<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0024</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha maidir le saoránacht AE</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0436/2023 -  Rapóirtéir: Maite Pagazaurtundúa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar chur chun feidhme fhorálacha na gConarthaí maidir le saoránacht AE (2023/2085(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2, 3, 6, 9, 10, 11, 12, 21 agus 23 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 15, 20, 21, 22, 24, 26, 45, 46, 47, 48, 153 agus 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 5.5.2021, lch. 1<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO L 141, 27.5.2011, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344<FOOTNOTE><FIELD> IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar<FOOTNOTE><FIELD> IO L 173, 9.7.2018, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 22.4.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 132.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE). 2015/637 an 20 Aibreán 2015 maidir le bearta comhordúcháin agus comhair le cosaint chonsalach a éascú do shaoránaigh de chuid an Aontais i dtríú tíortha nach bhfuil ionadaí dá dtír féin iontu agus lena n-aisghairtear Cinneadh 95/553/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 106, 24.4.2015, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/997 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Doiciméad Práinne Taistil AE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 96/409/CBES<FOOTNOTE><FIELD> IO L 163, 20.6.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Iúil 2009 maidir le treoir chun trasuí agus cur i bhfeidhm níos fearr a dhéanamh ar Threoir 2004/38/CE maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas Eorpach agus ag daoine dá dteaghlach chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (COM(2009)0313),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 17.7.2020, lch. 7.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Strategy to strengthen the application of the Charter of Fundamental Rights in the EU’</STRING> [Straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas] (COM(2020)0711),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">On the European democracy action plan’</STRING> [Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach] (COM(2020)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 25 Samhain 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Protecting election integrity and promoting democratic participation’</STRING> [An tsláine toghcháin a chosaint agus an rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn] (COM(2021)0730),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 dar teideal ‘Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 – Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint’ (COM(2020)0730),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 faoi Airteagal 25 CFAE maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le saoránacht éifeachtach AE 2016-2020 (COM(2020)0731),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann leis an gceart vótála agus an ceart seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad<FOOTNOTE><FIELD> IO C 283, 11.8.2023, lch. 76.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha i gcás shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad<FOOTNOTE><FIELD> IO C 283, 11.8.2023, lch. 100.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 ar chur chun feidhme fhorálacha na gConarthaí a bhaineann le saoránacht AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 449, 23.12.2020, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 le tograí don Choimisiún maidir le scéimeanna um shaoránacht agus cónaí trí infheistíocht<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 97.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020: saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2023 maidir le cur chun feidhme na Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh<FOOTNOTE><FIELD> Téacs arna ghlacadh, P9_TA(2023)0230.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2023 maidir leis an bParlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus an daonlathas<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0330.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 maidir le hidirphlé leis na Saoránaigh agus rannpháirtíocht na Saoránach i gcinnteoireacht AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 96.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le rannpháirtíocht leis na saoránaigh: an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 110.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Márta 2017 maidir le constaicí i mbealach saoirse shaoránaigh AE gluaiseacht agus oibriú sa mhargadh inmheánach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 263, 25.7.2018, lch. 98.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil um Chearta Bunúsacha 2023 ó Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí Fhlais-Eorabharaiméadar 485/2020 agus Eorabharaiméadar Caighdeánach 99/2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún faoi Airteagal 25 CFAE an 6 Nollaig 2023 maidir leis an dul chun cinn i dtreo saoránacht éifeachtach AE 2020-2023 (COM(2023)0931) (Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0436/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur bunaíodh saoránacht AE le teacht i bhfeidhm Chonradh Maastricht in 1993 agus gur feabhsaíodh tuilleadh é le Conradh Liospóin in 2009; de bhrí go bhfuil tríocha bliain caite ó bunaíodh í agus gur tharla mórathruithe sóisialta, digiteacha, eacnamaíocha agus polaitiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>	de bhrí, de réir Airteagal 20(1) CFAE, go bhfuil saoránacht AE sa bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus nach dtagann sí ina hionad; de bhrí nach gcuireann saoránacht AE aon dualgas ar shaoránaigh an Aontais go fóill;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur tógáil uathúil í saoránacht AE lena léirítear féiniúlacht dhaonlathach chomhchoiteann agus luachanna comhroinnte shaoránaigh AE, agus gur rannchuidigh sí le naisc a chruthú, comhionannas a chur chun cinn agus diúltú do gach cineál ciníochais agus idirdhealaithe; de bhrí nach bhfuil a hacmhainneacht iomlán bainte amach ag saoránacht AE go fóill, áfach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>	de bhrí gur chuir an tsaoirse gluaiseachta ar chumas os cionn 15 mhilliún saoránach AE<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, ‘Archive: EU citizens live in other Member State - statistical overview’ [Cartlann: Saoránaigh AE atá ina gcónaí i mBallstát eile - forléargas staidrimh].</FIELD></FOOTNOTE> cónaí agus oibriú i mBallstát eile agus i ngach saoránach AE chun taisteal gan bhac ar fud AE, rud a fhágann go bhfuil saoránacht AE níos tábhachtaí ná riamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, go rómhinic, nach bhfuil feasacht, eolas agus tuiscint leordhóthanach ag saoránaigh AE ar na cearta, na dualgais shibhialta agus na saoirsí a eascraíonn as saoránacht AE; de bhrí go bhfuil easnaimh shuntasacha fós ann i gcur i bhfeidhm praiticiúil shaoránacht AE agus i bhfeidhmiú iomlán a ceart agus saoirsí díorthaithe, arb é cur chun feidhme neamh-aonfhoirmeach reachtaíocht AE ag na Ballstáit is cúis le cuid acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur léirigh torthaí chomhairliúchán poiblí 2020 maidir le saoránacht AE nár mheas os cionn 6 % díobh siúd a ghlac páirt go raibh siad ar an eolas go maith faoina gcearta saoránachta AE<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, <STRING ITALIC="on">EU Citizenship 2020 – Final Report: Results of the Public Consultation on EU Citizenship Rights 2020</STRING> [Saoránacht AE 2020 — Tuarascáil Deiridh: Torthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Cearta Saoránachta AE 2020], mí na Nollag 2020.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go léirítear i suirbhé flais-Eorabharaiméadair 2023 maidir leis an tsaoránacht agus an daonlathas go measann leath na bhfreagróirí go bhfuil siad go maith ar an eolas faoina gcearta mar shaoránaigh AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo os comhair na saoránach mar thoradh ar phaindéim COVID-19, sa bhreis ar an réabhlóid dhigiteach agus ar na claochluithe sóisialta agus eacnamaíocha atá nasctha léi;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go n-éascódh tiomsú agus comhdhlúthú na gceart atá ann cheana agus na gceart a bheidh ann amach anseo feidhmiú níos fearr agus níos eolaí ar na cearta agus na saoirsí a eascraíonn as saoránacht AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur sampla nithiúil de rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (CoFE); de bhrí go n-áirítear ina conclúidí tograí agus bearta lena léirítear an comhaontú idir na hinstitiúidí Eorpacha agus saoránaigh AE chun saoránacht AE a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú chearta saoránachta AE cásanna neamhionannais agus idirdhealaithe i measc shaoránaigh AE, go háirithe saoránaigh shoghluaiste AE agus a mbaill teaghlaigh, go háirithe leanaí, daoine atá ina gcónaí i réigiúin trasteorann agus i gceantair thuaithe AE, agus baill de ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, amhail mionlaigh, daoine aonair ar ioncam íseal, daoine gan dídean, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas chomh maith le daoine atá i mbaol an eisiaimh dhigitigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil beagnach 87 milliún saoránach AE atá faoi mhíchumas de chineál éigin<FOOTNOTE><FIELD> Sonraí: Staidreamh an Aontais Eorpaigh ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC) agus Suirbhé ar an bhFórsa Saothair (EU-LFS); Grammenos, S. AGUS Priestley, M., <STRING ITALIC="on">Europe 2020 data and people with disabilities – tables</STRING>. Eurostat, 2020.</FIELD></FOOTNOTE> agus go mbíonn deacrachtaí acu a gcearta saoránachta a fheidhmiú, agus uaireanta go mbíonn séanadh díreach ar a gcearta chun saorghluaiseachta agus cónaithe agus srianta ar theachtadh a gceart polaitiúil i gceist leis na deacrachtaí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>	de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát fós ag soláthar cláir víosaí órga, mar a thugtar orthu, agus scéimeanna d’infheisteoirí mar bhealach chun náisiúntacht a fháil agus, dá bhrí sin, saoránacht AE a fháil;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réamhrá</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheas go gcuimsítear le saoránacht AE an fhéiniúlacht dhaonlathach Eorpach chomhroinnte agus choiteann agus na cearta, na dualgais shibhialta agus na saoirsí sonracha a ghabhann léi, agus go neartaíonn feidhmiú na gceart sin, ar líne agus as líne araon, nasc na saoránach le AE agus lena dhlisteanacht dhaonlathach, chomh maith le cearta breise a thairiscint dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios nach mór do thógáil shaoránacht AE dul chun cinn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar dhúshláin AE sa 21ú haois, agus aitheantas á thabhairt d’acmhainneacht na nuálaíochta digití agus don ghá atá le cur chuige cothrom chun aghaidh a thabhairt ar an gcastacht a eascraíonn as an domhandú agus as teicneolaíochtaí nua; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go gcuirfidh digitiú na bpróiseas daonlathach, mar aon le litearthacht dhigiteach neamhleor agus rochtain neamhleor ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, le deighilt dhigiteach atá ag dul i méid agus cearta saoránachta á bhfeidhmiú, rud a fhágfaidh go mbeidh cuid den phobal scoite amach ón tionscadal Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas gur gné bhunriachtanach é an t-ilteangachas laistigh d’institiúidí AE agus ina n-idirghníomhú le saoránaigh chun coincheap shaoránacht AE a threisiú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gur bheartaigh an chonclúid ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005 go bhféadfadh saoránaigh AE teangacha neamhoifigiúla AE a aithnítear i mBallstát nó i gcuid dá chríoch a úsáid ina n-idirghníomhú le hinstitiúidí AE, chomh maith le teangacha a úsáid go hoifigiúil in institiúidí nó i gcomhlachtaí AE, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios gur iarr an Pharlaimint go gcruthófaí an reacht sin ina rún an 12 Feabhra 2019 ar chur chun feidhme fhorálacha na gConarthaí a bhaineann le saoránacht AEagus ina rún an 10 Márta 2022 maidir le Tuarascáil 2020 ar Shaoránacht AE: saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint; á mheabhrú gur leag CoFE béim ar a thábhachtaí atá sé saoránacht AE a threisiú trína lua ina chonclúidí go mbeadh reacht den sórt sin ina uirlis úsáideach chun prionsabail agus luachanna AE a dhéanamh níos inláimhsithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár luaigh an Coimisiún go sonrach neartú shaoránacht AE agus bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun é sin a bhaint amach ina theachtaireacht ag leanúint as CoFE<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Conference on the Future of Europe – Putting Vision into Concrete Action’</STRING> [Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Gníomhaíocht Nithiúil a dhéanamh de réir na Físe] (COM(2022)0404),</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú gur léirigh an Chomhairle go bhfuil sí toilteanach saoránacht a neartú sa mheasúnú teicniúil a d’fhoilsigh sí i ndáil le CoFE, ach nach bhfuil bearta molta, déanta ná curtha i gcrích aici go fóill chun an sprioc sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go bhfoilseoidh an Coimisiún a Thuarascáil ar Shaoránacht AE 2023 roimh dheireadh na bliana agus go bhfuil sé ag dréim leis go molfaidh sé tionscnaimh nua chun saoránacht an Aontais a threisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann lena cur chun feidhme; á chur in iúl gur oth léi gur roghnaigh an Coimisiún, an uair seo, glao ar fhianaise a fhoilsiú seachas comhairliúchán poiblí mar a rinne sé sna blianta roimhe sin; á mheabhrú nach bhfuil forléargas cuimsitheach ar na forbairtí is déanaí agus ar na bearnaí sa chur chun feidhme i dtorthaí an ghlao ar fhianaise; á chur i bhfáth gur cheart an tuarascáil a ullmhú ar bhonn sonraí nuashonraithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fadhbanna a bhaineann le saoránacht AE</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di deacrachtaí sonracha a chuireann bac ar fheidhmiú iomlán na gceart agus na saoirsí a eascraíonn as saoránacht AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta polaitiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi gur lú an seans go bhfeidhmeoidh saoránaigh shoghluaiste a gceart chun vótáil agus chun seasamh i dtoghcháin Eorpacha agus i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstáit chónaithe, agus na cúiseanna leis sin lena n-áirítear faisnéis neamhleor, bacainní teanga, deacrachtaí maidir le clárú chun vótáil agus ráta íseal ratha na n-iarrthóirí neamhnáisiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cleachtas atá ag Ballstáit áirithe an ceart chun vótála i dtoghcháin pharlaiminteacha náisiúnta a bhaint dá saoránaigh nuair a chónaíonn siad thar lear, go buan nó go sealadach, rud a fhágann go ndéantar iad a eisiamh ón saol polaitiúil ina dtír thionscnaimh agus ina dtír chónaithe araon;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>	á thabhairt chun suntais go bhfuil limistéar Schengen ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag AE; á chur i bhfáth gur cheart deireadh a chur le gach bacainn ar shaorghluaiseacht laistigh de AE chun cearta comhionanna saoránachta AE a bhaint amach do shaoránaigh uile na hEorpa; á iarraidh go mbeadh aontachas na Rómáine agus na Bulgáire le limistéar Schengen, i gcomhréir le rúin na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gcaitear ar bhealaí éagsúla le saoránaigh shoghluaiste AE, go háirithe iad siúd ó ghrúpaí leochaileacha, i gcomparáid le náisiúnaigh a mBallstáit chónaithe maidir le rochtain ar shochair; á iarraidh ar na Ballstáit cásdlí Chúirt Bhreithiúnais AE (CBAE) lena dtoirmisctear idirdhealú den sórt sin a chur chun feidhme go cuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>	á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí agus na dúshláin atá roimh shaoránaigh atá ina gcónaí i réigiúin trasteorann AE, go háirithe i gcás dúnadh teorainneacha mar thoradh ar ghéarchéimeanna uile-Aontais nó réigiúnacha; á iarraidh, i gcásanna den sórt sin, ar na Ballstáit comhar trasteorann a choinneáil agus, i gcás inarb iomchuí, dlúth-idirghníomhaíocht leis na húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint chonsalach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil easnaimh i gcur chun feidhme na Treorach maidir Cosaint Chonsalach agus go bhfuil easnaimh i bhfeidhmiú líonraí consalacha na mBallstát, ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar na heasnaimh sin tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe as AE; á chur in iúl gur saoth léi, ina leith sin, go bhfuil rochtain theoranta ag saoránaigh AE ar chosaint chonsalach agus ar chúnamh consalach i roinnt tíortha nach den Aontas iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go raibh cásanna ann nach raibh beirt, ar náisiúnaigh iad de dhá Bhallstát éagsúla, in ann foirmiúlachtaí áirithe a chur i gcrích, amhail pósadh, ag ionadaíocht chonsalach ceann de na Ballstáit, fiú mura bhfuil aon ionadaíocht chonsalach inrochtana ag an mBallstát eile sa tír sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Idirdhealú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas go bhfuil difríochtaí ann maidir le saoránacht AE a fháil agus a chailleadh mar thoradh ar an easpa aonfhoirmeachta i rialacha na mBallstát maidir le saoránacht náisiúnta a fháil agus a chailleadh, agus gur sáraíodh prionsabail agus luachanna AE i gcásanna áirithe mar thoradh ar na difríochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil roinnt cásanna fós ann ina ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe a thabhairt do náisiúnaigh neamh-AE ar saoránaigh AE iad a gcleithiúnaithe mionaoiseacha, d’ainneoin na bhforbairtí i gcásdlí CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>	á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an t-idirdhealú a fhulaingíonn lánúineacha comhghnéis agus a leanaí agus an ceart bunúsach chun saorghluaiseachta laistigh de AE á fheidhmiú aici;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla na treoracha atá ann cheana maidir le cearta saoránach soghluaiste a chur chun feidhme go hiomlán agus aghaidh a thabhairt go pras ar na heasnaimh éagsúla atá ann cheana i bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin; á iarraidh go gcruthófaí feachtais feasachta spriocdhírithe sa tír chónaithe chun saoránaigh shoghluaiste AE a chur ar an eolas faoina gceart chun vótáil agus chun seasamh in oifig i dtoghcháin Eorpacha agus bhardasacha sa tír sin; ag athdhearbhú a hiarrata cearta saoránach soghluaiste a leathnú chuig toghcháin náisiúnta agus réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit ceart a náisiúnach easaoránach chun vótáil ina dtír thionscnaimh, i gcás ina n-aithnítear é, a ráthú trí na coinníollacha rialála a chruthú chun gur féidir leo vóta a chaitheamh agus trí dheireadh a chur le haon bhacainní maorlathacha a chuireann bac ar fheidhmiú an chirt sin agus a chuireann cosc air uaireanta; á iarraidh ar na Ballstáit, go háirithe, na cearta sin a ráthú go cothrom agus deireadh a chur le haon chineál cóireála difreálaí i measc a náisiúnach easaoránach a mhéid a bhaineann le cianvótáil, go háirithe postvótáil, nuair is infheidhme; á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm go haonfhoirmeach an ceart vótála sna toghcháin Eorpacha do shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht nua a ghlacadh lena soiléireofar príomhchoincheapa áirithe atá i dTreoir 2004/38/CE maidir leis an gceart atá ag saoránaigh AE agus a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de AE, chun treoirlínte atá cothrom le dáta a chur ar fáil do na Ballstáit a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhas a chur ar chur chun feidhme na Treorach ar an leibhéal náisiúnta, rud a rachadh chun tairbhe do shaoránaigh AE agus dá mbaill teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar AE glacadh Chairt Eorpach cheangailteach um Chearta Digiteacha a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta saoránachta digití, ag tógáil ar an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail don Deacáid Dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir leis an Treoir um Chosaint Chonsalach a nuashonrú agus a fheabhsú chun an ceart atá ag saoránaigh AE chun cosaint chonsalach a neartú, go háirithe i gcásanna géarchéime, , lena n-áirítear trí ról níos gníomhaí a thabhairt do thoscaireachtaí AE maidir le cúnamh a thabhairt do shaoránaigh AE atá faoi ghannionadaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le cláir ‘víosa órga’ agus scéimeanna infheisteoirí agus aon scéimeanna náisiúnta comhchosúla eile as a n-eascraíonn saoránacht a fháil agus lena mbaineann saoránacht AE a dhíol nó a mhí-úsáid go díreach nó go hindíreach, toisc go mbaineann siad sin an bonn de choincheap iomlán shaoránacht AE agus go sáraíonn siad prionsabail agus luachanna AE; ag tathant ar na Ballstáit sláine agus luach shaoránacht AE a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún aon ghníomhaíocht is gá a dhéanamh, amhail na Ballstáit ábhartha a tharchur chuig CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>	á iarraidh, i gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar na Conarthaí, go mbeidh an Pharlaimint agus an Chomhairle in ann, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha coiteanna a ghlacadh maidir le cosc a chur ar dhíol pasanna, nó ar mhí-úsáidí eile maidir le fáil agus caillteanas shaoránacht AE ag náisiúnaigh tríú tír, d’fhonn na coinníollacha faoinar féidir saoránacht den sórt sin a fháil a chomhfhogasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis ábhartha curaclaim scoile atá ann cheana a oiriúnú nó cinn nua a chruthú chun stair na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh agus a fheidhmiú a mhúineadh chun saoránacht ghníomhach agus luachanna coiteanna Eorpacha a chur chun cinn agus feasacht a mhéadú maidir leis an mbreisluach a bhaineann le bheith i do shaoránach Eorpach agus AE; á chur i bhfáth go gcuirfear ar chumas shaoránaigh AE gníomhú mar shaoránaigh eolasacha agus páirt iomlán a ghlacadh sa saol sibhialta, polaitiúil agus sóisialta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon trí fheabhas a chur ar an ngné Eorpach den oideachas saoránachta agus trí rochtain chomhionann a áirithiú do chách, trí úsáid a bhaint as na huirlisí digiteacha uile atá ar fáil dúinn; á chur i bhfáth gur féidir ról tábhachtach a bheith ag Erasmus+ maidir le borradh a chur faoi oideachas saoránachta AE trí shoghluaisteacht foghlama do chách, gan beann ar aois, inscne, fostaíocht nó oideachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúcháin phoiblí a fhorbairt a bheidh saincheaptha do shaoránaigh uile AE, go háirithe do dhaoine óga, chun rannpháirtíocht shaoránaigh AE a mhéadú; ag tathant ar an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar an mbealach ina ndéantar comhairliúcháin phoiblí chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht shibhialta agus ar rannpháirtíocht saoránach ag éagsúlacht níos leithne de shaoránaigh na hEorpa, i gcomhréir le sampla rathúil CoFE; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, tuilleadh feabhais a chur ar an tairseach ‘Cloisimis uait’, leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua, agus cumarsáid a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcuireann aiseolas na saoránach leis na tionscnaimh éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí ionad ilfhreastail le haghaidh uirlisí rannpháirtíochta uile AE, amhail an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, achainíocha chuig an bParlaimint, gearáin chuig an Ombudsman Eorpach, comhairliúcháin phoiblí agus Comhphlé leis na Saoránaigh, agus go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht na n-uirlisí sin, go háirithe trína áirithiú go rannchuideoidh siad le cláir oibre Eorpacha a shocrú, agus ag an am céanna a ráthú go ndéanfar an daonlathas ionadaíoch a threisiú sa phróiseas cinnteoireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla cur lena n-iarrachtaí na hionstraimí rannpháirtíochta atá ann cheana a chur in iúl don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag athdhearbhú a togra chun sásra comhairliúcháin buan leis na saoránaigh a chruthú lena gceadaítear do shaoránaigh, go háirithe daoine óga, machnamh a dhéanamh ar thosaíochtaí agus ar bheartais AE, lena rannchuideofar, i measc nithe eile, le ‘seiceáil don aos óg’ a chur i bhfeidhm sa reachtaíocht d’fhonn daonlathas parlaiminteach ionadaíoch a chomhlánú agus gan é a ionadú; á mholadh gur cheart ionadaithe na Parlaiminte a chur ar an eolas faoi na pléití sin ionas go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh ar cheart obair leantach a sholáthar, más iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mholadh machnamh a dhéanamh ar chárta saoránach Eorpach a thabhairt isteach, a d’fhéadfadh, mar shampla, feidhmiú na gceart saoránachta agus an vótáil i dtoghcháin Eorpacha a éascú chomh maith le hionstraimí rannpháirtíochta a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>	á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról suntasach ag oifigí Europe Direct maidir le rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú ar an leibhéal áitiúil i saol daonlathach AE; ag spreagadh na mBallstát agus na n-eintiteas ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil an comhar leis na hoifigí sin a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>	á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an úsáid a bhaineann sé as na meáin shóisialta agus as uirlisí digiteacha, agus béim ar leith á leagan ar rannpháirtíocht daoine óga agus daoine faoi mhíchumas sa phróiseas daonlathach a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin a rannpháirtíocht a chur chun cinn, agus aois vótála íslithe sna Ballstáit do na toghcháin Eorpacha á haithint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, cur chun cinn na rannpháirtíochta daonlathaí a neartú trína idirphlé leis na saoránaigh a mhéadú agus trí fheasacht a mhúscailt i measc na saoránach maidir le tionchar reachtaíocht AE ar a saol laethúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>	á mheas, i bhfianaise thionchar méadaitheach an réimse dhigitigh ar shaol na saoránach, go háirithe na meáin shóisialta agus IS, go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí do na Ballstáit agus do na hinstitiúidí Eorpacha a bhfócas a choinneáil ar bheartais phoiblí nua a chruthú agus ar shásraí éifeachtacha a chur chun feidhme lena ndírítear ar chearta bunúsacha a choimirciú ar líne agus ar chur isteach eachtrach agus bréagaisnéis a chomhrac, ós rud é gur bagairtí eiseacha iad ar an daonlathas agus ar fhíorfheidhmiú chearta na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún tús a chur an athuair leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).</FIELD></FOOTNOTE> chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh uile an Aontais in ann a gceart a fheidhmiú go hiomlán chun rochtain a fháil ar dhoiciméid agus chun grinnscrúdú a dhéanamh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>	á athdhearbhú gur gá reacht um shaoránacht AE a tharraingt suas, ar bhonn Airteagal 25 CFAE, lena dtiomsaítear cearta saoránachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chun in-fhorfheidhmitheacht na gceart saoránachta a fheabhsú agus comhionannas na saoránach a áirithiú, comhtháthú a fheabhsú agus freagairt d’athruithe sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus digiteacha; á mheabhrú gur cheart é sin a dhéanamh faoi chuimsiú na gConarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh, i réimse na rannpháirtíochta agus na gceart polaitiúil, na saoirse gluaiseachta agus na saoránachta digití, agus i gcomhréir le reachtaíocht AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, gur cheart go mbeadh an méid seo a leanas déanta ag saoránaigh, go háirithe:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>ionadaíocht dhaonlathach atá cothrom ó thaobh inscne de ar liostaí toghcháin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>buanardán digiteach idirghníomhach trínar féidir le saoránaigh a dtograí agus a smaointe a chur isteach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>aitheantas a thabhairt do thréimhsí staidéir, ní hamháin do cháilíochtaí agus d’inniúlachtaí gairmiúla, mar thréimhsí atá coibhéiseach le bheith in ann oibriú i mBallstát eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>rochtain uilíoch ar an idirlíon chun cuimsiú na saoránach agus rochtain chomhionann ar an timpeallacht dhigiteach a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>a chéannacht dhigiteach féin a bhainistiú, ag dul níos faide ná an chosaint atá ann cheana maidir le sonraí pearsanta sa timpeallacht dhigiteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>oidhreacht dhigiteach sonraí digiteacha duine éagtha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>córais intleachta saorga a fhorbairt atá sábháilte, trédhearcach, inrianaithe agus á maoirsiú ag daoine agus ag institiúidí rialála;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí clásal cothrománach neamh-idirdhealaithe i reacht saoránachta AE mar choimirce bhreise ar chomhionannas i bhfeidhmiú cearta saoránachta, d’fhonn neamh-idirdhealú a áirithiú agus saoránaigh a chosaint, go háirithe baill de ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe agus daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin trasteorann AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais ardaithe feasachta spriocdhírithe a reáchtáil maidir le cearta agus dualgais shibhialta a eascraíonn as saoránacht AE agus as an reacht, lena n-áirítear trí phacáiste AE a thabhairt isteach chun faisnéis a chur ar fáil faoi shaoránacht AE, agus níos mó acmhainní a thiomnú do shaoránacht AE; ag cur béim ar an bhfíoras, leis an réabhlóid dhigiteach agus theicneolaíoch, gurb iad na saoránaigh fíorcholúin ár gcóras daonlathach agus gurb iad na saoránaigh a dhéanfaidh iad a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ann don phacáiste saoránachta, go háirithe an Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2023, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 6 Nollaig 2023 chun saoránacht AE a chur chun cinn tuilleadh agus í a dhéanamh níos inláimhsithe do shaoránaigh AE; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí a áirítear sa tuarascáil seo a chur san áireamh i dTuarascáil 2023 ar Shaoránacht AE atá ar na bacáin agus na bearta is gá a dhéanamh chun iad a chur chun feidhme de réir an nós imeachta faoi na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh an athuair go dtionólfaí Coinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí, dá bhforáiltear in Airteagal 48 CAE; á chreidiúint go láidir gur cheart don Choinbhinsiún measúnú cúramach a dhéanamh ar conas go bhféadfaí saoránacht AE a neartú tuilleadh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>