<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0020</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Éagsúlacht chultúrtha agus na dálaí d’údair i margadh Eorpach an tsruthaithe ceoil</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0388/2023 -  Rapóirtéir: Ibán García Del Blanco)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar éagsúlacht chultúrtha agus na dálaí d’údair i margadh Eorpach an tsruthaithe ceoil (2023/2054(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 189, 28.5.2021, lch. 34.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Nollaig 2022 maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua le haghaidh an Chultúir agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 15.5.2023, lch. 78<STRING BOLD="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 5.5.2022, lch. 71.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid na n-ealaíontóirí agus an téarnamh cultúrtha san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 5.5.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún faoi chuimsiú gnéithe eitice den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 63.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 129.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le tearnamh cultúrtha na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 385, 22.9.2021, lch. 152<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0388/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur colún mór den chultúr í earnáil an cheoil, mar ghné ríthábhachtach den éagsúlacht chultúrtha agus teanga san Aontas, leis an bhfor-rochtain phoiblí is leithne d’aon earnáil chultúir agus chruthaitheachta (CCS);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cuid thábhachtach den earnáil chultúir agus chruthaitheachta í earnáil an cheoil, a aithnítear mar cheann de na 14 phríomhéiceachóras chun geilleagar na hEorpa a thógáil, ós rud é go gcothaíonn sí fás agus cruthú post, lena n-áirítear do dhaoine óga;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil cumadóirí, cumadóirí amhrán agus taibheoirí ag croílár shlabhra luacha earnáil an cheoil agus gurb iad na príomhfhórsaí spreagtha cruthaitheacha den cheol uile a dháiltear ar ardáin sruthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil claochlú ó bhonn tagtha ar earnáil an cheoil de bharr nuálaíochtaí gasta i dteicneolaíochtaí digiteacha le fiche bliain anuas, go háirithe an chaoi a ndéantar ceol a chruthú, a tháirgeadh agus a dháileadh agus an bealach a ndéanann daoine é a rochtain agus a thomhailt;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil an cheoil ag oiriúnú go leanúnach agus go mear, le samhlacha nua gnó, bealaí nua chun idirghníomhú le lucht éisteachta agus úsáid ardán comhlántach amhail ardáin na meán sóisialta nó aipeanna gearrfhíseán, a chruthaíonn deiseanna agus dúshláin nua araon; de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shuntasacha, amhail cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus luach saothair cothrom d’údair;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gurb é an príomhbhealach a bhaineann daoine taitneamh as ceol anois ná trí sheirbhísí ceoil a shruthú trí ardáin dhigiteacha ceoil nó ardáin ar a ndéanann úsáideoirí ar líne inneachar a uaslódáil, lena n-áirítear ardáin meán sóisialta, sruthú taibhithe beo nó aipeanna gearrfhíseán, a sholáthraíonn rochtain ar suas le 100 milliún rianta agus atá ar fáil in áit ar bith, ag am ar bith agus ar gach cineál gléasanna, bíodh sé saor in aisce nó ar tháille síntiúis mhíosúil réasúnta íseal;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb ionann sruthú agus 67 % d’ioncam domhanda earnáil an cheoil<FOOTNOTE><FIELD> Cónaidhm Idirnáisiúnta an Tionscail Fónagrafaíochta, ‘Tuarascáil Cheoil Dhomanda 2023’, 21 Márta 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil fás leanúnach tagtha ar earnáil dhomhanda an cheoil, arb é an toradh a bhí air sin an t-ochtú bliain as a chéile d’fhás agus d’ioncam bliantúil USD 22,6 billiún; de bhrí go léiríonn líon méadaitheach na n-infheisteoirí in earnáil an cheoil a luach eacnamaíoch ollmhór foriomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur minic nach n-aithnítear údair agus taibheoirí nó nach bhfaigheann siad luach saothair ar bhealach a léiríonn fíormhéid a rannchuidithe, rud a fhágann go bhfaigheann formhór na n-údar ioncam an-íseal ón margadh sruthaithe ceoil agus gur minic nach mbíonn siad in ann a ngairmeacha beatha gairmiúla a choinneáil, rud a chruthaíonn éagothroime shuntasach le himeacht ama nach mór aghaidh a thabhairt air<FOOTNOTE><FIELD> Faisnéisiú – ‘Taighde do Choiste CULT: Éagsúlacht chultúrtha agus na dálaí d’údair i margadh Eorpach an tsruthaithe ceoil: athbhreithniú bibleagrafach’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha — An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur gá féachaint ar shamhlacha níos cothroime maidir le leithdháileadh ioncaim a shruthú d’údair agus do thaibheoirí, trí fhéachaint ar shásraí éagsúla atá ar fáil, amhail samhlacha <STRING ITALIC="on">pro rata</STRING> agus samhlacha atá dírithe ar an úsáideoir nó samhlacha atá go hiomlán nua; de bhrí go bhféadfadh tionchar a bheith ag na critéir maidir leis an gcaoi a gcomhaireann ardáin sruthanna ar chleachtais ionramhála sruthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios i staidéir gur saintréith den staid reatha iad dúshláin nua, chomh maith le roinnt saincheisteanna sistéamacha seanbhunaithe atá fós os comhair earnáil an cheoil, go háirithe laghdú ar luach foriomlán na dtáirgí, comhchruinniú ioncaim ag lipéid mhóra agus na healaíontóirí is mó a bhfuil tóir orthu, easpa sonraí ardcháilíochta chun údair, taibheoirí nó sealbhóirí ceart eile a shainaithint i gceart, ionramháil sruthaithe, úsáid neamhdhleathach inneachair cheoil ag soláthraithe seirbhíse comhroinnte inneachair ar líne agus ardáin agus siopaí aipeanna ar líne; á mheabhrú go ndéanann na tosca sin uile difear do chothroime agus d’inbhuanaitheacht an ioncaim a ghintear leis an margadh sruthaithe ceoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nár tháinig méadú ar mheánphraghas síntiúis mhíosúil le seirbhís sruthaithe ceoil thar na blianta ó seoladh na seirbhísí sin, go háirithe agus boilsciú agus an méadú ollmhór ar an inneachar atá ar fáil á gcur san áireamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nár cheart cearta údar a mheas mar shaorshócmhainn do straitéisí tráchtála agus cur chun cinn na seirbhísí ceoil féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról riachtanach ag ardáin sruthaithe ceoil, trí algartaim agus córais mholta a úsáid, maidir le fionnachtain inneachair, dá bhrí sin, go bhfuil tionchar suntasach acu ar an éagsúlacht chultúrtha; de bhrí go bhféadfaidh siad freisin tionchar a imirt ar infheictheacht rianta áirithe, iad a roghnú nó a bhoilsciú agus, dá bhrí sin, ar ioncam údar agus cumadóirí, chomh maith le gníomhaithe eile in earnáil chultúir agus chruthaitheachta na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur cheart d’ardáin sruthaithe ceoil leanúint dá n-iarrachtaí trédhearcacht agus inrianaitheacht fhoriomlán a mhéadú maidir le go leor gnéithe oibríochtúla a bhfuil ábharthacht ard ag baint leo d’údair, do thaibheoirí agus do shealbhóirí ceart eile; de bhrí nach bhfuil aon oibleagáid ar ardáin sruthaithe ceoil trédhearcacht a sholáthar maidir lena n-algartaim agus a n-uirlisí molta nó a áirithiú go gcuirfear saothair cheoil Eorpacha chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur gá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar chur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha i margadh sruthaithe ceoil na hEorpa, lena n-áirítear ealaíontóirí Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht earnáil chultúir agus chruthaitheachta na hEorpa, rud nach féidir a bheith ag brath ar chinntí tráchtála oibreoirí ceannasacha domhanda príobháideacha amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil an cheoil ag tabhairt aghaidh níos mó ar an méadú ar inneachar a ghintear le IS agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na rianta atá ina rabharta ar ardáin sruthaithe ar bhonn laethúil, agus go mbaineann baol leis sin go gcuirfear le héagothroime atá ann cheana maidir le hinfhionntacht agus luach saothair na n-údar; de bhrí gur cheart, ina ionad sin, go bhfónfadh forbairt theicneolaíochtaí IS cruthaitheacht an duine agus go bhfeabhsódh sí í agus gur cheart dá n-úsáid a bheith trédhearcach;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur sainaithníodh i roinnt tuarascálacha cásanna de chalaois agus ionramháil sruthaithe, toisc go n-oibríonn gníomhaithe áirithe chun ionramháil a dhéanamh ar an gcóras chun ioncam a dhísciú ar cheart dó dul chuig údair agus taibheoirí, mar shampla, trí bhotaí a úsáid chun líon na n-éisteoirí a bhoilsciú go saorga do rianta áirithe arna n-uaslódáil<FOOTNOTE><FIELD> Preaseisiúint – ‘Fake streams, real phenomenon: the CNM working with the industry to fight streaming fraud’, Centre national de la musique, an 16 Eanáir 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil córais bhraite agus sásraí sainaitheantais chun an iompraíocht chalaoiseach sin ar ardáin sruthaithe ceoil a mhaolú teoranta go dtí seo<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach margadh aonair feidhmiúil a áirithiú do dháileadh ceoil ar líne; de bhrí, dá bhrí sin, gur cheart iarrachtaí níos tiomnaithe a dhéanamh chun dul i ngleic le neamhréireachtaí agus míchothromaíochtaí agus iad a dhíchur, i bhfianaise a dtionchair ar an margadh, go háirithe maidir le sciar an ioncaim ó árdáin sruthaithe; de bhrí, chun na críche sin, gur cheart tuilleadh imscrúdaithe agus anailíse a dhéanamh chun sonraí a bhailiú agus chun tosca a shainaithint a d’fhéadfadh bacainní a chur ar scaipeadh inneachair ceoil ar fud na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil sainaithint chuí na n-údar ríthábhachtach ní hamháin dá n-aitheantas agus dá luach saothair níos fearr, ach freisin chun éagsúlacht agus trédhearcacht ar ardáin a áirithiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá tacú le rialacha agus iad a chruthú lena n-áiritheofar éiceachóras cothrom agus inbhuanaithe do shruthú ceoil san Aontas lena gcuirfear an éagsúlacht chultúrtha chun cinn agus lena dtabharfar aghaidh ar na míchothromaíochtaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar an earnáil, go háirithe a húdair agus a taibheoirí, agus a d’fhéadfadh cosc a chur uirthi a bheith faoi bhláth;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór do na gníomhaithe uile sa slabhra luacha sruthaithe ceoil páirt a ghlacadh in idirphlé éifeachtach lena n-áirítear údair agus taibheoirí agus na hathruithe is gá a dhéanamh chun éiceachóras cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe a áirithiú san earnáil, ionas gur féidir leis rannchuidiú leis an éagsúlacht chultúrtha, trí dheiseanna a chur ar fáil maidir le fionnachtain ealaíontóirí, agus trí stóir áitiúla a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go gcuireann an éagothroime atá ann faoi láthair maidir le leithdháileadh ioncaim sa mhargadh sruthaithe ceoil isteach ar údair agus taibheoirí araon agus go gcuireann sí inbhuanaitheacht a ngairmréimeanna gairmiúla sa mhargadh digiteach i mbaol; á chur in iúl gur geal léi aon iarrachtaí i dtreo luach saothair níos cothroime d’údair agus do thaibheoirí, mar aitheantas ar thábhacht a róil in earnáil ceoil na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcleachtas conarthach atá ann cheana i margadh sruthaithe ceoil na hEorpa, chomh maith leis an tsamhail dáilte ioncaim atá ann faoi láthair do sheirbhísí sruthaithe ceoil, ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar phrionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh d’údair agus do thaibheoirí, agus á iarraidh air féachaint, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, ar bhearta iomchuí, lena n-áirítear samhlacha malartacha agus níos cothroime chun ioncam sruthaithe a ath-leithdháileadh; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil ardleibhéal comhchruinnithe i dtionscal an cheoil agus measúnú a dhéanamh ar a thionchar ar éagsúlacht chultúrtha, ar luach saothair na n-údar agus ar iomaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tathant ar na geallsealbhóirí uile gach beart is gá a dhéanamh chun na míchothromaíochtaí atá ann faoi láthair a shárú agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i ndáil leis sin agus tograí beartais iomchuí a mheas, i gcás ina dteipeann ar thionscnaimh dheonacha geallsealbhóirí réitigh fhiúntacha a sholáthar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I dtreo éiceachóras inbhuanaithe d’údair </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart príomhról na n-údar a léiriú trí infheictheacht níos fearr ar na seirbhísí sruthaithe ceoil agus trí dháileadh níos cothroime ar ioncam sruthaithe; á iarraidh ar an tionscal samhlacha nua a fhiosrú chun ioncam sruthaithe a leithdháileadh chun an dáileadh is cothroime agus is córa is féidir a áirithiú d’údair agus do thaibheoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil sé d’acmhainn ag úsáid teicneolaíochtaí nua, amhail blocshlabhra, agus cóid aitheantais idirnáisiúnta sealbhóirí ceart, saothair cheoil agus taifeadtaí fuaime feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chostéifeachtúlacht laistigh den mhargadh sruthaithe ceoil, go háirithe maidir le cruinneas meiteashonraí agus luach saothair, go háirithe d’údair agus do thaibheoirí; á chur in iúl gur oth léi, go ginearálta, nach bhfuil ceanglais trédhearcachta agus sainaitheantais den sórt sin in easnamh go mór ar sheirbhísí sruthaithe ceoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh údair ina gcomhaltaí d’eagraíochtaí comhbhainistíochta chun an ceart chun comhaontuithe comhchoiteanna agus ionadaíocht chomhchoiteann a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé d’aidhm ag comhchaibidlíochtaí trí shochaithe údar luach cuí a áirithiú d’úsáid saothar údar sa mhargadh sruthaithe ceoil, chomh maith le rochtain níos cothroime ar mhargaí agus ar éagsúlacht chultúrtha laistigh den Aontas a éascú; á mheabhrú a thábhachtaí atá Treoir 2014/26/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).</FIELD></FOOTNOTE>, lena soláthraítear an creat le haghaidh ceadúnú ilchríochach ar líne chearta na n-údar do sheirbhísí sruthaithe ceoil, lena n-áirithítear saor-rogha na n-údar maidir leis an mbealach is éifeachtúla a roghnú chun a gcearta luacha saothair a bhainistiú, agus lena leagtar síos ardleibhéal trédhearcachta agus rialacha dea-rialachais d’eagraíochtaí comhbhainistíochta, atá ríthábhachtach chun stóir ar ardáin sruthaithe ceoil a bhainistiú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar shainaithint aon duine a bhfuil baint aige leis an bpróiseas cruthaithe, go háirithe údair agus taibheoirí, maidir le seirbhísí sruthaithe ceoil, trí leithdháileadh cuimsitheach agus cruinn meiteashonraí a áirithiú ó thráth an chruthaithe d’aon rian a uaslódálfar chuig seirbhís sruthaithe ceoil; ag spreagadh, i ndáil leis an méid sin, úsáid a bhaint as na cóid aitheantais idirnáisiúnta uile (IPI<FOOTNOTE><FIELD> IPI: Faisnéis maidir leis na Páirtithe Leasmhara, https://www.ipisystem.org/.</FIELD></FOOTNOTE>, ISWC<FOOTNOTE><FIELD> ISWC: Cód Idirnáisiúnta Caighdeánach do Shaothair Cheoil, https://www.iswc.org/.</FIELD></FOOTNOTE>, ISRC<FOOTNOTE><FIELD> ISRC: Cód Idirnáisiúnta Caighdeánach do Thaifeadtaí, https://isrc.ifpi.org/en/.</FIELD></FOOTNOTE>, IPN<FOOTNOTE><FIELD> IPN: Uimhir Idirnáisiúnta Taibheora, https://www.scapr.org/tools-projects/ipd/.</FIELD></FOOTNOTE> agus ISNI<FOOTNOTE><FIELD> ISNI: Aitheantóir Caighdeánach Idirnáisiúnta Ainm, https://isni.org/.</FIELD></FOOTNOTE>); á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag sainaithint chuí cruthaitheoirí maidir le saothair a chuardach agus infhionntacht saothar, agus go gcumasaítear leo luach saothair cuí do chruthaitheoirí i ndáileadh ioncaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar ghníomhaithe uile thionscal an cheoil a n-iarrachtaí a threisiú chun leithdháileadh cuimsitheach agus ceart na n-amhrán a áirithiú trí shonraí údair dá saothair cheoil a shainaithint agus a thuairisciú go cruinn ar sheirbhísí sruthaithe, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil an t-inneachar á uaslódáil ag údair atá go hiomlán neamhspleách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá feasacht a mhúscailt, go háirithe i measc údair óga, maidir leis an tábhacht a bhaineann le haitheantas agus pá cruinn a fháil dá gceol sa mhargadh sruthaithe; á chur in iúl gur geal léi cláir agus tionscnaimh ábhartha taighde, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun tacú le tionscnaimh den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú gur gá luach chearta na n-údar a áirithiú, gan beann ar an méid a thairgeann seirbhísí sruthaithe ceoil; ag tabhairt dá haire go léirítear i roinnt staidéar<FOOTNOTE><FIELD> Comhghuaillíocht Eorpach na gCumadóirí agus na Scríbhneoirí Amhrán, ‘Music streaming and its impact on music authors – why we should fix streaming and how to ensure a sustainable future for all music creators’. Mí Iúil 2023.</FIELD></FOOTNOTE><FOOTNOTE><FIELD> Legrand Network, ‘Study on the place and role of authors and composers in the European music streaming market’, Grúpáil Eorpach um Chumainn na nÚdar agus na gCumadóirí, 28 Meán Fómhair 2022/.</FIELD></FOOTNOTE> a rinneadh le déanaí nach bhfaigheann formhór na n-údar agus na dtaibheoirí ioncam leordhóthanach ó shruthú ceoil; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar rátaí ríchíosa réamhdhigiteacha chun iad a chur i gcomhréir le rátaí cothroma agus comhaimseartha; ag cáineadh gur ann d’aon scéimeanna, amhail scéimeanna payola mar a thugtar orthu, lena gcuirfí iallach ar údair glacadh le hioncaim níos ísle nó ioncaim ar bith a fháil mar mhalairt ar infheictheacht níos mó, agus ar an gcaoi sin ioncaim sruthaithe na n-údar atá an-íseal cheana féin a laghdú tuilleadh, go háirithe ós rud é nach bhfuil an gealltanas maidir le hinfheictheacht comhlíonta fós i bhformhór na gcásanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt gníomhaithe domhanda ceannasacha i gceannas ar an iomaíocht idir soláthraithe sruthaithe ceoil ar an margadh Eorpach; á mheabhrú gur gá an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur chun feidhme go mear chun éiceachóras cothrom a áirithiú, trí dheireadh a chur le cleachtais iomaíochta éagóracha ag ardáin comhroinnte inneachair ar líne agus ag soláthraithe seirbhíse sruthaithe ceoil sa mhargadh sruthaithe ceoil, amhail iad siúd a chuireann ar chumas úsáideoirí inneachar atá faoi chosaint a shruthú nó a íoslódáil go neamhdhleathach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht agus le hiniúchóireacht éifeachtúil i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais gur gá deireadh a chur le sáruithe den sórt sin ar ardáin agus ag ardáin, agus ar siopaí aipeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht a áirithiú i dtallann agus i gceol nua na hEorpa, lena n-áirítear ealaíontóirí áitiúla, ealaíontóirí nideoige agus ealaíontóirí ó phobail leochaileacha, trí ionstraimí cistiúcháin iomchuí, lena n-áirítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta chun borradh a chur faoin infheistíocht i gcineálacha éagsúla stóir ó thaobh teanga nó seánra de, i soláthar scileanna digiteacha agus i gclaochlú digiteach samhlacha gnó agus á chur i bhfáth gur gá feasacht na n-údar a mhúscailt maidir lena gcearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tacú le comhroinnt faisnéise faoi thaibhithe beo ealaíontóirí ar ardáin a chur chun cinn, go háirithe d’ealaíontóirí áitiúla, chun deiseanna a thabhairt maidir le fionnachtana nua agus infheictheacht bhreise a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar na geallsealbhóirí uile in earnáil an tsruthaithe ceoil oibriú le chéile chun lorg carbóin an cheoil dhigitigh a mheasúnú agus a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feiceálacht agus infhionntacht shaothair cheoil na hEorpa</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun infheictheacht agus inrochtaineacht saothar ceoil Eorpach a ráthú, i bhfianaise an méid ollmhór ábhair atá ag fás i gcónaí ar ardáin sruthaithe ceoil agus an easpa rialacha de chuid an Aontais chun iad a rialáil ar bhealach comhchuibhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an staidéar a sheol an Coimisiún a bhfuil sé mar aidhm leis measúnú a dhéanamh ar infhionntacht saothar ceoil Eorpach in éiceachóras an cheoil, lena n-áirítear trí sheirbhísí sruthaithe ceoil; á iarraidh ar an gCoimisiún, bunaithe ar na torthaí sin, bearta leormhaithe a mholadh, lena n-áirítear creat dlíthiúil chun infheictheacht, inrochtaineacht agus feiceálacht saothar ceoil Eorpach ar ardáin sruthaithe ceoil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, a áirithiú go n-áireofar i gcreat den sórt sin táscairí sonracha éagsúlachta lena bhféadfaí measúnú neamhspleách a dhéanamh ar úsáid agus infheictheacht shaothair cheoil na hEorpa agus an éagsúlacht atá inti maidir le seánraí, teangacha agus údair neamhspleácha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth, thairis sin, go n-éileodh creat dlíthiúil den sórt sin ar an gCoimisiún dea-chleachtais a shainaithint chun ábhar éagsúlaithe a chuirtear chun cinn ar chomhéadain ardáin a thástáil agus faireachán agus tuairisciú rialta a dhéanamh air sin le modheolaíocht shoiléir chun infheictheacht saothar ceoil Eorpach a thuiscint agus a mheasúnú, i measc nithe eile, i seinnliostaí coimeádaithe, comhéadain úsáideoirí, roghanna algartamacha agus córais mholta chun feiceálacht agus infhionntacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a bhailiú agus anailís chríochnúil a dhéanamh a bheidh dírithe ar infhionntacht saothar ceoil Eorpach a áirithiú trí sheirbhísí sruthaithe ceoil, chomh maith le hidirphlé struchtúrtha a chruthú idir na páirtithe uile lena mbaineann; á iarraidh ar an gCoimisiún, bunaithe ar na torthaí, machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta nithiúla a fhorchur, amhail cuótaí maidir le saothair cheoil na hEorpa, ar ardáin sruthaithe ceoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar bhealaí leordhóthanacha chun oidhreacht dhigiteach cheoil na hEorpa a chaomhnú, agus ag an am céanna an spleáchas <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> ar ardáin sruthaithe ceoil tráchtála a laghdú chun infhaighteacht agus inrochtaineacht saothar ceoil Eorpach a áirithiú san fhadtéarma;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I dtreo úsáid eiticiúil na hintleachta saorga</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go mbainfear úsáid as IS san earnáil chultúir agus chruthaitheachta, lena n-áirítear sa cheol, agus á thabhairt chun suntais gur féidir le IS a bheith ina uirlis d’ealaíontóirí chun a gcruthúcháin féin a fhiosrú, a nuáil agus a fheabhsú; á iarraidh go mbeadh an trédhearcacht is mó is féidir ann agus á chur i bhfáth an gá le háirithiú go gcomhlíonfar ceanglais dhlíthiúla uile an Aontais maidir le forbairt, táirgeadh agus seachadadh saothar ceoil trí bhíthin theicneolaíochtaí IS; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar impleachtaí sonracha úsáidí IS san earnáil chultúir agus chruthaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha dlíthiúla spriocdhírithe a mholadh chun trédhearcacht na n-algartam agus na gcóras moltaí inneachair atá ag gach ardán sruthaithe ceoil a áirithiú, d’fhonn cleachtais éagóracha agus calaois sruthaithe a chosc a úsáidtear chun costais a laghdú agus chun luach breise níos ísle arís a thabhairt d’údair ghairmiúla; á iarraidh ar na seirbhísí ceoil leanúint d’infheistíocht a dhéanamh in uirlisí leormhaithe chun na gníomhaíochtaí sin a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil méadú ag teacht ar líon na rianta a uaslódáladh chuig ardáin sruthaithe mar thoradh ar an méadú ar inneachar arna ghiniúint ag IS, rud a fhágann go bhfuil tábhacht níos mó fós ag baint le feiceálacht agus infhionntacht saothar ceoil Eorpach; á thabhairt chun suntais an fíoras gur cheart an pobal a bheith ar an eolas más rud é gur chruthaigh IS den chuid is mó, agus/nó gan rannchuidiú suntasach ó údair dhaonna, na saothair cheoil, na hamhráin nó na healaíontóirí a n-éisteann siad leo ar ardáin sruthaithe ceoil; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá oibriú chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas go maith, agus á chur i bhfáth gur gá lipéad soiléir, tráthúil agus infheicthe a chur ar bun chun an pobal a chur ar an eolas faoi shaothair a ghintear go hiomlán le IS nach bhfuil baint acu le léiriú phearsantacht ná chruthaitheacht an údair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé idir geallsealbhóirí maidir le dul i ngleic le scaipeadh domhainbhrionnuithe ar ardáin sruthaithe ceoil, agus á iarraidh go ndéanfaí leasanna na n-údar agus na dtaibheoirí uile a mheas; á mheabhrú gur aschuir iad domhainbhrionnuithe arna dtáirgeadh ag samhlacha agus feidhmchláir IS a d’fhéadfadh úsáid a bhaint as féiniúlachtaí, guthanna agus cosúlachtaí údar agus taibheoirí gan a dtoiliú; á iarraidh go méadófaí úsáid uirlisí sainaitheantais chun domhainbhrionnuithe agus inneachar ionramháilte a bhrath agus á iarraidh go mbeidh sásraí tuairiscithe ann atá inrochtana go héasca d’údair, do thaibheoirí agus do shealbhóirí eile ceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cead a thabhairt d’údair, do thaibheoirí agus do shealbhóirí eile ceart na cearta maidir le húsáid a gcuid oibre a fhorchoimeád agus a cheadúnú le haghaidh oiliúint, forbairt nó dearadh IS thar thaighde eolaíoch; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, go bhfuil gá le trédhearcacht maidir leis an inneachar oiliúna atá cosanta faoi dhlí an chóipchirt chun críocha córais IS giniúnaí chun a áirithiú go bhfuil sé i gcomhréir le dlí cóipchirt an Aontais nó leis an dlí cóipchirt náisiúnta is infheidhme agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór do sholáthraithe na gcóras IS giniúnaí sin achoimre atá mionsonraithe go leor a dhoiciméadú agus a chur ar fáil go poiblí maidir le húsáid na sonraí oiliúna sin, gan beann ar an áit ina ndearnadh an oiliúint sin, chun gur féidir an eisceacht mianadóireachta téacsanna agus sonraí dá bhforáiltear faoi dhlí cóipchirt an Aontais a chur i bhfeidhm go cuí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Peirspictíochtaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Faireachlann Cheoil Eorpach a bhunú chun faisnéis a sholáthar maidir le margaí ceoil san Aontas trí shonraí a bhailiú agus a anailísiú sna Ballstáit, chomh maith le hanailís agus tuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí a dhéanann difear d’earnáil an cheoil, go háirithe an margadh sruthaithe ceoil, d’fhonn an earnáil a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an clár Eoraip na Cruthaitheachta a fheabhsú tuilleadh, go háirithe trí ghníomhaíocht chuimsitheach maidir le ceol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht mhór ag an gceol cultúr, stair, oidhreacht, luachanna agus éagsúlacht na hEorpa a chur chun cinn tuilleadh; á chreidiúint go bhfuil sé d’acmhainn ag an gceol freisin rannchuidiú le cumhacht bhog an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh cur chun cinn ealaíontóirí Eorpacha i dtríú tíortha mar fhócas mór ag an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, straitéis onnmhairithe chuimsitheach Eorpach a fhorbairt maidir le saothair cheoil Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé struchtúrtha a bhunú idir na geallsealbhóirí uile chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna reatha a dhéanann difear don mhargadh sruthaithe ceoil agus chun oibriú le chéile chun teacht ar réitigh chomhchoiteanna i dtreo dháileadh níos cothroime na n-ioncam ó ardáin sruthaithe ceoil, go háirithe d’údair, do thaibheoirí agus do tháirgeoirí beaga agus mhicreatháirgeoirí neamhspleácha, i gcomhthráth leis na tograí reachtacha a bhfuiltear ag súil leo maidir le trédhearcacht algartam agus feiceálacht saothar ceoil Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar straitéis thionsclaíoch Eorpach don cheol a thabhairt isteach chun go mbeidh ról ag an Aontas maidir le héagsúlacht a chuid ealaíontóirí agus saothar ceoil a chur chun cinn, ag díriú ar neart agus ar éagsúlacht earnáil cheoil na hEorpa, borradh a chur faoi ghníomhaithe níos lú, níos mó infheistíochta a fháil, nochtadh níos mó a thabhairt d’ealaíontóirí agus na torthaí a chainníochtú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>