<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0015</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le comhar trasteorann le tíortha comharsanachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0415/2023 -  Rapóirtéir:Daniel Buda)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le comhar trasteorann le tíortha comharsanachta (2023/2076(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagail 4, 162, 174 go178 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 109, 8.4.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 210, 31.7.2006, lch. 19.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (COM(2018)0373),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2017 dar teideal ‘Boosting growth and cohesion in EU border region’[Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh] (COM(2017)0534),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 dar teideal ‘Guidelines on EU Emergency Assistance on Cross-Border Cooperation in Healthcare related to the COVID-19 crisis’ [Treoirlínte maidir le Cúnamh Éigeandála an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar Trasteorann sa Chúram Sláinte a bhaineann le géarchéim COVID-19]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 111 I, 3.4.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020)0625),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir le ról an bheartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0133.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le réigiúin atá tite ar gcúl san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 162, 10.5.2019, lch. 24.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Réigiúin an Aontais Eorpaigh atá tite ar gcúl:  staid reatha agus dúshláin amach anseo’, a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 26 Deireadh Fómhair 2020<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – Réigiúin Eorpacha atá tite ar gcúl: staid reatha agus dúshláin amach anseo, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Taighde Parlaiminte, Meán Fómhair 2020.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 433, 23.12.2019, lch. 24.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2022 ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide dar teideal ‘Athrú Aeráide 2022:  Athrú Aeráide a Mhaolú. Rannchuidiú Mheitheal III leis an Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide’<FOOTNOTE><FIELD> An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, Athrú Aeráide 2022: Athrú Aeráide a Mhaolú. Rannchuidiú Mheitheal III leis an Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide  (Shukla, P.R. et al., eds), Cambridge University Press, Cambridge, RA agus Nua-Eabhrac, NY, SAM, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Aibreán 2021 maidir le Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár oibre nua don Mheánmhuir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Choiste Eorpach na Réigiún an 1 Iúil 2021 maidir le fís don Eoraip: a bhfuil i ndán don chomhar trasteorann<FOOTNOTE><FIELD> IO C 440, 29.10.2021, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 08 Feabhra 2017 dar teideal Missing transport links in border regions [Naisc iompair ar lár i réigiúin teorann]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 207, 30.6.2017, lch. 19.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0415/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhar trasteorann an Aontais Eorpaigh le tíortha comharsanachta, cibé acu ag teorainneacha talún nó mara, lena gcumhdaítear 184 réigiún, 33 thír agus 260 milliún áitritheoir, ríthábhachtach do bheartais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 8 CAE gur cheart don Aontas caidreamh speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanachta d’fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur céim thábhachtach é an comhar trasteorann i bpróiseas réamhaontachais AE na dtíortha is iarrthóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn comhar trasteorann leis an tsíocháin agus leis an bhforbairt inbhuanaithe feadh theorainneacha seachtracha an Aontais, go dtacaíonn sé le hathchóirithe daonlathacha, urraim do luachanna Eorpacha, forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na limistéar teorann, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil, seirbhísí sláinte poiblí agus bearta sábháilteachta agus slándála, go rannchuidíonn sé le cuspóirí an Aontais maidir le hAontas Eorpach agus Comharsanacht a bheidh níos cliste, níos glaise agus níos nasctha, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar riachtanais réigiúnacha maidir le dea-chomhar, rialachas agus dúshláin choiteanna, go gcabhraíonn sé le comhthuiscint agus muinín a chur chun cinn agus go rannchuidíonn sé le coinbhleachtaí agus cogaí amach anseo a chosc trí ionstraimí amhail clár PEACE+;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-athdhearbhaítear leis an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair a thábhachtaí atá an chobhsaíocht agus an fhorbairt dhaonlathach sna tíortha agus sna réigiúin ag teorainneacha seachtracha an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go raibh éifeacht mhór ag paindéim COVID-19 agus, go háirithe, ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar na cláir um chomhar trasteorann uile a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI-CBC), lena n-áirítear an Rúis agus an Bhealarúis, a bhfuil tionchar mór acu ar leath na gclár atá beartaithe don tréimhse 2021-2027;  de bhrí gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe cabhrú le comhar trasteorann ar choinníoll go gcoinnítear a chur chuige straitéiseach agus go gcomhaontaítear buiséad láidir;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go mbíonn tionchar díréireach ag imirce daoine oilte ar roinnt réigiún teorann lagfhorbartha agus, mura dtabharfar aghaidh uirthi, go mbeidh éifeachtaí diúltacha fadtéarmacha aici ar thodhchaí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go léiríonn oll-imeachta ó roinnt réigiún teorann, go háirithe ag daoine óga agus oibrithe oilte, an easpa forbartha eacnamaíche sna réigiúin sin;  de bhrí gur féidir le comhar trasteorann cabhrú le deiseanna nua fostaíochta agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go léiríonn an staid leochaileach pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála san Afraic Thuaidh agus bainistiú ghéarchéim na himirce an gá atá le comhar in imchuach na Meánmhara;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn réigiúin teorann íogair do theannas agus coinbhleachtaí, agus go mbíonn tionchar dearfach ag comhar trasteorann agus taidhleoireacht réigiúnach ar dhíospóidí agus géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus a réiteach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe ginearálta maidir le cláir Interreg NEXT</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ailíniú chláir Interreg NEXT le cláir Interreg toisc go bhféadfadh sé sin nósanna imeachta a shimpliú, sineirgí idir cláir a fheabhsú agus éifeachtacht infheistíochtaí Eorpacha a mhéadú; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil gá le nósanna imeachta níos simplithe i gcéim mheastóireachta agus i gcéim chur chun feidhme na dtionscadal, agus béim níos mó á leagan ar na torthaí inchainníochtaithe, i gcás inarb iomchuí, agus ar an tionchar foriomlán ar fhorbairt na réigiún agus ar shaol na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chomhar trasteorann le tíortha comharsanachta trína n-eolas ar an staid gheografach, chultúrtha, theangeolaíoch agus shóisialta, ar na deiseanna, na srianta agus na dúshláin chomhroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá tionscadail trasteorann, lena n-áirítear tionscadail idir daoine, chun daoine a thabhairt le chéile agus, ar an gcaoi sin, chun acmhainneacht nua a chur ar fáil maidir le forbairt áitiúil inbhuanaithe agus comhar trasteorann;  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíochtaí trasteorann chun nuálaíochtaí, aistriú teicneolaíochta, réitigh choiteanna agus sineirgí idir na cláir éagsúla a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, comhtháthú críochach a mhéadú thar theorainneacha riaracháin agus an dlúthpháirtíocht a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an leithdháileadh don tréimhse 2021-2027 i bhfad ón leithdháileadh is fearr agus, dá bhrí sin, á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé maoiniú na gclár sin a neartú;  á chur in iúl gur geal léi cuntasacht níos fearr tríú tíortha maidir le haisghabhálacha ó thairbhithe san earnáil phríobháideach;  ag cur béim ar a thábhachtaí atá an smacht reachta agus cothrom na Féinne do na tairbhithe uile, bídís poiblí nó príobháideach, agus á chur i bhfios go láidir gur gá rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha a spreagadh, in éineacht le hinfheistíocht phoiblí, i bhforbairt inbhuanaithe réigiún teorann agus tríú tíortha trí níos mó cistí a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhféadfadh na húdaráis bhainistíochta sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún go leictreonach, ach ag an am céanna á chur i bhfios nár cheart go mbeadh maorlathú níos mó mar thoradh ar tharchur sonraí níos minice; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá córais idir-inoibritheacha a d’fhéadfadh sonraí a chur faoi bhráid bunachar sonraí coiteann go huathoibríoch agus ag spreagadh an Choimisiúin comhar le tríú tíortha a fhorbairt tuilleadh i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbeidh mórthionscadail bhonneagair faoi réir fhormheas an Choimisiúin a thuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh deireadh leis an teorainn ar chistiú an Aontais do mhórthionscadail bhonneagair agus á chreidiúint go rannchuidíonn forbairt bonneagair inbhuanaithe leis an bhfás socheacnamaíoch i réigiúin trasteorann;  á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, gur gá ról a thabhairt don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le níos mó nuálaíochta agus le forbairt bonneagair a bhaineann leis an earnáil fuinnimh, leis an iompar, leis an gcumarsáid agus leis an digitiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bpointe gur féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra atá roimh an Aontas trí chomhar trasteorann idir réigiúin chomharsanachta a chur chun cinn (e.g. todhchaí inbhuanaithe don Mheánmhuir, don Mhuir Dhubh, do Mhuir Bhailt agus d’imchuacha muirí eile;  todhchaí inbhuanaithe do na hAlpa, do na Piréiní, do Shléibhte Cairp agus do shliabhraonta eile; todhchaí inbhuanaithe d’abhantracha móra na Réine, na Danóibe, an Meuse, agus mar sin de);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur céim thábhachtach é an comhar trasteorann i bpróisis réamhaontachais an Aontais, lena spreagtar tíortha is iarrthóirí chun taithí a roinnt agus foghlaim conas a fheidhmíonn an tAontas go hinmheánach; á thabhairt chun suntais go gcuidíonn sé sin le tionscnaimh agus cuspóirí an Aontais a thabhairt níos gaire do thíortha is iarrthóirí, chun taithí a roinnt agus chun tús a chur leis an bpróiseas cóineasaithe eacnamaíoch agus sóisialta;  á chur i bhfáth go mbeidh tíortha is iarrthóirí a ghlac páirt sa chomhar trasteorann, tráth aontachas leis an Aontas, ar an eolas cheana féin ar chláir agus ar thionscadail an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gcomhar trasteorann i mbainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus dúshláin an athraithe aeráide, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha, an comhshaol, an bhithéagsúlacht agus slándáil bia, chomh maith le héiceachórais i limistéir teorann; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá cosc agus pleananna áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt do bhearta oiriúnaithe don athrú aeráide thar theorainneacha;  á thabhairt chun suntais gur gá iarrachtaí a mhéadú chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus maolú ar an athrú aeráide a fheabhsú sna réigiúin sin go háirithe chun ailíniú le spriocanna aeráide an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir acmhainneacht an chomhair trasteorann, go háirithe i limistéir trasteorann inar tearc an daonra, i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite agus an geilleagar ciorclach, agus á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as na deiseanna atá ann cheana chun an geilleagar inbhuanaithe agus poist ardcháilíochta a fhorbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar trasteorann le Comharsanacht an Oirthir</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh an comhar trasteorann leis an Rúis agus leis an mBealarúis ar fionraí mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le hathródú cistí chuig an Úcráin agus chuig Poblacht na Moldóive, rud a d’athraigh ollstruchtúr slándála na hEorpa ó bhonn;  ag cur béim, dá bhrí sin, ar an ngá atá le comhar maidir leis an mbeartas slándála chun spriocanna coiteanna maidir le díspreagadh agus cosaint iontaofa chomhchoiteann a bhaint amach faoi chuimsiú an chomhair trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tarraingt aird ar staid dheacair na réigiún a bhfuil teorainn acu leis an Rúis agus leis an mBealarúis tar éis an comhar trasteorann leis na tíortha sin a chur ar fionraí agus ag spreagadh an Choimisiúin oibriú go dlúth leis na Ballstáit atá buailte chun teacht ar réitigh inbhuanaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha sna réigiúin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go n-úsáidfí cistí ó chláir trasteorann chun bonneagar iompair inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear naisc iarnróid agus saoráidí stórála a thógáil gar do theorainneacha an Aontais leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive, chun sreabhadh earraí agus gráin a chuíchóiriú chun slándáil bia ar fud an domhain a áirithiú, chun rannchuidiú le forbairt geilleagair inbhuanaithe a chothú don dá thír agus chun cabhrú leis na Ballstáit túslíne, chomh maith leis an Moldóiv agus leis an Úcráin, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá sé cultúr áitiúil agus réigiúnach agus caomhnú oidhreachta agus malartuithe oideachais agus eacnamaíocha idir réigiúin teorann a chur chun cinn d’fhonn tuiscint fhrithpháirteach ar chustaim na gcomharsan a neartú agus dreasachtaí móra a chruthú don oideachas ilteangach;  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oideachas cuimsitheach maidir le luachanna daonlathacha agus gur gá tacú le cáilíocht níos fearr sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do thionscadail bhonneagair níos inbhuanaithe a rannchuidíonn le nascacht na réigiún trasteorann a fheabhsú, borradh a chur faoin tsoghluaisteacht laistigh de na réigiúin sin agus eatarthu agus cáilíocht saoil agus deiseanna a fheabhsú do chónaitheoirí na réigiún, mar aon le tionscadail lena dtugtar aghaidh ar an ngá atá le bonneagar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint na n-iarrachtaí ollmhóra atá déanta ag rialtais náisiúnta, ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ag an tsochaí shibhialta i mBallstáit an Aontais atá lonnaithe thimpeall na hÚcráine, chomh maith le hiarrachtaí Phoblacht na Moldóive, chun Úcránaigh easáitithe a óstáil agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear ó thaobh gráin ón Úcráin agus an easpa bonneagair iompair;  á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfaí tacaíocht iomchuí, lena n-áirítear trí chláir um chomhar trasteorann, chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, cé nach bhfuil sé i mbun cogadh oscailte leis an Rúis, go bhfuil limistéir choinbhleachta ag Poblacht na Moldóive freisin a dtacaíonn an Rúis leo agus gur chuir sí fáilte roimh líon mór dídeanaithe ón Úcráin, agus go raibh tionchar mór ag an scor dá caidreamh tráchtála leis an Rúis ar staid eacnamaíoch agus shóisialta na Moldóive;  á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil géarghá le hinfheistíochtaí daingne agus margadh oscailte agus go bhfuil fáilte mhór roimh chomhthionscadail i ngach réimse eacnamaíoch agus sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur cúis uafáis di na caillteanais dhaonna agus scriosadh na dtithe agus an bhonneagair san Úcráin;  ag leagan béim ar an ról gníomhach ba cheart a bheith ag cláir um chomhar trasteorann agus ag Bauhaus Eorpach Nua in atógáil inbhuanaithe iarchogaidh agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Úcráin agus, ag an am céanna, leanúint de bheith ag cabhrú le réigiúin chomharsanachta agus comhar méadaithe a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh maidir leis an Úcráin a áireamh i gclár URBACT um Chomhar Críochach Eorpach agus aontachas na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive mar chomhaltaí breathnóra den Líonra Breathnóireachta Eorpach um Fhorbairt Chríochach agus um Chomhtháthú (ESPON);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an úsáid a bhaineann an Rúis as a cuid foinsí fuinnimh mar bhealach chun brú polaitiúil agus eacnamaíoch a chur i bhfeidhm;  á iarraidh go ndéanfaí fiosrúcháin ghasta ar an gcomhar eacnamaíoch leis an Rúis in earnálacha fuinnimh roinnt Ballstát, mar aon le gníomhaíocht bhreise chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a neartú agus chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh chun spleáchas ar an Rúis a laghdú go mór sna Ballstáit sin a bhfuil a gcomhar leis an ionsaitheoir laghdaithe go mór acu agus a ndearna na smachtbhannaí difear dóibh, lena n-áirítear tíortha comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an méadú atá tagtha ar thionchar na Rúise i dtíortha comharsanachta, go háirithe trí úsáid a bhaint as ionramháil agus bréagaisnéis ar na meáin thraidisiúnta agus ar na meáin shóisialta ar líne araon, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhar leis na tíortha sin, go háirithe in earnálacha an oideachais agus an chultúir, chun a saoránaigh a choinneáil ar an eolas agus oideachas a chur orthu faoi luachanna daonlathacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar a bhaineann le himchuacha farraige</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Imchuach na Mara Duibhe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht airgeadais mhéadaithe a dheonú don chlár, i bhfianaise na ndúshlán slándála sa Mhuir Dhubh a eascraíonn as ionsaithe na Rúise agus as an imshuí ar chalafoirt na mara agus na Danóibe, arb é is aidhm dóibh lastais ghráin atá bunriachtanach do gheilleagar na hÚcráine a chosc;  á thabhairt chun suntais go bhfuil riosca slándála ag baint leis na hionsaithe sin do na Ballstáit a bhfuil teorainneacha acu leis an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais acmhainneacht fhoinsí fuinnimh na Mara Duibhe, atá in ann rannchuidiú le todhchaí fuinnimh inbhuanaithe san Aontas freisin;  á chur i bhfáth, in ainneoin a n-acmhainneachta, nach mbaintear leas as acmhainní fuinnimh inathnuaite den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas gur cheart go n-éascódh clár Interreg NEXT imchuach na Mara Duibhe forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil acmhainní comhroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt i réigiúin chósta na Mara Duibhe agus á mholadh go ndéanfadh na gníomhaithe uile lena mbaineann cur chuige freagrach a ghlacadh maidir le cosaint an chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go ndíreofar go láidir ar an Muir Dhubh, feabhas a chur ar an gcomhar réigiúnach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le coinbhleachtaí réigiúnacha agus slándáil fuinnimh, agus tionscadail a spreagadh chun calafoirt agus bonneagar gaolmhar a uasghrádú agus a naisc le moil iompair atá ann cheana a mhéadú;  á iarraidh, go háirithe, go mbeadh nasc acu le conairí TEN-T;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á áitiú gur cheart straitéis chomhtháite a ghlacadh do limistéar na Mara Duibhe agus gur cheart sineirgí a fhorbairt le Clár na Danóibe 2021-2027;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Imchuach na Meánmhara</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí láidre eacnamaíocha agus sóisialta le tríú tíortha ó imchuach na Meánmhara;  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtíortha atá rannpháirteach i gcláir Interreg Euro-MED 2021-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh go mbainfí úsáid níos comhordaithe agus níos éifeachtúla as na cistí atá ann cheana, faoi chuimsiú na rialacha sóisialta, aeráide agus comhshaoil atá ann faoi láthair, chun iomaíochas imchuach na Meánmhara a mhéadú agus acmhainneacht an fhuinnimh inathnuaite ar tír agus amach ón gcósta á cothú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheas nach mór ról gníomhach a bheith ag cláir trasteorann maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna slándála agus díriú ar chobhsaíocht réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí sreabha imirce a bhainistiú agus go ndéanfaí imirce neamhrialta agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, lena n-áirítear trí thionscadail a mhaoiniú a bhfuil sé d’aidhm acu iad a fháil, cúram a thabhairt dóibh agus oiliúint a chur ar fáil d’imircigh chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le timpeallacht eacnamaíoch iomaíoch agus tuiscint níos fearr a fháil ar luachanna Eorpacha agus urraim níos fearr a thabhairt dóibh, agus cuimsitheacht ar dhá thaobh na Meánmhara á cothú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag an taighde agus ag an nuálaíocht maidir le rioscaí tubaistí nádúrtha a chosc, maidir le bainistiú inbhuanaithe uisce agus maidir le laghdú CO2 agus á chur i bhfios go láidir gur gá tosaíocht a thabhairt do thionscadail a bhfuil cuspóirí inchainníochtaithe acu ó thaobh an tionchair eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth, in ainneoin a n-acmhainneachta, go bhfuil acmhainní fuinnimh inathnuaite fós gan saothrú den chuid is mó agus gur cheart an acmhainneacht sin a spreagadh, lena n-áirítear trí pháirt a thabhairt do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi straitéis imchuach farraige WestMed sa Mheánmhuir Thiar agus cláir Interreg amhail MARITTIMO mar dhea-shamplaí de chomhar díreach agus éagsúlaithe, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, le cuspóirí comhroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di dul chun cinn na straitéise macrairéigiúnaí Aidriadach-Iónach (EUSAIR), lena ndearnadh na Ballstáit agus a réigiúin, tríú tíortha agus a n-údaráis áitiúla a shlógadh;  á mheas gur sampla rathúil é EUSAIR ina raibh an tAontas ina cheann feadhna agus ina ghníomhaí oscailteachta;  á áitiú nach mór na prionsabail chéanna sin agus cur chuige comhchoiteann comhchosúil a chur i bhfeidhm i limistéir eile na Meánmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle Eorpach a iarraidh ar an gCoimisiún straitéis mhacrairéigiúnach mhionsonraithe a thíolacadh don Mheánmhuir, agus a Chlár Oibre Nua don Mheánmhuir á chur san áireamh, go háirithe roinn 5 de (‘An t-aistriú glas:  athléimneacht an athraithe aeráide, fuinneamh agus an comhshaol’), agus é a ghlacadh;  á chur in iúl gur saoth léi díghrádú leanúnach an chomhshaoil in imchuach farraige iomlán na Meánmhara, cailliúint na bithéagsúlachta agus an méadú ar thruailliú aeir agus muirí, go háirithe le plaisteach agus dramhaíl tí, agus á iarraidh go ndéanfaí iad sin a sheachaint, a theorannú agus a bhainistiú tríd an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dúshláin i réimse an chomhair trasteorann</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire go gcruthaíonn creataí dlíthiúla agus institiúideacha éagsúla bacainní breise ar chur chun feidhme tionscadal agus, dá bhrí sin, gur dúshlán é tionscadail a chur chun feidhme; á mheabhrú go bhféadfadh nósanna imeachta riaracháin a bheith casta agus fadálach, rud a d’fhéadfadh údaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhíspreagadh ó pháirt a ghlacadh sa chomhar críochach;  á iarraidh go gcabhródh an Coimisiún leis na nósanna imeachta sin a shimpliú trí iad a dhéanamh níos inrochtana agus níos trédhearcaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfágann bacainní teanga agus difríochtaí cultúrtha go bhfuil an chumarsáid níos deacra agus go bhféadfadh ualaí riaracháin a bheith mar thoradh orthu, ar cheart iad a shárú trí bhearta iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil difríochtaí ann idir stáit a mhéid a bhaineann le hinniúlachtaí na n-údarás, chomh maith le hathruithe ar údaráis réigiúnacha, a d’fhéadfadh moilleanna a chruthú;  á chreidiúint gur cheart idirphlé idir údaráis áitiúla a spreagadh agus gur cheart rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i dtionscadail chomhair chríochaigh a chothú, ina mbeadh eagraíochtaí neamhrialtasacha, fiontair shóisialta agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé malartú fadtéarmach agus cláir chomhair fiontraíochta a fhorbairt idir institiúidí agus gnólachtaí i réigiúin trasteorann chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun comhordú riaracháin idir stáit rannpháirteacha a fheabhsú trí struchtúir fheidhmiúla inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh, a atheagrú nó, i gcás inarb iomchuí, a bhunú do chomhar trasteorann agus do líonraí trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé córas malartaithe idirchultúrtha gearrthéarmach agus meántéarmach a bhunú chun foghlaim teangacha coiteanna a chur chun cinn, tuiscint níos doimhne ar chultúir réigiúnacha a chothú agus comhar idir pobail trasteorann a éascú, agus béim á leagan aici gur cheart gnéithe fiontraíochta agus riaracháin a áireamh sa chóras sin freisin chun forbairt eacnamaíoch agus riaracháin a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur gá cláir a oiriúnú do riachtanais aonair agus do shainiúlachtaí gach tíre/réigiúin rannpháirtigh;  á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh drochthionchar ag paindéim COVID-19 ar réigiúin teorann agus go ndearna sí difear do chur chun feidhme na gclár agus na dtionscadal reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfios go gcuireann an easpa bonneagair agus gréasán iompair leormhaith, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhar trasteorann muirí agus oileánach, bac ar thrádáil agus ar shoghluaisteacht agus go mbíonn an comhar níos casta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil dúshláin shonracha ag teorainneacha muirí agus gur gá iad a aithint mar theorainneacha sonracha lena riachtanais féin, go háirithe i bhfianaise difríochtaí teanga agus cultúrtha, ualaí riaracháin agus dlíthiúla, éagothromaíochtaí socheacnamaíocha agus saincheisteanna comhshaoil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Deiseanna Comhair Trasteorann</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth, i bhfianaise an iliomad géarchéimeanna agus coinbhleachtaí, go n-éilíonn comhar trasteorann le tíortha comharsanachta infheistíocht in athléimneacht tíortha agus sochaithe agus gur cheart go rannchuideodh tosaíochtaí comhpháirtíochta le feabhas suntasach a chur ar dhálaí maireachtála ar dhá thaobh na teorann, lena n-áirítear trí fhorbairt inbhuanaithe chuimsitheach, ceartas sóisialta, deiseanna fostaíochta agus rathúnas eacnamaíoch a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á mheas go bhféadfadh comhar trasteorann rannchuidiú go suntasach le neartú an daonlathais áitiúil agus réigiúnaigh agus le cumais riaracháin na dtíortha comhpháirtíochta;  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (GECCanna) maidir le comhar críochach a éascú agus a chur chun cinn, go háirithe maidir le seirbhísí iompair trasteorann nó ospidéil a bhainistiú, maidir le tionscadail forbartha trasteorann a chur chun feidhme nó a bhainistiú agus maidir le malartú eolais agus dea-chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí an cultúr i gcláir trasteorann an Aontais mar tháscaire tábhachtach den fhorbairt réigiúnach, go háirithe i limistéir teorann ina bhfuil an cúlra cultúrtha agus teanga céanna ag daoine atá ina gcónaí ar an dá thaobh den teorainn, d’fhonn réigiúin bhríomhara a áirithiú agus tarraingteacht na réigiún a mhéadú, malartú cultúrtha a mhéadú agus éagsúlacht agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn thar theorainneacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt chun suntais go gcuirtear deiseanna ar fáil leis na cláir le haghaidh idirphlé domhain le réimse geallsealbhóirí lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an saol acadúil, saoránaigh, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an earnáil phríobháideach;  á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá cláir trasteorann do thíortha is iarrthóirí ar bhallríocht an Aontais, ós rud é go dtugann siad an deis do na húdaráis áitiúla agus náisiúnta eolas a fháil ar reachtaíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhféadfadh comhar trasteorann rannchuidiú tuilleadh le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú, le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, príomhshruthú inscne, fostaíocht, trádáil agus comhtháthú críochach a chur chun cinn, agus le soghluaisteacht daoine agus nascacht na réigiún a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar trasteorann maidir leis an digitiú agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhthionscadail maidir le bonneagar digiteach, go háirithe i seirbhísí poiblí, chun earnáil phoiblí chomhleanúnach agus éifeachtúil a chur ar fáil a bheidh dírithe ar riachtanais gach duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit comhoibriú níos dlúithe le tíortha comharsanachta i réimse an chúraim sláinte agus na seirbhísí éigeandála agus gur cheart dóibh feabhas a chur ar chumas FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe oibriú thar theorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá líonrú agus tagarmharcáil chun deireadh a chur le bacainní ar chomhar trasteorann agus á thabhairt dá haire gur cheart go gcumasófaí leis sin úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí, amhail EGTCanna, an uirlis infheistíochta críochaí comhtháite agus an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag infheistíochtaí i seirbhísí poiblí ardcháilíochta maidir le hathléimneacht shóisialta a chothú agus dul i ngleic le géarchéimeanna eacnamaíocha, sláinte agus sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach Rialtas na Ríochta Aontaithe do chlár PEACE, a bhfuil ról lárnach aige maidir le comhar idir réigiúin teorann na hÉireann agus Thuaisceart Éireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag clár PEACE PLUS maidir le dea-chaidreamh comharsanachta a choinneáil sna réigiúin agus maidir lena bhforbairt shocheacnamaíoch a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí beartais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mholadh go mbeadh níos mó comhlántachta idir tionscadail agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le sineirgí le huirlisí cistiúcháin eile de chuid an Aontais a bhfuil an cumhdach geografach agus téamach céanna acu chun aon chistiú dúbailte a sheachaint;  ag cur béim ar an bhfíoras, le linn chlárthréimhse 2021-2027, gur gá do na cláir spriocdhírithe na ceanglais agus na tosaíochtaí is coiteann do na réigiúin feadh theorainneacha seachtracha an Aontais a shainaithint go soiléir agus chun tionscnaimh eile atá maoinithe ag an Aontas a chomhlánú, agus nach mbeadh aon fhorluí leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á mheas gur cheart ról straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le réigiúin teorann a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mholadh, i réimse an rialachais trasteorann, go bhforbrófaí straitéis bonneagair atá go hiomlán comhtháite (bóthar, iarnród, uisce), agus an réigiún trasteorann ina iomláine á chur san áireamh;  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé réitigh soghluaisteachta níos inbhuanaithe a fhorbairt ar fud na limistéar trasteorann, lena n-áirítear trí bheartas TEN-T; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit soghluaisteacht chliste a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí ionstraimí airgeadais an Aontais a bhfuil breisluach sóisialta agus eacnamaíoch ag baint leo a chur chun cinn chun leibhéal na feasachta faoi thairbhí an Aontais a ardú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an t-ualach maorlathach a laghdú, nósanna imeachta a shimpliú go suntasach agus bacainní a bhaineann le reachtaíocht éagsúil a laghdú;  á áitiú gur cheart go bhfágfadh sé sin go bhféadfaí freastal ar fhíor-riachtanais na limistéar trasteorann; á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht ar gach leibhéal chun forbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach a dhéanamh;  á aithint go sainráite a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar limistéir thuaithe i réigiúin trasteorann, ós rud é go bhfuil tionchar ar leith ag dúshláin dhéimeagrafacha orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhordú, idirphlé agus malartú breise dea-chleachtas ann idir réigiúin agus stáit, mar shampla trí ardán amhail INTERREG Europe;  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar i ndáil leis sin agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit na huirlisí agus na hacmhainní a theastaíonn uathu chun comhar uaillmhianach trasteorann a chothú a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;  á chur in iúl gur cheart go mbeadh seirbhísí poiblí oideachais agus cultúrtha oscailte, inrochtana agus inacmhainne do shaoránaigh ón dá thaobh de na teorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta, gur cheart d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus d’ionadaithe na sochaí sibhialta agus na hearnála príobháidí a bheith rannpháirteach, a mhéid is féidir, in ullmhú agus i gcur chun feidhme tionscadal ón tús;  á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar thacaíocht theicniúil a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha comharsanachta chun cabhrú leo tionscadail chomhair chríochaigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme;  á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí treoirlínte a tharraingt suas i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún leanúint de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhtháthú sna pleananna gníomhaíochta a bheidh ann amach anseo maidir le comhar trasteorann ionas nach bhfágfar aon áit ná aon duine ar lár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh go rachadh an Coimisiún i mbun tuilleadh comhair le stáit chomhpháirtíochta chun comhar trasteorann a chur chun cinn, trí shaineolas a sholáthar, i gcás inar gá, chun cabhrú le húdaráis chontrapháirte i dtíortha comhpháirtíochta agus chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil dóibh i ndáil leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha chun rochtain a fháil ar chistiú an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh go méadófaí an buiséad foriomlán le haghaidh comhar críochach trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á mheas go bhféadfaí leanúint de chomhairlí comhpháirteacha trasteorann rialtais áitiúil a chruthú, amhail an ceann a bunaíodh idir an Rómáin agus an Mholdóiv chun cabhrú le tionscadail chomhpháirteacha leasa choitinn a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag spreagadh iarrachtaí chun tíortha comhpháirtíochta a thabhairt níos gaire don Aontas, athchóiriú inmheánach agus fothú acmhainneachta a spreagadh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus an daonlathas áitiúil, rialachas il-leibhéil agus comhar díláraithe a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhar laistigh de EuroNest agus Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) do Chomharsanacht an Oirthir agus don Tionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM) agus Tionól Parlaiminteach an Aontais don Réigiún Meánmhuirí (PA-UfM) do Chomharsanacht an Deiscirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí agus níos mó acmhainní a leithdháileadh i ndáil le tionscadail trasteorann atá dírithe ar bhonneagar TF a fhorbairt agus rochtain ar líonraí leathanbhanda a leathnú chun tacú le comhar eacnamaíoch agus sóisialta idir réigiúin trasteorann;  á thabhairt chun suntais an ról lárnach a d’fhéadfadh a bheith ag an teicneolaíocht agus ag na nuálaíochtaí a eascraíonn as an intleacht shaorga maidir le naisc a neartú, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú agus a shimpliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé forluí tionscadal agus caiteachas neamhriachtanach idir cláir agus tionscnaimh Eorpacha éagsúla a shainaithint agus a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí meastóireachtaí tréimhsiúla ar thionscadail comhair trasteorann chun úsáid éifeachtúil acmhainní airgeadais an Aontais a áirithiú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>