luděk Niedermayer)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (COM(2022)0216 – C9-0197/2022 – 2022/0154(CNS))</STRING></TI><NOTE>(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0216),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0197/2022),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0387/2023),</P></VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION><P><NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.</P></ACTION></ACTLST></DISPOSITIF><AMDLST><HD><HEAD.OLD><STRING ITALIC="on">Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún</STRING></HEAD.OLD><HEAD.NEW><STRING ITALIC="on">Leasú</STRING></HEAD.NEW></HD><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		1</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 1</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(1)</NO.P>	Is ardtosaíocht pholaitiúil don Aontas é timpeallacht ghnó atá cothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear í a chur chun trí bhearta cánach spriocdhírithe lena ndreasaítear infheistíocht agus fás. Chun tacú le maoiniú corparáideach inbhuanaithe<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> fad-téarmach</STRING></STRING>, ba cheart don chóras cánach saobhadh neamhbheartaithe ar chinntí gnó a íoslaghdú, mar shampla i<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> leith fiachais</STRING></STRING> seachas maoiniú cothromais. Cé go bhfuil ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 de chuid an Choimisiúin<STRING SUPERSCRIPT="on">14</STRING> gníomhaíochtaí tábhachtacha chun tacú le maoiniú den sórt sin, mar shampla Gníomhaíocht 4 - Ag spreagadh níos mó maoinithe fhadtéarmaigh agus cothromais ó infheisteoirí institiúideacha, ba cheart bearta cánach spriocdhírithe a ghlacadh chun na gníomhartha sin a fheabhsú. Ba cheart do na bearta sin breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí a chur i gcuntas.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(1)</NO.P>	Is ardtosaíocht pholaitiúil don Aontas é timpeallacht ghnó atá cothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus feabhas a chur ar an gcóras cánach corparáide</STRING></STRING>, lena n-áirítear í a chur chun trí bhearta cánach spriocdhírithe lena ndreasaítear infheistíocht agus fás. Chun tacú le maoiniú corparáideach inbhuanaithe,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> láidir agus fadtéarmach, go háirithe tar éis na dtrí ghéarchéim eacnamaíocha ó 2008 i leith, ina raibh ar go leor cuideachtaí brath ar mhaoiniú fiachais chun caillteanais eacnamaíocha a chumhdach,</STRING></STRING> ba cheart don chóras cánach saobhadh neamhbheartaithe ar chinntí gnó a íoslaghdú, mar shampla i<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> dtreo fiachas</STRING></STRING> seachas maoiniú cothromais. Cé go bhfuil ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 de chuid an Choimisiúin<STRING SUPERSCRIPT="on">14</STRING> gníomhaíochtaí tábhachtacha chun tacú le maoiniú den sórt sin, mar shampla Gníomhaíocht 4 - Ag spreagadh níos mó maoinithe fhadtéarmaigh agus cothromais ó infheisteoirí institiúideacha, ba cheart bearta cánach spriocdhírithe a ghlacadh chun na gníomhartha sin a fheabhsú. Ba cheart do na bearta sin breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí a chur i gcuntas.</P></NEW><OLD><P>__________________</P></OLD><NEW><P>__________________</P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">14</STRING> Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua’, COM(2020) 590 final (https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">61042990-fe46-11ea-b44f-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&amp;format=PDF</STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">)</STRING></STRING></STRING></P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">14</STRING> Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua’, COM(2020)0590 final(https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">61042990-fe46-11ea-b44f-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&amp;format=PDF</STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">)</STRING></STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		2</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 1 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(1a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun poist, fás eacnamaíoch agus infheistíocht a chur chun cinn, is den ríthábhacht aontas margaí caipitil atá iomaíoch agus athléimneach agus ina mbeidh margadh cothromais láidir mar cheann dá cholúin a chur chun cinn. Tá gá le tuilleadh infheistíochta príobháidí trí chothromas chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha atá romhainn. Dá bhrí sin, is inmholta ionstraim dlí a chruthú chun comhchuibhiú a dhéanamh ar fhorálacha reachtacha atá ann cheana chun claontacht na gcáiníocóirí i dtreo fiachais a laghdú agus roghanna infheistíochta á ndéanamh acu, gan dochar d’úsáid dhlisteanach agus éifeachtach ionstraimí fiachais.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		3</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 2</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(2)</NO.P>	Le córais chánach na mBallstát ceadaítear do cháiníocóirí íocaíochtaí úis ar mhaoiniú fiachais a asbhaint, agus dá bhrí sin an dliteanas cánach ioncaim corparáidí a laghdú, agus níl costais a bhaineann le maoiniú cothromais in-asbhainte ó thaobh cánach sa chuid is mó de na Ballstáit. Le cóireáil chánach neamhshiméadrach ar mhaoiniú fiachais agus cothromais ar fud an Aontais, spreagtar claontacht i leith fiachais i gcinntí infheistíochta. Thairis sin, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le liúntas cánach ar mhaoiniú cothromais ina ndlí náisiúnta, bíonn éagsúlachtaí suntasacha ann idir na bearta náisiúnta sin i dtéarmaí dearadh beartais.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(2)</NO.P>	Le córais chánach na mBallstát ceadaítear do cháiníocóirí íocaíochtaí úis ar mhaoiniú fiachais a asbhaint, agus dá bhrí sin an dliteanas cánach ioncaim corparáidí a laghdú, agus níl costais a bhaineann le maoiniú cothromais in-asbhainte ó thaobh cánach sa chuid is mó de na Ballstáit. Le cóireáil chánach neamhshiméadrach ar mhaoiniú fiachais agus cothromais ar fud an Aontais, spreagtar claontacht i leith fiachais i gcinntí infheistíochta.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Léirigh na géarchéimeanna a bhain le fadhbanna fiachais cuideachtaí sa mhargadh inmheánach le déanaí go bhfuil gá le hathchóiriú lena gcuirtear cothromas agus fiachas ar comhchéim agus lena gcuirtear deireadh le maoiniú fiachais. Is freagra í an Treoir seo ar na hiarrataí iomadúla ón bParlaimint aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin</STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING SUPERSCRIPT="on">1a</STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING> Thairis sin, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le liúntas cánach ar mhaoiniú cothromais ina ndlí náisiúnta, bíonn éagsúlachtaí suntasacha ann idir na bearta náisiúnta sin i dtéarmaí dearadh beartais.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cothrom iomaíochta a choimirciú le haghaidh réitigh chothromais agus ionstraimí fiachais, ag féachaint don ghá atá le híosleibhéil chomhleanúnachais chórasaigh a ráthú idir creataí cánach náisiúnta, eadhon ar leibhéal na sochar cánach.</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">__________________</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING SUPERSCRIPT="on">1a</STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Féach:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>–</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt a thuilleadh: feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh (2020/2036(INI)) (IO C 395, 29.9.2021, lch. 89); </STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>–</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2018 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le comhbhonn don cháin chorparáide (2016/0337(CNS)) (IO C 162, 10.5.2019, lch. 181);</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>–</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh (Obair iardain de chuid Pharlaimint na hEorpa ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin mhí Iúil agus ar na 25 thionscnamh i réimse na cánach breisluacha agus an chánachais gnólachtaí agus daoine aonair) (2020/2254(INL)) (IO C 347, 9.9.2022, lch. 211)</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>–</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 maidir le tionchar na n-athchóirithe cánach náisiúnta ar gheilleagar AE (2021/2074(INI) (IO C 342, 6.9.2022, lch. 14).</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		4</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 3</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(3)</NO.P>	D’fhonn saobhadh a bhaineann le cáin a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mBallstát a bhaint, tá sé riachtanach creat coiteann rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar fud an Aontais ar bhealach comhordaithe. Le rialacha den sórt sin ba cheart a áirithiú go ndéileáltar le maoiniú cothromais agus maoiniú fiachais ar bhealach comhchosúil chun críoch cánach ar fud an mhargaidh aonair. An<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> tráth</STRING></STRING> céanna, ba cheart<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do chreat</STRING></STRING> reachtach<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> coiteann</STRING></STRING> de chuid an Aontais a bheith inbhuanaithe<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> go gearrthéarmach</STRING></STRING> le haghaidh bhuiséid na mBallstát<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> freisin</STRING></STRING>. Dá bhrí sin ba cheart a áireamh sa chreat sin rialacha, ar thaobh amháin, maidir le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe cothromais agus, ar an taobh eile, maidir le teorainn a chur le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe fiachais.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(3)</NO.P>	D’fhonn saobhadh a bhaineann le cáin a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mBallstát a bhaint, tá sé riachtanach creat coiteann rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar fud an Aontais ar bhealach comhordaithe<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, agus urraim á tabhairt go hiomlán do chreat institiúideach an Aontais maidir le cúrsaí cánach mar a bhunaítear leis na Conarthaí</STRING></STRING>. Le rialacha den sórt sin ba cheart a áirithiú go ndéileáltar le maoiniú cothromais agus maoiniú fiachais ar bhealach comhchosúil chun críoch cánach ar fud an mhargaidh aonair.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ag</STRING></STRING> an<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> am</STRING></STRING> céanna,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> i bhfianaise in-asbhainteacht fhorleathan cánach fiachais agus ós rud é go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag liúntas ar mhéaduithe ar chothromas ar ioncam poiblí,</STRING></STRING> ba cheart<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> comhchreat</STRING></STRING> reachtach de chuid an Aontais a bheith inbhuanaithe<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> freisin sa ghearrthéarma</STRING></STRING> le haghaidh bhuiséid na mBallstát. Dá bhrí sin ba cheart a áireamh sa chreat sin rialacha, ar thaobh amháin, maidir le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe cothromais agus, ar an taobh eile, maidir le teorainn a chur le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe fiachais.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir na dúshláin éagsúla a bhaineann le hinbhuanaitheacht airgeadas poiblí na mBallstát sa ghearrthéarma agus, ar an gcaoi sin, níor cheart go dtabhódh na Ballstáit caillteanais mhóra ioncaim agus ba cheart é a bheith mar aidhm aici cobhsaíocht airgeadais cuideachtaí a fheabhsú.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		5</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 3 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(3a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar aontas na margaí caipitil, tá sé d’aidhm ag an Treoir seo foinsí cistiúcháin do chuideachtaí an Aontais a éagsúlú, go háirithe do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart go seachnódh sé costais agus bacainní nua a chruthú maidir le rochtain ar mhaoiniú do na cuideachtaí sin nach féidir leo rochtain a fháil go héasca ar mhargaí caipitil go fóill. Dá gcuirfí teorainn le hin-asbhainteacht chostais úis na gcuideachtaí sin, d’fhéadfaí bac a chur ar infheistíocht ar fud an Aontais, agus dá bhrí sin níor cheart an asbhaint úis a theorannú do FBManna agus do ghrúpaí meánmhéide.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		6</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 5</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(5)</NO.P>	Chun an chlaontacht in aghaidh maoiniú cothromais a neodrú, ba cheart liúntas a bheartú ionas go mbeidh méaduithe ar chothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile in-asbhainte óna bhonn cánach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart an liúntas sin a ríomh tríd an méadú i gcothromas a iolrú faoi ráta úis bharúlaigh atá bunaithe ar ráta úis saor ó riosca mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE. Tá rátaí úis saor ó riosca den sórt sin ina gcuid de dhlí an Aontais cheana agus cuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil agus go héifeachtach ar an mbealach sin. Aon chuid den liúntas nach féidir a asbhaint le linn tréimhse cánach mar gheall ar bhrabúis inchánacha neamh-leordhóthanacha, is féidir í a thabhairt ar aghaidh. Agus na dúshláin shonracha a bhíonn roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> á gcur i gcuntas</STRING></STRING>, ba cheart liúntas méadaithe ar chothromas a bheartú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> le haghaidh cáiníocóirí is</STRING></STRING> FBManna. Ionas go mbeadh asbhaint liúntais ar chothromas inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí go gearrthéarmach, ba cheart teorainn ama a chur leis. Chun an córas a choimirciú ó mhí-úsáid, tá sé riachtanach luach cánach scaireanna cáiníocóra a eisiamh, chomh maith le luach cánach a rannpháirtíochta i bhfiontair chomhlachaithe, ó ríomh na n-athruithe ar chothromas. Ar an gcaoi chéanna, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cánachas ar laghdú i gcothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile, chun cosc a chur ar mhéadú cothromais a dhéanamh ar bhealach mí-úsáideach. Le riail den sórt sin spreagfaí freisin coinneáil leibhéil cothromais. Bheadh feidhm aige ionas, i gcás<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ina bhfuil</STRING></STRING> laghdú ar chothromas<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> de chuid</STRING></STRING> cáiníocóra a bhain tairbhe as liúntas ar mhéadú cothromais,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> maidir le</STRING></STRING> méid<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> arna ríomh</STRING></STRING> ar an mbealach céanna leis an liúntas<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, go n-éireodh sé inchánach</STRING></STRING> ar feadh 10 dtréimhse chánach<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING> mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise go bhfuil an laghdú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> seo mar gheall go heisiach</STRING></STRING> ar chaillteanais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a tabhaíodh</STRING></STRING> le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(5)</NO.P>	Chun an chlaontacht in aghaidh maoiniú cothromais a neodrú, ba cheart liúntas a bheartú ionas go mbeidh méaduithe ar chothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile in-asbhainte óna bhonn cánach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart an liúntas sin a ríomh tríd an méadú i gcothromas a iolrú faoi ráta úis bharúlaigh atá bunaithe ar ráta úis saor ó riosca mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE. Tá rátaí úis saor ó riosca den sórt sin ina gcuid de dhlí an Aontais cheana agus cuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil agus go héifeachtach ar an mbealach sin. Aon chuid den liúntas nach féidir a asbhaint le linn tréimhse cánach mar gheall ar bhrabúis inchánacha neamh-leordhóthanacha, is féidir í a thabhairt ar aghaidh. Agus na dúshláin shonracha a bhíonn roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus roimh ghrúpaí meánmhéide</STRING></STRING> chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a gcostais mhaoiniúcháin níos airde, infhaighteacht níos ísle ar chaipiteal agus an dóchúlacht níos airde go mbainfidh tréimhsí níos faide caillteanais dóibh,</STRING></STRING> ba cheart liúntas méadaithe ar chothromas<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> chomh maith le tréimhse níos faide le haghaidh in-asbhainteacht cánach</STRING></STRING> a bheartú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do cháiníocóirí ar</STRING></STRING> FBManna<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nó grúpaí meánmhéide iad</STRING></STRING>. Ionas go mbeadh asbhaint liúntais ar chothromas inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí go gearrthéarmach, ba cheart teorainn<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> chuí agus chomhréireach</STRING></STRING> ama a chur leis. Chun an córas a choimirciú ó mhí-úsáid, tá sé riachtanach luach cánach scaireanna cáiníocóra a eisiamh, chomh maith le luach cánach a rannpháirtíochta i bhfiontair chomhlachaithe, ó ríomh na n-athruithe ar chothromas. Ar an gcaoi chéanna, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cánachas ar laghdú i gcothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile, chun cosc a chur ar mhéadú cothromais a dhéanamh ar bhealach mí-úsáideach. Le riail den sórt sin spreagfaí freisin coinneáil leibhéil cothromais. Bheadh feidhm aige ionas, i gcás laghdú ar chothromas cáiníocóra a bhain tairbhe as liúntas ar mhéadú cothromais,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> go mbeadh</STRING></STRING> méid<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a ríomhtar</STRING></STRING> ar an mbealach céanna leis an liúntas<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> incháinithe</STRING></STRING> ar feadh 10 dtréimhse chánach<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do FBManna agus do ghrúpaí meánmhéide agus ar feadh 7 dtréimhse chánach as a chéile d’aon cháiníocóir seachas FBM nó grúpa meánmhéide,</STRING></STRING> mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise go bhfuil an laghdú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> sin mar thoradh eisiach</STRING></STRING> ar chaillteanais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> arna dtabhú</STRING></STRING> le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na féidearthachtaí agus na tairbhí a bhaineann léi do FBManna.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		7</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 6</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(6)</NO.P>	D’fhonn mí-úsáid asbhaint an liúntais ar chothromas a sheachaint, tá sé riachtanach rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach a leagan síos. Ba cheart do na rialacha sin díriú go háirithe ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun dul timpeall ar na coinníollacha faoina cháilíonn méadú cothromais do liúntas faoin Treoir seo, cuir i gcás, trí aistrithe inghrúpa na rannpháirtíochtaí i bhfiontair chomhlachaithe. Ba cheart do na rialacha sin díriú freisin ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun liúntas a éileamh in éagmais aon mhéadú cothromais ar leibhéal grúpa. Mar shampla, d’fhéadfaí maoiniú fiachais inghrúpa nó ranníocaíochtaí in airgead tirim a úsáid chun na gcríoch sin. Ba cheart do rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach cosc a chur freisin ar scéimeanna a chur i bhfeidhm chun a mhaíomh go bhfuil méadú i gcothromas, agus an liúntas comhfhreagrach, níos airde ná mar atá i ndáiríre, mar shampla, trí mhéadú in infháltais mhaoinithe iasachta nó róluacháil sócmhainní. Thairis sin, an riail ghinearálta in aghaidh mí-úsáid chánach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle<STRING SUPERSCRIPT="on">15</STRING>, tá feidhm aici i gcoinne gníomhaíochtaí mí-úsáideacha nach gcumhdaítear le creat sonrach i gcoinne seachaint cánach na Treorach seo.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(6)</NO.P>	D’fhonn mí-úsáid asbhaint an liúntais ar chothromas a sheachaint, tá sé riachtanach rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach a leagan síos. Ba cheart do na rialacha sin díriú go háirithe ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun dul timpeall ar na coinníollacha faoina cháilíonn méadú cothromais do liúntas faoin Treoir seo, cuir i gcás, trí aistrithe inghrúpa na rannpháirtíochtaí i bhfiontair chomhlachaithe. Ba cheart do na rialacha sin díriú freisin ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun liúntas a éileamh in éagmais aon mhéadú cothromais ar leibhéal grúpa. Mar shampla, d’fhéadfaí maoiniú fiachais inghrúpa nó ranníocaíochtaí in airgead tirim a úsáid chun na gcríoch sin. Ba cheart do rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach cosc a chur freisin ar scéimeanna a chur i bhfeidhm chun a mhaíomh go bhfuil méadú i gcothromas, agus an liúntas comhfhreagrach, níos airde ná mar atá i ndáiríre, mar shampla, trí mhéadú in infháltais mhaoinithe iasachta nó róluacháil sócmhainní. Thairis sin, an riail ghinearálta in aghaidh mí-úsáid chánach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle<STRING SUPERSCRIPT="on">15</STRING>, tá feidhm aici i gcoinne gníomhaíochtaí mí-úsáideacha nach gcumhdaítear le creat sonrach i gcoinne seachaint cánach na Treorach seo.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, maidir leis na bearta a ghlacfaidh siad chun an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta, go gcomhlíonfaidh siad an treoir a thugann an Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó).</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P>_________________</P></OLD><NEW><P>_________________</P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">15</STRING> Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).</P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">15</STRING> Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		8</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 6 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(6a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na costais fhioscacha a d’fhéadfadh teacht as cur chun feidhme na Treorach seo in éineacht leis na tairbhí a bhaineann le bonn maoinithe níos láidre a áirithiú do ghnólachtaí an Aontais, rud a bheadh fíorthábhachtach i gcásanna struis airgeadais.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		9</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 7</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(7)</NO.P>	Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí an Aontais, ba cheart<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> teorainn ar in-asbhainteacht na gcostas maoinithe fiachais</STRING></STRING> a bheith ag gabháil le liúntas le haghaidh maoiniú cothromais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">. Dá bhrí sin ba cheart, le riail maidir le teorannú úis,</STRING></STRING> teorainn<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a chur</STRING></STRING> le hin-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta agus<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ba</STRING></STRING> cheart<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> feidhm a bheith aici go neamhspleách ar an liúntas</STRING></STRING>. I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht idir cuspóirí rialach den sórt sin agus na rialach i gcoinne seachaint cánach atá ann cheana maidir le teorannú úis d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, ba cheart an dá riail sin a choinneáil ar bun. Ba cheart do cháiníocóirí in-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta a ríomh faoin Treoir seo ar dtús agus ansin faoi ATAD. I gcás inarb é an toradh atá ar an ríomh sin faoi ATAD méid inasbhainte róchostas iasachtaíochta atá níos ísle, ba cheart don cháiníocóir an méid níos ísle sin a asbhaint agus aon difríocht idir an dá mhéid a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(7)</NO.P>	Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí an Aontais, ba cheart<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> riail</STRING></STRING> a bheith ag gabháil le liúntas le haghaidh maoiniú cothromais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> lena gcuirtear</STRING></STRING> teorainn le hin-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do ghrúpaí nach grúpaí meánmhéide iad</STRING></STRING> agus<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do ghnóthais nach FBManna iad. Mar sin féin, i bhfianaise na ndálaí eacnamaíocha díobhálacha a eascraíonn as géarchéim COVID-19 agus as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, níor</STRING></STRING> cheart<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> an riail sin maidir le teorannú a thabhairt isteach go dtí 2027</STRING></STRING>. I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht idir cuspóirí rialach den sórt sin agus na rialach i gcoinne seachaint cánach atá ann cheana maidir le teorannú úis d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, ba cheart an dá riail sin a choinneáil ar bun. Ba cheart do cháiníocóirí in-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta a ríomh faoin Treoir seo ar dtús agus ansin faoi ATAD. I gcás inarb é an toradh atá ar an ríomh sin faoi ATAD méid inasbhainte róchostas iasachtaíochta atá níos ísle, ba cheart don cháiníocóir an méid níos ísle sin a asbhaint agus aon difríocht idir an dá mhéid a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		10</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 9</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(9)</NO.P>	Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(9)</NO.P>	Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> chomh maith lena tionchar ar FBManna agus ar ioncaim chánach sna Ballstáit,</STRING></STRING> ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa tuarascáil sin ar FBManna, agus ba cheart a mheas go háirithe an bhfuil sé léirithe gur leor na coinníollacha speisialta a cuireadh ar fáil do FBManna chun cur le mealltacht maoinithe cothromais dóibh. I gcás meastóireacht dhiúltach sa tuarascáil sin, ba cheart don Choimisiún, gan moill mhíchuí, togra reachtach lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		11</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(5a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ciallaíonn ‘gnóthas mór’ gnóthas mór de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		12</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 b (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(5b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ciallaíonn ‘grúpa meánmhéide’ grúpa meánmhéide de réir bhrí Airteagal 3(6) de Threoir 2013/34/AE;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		13</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 c (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(5c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ciallaíonn ‘grúpa mór’ grúpa mór de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		14</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1</STRING></STI.AMD><OLD><P>Beidh liúntas ar chothromas<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> in-asbhainte, ar feadh 10 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn cánach cáiníocóra chun críoch cánach ioncaim corparáidí suas go dtí 30 % de thuilleamh an cháiníocóra roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (‘EBITDA’).</STRING></STRING></P></OLD><NEW><P>Beidh liúntas ar chothromas<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> inasbhainte sna cásanna seo a leanas:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>–</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">10 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn inchánach FBM nó grúpa meánmhéide chun críocha cánach ioncaim corparáide suas le 30 % de thuilleamh an cháiníocóra roimh ús, cáin, dímheas agus amúchadh (‘EBITDA’);</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>–</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">7 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn inchánach aon ghnóthais mhóir nó aon ghrúpa mhóir chun críocha cánach ioncaim corparáide suas le 30 % de EBITDA.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		15</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóirí in ann an chuid den liúntas ar chothromas atá níos mó ná céatadáin EBITDA i dtréimhse chánach a leagtar síos sa chéad fhomhír a thabhairt ar aghaidh ar feadh 3 thréimhse chánach ar a mhéad.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		16</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2</STRING></STI.AMD><OLD><P>Má tá an liúntas inasbhainte ar chothromas, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, níos airde ná glanioncam inchánach an cháiníocóra le linn tréimhse cánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cáiníocóir an liúntas breise ar chothromas a thabhairt ar aghaidh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, gan teorainn ama, do na tréimhsí ina dhiaidh sin.</STRING></STRING></P></OLD><NEW><P>Má tá an liúntas inasbhainte ar chothromas, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, níos airde ná glanioncam inchánach an cháiníocóra le linn tréimhse cánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cáiníocóir an liúntas breise ar chothromas a thabhairt ar aghaidh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> mar a leanas:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>—</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar feadh 3 thréimhse chánach ar a mhéad, i gcás inar gnóthas mór nó grúpa mór é an cáiníocóir;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>—</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gan teorainn ama, i gcás inar FBM nó grúpa meánmhéide é an cáiníocóir.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		17</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 3</STRING></STI.AMD><OLD><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na cáiníocóirí an chuid den liúntas ar chothromas a sháraíonn 30 % de EBITDA a thabhairt ar aghaidh, go feadh uasmhéid de 5 thréimhse chánach.</STRING></STRING></P></OLD><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">scriosta </STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		18</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1</STRING></STI.AMD><OLD><P>Faoi réir Airteagal 5, ríomhfar bonn an liúntais ar chothromas mar an difríocht idir leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach agus leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach roimhe sin.</P></OLD><NEW><P>Faoi réir Airteagal 5, ríomhfar bonn an liúntais ar chothromas mar an difríocht idir leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach agus leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach roimhe sin<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, i bhfocail eile, an méadú bliain ar bhliain ar ghlanchothromas</STRING></STRING>.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		19</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 2</STRING></STI.AMD><OLD><P>Beidh an liúntas ar chothromas cothrom le bonn an liúntais arna iolrú faoin ráta úis saor ó riosca 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus méadófar é le préimh</STRING></STRING> riosca 1 %<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nó, i gcás inarb é FBM an cáiníocóir, préimh riosca 1.5 %</STRING></STRING>.</P></OLD><NEW><P>Beidh an liúntas ar chothromas cothrom le bonn an liúntais arna iolrú faoin ráta úis saor ó riosca 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, </STRING></STRING>arna mhéadú faoi phréimh riosca 1 %<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> do FBManna</STRING></STRING>.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		20</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 3</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>3.</NO.P>	Tar éis dó liúntas ar chothromas a fháil, má tá bonn an liúntais ar chothromas diúltach le linn tréimhse cánach, éireoidh méid atá cothrom leis an liúntas diúltach ar chothromas inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile, suas go dtí an méadú foriomlán ar ghlanchothromas a bhfuarthas an liúntas sin ina leith faoin Treoir seo, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise leordhóthanach gur chaillteanais chuntasaíochta a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach ba chúis leis nó oibleagáid dhlíthiúil chun caipiteal a laghdú.</P></OLD><NEW><P><NO.P>3.</NO.P>	Tar éis dó liúntas ar chothromas a fháil, má tá bonn an liúntais ar chothromas diúltach le linn tréimhse cánach, éireoidh méid atá cothrom leis an liúntas diúltach ar chothromas inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> i gcás FBManna nó grúpaí meánmhéide nó 7 dtréimhse chánach as a chéile d’aon cháiníocóir seachas FBM nó grúpa meánmhéide</STRING></STRING>, suas go dtí an méadú foriomlán ar ghlanchothromas a bhfuarthas an liúntas sin ina leith faoin Treoir seo, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise leordhóthanach gur chaillteanais chuntasaíochta a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach ba chúis leis nó oibleagáid dhlíthiúil chun caipiteal a laghdú.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		21</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 5 – mír 3 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>3a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maidir leis na bearta a ghlacfaidh na Ballstáit chun an tAirteagal seo a thrasuí sa dlí náisiúnta áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na bearta sin an treoir a thugann an Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó) maidir le córais asbhainte úis bharúlaigh.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		22</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 6 – mír 1</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>1.</NO.P>	Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóir in ann a asbhaint óna bhonn cánach, chun críoch cánach ioncaim corparáidí, róchostas iasachtaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/1164<STRING SUPERSCRIPT="on">35</STRING> ón gComhairle suas go méid (a) a chomhfhreagraíonn do 85 % de na costais sin a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach. Má tá an méid sin níos airde ná an méid (b) a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an cáiníocóir i dteideal ach an méid níos ísle den dá mhéid a asbhaint le linn na tréimhse cánach. Déanfar an difríocht idir an dá mhéid (a) agus (b) a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164.</P></OLD><NEW><P><NO.P>1.</NO.P>	Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóir<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, seachas FBM nó grúpa meánmhéide,</STRING></STRING> in ann a asbhaint óna bhonn cánach, chun críoch cánach ioncaim corparáidí, róchostas iasachtaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/1164<STRING SUPERSCRIPT="on">35</STRING> ón gComhairle suas go méid (a) a chomhfhreagraíonn do 85 % de na costais sin a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach. Má tá an méid sin níos airde ná an méid (b) a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an cáiníocóir i dteideal ach an méid níos ísle den dá mhéid a asbhaint le linn na tréimhse cánach. Déanfar an difríocht idir an dá mhéid (a) agus (b) a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164.</P></NEW><OLD><P>_______________</P></OLD><NEW><P>_______________</P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">35</STRING> Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).</P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">35</STRING> Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		23</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 6 – mír 2</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>2.</NO.P>	Beidh feidhm ag mír 1 maidir le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> róchostas</STRING></STRING> iasachtaíochta<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a tabhaíodh ón [OF cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar aghaidh</STRING></STRING>.</P></OLD><NEW><P><NO.P>2.</NO.P>	Beidh feidhm ag mír 1 maidir le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> róchostais</STRING></STRING> iasachtaíochta<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> arna dtabhú ón 1 Eanáir 2027</STRING></STRING>.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		24</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 7 – mír 1 – pointe b</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(b)</NO.P>	an líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas le linn na tréimhse cánach, lena n-áirítear mar chéatadán den líon iomlán FBManna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus den líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas, ar cuid de ghrúpaí móra iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;</P></OLD><NEW><P><NO.P>(b)</NO.P>	an líon FBManna<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus grúpaí meánmhéide</STRING></STRING> a bhain tairbhe as an liúntas le linn na tréimhse cánach, lena n-áirítear mar chéatadán den líon iomlán FBManna<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus grúpaí meánmhéide</STRING></STRING> a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus den líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas, ar cuid de ghrúpaí móra iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		25</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 8 – teideal</STRING></STI.AMD><OLD><P>Tuarascálacha</P></OLD><NEW><P>Tuarascálacha<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus athbhreithniú</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		26</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 8 – mír 1</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>1.</NO.P>	Faoin<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> 31 Nollaig 2027</STRING></STRING>, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> maidir le cur</STRING></STRING> chun<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> feidhme na Treorach</STRING></STRING> seo.</P></OLD><NEW><P><NO.P>1.</NO.P>	Faoin<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> 31 Nollaig 2028</STRING></STRING>, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> mheastóireachta ar fheidhmiú agus tionchar an Rialacháin seo</STRING></STRING> faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach</STRING></STRING> chun<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> an Treoir</STRING></STRING> seo<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a leasú</STRING></STRING>.</P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar thionchar na Treorach seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an méid seo a leanas:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">FBManna, go háirithe agus measúnú á dhéanamh acu ar léiríodh gur leor na coinníollacha speisialta atá ar fáil do FBManna chun cur le mealltacht an mhaoinithe cothromais dóibh; </STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an teorainn le hasbhaint úis, go háirithe maidir leis an tionchar atá ag méid (a) dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar ioncaim fhioscacha na mBallstát;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an nasc le gníomhartha reachtacha i réimse na cánach corparáide, eadhon Treoir lena n-áirithítear íosráta cánach éifeachtach do ghníomhaíochtaí domhanda grúpaí móra ilnáisiúnta agus Treoir maidir le Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim san Eoraip (BEFIT).</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		27</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 11 – mír 2</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>2.</NO.P>	Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin ar cháiníocóirí a bhaineann, [an 1 Eanáir 2024], tairbhe as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse suas go<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> 10 mbliana</STRING></STRING> agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ar feadh tréimhse níos faide ná marthanacht an tairbhe faoin dlí náisiúnta i gcás ar bith.</P></OLD><NEW><P><NO.P>2.</NO.P>	Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin ar cháiníocóirí a bhaineann, [an 1 Eanáir 2024], tairbhe as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse suas go<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> 5 bliana</STRING></STRING> agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ar feadh tréimhse níos faide ná marthanacht an tairbhe faoin dlí náisiúnta i gcás ar bith.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		28</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh treorach</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 11 – mír 3 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>3a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sula ndéanfaidh sé an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta, poibleoidh gach Ballstát measúnú ar chostais fhioscacha mheasta na mbeart atá le glacadh agus an laghdú a thiocfaidh as sin ar an ráta cánach éifeachtach do chuideachtaí, agus déanfaidh sé bearta cuí chun ioncam cánach a chosaint más gá.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND></AMDLST></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>