<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0013</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ról Pharlaimint na hEorpa agus a taidhleoireacht pharlaiminteach i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0405/2023 -  Rapóirtéir:Jordi Solé)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 ar ról Pharlaimint na hEorpa agus a taidhleoireacht pharlaiminteach i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais (2023/2105(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 14, 1, 21 agus 36 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú maidir le Cuntasacht Pholaitiúil an 20 Iúil 2010 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 28 Meitheamh 2016 lena nglactar an tuarascáil dar teideal  –  [Fís Chomhroinnte, Gníomhaíocht Chomhchoiteann: Eoraip níos láidre – Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Márta 2020 dar teideal  [Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN(2020)0005),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chompás Straitéiseach an Aontais don tSlándáil agus don Chosaint – Ar mhaithe le hAontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, a glacadh an 21 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action</STRING> [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: Clár oibre Uaillmhianach don Chomhionannas Inscne agus do Chumhachtú na mBan i nGníomhaíocht Seachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mhír 34 de Dhearbhú Chruinniú Mullaigh 2023 idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh an 18 Iúil 2023 ina n-aithnítear gur gné thábhachtach den chaidreamh í an taidhleoireacht pharlaiminteach;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 15 Márta 2023 don Chomhairle agus do Leas‑Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/410, 23.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2023/410/oj?locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2019 maidir le forbairt a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais i dtaobh coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil a dhéanamh ina leith<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa d’fhonn ionracas, neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0316.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0405/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go gcumhdaíonn ról Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir agus mar údarás comhbhuiséadach ní hamháin beartais inmheánacha an Aontais, ach freisin, den chuid is mó, gníomhaíocht sheachtrach an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, le hAirteagal 36 CAE, go gceanglaítear ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa go rialta i dtaobh phríomhghnéithe an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi fhorbairtí beartais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le toiliú Pharlaimint na hEorpa chun formhór na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a theacht i bhfeidhm; de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go gcuirfear Parlaimint na hEorpa ‘go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta’ le haghaidh chaibidlíocht na gcomhaontuithe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéanann Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú agus plé ar sheoladh ghnóthaí seachtracha an Aontais, go háirithe trí obair a Coiste um Ghnóthaí Eachtracha agus a dhá fochoiste um Chearta an Duine agus um Shlándáil agus um Chosaint, agus trína Coistí um Thrádáil Idirnáisiúnta agus um Fhorbairt; de bhrí go n-áirítear sa ról grinnscrúdaithe sin ábhair a bhaineann le straitéisí téamacha, réigiúnacha agus tíre an Aontais agus doiciméid bheartais eile a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú, amhail Plean Gníomhaíochta AE maidir le hInscne, chomh maith le cúnamh airgeadais agus ceapacháin chuig poist shinsearacha laistigh d’ionadaíocht sheachtrach an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndéanann Parlaimint na hEorpa, mar an t-aon institiúid de chuid an Aontais atá tofa go díreach ag saoránaigh an Aontais, díospóireachtaí poiblí a reáchtáil sa suí iomlánach agus i gcoistí agus go nglacann sí tuarascálacha agus rúin a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála an Aontais agus leis an staid i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe maidir le cearta an duine, agus go rannchuidíonn sí, dá bhrí sin, le feasacht an phobail a ardú agus le plé a spreagadh laistigh den Aontas, ach freisin sna tíortha lena mbaineann; de bhrí go rannchuidíonn na tuarascálacha agus na rúin sin le forbairtí normatacha ar fud an domhain agus go ndéanann gníomhaithe ó thíortha nach bhfuil san Aontas grinnscrúdú orthu, lena n-áirítear rialtais, parlaimintí, agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus na meán agus go bhféadfadh freagairtí agus iarmhairtí a bheith sna tíortha sin dá ndeasca;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil líonra uathúil de 45 bhuantoscaireacht ag Parlaimint na hEorpa a choimeádann agus a neartaíonn an caidreamh le parlaimintí eile ó thíortha, réigiúin agus eagraíochtaí nach bhfuil san Aontas; de bhrí gur minic gurb ionann na comhlachtaí sin agus an ghné pharlaiminteach de chomhaontuithe déthaobhacha an Aontais leis na tíortha sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról Pharlaimint na hEorpa i dtaca le buiséad bliantúil an Aontais a bhunú ríthábhachtach chun tacú leis na tíortha is mó atá i ngátar chun dúshláin fhadtéarmacha ó thaobh forbartha de a shárú tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar mhórthubaistí daonnúla agus éigeandálaí daonnúla, go háirithe trí chabhair dhaonnúil a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cuspóir de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea comhionannas inscne a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstáit uile AE agus ag Parlaimint na hEorpa i leith Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná agus an tSíocháin agus an tSlándáil a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa anois ar cheann de na parlaimintí is gníomhaí ó thaobh a gníomhaíochta taidhleoireachta parlaimintí de agus ó thaobh na n-acmhainní a thugtar di; de bhrí go rannchuidíonn an taidhleoireacht pharlaiminteach le cuspóirí an Aontais a bhaint amach agus le luachanna agus beartais an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear ar an leibhéal iltaobhach, lena ndéantar breisluach a chur leis trí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais atá níos comhleanúnaí agus níos comhtháite a chur chun cinn; de bhrí gur féidir le taidhleoireacht pharlaiminteach feabhas a chur ar chumarsáid straitéiseach agus ar infheictheacht agus éifeachtacht cinntí agus bearta cur chun feidhme faoi CBES agus faoi chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) an Aontais araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, trí úsáid a bhaint as taidhleoireacht pharlaiminteach go mbíonn Parlaimint na hEorpa i dteagmháil le ceannairí domhanda, oifigigh tofa, ionadaithe rialtais agus taidhleoirí, le hinstitiúidí poiblí, eagraíochtaí agus ionadaithe ón tsochaí sibhialta, lena n-áirítear ó phobail leochaileacha agus ó phobail atá i mbaol, agus le geallsealbhóirí eile ó thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach agus le hinstitiúidí iltaobhacha ar bhonn leanúnach, go háirithe trí obair a toscaireachtaí agus a coistí, lena n-áirítear trí éisteachtaí a reáchtáil, tuarascálacha agus rúin a ghlacadh agus cuairteanna a thabhairt ar thíortha;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, le hAirteagal 36 CAE, go dtugtar sainordú don Ardionadaí/Leas-Uachtarán teacht os comhair Pharlaimint na hEorpa dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad chun tuairisciú ar an staid ratha maidir le CBES/CBSC agus chun ceisteanna a fhreagairt; de bhrí nach mór nuashonrú a dhéanamh ar an gComhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a bhaineann le rochtain a bheith ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 298, 30.11.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go ndéanann Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán Pharlaimint na hEorpa, atá faoi cheannas chathaoirligh an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Fhorbairt agus a chuimsíonn FPEnna ó gach réimse den speictream polaitiúil, maoirseacht ar iarrachtaí Pharlaimint na hEorpa tacú leis an daonlathas lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear maidir le breathnóireacht toghcháin, idirghabháil agus idirphlé; de bhrí, trí Idirphlé Jean Monnet um Shíocháin agus Daonlathas, go ndéanann Parlaimint na hEorpa ceannairí polaitiúla a thabhairt le chéile ar mhaithe leis an gcumarsáid idirpháirtí agus fothú comhdhearcaidh a chur chun cinn. de bhrí go bhféadfaidh FPEnna gníomhú mar thoscairí agus mar idirghabhálaithe speisialta chun coinbhleachtaí a chosc i gcásanna áirithe ardteannais ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go gcabhraíonn Parlaimint na hEorpa le parlaimintí náisiúnta agus le tionóil réigiúnacha idirnáisiúnta lasmuigh de theorainneacha an Aontais chun a n-acmhainneacht institiúideach a fheabhsú; de bhrí go bhfuil idirphlé leanúnach bunaithe aici leis na reachtais sin agus go ndéanann sí dea-chleachtais a mhalartú go rialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur breathnóir toghcháin a aithnítear go hidirnáisiúnta í Parlaimint na hEorpa; de bhrí go bhfuil toscaireachtaí breathnóireachta toghchán Pharlaimint na hEorpa leabaithe i misin breathnóireachta toghcháin AE nó i misin idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go dteachtann grúpaí polaitiúla agus Feisirí aonair de Pharlaimint na hEorpa líonra dlúth agus fadréimseach teagmhálacha le páirtithe polaitiúla, parlaiminteoirí, oifigigh rialtais agus geallsealbhóirí ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i dtíortha aontachais an Aontais agus i gcomharsanacht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, sa bhreis ar Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa lasmuigh den Aontas i Londain agus Washington, go bhfuil oifigí allamuigh ag Parlaimint na hEorpa do na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac, don Aontas Afracach in Addis Ababa agus do Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas in Iacárta, a bhfuil sé mar chuspóir acu an comhar parlaiminteach leis na heagraíochtaí iltaobhacha sin a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go luaitear in Airteagal 5(7) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle ‘go mbeidh sé d’acmhainn ag Toscaireachtaí an Aontais freagairt do riachtanais institiúidí eile an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, ina dteagmhálacha leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta nó le tríú tíortha a bhfuil na Toscaireachtaí ceaptha chucu’;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Taidhleoireacht pharlaiminteach a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról méadaitheach Pharlaimint na hEorpa i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, a bhfuil forbairt tagtha air de réir a chéile agus ar ról é anois atá substaintiúil, lena gcomhcheanglaítear a cumhachtaí reachtacha, buiséadacha agus grinnscrúdaithe le cineálacha iomadúla rannpháirtíochta le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le tíortha, sochaithe agus le daoine ó lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról agus luach ar leith ag taidhleoireacht pharlaiminteach an Aontais chun infheictheacht agus tionchar bheartas eachtrach agus slándála an Aontais a chomhlánú agus a threisiú, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), leis an gCoimisiún agus le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát, agus caomhnú á dhéanamh aici ar uathriail shainiúil Pharlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá taidhleoireacht pharlaiminteach mar bhealach chun teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí atá níos éagsúla i dtíortha comhpháirtíochta agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas chun feasacht a mhéadú faoi reachtaíocht agus seasaimh an Aontais, chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhearcthaí, ar thionchair agus ar iarmhairtí na reachtaíochta agus na seasamh sin sna tíortha sin agus chun comhghuaillíochtaí idir piaraí agus comhpháirtíochtaí stóinseacha a chruthú i gcomhthéacs idirnáisiúnta atá ag éirí níos casta agus níos ilpholaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin a rannchuidithe ar leith le spriocanna bheartas eachtrach agus slándála an Aontais a ghnóthú, chomh maith le breisluach agus comhlántacht na taidhleoireachta parlaimintí, nach bhfaigheann Parlaimint na hEorpa aitheantas iomlán fós ón gCoimisiún, ón gComhairle ná ó SEGS, mar ghníomhaí lárnach laistigh den chur chuige ‘Foireann na hEorpa’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil ionchasacht mhór neamhshaothraithe ann do Pharlaimint na hEorpa chun forbairt sa bhreis a dhéanamh ar a ról taidhleoireachta agus ar a rannchuidiú i leith chuspóirí bheartas eachtrach agus slándála an Aontais a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Uirlisí, modhanna agus luachanna na taidhleoireachta parlaimintí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais go ndéanann Parlaimint na hEorpa rannchuidiú sonrach, dinimiciúil agus le beartas eachtrach agus slándála an Aontais agus i ndul i ngleic le dúshláin dhomhanda trí obair a coistí a bhíonn i mbun oibre ar ghnóthaí seachtracha, lena n-áirítear na fochoistí um Chearta an Duine agus um Shlándáil agus Cosaint, lena rannchuidítear leis an gcaidreamh le tíortha nach bhfuil san Aontas, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an tsochaí shibhialta ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth, go ndéanann na buantoscaireachtaí obair atá tábhachtach agus atá comhlántach le hobair sin na gcoistí trí fhóram atá rialta agus marthanach a bhunú i gcomhair idirphlé polaitiúil le tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí chomhchomhlachtaí parlaiminteacha agus tionóil iltaobhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag na buantoscaireachtaí mar nasc idir Parlaimint na hEorpa agus a comhpháirtithe ar fud an domhain, lena ndéantar idirghníomhaíocht a éascú, lena soláthraítear faisnéis go comhsheasmhach do choistí agus do comhlachtaí eile Pharlaimint na hEorpa, lena ndéantar seasaimh agus beartais leasa choitinn a phlé, agus lena n-éistítear le comhpháirtithe éagsúla agus le geallsealbhóirí eile agus lena ndéantar a dtuairimí a chur in iúl do na comhlachtaí inniúla laistigh de Pharlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheas gur dlúthchuid de bheartas seachtrach an Aontais iad misin oifigiúla Pharlaimint na hEorpa lasmuigh den Aontas, agus nach mór dóibh, dá bhrí sin, lántacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais a theachtadh, mar aon leis an leibhéal is airde faisnéise agus slándála ó SEGS ina leith sin; á iarraidh go gcuirfí na hacmhainní uile is gá ar fáil do Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS; á mheas go ndéanfadh comhordú, pleanáil agus socrú tosaíochtaí níos fearr i gcás na misean idir comhlachtaí éagsúla Pharlaimint na hEorpa comhsheasmhacht, inchreidteacht agus tionchar ról taidhleoireachta Pharlaimint na hEorpa a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh comhlachtaí ábhartha Pharlaimint na hEorpa comhordú inmheánach a chur ar bun trí, as measc gníomhaíochtaí eile, liosta de thíortha tosaíochta lena dhul i dteagmháil a dhréachtú go tréimhsiúil, bunaithe ar chomhaid reachtacha agus ar thosaíochtaí geopholaitiúla nó straitéiseacha atá beartaithe, trí mhalartuithe comhpháirteacha tuairimí a reáchtáil leis na tíortha tosaíochta sin maidir le caidreamh an Aontais nó maidir le saincheisteanna cothrománacha geopholaitiúla nó coinbhleachta, agus trí shineirgí a chothú idir misin Pharlaimint na hEorpa thar lear chun dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, acmhainní a chuíchóiriú agus comhsheasmhacht i dteachtaireachtaí Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart do parlaiminteoirí a bheith ullmhaithe go hiomlán maidir leis na gnéithe den chaidreamh cultúrtha agus idirnáisiúnta a bhaineann thír nach bhfuil san Aontas agus iad ag dul ar mhisean oifigiúil, ionas gur féidir leo cultúr idirphlé a chothú i gcomhthéacs idirphlé ar chultúir; á iarraidh, ina leith sin, ar SEGS, agus go háirithe ar a rannán um Chumarsáid Straitéiseach agus um Fhadbhreathnaitheacht, tacú go hiomlán le misin oifigiúla Pharlaimint na hEorpa chuig tíortha nach bhfuil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chreidiúint go rannchuidíonn an t-idirphlé polaitiúil a dhéanann Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí ar leith le gníomhaithe rialtais, parlaiminteacha agus na sochaí sibhialta ar fud an domhain i dtaobh tosaíochtaí, tuairimí agus luachanna an Aontais maidir le caighdeáin dhomhanda a chur chun cinn i réimsí amhail chearta uilíocha an duine agus an daonlathas, cearta LGBTI, cearta na mban agus comhionannas inscne, an taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh, nascacht, an intleacht shaorga agus beartais dhigiteacha agus theicneolaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil Parlaimint na hEorpa tiomnaithe go comhsheasmhach do chearta an duine, don smacht reachta agus don daonlathas a chur i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus do phríomhfhóram a chur ar fáil chun guth na sochaí sibhialta agus na ngeallsealbhóirí daonlathacha ar fud an domhain a éisteacht agus a mhéadú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil gníomhaíochtaí á déanamh aici chun tacú le cosantóirí chearta an duine (HRDanna), le parlaiminteoirí atá i mbaol agus ceannairí polaitiúla óga, chomh maith le tacú le rannpháirtíocht na mban sa saol polaitiúil agus leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa a fhorbairt tuilleadh agus go dtabharfaí guth dóibh siúd a bhfuil a gcearta i mbaol sa chéad téarma parlaiminteach eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá díospóireachtaí agus rúin Pharlaimint na hEorpa maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, mar cheann dá uirlisí ag a bhfuil an tionchar is mó thar lear agus aghaidh á tabhairt ar chásanna a bhaineann le cearta an duine i dtíortha nach bhfuil san Aontas; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh na díospóireachtaí agus na rúin sin níos infheicthe, lena n-áirítear maidir le cláir oibre na seisiún iomlánach agus i gcomhréir le hobair na gcoistí agus na mbuanchomhlachtaí parlaiminteacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí agus a uathúla atá ról Pharlaimint na hEorpa i misin breathnóireachta toghchán agus ar bhonn níos leithne i gcláir thacaíochta don daonlathas, amhail a threisiú ar an daonlathas parlaiminteach i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus i dtionscnaimh lena mbaineann idirghabháil, fothú acmhainneachta a éascú, coinbhleachtaí a chosc, cultúr parlaiminteach comhthoiliúil agus daonlathach a chothú agus cearta an duine a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí na fionnachtain ó ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán maidir le tíortha sonracha, mar aon leis na fionnachtain sin a eascraíonn as misin breathnóireachta AE um thoghcháin, a chomhtháthú ar bhealach níos fearr in obair ábhartha na gcoistí agus na dtoscaireachtaí, agus i seisiúin iomlánacha agus iad ag díriú ar na tíortha céanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí comhordú neartaithe leis an gCoimisiún, lena n-áirítear Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus um Chaibidlíocht maidir le Méadú agus Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, chun tacú leis an daonlathas parlaiminteach ar fud an domhain agus chun tacaíocht institiúideach do pharlaimintí a threisiú; á mholadh go bhféadfadh an líonra le parlaimintí náisiúnta maidir le tacaíocht don daonlathas, arna bhunú ag Parlaimint na hEorpa, a bheith ina ionad institiúideach rialta chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus úsáid thairbhiúil a bhaint as saineolas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cothromaíocht inscne a bhaint amach i ngach gníomhaíocht agus misean, lena n-áirítear in ionadaíochtaí Pharlaimint na hEorpa, agus iad ag taisteal lasmuigh den Aontas, agus saineolas ar chomhionannais inscne a leathnú trí shaineolaithe ar chomhionannas inscne a imscaradh mar chuid de ghníomhaíochtaí agus de chláir cúnaimh pharlaimintigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa le beartas eachtrach agus slándála an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go mbeadh an chéad téarma parlaiminteach eile agus bunú an Choimisiúin thodhchaíoch ina dheis chun creat an chaidrimh idirinstitiúidigh idir Parlaimint na hEorpa, SEGS agus an Coimisiún a neartú, lena n-áirítear toscaireachtaí an Aontais, chun taidhleoireacht pharlaiminteach a fheabhsú agus bosca uirlisí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí maoirseacht Pharlaimint na hEorpa ar an obair faoi ghníomhaíochtaí bheartas eachtrach agus slándála an Aontais a threisiú trí leibhéal cuntasachta agus trédhearcachta sheirbhísí SEGS agus trí sheirbhísí seachtracha an Choimisiúin a fheabhsú; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur gá nuashonrú a dhéanamh ar Dhearbhú 2010 maidir le Cuntasacht Pholaitiúil chun an caidreamh idir SEGS agus Parlaimint na hEorpa a athshainiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit, Pharlaimint na hEorpa a rannpháirtiú go hiarbhír i gcur chun feidhme na n-ábhar a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leo i ngnóthaí eachtracha an Aontais agus sa ghrinnscrúdú a dhéantar ina leith, lena n-áirítear bearta sriantacha a chur i bhfeidhm, agus sa ghrinnscrúdú ar ionstraimí maoinithe sheachtraigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á áitiú go mbeidh ceart ag Parlaimint na hEorpa faisnéis a fháil ar ábhair a bhaineann le CBES faoi Airteagal 36 CAE, lena n-áirítear rochtain thráthúil ar thuarascálacha, ar straitéisí tíre agus ar fhaisnéis rúnda eile a threoraíonn iompar CBES an Aontais; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé go dtabharfaí chun críche, a luaithe agus is féidir, an nuashonrú ar Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an rochtain atá ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth, le feidhm ghrinnscrúdaithe agus le cumhacht Pharlaimint na hEorpa chun faireachán a dhéanamh ar chaibidlíocht agus ar chur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta, gur cheart ról ríthábhachtach a bheith aici i dtaobh rannpháirtíocht an Aontais le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus a ghníomhaíocht fhoriomlán ar an leibhéal idirnáisiúnta a mhúnlú, lena gcuirfí ar a chumas don Aontas príomhshruthú inscne agus taidhleoireacht aeráide a chur chun cinn i gcaidreamh idirnáisiúnta; á chur in iúl gur saoth léi, ina leith sin, socruithe neamhfhoirmiúla nó <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> mar a thugtar orthu nach n-éilíonn toiliú Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, a bhaineann an bonn ó údarás Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir agus dá ról maoirseachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart ambasadóirí an Aontais i dtíortha straitéiseacha agus ionadaithe speisialta an Aontais a dheimhniú go dtí go mbeidh meastóireacht dhearfach déanta ag Coiste um Ghnóthaí Eachtracha Pharlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos córasaí ag cathaoirligh choistí seachtracha Pharlaimint na hEorpa i gcruinnithe agus imeachtaí ardleibhéil CBES, lena n-áirítear an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha; á iarraidh ar thoscaireachtaí comhpháirteacha SEGS, an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa freastal ar mhórchruinnithe iltaobhacha agus réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á áitiú gur cheart na doiciméid bhunriachtanacha beartais straitéisigh uile arna nglacadh ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle i ndáil le beartas seachtrach an Aontais a sheoladh a bheith dréachtaithe i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus gur cheart ról agus ionchur Pharlaimint na hEorpa a chomhtháthú iontu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí caidreamh Pharlaimint na hEorpa le parlaimintí náisiúnta na mBallstát a neartú, ar comhlachtaí iad atá dea-oiriúnaithe chun gníomhú mar nasc le brainsí feidhmiúcháin na mBallstát; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go ndéanann an Chomhdháil Idirpharlaiminteach maidir le CBES/CBSC agus na comhdhálacha idirpharlaiminteacha a thionólann an fochoiste um Chearta an Duine gach bliain fóram tábhachtach a chur ar fáil chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa sna réimsí lena mbaineann agus gur cheart iad a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheas gur féidir le Parlaimint na hEorpa ról uathúil a bheith aici chun beartas eachtrach an Aontais a thabhairt níos gaire do shaoránaigh na hEorpa agus chun a dhlisteanacht dhaonlathach a neartú, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le heintitis fhostáit, amhail rialtais réigiúnacha agus parlaimintí, agus lena lamháiltear, dá bhrí sin, do thaidhleoireacht il-leibhéil a bheith ann faoi na creataí dlíthiúla agus institiúideacha faoi seach do bheartas eachtrach an Aontais agus do bheartas eachtrach na mBallstát chun cur le gníomhaíocht sheachtrach ar leibhéal an Aontais agus forbairt a dhéanamh ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata i dtaobh thaidhleoireacht uathrialaitheach an Aontais a fhorbairt arna cinneadh ag cultúr taidhleoireachta comhchoiteann ó thaobh an Aontais de agus á chur i bhfios go láidir ról Pharlaimint na hEorpa ina leith sin; á mheas gur céim nithiúil chun tosaigh ina leith sin é cur chun feidhme threoirthionscadal Pharlaimint na hEorpa maidir le hAcadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú, agus go háirithe a thodhchaí agus a struchtúr buan; á iarraidh go mbeidh ráthaíochtaí ann maidir le rannpháirtíocht bhuan agus rannpháirtíocht ghníomhach Pharlaimint na hEorpa i gcomhlachtaí bainistíochta nó rialaithe an Acadaimh Eorpaigh Taidhleoireachta sa todhchaí, agus ina chláir oiliúna agus ina ghníomhaíochtaí oiliúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcomhthéacs an chúlaithe ar chearta an duine agus ar an daonlathas ar fud an domhain, go bhfuil ról sonrach ag Parlaimint na hEorpa sa chosaint ar an iltaobhachas riailbhunaithe, ar an daonlathas agus an smacht reachta, i gcearta an duine agus iolrachas polaitiúil a chur chun cinn, i gcur i gcoinne na bréagaisnéise agus cur isteach eachtrach i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus i gcabhrú le parlaimintí a thoghtar go daonlathach ar fud an domhain a róil institiúideacha agus a modhanna oibre inmheánacha a chomhdhlúthú trí chláir spriocdhírithe; ag tabhairt dá haire gur féidir leis na Feisirí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna níos íogaire, amhail sáruithe ar chearta an duine, ráitis phoiblí a dhéanamh, bealaí cumarsáide poiblí nó príobháideacha a aimsiú nó dul i dteagmháil le comhpháirtithe áitiúla nuair a bhíonn an spás do thaidhleoireacht thraidisiúnta níos srianta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról sonrach ag comhlachtaí parlaiminteacha i dtaobh cúnamh a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta agus, go háirithe, do thíortha um méadú agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha sna Balcáin Thiar agus i gcomharsanacht an Oirthir; á iarraidh go neartófaí a ról i bpróiseas aontachais an Aontais, i bhfianaise an róil shonraigh agus ríthábhachtaigh atá ag parlaimintí náisiúnta sa phróiseas athchóirithe riachtanach trí chomhfhogasú reachtach, maoirseacht agus for-rochtain ar shaoránaigh, as measc nithe eile; á mheabhrú gur gá do thoscaireachtaí an Aontais tacú go gníomhach leis an gcomhar idirpharlaiminteach sin i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuir chuige nuálacha amhail an comhar ó choiste go coiste a seoladh le déanaí idir Parlaimint na hEorpa agus Verkhovna Rada na hÚcráine agus ag spreagadh tuilleadh tionscnamh a fhorbairt sa réimse sin, i bhfianaise thábhacht pholaitiúil phróiseas an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata feabhas a chur ar acmhainneachtaí institiúideacha an Aontais le haghaidh taidhleoireacht choisctheach, chun coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil a dhéanamh ina leith, agus á chreidiúint gur féidir le Parlaimint na hEorpa saineolas agus rannchuidiú substaintiúil a chur ar fáil trína comhlachtaí agus trína gníomhaíochtaí sa réimse sin, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sásraí luathrabhaidh agus cuairteanna ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéanann an líonra leathan idirpharlaiminteach atá forbartha ag Parlaimint na hEorpa trína buantoscaireachtaí agus a comhthionóil iltaobhacha, príomhuirlis a thairiscint chun na seasaimh le comhpháirtithe idirnáisiúnta i bhfóraim iltaobhacha a phlé agus a chomhordú, mar shampla i ndáil le rúin ó na Náisiúin Aontaithe, príomhshruthú inscne, taidhleoireacht aeráide nó na seasaimh ag G20, chomh maith le soiléiriú a dhéanamh ar an méid atá beartaithe ag an Aontas do chomhpháirtithe agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn; á chur i bhfáth go ndéanann Parlaimint na hEorpa rannchuidiú suntasach le hobair na bhfóram iltaobhach trína rannpháirtíocht i gcruinnithe mullaigh parlaiminteacha G7 agus G20, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, agus i gcruinnithe an Aontais Idirpharlaimintigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag Parlaimint na hEorpa i dtaobh comhionannas inscne a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne feimeamharú agus foréigean inscnebhunaithe, agus cearta LGBTI i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais; á chur i bhfios a thábhachtaí atá parlaiminteoirí chun íogaireacht inscne a chur chun cinn ar fud chaidreamh seachtrach an Aontais trí feasacht a ardú, fothú acmhainneachta agus comhroinnt dea-chleachtas, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dó, an breisluach a bhaineann le parlaimintí atá cothrom ó thaobh inscne de agus gné na hinscne a áirithiú i bhfeidhmiú comhlachtaí parlaiminteacha; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa an ghné ábhartha sin dá taidhleoireacht pharlaiminteach a neartú tuilleadh ina hidirghníomhaíochtaí le tíortha comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i bhfianaise Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 (comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní uile a chumhachtú), nach mór ról suntasach a bheith ag Parlaimint na hEorpa maidir le príomhthagarmharcanna straitéiseacha comhionannais inscne a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur ann d’obair abhcóideachta Pharlaimint na hEorpa chun coinbhinsiúin ábhartha na Náisiún Aontaithe agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha eile agus prótacail roghnacha eile a dhaingniú agus a chur chun feidhme, amhail Comhaontú Pháras agus an Coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foireann na hEorpa: Parlaimint na hEorpa mar chomhpháirtí beartais eachtraigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheas, cé gur cheart do Pharlaimint na hEorpa a neamhspleáchas iomlán a choimeád agus a clár oibre maidir leis an mbeartas seachtrach á chur i gcrích aici, go ndéanann cuairteanna comhpháirteacha agus ráitis ó Pharlaimint na hEorpa in éineacht le hionadaithe ón gCoimisiún agus ón gComhairle i ndáil le príomhfhorbairtí i dtíortha nach bhfuil san Aontas, réimse a bhfuil gealladh faoi a chur ar fáil chun cur chuige Fhoireann na hEorpa a chur i bhfeidhm; á iarraidh, ina leith sin, go seolfaí clár píolótach idirinstitiúideach Fhoireann na hEorpa i líon áirithe tíortha nach bhfuil san Aontas; á iarraidh go n-áiritheofaí leis an gclár píolótach sin go ndéanfaí uirlisí Pharlaimint na hEorpa a chomhtháthú go hiomlán laistigh de chur chuige uile-idirinstitiúideach i leith na dtíortha lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cáineadh an chinnidh a rinne roinnt tíortha, lena n-áirítear roinnt tíortha a bhfuil comhaontuithe acu leis an Aontas, toirmeasc a chur ar thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa agus ar Fheisirí aonair dul isteach i gcuid dá gcríocha nó ina gcríocha uile; ag cáineadh na mbagairtí agus na smachtbhannaí i gcoinne FPEnna ó thíortha nach bhfuil san Aontas; á áitiú go ndéanfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit gníomhaíocht láithreach agus láidir, lena n-áirítear smachtbhannaí má mheastar gur gá sin, nuair a dhírítear bearta sriantacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas ar chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa nó ar Fheisirí ar leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur réimse é an bhreathnóireacht toghcháin ina bhfuil an comhar idir Parlaimint na hEorpa agus SEGS ar an gceann is struchtúrtha, agus go bhfuil dea-chomhtháthú ar bhealaí éagsúla idir an dá institiúid agus iad i mbun gníomhaíochtaí breathnóireachta toghchán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh comhordú níos straitéisí ann idir institiúidí an Aontais i ndáil le cásanna práinneacha aonair a bhaineann le cosantóirí chearta an duine, iriseoirí, nó comhaltaí de ghrúpaí atá go háirithe leochaileach; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhféadfadh taidhleoireacht pharlaiminteach a bheith ina sásra éifeachtach agus comhlántach chun dul i mbun rannpháirtíochta le tríú tíortha nach bhfuil san Aontas maidir leis na cásanna sin; á iarraidh go mbeadh tascfhórsa idirinstitiúideach maidir le cosantóirí chearta an duine ann chun iarrachtaí Eorpacha a chomhordú ar chásanna tosaíochta a bhaineann le cosantóirí chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa, liosta bliantúil a ghlacadh de na tíortha fócais ar cúis mhór imní iad i ndáil le cruachás chosantóirí chearta an duine agus gníomhaithe daonlathais, lena gceadófaí, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, freagairt phraiticiúil lánchomhordaithe ó Fhoireann na hEorpa ar an láthair; á chreidiúint go bhféadfadh ról cinntitheach a bheith ag an Parlaimint na hEorpa trí úsáid a bhaint as a modhanna institiúideacha agus as modhanna eile chun tacú leis an gcur chuige spriocdhírithe comhleanúnach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tathant ar gach toscaireacht de chuid an Aontais obair Pharlaimint na hEorpa atá ábhartha dá tír óstach a phoibliú, lena n-áirítear sa teanga áitiúil ar a suíomh gréasáin, agus obair leantach a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus le grúpaí de chuid na sochaí sibhialta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>