<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0012</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An tAontas Baincéireachta — tuarascáil bhliantúil 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0431/2023 -  Rapóirtéir:Ivars Ijabs)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2023 (2023/2078(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘An tAontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2022’<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0270.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin maidir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘An tAontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2022’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ‘Feedback on the input provided European Parliament as part of its Resolution on Banking Union 2022’ [Aiseolas maidir leis an ionchur arna sholáthar ag Parlaimint na hEorpa mar chuid dá Rún maidir leis an Aontas Baincéireachta] ón mBanc Ceannais Eorpach a foilsíodh an 20 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2022 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an 21 Márta 2023 maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2022 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 30 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú (COM(2015)0586),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Márta 2018 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil (AECE) (COM(2018)0135),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phreaseisiúint ón gComhairle an 7 Nollaig 2022 dar teideal ‘An sciúradh airgid a chomhrac: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le leabhar rialacha neartaithe',
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phreaseisiúint ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 dar teideal ‘An earnáil baincéireachta: Comhaontú sealadach maidir le hathchóirithe Basel III a chur chun feidhme’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú (COM(2023)0226),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú (COM(2023)0227),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme na cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht (COM(2023)0228),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil an Chúigear Uachtarán an 22 Meitheamh 2015 dar teideal ‘Comhlánú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas ón nGrúpa Euro an 16 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an Aontais Baincéireachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chaighdeáin Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht maidir le láimhseáil stuamachta ar nochtadh do chriptea-shócmhainní, a foilsíodh an 16 Nollaig 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha i ndiaidh phaindéim COVID-19 (COM(2020)0822),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ó BCE an 15 Nollaig 2020 maidir le híocaíocht amach díbhinní le linn phaindéim COVID-19,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Shraith Paípeár Ócáidiúil an BCE 'The Road to Paris: stress testing the transition towards a net-zero economy’ [An Bóthar go Páras: tástáil struis ar an aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach]
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thoradh chleachtadh trédhearcachta uile-Aontais 2023 de chuid an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE), a foilsíodh an 28 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ÚBE maidir leis an ról atá ag rioscaí comhshaoil agus sóisialta sa chreat stuamachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad BCE ó mhí na Bealtaine 2023 dar teideal Financial Stability Review [Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil BCE an 12 Nollaig 2022 maidir lena thosaíochtaí maoirseachta do 2023-25,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 12 Bealtaine 2023 dar teideal 'Tuarascáil speisialta 12/2023: Maoirseacht an Aontais ar riosca creidmheasa na mbanc -Chuir BCE dlús lena chuid iarrachtaí ach tá gá le tuilleadh chun dearbhú go ndéantar riosca creidmheasa a bhainistiú agus a chumhdach i gceart a mhéadú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ó Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, ag éisteachtaí an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid na Parlaiminte an 21 Márta 2023 agus an 28 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ag éisteacht phoiblí an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta leis an iarrthóir a moladh don ról mar Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta BCE an 20 Meán Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráitis Dominique Laboureix, Cathaoirleach ar BRA, ag éisteachtaí an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid na Parlaiminte an 1 Márta 2023 agus an 18 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do nóta tuairiscithe débhliantúil BRA chuig an nGrúpa Euro an 15 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ó Mhaoirseacht Baincéireachta BCE, ó ÚBE agus ó BRA an 20 Márta 2023 maidir leis an fógra a rinne údaráis na hEilvéise an 19 Márta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana dar dáta an 27 Meitheamh 2023 lena mbunaítear creat le haghaidh comhar rialála maidir le seirbhísí airgeadais idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú an 7 Nollaig 2022 arna shíniú ag Cathaoirleach Choiste na Parlaiminte um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus arna chomhaontú ag na comhordaitheoirí do shé ghrúpa pholaitiúla de chuid na Parlaiminte (Páirtí an Phobail Eorpaigh, Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, Renew Europe, na Glasaigh/an tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach, Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa agus an Chlé) maidir leis an scéim Eorpach árachais taiscí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le ról idirnáisiúnta an euro a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 118.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0431/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur dlúthchuid de chobhsaíocht airgeadais an Aontais é an tAontas Baincéireachta (BU), ina gcuimsítear faoi láthair an Sásra Maoirseachta Aonair, an Sásra Réitigh Aonair, agus leabhar rialacha aonair mar bhunús leis, agus go ráthaíonn sé íoschaighdeán ard i réimse na cosanta taiscí in éagmais scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuirfí cobhsaíocht agus slándáil bhreise ríthábhachtach ar fáil do chóras baincéireachta na hEorpa agus do na custaiméirí a úsáideann é dá dtabharfaí aghaidh ar na rioscaí a eascraíonn as an bhfadhb a bhaineann leis an nasc idir fiachas ceannasach agus banc atá ró-chomhchruinnithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbeadh BU lánfhorbartha ina fhorbairt dhearfach do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, lena soláthrófaí bonn do chóras baincéireachta níos cobhsaí, laghdú ar an riosca sistéamach, iomaíocht fheabhsaithe, rogha agus cosaint níos fearr do thomhaltóirí, deiseanna méadaithe do bhaincéireacht trasteorann agus rochtain ar sheirbhísí airgeadais miondíola, infheistíocht eacnamaíoch níos fearr, rochtain níos fearr ar chistiú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus costais níos ísle do chustaiméirí na mbanc, agus á áirithiú ag an am céanna nach n-úsáidfear cistí poiblí chun an earnáil baincéireachta a tharrtháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil bainc an Aontais tar éis tionchar fhogha na Rúise a sheasamh; de bhrí go bhfuil ról lárnach acu maidir lena áirithiú go ndéanfar na smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas i gcoinne na Rúise a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach mar fhreagairt ar an ionradh;  de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe chun imchéimniú smachtbhannaí a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur tosca iad an t-athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá le cur san áireamh agus inbhuanaitheacht chláir chomhardaithe na mbanc á measúnú, mar fhoinse riosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar infheistíochtaí i réigiúin agus in earnálacha éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach bhfuil comhaontú maidir le SEÁT bainte amach go fóill; de bhrí, tar éis iarrataí ón bParlaimint, gur mhol an Coimisiún athchóiriú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí (CMDI), agus é á aithint aige ag an am céanna nár cheart an creat sin a mheas mar ionadú ar SEÁT;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, cé gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil in 2020 maidir le cúlstop a chruthú don Chiste Réitigh Aonair (SRF), go bhfuil an cúlstop sin fós in easnamh; de bhrí, de réir na sonraí is déanaí atá ar fáil, go raibh 16 as 36 scéim ráthaithe taiscí san Aontas faoi bhun an leibhéil cistiúcháin (íosmhéid) a bhí ag teastáil uathu;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an easpa comhdhlúthaithe trasteorann in earnáil baincéireachta an Aontais ag cur isteach ar a hiomaíochas domhanda agus go bhfuil líon beag banc fós i gceannas ar bhaincéireacht tomhaltóirí i roinnt Ballstát; de bhrí gur tháinig méadú ar an mbearna bhrabúsachta idir bainc an Aontais agus SAM le deich mbliana anuas agus go bhfuil toradh ar chothromas bhainc an Aontais 5 phointe níos ísle ná toradh bhainc SAM<FOOTNOTE><FIELD> De Vito, L. et al., <STRING ITALIC="on">Understanding the profitability gap between euro area and US global systemically important banks</STRING>, Sraith Páipéir Ócáidiúil BCE 327, 2023 .</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur léirigh earnáil baincéireachta an Aontais brabúsacht atá ag dul i méid, i bpáirt mar gheall ar rátaí úis níos airde agus mar thoradh ar thaiscí méadaithe BCE; de bhrí gur tháinig meath ar chlár comhardaithe banc áirithe mar thoradh ar an méadú ar rátaí úis freisin mar gheall ar chaillteanais chaipitil neamhréadaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil baincéireachta atá láidir, cobhsaí, athléimneach, dinimiciúil agus iomaíoch ríthábhachtach chun fás eacnamaíoch a bhaint amach, chun fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta a mhaoiniú, chun an fhéidearthacht maidir le húinéireacht tí a mhéadú, agus don aistriú práinneach chuig geilleagar glas agus digiteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil rioscaí roimh earnáil na baincéireachta tar éis na paindéime agus an ionraidh, go háirithe i ndáil le meathlú ar cháilíocht sócmhainní; de bhrí, cé gur tháinig laghdú leanúnach ar chóimheas na hiasachta neamhthuillmheacha (NPL) go 2,24 % sa chéad ráithe de 2023, agus go bhfuil laghdú leanúnach tagtha air ó dheireadh an mhórchúlaithe eacnamaíoch, go bhfuil gá le laghdú breise;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go ndearna reachtóirí an Aontais rialacha a chaibidliú chun caighdeáin Basel III a chur chun feidhme ar bhealach a chaomhnaíonn iomaíochas na mbanc agus a chuireann sainiúlachtaí earnáil baincéireachta an Aontais san áireamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go gcuireann digitiú an airgeadais deiseanna tábhachtacha ar fáil d’earnáil na baincéireachta agus go bhfuil dul chun cinn teicneolaíoch tábhachtach tagtha chun cinn in earnáil baincéireachta an Aontais trí éifeachtúlacht mhéadaithe i soláthar seirbhísí baincéireachta agus trí spéis níos mó sa nuálaíocht; de bhrí go mbaineann dúshláin leis freisin, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí, rioscaí do chlú, frithsciúradh airgid (AML), agus ábhair imní maidir le cosaint tomhaltóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go mbraitheann institiúidí airgeadais níos mó agus níos mó ar úsáid theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC); de bhrí nach mór d’earnáil baincéireachta an Aontais a cibear-athléimneacht a mhéadú chun a áirithiú gur féidir le córais TFC cineálacha éagsúla bagairtí cibearshlándála a sheasamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar leibhéal na neamhchosanta ceannasaí i roinnt banc;de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as an bhfadhb a bhaineann leis an nasc idir fiachas ceannasach agus banc atá ró-chomhchruinnithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur cheart go gcuideodh an tAontas Baincéireachta le haghaidh a thabhairt ar an nasc nó fáinne fí idir fiachas ceannasach agus banc, atá fós ann; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar leibhéal na neamhchosanta ceannasaí i roinnt banc; de bhrí gur cheart go mbeadh láimhseáil stuamachta an fhiachais cheannasaigh comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go raibh tionchar diúltach ag arduithe ar an ráta úis ar acmhainneacht iasachtaíochta teaghlach agus ar chumas na n-iasachtaithe fiachas a aisíoc agus bainc an Aontais a dhéanamh leochaileach do chaillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; de bhrí gur tugadh aghaidh mar is ceart go dtí seo ar na rioscaí a eascraíonn as arduithe ar an ráta úis;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, chun Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche, go gceanglaítear rialacha comhchoiteanna agus uirlisí éifeachtacha a bhunú chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a laghdú agus chun rochtain ar mhaoiniú malartach a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe Meabhrán Tuisceana maidir le Comhar Rialála Seirbhísí Airgeadais, agus gur cheart go mbeadh an cur chuige comhoibritheach sin mar bhonn taca don chaidreamh fadtéarmach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go háirithe i réimse na baincéireachta; de bhrí gur chuir an Coimisiún síneadh arís lena chead sealadach lena gceadaítear do bhainc agus do bhainisteoirí cistí an Aontais tithe imréitigh na Ríochta Aontaithe a úsáid;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cáineadh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a thionchar ar mhuintir na hÚcráine, ar an Aontas agus in áiteanna eile; á iarraidh go leanfadh na bainc dá gcinntí straitéiseacha a oiriúnú don chomhthéacs nua Eorpach agus idirnáisiúnta a eascraíonn as an imthoisc sin, chun aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach, agus leanúint de na smachtbhannaí airgeadais arna nglacadh mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú, cé go bhfuil na Ballstáit freagrach as sáruithe ar smachtbhannaí an Aontais a shainaithint, go bhfuil ról lárnach ag earnáil na baincéireachta i gcur chun feidhme smachtbhannaí agus i bhfaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún bunachar sonraí a chruthú ar leibhéal an Aontais chun comhordú a chothú i measc na mbanc, chun bealaí éalaithe a dhúnadh i gcur chun feidhme smachtbhannaí ag na Ballstáit agus chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann bainc an Aontais smachtbhannaí chun feidhme; ag cur sonrú i seasamh na Parlaiminte maidir leis an togra le haghaidh rialachán an údaráis frithsciúrtha airgid (AMLA), lena gcuirtear de chúram ar an Údarás nua tacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil neamhchosaintí iomlána na hearnála baincéireachta dírí ar an Rúis agus ar an Úcráin teoranta toisc go bhfuil a neamhchosaintí á laghdú ag na bainc faoi láthair, agus á iarraidh go gcabhródh institiúidí maoirseachta agus Maoirseacht Baincéireachta BCE leis na bainc eile de chuid an Aontais atá ag feidhmiú sa Rúis imeacht ordúil a dhéanamh ó mhargadh na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an tAontas Baincéireachta fós ina chomhlánú bunriachtanach ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) agus, dá bhrí sin, ar an margadh inmheánach; á mheabhrú gurb iad príomhchuspóirí an Aontais Baincéireachta slándáil an chórais baincéireachta, cosaint taisceoirí agus tarrtháil banc ag cáiníocóirí a chosc; á aithint go ndearnadh dul chun cinn le 15 bliana anuas tríd an Sásra Maoirseachta Aonair (SSM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA) a bhunú, agus go bhfuil bainc an Aontais in ann turraingí airgeadais a sheasamh níos fearr anois; á iarraidh go dtabharfar an tAontas Baincéireachta chun críche, agus á thabhairt dá haire go bhfuil a thríú colún, SEÁT, fós ar feitheamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil a choinneáil mar phríomhthosaíochtaí don chuid eile dá shainordú reatha agus dá chéad sainordú eile; á thabhairt chun suntais go ndéantar an méid seo a leanas leis an dá thionscadal:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>rochtain níos leithne ar chistiú a thairiscint do theaghlaigh agus do FBManna, atá fós ag brath den chuid is mó ar chreidmheas bainc,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>infheistíochtaí agus cruthú post a chothú,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>tacú le geilleagar na hEorpa,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>tionchar an ghéarchoir eacnamaíoch a laghdú,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a chistiú, agus</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>acmhainneacht fáis an Aontais a scaoileadh;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú i ráiteas ÚBE an 13 Iúil 2023 ina luaitear go léiríonn earnáil baincéireachta AE/LEE brabúsacht atá ag dul i méid, ach go bhfuil cáilíocht sócmhainní agus rioscaí a bhaineann le brabúsacht ag bagairt;  á thabhairt dá haire gur tháinig méaduithe gearrthéarmacha le déanaí ar bhrabúsacht bhainc an Aontais (d'ardaigh an toradh bhliantúlaithe ar chothromas go 10,04 % sa dara ráithe de 2023, agus sa tréimhse chéanna de 2022 bhí sé 7,59 %, a bhain an leibhéal is airde amach le 14 bliana<FOOTNOTE><FIELD> BCE, <STRING ITALIC="on">Staidreamh Baincéireachta Maoirseachta le haghaidh institiúidí suntasacha. An dara ráithe, 2023</STRING>. Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>), ach ag tabhairt rabhadh gur gá iad sin a bheith inbhuanaithe chun iomaíochas fadtéarmach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag spreagadh úsáid brabús chun maoláin a thógáil, agus ar an gcaoi sin cobhsaíocht an chórais airgeadais a choimirciú, agus geilleagar na hEorpa a mhaoiniú; á thabhairt dá haire go raibh fionraí shealadach ar dháileadh díbhinní agus ar aischeannach scaireanna éifeachtach chun athléimneacht na mbanc a chosaint le linn ghéarchéim COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire gur léiríodh i Suirbhé Iasachtaithe Bhanc an Limistéir Euro R2 ó 2023 gur ghéaraigh na bainc a gcaighdeáin chreidmheasa maidir le hiasachtaí do ghnólachtaí agus do theaghlaigh le haghaidh ceannacháin tí mar gheall ar bhraistintí riosca níos airde, lamháltas riosca níos ísle agus costais chistithe mhéadaithe, agus go ndearna na bainc coinníollacha iasachtaithe níos doichte i measc leibhéil níos airde imní maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha<FOOTNOTE><FIELD> BCE, <STRING ITALIC="on">Suirbhé ar Iasacht ó Bhanc an Limistéir Euro</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag earnáil baincéireachta an Aontais maidir le téarnamh gheilleagar an Aontais a mhaoiniú agus á mheas go mbeidh an téarnamh ag brath freisin ar chaipiteal leordhóthanach a bheith ag bainc chun creidmheas a chur ar fáil, go háirithe ós rud é go gcuirtear deireadh de réir a chéile le bearta tacaíochta poiblí sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar bhaic ar chumaisc thrasteorann chomh maith le dreasachtaí féideartha le haghaidh imfhálú;  á thabhairt dá haire, de réir ráiteas poiblí ó Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, go bhfuil earnáil na baincéireachta fós, den chuid is mó, ina bailiúchán d’earnálacha baincéireachta náisiúnta;  á thabhairt dá haire go bhféadfadh earnáil baincéireachta an Aontais níos comhtháite feabhas a chur ar chumas na mbanc tabhairt faoi infheistíochtaí straitéiseacha agus forbairt mhargaí caipitil an Aontais a chothú, agus ag an am céanna á aithint go bhfeabhsaíonn éagsúlacht na samhlacha gnó baincéireachta sa limistéar euro athléimneacht an chórais airgeadais;  á thabhairt dá haire go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint le hinstitiúidí atá ‘rómhór le cliseadh’, agus á thabhairt dá haire go bhféadfaí cobhsaíocht airgeadais a mhéadú trí athchóiriú a dhéanamh ar G-SIBanna an Aontais lena dtugtar aghaidh ar rioscaí a bhaineann le guaiseacha morálta, á thabhairt chun suntais go bhféadfadh comhdhlúthú trasteorann gan comhchruinniú iomarcach brabúsacht earnáil baincéireachta an Aontais a mhéadú, agus go bhféadfadh sé feabhas a chur ar staid reatha na seirbhísí laghdaithe a chuirtear ar fáil agus na costais mhéadaithe do shaoránaigh i roinnt mhaith Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil seirbhísí baincéireachta miondíola i mBallstáit áirithe fós faoi cheannas líon beag banc agus an laghdú iarmhartach ar rogha na dtomhaltóirí do chustaiméirí baincéireachta miondíola;  á mheas nach mór go mbeadh Aontas Baincéireachta comhtháite ag brath ar mhargadh aonair dea-fheidhmiúil do sheirbhísí airgeadais miondíola;  á chur in iúl gur oth léi na bacainní atá fós ann ar sheirbhísí baincéireachta miondíola trasteorann agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar na constaicí agus na bacainní a thagann chun cinn do thomhaltóirí agus leas á bhaint acu as táirgí baincéireachta miondíola; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh Aontas Baincéireachta comhtháite feabhas a chur ar an iomaíocht agus ar rogha na dtomhaltóirí i réimse na baincéireachta miondíola, lena n-áirítear trí dheiseanna feabhsaithe chun seirbhísí baincéireachta miondíola trasteorann a sholáthar;  á chur i bhfáth na tairbhí a bhaineann le hearnáil baincéireachta éagsúlaithe agus iomaíoch san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil na rátaí úis a thairgtear do theaghlaigh agus do FBManna ar fud na mBallstát an-éagsúil óna chéile; ag tathant ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais breithniú a dhéanamh ar bhearta chun rogha agus iomaíocht tomhaltóirí a fheabhsú agus chun an t-ualach ar shealbhóirí morgáiste agus ar FBManna sna Ballstáit ina bhfuil rátaí iasachtaithe níos airde a éascú chun a áirithiú gur féidir le gach saoránach agus gnólacht rochtain a fháil ar chaipiteal a bhfuil géarghá leis ar rátaí cothroma agus iomaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag earnáil na baincéireachta maidir le tacú leis an aistriú chuig geilleagar digitithe atá neodrach ó thaobh carbóin de, maidir le cistí a threorú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite agus maidir le tacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Aontas agus le Dlí Aeráide an Aontais a bhaint amach<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1119 an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire go leanann bainc an Aontais dá neamhchosaint ar chorparáidí dianfhuinnimh agus ar chorparáidí breosla iontaise a laghdú, agus ag cur sonrú sna tosca éagsúla a bhfuil tionchar acu ar chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear luachanna sócmhainní breosla iontaise;  á chur in iúl go bhfuil sí ag fanacht le foilsiú na dtuarascálacha ó ÚBE maidir leis na saincheisteanna ríthábhachtacha a bhaineann le méid priacail risíochtaí institiúidí ar shócmhainní ESG agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag láimhseáil stuamachta choigeartaithe na risíochtaí sin, a fhoilseofar faoi dheireadh 2024 agus 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur theip ar institiúidí airgeadais cothromaíocht inscne a áirithiú, go háirithe ina gcomhlachtaí bainistíochta;  á chur i bhfáth go dtagann torthaí sochaíocha agus eacnamaíocha araon as an gcothromaíocht inscne ar bhoird agus sa lucht saothair; á iarraidh go ndéanfadh institiúidí airgeadais a mbeartais éagsúlachta agus chuimsithe a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus cabhrú le cultúir oibre shláintiúla a chothú ina dtugtar tús áite don chuimsitheacht; á iarraidh gombainfeadh údaráis mhaoirseachta úsáid as a gcumhachtaí maoirseachta chun aghaidh a thabhairt ar an easpa éagsúlachta agus cothromaíochta inscne i gcomhlachtaí bainistíochta na n-institiúidí airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa cothromaíochta inscne i gComhairle Rialaithe BCE, ina Bhord Maoirseachta agus i mBord BRA;  á iarraidh go ndéanfadh gníomhaithe a áirithiú go ndúnfaidh ceapacháin amach anseo an bhearna;  ag meabhrú rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 lena ndírítear ar chothromaíocht inscne a áirithiú sa liosta iarrthóirí atá le teacht d’ainmniúcháin do ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais agus ag athdhearbhú a tiomantais gan liostaí iarrthóirí nár urramaíodh prionsabal na cothromaíochta inscne iontu a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, mar chuid den nós imeachta roghnúcháin do Chathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, go ndearna BCE neamhaird ar an aiseolas ón bParlaimint; ag tathant ar BCE tuairim na Parlaiminte a chur san áireamh go cuí sna nósanna imeachta roghnúcháin atá ar na bacáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil neamhchosaintí na mbanc ar fhiachas ceannasach intíre fós ard san Aontas Baincéireachta;  á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an Aontais Baincéireachta an nasc idir rioscaí bainc agus rioscaí ceannasacha a bhriseadh;  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá scrúdú domhain a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le láimhseáil rialála neamhchosaintí ceannasacha laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta agus gur cheart í a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta, agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún é sin a chur san áireamh agus aghaidh á tabhairt ar an tsaincheist sin in aon tograí a bheidh ann amach anseo;  á chur in iúl go n-aontaíonn sí le himní ÚBE go bhfuil neamhchosaintí ceannasacha ábhartha do bhainc an Aontais agus go bhféadfadh siad a bheith ina bhfoinse leochaileachta<FOOTNOTE><FIELD> ÚBE, <STRING ITALIC="on">‘Risk Assessment of the European Banking System’</STRING>[Measúnú Riosca an Chórais Baincéireachta Eorpaigh], Nollaig 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh cruthú sócmhainne sábháilte an Aontais cuidiú leis na lúba aiseolais diúltacha idir stáit agus earnálacha baincéireachta intíre a mhaolú; á mheas go soláthraítear le NextGenerationEU sócmhainní Eorpacha ar ardcháilíocht a mbaineann riosca íseal leo, rud a fhágann gur féidir bannaí ceannasacha ar chláir chomhardaithe na mbanc a athchothromú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maoirseacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an gcóimheas Gnáthchothromas Leibhéal 1 sa dara ráithe de 2023 go 15,72 % (suas ó 14,96 % sa dara ráithe de 2022);  á chur in iúl gur oth léi gur thit an cóimheas cumhdaigh leachtachta go 158,00 % sa dara ráithe de 2023 (laghdú ó 164,36 % sa dara ráithe de 2022)<FOOTNOTE><FIELD> BCE, <STRING ITALIC="on">Staidreamh Baincéireachta Maoirseachta le haghaidh institiúidí suntasacha. An dara ráithe, 2023</STRING>, Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú breise ar chóimheas na n-iasachtaí neamhthuillmheacha, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh laghdaithe;  á mheabhrú go rannchuideodh laghdú riosca in earnáil na baincéireachta le hAontas Baincéireachta a bheadh níos cobhsaí, níos láidre agus níos dírithe ar fhás eacnamaíoch;  á iarraidh go ndéanfadh maoirseoirí faireachán freisin ar fhorbairt iasachtaí chéim 2;  ag cur sonrú san easpa dul chun cinn maidir leis an togra le haghaidh Treoir AECE, lena mbeartaítear sásra a chur ar fáil do bhainc, faoi choinníollacha áirithe, chun dlús a chur le haisghabháil luacha ó iasachtaí urraithe trí fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach nósanna imeachta, chun margaí tánaisteacha a fhorbairt tuilleadh le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil an margadh tánaisteach le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha níos éifeachtúla de bharr na Treorach maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2021/2167 an 24 Samhain 2021 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE (IO L 438, 8.12.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus coimircí arda á mbunú d’fhéichiúnaithe ag an am céanna;  á chur i bhfios go láidir gurb ionann iasachtaí neamhthuillmheacha a dhíol agus an dara réiteach is fearr i gcomparáid leis an gcreidmheas a thabhairt ar ais chuig stádas feidhmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an staid mhaicreacnamaíoch ag dul in olcas;  á chur i bhfios gur cheart do bhainc an Aontais ullmhú do mheath a d’fhéadfadh teacht ar cháilíocht sócmhainní;  á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá bainistiú stuama riosca agus soláthar iomchuí;  á iarraidh go n-ullmhódh an Coimisiún chomh maith le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Aontais le haghaidh meath a d’fhéadfadh teacht ar cháilíocht na sócmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt dá haire gur léirigh an babhta is déanaí de theipeanna bainc sna Stáit Aontaithe agus san Eilvéis leochaileachtaí an chórais airgeadais, go háirithe sna tíortha sin;  á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an mhéid sin, gur lean staid chaipitil agus leachtachta bhainc an Aontais de bheith láidir, rud a léiríonn athléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais;  á chur i bhfios go láidir gur thug maoirseoirí an Aontais agus maoirseoirí náisiúnta aghaidh ar na rioscaí sin agus á chur in iúl gur geal léi torthaí thástáil struis 2023 ar fud an Aontais agus go bhféadfadh bainc an Aontais géarchor eacnamaíoch a sheasamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go leanfadh maoirseoirí de mheasúnú a dhéanamh ar neamhchosaintí na mbanc ar rioscaí ráta úis a eascraíonn as athruithe breise ar leibhéil rátaí úis;  á thabhairt dá haire go mbraitheann neamhchosaint na mbanc ar riosca ráta úis ar a struchtúr sócmhainní agus ar a samhail ghnó, agus ag fanacht le measúnú an Choimisiúin ar an gcreat rialála do bhainc;  á chur in iúl gur cúis bhuartha di leibhéal suntasach an fhiachais cheannasaigh ar chláir chomhardaithe na mbanc san Aontas Baincéireachta; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá mionscrúdú a dhéanamh laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta ar shaincheist na láimhseála rialála ar neamhchosaintí ceannasacha agus gur cheart go mbeadh sí comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta; á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an Aontais Baincéireachta an nasc idir rioscaí bainc agus rioscaí ceannasacha a bhriseadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú go leagann ‘Athbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais 2023’ BCE béim ar a thábhachtaí atá sé an meath ar chláir chomhardaithe na mbanc a bhaineann le rátaí úis atá ag dul i méid a chur san áireamh agus ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh ar na húdaráis mhacrastuamachta bearta caipitil agus/nó bearta a bhaineann le hiasachtaí a neartú de réir a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí creat rialála an Aontais a chomhchuibhiú tuilleadh, i gcás inarb iomchuí, chun cóineasú idir na húdaráis náisiúnta a chur chun cinn agus leas a bhaint as an idirphlé maoirseachta chun measúnú a dhéanamh ar éabhlóid na mbagairtí ar earnáil na baincéireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air ar an leibhéal idirinstitiúideach chun caighdeáin Basel III a chur chun feidhme san Aontas; á chur i bhfios go láidir go soláthróidh an creat leibhéil éagsúla mhéadaithe ar cheanglais stuamachta ag brath ar spleáchas na mbanc ar úsáid samhlacha inmheánacha chun a n-ualuithe riosca a ríomh;  á thabhairt chun suntais go bhfuil na rialacha nua tar éis comhréireacht sa mhaoirseacht baincéireachta a neartú agus a shonrú ar bhealach níos fearr agus go leanfaidh siad de chobhsaíocht airgeadais a mhéadú san Aontas;  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cothrom na Féinne idir dlínsí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur sonrú sna tuairimí a chuir ÚBE agus BCE in iúl maidir leis na dialltaí ón gcomhaontú idirnáisiúnta a tugadh isteach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth go gcruthaíonn criptea-shócmhainní deiseanna agus dúshláin nua do bhainc;  á thabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme chaighdeáin Basel maidir le criptea-shócmhainní fós ar feitheamh;  á chur in iúl gur díol sásaimh di an córas idirthréimhseach atá san áireamh cheana féin san athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).</FIELD></FOOTNOTE> agus ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil;  á chur in iúl go bhfuil sí ag fanacht leis an togra reachtach ón gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2025 chun láimhseáil stuamachta thiomnaithe a thabhairt isteach le haghaidh risíochtaí ar chriptea-shócmhainní, agus caighdeáin Basel á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thbhairt dá haire go bhfuil earnáil na n-idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc ag fás i gcónaí; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar athléimneacht idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc agus cothrom na Féinne a bhunú le hearnáil na baincéireachta, lena n-áirítear trí uirlisí sonracha rialála agus maoirseachta a cheapadh chun géarchéim leachtachta a chosc;  á chur in iúl gur geal léi an Tuarascáil ar Chobhsaíocht Airgeadais Dhomhanda ó CAI, a foilsíodh i mí Aibreáin 2023, ina sainaithnítear foinsí riosca a d’fhéadfadh a bheith ann don earnáil airgeadais:  ag tabhairt rabhaidh go méadaíonn idirnascadh institiúidí airgeadais neamhbhainc (NBFI) le bainc an riosca go n-aistreofaí deacrachtaí ó cheann amháin go dtí an ceann eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé comhtháthú breise a chomhcheangal le coimircí leordhóthanacha lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist baile-óstach ar bhealach comhréireach agus inchreidte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt dá haire go n-áirítear rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra i dtosaíochtaí maoirseachta BCE do na blianta atá le teacht; á chur in iúl gur geal léi, i measc nithe eile, an dara tástáil struis aeráide ar fud an gheilleagair a rinne BCE i mí Mheán Fómhair 2023;  ag cur sonrú sna conclúidí ó Shraith Páipéar Ócáidiúil Uimh. 328 BCE ar <STRING ITALIC="on">‘The Road to Paris: stress testing the transition towards a net-zero economy’</STRING> [An Bóthar go Páras: tástáil struis ar an aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach] mar go maíonn sé gurb é an bealach is fearr chun geilleagar glan-nialasach a bhaint amach do ghnólachtaí, do theaghlaigh agus do bhainc sa limistéar euro ná dlús a chur leis an aistriú glas chuig ráta atá níos tapúla ná mar atá faoi na beartais atá ann faoi láthair;  á thabhairt dá haire go gcuireann BCE rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra san áireamh ina chleachtais mhaoirseachta agus go ndéanann sé faireachán géar ar rioscaí fisiciúla agus aistrithe atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht, inchomparáideacht agus cáilíocht rátálacha ESG;  á thabhairt dá haire go molann ÚBE go ndéanfaí tosca comhshaoil agus/nó sóisialta a chomhtháthú i measúnuithe creidmheasa seachtracha mar spreagthóirí riosca creidmheasa nuair is ábhartha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chuige BRA maidir le measúnuithe inréiteachta a dhoimhniú trí bhearta rialaithe cáilíochta a fhorbairt le haghaidh pleananna réitigh agus trí mheasúnú a dhéanamh ar cé acu is féidir nó nach féidir na pleananna sin a chur chun feidhme ar ghearrfhógra;  á chur i bhfios, chun go mbeidh pleananna réitigh i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais dhlíthiúla, nach mór measúnú cuimsitheach ar inréititheacht gach bainc a áireamh iontu, lena n-áirítear an ann do bhaic shubstaintiúla ar inréititheacht agus conas is féidir deireadh a chur leis na baic sin, lena n-áirítear athruithe ar struchtúr agus eagrú bainc más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ar an iomlán, go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag bainc atá faoi shainchúram BRA i dtreo inréititheachta, agus i ndáil le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais a fhorbairt; ag dréim leis go leanfaidh an treocht dhearfach sin, á mheabhrú nár cheart go mbeadh sé ina ‘sprioc aistrithe’ inréititheacht a bhaint amach do na hinstitiúidí uile agus gur cheart go mbeadh gach banc inréitithe go hiomlán faoi dheireadh 2023;  á thabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn do na bainc uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh Chathaoirleach nua BRA athbhreithniú straitéiseach cuimsitheach a dhéanamh agus plean gníomhaíochta nua a chur ar fáil;  á iarraidh go ndéanfadh BRA trédhearcacht a chinntí a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ordlathas creidiúnaithe a chosaint i nósanna imeachta réitigh banc agus i nósanna imeachta dócmhainneachta; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ó mhaoirseacht baincéireachta BCE, BRA agus ÚBE ina gcuirtear i bhfios go láidir go ndéanfaidh ionstraimí gnáthchothromais caillteanais a ionsú san Aontas agus nach bhféadfaí Leibhéal 1 Breise a dhíluacháil ach amháin má baineadh úsáid iomlán as na hionstraimí cothromais sin;  á mheabhrú gur gá, mar a chuir Cathaoirleach BRA in iúl, an t-ordlathas díluachála a urramú go huile agus go hiomlán i gcás cliseadh bainc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb iad breoslaí iontaise an príomhchúis le dlús a chur leis an athrú aeráide, agus gur gá go leor sócmhainní breosla iontaise a thréigean roimh dheireadh a saoil eacnamaíoch, a luach ar fad a chailleadh agus a bheith ina sócmhainní tréigthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cur sonrú sa togra chun creat CMDI a athchóiriú tar éis iarrataí ón bParlaimint;  á iarraidh go leathnófaí raon feidhme an réitigh, go ndéanfaí an measúnú ar leas an phobail a shoiléiriú, go ndéanfaí cáiníocóirí a insliú ó chostas chliseadh na mbanc agus go ndéanfaí raon feidhme na Státchabhrach a theorannú, chomh maith le maolú a dhéanamh ar aon bhearta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le guais mhorálta iomarcach;  á iarraidh go ndéanfar an t-athbhreithniú ar CMDI a ghlacadh go pras agus go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire nach seoltar banc a bhfuil ag cliseadh air faoi réiteach ach amháin nuair nach féidir leis dul trí ghnáthimeachtaí dócmhainneachta gan dochar a dhéanamh do leas an phobail nó gan a bheith ina chúis le héagobhsaíocht airgeadais;  á thabhairt dá haire freisin go n-áirítear ar na tograí le haghaidh athchóiriú amach anseo rochtain a thabhairt do bhainc bheaga agus mheánmhéide, le measúnú dearfach ar leas an phobail, ar an gcreat réitigh ar leibhéal an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun rochtain a fháil ar an gCiste Réitigh Aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag BRA agus ag líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal maidir le cáiníocóirí a chosaint ar chostais tarrthálacha a íoc; á chreidiúint nach mór ranníocaíochtaí le líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal a ríomh i gcomhréir leis an riosca a léiríonn an institiúid; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin an chomhaontaithe pholaitiúil i mí na Samhna 2020 maidir le tabhairt isteach luath, nach bhfuil an cúlstop don Chiste Réitigh Aonair (SRF), ina bhfuil líne chreidmheasa ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), i bhfeidhm go fóill mar gheall ar an moill ar phróiseas daingniúcháin an Chomhaontaithe Leasaithigh a ghabhann le Conradh SCE;  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá SRF chun creat bainistithe géarchéime a bheidh láidir agus inchreidte a áirithiú;  á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit uile an Comhaontú Leasaitheach a ghabhann le Conradh SCE a dhaingniú go hiomlán lena n-áirítear cúlstop coiteann a bhunú do CRA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheabhrú gur gá do na bainc leanúint dá n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus a bpríomhfheidhmeanna a chomhlíonadh tar éis chur chun feidhme cinneadh réitigh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh strus leachtachta a bheith ar bhainc i gcás réitigh díreach tar éis dóibh rochtain ar an margadh a fháil ar ais;  á iarraidh go dtiocfadh institiúidí an Aontais ar chomhaontú maidir le réiteach lena dtugtar muinín agus lena bhfeabhsaítear intuarthacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Árachas taiscí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tacú le hiarrataí ó fhoireann chaibidlíochta SEÁT Pharlaimint na hEorpa, in éineacht le comhordaitheoirí agus Cathaoirleach Choiste ECON sa ráiteas an 7 Nollaig 2022 go ndéanfaí athbhreithniú uaillmhianach ar chreat CMDI a d’fhéadfadh cuidiú le constaicí ar bhunú SEÁT a shárú agus go gcuirfí tús arís leis an gcaibidlíocht maidir le SEÁT;  ag aontú leis an iarraidh ó BCE go gcuirfí tús arís leis an obair chun SEÁT a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair reachtach ar an leibhéal parlaiminteach maidir le togra SEÁT a rinneadh ó ráiteas mhí na Nollag 2022 ó fhoireann chaibidlíochta SEÁT na Parlaiminte;  ag athdhearbhú thiomantas na Parlaiminte oibriú i dtreo comhaontú ar SEÁT;  á iarraidh go n-oibreodh na comhreachtóirí chun SEÁT a bhunú a bheidh réalaíoch, inchreidte agus láidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin raon feidhme na cosanta do thaisceoirí a shoiléiriú agus cóineasú a fheabhsú trí athchóiriú a dhéanamh ar Threoir 2014/49/AE maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí mar chuid den athbhreithniú CMDI<FOOTNOTE><FIELD> IO L 173, 12.6.2014, lch. 149.</FIELD></FOOTNOTE>;  á chur i bhfios go láidir, cé nach féidir a mheas gur ionadú é athbhreithniú CMDI ar SEÁT, go bhféadfadh creat níos comhchuibhithe cuidiú le constaicí ar bhunú SEÁT a shárú;  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhréireacht riosca na ranníocaíochtaí le scéimeanna ráthaithe taiscí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le SEÁT lánfheidhme le ranníocaíochtaí rioscabhunaithe lena gcumasaítear comhroinnt caillteanais;   á iarraidh go ndéanfaí measúnú spriocdhírithe ar cháilíocht sócmhainní bainc; á mholadh go dtosófaí trí leachtacht a chomhthiomsú agus ciste an Aontais a fhorbairt de réir a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí scéimeanna cosanta institiúideacha san áireamh faoi aon SEÁT, go háirithe a n-éifeacht maolaithe riosca, agus cothrom na Féinne laistigh den Mhargadh Aonair á chaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an Aontais Baincéireachta an nasc idir rioscaí bainc agus rioscaí ceannasacha a bhriseadh;  á thabhairt dá haire go bhfuil neamhchosaintí na mbanc ar fhiachas ceannasach intíre fós ard san Aontas Baincéireachta; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le himní ÚBE go bhfuil neamhchosaintí ceannasacha ábhartha do bhainc an Aontais agus go bhféadfadh siad a bheith ina bhfoinse leochaileachta; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an tsaincheist maidir le láimhseáil rialála neamhchosaintí ceannasacha a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta, agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún é sin a chur san áireamh agus aghaidh á tabhairt air in aon tograí a bheidh ann amach anseo maidir leis an tsaincheist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn suntasach atá déanta ó 2015 i leith maidir le rioscaí a laghdú;  á thabhairt dá haire, ar an taobh eile, go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta maidir le comhroinnt riosca;   á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le laghdú riosca iomchuí agus éifeachtach chun go n-éireoidh leis an Aontas Baincéireachta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBord Réitigh Aonair agus chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>