<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0022</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Saoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn in AE</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0393/2023 - Rapóirtéir: Christian Ehler)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 le moltaí don Choimisiún maidir le saoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn san Aontas Eorpach (2023/2184(INL))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 49, 56 agus 179(1) agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 12 agus 13 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Bonn maidir le Saoirse an Taighde Eolaíoch arna ghlacadh ag an gComhdháil Aireachta maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde an 20 Deireadh Fómhair 2020 in Bonn (‘Dearbhú Bonn’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘LET (Limistéar Eorpach Taighde) nua don Taighde agus don Nuálaíocht’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta, dar teideal ‘Straitéis na hEorpa maidir le comhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde, Gníomhaíocht 6,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aithris 72 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mheasúnú Breisluacha Eorpaigh 2023 maidir le Cur chun cinn shaoirse an taighde eolaíoch a thíolaic an tAonad um Breisluach Eorpach don Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh an 18 Meán Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Communiqué Aireachta na Róimhe an 19 Samhain 2020 ó na hairí Eorpacha atá freagrach as an ardoideachas, faoi chuimsiú Limistéar Eorpach an Ardoideachais, go háirithe Iarscríbhinn I maidir le Saoirse Acadúil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuairim FSCI i ndáil le cur chun feidhme Dhearbhú Bonn sa Chomhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht (CLET-FSCI 1356/21) (2021),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh UNESCO maidir le hEolaíocht agus Taighdeoirí Eolaíocha (2017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mholadh maidir le Stádas Pearsanra Múinteoireachta Ardoideachais, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta Eagraíocht Oideachais, Eolaíoch agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), ag an 29ú seisiún a bhí aici ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain 1997,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí ón bhFóram Straitéiseach um Chomhar Idirnáisiúnta san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0393/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil saoirse an taighde eolaíoch, ar gné bhunriachtanach den daonlathas í agus atá ar cheann de na codanna a chomhdhéanann an tsaoirse acadúil, faoi bhrú san Aontas agus go bhfuil sí ag creimeadh de réir a chéile<FOOTNOTE><FIELD> staidéar STOA: Staid reatha na saoirse acadúla i mBallstáit an Aontais: Forbhreathnú ar threochtaí agus ar fhorbairtí de facto.</FIELD></FOOTNOTE>, rud atá léirithe ag an bhfíric faoin Innéacs um Shaoirse Acadúil go raibh scór os cionn 0,85 ag na Ballstáit uile ar an innéacs in 2008 agus gur thit roinnt Ballstát go suntasach in 2022, agus gurbh é 0,34 an scór ab ísle do 2022;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go mbíonn tionchair dhiúltacha ar gheilleagar an Aontais ag srianta ar shaoirse an taighde eolaíoch trí shrian a chur ar an nuálaíocht, trí dhul chun cinn eolaíoch a mhoilliú, agus trí iomaíochas domhanda na hEorpa a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn creimeadh shaoirse an taighde eolaíoch le himirce daoine oilte maidir leis na taighdeoirí is fearr, le féinchinsireacht i measc acadóirí, le níos lú anailís chriticiúil ar shaincheisteanna sóisialta agus polaitíochta, le níos lú comhar idirdhisciplíneach, le níos lú dioscúrsa poiblí agus díospóireacht phoiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbíonn tionchar ag éiginnteacht fostaíochta ar an gcumas tairbhe iomlán a bhaint as saoirse an taighde eolaíoch; de bhrí go n-oibríonn na mílte taighdeoirí le cistiú tionscadail ar feadh tréimhse theoranta, trí dheontais taighde aonair nó tionscadail, conarthaí fostaíochta ar théarma seasta nó trí chúraimí sonracha a dhéanamh mar dhaoine féinfhostaithe, agus a bhfuil slándáil fostaíochta agus cosaint cearta oibrithe lag acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-áirítear i nDearbhú Bonn sainmhíniú ar shaoirse an taighde eolaíoch agus go n-aithnítear na freagrachtaí atá ar rialtais agus ar eagraíochtaí taighde araon chun saoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go n-áirithítear le cosaint shaoirse an taighde eolaíoch go gcuireann taighde eolaíoch le leas an phobail agus go gcuireann sé le forbairt agus le dálaí maireachtála feabhsaithe do dhaoine;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil easpa ionstraimí cur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach i nDearbhú Bonn;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb ann do chomhlacht láidir cásdlí de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir leis an tsaoirse acadúil, lena n-áirítear saoirse an taighde eolaíoch, lena leagtar amach roinnt caighdeán agus prionsabal dlí chun an tsaoirse acadúil a chosaint agus a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, ina breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020 i gCás C-66/18<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir, C-66/18, ECLI:EU:C:2020:792.</FIELD></FOOTNOTE>, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur baineadh an struchtúr eagraíochtúil atá riachtanach chun taighde acadúil a dhéanamh de na heagraíochtaí dá ndéantar difear mar thoradh ar Dhlí na hUngáire maidir le hardoideachas, lena léirítear creimeadh na saoirse acadúla san Ungáir;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go ndéantar, le gníomhartha reachtacha sonracha de chuid an Aontais, saoirse an taighde eolaíoch a theorannú tríd an earnáil acadúil a chur faoi bhráid na gcóras atá ceaptha go príomha chun an margadh inmheánach a rialáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur gheall Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen, sular dhaingnigh an Pharlaimint í, sna Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach 2019-2024 eile, tacú le ceart tionscnaimh don Pharlaimint agus gur gheall sí freagairt a thabhairt ar ghníomh reachtach nuair a ghlacann an Pharlaimint rúin lena n-iarrtar ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>	ag athdhearbhú thiomantas an Aontais cearta bunúsacha a chaomhnú, lena n-áirítear an ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, saoirse acadúil chomh maith le saoirse an taighde eolaíoch i ngach disciplín eolaíoch agus na n-ealaíon mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á aithint go mbaineann tábhacht bhunúsach le saoirse an taighde eolaíoch chun ár n-eolas ar fheiniméin nádúrtha agus shóisialta a chur chun cinn, agus sa chaoi sin is go rannchuidítear le cur chun cinn na nuálaíochta, le dul chun cinn na sochaí, agus le feabhas a chur ar fholláine fhoriomlán shaoránaigh an Aontais, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, agus meabhraíonn sí gur ceart uilíoch agus leas an phobail í saoirse an taighde eolaíoch, atá le cur i bhfeidhm maidir le gach disciplín eolaíoch; á chur i bhfios go láidir, in iomaíocht dhomhanda an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta, gur réamhriachtanas í saoirse an taighde eolaíoch chun daoine tréitheacha a bhfuil smaointe nua iomaíocha acu a mhealladh; á chur in iúl gur oth léi, i ndáil leis sin, go bhfuil easpa cur chun feidhme nithiúil ar an leibhéal Eorpach i nDearbhú Bonn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á aithint go bhfuil tionchar ollmhór ag forbhásacht ar shaoirse an taighde eolaíoch agus an fhorbhásacht fós san earnáil; ag cosaint cearta saothair taighdeoirí eolaíocha, fheabhsú a ngairmeacha, conarthaí seasmhacha poist agus rochtain ar chórais chuimsitheacha cosanta sóisialta; á chreidiúint gur cheart poist ardcháilíochta, dálaí oibre cuibhiúla, pá cuibhiúil agus ionaid oibre fholláin a chur ar fáil do thaighdeoirí eolaíocha, lena n-áirítear cothromaíocht mhaith oibre is saoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil comhionannas deiseanna, go háirithe iad siúd a chothaítear leis an gcomhionannas inscne, bunriachtanach chun saoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn agus chun a áirithiú go mbeidh peirspictíochtaí éagsúla mar chuid de réitigh ar dhúshláin éagsúla chun forbairt inbhuanaithe agus chothrom a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur béim ar an staid thar a bheith forbhásach do thaighdeoirí luathghairme agus, d’fhonn líon na dtaighdeoirí luathghairme a mhéadú, gur cheart deiseanna gairme níos soiléire agus níos struchtúrtha a bhunú; á chur i bhfios go láidir gur cheart é sin a ráthú freisin trí nósanna imeachta earcaíochta trédhearcacha a chothú, saor ó aon chlaontacht, agus trí chumhdach slándála sóisialta iomchuí a chur ar fáil do gach taighdeoir, lena n-áirítear iarrthóirí dochtúireachta atá i mbun gníomhaíocht taighde agus a fhaigheann luach saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb iad comhlachtaí bainistíochta na n-eagraíochtaí um thaighde eolaíoch a shocraíonn tosaíochtaí taighde eolaíoch na n-institiúidí sin; ag aithint go mbaineann cásanna de dhíghrádú an daonlathais in eagraíochtaí um thaighde eolaíoch an bonn ó shaoirse an taighde eolaíoch; ag cur béim, dá bhrí sin, ar an tábhacht a bhaineann le féinrialachas acadúil lenar cheart go n-áireofaí ceart na dtaighdeoirí eolaíocha chun tuairimí a bheith acu maidir le rialachas a n-institiúide eolaíche, lena n-áirítear maidir le dálaí saothair ag an institiúid; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil taighdeoirí eolaíocha i dteideal na gceart uile faoi Airteagal 12 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chreidiúint gur cheart eagraíochtaí um thaighde eolaíoch a spreagadh, agus a neamhspleáchas institiúideach a urramú go hiomlán, chun dul i mbun comhar idirnáisiúnta chun caidrimh dhéthaobhacha agus iltaobhacha a neartú chun gné láidir taidhleoireachta eolaíche a fhorbairt tuilleadh lena dtabharfar aghaidh ar shaoirse an taighde eolaíoch agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás sáruithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á áitiú gur cheart don Aontas a bheith ina thearmann sábháilte do na taighdeoirí uile atá i mbaol agus gur cheart Scéim Comhaltachta Eorpach do Thaighdeoirí i mBaol a chur ar bun lena gcuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do shocrúcháin éigeandála taighdeoirí atá i mbaol in eagraíochtaí taighde Eorpacha; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an Scéim sin ina sásra dlúthpháirtíochta freisin chun tacú le taighdeoirí Eorpacha a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar shaoirse an taighde eolaíoch atá acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á aithint, i gcomhréir le Dearbhú Bonn, go seasann saoirse an taighde eolaíoch d’oscailteacht, malartú, barr feabhais, idirnáisiúnachas, éagsúlacht, comhionannas, sláine, fiosracht, freagracht agus meabhrachas agus gur colún d’aon daonlathas í, dá bhrí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire an sainmhíniú ar shaoirse an taighde eolaíoch in Iarscríbhinn II, pointe (2) den togra ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creat Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> COM(2023)0436</FIELD></FOOTNOTE> chun daoine tréitheacha a bhfuil scileanna taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta acu a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chreidiúint nach mór saoirse an taighde eolaíoch a bheith freagrach as an tsláine agus na caighdeáin eiticiúla is airde sa taighde eolaíoch a urramú agus gur cheart an Eolaíocht Oscailte a chothú; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn sláine an taighde eolaíoch trédhearcacht an chistithe, agus go gcuireann saoirse an taighde eolaíoch freagracht ar an tsochaí chun an trédhearcacht sin a sholáthar; ag tacú go láidir, dá bhrí sin, le cleachtas coiteann na cumarsáide trédhearcaí maidir le foinsí cistithe do ghníomhaíochtaí taighde agus á iarraidh ar an earnáil eolaíoch an cleachtas sin a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur béim ar an ról cinntitheach atá ag creat cumasúcháin a dheartar agus a chuirtear chun feidhme go cuí chun saoirse an taighde eolaíoch a chosaint agus a chur chun cinn go héifeachtach ar fud an Aontais, agus lánaird á tabhairt ar an tacaíocht phoiblí atá ar fáil chun táirgeadh, comhroinnt agus scaipeadh eolais a éascú, mar leas poiblí, agus chun aon riosca go gcuirfí isteach ar neamhspleáchas an taighde eolaíoch nó go mbainfí an bonn de neamhspleáchas an taighde eolaíoch a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á áitiú go bhfuil an t-eolas oscailte ábhartha chun saoirse an taighde eolaíoch a áirithiú; á iarraidh go gcruthófaí eolas go héifeachtach agus go trédhearcach gan bacainní saorga a chuirfeadh bac ar rochtain ar fhaisnéis agus ar scaipeadh na faisnéise sin; á mheas nach mór comhroinnt torthaí an taighde eolaíoch chun críocha neamhthráchtála a chosaint le dlí an Aontais agus a chur chun cinn go gníomhach; á chur i bhfios go láidir nach mór torthaí eolaíocha a mhaoinítear go poiblí a fhoilsiú in irisí acadúla a bhfuil rochtain oscailte orthu agus go mbeidh rochtain éasca ag gach duine ar na torthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cúlú a rinneadh le déanaí ar an gceart bunúsach sin san Aontas, ar ceart é atá riachtanach do shaoirse pholaitíochta agus rannpháirtíocht shóisialta agus a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’fhorbairt Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) atá feidhmiúil agus iomaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearbhaítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020, dar teideal ‘LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht’ go n-éilítear lánurraim do shaoirse an taighde eolaíoch chun LET a thabhairt chun críche, lena n-áirítear neamh-chur isteach ar chláir oibre taighde, neamhspleáchas institiúideach, agus cistiú dóthanach chomh maith leis na modhanna is gá chun torthaí taighde a scaipeadh, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach n-úsáideann an Coimisiún a údarás dlíthiúil chun an tsaoirse sin a chosaint san Aontas, d’ainneoin na bhfocal láidir atá aige sa teachtaireacht sin; ag athdhearbhú thiomantas an Aontais cearta bunúsacha a chaomhnú, lena n-áirítear an ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, saoirse acadúil chomh maith le saoirse an taighde eolaíoch agus na n-ealaíon mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil saoirse an taighde faoi bhrú chun cloí le forchoimeádais mhorálta agus pholaitíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún gach beart atá ar a chumas a dhéanamh chun saoirse an taighde eolaíoch san Aontas a chosaint agus a chur chun cinn agus a áirithiú nach gcuirfear sláine agus eitic thaighde i mbaol, lena n-áirítear a údarás dlíthiúil a úsáid chun aon chúlú breise maidir leis an gceart bunúsach sin a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún iolrachas eolaíoch a chur chun cinn agus a chistiú go gníomhach trí thacú le tionscadail ar fud raon iomlán an taighde eolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit saoirse an taighde eolaíoch a urramú agus a chaomhnú go hiomlán, agus a áirithiú nach gcuirfidh aon bhearta a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail srian míchuí ar shaoirse an taighde eolaíoch, mar shampla ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le sláine críche nó le sábháilteacht an phobail, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun sláinte nó moráltacht a chosaint, chun clú nó cearta daoine eile a chosaint, chun nochtadh faisnéise a fhaightear faoi rún a chosc, nó chun údarás agus neamhchlaontacht na mbreithiúna a choimeád ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá saoirse an taighde eolaíoch a urramú go cuí agus a chur chun cinn go gníomhach ar fud an Aontais chun LET a thabhairt chun críche, agus á chreidiúint go mbíonn tionchar diúltach ag aon iarrachtaí an bonn a bhaint den tsaoirse sin nó mar thoradh ar mhainneachtain an tsaoirse sin a chur chun cinn go gníomhach ar fhorbairt LET atá iomaíoch agus nuálach; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tuilleadh cumhachta a thabhairt do phobal an taighde eolaíoch maidir le rochtain, úsáid agus scaipeadh aon fhaisnéise atá ábhartha dá ghníomhaíocht, lena n-áirítear trí uirlisí digiteacha foinse oscailte a ghiaráil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di mainneachtain an Choimisiúin a údarás dlíthiúil a úsáid faoi na Conarthaí chun saoirse an taighde eolaíoch a chosaint mar cheann de chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais, arb ionann é agus tréigean tromchúiseach a bhfreagrachtaí seasamh leis an smacht reachta san Aontas, agus á iarraidh ar an gCoimisiún beart a dhéanamh láithreach bonn chun an scéal sin a leigheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle Eorpach go dtacófaí le saoirse an taighde eolaíoch a chosaint agus a chur chun cinn, agus a áirithiú go n-urramófar an ceart bunúsach sin go cuí i ngach Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go n-aithneofaí an gá atá le cistí poiblí breise a chur i bhfeidhm chun taighde eolaíoch neamhspleách a mhaoiniú, agus cur isteach míchuí a sheachaint a d’fhéadfadh a chríocha a chur chun cinn nó tionchar a imirt ar a mhodhanna nó ar a thorthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht an phobail a chur chun cinn maidir leis an tábhacht a bhaineann le saoirse an taighde eolaíoch trí oideachas, for-rochtain phoiblí, agus tacaíocht d’iriseoireacht eolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, ar bhonn Airteagal 182(5) agus i gcomhar le hAirteagal 179(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh gníomh maidir le saoirse an taighde eolaíoch, ag leanúint na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo chun an tsaoirse sin a ráthú, a chosaint agus a chur chun cinn ar leibhéal na n-eagraíochtaí taighde agus na dtaighdeoirí i rith a ngairmeacha ar fad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">Saoirse an Taighde Eolaíoch a Shainmhíniú</STRING>

<NO.P>1.</NO.P>Is comhpháirt den tsaoirse acadúil agus sláine eolaíoch san Eoraip í saoirse an taighde eolaíoch, agus tá luach neamhspleách aici freisin, mar atá léirithe ag an tagairt shonrach in Airteagal 13 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

<NO.P>2.</NO.P>Cuireann saoirse an taighde eolaíoch cearta ar fáil do thaighdeoirí eolaíocha aonair, cearta agus oibleagáidí d’eagraíochtaí um thaighde eolaíoch, agus oibleagáidí d’údaráis phoiblí.

<NO.P>3.</NO.P>Ós rud é go bhfuil dualgais agus freagrachtaí maidir le feidhmiú shaoirse an taighde eolaíoch, féadfaidh sé a bheith faoi réir cibé foirmiúlachtaí, coinníollacha, srianta nó pionóis a fhorordaítear le dlí agus is gá i ndaonlathas, ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le sláine críche náisiúnta nó le sábháilteacht an phobail, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun sláinte nó moráltacht a chosaint, chun clú nó cearta daoine eile a chosaint, chun cosc a chur le nochtadh faisnéise a fhaightear faoi rún, nó chun údarás agus neamhchlaontacht na mbreithiúna a choimeád ar bun.

D’fhéadfadh saoirse an taighde eolaíoch a bheith teoranta freisin mar thoradh ar imthosca taighde ar leith nó ar shrianta oibríochta áirithe. Ní mór saoirse an taighde eolaíoch a chothromú go cúramach le leasanna dlisteanacha eile, amhail buntáistí iomaíocha dlisteanacha a fháil agus maoin intleachtúil a chosaint. Níor cheart do theorainneacha den sórt sin, áfach, prionsabail agus cleachtais eiticiúla aitheanta a shárú, ar prionsabail agus cleachtais iad nach mór do thaighdeoirí cloí leo.

<NO.P>4.</NO.P>Ba cheart go gcuirfeadh an togra leis an sainmhíniú ar shaoirse an taighde eolaíoch mar atá leagtha amach i nDearbhú Bonn agus faoi phointe 2 d’Iarscríbhinn II den togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha a bhfuil scileanna taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta acu a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip.

<STRING BOLD="on">Saoirse na dtaighdeoirí eolaíocha</STRING>

<NO.P>5.</NO.P>Ba cheart taighdeoirí eolaíocha a shainiú go ginearálta i gcomhréir le togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha a bhfuil scileanna taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta acu a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip.

<NO.P>6.</NO.P>Is éard atá i gceist le saoirse an taighde eolaíoch ná go bhfuil sé de cheart ag taighdeoirí aonair ceisteanna taighde a shainiú gan bhac, teoiricí a roghnú agus a fhorbairt, ábhar eimpíreach a bhailiú, agus modhanna taighde eolaíoch fónta a úsáid, sláine eolaíoch a choinneáil, dúshlán a thabhairt don ghaois thraidisiúnta, foilsiú agus cumarsáid a dhéanamh gan bhac, agus smaointe nua agus teoiricí a mholadh chomh maith leis na smaointe agus teoiricí a scaipeadh gan bhac.

<NO.P>7.</NO.P>Áirítear ar chearta taighdeoirí aonair an méid seo a leanas ar a laghad:

<NO.P>(a)</NO.P>an ceart chun páirt a ghlacadh in eagraíochtaí ionadaíocha gairmiúla nó acadúla;

<NO.P>(b)</NO.P>an ceart chun rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis phoiblí, agus an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis phríobháideach a bhfuil gá léi chun críocha eolaíocha, agus atá le cothromú le cearta sealbhóirí faisnéise agus le nádúr/íogaireacht na faisnéise;

<NO.P>(c)</NO.P>an ceart faisnéis shonrach nó sonraí sonracha, chomh maith le foinse na faisnéise sin nó an dáta sin, a choinneáil faoi rún chun cloí le caighdeáin eiticiúla agus eolaíocha, chun cuspóirí eolaíocha nó cuspóirí dlisteanacha eile a bhaint amach;

<NO.P>(d)</NO.P>an ceart chun foilsiú, comhroinnt, scaipeadh agus cumarsáid a dhéanamh go hoscailte, go hinmheánach agus go seachtrach araon, an ceart labhairt gan bhac agus go criticiúil faoi obair agus faoi pholaitíocht na n-institiúidí um thaighde eolaíoch agus faoi thorthaí agus sonraí a gcuid taighde, gan eagla roimh dhíoltas;

<NO.P>(e)</NO.P>an ceart chun ábhair thaighde a shainiú gan bhac, chun ábhar eimpíreach a roghnú, a fhorbairt agus a bhailiú agus chun caidreamh a dhéanamh le taighdeoirí eile.

<NO.P>8.</NO.P>Ba cheart go mbeadh taighdeoirí aonair in ann tairbhe a bhaint as na cearta aonair sin gan eagla roimh dhíoltas.

<STRING BOLD="on">Cearta agus oibleagáidí na n-eagraíochtaí um thaighde eolaíoch</STRING>

<NO.P>9.</NO.P>Chun saoirse an taighde eolaíoch a ráthú do thaighdeoirí eolaíocha, ba cheart neamhspleáchas institiúideach éifeachtach a bheith ag eagraíochtaí um thaighde eolaíoch. Cé gur réamhriachtanas é neamhspleáchas institiúideach do shaoirse an taighde eolaíoch do thaighdeoirí eolaíocha agus do nádúr féinrialaitheach an taighde, de réir sainmhínithe, níl sé faoi réir cearta taighdeoirí aonair. Sa bhreis ar an ról atá aige saoirse an taighde eolaíoch a chosaint, tá gá le neamhspleáchas institiúideach chun go bhfeidhmeoidh an earnáil eolaíoch mar is cuí. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cothromaíocht chúramach sa togra chun go mbeidh cearta an duine aonair ag teacht le neamhspleáchas institiúideach.

<NO.P>10.</NO.P>Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag eagraíochtaí um thaighde eolaíoch páirt a ghlacadh i gcomhar idirnáisiúnta.

<NO.P>11.</NO.P>Faoi chuimsiú a neamhspleáchais institiúidigh, ní mór d’eagraíochtaí taighde nósanna imeachta trédhearcacha, cothroma agus barr feabhais-bhunaithe a chur ar fáil do ghairmeacha taighde.

<NO.P>12.</NO.P>I measc na ngnéithe atá le cur san áireamh chun neamhspleáchas institiúideach a bhunú, tá neamhspleáchas eagraíochtúil, neamhspleáchas airgeadais, neamhspleáchas foirne agus neamhspleáchas eolaíoch.

<NO.P>13.</NO.P>Tá neamhspleáchas institiúideach thar a bheith comhthéacsúil agus is féidir é a bhaint amach ar go leor bealaí éagsúla le teaglamaí éagsúla neamhspleáchais. Chun go mbeidh neamhspleáchas institiúideach éifeachtach ann, ní gá na gnéithe éagsúla sin uile den neamhspleáchas institiúideach a chomhlíonadh go haonfhoirmeach. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh an sainmhíniú ar neamhspleáchas institiúideach sa togra socair, ach ba cheart go mbeifí in ann é a oiriúnú do chomhthéacsanna éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus institiúideacha go háirithe trí bhéim a chur ar aistriú idir gnéithe éagsúla den neamhspleáchas institiúideach trí thuiscint de réir a chéile seachas tuiscint dhénártha ar na gnéithe éagsúla a thabhairt isteach.

<NO.P>14.</NO.P>Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar eagraíochtaí taighde, mar thoradh ar neamhspleáchas institiúideach, rannpháirtíocht de chineál éigin a chur ar fáil do thaighdeoirí eolaíocha sa chinnteoireacht.

<NO.P>15.</NO.P>Áirítear leis sin na cearta chun tráchtanna poiblí a dhéanamh maidir le rialú na heagraíochta agus an chórais gan eagla roimh dhíoltas. Áirítear leis sin freisin an fhreagracht atá ar eagraíochtaí taighde cultúr díospóireachta oscailte a chruthú. Áirítear leis freisin nósanna imeachta éifeachtacha a bheith ann chun mí-iompar a thuairisciú, daoine a thuairiscíonn mí-iompar, sáruithe ar chaighdeáin acadúla nó ar chaighdeáin eiticiúla a chosaint, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).</FIELD></FOOTNOTE> , chomh maith le nósanna imeachta scoite, bunaithe ar phríobháideacht agus ar thoimhde na neamhchiontachta a chosaint, chun mí-iompar a thuairiscítear a láimhseáil.

<STRING BOLD="on">Oibleagáidí rialtais</STRING>

<NO.P>16.</NO.P>Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí rialtais sna Ballstáit, ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus institiúidí an Aontais, saoirse an taighde eolaíoch a urramú, a chosaint, a chur chun cinn agus a áirithiú, lena n-áirítear neamhspleáchas institiúideach.

<NO.P>17.</NO.P>Ciallaíonn urraim do shaoirse an taighde eolaíoch go staonann comhlachtaí rialtais ó chur isteach treallach ar shaoirse an taighde eolaíoch agus srianta míchuí a fhorchur uirthi agus go staonann siad freisin ó rannpháirtíocht ghníomhach nó chomhpháirteachais maidir le sáruithe ar an gceart.

<NO.P>18.</NO.P>Ciallaíonn saoirse an taighde eolaíoch a chosaint go bhfuil sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí rialtais bearta gníomhacha a dhéanamh chun cosaint a thabhairt i gcoinne tríú páirtithe a chuireann isteach go míchuí ar aon ghné de shaoirse an taighde eolaíoch.

<NO.P>19.</NO.P>Ciallaíonn saoirse an taighde eolaíoch a áirithiú go gcaithfidh comhlachtaí rialtais na réamhchoinníollacha uile is gá a chruthú go gníomhach ionas go bhfeidhmeofar gach gné den tsaoirse, lena n-áirítear neamhspleáchas institiúideach. Áirítear leis sin beartais le haghaidh gairmeacha taighde inbhuanaithe lena gcuirtear poist ardcháilíochta ar fáil ag gach céim den ghairmréim chomh maith le maoiniú institiúideach fadtéarmach, iontaofa agus seasmhach.

<NO.P>20.</NO.P>Ciallaíonn saoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn nach mór do chomhlachtaí rialtais dul i dteagmháil go gníomhach le tríú páirtithe chun tacú le saoirse an taighde eolaíoch a urramú, a chosaint agus a áirithiú, agus go bhféadfaidís éirí as an gcomhar le tríú páirtithe nach gcloíonn leis an tsraith chéanna prionsabal agus luachanna.

<STRING BOLD="on">Breithnithe ginearálta</STRING>

<NO.P>21.</NO.P>Ba cheart a léiriú sa togra reachtach nach mór saoirse an taighde eolaíoch a mheas go cuimsitheach lena n-áirítear saor ó chur isteach agus a áirithiú go bhfuil dálaí an chreata cumasúcháin ann. Ba cheart go mbeadh taighde eolaíoch saor ó chur isteach míchuí ón rialtas agus ba cheart go mbeadh pobal eolaíoch láidir ann chomh maith le comhlacht sibhialta a bheadh ag gabháil d’eolas eolaíoch chun saoirse an taighde eolaíoch a fheidhmiú.

Ba cheart é a bheith de fhreagracht ar údaráis phoiblí imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar shaoirse an taighde eolaíoch agus na daoine a dhéanann sáruithe a thabhairt chun cuntais.

<NO.P>22.</NO.P>Ba cheart a áireamh sa togra reachtach córas faireacháin a chruthú chun sáruithe ar thaighde eolaíoch a thuairisciú nuair a shainaithneofar iad.

<NO.P>23.</NO.P>Ba cheart go n-aithneofaí sa togra reachtach, cé go bhfuil luach neamhspleách ag saoirse an taighde eolaíoch, faoi chuimsiú ollscoileanna nua-aimseartha tá saoirse an taighde eolaíoch doscartha ón tsaoirse chun teagasc. Ciallaíonn sé sin, i bhfianaise bhunús dlí an togra agus chroí-inniúlachtaí an Aontais maidir le taighde, agus urraim chuí á tabhairt d’inniúlachtaí teoranta an Aontais reachtaíocht a rith maidir le hoideachas, gur cheart é a bheith mar aidhm ag an togra an raon feidhme is iomláine is féidir a chosaint maidir le scaipeadh inmheánach.

<NO.P>24.</NO.P>Ba cheart go mbeadh ceangailteacht dhlíthiúil ag an ngníomh atá beartaithe ar fud an Aontais. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an togra creat dlíthiúil a chruthú lena dtabharfar dóthain solúbthachta chun cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta agus na hoibleagáidí de réir an cháis agus ar féidir é a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais in ainneoin na héagsúlachta suntasaí sna córais náisiúnta agus réigiúnacha um thaighde eolaíoch. Ba cheart túsphointe a chruthú d’fhorbairt íoschaighdeán dlíthiúil maidir le saoirse an taighde eolaíoch trí chásdlí ó chúirteanna na hEorpa, lena n-áirítear Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>