<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0014</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Eitlíocht leictreach - réiteach i gcomhair eitiltí gearr-raoin agus lár-raoin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0438/2023 -  Rapóirtéir:Erik Bergkvist)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir le heitlíocht leictreach – réiteach d’eitiltí gearr-raoin agus lár-raoin (2023/2060(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 90 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 3(3) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra an 16 Márta 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra an 14 Iúil 2021 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2021)0559),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1315/2013 (COM(2021)0812), go háirithe Roinn 5 de maidir le bonneagar aeriompair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh (COM(2018)0435),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (COM(2013)0410),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 29 Samhain 2022 ón gCoimisiún dar teideal A Drone Strategy 2.0 for a Smart and Sustainable Unmanned Aircraft Eco-System in Europe [Straitéis Dróin 2.0 le haghaidh Éiceachóras Aerárthaí Cliste agus Inbhuanaithe gan Foireann san Eoraip] (COM(2022)0652),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track to the future [Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, lena ndéantar dlí de spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 173, 12.6.2014, lch. 65.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe an Ciste don Nuálaíocht a bhunú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Glas don Eoraip, arb é is aidhm dó an tAontas a chur ar an mbealach i dtreo aistriú glas, agus é mar sprioc dheiridh aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ghlacadh an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus do na tograí a áirítear ann, go háirithe an togra chun méadú a dhéanamh ar tháirgeadh agus ar ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF), ar a dtugtar tionscnamh Eitlíochta ReFuelEU freisin, agus an togra maidir le córais trádála astaíochtaí (CTA) an Aontais a athbhreithniú i ndáil le hastaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> ón eitlíocht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir le creat nua AE na soghluaisteachta uirbí<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0130.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2015 maidir le heitlíocht<FOOTNOTE><FIELD> IO C 366, 27.10.2017, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2012 maidir le todhchaí na n-aerfort réigiúnach agus na n-aersheirbhísí in AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 261 E, 10.9.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 ar an Straitéis Eitlíochta don Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 252, 18.7.2018, lch. 284.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do choinníollacha deimhniúcháin speisialta SC E-19 ón nGníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) do chórais tiomána leictreacha/hibrideacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0438/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go raibh méadú 146 % tagtha ar astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta faoi 2019, i gcomparáid le 1990<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, Astaíochtaí ó eitleáin agus ó longa:fíricí agus figiúirí (grafaic faisnéise), arna nuashonrú an 15 Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú ar an sciar sin de réir mar a mhéadaíonn an t-éileamh ar aerthaisteal;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí 50-55 % d’astaíochtaí a laghdú trí aistriú chuig SAFanna, 30-35 % trí theicneolaíochtaí nua a chur in úsáid, 5-10 % trí oibriú agus bonneagar aerárthaí a bharrfheabhsú, agus 5 % trí bhearta nua margadhbhunaithe a roghnú<FOOTNOTE><FIELD> Waypoint 2050, ‘Eitlíocht: Buntáistí gan Teorainneacha’, Figiúir 2.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, chun na laghduithe astaíochtaí is gá a bhaint amach faoi 2050, go gcaithfear 75 % den chabhlach sibhialta domhanda a ionadú ó 2035 ar aghaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn an cás maidir le heitlíocht atá glan i ndáiríre comhoibriú níos doimhne ar fud an taighde, na monaróirí, na n-aerlínte, na rialtas agus geallsealbhóirí eile; de bhrí go bhfuil fothacar de thionscal na heitlíochta gníomhach cheana féin chun ardchoincheapa aerárthaí a fhorbairt<FOOTNOTE><FIELD> ATR, Avinor, Deutsche Aircraft (i gcomhar le Sciatháin Phríobháideacha), Heart Aerospace (i gcomhar le Finnair agus Icelandair), Pipistrel, SAS (i gcomhar le Airbus), Tecnam, etc.</FIELD></FOOTNOTE> amhail aerárthaí leictreacha éirí de thalamh agus tuirlingthe ingearach (eVTOL);
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb é an Comhghnóthas um an Eitlíocht Ghlan (CAJU) príomhchlár taighde agus nuálaíochta AE chun an eitlíocht a chlaochlú i dtreo todhchaí inbhuanaithe; de bhrí go bhfuil CAJU agus EASA ag comhoibriú chun an córas deimhniúcháin caighdeánach a oiriúnú do ghlúin nua aerárthaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil aerárthaí beaga tástála leictreacha ina bhfuil suas le naoi suíochán i mbun eitilte cheana féin i réigiúin éagsúla AE; de bhrí go bhfuil aerárthaí leictreacha ina bhfuil suas le 30 suíochán beartaithe do dheireadh na 2020idí, agus aerárthaí réigiúnacha do na 2030idí<FOOTNOTE><FIELD> Bileog eolais, ‘Glan nialasacht 2050:teicneolaíocht nua aerárthaí’, IATA, Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil an chéad chabhlach aerárthaí leictreacha arna ndeimhniú ag EASA<FOOTNOTE><FIELD> Pipistrel Velis Electro.</FIELD></FOOTNOTE> i mbun gníomhaíochtaí oiliúna píolótaí cheana féin atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol; de bhrí go bhfuil roinnt samhlacha eVTOL tar éis iarratas a dhéanamh cheana féin ar dheimhniúchán cineáil le EASA;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil rialacha molta ag EASA maidir le hoibriú sábháilte aerárthaí VTOL, lena n-áirítear tacsaithe aeir, agus sraith chuimsitheach ceanglas oibríochtúil do thacsaithe aeir leictrigh phíolótaithe, a chuimsíonn réimsí na n-oibríochtaí, ceadúnú foirne eitilte agus rialacha maidir leis an aer agus bainistiú aerthráchta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh eitlíocht leictreach agus hibrideach le leictreachas borradh a chur faoi aershoghluaisteacht agus nascacht uirbeach agus réigiúnach, lena gcuirfí réimse iomlán réiteach nuálach iompair phoiblí ar fáil; de bhrí, idir an dá linn, go bhfuil pleananna ag teacht chun cinn le haghaidh éirí de thalamh forleathan aerárthaí faoi thiomáint hidrigine faoi 2035;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuirfidh eitlíocht leictreach agus hibrideach le leictreachas feabhas ar amanna taistil iomaíocha thar achair níos giorra trí aistriú níos tapúla; de bhrí go n-iompróidh aerárthaí leictreacha níos lú paisinéirí in eitleáin bheaga, rud a chiallaíonn go gcaithfear níos lú ama ar bordáil agus ar láimhseáil ar an talamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil AE ag féachaint ar fhorbairt mhear i dteicneolaíocht ceallraí i dtéarmaí méideanna táirgeachta agus caiteachais ar fhorbairt araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil rath na dtionscadal taighde agus forbartha atá thar a bheith casta i réimse na heitlíochta glaine ag brath go díreach ar thacaíocht airgeadais agus pholaitiúil, lena n-áirítear tacaíocht ó institiúidí AE agus ó na Ballstáit; de bhrí go bhfuil iliomad comhghuaillíochtaí maidir le heitlíocht ghlan curtha le chéile, amhail an Chomhghuaillíocht um Eitlíocht Astaíochtaí Nialasacha (AZEA), atá ag obair faoi láthair ar phíblínte tionscadal, ach a bhfuil tacaíocht éifeachtach ó AE ag teastáil uathu; de bhrí go bhfuil an dreasacht phoiblí do na tionscadail sin ríthábhachtach chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go mbeidh gá le hinfheistíochtaí na mBallstát i soláthar leictreachais aerárthaí atá ina stad sna blianta atá le teacht chun na spriocanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 234, 22.9.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, a d’fhéadfadh a bheith ina chéim ionsar imscaradh bonneagair luchtaithe d’aerárthaí leictreacha amach anseo a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach mór ríomh lorg carbóin na heitlíochta leictrí agus na heitlíochta faoi thiomáint hidrigine a bheith bunaithe ar a saolré iomlán, lena n-áirítear foinse an táirgthe fuinnimh agus monarú ceallraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, cé gur meabhraíodh go géar don earnáil eitlíochta a leochaileacht i leith paindéime, geopholaitíochta agus suaití eacnamaíocha, go bhfuil ról lárnach léirithe aici maidir leis an slabhra soláthair a choinneáil gan bhriseadh, go háirithe i gcás earraí bunriachtanacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil scileanna glasa agus digiteacha san oideachas teicniúil agus sa saineolas teicniúil, amhail teicneolaíocht agus innealtóireacht eitlíochta, eolaíocht agus matamaitic, ríthábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe na heitlíochta, agus go gcruthaíonn siad poist tharraingteacha do dhaoine óga;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí nach mór an tsábháilteacht a bheith fós ar an tosaíocht is mó san eitlíocht;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buntáistí a bhaineann le leictriú aerárthaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt faoi deara a thábhachtaí atá aerfoirt réigiúnacha san Aontas maidir le hoibríochtaí eitilte leictreacha gearr-raoin agus meánraoin; á thabhairt chun suntais acmhainneacht na n-aerfort réigiúnach mar mhoil nuálaíochta ilmhódacha agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) ar fud an tslabhra soláthair ar fad, rud a théann chun tairbhe taighde agus iomaíochta ní hamháin in earnáil na heitlíochta ach in earnálacha eile iompair freisin amhail na hearnálacha bóithre, muirí agus iarnróid; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thacaíocht airgeadais a dhearbhú d’aerfoirt réigiúnacha, go háirithe dóibh siúd atá gníomhach i réimse na heitlíochta leictrí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de go gcuirfeadh roghanna aeriompair níos glaine, níos tapúla agus níos áisiúla leis an nascacht agus leis an inrochtaineacht i limistéir níos lú, níos iargúlta agus níos lú daonra, lena n-áirítear réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí, agus go háirithe maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí, cruthú deiseanna fostaíochta agus turasóireacht níos inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbeidh sé deacair na réigiúin is forimeallaí a nascadh le mórthír na hEorpa trí eitlíocht leictreach mar gheall ar a n-iargúltacht agus ar chumas teoranta ceallraí an aerárthaigh; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhféadfadh an eitlíocht leictreach nascacht a áirithiú idir na réigiúin is forimeallaí, rannchuidiú lena bhforbairt agus na hiarmhairtí diúltacha dá ngeilleagar a eascraíonn as a dtopagrafaíocht achrannach a mhaolú i bpáirt; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais, shubstainteach agus theicniúil do na réigiúin fhorimeallacha chun a áirithiú go bhforbróidh an bonneagar is gá chun ceallraí a luchtú go tapa agus go hiontaofa, chun seirbhísiú a dhéanamh ar aerárthaí eVTOL agus chun oiliúint a chur ar theicneoirí agus oibreoirí ardcháilithe ar luas iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth, agus aghaidh á thabhairt ar bhacainní geografacha, go bhféadfaí an-chuid ama a shábháil trí úsáid a bhaint as eitiltí leictreacha mar mhodh nua iompair phoiblí nach bhfuil ag brath ar bhóithre ná ar rianta iarnróid atá ann cheana; tagraíonn sé do thaithí na dtíortha Nordacha, ina gcomhcheanglaítear limistéir gheografacha a bhfuil fiordanna, lochanna agus sléibhte, dlús íseal daonra mar shaintréithe acu agus fócas láidir ar fhuinneamh inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar inrochtaineachta maidir le heitlíocht leictreach. Cuid den tionscadal Eitlíochta Leictreach agus an Éifeacht ar Réigiúin Nordacha.</FIELD></FOOTNOTE>, agus na réigiún is forimeallaí, a bhfuil a n-oileánacht, a n-iargúltacht, a méid beag agus a dtopagrafaíocht agus n-aeráid dheachair mar shaintréithe acu; á iarraidh ar an gCoimisiún an acmhainneacht sin a fhiosrú i ndlúthchomhar leis na réigiúin agus na Ballstáit ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheas go bhféadfadh leictriú na heitlíochta réigiúnaí bealaí a tréigeadh roimhe seo a dhéanamh inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, nascacht a fheabhsú, borradh a chur faoin bhforbairt réigiúnach agus infheistíocht réigiúnach nua a mhealladh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ionchais inchreidte ann maidir le hibridiú i bhfianaise na srianta eitlíochta réigiúnacha a bhaineann le neamhspleáchas agus líon na bpaisinéirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú fhís an Choimisiúin go mbeidh eVTOLanna, mar a chuirtear in iúl trí Straitéis Dróin 2.0 ón gCoimisiún, ina ngné lárnach d’iompar paisinéirí faoi 2030, go ndéanfar iad a chomhtháthú sna córais iompair atá ann cheana agus go rannchuideoidh siad le dícharbónú an Aontais, agus aon drochthionchar ar an gcomhshaol á íoslaghdú ag an am céanna<FOOTNOTE><FIELD> Idem.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais, in ainneoin na bhforbairtí gasta teicneolaíochta in eVTOLanna, go bhfuil siad fós teoranta do shé shuíochán faoi láthair, agus go bhfuil aerárthaí leictreacha le sciatháin dhobhogtha in ann níos mó paisinéirí a iompar cheana féin ar aerbhealaí uirbeacha atá ann cheana agus ar aerbhealaí uirbeacha nua araon; á iarraidh ar an gCoimisiún idirdhealú a dhéanamh idir an dá fhéidearthacht ós rud é go n-úsáideann siad teicneolaíochtaí éagsúla agus go bhfreastalaíonn siad ar mhargaí éagsúla; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach mór breathnú ar eVTOLanna agus aerárthaí leictreacha le sciatháin dhobhogtha mar fhoirmeacha comhlántacha soghluaisteachta aeir uirbigh nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur ar éigean a mbíonn aerárthaí a bhfuil innill leictreacha acu ina gcúis le haon truailliú oibríochtúil, rud a chiallaíonn go mbeidh laghdú ar astaíochtaí áitiúla a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte na saoránach atá ina gcónaí gar d’aerfoirt; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart d’eitleáin ísealdeicibeile, go háirithe, tairbhe a bhaint as nósanna imeachta simplithe chun ceadanna a bhaineann le torann nó maoluithe ó shrianta eitilte a fháil; á chur i bhfáth gur féidir le laghdú torainn a bhaintear amach trí eitlíocht leictreach ísealdeicibeile feabhas a chur ar staid roinnt aerfort agus limistéar cónaithe in aice láimhe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá leas a bhaint as acmhainneacht na leibhéal torainn i bhfad níos ísle ó aerárthaí leictreacha agus aerárthaí hibrideacha le leictreachas; ag tathant ar an tionscal úsáid a bhaint as obair EASA i sainiú na chéad Sonraíochta Teicniúla um Chosaint an Chomhshaoil<FOOTNOTE><FIELD> https://www.easa.europa.eu/en/newsroom-and-events/press-releases/easa-publishes-worlds-first-proposal-assessment-and-limitation.</FIELD></FOOTNOTE> chun measúnú torainn a dhéanamh ar aerárthaí eVTOL áirithe, a bhfuil sé mar aidhm leis ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta comhshaoil a chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa agus a gcomhtháthú san éiceachóras eitlíochta agus sa timpeallacht uirbeach a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chreidiúint go láidir go gcuirfidh aerárthaí leictreacha agus hibrideacha le leictreachas acmhainneacht shuntasach ar fáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa san eitlíocht a laghdú agus féidearthachtaí nua don tsoghluaisteacht uirbeach; á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta go dtí seo ag EASA maidir le haerárthaí eVTOL a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar thacsaithe aeir, maidir le dearadh an bhonneagair talún is gá le haghaidh oibríochtaí sábháilte soghluaisteachta aeir uirbigh<FOOTNOTE><FIELD> EASA, ‘Ingearfoirt. Sonraíochtaí Teicniúla Fréamhshamhlacha maidir le Dearadh Ingearfoirt VFR le haghaidh Oibriú Aerárthaí foireannaithe Cumas VTOL Deimhnithe sa Chatagóir Feabhsaithe (PTS-VPT-DSN)’, Márta 2022.</FIELD></FOOTNOTE> agus maidir le hoiriúnú an chreata rialála eitlíochta chun teacht isteach sa mhargadh a éascú d’aerárthaí a úsáideann tiomáint leictreach agus tiomáint faoi thiomáint hidrigine; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag EASA maidir leis na cineálacha sin aerárthaí a dheimhniú toisc go bhféadfadh sé dlús a chur lena bhforbairt; ag tacú le tráchtálú aerárthaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí malartacha tiomána chun na bearta a seoladh faoi na tionscnaimh maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe a chomhlánú; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh amach anseo chun a áirithiú go bhfreastalóidh eitiltí leictreacha ar bhealaí gearra réigiúnacha chun críocha oibleagáidí seirbhíse poiblí faoi rialacha infheidhme an Aontais Eorpaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Infheistíocht a dhéanamh don todhchaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheas, cé gurb ionann eitiltí gearraistir agus meánaistir agus codán d’astaíochtaí, gur laghdú é gach bealach leictrithe ar lorg aeráide agus comhshaoil na heitlíochta agus gur infheistíocht fhiúntach é; ag áitiú nach mór tús a chur anois le comhthiomsú na hinfheistíochta is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheas go mbainfear spriocanna astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha amach freisin trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí hibrideacha le leictreachas a fhorbraítear le haghaidh eitiltí réigiúnacha agus idirnáisiúnta gearraistir agus meánaistir a oibrítear chun críocha eitlíochta tráchtála agus gnó araon, agus á iarraidh go ndéanfar na hinfheistíochtaí taighde agus forbartha is gá le haghaidh dearadh aerárthaí agus córas tiomána, ceallraí agus réitigh hibrideacha eile; ag tabhairt dá haire, le tráchtálú na heitlíochta leictrí, gur cheart do na Ballstáit breathnú arís ar a reachtaíocht lena gcuirtear cosc ar eitiltí gearraistir agus meánaistir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dúshlán iad na riachtanais shuntasacha a bhaineann le hathsholáthar an chabhlaigh shibhialta agus go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach airgeadais ina leith, agus gur mórdheis mhargaidh iad freisin a bhféadfadh cruthú post agus scileanna nua a bheith mar thoradh orthu don earnáil iompair ar fad san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag áitiú go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais agus rialála éifeachtach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun eitlíocht leictreach a fhorbairt le haghaidh úsáid tráchtála; á chur i bhfáth gur baineadh amach torthaí an-dearfach le cabhair ón soláthar poiblí agus á mheas gur uirlis éifeachtach í chun an tionscal a leictriú gan cur isteach ar an margadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit féachaint ar dhreasachtaí agus tairbhí margaidh do mhonaróirí aerárthaí leictreacha, d’oibreoirí agus do FBManna lena mbaineann chun forbairt agus glacadh na teicneolaíochta sin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn; á chreidiúint gur féidir leis na dreasachtaí agus na tairbhí sin do chomhpháirteanna eitlíochta leictreacha, do chreidmheasanna leictreachais agus astaíochtaí fás an mhargaidh a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil go leor eitiltí gearraistir agus meánaistir á n-oibriú ar fud na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le Eurocontrol agus EASA, na bealaí eitilte is oiriúnaí do leictriú iomlán a shainaithint agus a mbeadh laghduithe níos suntasaí ar CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> mar thoradh orthu, ós rud é go gcuideoidh sé sin leis na haerfoirt lena mbaineann tús a chur leis na hoiriúnuithe is gá; á chur i bhfáth gur féidir ról suntasach a bheith ag hidrigin maidir le hastaíochtaí a laghdú; á chur i bhfios go bhfuil cuideachtaí ag cur a gcuid dóchais in aerárthaí leictreacha le haghaidh réitigh ar scála níos lú agus aerárthaí faoi thiomáint hidrigine do chinn níos mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheas gur gá féachaint an bhféadfaí rialacha an Aontais maidir le Státchabhair atá ann cheana a mhodhnú chun gur féidir creat infheistíochta spriocdhírithe a chruthú lena gcuirfear le cistiú poiblí agus príobháideach chun tacú leis an earnáil eVTOL atá dian ar acmhainní chun neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa sa réimse sin a neartú, ós rud é go bhfuil sé de cheangal ar eVTOLnna a bheith ina gcuid straitéiseach den earnáil iompair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas gur cheart do chuideachtaí AE atá gníomhach i réimse leictriú earnáil na heitlíochta oibriú i gcomhar níos dlúithe le húdaráis náisiúnta agus le húdaráis AE chun treochlár teicniúil comhtháite agus cláir chomhpháirteacha taighde a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi an obair a rinneadh faoi AZEA; á chur i bhfáth go bhfuil an comhar sin bunriachtanach chun go gcoinneoidh AE a cheannaireacht thionsclaíoch agus a iomaíochas ar an leibhéal idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire gur féidir le haerárthaí leictreacha níos lú oibriú ó rúidbhealaí níos giorra agus níos simplí atá ann cheana, rud a d’fhéadfadh an gá le bonneagar mór agus costasach amach anseo a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth gur príomhthoisc é pleanáil agus ullmhacht an bhonneagair fuinnimh chun glacadh le heitlíocht leictreach agus hidriginbhunaithe a chinneadh, ós rud é nach mbeifear in ann an eitlíocht leictreach a imscaradh ach amháin nuair a bheidh an bonneagar ullmhaithe agus tástáilte; ag tabhairt dá haire, tar éis aistriú chuig córais tiomána mhalartacha, go bhféadfadh aerfoirt mhóra atá ann cheana 5-10 n-uaire níos mó leictreachais a ídiú faoi 2050 ná mar a dhéanann siad sa lá atá inniu ann<FOOTNOTE><FIELD> <STRING ITALIC="on">Target True Zero: Delivering the Infrastructure for Battery and Hydrogen-Powered Flight</STRING>, Fóram Eacnamaíoch Domhanda, Aibreán 2023, lgh. 10-15.</FIELD></FOOTNOTE>, agus ag tabhairt dá haire nach bhfuil bonneagar d’aerárthaí leictreacha agus leictriú suíomhanna amhail aerfoirt forbartha go leordhóthanach fós; á chur i bhfios, chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis, nach mór na chéad eilimintí de bhonneagar ar aerfoirt a bheith i bhfeidhm faoi 2025, agus á iarraidh go ndéanfar an infheistíocht is gá a dhaingniú; á chur i bhfáth, ina theannta sin, ina leith sin, chun leathadh amach cuí aerárthaí leictreacha a áirithiú, nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartach, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme go cuí chun leictriú láithreán a chur chun cinn tuilleadh; á thabhairt chun suntais fóntas tionscadal tiomnaithe maoinithe bonneagair, i ndáil leis sin, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don iompar agus don fhuinneamh; á mheabhrú nach mór don Choimisiún, faoi AFIR, meastóireacht a dhéanamh ag deireadh 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh don eitlíocht tiomána leictrí agus hidrigine amach anseo; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an mheastóireacht sin, lena n-áirítear staidéar féidearthachta maidir le himscaradh an bhonneagair ábhartha chun aerárthaí a chumhachtú, agus ina dhiaidh sin plean imscartha le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha in aerfoirt, go háirithe le haghaidh pointí athluchtaithe leictrigh agus athbhreoslaithe hidrigine; ag spreagadh na dtionscal ar an leibhéal domhanda teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir maidir le caighdeáin dhomhanda do stáisiúin luchtaithe ar an talamh d’aerárthaí atá ina stad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dúshláin agus réitigh theicneolaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>Ós rud é go bhfuil treochtaí teicneolaíochta in earnálacha éagsúla iompair ag dul sa treo céanna, á chur in iúl gur geal léi na comhpháirtíochtaí trastionscail taighde agus forbartha<FOOTNOTE><FIELD> Airbus and Renault Group to advance research on electrification.</FIELD></FOOTNOTE> atá ann cheana idir tionscail aeir agus tionscail na ngluaisteán (maidir leis an gcéad ghlúin eile de cheallraí agus de chealla breosla a fhorbairt), aer agus loingseoireacht (maidir le breoslaí malartacha a úsáid) agus aer agus iarnróid (maidir le córais dáileacháin leictreachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios, cé go bhfuil gealltanas ollmhór ag aerárthaí leictreacha agus hibrideacha le leictreachas go mbeidh todhchaí eitlíochta níos inbhuanaithe ann, go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint leis an nglúin ceallraí atá acu faoi láthair, ar dúshláin iad a bhaineann go príomha le meáchan agus dlús fuinnimh; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag na teorainneacha sin ar raon, acmhainneacht pálasta agus éifeachtúlacht fhoriomlán aerárthaí leictreacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go mbaineann ceanglais dhiana le hoibríochtaí aerárthaí leictreacha maidir le ceallraí, agus tús áite á thabhairt don tsábháilteacht, ach freisin go n-éilítear go mbeadh siad éadrom, dlúth, in-athluchtaithe go tapa agus go soláthrófaí leo an ardchumhacht is gá le haghaidh na céimeanna éirí de thalamh agus dreaptha; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn ceallraí ardfheidhmíochta den sórt sin amhábhair chriticiúla, nach mbíonn ar fáil go minic san Eoraip; á iarraidh ar thionscal na heitlíochta a bheith mar chuid d’iarrachtaí na dtionscal slabhra soláthair inbhuanaithe a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann na coinníollacha airde a bhaineann go sonrach le haeriompar srianta teicniúla ar leith ar cheallraí, i gcomparáid le modhanna eile iompair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais acmhainneacht na heitlíochta faoi thiomáint hidrigine bunaithe ar chealla breosla, ar cineál malartach eitlíochta leictrí í, go háirithe ó thaobh neamhspleáchais de; á chur i bhfáth gur féidir feidhmíocht chomhshaoil níos fearr a chumasú le feabhsuithe leanúnacha i dteicneolaíochtaí breosla-chille agus ceallraí, mar aon le dearaí aerárthaí atá níos tíosaí ar fhuinneamh; ag athdhearbhú go n-áirítear ar chuid de na dúshláin theicneolaíocha is mó atá os comhair an tionscail faoi láthair meáchan agus toisí ceallraí, aschur uasta cumhachta ceall breosla, dáileadh leictreach agus córais theirmeacha, comhtháthú aerfhrámaí agus aeraidinimic a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éileofar le húsáid mhéadaithe ceallraí san aerloingseoireacht tionscal athchúrsála AE a bhunú láithreach a bheidh comhoiriúnach le riachtanais na hearnála chun cruthú spleáchais nua ar thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach a sheachaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gníomhaíocht faoi chuimsiú AE</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú nach amháin go bhfuil tionscal na haerloingseoireachta ina chumasóir tábhachtach don ghníomhaíocht eacnamaíoch, ach freisin ar cheann de na hearnálacha ardteicneolaíochta is rathúla in AE; á iarraidh ar an gCoimisiún beartais réamhghníomhacha a bheith ann chun tacú leis an tionscal agus chun é a fhorbairt i ndlúthchomhar le fóraim atá ann cheana amhail an Chomhairle Chomhairleach um Thaighde agus Nuálaíocht Eitlíochta (ACARE) agus AZEA; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach rachaidh rialacháin AE atá ann cheana sa réimse i gcoinne a chéile ná nach gcuirfidh siad cosc ar thionscal na haerloingseoireachta a thionscadail dícharbónaithe agus leictriúcháin a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil gá le hailíniú breise idir éiceachóras an Aeraspáis agus na Cosanta agus éiceachóras an fhuinnimh chun feabhas a chur ar an eitilt leictreach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún ag obair ar chonairí aistrithe ar leithligh don dá éiceachóras; ag aithint a ríthábhachtaí atá conairí aistrithe chun a chur ar chumas an tionscail gníomhaíochtaí nithiúla aeráide a dhéanamh go héifeachtach de mhianta aeráide, agus ar an gcaoi sin luach a chaomhnú agus a chruthú dár sochaí, dár bpláinéad agus do ghnólachtaí araon; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar sin féin, conairí aistrithe éagsúla an dá éiceachóras, go háirithe i bhfianaise an ghá chomhroinnte eangacha leictreachais atá cobhsaí go leor a bhunú agus inacmhainneacht leictreachais ghlain a áirithiú, lena n-áirítear chun aerárthaí a leictriú; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an mhéid thuas, a thábhachtaí atá comhstraitéis d’aerárthaí leictreacha agus ag tathant ar an gCoimisiún céimeanna réamhghníomhacha a ghlacadh chun straitéis den sórt sin a cheapadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, idirphlé struchtúrach comhpháirteach a thionscnamh idir Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair agus Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, i ndáil leis sin, agus an chonair a thabhairt chun críche roimh na toghcháin Eorpacha in 2024 ionas gur féidir leis an gCoimisiún nua atá le teacht in 2024 é a úsáid mar thagairt do rialacháin a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú gur cruthaíodh AZEA ar thionscnamh an Choimisiúin chun na comhpháirtithe príobháideacha agus poiblí uile ar fud éiceachóras na heitlíochta a bhailiú chun ullmhú do chur i seirbhís tráchtála aerárthaí faoi thiomáint hidrigine agus aerárthaí leictreacha; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le AZEA agus tacú leis chun eolas faoi eitlíocht leictreach a fhorbairt; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí úsáid a bhaint as acadaimh scileanna an Ghnímh um Thionscal Glan-Nialasachta i ndáil leis sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iad a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an ganntanas scileanna atá ann faoi láthair in innealtóireacht leictreach agus córas; á mheabhrú go bhféadfaí Comórtas AE d’Eolaithe Óga a úsáid mar phointe tagartha chun comórtas téamach AE a fhorbairt do dhaoine óga tréitheacha do na héiceachórais thionsclaíocha uile, lena n-áirítear eitiltí leictreacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht a mhéadú maidir le deiseanna i ngairmeacha glasa san eitlíocht agus tionscadail náisiúnta agus AE a spreagadh i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún seirbhísí comhordaithe glaonna a chruthú faoi ionstraimí AE atá ann cheana agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun tacú leis an tionscadal suaitheanta nua maidir le teicneolaíochtaí dróin; ag tathant ar BEI ionstraimí cistiúcháin spriocdhírithe a thabhairt isteach agus a imscaradh atá ceaptha chun earnáil eitlíochta leictreach na hEorpa atá ag teacht chun cinn a neartú agus chun tacú lena riachtanais, agus aitheantas á thabhairt dá cineál dianchaipitiúil agus dá riachtanais uathúla, agus á aithint go mbeidh gá freisin le hinfheistíochtaí i mbonneagar ar an talamh, lena n-áirítear ingearfoirt agus bonneagar luchtaithe, chun eVTOLanna a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an buiséad atá beartaithe do CAJU faoin gclár Fís Eorpach i bhfad faoi bhun an mhéid a bheadh ag teastáil chun a uaillmhianta a bhaint amach; á mheabhrú go bhfuil an leibhéal nuálaíochta a bhaineann le gach tionscadal an-ard agus nach mór don tacaíocht a bheith i gcomhréir leis sin agus leanúnach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil nua ó 2027 ar aghaidh; á mheas gur cheart CAJU a spreagadh freisin chun an eitlíocht leictreach a láimhseáil agus tús áite a thabhairt do mhaoiniú tionscadal nuálach maidir le heitlíocht astaíochtaí nialasacha amhail aerárthaí leictreacha agus aerárthaí faoi thiomáint hidrigine; á chur i bhfios go bhfuil gá le cistiú nua chun dul níos faide ná Leibhéal 6 na hUllmhachta Teicneolaí chun teicneolaíochtaí a thabhairt chun an mhargaidh; á chur in iúl gur geal léi an fógra a thug an Ríocht Aontaithe le déanaí mar thír chomhlachaithe le Fís Eorpach, rud a chuirfidh dlús lenár n-iarrachtaí coiteanna i dtreo na heitlíochta glaine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon chiste sonrach eitlíochta de chuid an Aontais ainmnithe go sainráite chun tacú leis an eitlíocht, in ainneoin na hiarrachta agus an tiomantais shubstaintiúil a éilíonn earnáil na heitlíochta agus dícharbónú á shaothrú aici; á iarraidh ar an gCoimisiún glaonna sonracha a sheoladh chun tionscadail lena dtacaítear le leictriú agus gníomhaíochtaí chun tionchair fhoriomlána na heitlíochta a laghdú a mhaoiniú; á mheabhrú, áfach, gur ionstraimí tábhachtacha iad an Ciste don Nuálaíocht faoi CTA agus úsáid Conarthaí Difríochta Carbóin, chun na teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh an bealach a réiteach don eitlíocht leictreach agus don eitlíocht faoi thiomáint hidrigine a chur in úsáid agus a thabhairt ar scála tionsclaíoch; ag meabhrú Threoir (AE) 2023/959<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).</FIELD></FOOTNOTE>, lenar leasaíodh Treoir 2003/87/CE agus lenar leathnaíodh raon na dtionscadal incháilithe le haghaidh cistiú faoin gCiste don Nuálaíocht chun raon níos leithne táirgí, próiseas agus teicneolaíochtaí saor ó charbón a chuimsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar bhainistiú teirmeach ceallraí agus ar luchtú ceallraí agus ar bhainistiú athsholáthair ceallraí chomh maith le dlús a chur le forbairt na hearnála athchúrsála ceallraí; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt na chéad ghlúine eile de cheallraí soladstaide a bhfuil dhá oiread fuinnimh acu le ceallraí ian litiam agus a bhfuil acmhainneacht stórála trí huaire níos airde acu; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún spreagadh a thabhairt, trí ionstraimí amhail an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, spleáchais sa slabhra soláthair ceallraí a laghdú agus soláthar leordhóthanach amhábhar criticiúil a áirithiú, agus ar an gcaoi sin ár spleáchais sheachtracha ar cheallraí a laghdú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na Ballstát, i gcomhthráth, leanúint de chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le tíortha nach bhfuil san Aontas atá ar aon intinn i réimse na n-amhábhar don aerloingseoireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhsheasmhacht a áirithiú idir forbairt an iompair leictrigh agus na soghluaisteachta, an bonneagar is gá agus beartais AE atá dírithe ar acmhainneacht táirgeachta ceallraí na hEorpa a mhéadú, lena n-áirítear soláthar na n-amhábhar agus na n-ardábhar is gá chun ceallraí a tháirgeadh; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean um Ghníomhaíocht Straitéiseach maidir le Ceallraí, lena nasctar na gnéithe thuasluaite agus lena n-áirítear go sonrach spriocanna cainníochtaithe agus faoi cheangal ama a thabhairt isteach do tháirgeadh ceallraí AE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, i bhfianaise an mhéid thuas, i gcomhar leis an tionscal, sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann leis an earnáil iompair de bhóthar a shainaithint chun an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a uasmhéadú, go háirithe i dtáirgeadh agus athchúrsáil ceallraí agus ceall breosla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat beartais a chruthú lena dtacófar le glacadh teicneolaíochtaí aerárthaí leictreacha, amhail cuid den ioncam ó eitlíocht CTA nó aon chánachas ar eitlíocht a threorú chuig CAJU, i gcomhréir leis an togra maidir leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2003/96/EC ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a chruthú chun a áirithiú go ndéanfar an bonneagar is gá don eitlíocht leictreach, lena n-áirítear giniúint cumhachta, nascadh leis an eangach agus bonneagar luchtaithe, a imscaradh i gcomhréir le glacadh aerárthaí leictreacha; á mheabhrú go bhféadfadh ganntanas hidrigine glaise agus easpa bonneagair moill a chur ar theacht i seirbhís aerárthaí faoi thiomáint hidrigine; ag tathant ar an gCoimisiún straitéis spriocdhírithe a fhorbairt maidir le táirgeadh agus stóráil hidrigine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar EASA leanúint de bheith ag obair chun caighdeáin agus conairí deimhniúcháin a leagan síos chun eitleáin leictreacha agus hibrideacha le leictreachas a dhéanamh inmharthana agus in ann an t-am go dtí an margadh a ghiorrú go suntasach do na heitleáin sin; á iarraidh ar an gCoimisiún na hacmhainní is gá a chur ar fáil, go háirithe an fhoireann, i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis Eorpach a chur i dtoll a chéile le haghaidh cur chuige comhordaithe maidir le glúin nua aerárthaí, lena n-áirítear aerárthaí eVTOL, a fhorbairt, a dheimhniú agus a imscaradh chun feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh na hEorpa maidir leis na tairbhí a bhaineann léi agus chun borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach agus phoiblí, agus an bonn teicneolaíochta agus an cheannaireacht san Eoraip á choinneáil ag an am céanna; á chreidiúint go bhfuil gealltanas tugtha ag an eitlíocht leictreach go mbeidh todhchaí níos inbhuanaithe ann don aerthaisteal agus go bhfuil feachtas spriocdhírithe faisnéise ríthábhachtach chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis na tairbhí agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>