<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0010</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Forbairt chríochach a chur chun feidhme (CPR, Teideal III, Caibidil II) agus a cur i bhfeidhm i gclár oibre Críochach Eorpach 2030</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0420/2023 -  Rapóirtéir:Marcos Ros Sempere)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir le forbairt chríochach a chur chun feidhme (CPR, Teideal III, Caibidil II) agus a cur i bhfeidhm i gClár Oibre Críochach Eorpach 2030 (2023/2048(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teideal XVIII de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna’ – CPR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh na tacaíochta sin i leith na mblianta 2021 agus 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 437, 28.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 11 maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Críochach 2030 – Todhchaí do gach áit, a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na nAirí atá freagrach as pleanáil spásúlachta, forbairt chríochach agus/nó comhtháthú críochach an 1 Nollaig 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhshocrú Amstardam lena mbunaítear an Clár Oibre Uirbeach do AE, a comhaontaíodh ag an gCruinniú Neamhfhoirmiúil a bhí ag Airí AE atá freagrach as Cúrsaí Uirbeacha an 30 Bealtaine 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ‘Chairt Nua Leipzig – cumhacht chlaochlaitheach na gcathracha ar mhaithe leis an leas coiteann’, a glacadh ag an gCruinniú Neamhfhoirmiúil Aireachta  ar Chúrsaí Uirbeacha an 30 Samhain 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhshocrú Ljubljana a glacadh ag an gCruinniú Neamhfhoirmiúil a bhí ag Airí atá freagrach as Cúrsaí Uirbeacha an 26 Samhain 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chlár Nua Uirbeach a ghlac na Náisiúin Aontaithe an 20 Deireadh Fómhair 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2023 dar teideal ‘Harnessing talent in Europe’s regions’ [Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa] (COM(2023)0032),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dotheachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 dar teideal ‘8th Cohesion Report: Cohesion in Europe towards 2050’ [an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú; Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050] (COM(2022)0034),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’ [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 3 Márta 2021 ón gCoimisiún dar teideal ‘Union of Equality:  Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030’ [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101)
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘The European Green Deal’ [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Stepping up Europe’s 2030 climate ambition – Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people’ [Ag cur le huaillmhian 2030 na hEorpa don aeráid – Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár bpobail] (COM(2020)0562),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tionscnamh ón gCoimisiún maidir le Bauhaus Nua Eorpach a seoladh an 16 Meán Fómhair 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin an 17 Meitheamh 2022 dar teideal ‘New European Bauhaus territorial development model (NEB TDM) financial instrument’ [ionstraim airgeadais do shamhail forbartha críochaí Bauhaus Eorpach Nua] (SWD(2022)0172),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an Bauhaus Eorpach Nua<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 56.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe AE– ‘Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’ [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe AE – [I dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2022 ar na dúshláin do limistéir uirbeacha i ré iar-COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin an Aontais ag baint úsáid as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 125.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le ról réigiúin agus chathracha AE i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras COP 21 maidir leis an athrú aeráide<FOOTNOTE><FIELD> IO C 162, 10.5.2019, lch. 31.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim an 18 Meán Fómhair 2020 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dar teideal ‘Revision of the Territorial Agenda of the EU, the Leipzig Charter and the Urban Agenda for the EU’[Athbhreithniú ar Chlár Oibre Críochach an Aontais, Cairt Leipzig agus an Clár Oibre Uirbeach don Aontas]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 429, 11.12.2020, lch. 145.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ghrinnanailís dar teideal ‘Territorial Agenda 2030 – Implementation Review’ [Clár Oibre Críochach – Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme], a d’fhoilsigh an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 07 Meitheamh 2023<FOOTNOTE><FIELD> Grinnananailís – ‘Territorial Agenda 2030 – Implementation Review’ [Clár Oibre Críochach – Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 07 Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a rinneadh d’Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) dar teideal ‘Integrated territorial and urban strategies: how are ESIF adding value in 2014-2020’,[Straitéisí comhtháite críochacha agus uirbeacha: breisluach CSIE in 2014-2020’], a foilsíodh i mí na Nollag 2017<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Integrated territorial and urban strategies:how are ESIF adding value in 2014-2020? [Straitéisí comhtháite críochacha agus uirbeacha: Breisluach CSIE in 2014-2020]– Final Report’ [Tuarascáil Chríochnaitheach], Nollaig 2017.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Bhord-STRAT, an uirlis idirghníomhach a d'fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) an Choimisiúin Eorpaigh agus AS REGIO ina léirítear an chaoi a dtacaíonn Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEanna) leis an gcur chuige comhtháite maidir le forbairt uirbeach agus críochach<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Bord-STRAT’.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Lámhleabhar na straitéisí forbartha<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">European Commission, ‘</STRING>Handbook of territorial and local development strategies’ [Lámhleabhar straitéisí forbartha críochacha agus áitiúla].</FIELD></FOOTNOTE> críochaí agus áitiúla agus do Lámhleabhar na Straitéisí don Fhorbairt Uirbeach Inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Coimisiún Eorpach, ‘</STRING>Handbook of Sustainable Urban Development Strategies’ [Lámhleabhar straitéisí Forbartha Uirbí Inbhuanaithe].</FIELD></FOOTNOTE>, arna fhoilsiú ag ACT,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don pháipéar oibre ó DG REGIO dar teideal ‘The geographical of EU discontent and the regional development trap’ [Tíreolaíocht mhíshástacht AE agus an gaiste forbartha réigiúnaí], a foilsíodh i mí an Mhárta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a rinneadh do Chomhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa dar teideal ‘ITI and CLLD – The use of integrated territorial tools in cohesion policy’ [ICC agus CLLD – Úsáid uirlisí críochacha comhtháite sa bheartas comhtháthaithe] a foilsíodh i mí na Nollag 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe 2007 agus do Chairt Nua Leipzig – cumhacht chlaochlaitheach na gcathracha ar mhaithe leis an leas coiteann an 30 Samhain 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0420/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an beartas comhtháthaithe fós ar an bpríomhbheartas infheistíochta do réigiúin agus cathracha AE agus gur cheart go leanfadh sé de bheith amhlaidh, agus nach bhfuil sé beartaithe go bhfeidhmeoidh sé go comhsheasmhach mar chéad rogha le haghaidh cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí gan choinne a chuireann bac ar ár ngeilleagar socheacnamaíoch; de bhrí gurb é an Clár Oibre Críochach an treoirionstraim do bheartas críochach AE, mar a léirítear ina chláir náisiúnta agus ina thionscadail náisiúnta, lena soláthraítear treoshuíomh le haghaidh pleanáil spásúlachta straitéiseach agus forbairt réigiúnach, lena n-iarrtar gné chríochach na mbeartas earnála ar gach leibhéal rialachais a neartú agus lena bhféachfar le todhchaí chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn do gach áit agus chun cuidiú leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndéantar na dúshláin atá roimh réigiúin AE a shainaithint agus a bhainistiú ar an leibhéal críochach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach ndéantar aon tagairt shonrach sna Rialacháin um Fhorálacha Coiteanna roimhe seo ná sna Rialacháin reatha do Chlár Oibre Críochach 2020 nó 2030 faoi seach; de bhrí gurb é Teideal III, Caibidil II de Rialachán na bhForálacha Coiteanna reatha an bunús chun cistí beartais chomhtháthaithe a tharraingt trí straitéisí forbartha críochaí; de bhrí go ndéantar tagairt in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 1301/2013<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).</FIELD></FOOTNOTE> d’fhorbairt uirbeach inbhuanaithe atá bunaithe ar straitéisí comhtháite inbhuanaithe uirbeacha mar chreat chun oibríochtaí aonair a roghnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’aidhm leis an gcur chuige áitbhunaithe maidir le ceapadh beartas, atá bunaithe ar fhorbairt chríochach chomhtháite, leas a bhaint as acmhainneacht uathúil a bhaineann le hacmhainní, eolas agus sócmhainní críochacha, agus an gá atá le réitigh shaincheaptha i gcineálacha éagsúla críoch á aithint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé gurb iad seo a leanas na príomhdheacrachtaí a bhí ag institiúidí áitiúla agus réigiúnacha agus ag an tsochaí shibhialta don tréimhse 2014-2020, tacaíocht theicniúil agus riaracháin neamhleora, constaicí maorlathacha díréireacha, easpa scileanna agus oiliúna, easpa eolais agus eapsa fothaithe acmhainneachta, agus comhar lag i measc leibhéil éagsúla rialachais, chomh maith le hionsú mall cistí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé, i réigiúin agus aonaid riaracháin ina gcuirtear LEADER chun feidhme, go gcabhraíonn bainisteoir éigeantach de chuid an Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil le feidhmíocht agus ionsú an chistithe réigiúnaigh a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart féachaint ar shaibhreas éagsúlacht chríochach AE mar chóras dinimiciúil casta ina bhfuil dúshláin forbartha roimh gach réigiún de réir a shaintréithe ar leith féin; de bhrí go bhfuil an méadú ar neamhionannais idir áiteanna agus idir daoine tar éis leibhéal criticiúil a bhaint amach agus go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe ar gach leibhéal geografach agus rialachais chun peirspictíochtaí dearfacha amach anseo a áirithiú do gach duine agus áit ar fud AE
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go gcuirtear tacaíocht mhodheolaíoch ar fáil ar gach leibhéal i Lámhleabhar na straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cineál cothromaíochta é an micrea-chomhtháthú do limistéir thearcfhorbartha laistigh de réigiúin níos forbartha; de bhrí, ag díriú go sainráite ar ‘áiteanna agus daoine’, go bhfuil an Clár Oibre Críochach (TA2030) ina cheannródaí ar an ‘smaoineamh an chomhtháthaithe idirphearsanta’ in éineacht le comhtháthú críochach, agus é á chur san áireamh nach féidir aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí sin ach amháin trí aird níos mó a thabhairt ar éagsúlacht agus ar acmhainneacht na gcríoch, chomh maith le beartais agus straitéisí áitbhunaithe a dhearadh, agus é mar aidhm gné chríochach a ionchorprú ar bhealach níos fearr i gcistí uile AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go n-ainmnítear le hAirteagal 28 CPR infheistíochtaí críochacha comhtháite (ICCanna) agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) mar na hionstraimí chun straitéisí forbartha críochaí a chur chun feidhme agus á iarraidh go mbeidh comhleanúnachas agus comhordú ann idir na cistí nuair a chuirtear roinnt díobh i bhfeidhm ar an straitéis chéanna maidir le forbairt réigiúnach nó áitiúil; de bhrí go bhfuil na hionstraimí sin dírithe ar fhorbairt chríochach ón mbun aníos agus ar rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí áitiúla a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, sa tréimhse 2014-2020, go ndearnadh 1 975 straitéis a chlársceidealú i measc na 28 mBallstát a bhí ag an am, arna maoiniú le EUR 19 mbilliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ar leithdháileadh EUR 13.8 billiún de ar ICCanna i naoi mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gurb é CLLD an dara huirlis is mó a d’úsáid na Ballstáit chun straitéisí críochacha nó áitiúla a fhorbairt sa tréimhse 2014-2020 agus go ráthaítear leis go mbeidh dlúthbhaint ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha le hullmhú, le cur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh ar chistí AE a fhaigheann siad; de bhrí nach bhfuil aon chur in áirithe d’úsáid CLLD sa chlárthréimhse 2021-2027;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chun feidhme ICCanna agus CLLDanna fós míchothrom ar fud AE agus gur cosúil nach bhfuil roinnt Ballstát agus údaráis bhainistíochta an-tiomanta iad a chur chun feidhme; de bhrí go bhfuil léirmhíniú agus cur chun feidhme chuspóir beartais 5 ‘An Eoraip níos gaire do na saoránaigh’ (CB5) éagsúil i measc na mBallstát, a bhfuil cur chun feidhme íseal ICC agus CLLD mar thoradh air; de bhrí gur cheart do na comhreachtóirí breithniú a dhéanamh, amach anseo, ar chur chun feidhme níos solúbtha CB5 gan diancheanglais maidir le straitéisí agus rialachas, rud a chuideodh len é a oscailt do gach cineál tionscnamh a chuireann leis an bhforbairt réigiúnach agus áitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur ionstraimí iad ICCanna agus CLLDanna ar cheart iad a bheith dírithe ní hamháin ar chur chuige ón mbun aníos maidir le forbairt chríochach a éascú trí rannpháirtíocht a thabhairt do rialtais áitiúla agus réigiúnacha ón tús, ach freisin trí idirphlé idir na geallsealbhóirí éagsúla a éascú agus trí chomhar i measc na hearnála poiblí agus príobháidí a mhéadú, chomh maith le comhar agus aistriú faisnéise a chothú i measc gach leibhéal rialtais;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go n-iarrann TA2030 ar an bParlaimint agus ar a Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach as comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, a chuspóirí a chur san áireamh trína tosaíochtaí a mholadh i bpróisis reachtacha AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur coinníollacha riachtanacha iad ICC agus beartais áitbhunaithe chun cuspóirí straitéiseacha AE amhail na haistrithe glasa agus digiteacha a bhaint amach; de bhrí gur féidir le beartais áitbhunaithe cabhrú le críocha éalú ó mheath eacnamaíoch fadtéarmach agus ón ‘gaiste forbartha réigiúnaí’, a chiallaíonn nach mbíonn réigiún in ann a dhinimic eacnamaíoch a choinneáil ó thaobh ioncaim, táirgiúlachta agus fostaíochta de;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go sainítear dhá chuspóir uileghabhálacha in TA2030, Eoraip Chóir agus Eoraip Ghlas, a bhfuil sé thosaíocht ag gabháil leo (Eoraip Chothromaithe, Réigiúin Fheidhmiúla, Lánpháirtiú thar theorainneacha, Comhshaol Sláintiúil, Geilleagar Ciorclach agus Naisc Inbhuanaithe) chun críoch na hEorpa ina hiomláine a fhorbairt mar aon le gach ceann dá háiteanna; de bhrí go ndéantar cuspóirí forbartha críochaí AE a ailíniú tuilleadh le TA2030 le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip; de bhrí go dtacaítear leis an gClár Oibre Uirbeach Eorpach, trí Chairt Leipzig, le cuspóirí TA2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur féidir le forbairt chríochach choiteann láidir trí RTF agus cur chun feidhme TA2030 a bheith ina modh chun an dlúthpháirtíocht agus próisis dhaonlathacha a neartú agus chun AE atá cothrom agus glas a bhaint amach; de bhrí le cineálacha cur chuige críochach go dtugtar breisluach trí lionsa spásúil straitéiseach a chur i bhfeidhm lena ngabhtar na teaglamaí sonracha de dhúshláin agus deiseanna sóisialta, institiúideacha, eacnamaíocha agus comhshaoil a mbíonn tionchar acu ar fhorbairt gach cineáil críoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chun feidhme thosaíochtaí TA2030 míchothrom i gcónaí ar fud AE, go háirithe agus éagothromaíochtaí spásúla amhail oileánachas á gcur san áireamh;  de bhrí go léirítear i gconclúidí TA2030 neamhionannais mhéadaitheacha laistigh de AE, lena gcuirtear leis na bearnaí idir daoine agus idir críocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go n-éilítear le clár oibre TA2030 go ndéanfar gné chríochach na mbeartas earnálach a neartú ar gach leibhéal rialachais; de bhrí go gcuimsítear prionsabail tiomána TA2030 sa dá thosaíocht ‘Tá daoine agus áiteanna ag dul i bhfán óna chéile’ agus ‘Forbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide’;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur seoladh seacht ngníomhaíocht phíolótacha le glacadh TA2030, mar shampla de chur i bhfeidhm a chuspóirí ar an láthair, ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a spreagadh ar fud AE, eadhon: ‘Todhchaí do réigiúin atá tite ar gcúl’, ‘Tuiscint ar an gcaoi a múnlaíonn beartais earnála míchothromaíochtaí agus cothromaíochtaí spásúla’, ‘Tá tábhacht le háiteanna beaga’, ‘Pleanáil spásúlachta trasteorann’, ‘Gníomhú ar son na haeráide i mbailte na nAlp’, Oiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht trí aistriú tírdhreacha’, agus ‘Saorgú talún, sraoilleáil uirbeach agus séalú ithreach i gcathracha de mhéideanna éagsúla agus limistéir uirbeacha fheidhmiúla a laghdú’;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, agus an chothromaíocht theoranta gheografach á cur san áireamh i bhforbairt na ngníomhaíochtaí píolótacha sin agus na deacrachtaí riaracháin a tháinig chun cinn nuair a maoiníodh gníomhaíochtaí píolótacha le roinnt clár, go bhfuil gá le bailiú sonraí níos fearr, chomh maith le hathbhreithniú comhleanúnach ar TA2030;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth, sa tréimhse 2014-2020, nach ndearnadh ach 28 % de na straitéisí don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe a chur chun feidhme trí ICCanna; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú chun úsáid na n-uirlisí sin a spreagadh chun TA2030 a fhorbairt, go háirithe trí ghníomhaíochtaí cumarsáide treisithe ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur béim ar an rannchuidiú luachmhar leis an bhforbairt chríochach a dhéantar trí ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme trí CLLD amhail na gníomhaíochtaí sin faoi chlár LEADER; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit LEADER a threisiú trína imchlúdach buiséadach a mhéadú trí ardleibhéal neamhspleáchais a ráthú do na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla maidir lena mbunreacht agus a gcinnteoireacht agus tríd an ualach riaracháin a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as torthaí thuarascáil mheastóireachta 2024 atá ar na bacáin don chlárthréimhse 2014-2020, chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil trí CLLD amhail na gníomhaíochtaí sin faoi chlár LEADER, chun tacú le cláir don tréimhse 2021-2027; á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá an anailís cháilíochtúil ar uirlisí forbartha críochaí; á chur in iúl gur oth léi, i ndáil leis sin, conclúid na tuarascála speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le LEADER agus CLLD nach bhfuil a dtairbhí léirithe go leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Lámhleabhar na straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla agus an Lámhleabhar maidir le straitéisí forbartha inbhuanaithe uirbí mar threoracha do gach leibhéal riaracháin maidir le ceapadh, cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar straitéisí críochacha agus áitiúla, lena n-áirítear straitéisí uirbeacha, forbartha; á chreidiúint gur cheart scaipeadh dea-chleachtas a chothú d’fhonn a áirithiú go mbeidh tionscadail éifeachtach agus inbhuanaithe; á chur in iúl gur oth léi, áfach, foilsiú déanach na lámhleabhar sin agus ag moladh don Choimisiúin treoirlínte tráthúla a chur ar fáil chun an próiseas chun na cláir a fhorbairt a shimpliú; á thabhairt chun suntais gur gá tuilleadh treoraíochta agus níos mó solúbthachta a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme CB5 ‘Eoraip níos gaire do na saoránaigh’, agus maidir leis na gníomhaíochtaí chun é a bhaint amach, agus iad a ailíniú leo siúd a leagtar amach in TA2030 agus dreasachtaí a chruthú chun níos mó cistithe a leithdháileadh ar CB5;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit pleanáil spásúlachta straitéiseach a chur chun cinn lena gcuirtear san áireamh críocha ina n-iomláine lasmuigh de limistéir chathrach, uirbeacha agus uirbeacha feidhme; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit naisc thuaithe-uirbeacha a neartú mar bhealach chun forbairt chríochach níos cothroime a bhaint amach ar fud an Aontais agus chun pleanáil agus cur chun feidhme trasteorann a mheas trí chineálacha cur chuige ón mbun aníos amhail CLLD/ICC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cistiú a chur i leataobh do limistéir thuaithe agus do réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar an mbealach céanna go bhfuil 8 % de chistí an bheartais chomhtháthaithe curtha i leataobh chun cláir a fhorbairt faoin gClár Oibre Uirbeach; á thabhairt dá haire gur cheart na cistí sin a úsáid go príomha trí uirlisí forbartha críochaí comhtháite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur san áireamh go bhfuil acmhainneachtaí léirithe ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme agus i mbainistiú na n-uirlisí críochacha, agus á mheas go bhfuil gá le hathrú ó bhonn i rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpleanáil, i gcur chun feidhme agus i mbainistiú uirlisí críochacha; á iarraidh go ndéanfar prionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme go héifeachtach agus comhairliúchán domhain a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le geallsealbhóirí eile sula ndéanfar gníomhaíochtaí ICC agus CLLD a shainiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an cur chuige ón mbun aníos maidir le forbairt chríochach, agus saoránaigh á gcumhachtú chun úinéireacht a ghlacadh ar fhorbairt a gcríoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí straitéisí forbartha críochaí nó áitiúla arna gcistiú ag níos mó ná clár amháin a chumasc in aon rian amháin, i gcomhréir le hAirteagal 28 RTF agus le tacaíocht ón gCoimisiún, i gcás inar gá, chun moilleanna agus bacainní riaracháin a chosc; á chur in iúl gur geal léi an fhéidearthacht, a tugadh isteach sa chlárthréimhse 2021-2027, príomhchiste a ainmniú maidir le straitéisí arna gcistiú ag níos mó ná ciste amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire gur bearta cruthaithe iad ionstraimí críochacha, amhail CLLD agus ICCnna, chun AE a thabhairt níos gaire do na saoránaigh; á thabhairt dá haire go léirítear leis na sonraí ar Bhord STRAT don tréimhse 2014-2020 go raibh ról tábhachtach ag CLLDanna i bhforbairt na straitéisí críochacha, agus béim á leagan ar an spéis láidir atá ann ar an leibhéal áitiúil páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt na straitéisí sin; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bainistiú riaracháin na gcistí a shimpliú, go háirithe cásanna ina ndtarraingíonn CLLDanna ó níos mó ná ciste amháin; á chur i bhfáth gurb iad ICCanna an phríomhuirlis a úsáideann na Ballstáit le leithdháileadh níos mó de chistí CFRE, ós rud é go bhféadfaidís na méideanna a ionsú go tapa agus go bhfuil siad in ann roinnt príomhaiseanna atá i gclár amháin nó i roinnt clár a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndéantar idirdhealú soiléir idir na Ballstáit atá tiomanta do ICCanna nó CLLDanna a fhorbairt agus na Ballstáit nach bhfuil; á iarraidh ar an gCoimisiún an difreáil sin a shoiléiriú chun éagothromaíochtaí geografacha a sheachaint agus chun foráil a dhéanamh do thacaíocht theicniúil shaincheaptha do na Ballstáit nár bhain úsáid as na huirlisí críochacha sin; ag moladh do na Ballstáit uile úsáid níos mó a bhaint as na huirlisí forbartha críochaí comhtháite mar a shainítear in Airteagal 28 CPR agus chun a áirithiú go n-urramófar an chomhpháirtíocht mar a shainítear in Airteagal 8 CPR; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh uirlisí forbartha críochaí comhtháite éigeantach do na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na simplithe teicniúla ar fhorbairt chríochach a tugadh isteach sa chlárthréimhse 2021-2027; á iarraidh, áfach, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na rialacháin riaracháin bhreise is gá a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus díriú níos mó ar chomhréireacht, ós rud é, go comhréireach, go bhfuil ualaí riaracháin níos airde (do thairbhithe) ar thionscadail bheaga agus go bhfuil costais riaracháin (i gcás údaráis clár) acu ná tionscadail níos mó faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas gur fíor-ionstraim chuí é TA2030 a bhfuil sé mar aidhm léi gné spásúil na n-éagothroimí a laghdú agus comhtháthú AE a áirithiú trí bhainistiú a dhéanamh ar gach ceann dá réigiúin a bhfuil a saintréithe féin acu;  á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh sochaithe agus críocha níos rannpháirtí maidir le tábhacht an Chláir Oibre sin a aithint; á iarraidh ar an gCoimisiún ról TA2030 a mhodhnú a fhágfaidh go mbeidh níos mó i gceist leis ná treoir bainistíochta críche amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt faoi deara go moltar in TA2030 ní hamháin freagairtí beartais áitbhunaithe ar dhúshláin chríochacha, ach go soláthraítear leis freisin fís agus uaillmhian don chuspóir comhtháthaithe chríochaigh trí rannpháirtíocht níos fearr na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais, cé go bhfuil ilchistiú ar cheann de phríomhchuspóirí na n-uirlisí comhtháite críochacha, go léirítear sna torthaí reatha go bhféadfadh sé a bheith deacair fós i roinnt tíortha ilchistiú a úsáid, go háirithe ós rud é, sa tréimhse reatha, nach bhfuil CETFT (forbairt tuaithe) san áireamh a thuilleadh in CPR agus, dá bhrí sin, go mbeadh gá le bearta breise agus sonracha chun rialacha CETFT agus cistí beartais comhtháthaithe eile a ailíniú (i.e. cistí éagsúla AE a úsáid le haghaidh tionscadail chomhtháite ar an leibhéal áitiúil lena dtugtar aghaidh ar roinnt cuspóirí beartais);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit príomhshruthú inscne a chur chun cinn go gníomhach agus treoirthionscadail TA2030 á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ioncam agus cáilíocht saoil atá cothrom agus díniteach do shaoránaigh agus dá dteaghlaigh i gceantair thuaithe fíor-riachtanach chun dul chun cinn sóisialta agus forbairt rathúil chríochach agus áitiúil a áirithiú; á áitiú gur gá dálaí maithe oibre agus maireachtála agus cosaint shóisialta a áirithiú do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chomhleanúnachas na mbeartas agus promhadh leas na tuaithe a dhéanamh ar thionscnaimh um fhorbairt chríochach chomhtháite an Aontais amach anseo agus ar thionscnaimh ábhartha eile chun measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas agus ar chomhlántacht bheartais an Aontais agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar na limistéir thuaithe, agus ar an gcaoi sin teacht roimh dhídhaonrú na tuaithe go héifeachtach agus athnuachan ó ghlúin go glúin, rochtain chomhionann ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ardcháilíochta agus cruthú post i limistéir thuaithe a éascú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an sásra um promhadh leas na tuaithe freisin nuair a dhéanann na Ballstáit measúnú ar thionchar na reachtaíochta atá beartaithe i gceantair thuaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i sainiú agus i gcur chun feidhme sásraí um promhadh leas na tuaithe, agus i rialachas na sásraí sin ar an leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun an t-eisiamh sóisialta a bhaineann le hiompar a chomhrac agus chun feabhas a chur ar inrochtaineacht chríochach na limistéar lena mbaineann chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann agus tuaithe-uirbeach, ar rochtain ar idirlíon leathanbhanda agus ar sheirbhísí leordhóthanacha, go háirithe cúram sláinte agus oideachas, chomh maith le héagsúlú an gheilleagair tuaithe agus athbheochan na limistéar tuaithe, ag méadú tharraingteacht na limistéar sin agus ag áirithiú todhchaí inbhuanaithe do na pobail sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ról lárnach ag gníomhaíochtaí TA2030 i gcomhaontuithe agus cláir chomhpháirtíochta;  á chur i bhfios gur cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith níos cinntithí maidir le leithdháileadh cistí agus an gá atá le comhtháthú TA2030 i mbeartais AE a chur chun cinn, agus béim á leagan ar leibhéil rialachais atá níos gaire don talamh; á chreidiúint gur cheart cistiú leordhóthanach agus modheolaíocht  maidir le leithdháileadh a chur ar fáil do TA2030 sa chreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, ar cheart iad a chur in oiriúint do gach críoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach tosaíochtaí agus cuspóirí TA2030 a áireamh in ionstraimí reachtacha agus i gcláir reachtacha chistí an bheartais comhtháthaithe, ar cheart iad a chur in oiriúint do gach críoch; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí píolótacha TA2030 a forbraíodh agus iarrann sí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leanúint d’infheistíocht a dhéanamh sna gníomhaíochtaí sin, a gcothromaíocht gheografach a fheabhsú agus iad a chomhordú ar bhealach níos fearr le prionsabail TA2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá ról a thabhairt don Pharlaimint, go háirithe a Coiste inniúil um Fhorbairt Réigiúnach, sna gníomhaíochtaí píolótacha chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir le tosaíochtaí reatha AE, agus chun torthaí na ngníomhaíochtaí píolótacha a chur chun cinn agus iad a chur in iúl ar leibhéal AE, agus iad a chomhtháthú agus a chomhordú le tionscnaimh amhail an beartas comhtháthaithe, go háirithe CFRE agus Interreg;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go mbeadh straitéis ann chun sineirgí a éascú idir cistí éagsúla AE maidir le tionscadail a chuirtear chun feidhme trí uirlisí críochacha agus chun simpliú riaracháin a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí píolótacha a mhaoinítear le níos mó ná ciste amháin chun na bacainní riaracháin a laghdú agus chun iarratais ar na tionscadail sin a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chreidiúint go bhféadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag gnólachtaí i straitéisí forbartha críochaí;  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le socruithe le haghaidh comhar idir cuideachtaí agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha d’fhonn tionscadail forbartha críochaí a fhorbairt lena gcothaítear cruthú post agus fás eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag TA2030 agus na treoirthionscadail atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an-éagsúil na limistéar neamhuirbeach, lena n-áirítear limistéir thuaithe, limistéir shléibhtiúla, oileáin agus limistéir chósta, limistéir iargúlta agus limistéir inar tearc an daonra agus go leor cineálacha eile críoch ina bhfuil meascán de ghnéithe uirbeacha agus tuaithe taobh le taobh;  á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur minic a bhíonn dúshláin dhéimeagrafacha roimh cheantair thuaithe, dlús íseal daonra agus rochtain theoranta ar sheirbhísí leasa ghinearálta agus cáilíocht na seirbhísí sin, cé nach mbíonn sé d’acmhainn acu i gcónaí réitigh nuálacha a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin gur féidir leo tairbhe mhór a bhaint as malartú dea-chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá gníomhaíochtaí agus éachtaí na dtreoirthionscadal a scaipeadh ar bhealach níos fearr mar shamplaí de chur chun feidhme chistí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí i bhfabhar comhdháil dhébhliantúil chun na gníomhaíochtaí píolótacha a chur i láthair na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, chomh maith le gníomhaithe ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus í a nascadh le himeachtaí eile amhail iad siúd faoin gComhshocrú Tuaithe nó faoi Fhóram na gCathracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a gcláir oibre chríochacha a fhorbairt i gcomhréir le TA2030 mar bhonn chun a straitéisí críochacha a chlársceidealú, agus sainiúlachtaí agus riachtanais an-éagsúil gach ceann dá réigiúin á gcur san áireamh, agus a bheidh ina ndreasacht, agus chun an próiseas cinnteoireachta agus dearadh beartas críochach agus uirbeach a spreagadh; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit straitéisí críochacha éagsúla a chumasú do réigiúin uile an Aontais, lena n-áirítear limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil an t-asitriú tionsclaíoch ag dul dóibh, réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, amhail na réigiúin is faide ó thuaidh agus na réigiúin a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu, oileáin, réigiúin trasteorann agus réigiúin shléibhtiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur féidir le dea-fheidhmíocht na struchtúr rialachais an meascán is fearr de thosaíochtaí infheistíochta a chinneadh chun an comhordú il-leibhéil ingearach agus cothrománach is gá a bhaint amach chun straitéisí comhtháite forbartha a dhearadh agus a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cur chun feidhme TA2030 a chur chun cinn thar ghníomhaíochtaí píolótacha, agus creat tagartha gníomhaíochta a dhéanamh den ionstraim sin lena soláthraítear treoirlínte nithiúla agus oiriúnathe do chríocha AE chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht; á thabhairt chun suntais go bhfuil deis ann cistiú réigiúnach a a nascadh le tosaíochtaí TA2030 a bhaint amach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí faireacháin a fhorbairt a nascfaidh TA2030 agus úsáid chistí an bheartais chomhtháthaithe, go háirithe CFRE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á athdhearbhú gur gá beartas an Aontais maidir le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide a neartú go práinneach, agus i bhfianaise na treochta méadaithí teagmhas adhaimsire san Aontas le blianta beaga anuas agus le míonna anuas; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis phoiblí leanúint den chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide;  á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur gá dlús a chur le huaillmhian agus cáilíocht na dtionscadal píolótach laistigh den chuspóir ‘Eoraip Ghlas’ agus dá céad tosaíocht ‘Comhshaol sláintiúil’;  á chur i bhfáth go bhfuil an fhorbairt chríochach ríthábhachtach chun réigiúin athléimneacha a thógáil agus chun cur chun feidhme inbhuanaithe chistiú an bheartais chomhtháthaithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun cinn cairte uile-Eorpaí um chearta agus freagrachtaí tuaithe/uirbeacha; á chur in iúl go bhfuil sí suite de freisin go bhfuil gá le tuilleadh comhair le limistéir uirbeacha chun a áirithiú nach bhfágfar aon limistéar ná saoránach ‘ar an trá fholamh’ san aistriú cóir chuig Aontas Eorpach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe agus rathúil, lena bhféachfar le tiomantas tuaithe agus uirbeach a bhaint amach do chur chuige cothrom agus lena léireofar an breisluach a bhaineann le heagraíochtaí tuaithe agus eagraíochtaí uirbeacha a bheith ag obair le chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá forbairt níos cothroime ar réigiúin AE a áirithiú trí leithdháileadh níos fearr chistí AE a ráthú, lena n-áirítear tacaíocht don chomhbheartas talmhaíochta, laistigh de na Ballstáit agus eatarthu; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir forbairt chríochach inbhuanaithe agus fhadtéarmach a bhaint amach má leithdháiltear tacaíocht ar réigiúin éagsúla de réir sonraí stairiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar feadh an ama ar an líon daoine a thograíonn maireachtáil i gcathracha agus oibriú i gceantair thuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir a cheapadh lena gcuirfear gach críoch san áireamh, lena n-áirítear limistéir uirbeacha, limistéir uirbeacha agus limistéir fheidhmiúla; ag spreagadh an Choimisiúin chun LEADER a dhearadh sa chaoi gur féidir le cathracha beaga é a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an taithí a fuarthas maidir le cur chun feidhme TA2030 a nascadh leis an mbeartas comhtháthaithe amach anseo agus le moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil um Thodhchaí an Bheartais Chomhtháthaithe chun míchothromaíochtaí críochacha agus neamhréireanna feidhmiúla a shárú ar bhealach níos éifeachtaí; á chur i bhfios an deis a chuireann TA2030 ar fáil mar uirlis chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an bheartais chomhtháthaithe maidir le cuspóir an chomhtháthaithe chríochaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athbhreithniú comhleanúnach a dhéanamh ar TA2030 faoi dheireadh 2024, lena n-áirítear athbhreithniú críochnúil ar a chóras rialachais, an dul chun cinn atá déanta maidir lena chur chun feidhme agus ábharthacht a thosaíochtaí, mar a leagtar amach in TA2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gné cheangailteach na modheolaíochta a thuairiscítear i Lámhleabhar na straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla agus lena dtugtar an tosaíocht chéanna do bheartais chríochacha agus a thugtar do bheartais uirbeacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go mbeadh creat aonair ann le haghaidh straitéisí atá dírithe ar fhorbairt uirbeach agus ar fhorbairt chríochach níos leithne araon, lena ndéileálfar le ceanglais chríochacha ina n-iomláine;  á chur i bhfáth go bhféadfadh sé sin bacainní maorlathacha a laghdú go suntasach maidir le cistí a fháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear cistí chun feidhme go cuí agus go gcuirfear ionstraimí críochacha chun feidhme, agus tús áite á thabhairt do bhainistiú éifeachtúil gan maorlathas díréireach; á chur i bhfios go láidir gur gá rochtain ar chistí a shimpliú trí ‘ionaid ilfhreastail’ a shainaithint do thairbhithe féideartha ciste comhtháthaithe AE ICC nó tionscadail CLLD, go háirithe chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an gcineál maoinithe, ceanglais riaracháin agus incháilitheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag aithint ról na Comhairle Eorpaí i bhforbairt ghníomhaíochtaí críochacha na mBallstát;  á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní daonna leordhóthanacha a chur ar fáil d’údaráis bhainistíochta agus do chomhlachtaí cur chun feidhme araon atá i gceannas ar ICCnna nó ar CLLDanna, chun tacaíocht theicniúil agus seirbhísí comhairleacha a áirithiú go sonrach do Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla agus do chomhpháirtithe ICC agus chun comhlíonadh na rialachán a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a rannpháirtíocht sa bheartas críochach a mhéadú trí bheartas comhtháthaithe agus rialachas na réigiún a neartú chun comhtháthú agus micrea-chomhtháthú a chur chun cinn trí shainiúlachtaí gach réigiúin a chumhdach, trí chinnteoireacht a fheabhsú ar anleibhéal áitiúil agus réigiúnach agus trí uirlisí atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun bainistiú ionstraimí reachtacha a fheabhsú; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do chistí an bheartais chomhtháthaithe chun athléimneacht na forbartha críochaí a mhéadú, go háirithe chun a bheith in ann éifeachtaí imeachtaí gan choinne a mhaolú, réigiúin a chosaint ar fhulaingt na n-iarmhairtí agus seasamh leis an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur eol di an tionchar atá ag cinntí Sheimeastar AE ar chomhtháthú críochach agus, dá bhrí sin, ar an acmhainneacht cláir chríochacha a fhorbairt; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur gá gné chríochach an tSeimeastair Eorpaigh a neartú agus an comhghaol idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch na hEorpa a fheabhsú, agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach agus leis na moltaí tírshonracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar Choiste Eorpach na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ról níos gníomhaí a bheith acu san obair leantach agus i bhforbairt bhreise TA2030; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar acmhainneacht gach réigiúin dúshláin dhomhanda amach anseo a dhéanfaidh difear don chomhtháthú críochach a mhaolú;  á thabhairt dá haire go gcuirfeadh sé sin uirlis mhearfhreagartha ar fáil lena gceadófaí solúbthacht agus acmhainní á leithdháileadh nó á n-athneartú, de réir staid fíor-ama réigiúin AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt chun suntais a ábhartha atá na huirlisí críochacha ó thaobh rannpháirtíocht mhéadaithe agus chuimsitheach na sochaí sibhialta agus na rialtas áitiúil agus réigiúnach de;  á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí nua chun feasacht bhreise a mhúscailt maidir lena réasúnaíocht agus chun an úsáid a bhaintear as ICCanna agus as CLLDanna a mhéadú go suntasach, agus freisin trí chéatadán a d’fhéadfaí a úsáid i gcreat an bheartais chomhtháthaithe tar éis 2027 a chur ar leataobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta méadú a dhéanamh ar an leithdháileadh airgeadais atá beartaithe do chistí beartais chomhtháthaithe atá tiomnaithe do chothromaíocht agus dea-fheidhmiú na réigiún a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>