<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0008</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 a chur chun feidhme</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0425/2023 -  Rapóirtéir:Massimiliano Smeriglio)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027 a chur chun feidhme (2023/2003(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 167, 173(3) agus 294(7) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 189, 28.5.2021, lch. 34.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 221.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2018 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (COM(2018)0366),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh ar an gcéad léamh uaithi an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO C 108, 26.3.2021, lch. 934.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018 maidir le ‘Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 110, 22.3.2019, lch. 87.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 6 Feabhra 2019 maidir le ‘Eoraip na Cruthaitheachta agus Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 168, 16.05.2019, lch. 37.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2018 dar teideal Mid-term evaluation of the Creative Europe programme (2014-2020) [Measúnú lár téarma ar chlár Eoraip na Cruthaitheachta] (COM(2018)0248),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)3227 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)3563 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta do 2021-2025 a mhaoiniú agus na cláir oibre do 2021, 2022 agus 2023 a ghlacadh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)6138 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)3563 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta do 2021-2023 a mhaoiniú agus na cláir oibre do 2021 agus do 2022 a ghlacadh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)3563 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2021 maidir le glacadh an chláir oibre chun Clár Eoraip na Cruthaitheachta do 2021 a chur chun feidhme,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Bliantúil an Choimisiúin maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta a chur chun feidhme, 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Bliantúil an Choimisiúin maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta a chur chun feidhme, 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">An EU initiative on Web 4.0 and virtual worlds: a head start in the next technological transition</STRING> [Tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le Web 4.0 agus domhain fhíorúla: buntáiste i dtreo an chéad aistrithe teicneolaíochta eile] (COM(2023)0442),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation</STRING> [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM(2020)0784),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal <STRING ITALIC="on">A New European Agenda for Culture</STRING> [Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr] (COM(2018)0267),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ón gComhairle an 7 Nollaig 2022 maidir le Plean Oibre an Aontais le haghaidh an Chultúir, 2023-2026<FOOTNOTE><FIELD> IO L 466, 7.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2023 maidir le todhchaí dhlí Eorpach na gcuideachtaí<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0329.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Nollaig 2022 maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua le haghaidh an Chultúir agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.05.2023, lch. 78.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">Europe’s Media in the Digital Decade: an Action Plan to Support Recovery and Transformation</STRING> [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus le Claochlú]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 5.5.2022, lch. 71.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe ag an Aontas chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le Bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 385, 22.9.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le téarnamh cultúrtha na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 385, 22.9.2021, lch. 152.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta chun údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus ag féachaint d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0425/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go ndeimhnítear leis na sonraí a bailíodh go bhfuil an-spéis ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa chlár; de bhrí gur léiríodh go raibh tairbhe le baint as rátaí cómhaoinithe níos airde le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla faoi shraith an Chultúir agus faoi shraith Media chun tacú leis na héiceachórais chultúir agus chruthaitheacha agus gur cuireadh, dá mbarr, deiseanna níos fearr ar fáil freisin do thionscadail mhionscála, sa tréimhse tar éis na paindéime go háirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú foriomlán thart ar 68 % le sonrú ar bhuiséad chlár Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027 i gcomparáid leis an leagan roimhe sin den chlár; de bhrí go bhfuil an méadú sin ag dímheas go suntasach mar gheall ar an ráta boilscithe atá ag ardú i gcónaí<FOOTNOTE><FIELD> https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/w/ddn-20230309-2.</FIELD></FOOTNOTE> agus a bhaineann le costais fuinnimh; de bhrí gur tús-ualaíodh an buiséad foriomlán agus trian den leithdháileadh airgeadais á ghealladh sna blianta 2021 agus 2022 chun aghaidh a thabhairt, inter alia, ar iarmhairtí phaindéim COVID-19;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb é clár Eoraip na Cruthaitheachta an t-aon chlár amháin lena dtugtar tacaíocht do gach earnáil chultúir agus chruthaitheach a bhfuil a ngníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúir agus ealaíne, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do chruthaitheoirí agus d’ealaíontóirí, amhail údair agus taibheoirí, agus do thionscadail bheaga;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go n-aithnítear sa chlár luach intreach agus ealaíne an chultúir, ar cheart dó a bheith i gceartlár an chláir go fóill féin, agus cothromaíocht chomhionann á baint amach ag an am céanna lena rannchuidiú trí chéile leis an nuálaíocht agus leis an bhfás; de bhrí gur cheart do chlár Eoraip na Cruthaitheachta, mar chlár atá á chistiú ag an Aontas, rannchuidiú le cur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cleachtais chothroma agus dálaí oibre cothroma a chur chun cinn in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-áirítear ar cheann de phríomhghnéithe nua an chláir go bpríomhshruthaítear leis tosaíochtaí cothrománacha na hionchuimsitheachta, na héagsúlachta, an chothromaíocht inscne agus an glasú go háirithe; de bhrí go dtugtar aird ar leith i gcláir oibre bhliantúla 2021 agus 2022 ar an ionchuimsiú sóisialta agus an comhionannas inscne a chothú; de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí le cur chun feidhme an chláir an rannpháirtíocht chultúir is leithne d’fhonn go n-ionchuimseofaí, inter alia, daoine faoi mhíchumas agus daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gclár tacú le haistriú digiteach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ós rud é go bhfuil an teicneolaíocht tar éis athrú ó bhonn a chur ar an gcaoi a ndéanann na hearnálacha sin lánas a chruthú, a tháirgeadh agus a scaipeadh; de bhrí, cé go bhféadfaí, leis an digitiú, deiseanna a chur ar fáil chun an rannpháirtíocht chultúir a mhéadú, go bhféadfadh sé a bheith ina chúis freisin le dúshláin eile atá éagsúil le dúshláin na ré analógaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go measann líon suntasach tairbhithe agus tairbhithe ionchasacha go bhfuil nósanna imeachta bainistíochta riaracháin chlár Eoraip na Cruthaitheachta (iarratas, meastóireacht agus tuairisciú) fós an-fhadálach agus go bhfuil ualach mór ag baint leo, in ainneoin roinnt dul chun cinn a bheith déanta ó thaobh simpliú de;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur minic leis na nósanna imeachta duainéiseacha bainistíochta riaracháin a bheith ina ndíspreagadh i ndáil le rannpháirtíocht iarratasóirí atá ar bheagán taithí, lena n-áirítear cruthaitheoirí óga, agus i ndáil le heagraíochtaí beaga, iad siúd ó limistéir faoi mhíbhuntáiste go háirithe; de bhrí gur gá an nós imeachta iarratais a shimpliú agus a fheabhsú, go príomha mar gheall ar an méadú ar líon na gcéimeanna nós imeachta agus ar a dheacra atá sé úsáid a bhaint as a chomhéadan, a d’fhéadfadh a bheith neamh-chomhoiriúnach le feidhmchláir a úsáidtear go forleathan;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, maidir leis an ardán don chlár, go bhfuil ar áireamh san ardán sin nós imeachta tuairiscithe casta ar deacair é a leanúint agus nár dearadh i dtús aimsire don chineál tionscadal a chistítear faoin gclár;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcuirtear, le sraith an Chultúir, líonrú pobal cruthaitheach chun cinn agus go gcothaítear léi an comhar trasteorann, agus béim ar leith á leagan ar thionscadail chomhair; de bhrí, laistigh den chéad dá bhliain den chur chun feidhme, gur tháinig an scéim tionscadal comhair chun tosaigh mar an scéim is mó a raibh tóir uirthi faoi shraith an Chultúir, agus tacaíocht á tabhairt do 291 tionscadal; de bhrí gur cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht for-rochtana na sraithe Cultúir a leathnú chun an rannpháirtíocht iontu a mhéadú sna pobail chultúir agus chruthaitheachta uile, lena n-áirítear iad siúd ó na ceantair fhorimeallacha agus thuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról suntasach ag an tsraith Media maidir le fás agus athléimneacht a chothú san earnáil closamhairc; de bhrí gur chuir 2 124 iarratasóir iarratas faoi bhráid na sraithe sa tréimhse dhá bhliain 2021-2022, agus meánráta ratha 66 % ag gabháil leis na hiarratais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur forbraíodh an beart ullmhúcháin ‘an Eoraip i mBun Pinn’, a bhfuil tacaíocht á tabhairt dó ó 2021 i leith, chun tacú le cruthaitheoirí, údair go háirithe, ó thaobh sraitheanna ficsin ardcháilíochta a cheapadh agus a fhorbairt atá in ann taisteal thar theorainneacha agus spriocphobail nua a shroicheadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil líon níos mó gnéithe nua sa tsraith Thrasearnálach agus gur léiriú iad sin ar chuspóirí nua; de bhrí gurb ionann na gníomhaíochtaí cothrománacha lena dtacaítear le hearnáil na meán nuachta agus fócas úrnua de chuid chlár Eoraip na Cruthaitheachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur cuspóir sonrach de chuid an chláir a shaothraítear trí scéim thiomnaithe nua faoi shraith an Chultúir é an tsoghluaisteacht a fheabhsú in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gurb é Culture Moves Europe an scéim soghluaisteachta is mó de chuid an Aontais le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus gur tíolacadh thart ar 4 660 iarratas don scéim sin faoi lár 2023; de bhrí gur ó earnálacha amhail na hamharcealaíona, na taibhealaíona agus an ceol a thagann thart ar 85 % de na hiarratais;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go n-aithnítear sa chlár a thábhachtaí atá earnáil an cheoil mar ghné fhíor-riachtanach d’ilchineálacht chultúrtha na hEorpa, ar féidir léi tairbhe a bhaint as an gcur chuige cothrománach faoi shraith an Chultúir; de bhrí gur leithdháileadh EUR 5 mhilliún faoin Tionscnamh ‘Bain Ceol as an Eoraip’ le linn na tréimhse 2021-2022 chun iomaíochas, nuálaíocht agus ilchineálacht earnáil ceoil na hEorpa a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról uathúil ag Gníomhaíocht an Aistriúcháin Liteartha ó thaobh údair a chur chun cinn thar theorainneacha, ó thaobh spriocphobail nua a aimsiú agus ó thaobh rannchuidiú le hEoraip atá níos ilchineálaí ó thaobh cultúir agus teanga de;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur ón leibhéal náisiúnta den chuid is mó a thagann foinse na tacaíochta poiblí don éiceachóras closamhairc san Eoraip agus go gcomhlánaíonn an tsraith Media na córais náisiúnta trí thacú le tionscadail a bhfuil tionchar fadtéarmach acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag deasca Eoraip na Cruthaitheachta mar idirghabhálaithe idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA), iarratasóirí agus tairbhithe; de bhrí go ndeachaigh breis agus 60 % de na hiarratasóirí trí chéile i dteagmháil lena ndeasc áitiúil in 2021-2022 sular thíolaic siad iarratas;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag deasca Eoraip na Cruthaitheachta maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn agus a chur ar an eolas i dtaobh gach gné den chlár, go gcaithfear an comhar agus na malartuithe idir an Coimisiún – lena n-áirítear EACEA – agus deasca Eoraip na Cruthaitheachta a neartú agus comhroinnt faisnéise ábhartha maidir le glaonna ar thograí atá ar na bacáin a chuimsiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról straitéiseach ag clár Eoraip na Cruthaitheachta maidir le feabhas a chur ar an ngné sheachtrach de chaidreamh cultúir an Aontais Eorpaigh trí chomhpháirtíochtaí a chothú idir gníomhaithe éagsúla ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus leas á bhaint as cur chuige na dteagmhálacha idirphearsanta, chomh maith leis an ilchineálacht chultúrtha a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go n-aithnítear sa chlár a thábhachtaí atá sé na hearnálacha ealaíne agus ceardaíochta a choimirciú agus a chur chun cinn, go háirithe i réimse na hoidhreachta cultúir, chomh maith le haitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu ó thaobh tacú leis an ngeilleagar uirbeach agus leis an ngeilleagar tuaithe araon ar fud na hEorpa mar aon lena ról i bhfeabhsú na hilchineálachta cultúrtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur gné nua de chlár Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027 é an Séala Barr Feabhais, a tugadh isteach agus é mar aidhm leis sineirgí a fheabhsú agus an cuardach ar chistiú malartach a shimpliú i gcás ina mbeadh srianta buiséadacha ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur tionscnamh mór le rá é tionscnamh Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, mar ghníomhaíocht speisialta, a bhfuil áit sheanbhunaithe aige ar na cláir oibre chultúir dhomhanda agus atá tar éis aird a tharraingt ar an saibhreas agus ar an uathúlacht a bhaineann le hilchineálacht na gcultúr agus na gcathracha ó cruthaíodh é in 1985;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais go leanann an ghlúin nua de chlár Eoraip na Cruthaitheachta de shuim shuntasach a ghiniúint in earnálacha an chultúir, na cruthaitheacha agus an chlosamhairc, agus sna meáin nuachta, agus go bhfuil líon méadaitheach iarratas faighte faoi na trí shraith, agus go bhfuil de thoradh air sin go bhfuil laghdú comhréireach tagtha ar ráta ratha na n-iarratas, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le lagmhisneach i dtaobh an chláir sna hearnálacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi freagairt an chláir ó thaobh maolú a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, a chuir isteach go damanta ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta fiú roimh thús an chláir reatha; á iarraidh an athuair, áfach, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí fadtéarmacha na paindéime ar chruthaitheoirí agus ar ghairmithe cultúir, go háirithe iad siúd a bhaineann lena n-uas-sciliú agus lena n-athsciliú chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn as forbairtí agus dúshláin lena ndéantar difear do na hearnálacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndearna na Ballstáit uile 2 % ar a laghad den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh chun athléimneacht na n-earnálacha sin a áirithiú, mar a d’iarr an Pharlaimint; á iarraidh ar na Ballstáit uile, dá bhrí sin, sineirgí a neartú agus infheistíochtaí spriocdhírithe leordhóthanacha a áirithiú do na hearnálacha sin trí chláir eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag admháil sholúbthacht an Choimisiúin agus EACEA maidir leis an gclár a chur chun feidhme, a oiriúnaíodh chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chur san áireamh; á thabhairt chun suntais, áfach, gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir córais chomhchuibhithe bainistíochta riaracháin le haghaidh chláir uile an Aontais, ar thaobh amháin, agus riachtanais shonracha na dtairbhithe éagsúla, ar an taobh eile; ag tathant, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar EACEA dlús a chur lena n-iarrachtaí nósanna imeachta bainistíochta riaracháin chlár Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027 a shimpliú; ag cur béim, mar sin féin, ar an bhfíoras nár cheart laghdú ar acmhainní airgeadais agus daonna atá dírithe ar fhaireachán tionscadal agus ar mheastóireacht tionscadal a bheith mar thoradh ar chuíchóiriú agus ar shimpliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag admháil gur minic a bhíonn an próiseas iarratais casta, go háirithe do dhaoine aonair, do mhicrifhiontair agus d’eagraíochtaí beaga a bhfuil acmhainní teoranta airgeadais agus daonna acu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar EACEA, dá bhrí sin, cead a thabhairt na costais a bhaineann leis an bpróiseas iarratais a chur san áireamh sna costais bhuiséadacha mheasta fhoriomlána; á iarraidh, thairis sin, ar dheasca Eoraip na Cruthaitheachta an tacaíocht a thugtar do na hiarratasóirí uile a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún malartuithe rialta fothaithe acmhainneachta a sceidealú le tairbhithe chun cur síos a dhéanamh ar ghnéithe nua amhail ceanglais nua faoin gcóras tuairiscithe, lena n-áirítear spriocanna insoláthartha atá comhlíontach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE. (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur béim, faoi chuimsiú aidhm an chláir feabhas a chur ar an éagsúlacht, ar an ionchuimsiú agus ar an gcomhionannas inscne, ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le feabhsuithe ar an gcóras tuairiscithe chun inrochtaineacht agus so-úsáidteacht a áirithiú do na tairbhithe uile, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag admháil gur tugadh isteach, de réir a chéile, dreasachtaí don ionchuimsiú i ngach sraith sa chéad dá bhliain de chur chun feidhme an chláir; ag tabhairt dá haire, áfach, an easpa sonraí cuimsitheacha maidir leis an gcaoi a bhfuil cuspóirí an chláir á saothrú ar bhealach lena spreagtar ionchuimsiú, comhionannas, éagsúlacht agus rannpháirtíocht; ag tathant ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil ina mheastóireacht eatramhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag admháil go bhfuil an clár ina rannchuidiú le cuspóir na hinbhuanaitheachta aeráide agus comhshaoil trí bhíthin a chuid gníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire, áfach, gur tugadh tosaíochtaí maidir leis an nglasú isteach ar bhealaí éagsúla sna trí shraith den chlár; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí maidir leis an nglasú agus ar a dtionchar ar na hearnálacha agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar a mheasúnú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta a fhorbairt d’fhonn glacadh cleachtas níos inbhuanaithe ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis na gníomhaithe cultúir agus cruthaitheacha agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na deiseanna atá ar fáil ar leibhéal an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, tionscnamh CulturEU, ar treoir idirghníomhach ilteangach í ina mapáiltear na deiseanna cistiúcháin uile atá ar fáil; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé malartuithe rialta agus, i gcás inarb ábhartha, malartuithe spriocdhírithe a choimeád le hearnálacha an chultúir, na cruthaitheachta agus an chlosamhairc, agus leis na meáin nuachta, d’fhonn comhar tairbhiúil a bhaint amach; á mheabhrú don Choimisiún a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí a áirithiú nuair a bheidh na cláir oibre bhliantúla á n-ullmhú amach anseo; ag moladh don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí Eoraip na Cruthaitheachta, 2028-2034 a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr trí chláir oibre bhliantúla nó dhébhliantúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go neartófaí cumarsáid agus malartuithe idir an Coimisiún, EACEA agus deasca Eoraip na Cruthaitheachta chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na deasca sin ar an bhfaisnéis ábhartha uile chun gur féidir tacaíocht agus treoraíocht ardcháilíochta a bheith ann i gcomhair na n-iarratasóirí agus na dtairbhithe; ag meabhrú freisin, ina leith sin, a thábhachtaí atá an trédhearcacht chun torthaí na nglaonna a scaipeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leanúint de liosta na bhfaighteoirí deontais uile, mar aon leis na méideanna a dámhadh, a fhoilsiú go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an clár a thabhairt chun suntais agus a infheictheacht a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme straitéis chumarsáide an chláir, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as lógónna oifigiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil líon suntasach tairbhithe toilteanach a gcuid mórghníomhartha agus a gcuid torthaí a chomhroinnt le hearnálacha an chultúir, na cruthaitheacha agus an chlosamhairc agus le saoránaigh na hEorpa; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go meastar go bhfuil an t-ardán a cuireadh ar fáil chun na críche sin míshásúil, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ról a thabhairt do thairbhithe i bhforbairt ardáin atá níos oiriúnaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt Ballstát ann nach gcuireann scéimeanna náisiúnta slánaíochta ná cumhdach árachais ar fáil chun soghluaisteacht earraí cultúir a éascú; ag admháil gur féidir le costais árachais tráchtála a bheith suntasach do ghníomhaithe cultúir iomadúla; ag moladh, ina leith sin, go bhfoilseodh an Coimisiún staidéar féidearthachta ar scéim ráthaíochta uile-Eorpach chun costais slánaíochta a chumhdach mar chéad chéim chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún úsáid dhaonlárnach agus thrédhearcach na hintleachta saorga (IS) a chur chun cinn sa phróiseas ealaíne agus cruthaitheachta trí fhorbairt a dhéanamh ar chaighdeáin eiticiúla iomchuí i ndáil le húsáid IS; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a áirithiú go gcuirfidh iarratasóirí agus tairbhithe araon faisnéis ar fáil maidir le húsáid IS i dtionscadail, lena n-áirítear maidir le saothair chruthaitheacha a tháirgeadh, a dháileadh agus a chur chun cinn, chun measúnú a dhéanamh ar an treocht sin atá ag teacht chun cinn in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus ar a thionchar ar an gclár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an-ghealladh faoi chlár Eoraip na Cruthaitheachta ó thaobh comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a fhorbairt agus a fheabhsú, agus é ag rannchuidiú dá bhrí sin freisin le caidreamh idirnáisiúnta an Aontais tríd an gcultúr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní iomchuí a infheistiú maidir le gné sheachtrach an chláir agus tuilleadh comhair a spreagadh idir institiúidí cultúir agus eagraíochtaí cultúir sna Ballstáit, chomh maith le Braislí Institiúidí Náisiúnta an Aontais um Chultúr (EUNIC) i dtríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, tacú le rannpháirtíocht tríú tíortha sa chlár agus an rannpháirtíocht sin a éascú, i gcás inar féidir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ró-éileamh go fóill ar chlár reatha Eoraip na Cruthaitheachta, in ainneoin méadú suntasach a bheith curtha ar an mbuiséad don tréimhse 2021-2027; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, leithdháileadh airgeadais chlár Eoraip na Cruthaitheachta, 2028-2034 a mhéadú go suntasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag aithint a phráinní atá sé sa tréimhse dhá bhliain 2021-2022 an caiteachas a thús-ualú chun éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus éifeachtaí an chogaidh atá á fhearadh ag an Rúis ar an Úcráin a mhaolú; á chur i bhfios go láidir, áfach, go mbeidh tionchar díobhálach ag an mbeart sin sa dara leath den timthriall airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as an digitiú agus as an nglasú, agus as rátaí arda síntiúis, as boilsciú rábach agus as na costais arda fuinnimh ghaolmhara, atá ag cur isteach go mór ar acmhainneacht oibríochtúil na dtairbhithe, a áirithiú nach ndéanfar aon chiorruithe buiséid ar leithdháileadh an chláir sna blianta buiséid atá le teacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh lipéad an tSéala Barr Feabhais chun feidhme go fóill; á iarraidh ar an gCoimisiún an lipéad sin a chur chun feidhme láithreach, ionas go bhféadfaidh tionscadail leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le cistiú carnach agus malartach le linn an timthrialla clársceidealaithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon solúbthacht ann faoi chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 chun cur le clár Eoraip na Cruthaitheachta agus á chur i bhfios go láidir go gcoisctear leis sin tionscnaimh nua, tionscadail phíolótacha luachmhara agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a chistiú; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur uirlisí tábhachtacha iad tionscadail phíolótacha agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin chun tástáil a dhéanamh ar thionscnaimh nua a d’fhéadfaí a fhorbairt ina gcláir bhuana chistiúcháin de chuid an Aontais nó a d’fhéadfaí a chomhchuimsiú i gcláir atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an bhearna chistiúcháin idir an dá thimthriall CAI, lena ndearnadh difear go háirithe don scéim líonraí agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach dtarlóidh sé sin arís amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise ról lárnach na scéime sin ó thaobh tacú le acmhainneacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta oibriú go trasnáisiúnta agus go hidirnáisiúnta, cistiú leordhóthanach a sholáthar agus, ina theannta sin, machnamh a dhéanamh ar dheontais oibríochtúla a thabhairt isteach don ghníomhaíocht sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sraith an Chultúir</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach an cur chuige earnálach mar ghné nua de shraith an Chultúir lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí cothrománacha; á iarraidh go ndéanfaí é a fheabhsú trí leithdháileadh leordhóthanach buiséid lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon earnáil ar lár agus nach ndéanfar aon laghdú ar an leithdháileadh do ghníomhaíochtaí cothrománacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag meabhrú a thábhachtaí atá sé go gcoimirceofaí agus go gcuirfí chun cinn tuilleadh an tsaoirse chun tuairimí ealaíonta a nochtadh, go háirithe sna deiseanna cistiúcháin a chuirtear ar fáil leis an gclár faoi ghníomhaíocht na dtionscadal comhair cultúir agus faoin scéim líonraí Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á aithint go bhfuil na rátaí méadaithe cómhaoiniúcháin, go háirithe do thionscadail chomhair mhionscála, tairbheach agus go n-éascaítear leo rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar EACEA, i ndáil leis sin, ligean do chuibhreannais tionscadal cinneadh a dhéanamh go neamhspleách maidir leis an gcaoi a ndáiltear an cistiú i measc a gcomhpháirtithe ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an ráta foriomlán cómhaoiniúcháin ar leibhéal an tionscadail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht trasteorann do na cruthaitheoirí go léir, ós rud é mbíonn de thoradh uirthi go gcothaítear an próiseas cruthaitheach trí dheiseanna gairmiúla thar lear a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, Culture Moves Europe mar ghníomhaíocht nua soghluaisteachta faoi chlár Eoraip na Cruthaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag admháil ardcháilíocht na n-iarratas a fhaightear faoin scéim soghluaisteachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, Culture Moves Europe a chur chun cinn i measc spriocphobal níos leithne le cabhair agus tacaíocht ó dheasca uile Eoraip na Cruthaitheachta trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana; á chreidiúint gur cheart na gníomhaíochtaí sin a dhíriú go sonrach ar earnálacha aonair, lena n-áirítear cruthaitheoirí ó na grúpaí imeallaithe uile agus ó thíortha agus réigiúin ar lú a n-ionadaíocht, chun cothromaíocht gheografach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios, cé go n-aithnítear go bhfuil rath mór atá ar an ngníomhaíocht nua soghluaisteachta, gur den ríthábhacht é go ndéanfar anailís, faoi dheireadh 2024, ar na príomhthreochtaí atá ag teacht chun cinn d’fhonn féachaint an bhféadfaí an ghníomhaíocht sin a leathnú tuilleadh chun gníomhaithe nua, amhail ionadaithe ó earnáil na leabhar, a chuimsiú inti; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, an buiséad a leithdháiltear ar an ngníomhaíocht sin a mhéadú ó 2025 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an tionchar dearfach atá ag na breisithe glasa agus teaghlaigh a cuireadh chun feidhme don scéim soghluaisteachta, ar sampla nithiúil iad den chaoi ar féidir leis an gclár a bheith níos ionchuimsithí; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a mhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige sin a chur chun feidhme i ngníomhaíochtaí eile de chuid chlár Eoraip na Cruthaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú ar mhaoiniú do na hArdáin Eorpacha chun ealaíontóirí atá ag teacht chun tosaigh a chur chun cinn faoi shraith an Chultúir agus á thabhairt chun suntais go bhfuil sé tar éis tionchar dearfach a imirt ar an éagsúlacht trí fheiceálacht ealaíontóirí agus a saothar a mhéadú ar scála idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leanúint den ghníomhaíocht sin a fhorbairt trí chistiú agus cur chun cinn leormhaith a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an scéim líonraí ó thaobh deiseanna líonraithe agus forbartha acmhainneachta a chur ar fáil, lena neartaítear éagsúlacht agus iomaíochas earnálacha cultúir agus cruthaitheacha na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, cistiú leordhóthanach a sholáthar don ghníomhaíocht sin d’fhonn tacú le tairbhithe reatha agus le líonraí nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur uirlis den scoth é an cur chuige earnálach lena neartaítear earnáil na leabhar agus na foilsitheoireachta, ag cumasú gníomhaíochtaí comhbheartaithe lena dtacaítear le rochtain ar an margadh agus lena spreagtar rochtain ar an margadh agus cúrsaíocht níos leithne saothar Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú gurb é an t-aistriúchán liteartha an phríomhscéim tacaíochta i gcomhair earnáil na leabhar; á chur i bhfáth, áfach, gur gá an scéim sin a leathnú chun aistriúchán ar leabhair neamhfhicsin Eorpacha a chuimsiú inti; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise an athbhreithnithe meántéarma ar an gclár, spriocanna intomhaiste a fhorbairt maidir leis an gcaoi a leithdháiltear an cistiú chun feabhas a chur ar inrochtaineacht leabhar do dhaoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú ar ghníomhaíochtaí lena dtugtar tacaíocht d’earnáil an cheoil faoi shraith an Chultúir, rud a fhágann go bhfuil líon níos airde tionscadal a bhaineann le ceol á dtíolacadh faoin gclár reatha; á iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, cur chuige níos straitéisí agus níos earnáildírithe a fhorbairt le haghaidh earnáil an cheoil d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus ar dhúshláin atá ar na bacáin, ag tógáil ar thorthaí na gníomhaíochta ullmhúcháin ‘Bain Ceol as an Eoraip’; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá idirphlé struchtúrtha rialta idir éiceachóras an cheoil agus an Coimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, sonraí a bhailiú i gcomhar leis an earnáil ar mhargaí ceoil na mBallstát agus tuairisciú a dhéanamh ar na dúshláin uile atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil tionchar acu ar an éiceachóras ina iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht speisialta Phríomhchathair Chultúir na hEorpa mar chatalaíoch i gcomhair athghiniúint chultúir agus eacnamaíoch na gcathracha agus na réigiún; á chur i bhfáth go bhfuil gá, agus é thar am, le cistiú méadaithe don ghníomhaíocht speisialta sin chun na costais bhreise arna dtabhú mar thoradh ar éifeachtaí fadtéarmacha phaindéim COVID-19 agus an bhoilscithe rábaigh a sheasamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, méadú a chur ar chistiú Dhuais Melina Mercouri, nár bronnadh ach EUR 1,5 milliún air le roinnt blianta anuas; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit oidhreacht mharthanach a áirithiú don tionscnamh agus tacú lena fhor-rochtain d’fhonn rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí cultúir a fhorbraítear faoina scáth a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag admháil gur tionscnamh luachmhar é an Lipéad Oidhreachta Eorpach lena gcuirtear chun cinn an ról suntasach atá ag na láithreáin sin i stair agus i gcultúr na hEorpa agus tugann sí dá haire gur bronnadh an lipéad ar 60 láithreán le linn na tréimhse ó 2013 go 2021; á iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, feiceálacht an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh a fheabhsú trí shineirgí a fhorbairt le hionstraimí airgeadais ábhartha eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na duaiseanna a fhaigheann tacaíocht ó chlár Eoraip na Cruthaitheachta sa litríocht, san ailtireacht agus san oidhreacht, sa cheol (comhaimseartha, rac agus pop) agus sna healaíona closamhairc; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil eolas maith ar na tionscnaimh sheanbhunaithe sin sna hearnálacha sin agus go gcuireann siad le feiceálacht earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa trí luach saothair a thabhairt do mhórghníomhartha i réimsí éagsúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sraith MEDIA</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag admháil gurb í sraith Media an phríomhionstraim Eorpach go fóill lena dtugtar tacaíocht straitéiseach don earnáil neamhspleách closamhairc, ar cuideachtaí beaga agus meánmhéide go príomha atá inti; á thabhairt chun suntais go bhfuil iomaíocht shuntasach idirnáisiúnta roimh earnálacha closamhairc, cineama agus físchluichí na hEorpa agus go dtugtar tacaíocht ríthábhachtach leis an tsraith seo do théarnamh agus claochlú na n-earnálacha sin agus do mhéadú uathriail straitéiseach an Aontais; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé leithdháileadh leordhóthanach buiséid a áirithiú do shraith MEDIA agus á áitiú go bhfuil gá le sonraí cuimsitheacha chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar cé acu a éiríonn nó nach n-éiríonn leis an gclár go héifeachtach an poitéinseal eacnamaíoch agus cultúir atá sna hearnálacha sin a mhéadú agus ar an gcaoi a n-éiríonn leis an gclár é sin a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag admháil thionchar dearfach na mbeart spriocdhírithe a tugadh isteach faoin tsraith Media chun rannpháirtíocht tíortha a bhfuil acmhainneachtaí éagsúla closamhairc acu a leathnú agus chun an comhar trasteorann a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur diúltaíodh líon mór tionscadal ardcháilíochta faoi na scéimeanna comhfhorbartha agus faoi na mionscéimeanna in 2021-2022 mar gheall ar shrianta buiséadacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, buiséad níos mó a leithdháileadh chun na scéimeanna sin a chur chun feidhme amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil róil ríthábhachtacha ag scéimeanna tacaíochta Dháileadh Scannán na hEorpa agus Dhíolacháin Scannán na hEorpa ó thaobh rannchuidiú le héagsúlacht chultúrtha earnáil chlosamhairc na hEorpa trí chúrsaíocht trasteorann scannán Eorpach a mhéadú agus trí roinnt de na rioscaí a ghabhann dáileoirí chucu féin a fhritháireamh nuair a infheistíonn siad i léiriú, i ndáileadh agus i gcur chun cinn scannán Eorpach neamhnáisiúnta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur den ríthábhacht é an cistiú a mhéadú don dá scéim agus tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh cúrsaíocht níos leithne agus infhaighteacht ar líne saothar Eorpach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, ina lán tíortha Eorpacha, nach bhfuil aon scéimeanna tacaíochta iontu atá tiomnaithe do shaothair chineamatacha a thaispeáint; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé cistiú leordhóthanach a choimeád do líonra Europa Cinemas, ar tionscnamh suaitheanta é faoin tsraith Media, lena gcuirtear le cúrsaíocht scannán Eorpach i bpictiúrlanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth go leathnaítear le Rialachán Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027 an soláthar tacaíochta do ghníomhaíochtaí líonraithe le haghaidh gairmithe closamhairc, lena n-áirítear cruthaitheoirí; á chur i bhfios nár cuireadh an ghníomhaíocht sin chun feidhme go fóill; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, gníomhaíocht shonrach a chur chun feidhme agus é mar chuspóir léi tacú le gníomhaíochtaí atá tiomnaithe do líonrú agus do chomhar ag eagraíochtaí gairmiúla agus cultúir Eorpacha laistigh den luachshlabhra closamhairc ar bhealach tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil rath ar an mbeart ullmhúcháin ‘an Eoraip i mBun Pinn’ agus á mholadh gur cheart don Choimisiún na cuspóirí a shaothraítear leis an ngníomhaíocht sin a chuimsiú i gclár Eoraip na Cruthaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach gníomhaíocht thiomnaithe chun tacú le forbairt físchluichí agus lánais thumthaigh, rud a bhfuil suim nach beag curtha ann san earnáil; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le gné chultúir agus chruthaitheach na hearnála sin trína saintréithe sonracha agus a riachtanais ghaolmhara a chur san áireamh nuair a bhíonn na glaonna ábhartha ar thogra á ndearadh, lena n-áirítear an gá atá le samhlacha nua gnó sa domhan fíorúil a thástáil chun forbairt scileanna sa réimse sin a chumasú, agus béim ar leith á leagan ar rannpháirtíocht na mban; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh sé nár leor an buiséad atá ann faoi láthair chuige sin agus á iarraidh go mbeadh cistiú breise ann chun tacú le fás éiceachóras físchluichí na hEorpa agus chun forbairt agus coinneáil thallann na hEorpa a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar ag an méadú ar bhoilsciú, i margadh closamhairc an-iomaíoch, ar chostais táirgthe; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na huasteorainneacha cistiúcháin a oiriúnú suas d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh an tsraith Media a tacaíocht don tionscal closamhairc a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag aithint an ratha atá ar an nglao ar Líonraí na bhFéilte Eorpacha, atá tar éis tacú le 71 fhéile in 12 líonra, a chomhoibrigh chun rannpháirtíocht spriocphobal a chothú, i measc nithe eile; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leanúint de chistiú a dhéanamh ar an dá ghníomhaíocht chomhlántacha, ar na Féilte Eorpacha agus ar Líonra na bhFéilte Eorpacha, gach re bliain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ós rud é gur tíolacadh líon mór iarratas don tsaoráid Media Invest, nach mór sineirgí buiséadacha níos mó le clár InvestEU a áirithiú dá cur chun feidhme amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh feabhais a chur ar chur chun cinn na saoráide sin san earnáil closamhairc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheabhrú gurb amhlaidh, leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán ó mhí Mheán Fómhair 2022, a bhunaítear Bord Eorpach um Sheirbhísí na Meán le teacht in ionad Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) a bunaíodh le Treoir 2010/13/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le forálacha áirithe a chomhordú a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a chur ar fáil (Treoir na Seirbhísí Meán Closamhairc). (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth, i bhfianaise na n-acmhainní airgeadais teoranta atá ar fáil chun cuspóirí an chláir a chur chun feidhme, nach ceadmhach an buiséad a leithdháiltear ar an tSraith Media nó ar línte buiséid de chuid clár eile a leithdháileadh chun an Bord a mhaoiniú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tsraith Thrasearnálach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur fhulaing na gníomhaíochtaí atá cláraithe faoin tsraith Thrasearnálach na moilleanna is mó ar an gcur chun feidhme, in 2021 go háirithe, mar gheall ar na gnéithe nua a tugadh isteach sa tsraith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb iad glao na gComhpháirtíochtaí Iriseoireachta agus glao Litearthacht na Meán a tharraing an líon is airde iarratas in 2021-2022, rud a léiríonn an géarghá atá le méadú ar an tacaíocht airgeadais d’earnáil meán na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire go léirítear le ráta íseal ratha na n-iarratas faoin tsraith Thrasearnálach, in ainneoin ardchaighdeán foriomlán na n-aighneachtaí, go bhfuil an-éileamh ar thacaíocht airgeadais nach féidir, ar an drochuair, a thabhairt leis an leithdháileadh airgeadais reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar, sa chlárthréimhse atá fágtha, 9 %<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/818 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027).</FIELD></FOOTNOTE> ar a laghad de bhuiséad foriomlán 2021-2027 a leithdháileadh chun tacú le cuspóirí na sraithe Trasearnálaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig deasca náisiúnta chlár Eoraip na Cruthaitheachta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>