<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0009</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme Chlár 2021-2027 um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna - ról agus rannpháirtíocht na saoránach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0392/2023 -  Rapóirtéir:Łukasz Kohut)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme Chlár 2021-2027 um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna – rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na saoránach (2023/2004(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Impact assessment accompanying the document: Proposal for a Regulation establishing the Rights and Values programme, Proposal for a Regulation establishing the Justice programme, Proposal for a Regulation establishing the Creative Europe programme’</STRING> [Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad: Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an clár um Chearta agus Luachanna, Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an clár um Cheartas, Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta] (SWD(2018)0290),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Tuarascáil ar Shaoránacht an Aontais, 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do thuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2022 maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí oideachais saoránachta (2021/2008(INI)),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le luachanna coiteanna, an t-oideachas ionchuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Strategy to strengthen the application of the Charter of Fundamental Rights in the EU’</STRING> [Straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas] (COM(2020)0711),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union equality: EU anti-racism action plan 2020-2025’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas, 2020-2025] (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ, 2020-2025] (COM(2020)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne, 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021-2030)’</STRING> [Straitéis AE maidir leis an bhFrithsheimíteachas a chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú (2021-2030)] (COM(2021)0615),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, ionchuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] (COM(2020)0620),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU strategy on the rights of the child’</STRING> [Straitéis AE maidir le cearta an linbh] (COM(2021)0142),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta chun údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0392/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur ceart bunúsach é an rannpháirtíocht ghníomhach sa saol polaitiúil agus cultúrtha ar cheart é a bheith chomh hinrochtana céanna do chách; de bhrí go bhforáiltear le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine don cheart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin rialtais agus saorthoghcháin, don cheart chun páirt a ghlacadh i saol cultúrtha an phobail agus don cheart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais, lena gcumasaítear rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go dtugann saoránacht an Aontais cearta éagsúla do dhaoine, go háirithe an ceart achainí a dhéanamh chuig an bParlaimint maidir le haon saincheist a bhfuil freagracht ar an Aontas ina leith, an ceart chun cásanna drochriaracháin a mheastar a bheith ag aon institiúid de chuid an Aontais a ardú leis an Ombudsman Eorpach, an ceart chun scríobh chuig aon institiúid de chuid an Aontais i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus freagra a fháil sa teanga chéanna agus an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin i gcomhréir le rialacha infheidhme an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir le dúshláin shistéamacha atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, amhail an ghéarchéim aeráide, paindéimí domhanda, an t-aistriú digiteach agus neamhionannais shóisialta, go n-éilítear leis na dúshláin shistéamacha sin oiriúnú struchtúr agus oiriúnú cur chuige lena n-áirithítear rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach sa tsochaí; de bhrí gur cheart do rannpháirteachas digiteach gníomhach na saoránach an bhearna dhigiteach idir na glúnta agus na grúpaí sóisialta a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt uirthi, agus amhlaidh a dhéanamh freisin maidir leis an mbearna idir ceantair uirbeacha dhea-nasctha agus ceantair thuaithe agus iargúlta, agus feabhas á chur ag an am céanna ar an litearthacht dhigiteach fhoriomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur tábhachtaí anois ná aon uair roimhe seo cláir an Aontais lena gcuirtear chun cinn an rannpháirteachas sibhialta, cearta agus luachanna, muintearas agus méadú ar inniúlachtaí sochshaoránachta agus smaointeoireacht chriticiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach mór rannpháirteachas na saoránach a thuiscint mar rannpháirteachas il-leibhéil, lena gcuimsítear próisis áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus dhomhanda trína bhfaigheann daoine feasacht agus eolas agus trína gcuireann siad a dtuairimí in iúl agus iad ag glacadh páirte sna cinntí lena ndéantar difear dá saol agus iad ag imirt tionchair ar na cinntí sin; de bhrí nach mór rannpháirtithe ó cheantair thuaithe agus iargúlta a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa chlár; de bhrí go n-éileofar le próisis leanúnacha an domhandaithe agus na lánpháirtíochta Eorpaí ar ghlúin nua Eorpach a bheith níos páirtí sa pholaitíocht ar leibhéil éagsúla, chun bheith in ann maireachtáil agus oibriú go hidirnáisiúnta agus dul i ngleic le difríocht ina saol ó lá go lá; de bhrí go bhfuil sochaithe ag éirí níos éagsúla, rud a fhágann gur tábhachtaí anois ná aon uair roimhe seo san Eoraip meas ar dhínit an duine, éagsúlacht cultúr agus bunús agus diúltú d’aon chineál idirdhealaithe i leith na mban, daoine LGTBIQ+, mionlaigh eitneacha agus grúpaí imeallaithe eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh athruithe sochpholaitiúla a thugtar faoi deara sna Ballstáit, ó pholarú sóisialta agus muinín íseal in institiúidí go cúlú daonlathach, creimeadh an smachta reachta, an laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta, náisiúnachas eisiatach agus an tEoraisceipteachas á úsáid mar uirlis chun críoch polaitiúil, mar aon le méadú ar ghluaiseachtaí antoisceacha agus údarásaíochas, teacht chun cinn na mbunúsaíochas reiligiúnach, chomh maith le feachtais bhréagaisnéise agus mífhaisnéis, a bheith ina mbagairt thromchúiseach ar dhaonlathais Eorpacha agus go bhféadfaidís an tAontas ina iomláine a dhíchobhsú; de bhrí go bhfuil ról buntábhachtach ag neartú rannpháirteachas agus rannpháirteachas gníomhach na saoránach trí fhoghlaim agus oideachas ar bhonn foirmiúil, seachfhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus ar feadh an tsaoil chun an treocht sin a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cuireadh bac ar theacht chun cinn saoránachta Eorpaí mar gheall ar bhearna eolais agus ar bhearna mhothúchánach, rud a bhaineann go minic le hiomrall tuisceana i dtaobh an Aontais agus gur cheart, dá bhrí sin, tacar sásraí lena gcumasaítear rannpháirtíocht na saoránach agus idirphlé idirchultúrtha a bheith ag gabháil leis agus á threisiú; de bhrí gur féidir le tuiscint níos fearr ar ár stair Eorpach chomhroinnte, mar aon le rannpháirteachas níos láidre na saoránach sa saol sóisialta agus polaitiúil, tionchar tairbhiúil a imirt ar fhéiniúlacht Eorpach atá ag teacht chun cinn agus lena gcomhlánaítear féiniúlachtaí iomadúla na saoránach ar bhonn áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, geografach, cultúrtha nó eile; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht agus idirphlé gníomhach na saoránach idirnasctha le gné Eorpach an oideachais saoránachta agus gur féidir leo rannchuidiú go héifeachtach le saoránacht Eorpach lena ngabhann cearta agus oibleagáidí soiléire a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh rannpháirteachas neamh-leordhóthanach ó shaoránaigh, eolas teoranta ar an Aontas agus drochthuiscint ar a bhreisluach cur leis an tuiscint go bhfuil easnamh daonlathach ann agus go bhféadfadh Eoraisceipteachas sna Ballstáit a bheith mar thoradh air;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú an spáis shibhialta san Aontas Eorpach agus i dtíortha eile atá rannpháirteach sa chlár ag cur isteach ar an rannpháirtíocht dhaonlathach agus ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta gníomhú mar shrianta agus ceartúcháin maidir leis an smacht reachta; de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chumasú, lena n-áirítear eagraíochtaí mionlach agus eagraíochtaí ar leibhéal an phobail a bhfuil cuntais teiste fhada agus taithí shuntasach acu, ríthábhachtach chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chosaint sna Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil eagraíochtaí sochaí sibhialta na mionlach ríthábhachtach d’fhéinionadaíocht agus do rannpháirteachas sibhialta daoine mionlaithe, go háirithe i gcás na ngrúpaí sin nach bhfuil bealaí foirmiúla eile acu le haghaidh ionadaíocht pholaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go raibh os cionn 22 mhilliún náisiúnach neamh-AE ina gcónaí san Aontas in 2020; de bhrí nach bhfuil rochtain ag na grúpaí sin ar ghníomhaíochtaí polaitiúla foirmiúla, rud a fhágann go mbíonn tionchar ag cinntí a dhéantar gan a rannpháirtíocht ná a n-ionchur ar shaol na milliún daoine; de bhrí gur easnamh daonlathach bunúsach é sin ar fud an Aontais ar gach leibhéal agus gur dúshlán é beartais agus cláir atá inbhuanaithe, cothrom agus éifeachtach a tháirgeadh, de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag réadú chearta an duine a bhaineann le rannpháirtíocht pholaitiúil agus phoiblí na ndaoine nach saoránaigh iad i gcur chun cinn an rialachais dhaonlathaigh, an smachta reachta, an ionchuimsithe shóisialta, na forbartha eacnamaíche, agus i ndíothú an imeallaithe agus an idirdhealaithe san Aontas;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na luathchéimeanna de chur chun feidhme an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (2021-2027): Sraith 3 — Rannpháirteachas na Saoránach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chreidiúint go láidir go rannchuidíonn an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) ar bhealach ar leith le rannpháirteachas agus rannpháirtíocht shibhialta a fheabhsú ó thaobh ghné na gceart bunúsach de trí luachanna, idirphlé sibhialta agus saoránacht a chomhcheangal go héifeachtach, agus ag cur chun cinn ag an am céanna an chomhionannais shóisialta agus inscne, na héagsúlachta tríd an gcúnamh do chaomhnú na hoidhreachta réigiúnaí, na comhfhiosachta stairiúla agus an chomhraic i gcoinne an idirdhealaithe agus an fhoréigin; á chur in iúl gurb é a tuairim gur uirlis bhunriachtanach é clár CERV do thodhchaí an Aontais agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochpholaitiúla, amhail an bhearna eolais, an tEoraisceipteachas, laghdú ar an spás sibhialta, agus creimeadh an smachta reachta agus na dúshláin atá roimh an smacht reachta ar fud na hEorpa; ag spreagadh an chláir chun tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar athléimneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar an smacht reachta agus ar luachanna an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil cur chun feidhme chlár CERV fós sna luathchéimeanna, ós rud é nár glacadh an rialachán lena mbunaítear an clár go dtí 2021; á thabhairt le fios, ar an gcúis sin, nach bhfuil ach líon beag tionscadal faoi Shraith 3 curtha i gcrích agus nach bhfuil mórán faisnéise ar fáil ó thairbhithe chun gur féidir torthaí a mheas go cruinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do bhailiú sonraí maidir le clár CERV, go háirithe maidir le grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear pobail imeallaithe, mionlaigh, agus pobail leochaileacha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uathúla atá rompu agus chun taighde ar a dtaithí a chur chun cinn; á áitiú gur gá sásraí láidre faireacháin agus meastóireachta a bhunú; á chur i bhfios go láidir go mbeidh an cur chuige sin úsáideach chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais, chun rannpháirtíocht fhóinteach na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste i dtionscnaimh rannpháirteachais shibhialta a áirithiú agus chun a nguth a ardú, agus chun clár níos ionchuimsithí agus níos cothroime a chruthú agus meastóireachtaí níos fearr amach anseo á n-áirithiú ag an am céanna i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i dtreis go raibh roinnt dúshlán roimh an gclár lenar cuireadh bac ar chéimeanna tosaigh a chur chun feidhme, ar thosca seachtracha iad a lán acu, amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus gur chuir siad sin isteach go mór ar chearta na saoránach agus ar rannpháirtíocht na saoránach sa daonlathas; ag tabhairt dá haire, áfach, tar éis tús mall gur cuireadh dlús lena chur chun feidhme, agus go bhfuil an clár ag feidhmiú go maith anois; á thabhairt chun suntais, thairis sin, nach mór feachtais feasachta a eagrú chun dul i gcion ar phobal níos leithne, ó cheantair thuaithe go háirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di gur cosúil go bhfuil úsáid agus tabhairt isteach uirlisí digiteacha nua chun cistí an Aontais a chur chun feidhme (e.g. uirlis eGrants) ina príomh-shaincheist do thairbhithe ó thaobh fhorbairt an chláir de; á chur in iúl gur oth léi go raibh de thoradh ar nósanna imeachta casta gur cuireadh bac freisin ar rannpháirtíocht eagraíochtaí níos lú nach bhfuil an t-am agus na hacmhainní is gá acu chun dul tríd an bpróiseas iarratais laistigh de na tráthchláir shocraithe; á mheas go bhfuil de thoradh ar dhearadh na n-uirlisí sin go gcuirtear teorainn le cumas an chláir dul in oiriúint d’fhorbairtí nua agus do riachtanais athraitheacha; á iarraidh go gcuirfí deireadh leis na hualaí riaracháin agus go simpleofaí na próisis maidir le cur i bhfeidhm, conraitheoireacht agus tuairisciú; á chur i bhfios go láidir go n-áirítear freisin le simpliú na gceanglas riaracháin próiseas iarratais níos éifeachtúla agus níos solúbtha d’eagraíochtaí a bhfuil comhaontuithe comhpháirtíochta creata ilbhliantúla sínithe acu, agus freisin chun coinne a bheith acu le forbairtí beartais; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá an tairseach iarratais a dhéanamh níos soláimhsithe, d’eagraíochtaí ar mhionscála go háirithe, agus a áirithiú go ndéantar na doiciméid uile a bhaineann leis an nós imeachta a aistriú go teangacha uile an Aontais chun rannpháirtíocht ó na Ballstáit uile a leathnú agus chun éagsúlacht chultúrtha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta (PTN) do chlár CERV a chur ar bun lena dtairgtear comhairle neamhchlaonta, faisnéis chabhrach agus tacaíocht d’iarratasóirí, do pháirtithe leasmhara agus do thairbhithe, lena n-áirítear cúnamh leis an bpróiseas iarratais, agus faisnéis shothuigthe i dtaobh thorthaí an chláir á comhroinnt ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur oth léi nach raibh PTNanna ach ag 20 Ballstát faoi mhí an Mheithimh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil tionchar ag rátaí boilscithe reatha ar na costais reatha atá le seasamh ag tairbhithe CERV; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil dúshláin roimh thairbhithe maidir lena ngníomhaíochtaí pleanáilte a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na costais aonaid do liúntais taistil, chóiríochta agus lae, agus go bhféadfadh sé go mbeadh orthu cuid de na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe acu ar dtús a ghearradh siar chun fanacht laistigh den bhuiséad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí beartais i gcomhair thodhchaí chlár CERV</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an Grúpa Idirphlé Sibhialta a bhunú chun idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach a áirithiú chun an t-idirphlé sibhialta a neartú sa chlár trí chéile ar bhealach a thacóidh le próiseas dhá threo idir institiúidí ar gach leibhéal agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, go háirithe ESSanna, agus mar chuid de chur chun feidhme Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/692, chomh maith le hidirphlé sibhialta a úsáid mar uirlis rialachais agus tosaíochtaí a chinneadh don chlár oibre dhá bhliain agus gné chomhchoiteann an rannpháirteachais shibhialta mar ghné chriticiúil den daonlathas agus den smacht reachta a chur chun cinn tuilleadh; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur cheart gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun cinn chun tacú le hidirphlé leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear d’fhonn cultúr comhpháirtíochta le deontaithe a chothú atá bunaithe ar mhuinín; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfar gníomhaíochtaí forbartha acmhainní chun tacú le rannpháirtíocht leathan na sochaí sibhialta, go háirithe trí naisc le scéimeanna cistiúcháin eile a chuirtear ar fáil trí bhainistíocht chomhroinnte, amhail an ionstraim um thacaíocht theicniúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú gur gá rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a spreagadh trí ghné Eorpach an oideachais saoránachta a threisiú, i ngníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim araon; á thabhairt chun suntais gur féidir le hoideachas saoránachta fíor-Eorpach na saoránaigh a chur ar an eolas agus saoránaigh a mhúnlú de réir mheon an rannpháirteachais shibhialta agus na rannpháirtíochta sibhialta agus gur féidir le treoirlínte iomchuí ón Aontas a bheith ina n-uirlis úsáideach i ndáil leis sin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais iad agus a bhfuil cónaí orthu san Aontas, agus a n-eagraíochtaí féinrialaithe, a áireamh i spriocghrúpa chlár CERV, agus go mbeidh de thoradh air sin go gcothófar an rialachas daonlathach, an smacht reachta agus an t-ionchuimsiú sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit nach bhfuil PTNanna ainmnithe acu fós é sin a dhéanamh a luaithe is féidir agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag obair leis an líonra PTNanna trí chruinnithe, trí bhearta oiliúna agus trí mhalartuithe tiomnaithe, ós rud é go raibh an-rath orthu sin nuair a eagraíodh iad go dtí seo; sa chomhthéacs sin, ag moladh don Choimisiún, do na Ballstáit agus do NCPanna líonra Eorpach de NCPanna a bhunú chun comhroinnt dea-chleachtas agus malartú eolais a éascú; ina theannta sin, ag moladh don Choimisiún líonra de thairbhithe CERV a bhunú chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú chun tuiscint níos doimhne a fháil ar na réaltachtaí áitiúla agus náisiúnta ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann do na torthaí a bhaineann le cineálacha éagsúla sásraí athdheonúcháin a thabhairt isteach faoi chlár CERV, atá an-spreagúil go dtí seo; á iarraidh go ndéanfar anailís cháilíochtúil agus chainníochtúil ar na glaonna éagsúla athdheonúcháin d’fhonn a n-úsáid a leathnú, b’fhéidir, chuig na sraitheanna eile de chlár CERV, i gcás inarb ábhartha, agus go háirithe chuig Sraith 3, chun a áirithiú go sroichfidh maoiniú an Aontais eagraíochtaí sochaí sibhialta ar leibhéal an phobail a bhfuil cuntais teiste fhada agus taithí shuntasach acu; ag tathant ar an gCoimisiún na nósanna imeachta agus na ceanglais riaracháin maidir le hathdheonú a shimpliú tuilleadh chun breis solúbthachta a thabhairt d’eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar athdheonú vis-à-vis fo-dheonaithe, ag áirithiú go bhfuil caighdeáin iomchuí ann i ndáil le cúrsaí oibre, cúram sláinte agus cosaint shóisialta; á chreidiúint go bhféadfaí na ceanglais chómhaoiniúcháin a athbhreithniú d’fhonn na rialacha a oiriúnú do staid an tairbhí chun tacú le réimse níos ilghnéithí tairbhithe, lena n-áirítear daoine aonair agus micreastruchtúir, agus réimsí téamacha; á áitiú a thábhachtaí atá sé úsáid an chláir a chur chun cinn san earnáil oideachais i gcoitinne, lena n-áirítear mic léinn, múinteoirí, baill foirne oideachais agus oibrithe don óige; á chur i dtreis gur cheart go gcumhdófaí céatadán níos mó de na méideanna deontais leis an gcistiú a chuirtear ar fáil ó chlár CERV i réimse na gceart, an chomhionannais, na luachanna agus an rannpháirteachais shibhialta, a bhfuil foinsí eile cistiúcháin an-ghann nó in easnamh ina leith; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú gur chuig struchtúir lena n-urramaítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chuirtear an maoiniú, mar shampla trí shásraí rialúcháin a chur ar bun chun caighdeáin iomchuí oibre, cúraim sláinte agus cosanta sóisialta a ráthú; á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar na sásraí athdheonúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus ar a solúbthacht ó thaobh grúpaí pobail a shroicheadh agus ó thaobh tacú le heagraíochtaí i dtíortha ina bhfuil laghdú ag teacht ar an spás sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí buiséad an chláir a mhéadú go EUR 2.6 billiún sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar thionscnaimh rannpháirteachais shibhialta agus rannpháirtíochta daonlathaí, agus chun sásra ad hoc a bhunú chun cosantóirí chearta an duine a chosaint, cosúil le sásraí atá i bhfeidhm do chosantóirí chearta an duine lasmuigh den Aontas nó chun iriseoirí a chosaint, agus, go ginearálta, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an bhoilscithe ar chostais an chláir, agus aird á tabhairt freisin ar Chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa maidir le saoránacht agus oideachas Eorpach, mar aon le tábhacht straitéiseach chlár CERV ó thaobh tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gníomhaíochtaí éifeachtacha cumarsáide agus múscailte feasachta ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gclár agus gur gá, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt dóibh chun go mbeidh tairbhithe féideartha rannpháirteach, go háirithe ar an leibhéal áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag admháil go bhfuil malartuithe agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi chlár CERV ríthábhachtach chun acmhainneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt le haghaidh an rannpháirteachais shibhialta agus chun luachanna an Aontais a chur chun cinn i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad; á chur i dtreis nach le comhaontuithe aontachais a chuirtear tús leis an rannpháirteachas gníomhach agus leis an tiomantas gníomhach do luachanna Eorpacha agus gur toradh iad ar obair sheanbhunaithe ag gníomhaithe agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun na smaointe sin a chur chun cinn agus chun tacú le gníomhaithe áitiúla i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad; ag spreagadh an Choimisiúin chun rannpháirtíocht saoránach neamh-AE a éascú trí ESSanna neamh-AE a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí CERV; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcumhdófar le clár CERV costais rannpháirtíochta ionadaithe na sochaí sibhialta, ar a laghad dóibh siúd ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha comhlachaithe, bíodh a dtír rannpháirteach i gclár CERV nó ná bíodh; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcogadh san Úcráin trí thionscadail a spreagadh le comhpháirtithe na hÚcráine trí ghníomhaíochtaí cuimhneacháin agus trí ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta daonlathaí agus trí oidhreacht chultúir na hÚcráine a aisghabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh clár CERV ina huirlis ghníomhaíochta i réimse na comhfhiosachta stairiúla Eorpaí trí thacú go gníomhach le struchtúir arb é is aidhm dóibh cuimhne stairiúil chriticiúil a chothú, mar shampla maidir le taighde trasnáisiúnta agus cuairt a thabhairt ar áiteanna cuimhne, san Aontas agus níos faide i gcéin araon; ag cáineadh, go háirithe, an athbhreithniúchais staire agus cultúir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna sochaíocha íogaire a bhféadfaí úsáid a bhaint astu mar uirlisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go dtacódh clár CERV leis an dinimic atá ag teacht chun cinn ó thaobh nascadh bailte agus líonraí bailte a cheangal le nascadh institiúidí oideachais, rud a d’fhéadfadh an ghné Eorpach, malartú dea-chleachtas agus muintearas a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú tuilleadh le haghaidh comhpháirtíochtaí creata ceithre bliana le haghaidh deontais oibriúcháin, go háirithe maidir le saintréithe sonracha na huirlise TF a úsáidtear, ar cosúil í a bheith níos oiriúnaí do dheontais ghníomhaíochta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>