<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0025</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis chuimsitheach Eorpach maidir le calafoirt a fhorbairt</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0443/2023 -  Rapóirtéir: Tom Berendsen)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar an straitéis chuimsitheach Eorpach maidir le calafoirt a fhorbairt (2023/2059(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teideal XVIII de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 dar teideal ‘Sábháilteacht Mhuirí: i gcroílár na loingseoireachta glaine agus nua-aimseartha’ (COM(2023)0268),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Márta 2023 maidir leis an nuashonrú ar Straitéis Mhuirshlándála an Aontais agus ar an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi dar teideal <STRING ITALIC="on">‘An enhanced EU Maritime Security Strategy for evolving maritime threats’</STRING> [Straitéis fheabhsaithe Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh le haghaidh bagairtí muirí atá ag síorathrú] (JOIN(2023)0008),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta maidir le Straitéis Slándála Muirí a ghlac an Chomhairle Eorpach an 24 Meitheamh 2014.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle maidir le hathbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Chomhairle Eorpach an 26 Meitheamh 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Global Gateway</STRING>’ (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 12 Márta 2019 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘EU-China – A strategic outlook’</STRING> [an caidreamh idir AE agus an tSín – dearcadh straitéiseach] (JOIN(2019)0005),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir le ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’ an 20 Meitheamh 2023 (JOIN(2023)0020),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol’ (COM(2020)0380),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2007/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistíocht riosca i gcás tuilte,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2013 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Ports: an engine for growth’</STRING> [Calafoirt: uirlis chun fás a chruthú] (COM(2013)0295),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Treochlár an Aontais Eorpaigh chun an Gháinneáil ar Dhrugaí agus an Choireacht Eagraithe a chomhrac,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: ‘<STRING ITALIC="on">Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’</STRING> [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách: I dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (2022/0347(COD) [faoi chaibidlíocht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 234, 22.9.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 234, 22.9.2023, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 164.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 249, 14.7.2021, lch. 38.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 23.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 3.3.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 906/2009 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2009 maidir le hAirteagal 81(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe idir cuideachtaí loingseoireachta línéir (cuibhreannais), agus don Teachtaireacht chuig an gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 ar dhul in éag dó an 25 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1315/2013 (COM(2021)0812),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis nua idir an tAontas agus an tSín<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 27 Aibreán 2021 ar na bearta teicniúla agus oibríochtúla chun go mbeadh muiriompar níos éifeachtúla agus níos glaine ann<FOOTNOTE><FIELD> IO C 506, 15.12.2021, lch. 12.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2019 maidir le bagairtí slándála a bhaineann le láithreacht theicneolaíoch mhéadaitheach na Síne in AE agus le gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a chur i gcrích ar leibhéal AE ar mhaithe lena laghdú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do staidéar ó Mheán Fómhair 2023 dar teideal ‘Infheistíochtaí Síneacha i mBonneagar Muirí na hEorpa’, a d’iarr an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht<FOOTNOTE><FIELD> Institiúid Mercator um Léann na Sínise, Institiúid Vín um Staidéar Idirnáisiúnta Eacnamaíochta, an Institiúid um Chaidreamh Eacnamaíoch Idirnáisiúnta, Infheistíochtaí Síneacha i mBonneagar Muirí na hEorpa, Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0443/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb ionann ár gcalafoirt agus tairseacha an Aontais chuig an domhan agus dá bhrí sin go mbíonn ról ríthábhachtach acu ina gheilleagar, trí shaibhreas agus poist a sholáthar, trí thrádáil sheachtrach a éascú, trí nascadh leis an gcúlchríoch, trí fhás a áirithiú sa gheilleagar gorm agus sa táirgeadh tionsclaíoch, san aistriú fuinnimh agus i slándáil na soláthairtí fuinnimh, chomh maith le neamhspleáchas straitéiseach AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuireann calafoirt seirbhís phoiblí ríthábhachtach ar fáil, ar cheart iad a aithint agus meas a bheith orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil tairbhe ag baint le hiomaíocht idir calafoirt, gur cheart go seachnófaí sodar go grinneall a laghdaíonn slándáil nó a mhéadaíonn tionchar polaitiúil nó rialú eachtrach trí infheistíochtaí ag eintitis neamh-AE, go háirithe fiontair atá faoi rialú an stáit nó faoi thionchar an stáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil a mbunanna airgeadais agus oibríochtúla i gcalafoirt, i gcríochfoirt, i gcuideachtaí agus i mbonneagar calafoirt Eorpacha méadaithe go straitéiseach ag fiontair nach fiontair atá faoi rialú an stáit de chuid an Aontais iad, nó fiontair atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag stáit eachtracha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir an tAontas Eorpach i dtreis gur mian leis tuilleadh neamhspleáchais a bheith aige in earnálacha straitéiseacha, ach gur beag atá déanta aige chun freagairt d’fhás na Síne san earnáil mhuirí agus dá hiarmhairtí slándála;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur timpeallachtaí an-chasta iad calafoirt ina bhfuil go leor geallsealbhóirí agus leasanna éagsúla, rud a fhágann gur cleachtadh dian ach ríthábhachtach é aitheantas agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionchar eachtrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go bhfuil rioscaí do-ghlactha ag baint le bheith spleách ar thíortha aonair nach tíortha den Aontas Eorpach iad in earnálacha straitéiseacha chomh maith leis an ngá ríthábhachtach maidir le slándáil agus athléimneacht an bhonneagair mhuirí agus na slabhraí luacha a neartú chun sreabhadh earraí ríthábhachtacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil tábhacht athnuaite glactha ag calafoirt ó thaobh míleata agus cosanta de, lena n-áirítear dé-úsáid bonneagar calafoirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur minic a théann calafoirt Eorpacha in iomaíocht le calafoirt tríú tír ina bhfuil infheistíochtaí coigríche tríú tír ag cur leis an easpa cothrom iomaíochta a mhéid a bhaineann le hiomaíochas agus urraim do chaighdeáin inbhuanaitheachta, do chearta oibrithe agus d’ualaigh fhioscacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag iompraíochtaí imghabhála trí ghníomhaíochtaí trasloingsithe a athlonnú chuig calafoirt lasmuigh den Aontas, ó thaobh an bonn a bhaint d’iomaíochas chalafoirt AE agus sceitheadh carbóin a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go raibh ról fíor-riachtanach ag calafoirt i mbainistiú géarchéime AE trí leanúnachas slabhraí soláthair a áirithiú agus trí bhealaí malartacha a chur ar bun, lena n-áirítear trí bhealaí malartacha a bhunú chun gás nádúrtha leachtaithe (GNL) a sholáthar ar gearrfhógra agus trí stóráil gáis na hEorpa a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn na réigiúin is forimeallaí agus sna calafoirt oileánacha bunriachtanach trí bheith ina phríomhnasc sóisialta agus eacnamaíoch leis an gcuid eile den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil calafoirt bunriachtanach chun uisce-iompar a dhícharbónú, agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus spriocanna laghdaithe truaillithe agus ról bunriachtanach an fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta á gcur san áireamh; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach truailliú aeir ó longa i limistéir calafoirt a laghdú, lena n-áirítear astaíochtaí carbóin dhuibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go mbeidh limistéir calafoirt agus oibríochtaí calafoirt ar fud an Aontais leochaileach d’ardú ar leibhéal na mara;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go ndéanann calafoirt gníomhaíochtaí cósta éagsúla a chomhcheangal agus a choimirciú ar mhaithe le saoránaigh, pobail chósta agus an timpeallacht mhuirí trí chabhrú le gnáthóga cósta a chothabháil agus cáilíocht an aeir a fheabhsú i gcomhchathracha timpeall ar chalafoirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh pleanáil fheabhsaithe lóistíochta idir calafoirt agus custaiméirí, lena n-áirítear línte loingseoireachta, iompar neamhriachtanach de bhóthar ar fud na hEorpa a sheachaint; de bhrí go bhféadfadh infheistíochtaí níos éifeachtúla i mbonneagar calafoirt, bealaí allmhairithe/onnmhairiúcháin níos athléimní, agus úsáid níos éifeachtúla acmhainní, airgead poiblí agus príobháideach, agus acmhainneachtaí tearcúsáidte a bheith mar thoradh ar níos mó comhair idir calafoirt, agus é mar aidhm leis naisc idir-réigiúnacha a dhéanamh níos doichte agus naisc a ghiorrú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil calafoirt mar chuid d’éiceachóras uisce-iompartha níos leithne ina bhfuil raon leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear loingseoireacht, longthógáil, monarú trealaimh mhuirí, loingseoireacht intíre agus lóistíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí nach ndearna an Coimisiún bearta nithiúla den ghá atá le cur chuige ildisciplíneach agus iomlánaíoch maidir le calafoirt Eorpacha, rud a fhágann go bhfuil meascán rialachán ann a bhaineann le calafoirt atá tagtha chun cinn le himeacht ama;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tionchar eachtrach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil rabhaidh leantacha tugtha ag gníomhaireachtaí faisnéise faoi rioscaí an spleáchais eacnamaíoch, na spiaireachta agus na sabaitéireachta a bhaineann le láithreacht eacnamaíoch eintiteas agus rannpháirtíocht oibríochtúil eintiteas ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad dár mbonneagar criticiúil agus dár n-earnálacha straitéiseacha, amhail calafoirt<FOOTNOTE><FIELD> AIVD, MIVD agus NCTV, Dreigingsbeeld Statelijke Actoren 2, Samhain 2022.</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na soithí eachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat beartais straitéiseach AE a thíolacadh chun laghdú agus srian a chur leis an tionchar agus leis an rialú airgeadais agus oibríochtúil a chuirtear i bhfeidhm ar chalafoirt an Aontais agus ina bpróisis agus ina n-oibríochtaí cúlchríche ag tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, lena n-áirítear cásanna rannpháirtíochta agus rialaithe i mbainistiú údaráis calafoirt, de mheon cothromaíocht a aimsiú idir timpeallacht infheistíochta oscailte a choinneáil agus rioscaí a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh freisin ar rannpháirtíocht tríú tíortha i gcalafoirt na dtíortha comharsanachta laistigh de raon feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus an Bheartais um Méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat nua a mholadh le haghaidh faireachán agus tuairisciú leanúnach a dhéanamh, i gcomhpháirt leis na Ballstáit, ar thionchar tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad i leith chalafoirt an Aontais, go háirithe calafoirt TEN-T, bhainistiú críochfort an Aontais agus loingseoireacht coimeádán dhomhanda, agus measúnú a dhéanamh ar na naisc fhéideartha idir gníomhartha arna ndéanamh ag tír ar leith nach tír den Aontas í sna hearnálacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir leis an teorannú ar infheistíochtaí coigríche, go háirithe fiontair atá faoi rialú an stáit nó faoi thionchar an stáit, i gcalafort aonair i mBallstát amháin drochthionchar a imirt ar staid iomaíoch an chalafoirt sin i gcoibhneas le calafoirt chomharsanacha nach bhfuil na teorainneacha sin orthu, rud a chuireann i bhfios go láidir go bhfuil gá le straitéis chomhpháirteach Eorpach maidir le calafoirt; á mheas go bhféadfadh leathadh neamhshiméadrach infheistíochtaí coigríche idir tíortha AE a bheith ina mbagairt ar aontacht, ar chumais bainistithe géarchéime agus ar athléimneacht AE; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar an bhfostaíocht agus ar an trádáil ar leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar infheistíochtaí neamh-AE i gcalafoirt Eorpacha a theorannú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag spreagadh na n-údarás náisiúnta calafoirt, na mBallstát agus an Choimisiúin formáid leordhóthanach a fhorbairt le haghaidh comhar straitéiseach idir calafoirt Eorpacha chun an riosca a íoslaghdú go ndéanfadh gníomhaithe eachtracha a ionramháil chun bheith ag obair in aghaidh a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth, in ainneoin go bhfuil sásraí cosantacha ann ar leibhéal an Aontais, amhail scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche agus rialacha iomaíochta, nach bhfuil na huirlisí sin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar neart eacnamaíoch méadaitheach na gcumhachtaí seachtracha trí chuideachtaí aonair, lena n-áirítear fiontair atá faoi rialú an stáit nó faoi thionchar an stáit, agus go bhfuil siad ag brath go mór ar chur chun feidhme ag Ballstáit aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur le comhar ón Aontas Eorpach maidir le hinfheistíochtaí isteach i mbonneagar criticiúil a scagadh agus a chosc, i gcás nach féidir iarmhairtí diúltacha móra do Bhallstáit eile ná don Aontas Eorpach ina iomláine a eisiamh, agus gur cheart go n-áireofaí leis an gcomhar sin faisnéis faoi bhagairtí agus deiseanna a chomhroinnt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag moladh go láidir don Choimisiún ról na mbeart cosanta do chalafoirt a neartú trí athbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hInfheistíochtaí Díreacha Coigríche<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán IDC), lena n-áirítear trí chóras scagtha infheistíochtaí díreacha coigríche a dhéanamh éigeantach i ngach Ballstát, lena n-áiritheofar go mbeidh na próisis scagtha soiléir agus oibiachtúil agus go mbeidh na sainmhínithe, an raon feidhme agus na gnéithe nós imeachta comhsheasmhach ar fud na mBallstát, chun cothrom iomaíochta a áirithiú san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir freisin a ríthábhachtaí atá an sásra in Airteagal [47] de Rialachán athbhreithnithe TEN-T [xxx/2024], lena dtugtar sainordú do na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí tríú tíortha i mbonneagar TEN-T maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith acu don tslándáil, don ord poiblí, rud nach mór a mheas mar chomhlánú ar fhorálacha an Rialacháin IDC, toisc go bhfuil feidhm ag an sásra sin maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar (e.g. scaireanna a fháil i gcríochfort) chomh maith le hoibreacha bonneagair a dhéanann cuideachta tríú tír san Aontas araon (e.g. i soláthar poiblí chun críochfort a thógáil i gcalafort Eorpach) agus toisc go bhforáiltear leis freisin go bhféadfaí scaireanna a fháil i gcríochfort mar aon le hoibreacha bonneagair a dhéanann cuideachta tríú tír san Aontas (e.g. i soláthar poiblí chun críochfort a thógáil i gcalafort Eorpach), agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh a chur chun feidhme éifeachtach maidir leis an mbonneagar calafoirt lena mbaineann ina bhuntaca den straitéis Eorpach maidir le calafoirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2560 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar mhargadh earnáil an chalafoirt agus, más gá, idirghabháil <STRING ITALIC="on">ex officio</STRING> a dhéanamh mar a fhoráiltear faoi Airteagal 9 den Rialachán seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún taighde agus measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí a bhaineann leis an gcomhtháthú ingearach i lóistíocht mhuirí, leis an Rialachán Blocdhíolúine i leith Cuibhreannas, a rachaidh in éag in 2024, agus le foirmiú comhghuaillíochtaí i loingseoireacht coimeádáin maidir leis an tionchar atá ag tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad i gcalafoirt an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh nuair is gá, chun iomaíocht chóir, cothromaíocht chumhachta chóir agus cothrom iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile in éiceachóras an chalafoirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, go háirithe, go bhfuil impleachtaí tábhachtacha le láithreacht chomhiomlánaithe na bhfiontar faoi rialú nó faoi thionchar stát na Síne i gcalafoirt agus i nóid chroíghréasán an Ghréasáin Tras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) d’athléimneacht agus do shlándáil nód aonair agus don ghréasán ina iomlán; á mheabhrú go bhféadfadh láithreacht infheisteoirí tríú tír i gcalafoirt cur isteach ar a ról dé-úsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú riosca a dhéanamh go pras ar rannpháirtíocht na Síne i mbonneagair mhuirí ina n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann léi don lucht saothair agus don chomhshaol, spleáchais, measúnú a dhéanamh ar scrogaill sna hearraí a sheoltar ón tSín chuig an Aontas Eorpach agus tras-loingsiú agus gur cheart go n-áireofaí freisin leis an measúnú sin tíortha eile nach bhfuil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil meascán de struchtúir éagsúla rialachais mar shaintréith de na hearnálacha muirí agus calafoirt san Eoraip – le modhanna éagsúla chun infheistíochtaí a cheadú, ó scéimeanna ceadúnúcháin agus lamháltais, trí úinéireacht a dheonú ar bhonneagar calafoirt, go lánchumhacht oibríochtúil ar údaráis chalafoirt; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá bearta maolaithe riosca na gcomhlachtaí bainistithe calafoirt chun rialú a choimirciú trí dhálaí iolracha (oibríochtúil, sóisialta, comhshaoil, etc.) a leagan síos faoinar cheart críochfort a oibriú; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil teorainneacha an chur chuige bunaithe go heisiach ar lamháltais calafoirt agus/nó conarthaí léasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mholadh go dtabharfadh na Ballstáit uile dlíthe isteach agus go bhforbróidh siad pleananna teagmhasacha le haghaidh mórchás coinbhleachta nó staid éigeandála eile, nó le haghaidh cásanna mí-úsáide soiléire nó dé-úsáide bonneagair chriticiúil a bhfuil iarmhairtí diúltacha aige don tslándáil nó don ord poiblí, ionas go mbeidh siad in ann rialú calafort, críochfort agus bonneagair mhuirí eile a athghabháil, lena n-áirítear cearta lamháltais a chur ar ceal agus/nó acmhainn an fhearainn i gcásanna maoine agus rannpháirtíochta a chur ar fionraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí suntasacha poiblí agus príobháideacha i gcalafoirt atá lonnaithe i gcríocha thar lear agus sna réigiúin is forimeallaí chun braislí straitéiseacha a dhéanamh díobh le haghaidh iompar ilmhódach, giniúint fuinnimh, stóráil fuinnimh agus dáileadh fuinnimh, chomh maith le cosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha a chur san áireamh ina thogra chun tionchar agus rialú oibríochtúil ag tíortha nach tíortha den Aontas iad a theorannú sna calafoirt sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Slándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go sonrach ar an riachtanas chun bac a chur ar rioscaí na spiaireachta agus na sabaitéireachta agus iad a laghdú i gcalafoirt a bhfuil feidhm mhíleata acu, amhail na calafoirt a úsáideann ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar úsáid teicneolaíochta iontaofa i lóistíocht mhuirí agus i bhfeidhmiú na gcríochfort coimeádán; á chur in iúl gur chúis bhuartha di an spleáchas ar tháirgeoirí ó lasmuigh den Aontas Eorpach, atá ag dul i méad, le haghaidh trealamh slándála (teorann) i gcalafoirt, chomh maith le craenacha long-go-cladach atá in ann sonraí a bhailiú maidir le háit tionscnaimh agus ceann scríbe coimeádán; ag spreagadh infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt sna réimsí sin ionas go bhféadfadh cuideachtaí AE a bheith ar thús cadhnaíochta i dtáirgeadh agus i ndíol na dteicneolaíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas go n-eascraíonn leochaileacht mhéadaithe do bhristeacha sna slabhraí lóistíochta ina n-iomláine as oibríochtaí lóistíochta atá casta agus an-digiteach á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain theoranta agus faireacháin ag eintitis eachtracha faoi rialú an stáit nó faoi tionchar an stáit ar oibríochtaí calafoirt agus ar fhaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar an mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ag infheistíochtaí coigríche ar mhaoin intleachtúil, go háirithe trí aistrithe éigeantacha teicneolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ardleibhéal cibearshlándála agus cibear-athléimneachta na ngníomhaithe uile inár gcalafoirt ríthábhachtach chun spiaireacht agus cur isteach tromchúiseach ar chórais agus oibríochtaí calafort a chosc, agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an mbaol a bhaineann le cibearbhagairtí le blianta beaga anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh taighde a dhéanamh agus sonraí a bhailiú maidir leis an gcumhdach agus na rioscaí a bhaineann le rannpháirtíocht cuideachtaí neamh-AE i gcibearshlándáil agus slándáil sonraí i mbonneagar criticiúil agus tacú le pleananna teagmhasacha cuimsitheacha a fhorbairt do chalafoirt le tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí; á mheas go bhfuil baol ard ann go mbeidh éifeachtaí iarmharta diúltacha ag easpa cibearshlándála ó chalafort amháin go calafort eile agus, dá bhrí sin, gur cheart do na Ballstáit uile ardchaighdeáin a choinneáil agus go moltar dea-chleachtais agus taithí a chomhroinnt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé, agus sin ag dul i méid, go ndéantar bonneagar criticiúil a chosaint ar muir agus faoi uisce (lena n-áirítear píblínte fuinnimh, líonraí cumarsáide agus saoráidí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta) do shábháilteacht agus do shlándáil uiscí agus oibríochtaí AE iontu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, cé go gcuireann comhroinnt sonraí i lóistíocht le héifeachtúlacht, lúfaireacht agus athléimneacht slabhraí soláthair, go mbíonn rioscaí eacnamaíocha agus straitéiseacha ag baint le hardáin atá faoi rialú an stáit nó atá faoi thionchar an stáit ó lasmuigh den Aontas Eorpach a úsáid agus gur cheart úsáid na n-ardán sin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mbaineann eagraíochtaí coiriúla mí-úsáid as calafoirt an Aontais mar phointí móra iontrála do dhrugaí aindleathacha, a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí ina hiomláine agus a bhaineann an bonn de shábháilteacht calafort, cathracha in aice láimhe agus a gcónaitheoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a thíolacadh le haghaidh comhar Eorpach éifeachtach chun gáinneáil ar dhrugaí, eastóscadh drugaí agus treascairt chóiriúil a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, treochlár an Choimisiúin an 18 Deireadh Fómhair 2023 chun an Gháinneáil ar Dhrugaí agus an Choireacht Eagraithe a chomhrac agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe AE chun gach cineál coireachta eagraithe trasnáisiúnta a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil calafoirt Eorpacha go háirithe neamhchosanta ar gháinneáil ar tháirgí aindleathacha eile amhail airm nó earraí góchumtha, chomh maith le calaois chustaim agus CBL agus gur gá freisin dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na ngníomhaíochtaí sin; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá an comhar idir comhlachtaí bainistithe calafoirt agus údaráis forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear maidir le huirlisí agus sonraí digiteacha a úsáid chun oibríochtaí calafoirt sábháilte agus slána a áirithiú; á mheas, nuair a bheidh bonn cirt dlíthiúil leordhóthanach ann, gur cheart go mbeadh calafoirt in ann rochtain a fháil ar na huirlisí uile a theastaíonn uathu chun rannchuidiú lena slándáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbraitheann slándáil na gcalafort ar a n-athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide agus comhshaoil; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, staidéar a dhéanamh chun anailís a dhéanamh ar na rioscaí aeráide do chalafoirt Eorpacha agus do bhonneagar iompair gaolmhar, ina leagfar amach catagóirí rioscaí, e.g. ardú ar leibhéil na farraige, tuilte, teas foircneach, chun anailís a dhéanamh ar na rioscaí de réir réigiúin agus chun na bearta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, lena n-áirítear costais na mbeart sin agus na n-infheistíochtaí is gá; á iarraidh ar na Ballstáit measúnú riosca comhshaoil fadtéarmach a dhéanamh ar a mbonneagar criticiúil calafoirt agus bearta oiriúnaitheacha a dhéanamh go tráthúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról na gcalafort san aistriú fuinnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag calafoirt san aistriú fuinnimh mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, mar mhoil fuinnimh do thiontú, do chomhoiriúnú agus stóráil iompróirí fuinnimh, do ghiniúint fuinnimh, d’allmhairiú amhábhar criticiúil, mar mhoil gabhála agus stórála carbóin, mar stáisiúin seirbhísithe agus moil monaraíochta do shaoráidí fuinnimh amach ón gcósta agus mar nóid i gcórais iompair a thacaíonn leis an aistriú fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas 10 milliún tona de hidrigin ghlas a allmhairiú faoi 2030, agus chun an sprioc sin a bhaint amach, go bhfuil straitéis chuimsitheach maidir le hallmhairiú, comhordú agus maidir le forbairt bonneagair bunriachtanach don Straitéis Eorpach maidir le Calafoirt agus gur cheart í a bhunú go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an ngá méadaitheach le hinfheistíochtaí a dhéanamh i gcalafoirt agus i gcríochfoirt agus ina mbonneagar ionas gur féidir leo a ról a ghlacadh san aistriú fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le mear-rian ar leathnú calafoirt a cheadú i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh, amhail imscaradh gaoithe amach ón gcósta, ionas nach mbeidh na calafoirt ina scrogall san aistriú fuinnimh; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le bainistíocht níos inbhuanaithe a dhéanamh ar an spás muirí agus ar na cóstaí chun acmhainneacht na bhfoinsí inathnuaite amach ón gcósta a dhíghlasáil; á mholadh go n-úsáidfí limistéir calafoirt chun fuinneamh fótavoltach agus gaoithe a chur in úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sineirgí a mhéadú idir an gréasán tras-Eorpach iompair agus an gréasán tras-Eorpach fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún calafoirt a áireamh ina straitéis don Gheilleagar Ciorclach agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus d’údaráis áitiúla calafoirt trí threoir a chur ar fáil maidir le tionscadail a bhaineann leis an gciorclaíocht a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb mhéadaitheach a bhaineann le leo ola i gcalafoirt agus i mbealaí loingseoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a uaillmhian maidir le haistriú módach mar a cuireadh chun cinn sa Chomhaontú Glas a bhaint amach agus dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann d’uiscebhealaí intíre agus, go háirithe, d’iompar lasta iarnróid chun borradh a chur faoina nglacadh i gcalafoirt agus a nascacht leis an gcúlchríoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mbeifear in ann aistriú fuinnimh a dhéanamh i gcalafoirt, i dtionscal na longthógála ná san earnáil mhuirí chomh maith, gan lucht saothair oilte agus cistiú poiblí agus príobháideach leormhaith; ag tathant ar an gCoimisiún deiseanna oiliúna, oideachais agus foghlama ar feadh an tsaoil agus atá slán i bhfad na haimsire a chur ar fáil, agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn, oibrithe calafoirt a chur i gcroílár an aistrithe dhigitigh agus ghlais, agus an tionscal a dhéanamh níos tarraingtí do mhná; á athdhearbhú go bhfuil ról sochaíoch a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis ag calafoirt maidir le go leor post díreach agus indíreach a chur ar fáil agus á chur i bhfáth gur gá dálaí oibre cothroma agus sábháilte a choimirciú do gach oibrí calafoirt agus muirí; á thabhairt chun suntais gur léirigh géarchéimeanna a tharla le déanaí gur oibrithe ‘túslíne’ bunriachtanacha iad maraithe, baill criú, iascairí agus oibrithe calafoirt agus go bhfuil a bhfolláine ríthábhachtach chun coinneáil orainn sa saol;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iomaíochas chalafoirt agus chuideachtaí an Aontais Eorpaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh iomaíochas na gcalafort i measc a príomhthosaíochtaí ag Straitéis Eorpach maidir le Calafoirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach staid eacnamaíoch chalafoirt an Aontais a neartú agus a n-iomaíochas i ngeilleagar domhanda a fheabhsú chun tionchar eachtrach agus rioscaí slándála a theorannú chomh maith le ceannasacht shlabhra soláthair na hEorpa; á mheas nár cheart, leis an reachtaíocht Eorpach, an bonn a bhaint d’iomaíochas chalafoirt an Aontais ná sceitheadh carbóin agus gnó a chruthú i gcalafoirt lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir na rioscaí maidir le dí-chomhchruinniú a bhaineann le gníomhaíochtaí trasloingsithe coimeádán chuig calafoirt neamh-AE d’fhonn ceanglais na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (ETS) an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Rialacháin Muirí FuelEU<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48).</FIELD></FOOTNOTE> a sheachaint; á iarraidh go ndéanfaí forálacha an dá phíosa reachtaíochta sin maidir le faireachán ar thrasloingsiú a chur i bhfeidhm go docht chun iompar den sórt sin a bhrath agus a thoirmeasc agus chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an leor na forálacha sin chun iompraíocht sheachanta a dhíspreagadh go héifeachtach chun dochair don chomhshaol agus don fhás agus do phoist araon san Eoraip agus an bhfuil gá le bearta breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta na gcalafort Eorpach ionas go mbeidh siad fó iomaíoch sa todhchaí agus chun oibriú i dtreo timpeallacht infheistíochta níos cobhsaí lena n-áirítear trédhearcacht agus intuarthacht maidir le measúnuithe ar infheistíochtaí, idir infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart ualaí riaracháin iomarcacha a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’oibriú straitéise den sórt sin a sheachaint chun iomaíochas chalafoirt AE agus feidhmiú na Straitéise Eorpaí maidir le Calafoirt a d’fhéadfadh a bheith ann a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil straitéis chomhsheasmhach Eorpach maidir le calafoirt bunriachtanach chun iomaíocht chóir a áirithiú; ag spreagadh comhar méadaithe idir calafoirt Eorpacha chomh maith le díothú cleachtas díobhálach amhail gannphraghsáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheas go bhfuil aontas custaim dea-fheidhmiúil bunriachtanach d’iomaíochas, d’inbhuanaitheacht agus d’athléimneacht an Aontais; á chreidiúint go gcaomhnófar sláine an mhargaidh aonair le haontas custaim athchóirithe agus neartaithe le comhchód custaim, rud a chuideoidh le hiomaíochas an Aontais a chothabháil san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus iomaíocht éagórach idir calafoirt Eorpacha a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth gur minic a dhéanann difríochtaí i mbeartais nós imeachta custaim ag pointí iontrála an Aontais san aontas custaim sreafaí trádála a shaobhadh agus sláine mhargadh aonair na hEorpa a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé rialuithe custaim comhchuibhithe a bheith i bhfeidhm i ngach calafort Eorpach chun cur i bhfeidhm éagsúil caighdeán sláintíochta nó díchill chuí a sheachaint; á áitiú go n-áiritheodh an Coimisiún go mbeadh na caighdeáin chéanna á leanúint ag rialuithe custaim ar fud an Aontais, agus go ndéanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin sásra aontaithe díreach um rialú custaim i gcomhordú leis na Ballstáit agus lán-chomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta á bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mheabhrú nach sócmhainní neamhspleácha iad calafoirt toisc go bhfuil ról acu in éiceachóras ollmhór uisce-iompair maidir le lóistíocht mhuirí agus tionscal muirí agus slabhraí soláthair arna spreagadh ag an éileamh ó allmhaireoirí agus onnmhaireoirí Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil cuideachtaí loingseoireachta ón Aontas faoi réir na reachtaíochta cabatáiste muirí sa tSín, a chuireann cosc orthu ar bhonn tabhairt faoi oibríochtaí cabatáiste idir calafoirt Shíneacha, cé gurb ionann oibríochtaí cabatáiste agus gné lárnach den tsamhail ghnó atá ag cuideachtaí loingseoireachta Síneacha i gcalafoirt áirithe de chuid an Aontais agus idir na calafoirt sin; á iarraidh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht dlí cómhalartach cabatáiste mhuirí de chuid an Aontais a thabhairt isteach, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i leith seoltóirí áirithe ó lasmuigh den Aontas Eorpach, amhail an tSín; á mheabhrú go ndéanann an easpa cómhalartachta infheistíochta i gcalafoirt dochar do leasanna AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí agus atá tionscnamh Global Gateway an Aontais mar rogha mhalartach straitéiseach dhomhanda ar Thionscnamh Creasa agus Bóthair na Síne; ag cur béim ar acmhainneacht thionscadail na Tairsí Domhanda sa tionscal muirí (e.g. bonneagar calafoirt, nasc bóithre cúlchríche agus iarnróid, hidrigin ghlas) chun gréasán calafort a chruthú lena n-éascófar trádáil agus infheistíocht agus comhpháirtíochtaí comhthairbheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth a phráinní atá sé feabhas a chur ar neart, ar acmhainneacht agus ar athléimneacht naisc chúlchríche na gcalafort Eorpach, go háirithe iad siúd atá mar chuid de TEN-T, agus an gá atá le hastaíochtaí a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh á gcur san áireamh agus é mar aidhm iompar intíre a aistriú chuig iompar d’iarnród agus chuig uiscebhealaí intíre a mhéid is féidir agus ag an am céanna ullmhú do thionchair an athraithe aeráide, amhail teagmhais adhaimsire agus leibhéil ísle uisce in uiscebhealaí intíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag moladh go mbunódh an Coimisiún ‘atlas’ de chalafoirt Eorpacha, ina mapálfar, i measc nithe eile, infhaighteacht chalafoirt thráchtála na hEorpa ar sholáthar cumhachta ar tír agus breoslaí malartacha, bonneagar cúlchríche (go háirithe iarnróid) agus lánaí loingseoireachta, a d’fhéadfadh cur le léarscáileanna idirghníomhacha TENtec agus leis an bhFaireachlann Eorpach um Breoslaí Malartacha, b’fhéidir, ach gur cheart calafoirt níos lú agus tuilleadh faisnéise a bheith san áireamh leo freisin; á mheas go bhféadfadh mapáil den sórt sin a bheith ina bonn fíorasach foriomlán d’fhorbairt leanúnach chalafoirt an Aontais agus tionscal gaolmhar, amhail iompar lasta agus paisinéirí, trácht cúrsála, iascaireacht, gaoth amach ón gcósta, buncaeireacht breosla agus monaraíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí agus atá an mhonaraíocht mhuirí, amhail longthógáil agus a slabhra soláthair, san Aontas mar bhunchloch chun earnáil uisce-iompair atá faoi bhláth a choinneáil; á iarraidh ar an gCoimisiún taighde agus measúnú a dhéanamh ar thionchar spleáchas na hEorpa ar mhonaraíocht eachtrach mhuirí, straitéis uaillmhianach thionsclaíoch mhuirí na hEorpa a shainiú go práinneach agus bearta leormhaithe a dhéanamh chun iomaíochas agus athléimneacht longchlós na hEorpa agus a slabhraí soláthair ina n-iomláine a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat digiteach cumasúcháin a thabhairt isteach chun cláir i gcomhair nuálaíochta agus i gcomhair tuilleadh digitiú do chalafoirt a spreagadh, amhail cláir um chalafoirt chliste, d’fhonn éifeachtúlacht, táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht calafort a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, acmhainneacht an digitithe maidir le barrfheabhsú na gcuarda ar chalafoirt (amanna feithimh a laghdú in uiscí cósta agus i gcalafoirt), teacht isteach díreach in am, ardchórais loingseoireachta (le haghaidh coigilteas breosla agus laghdú astaíochtaí), córais aitheantais uathoibríocha (le haghaidh sábháilteacht mhéadaithe ar muir agus forfheidhmiú níos fearr forálacha comhshaoil) chomh maith le ladrainn agus réitigh intleachta saorga as a dtagann cinntí níos fearr maidir le bonneagar calafoirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh gá le hionstraimí leordhóthanacha cistiúcháin agus maoinithe a leithdháileadh ar chalafoirt ionas go mbeidh siad iomaíoch i gcónaí, go mbeidh ról cumasúcháin acu san aistriú glas, agus go mbeidh rioscaí tionchair eachtraigh iontu; á iarraidh go méadófaí an cistiú arna ainmniú do chalafoirt faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá infheistíochtaí príobháideacha i gcalafoirt agus gurb iad cuideachtaí na cinn a chuireann fostaíocht agus nuálaíocht ar fáil i gcalafoirt agus timpeall orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Conclúid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar na saincheisteanna thuasluaite ag Cruinniú Mullaigh Eorpach maidir le Calafoirt agus go bhféachfaí ar na féidearthachtaí maidir le comhar feabhsaithe idir calafoirt Eorpacha chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis chuimsitheach Eorpach maidir le Calafoirt a thíolacadh lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna thuasluaite faoi dheireadh 2024;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>