<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0026</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0400/2023 -  Rapóirtéir:Javier Moreno Sánchez)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA) (2023/2001(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Chuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 11, 14.1.2017, lch. 23.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ionstraim chomhpháirteach ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit<FOOTNOTE><FIELD> IO L 11, 14.1.2017, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Straitéiseach maidir le hAmhábhair Chriticiúla idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a comhaontaíodh agus a seoladh ag Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Ceanada an 14-15 Meitheamh 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Uimh. X/2023 ó Chomhchoiste CETA maidir le léirmhíniú téarmaí áirithe in Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A agus Airteagal 8.39,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi an 15 Feabhra 2017 ar an Dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO C 252, 18.7.2018, lch. 348.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuairim 2/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017 de bhun Airteagal 218(11) CFAE maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim ón gCúirt an 16 Bealtaine 2017 de bhun Airteagal 218(11) CFAE maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, ECLI:EU:C:2017:376.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Dearbhuithe Comhpháirteacha ó AE agus ó Ghrúpaí Comhairleacha Baile Cheanada (DAGanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 11 Deireadh Fómhair 2022 ón gCoimisiún dar teideal Implementation and Enforcement of EU Trade Agreements [Comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh a Chur chun feidhme agus a Fhorfheidhmiú] (COM(2022)0730),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 dar teideal ‘Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir’ (COM(2022)0409),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Chomhchoiste CETA an 31 Márta 2023 i ndiaidh a thríú cruinniú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 23 Meitheamh 2022 uaithi maidir le beartas infheistíochta idirnáisiúnta AE amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 32, 27.1.2023, lch. 96.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí ó Chomhchoiste CETA an 26 Meán Fómhair 2018 maidir le trádáil, gníomhú ar son na haeráide agus Comhaontú Pháras, maidir le Trádáil agus Inscne agus maidir le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025</STRING>’ [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha na gcoistí speisialaithe éagsúla, d’Fhóram na Sochaí Sibhialta agus don Fhóram um Chomhar Rialála,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Séú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), arna foilsiú an 20 Márta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na hiniúchtaí comhleanúnacha a rinne Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia an Choimisiúin in 2014, 2019 agus 2022 maidir le hinrianaitheacht agus cáilíocht na gcóras rialaithe atá i bhfeidhm lena rialaítear táirgeadh mairteola agus muiceola a bheartaítear a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0400/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go raibh CETA i measc na gcéad chomhaontuithe trádála a thug an tAontas Eorpach chun críche le geilleagar mór seanbhunaithe eile atá mar chuid de ECFE tar éis na Cóiré Theas; de bhrí gurbh é an comhaontú sin an comhaontú ab uaillmhianaí agus cuimsithí a bhí tugtha chun críche ag an Aontas nó ag Ceanada ag an am, inar áiríodh rochtain nach bhfacthas a macasamhail riamh roimhe ar sholáthar poiblí ar an leibhéal fo-chónaidhmeach mar aon leis an leibhéal cónaidhmeach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil CETA curtha i bhfeidhm go sealadach ó 21 Meán Fómhair 2017 i.e. ar feadh níos mó ná 6 bliana;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nár cuireadh forálacha tábhachtacha áirithe, go háirithe maidir le cosaint infheistíochtaí, i bhfeidhm fós, toisc nach bhfuil an comhaontú daingnithe ag gach Ballstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil Ceanada agus AE ag tabhairt chun críche dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste CETA maidir le léirmhíniú téarmaí áirithe in Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A agus Airteagal 8.39 lena sonraítear sainchúram an chirt chun rialála i gcomhthéacs na caibidle maidir le cosaint infheistíochta agus maidir le rochtain FBManna ar chóras na cúirte infheistíochta faoi CETA a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurbh é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag Ceanada, i ndiaidh na Stát Aontaithe agus na Síne, inarbh ionann an trádáil sin agus 8,2 % den trádáil domhanda earraí a rinne sé in 2022; de bhrí gurbh é Ceanada an 14ú comhpháirtí is mó i measc comhpháirtithe trádála idirnáisiúnta an Aontais don bhliain chéanna, inarbh ionann an trádáil sin agus 1,4 %, nach mór den trádáil sheachtrach iomlán earraí a rinne an tAontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine gur gá comhaontuithe trádála a éagsúlú agus an spleáchas ar allmhairí agus ar onnmhairí ó líon teoranta comhpháirtithe trádála a laghdú agus gur léiríodh leis freisin a thábhachtaí atá sé comhaontuithe trádála a thabhairt i gcrích le comhpháirtithe a bhfuil dáimh acu leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur tosaíocht ríthábhachtach é cur chun feidhme éifeachtach agus faireachán chomhaontuithe trádála an Aontais do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún chun faireachán, measúnú agus calabrú a dhéanamh ar chomhbheartas tráchtála an Aontais; de bhrí gur rannchuidiú tráthúil úsáideach é tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe le Ceanada mar mhachnamh ar fheidhmiú chomhaontuithe trádála an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an creat institiúideach faoi CETA go hiomlán i bhfeidhm, go bhfuil 19 gcoiste speisialaithe, fóram um chomhar rialála agus fóram de chuid na sochaí sibhialta ann dó, agus go bhfuil a miontuairiscí agus a dtuarascálacha ar fáil go poiblí.
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é Ceanada an chéad tír lenar bhunaigh AE Comhpháirtíocht Straitéiseach maidir le hAmhábhair Chriticiúla, a comhlánaíodh ina dhiaidh sin le Tionscnamh na Comhghuaillíochta Glaise, Comhpháirtíocht Dhigiteach AE-Ceanada agus Comhpháirtíocht Aigéin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur rannpháirtí gníomhach é Ceanada in Idirphlé EDT maidir le Truailliú Plaisteach agus Trádáil Plaisteach atá Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil de agus i gCoiste Trádála agus Comhshaoil EDT, ach nach comhalta é den tionscnamh um Athchóiriú Fóirdheontais Breosla Iontaise (FFSR);
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil taithí, sonraí agus faisnéis staidrimh leordhóthanach ann anois chun cur chun feidhme sealadach CETA a mheasúnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur ceannaire domhanda é Ceanada i gcomhthógáil an bheartais phoiblí don gheilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta, agus de bhrí gurb ionann an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta agus beagnach 10 % den Olltáirgeacht Intíre (OTI) i gcúigí áirithe, amhail Québec, arb ionann é agus thart ar 210 000 post;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhthátail agus moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbraitheann CETA ar chaidreamh atá bunaithe ar rialacha agus luachanna a chuireann timpeallacht eacnamaíoch níos sláine agus níos cobhsaí chun cinn i measc na gcomhpháirtithe trádála, atá tábhachtach go háirithe i gcomhthéacs tréimhsí d’éiginnteacht gheopholaitiúil ardaithe, ar caidreamh é atá forbartha ar bhonn phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus na hurraime do chearta an duine agus caighdeáin saothair agus chomhshaoil; á mheas go gur féidir fás eacnamaíoch, malartú earraí, soláthar seirbhísí, rannpháirtíocht i soláthar poiblí, tarraingteacht infheistíochtaí, fostaíocht ardchaighdeáin, cruthú níos mó post agus poist ar phá níos fearr, agus dálaí oibre agus caighdeáin mhaireachtála níos fearr, a chothú leis an intuarthacht sin; á thabhairt dá haire, áfach, nach mór do CETA an fhorbairt inbhuanaithe, urraim do chearta an duine agus do chearta saothair a neartú tuilleadh agus an aeráid a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil méadú 66 % tagtha ar thrádáil earraí idir an tAontas agus Ceanada idir 2016 agus 2022, agus méadú 46 % ar thrádáil seirbhísí eatarthu, atá níos mó ná trádáil sheachtrach eile an Aontais; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 47 % ar onnmhairí an Aontais chuig Ceanada le linn na chéad 5 bliana den chur i bhfeidhm sealadach, inar cláraíodh na gnóthachain ba mhó i gcásanna na n-earraí monaraithe, na dtáirgí ceimiceacha agus na dtáirgí bia agus ainmhithe; á thabhairt dá haire nár tháinig formhór na n-ábhar imní a cuireadh in iúl roimh chur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe maidir le hinsreabhadh tháirgí talmhaíochta Cheanada isteach i margadh an Aontais; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú 46,4 % ar onnmhairí Cheanada chuig AE, agus go gcláraíodh na gnóthachain is mó i mianta, clocha lómhara agus miotail lómhara, agus breoslaí agus olaí mianracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil fás suntasach ar thrádáil dhéthaobhach bia agus táirgí talmhaíochta idir an tAontas agus Ceanada, agus méadú 62 % tagtha ar onnmhairí agraibhia ón Aontas go Ceanada agus méadú 52 % ar allmhairí táirgí den sórt sin isteach san Aontas ó cuireadh tús le cur i bhfeidhm sealadach CETA; ag tabhairt dá haire gur thairbhigh sé sin go mór do tháirgeoirí agus d’onnmhaireoirí ar an dá thaobh agus gur rannchuidigh sé freisin le cruthú post; á chur in iúl gur geal léi an méadú suntasach atá tagtha ar líon na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide san Aontas atá ag onnmhairiú go Ceanada, agus ar luach a dtáirgí onnmhairithe, ag tabhairt dá haire go bhfreastalaíonn an comhaontú go suntasach ar a leasanna dá bhrí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór, agus CETA á chur chun feidhme, mar a bhíonn amhlaidh i gcás gach aon chomhaontú trádála eile de chuid an Aontais, aird chuí a thabhairt ar urraim do tháirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe, do chómhalartacht ardchaighdeán agus ardchaighdeáin a choimeád ar bun, go háirithe caighdeáin sláintíochta, fíteashláintíochta agus tréidliachta, agus nach mór aird chuí a thabhairt ar rialuithe leormhaithe agus ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh frithpháirteach na gcaighdeán sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh go ginearálta go raibh an sreabhadh trádála idir an dá pháirtí athléimneach le linn na paindéime, agus le linn na staide deacra a cruthaíodh mar gheall ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus dá bhrí sin go seasann sé in aghaidh an bhrú ar shlabhraí soláthair agus go rannchuidíonn sé leis an tslándáil bia neartaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do CETA a bheith ina uirlis chun comhar agus gníomhaíocht chomhpháirteach a éascú d’atógáil na hÚcráine nuair a bheidh an cogadh críochnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gné ríthábhachtach den fhostaíocht é onnmhairí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur rannchuidigh CETA le deiseanna nua fostaíochta a chruthú, toisc gur ardaíodh líon na bpost ar tacaíodh leo le honnmhairí an Aontais i gCeanada ó 624 000 in 2017 go níos mó ná 700 000 in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí agus atá éascú shoghluaisteacht an fhórsa saothair arna dheonú faoi CETA toisc, leis an éascú sin, go gcuidítear le haistriú leormhaith scileanna idir an tAontas agus Ceanada a áirithiú agus ganntanais sa lucht saothair cáilithe a sheachaint; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur tugadh an chéad Chomhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach faoi CETA do cháilíochtaí na n-ailtirí chun críche go rathúil in 2022; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh Cárta Gorm AE tuilleadh malartuithe a éascú idir dhá gheilleagar iomaíoch a bhfuil daonra ardoilte iontu; á chur i bhfios go láidir gur féidir le cláir mhalartaithe idir institiúidí acadúla AE agus Cheanada rannchuidiú tuilleadh leis an tsoghluaisteacht lucht saothair is gá san fhadtéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb iad an dá chatagóir táirgí is tábhachtaí a onnmhairíonn an tAontas agus Ceanada dá chéile meaisíní agus trealamh iompair, arb ionann iad agus thart ar 34 % d’onnmhairí agus d’allmhairí araon, agus táirgí ceimiceacha, cógaisíochta agus plaisteacha, arb ionann iad agus thart ar 20 % d’iomlán na n-onnmhairí agus na n-allmhairí; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an earnáil mianadóireachta agus eastósctha, go háirithe leasacháin, nicil, úráiniam agus olaí gainimh, an-suntasach a mhéid a bhaineann le hallmhairí ó Cheanada, i gcomparáid le comhpháirtithe trádála eile, arb ionann na hallmhairí uaithi agus 20 %, nach mór, d’iomlán allmhairí an Aontais ó Cheanada; á thabhairt chun suntais gur príomhghné de Straitéis AE le haghaidh amhábhair chriticiúla í rochtain ar amhábhair chriticiúla ó chomhpháirtithe trádála iontaofa, lena n-áirítear Ceanada, agus go bhfuil sí ríthábhachtach chun aistriú glas inbhuanaithe a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil comhar maidir le rochtain ar amhábhair chriticiúla ríthábhachtach sa tírdhreach geopholaitiúil atá ann faoi láthair, agus le haghaidh na n-aistrithe glasa agus córa, agus á chur in iúl gur geal léi gur síníodh i mí Iúil 2021 an Chomhpháirtíocht Straitéiseach maidir le hAmhábhair Chriticiúla idir an tAontas agus Ceanada faoi chuimsiú CETA, ar cheart di cabhrú le slabhraí luacha amhábhar idir an tAontas agus Ceanada a chomhtháthú agus comhar san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht a chothú; á thabhairt dá haire gur cuid thábhachtach de straitéis slándála eacnamaíche na hEorpa é sin; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur gá eastóscadh amhábhar a bheith ann agus caighdeáin chomhshaoil agus cearta saothair agus daonna á n-urramú, lena n-áirítear cearta na bpobal dúchasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gnólachtaí Eorpacha agus Ceanadacha ag baint úsáid leanúnach, atá ag dul i méid, as na tairbhí arna ndeonú ag CETA, agus gurbh ionann rátaí úsáide maidir le tairbhí don Aontas Eorpach agus Ceanada agus 60 % in 2022 i gcomparáid le 40 % agus 52 % faoi seach in 2018; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar suime di, go bhfuil cuideachtaí níos lú ag baint úsáid as na tairbhí go pointe níos mó ná cuideachtaí móra agus go mbíonn na rátaí úsáide i bhfad níos airde d’earnálacha agraibhia i gcomparáid le hearnálacha monaraíochta; á chur i bhfáth go léirítear le rátaí ísle úsáide in earnálacha ríthábhachtacha do roinnt Ballstát nach ann do choigilteas costais agus go bhfuil gnóthachain leasa laghdaithe ann ón gcomhaontú; ag spreagadh an dá chomhpháirtí leanúint de ghníomhaíochtaí a chur chun cinn chun feasacht a ardú faoi CETA i measc na ngeallsealbhóirí sa dá réigiún, lena n-áirítear trí árdán ‘Access2Markets’ an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé deiseanna nua a éascú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí tríd an trádáil dhigiteach i gcomhréir le caighdeáin an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh i gceist le ráta úsáide an taraif-chuóta le haghaidh allmhairí mairteola agus laofheola isteach san Aontas ach 3 % in 2021, agus gur fhairsingigh onnmhaireoirí an Aontais a sciar margaidh i gCeanada, sa chiall go n-onnmhairíonn an tAontas níos mó mairteoil reoite do Cheanada ná a allmhairíonn sé uaidh; á thabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh athrú teacht ar ráta úsáide an taraif-chuóta sin le himeacht ama mar thoradh ar éagsúlachtaí i margaí onnmhairiúcháin eile Cheanada, go háirithe na Stáit Aontaithe agus an tSín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais, de réir na tuarascála iniúchóireachta ó Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia an Choimisiúin, nach bhfuil na moltaí a rinneadh in iniúchadh na hArd-Stiúrthóireachta maidir le hinrianaitheacht agus cáilíocht na gcóras rialaithe atá i bhfeidhm lena rialaítear táirgeadh mairteola agus muiceola atá beartaithe lena n-onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach curtha chun feidhme go sásúil ag Ceanada go fóill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach deimhniú onnmhairiúcháin comhchuibhithe de chuid an Aontais, a tháinig i bhfeidhm in 2021, chun éanlaith chlóis úr a onnmhairiú ó Bhallstáit údaraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le deimhnithe comhchosúla le haghaidh feoil agus caoireola nó feoil ghabhair atá próiseáilte, agus iarrachtaí á méadú ag an am céanna chun córais inrianaitheachta níos láidre a áirithiú do tháirgí feola; á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú an Choiste Bainistíochta agus i gcomhar le húdaráis Cheanada agus leis na Ballstáit, dul chun cinn a dhéanamh maidir le haitheantas a thabhairt do na córais chigireachta feola atá fágtha chun go mbeidh na Ballstáit eile in ann feoil a onnmhairiú go Ceanada;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, nach gcuireann CETA prionsabal an réigiúnaithe i bhfeidhm go ginearálta, agus an tAontas á mheas mar limistéar aonair amháin maidir le táirgeadh beostoic, ach nach amhlaidh atá maidir leis an earnáil torthaí agus glasraí, rud a chiallaíonn go gcaithfidh gach Ballstát caibidlíocht a dhéanamh agus teacht ar chomhaontú maidir le ceanglais onnmhairiúcháin le haghaidh gach táirge ar leith; á iarraidh go ndéanfaí an locht sin a leigheas a luaithe is féidir faoi chuimsiú an Chomhchoiste Bainistíochta idir an tAontas Eorpach agus Ceanada;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún éascaíocht a dhéanamh do chomhar leanúnach le húdaráis Cheanada arb é is aidhm dó aird níos mó a thabhairt ar choimircí do chaighdeáin leasa ainmhithe in CETA agus meastóireacht a dhéanamh ar a indéanta atá sé clásail chomhuaineacha a bhunú, amach anseo, sa réimse sin chun coibhéis caighdeán leasa ainmhithe a ráthú agus, ar an gcaoi sin, cothrom iomaíochta a ráthú idir táirgí ainmhithe an Aontais agus táirgí ainmhithe allmhairithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil tionchar suntasach eacnamaíoch ag beartas trádála an Aontais, agus CETA go háirithe, ar na réigiúin is forimeallaí, agus, dá bhrí sin, á chur i bhfáth gur gá leasanna na réigiún sin a chosaint i gcaibidlíocht amach anseo nó in athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcomhaontú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á áitiú gur cheart cuid de na taraifí agus de na taraif-chuótaí a shanntar do tháirgí an Aontais a leithdháileadh ar oibreoirí atá cláraithe sna réigiúin is forimeallaí, agus a staid eacnamaíoch á cur san áireamh; á chur i bhfáth gur den ríthábhacht é caitheamh go difreálach le hoibreoirí sna réigiúin is forimeallaí chun iomaíochas gnólachtaí a áirithiú agus chun taraifí agus taraif-chuótaí a dháileadh go cothrom ar ghníomhairí tráchtála trí shrian ar shochair do líon beag oibreoirí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann ráta úsáide an taraif-chuóta agus 98 % i gcomhair onnmhairí cáise AE ar an meán; á iarraidh, mar sin féin, go mbeidh córas bainistithe taraif-chuótaí Ceanadach níos trédhearcaí agus níos solúbtha ann i gcomhair táirgí déiríochta, go háirithe an cuóta cáise, agus ag tathant ar údaráis Cheanada bogadh ar aghaidh le hathbhreithniú féideartha ar an gcóras a luaithe agus is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé córas tásc geografach a aithint mar chuid lárnach den chomhaontú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le forfheidhmiú éifeachtach breise chosaint na dtásc geografach do shealbhóirí ceart AE i gCeanada, chun muinín a áirithiú i bhfeidhmiú ceart an chomhaontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir leis an gcéad 6 bliana de chur i bhfeidhm sealadach CETA, gur méadaíodh onnmhairí agus allmhairí an Aontais ó Cheanada i leith seirbhísí 54 % agus 74 % faoi seach, agus go raibh na gnóthachain ba mhó bainteach le seirbhísí iompair, seirbhísí gnó agus seirbhísí faisnéise, ríomhaire agus teileachumarsáide, agus leas á bhaint astu sin go háirithe ag na Ballstáit is lú den Aontas, ina bhfuil ról suntasach ag seirbhísí i ngeilleagar eacnamaíoch na tíortha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí nithiúla chun rochtain a éascú ar sholáthar poiblí, amhail an Pointe Aonair Rochtana i gCeanada; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, fiú má tá go leor gnólachtaí san Aontas ag glacadh páirt go rathúil i dtairiscintí Cheanada, amhail le haghaidh iompar réigiúnach paisinéirí ar iarnród in Ontario nó le haghaidh droichid in Montréal, go bhféadfadh soláthraithe an Aontais leas níos mó a bhaint as na deiseanna a thugtar, go háirithe maidir le tionscadail bhonneagair agus tairiscintí do chonarthaí cúige agus bardasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar na páirtithe go gcuirfí ar fáil an tacaíocht agus na huirlisí dlí agus riaracháin uile atá de dhíth ar FBManna chun páirt a ghlacadh i dtrádáil agus in infheistíocht faoi CETA chun méadú ar mhalartuithe a chothú agus rannpháirtíocht a fheabhsú ionas gur féidir leo na tairbhe a bhaint as CETA, lena n-áirítear trí bhearta gníomhacha chun idirnáisiúnú FBManna a éascú, chun nósanna imeachta a shimpliú agus chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar thrádáil a dhéanann difear díréireach do FBManna; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an moladh maidir le FBManna a ghlac an Comhchoiste in 2018, agus na pleananna gníomhaíochta ina dhiaidh sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nithiúla amhail seoladh ardán Access2Markets i mí Dheireadh Fómhair 2020, a thacaíonn le FBManna ó thaobh faisnéis phraiticiúil ar chomhaontuithe trádála agus bacainní trádála de; ag dréim leis go soláthrófar leis an meastóireacht <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> sonraí maidir le héabhlóid sciar na trádála idir AE agus Ceanada arna dhéanamh ag FBManna; á iarraidh ar na Páirtithe machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh caibidil iomlán ann maidir le FBManna atá ar aon dul leo siúd sna comhaontuithe leis an Nua-Shéalainn agus leis an tSile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>I bhfianaise a thábhachtaí atá earnáil an gheilleagair shóisialta agus dlúthpháirtíochta i gCeanada agus an plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta a ghlac an Coimisiún an 9 Nollaig 2021<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Building an economy that works for people: an action plan for the social economy’</STRING> [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta] (COM(2021)0778).</FIELD></FOOTNOTE>, á iarraidh ar an gComhchoiste a shainaithint cad iad na bearta nithiúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun tuilleadh comhair a chur chun cinn idir gníomhaithe sóisialta agus dlúthpháirtíochta trasna an Atlantaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag spreagadh an dá pháirtí leanúint dá ngníomhaíochtaí for-rochtana, agus díriú go háirithe ar FBManna agus ar Ghníomhaithe Geilleagair Shóisialta agus Dlúthpháirtíochta, chun feasacht a ardú faoi na deiseanna a thugtar le CETA trí fheachtais faisnéise spriocdhírithe, agus a áirithiú go roinntear tairbhí an chomhaontaithe go cothrom idir fir agus mná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Comhchoiste CETA an moladh maidir le Trádáil agus Inscne chomh fada siar le 2018, ina n-áirítear gealltanas chun modhanna agus nósanna imeachta a chomhroinnt maidir le sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú, táscairí a úsáid, modheolaíochtaí faireacháin agus measúnachta, agus anailís a dhéanamh ar staidreamh atá dírithe ar inscne agus a bhaineann le trádáil; á chur i bhfios go láidir gur cheart go rachadh an trádáil chun tairbhe do chách, agus go ndéanfaí cumhachtú eacnamaíoch na mban a neartú go sonrach; ag moladh go láidir do Chomhchoiste CETA leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar thionchair an chomhaontaithe maidir le hinscne; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir leis an obair a rinneadh faoin bplean gníomhaíochta a glacadh go comhpháirteach a bheith ina sampla le haghaidh comhaontuithe trádála eile, fiú nuair nach mbíonn caibidlí tiomnaithe sa chomhaontú féin faoi thrádáil agus inscne; ag meabhrú rún na Parlaiminte maidir le Plean Gníomhaíochta III maidir le hInscne<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa dar dáta an 10 Márta 2022 maidir le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (IO C 347, 9.9.2022, lch. 150).</FIELD></FOOTNOTE> agus ag spreagadh an Choimisiúin chun sonraí imdhealaithe inscne a fhoilsiú a mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil orthu maidir le húsáid an chomhaontaithe, go háirithe i ndáil leis na caibidlí maidir le soláthar poiblí agus maidir le trádáil agus saothar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cosc a chur ar lagú phrionsabal an réamhchúraim mar bhunphrionsabal de chuid an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear sna Conarthaí agus mar ráthóir ar chosaint fheirmeoirí agus shaoránaigh na hEorpa; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé prionsabal an réamhchúraim a chur chun cinn i ngach gné den trádáil agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é, agus bacainní ar thrádáil nach bhfuil údar leo á seachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go soláthraítear creat le CETA a chothaíonn trádáil agus gníomhaíocht ar son na haeráide araon trí ghealltanais a áireamh chun comhoibriú ar shaincheisteanna comhshaoil leasa choitinn a bhaineann le trádáil, amhail an t-athrú aeráide, mar a léiríodh leis an moladh ar thrádáil, gníomhaíocht ar son na haeráide agus Comhaontú Pháras, go háirithe le teicneolaíochtaí glana a chur chun; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá táirgeadh cumhachta domhanda atá bunaithe i gCeanada lena gcuirtear dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan trí fhuinneamh a tháirgeadh ó acmhainní in-athnuaite; a chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú 27 % ar thrádáil earraí comhshaoil ó cuireadh an comhaontú i bhfeidhm go sealadach; á thabhairt dá haire, áfach, gur mheas Ceanada gur bacainní teicniúla ar thrádáil iad gnéithe de thionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha Eorpacha maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh ar na Páirtithe sineirgí a aimsiú le cur chun feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) agus le tionscnaimh eile san Aontas Eorpach, agus tacú go comhpháirteach leis an obair chun modheolaíochtaí astaíochtaí carbóin comhpháirteacha nó inchomparáide a fhorbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi seoladh na Comhpháirtíochta Digití idir an tAontas agus Ceanada mar phríomhchumasóir don aistriú glas agus digiteach; á iarraidh ar an dá pháirtí a gcomhar a neartú faoi chuimsiú chur chun feidhme CETA maidir le saincheisteanna leasa choitinn straitéisigh amhail an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil DAGanna agus Fóram na Sochaí Sibhialta rannpháirteach agus ag déanamh faireacháin ar chur chun feidhme CETA go gníomhach, lena dtugtar le chéile na céadta ionadaithe ó gach cearn den Aontas agus de Cheanada, lena n-áirítear gnóthais, eagraíochtaí comhshaoil agus saothair, an tsochaí shibhialta, an lucht acadúil chomh maith le hionadaithe do na daoine dúchasach i gCeanada, agus a rannchuidíonn le hobair an Choiste Trádála agus Forbartha Inbhuanaithe (TSD) go háirithe trína ráitis chomhpháirteacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar Bhord TSD obair leantach a dhéanamh ar a dtograí; á chur i bhfáth gur cheart gurb é sainordú na DAGanna tionchar inbhuanaitheachta an chomhaontaithe iomláin a mheas freisin; á chur i bhfios go láidir a luachmhaire atá sé breithnithe maidir leis an tionchar ar an inbhuanaitheacht agus ar chearta an duine ón gcaibidil maidir le cosaint infheistíochta a chur san áireamh ina gcuid oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an dá pháirtí a áirithiú go ndéanfar feirmeoirí beaga agus tomhaltóirí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sna DAGanna i gcomhthéacs athnuachan na ngrúpaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á áitiú go gcuirfear na gealltanais shonracha a bhaineann leis na forálacha TSD chun feidhme, lena n-áirítear an luath-athbhreithniú TSD a dtugadh gealltanas ina leith san Ionstraim Chomhpháirteach, atá fós ar feitheamh, mar chodanna lárnacha de CETA agus atá ríthábhachtach chun go mbainfí amach na cuspóirí arna leagan amach; ag tabhairt dá haire, in 2024, go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar CETA, lena n-áirítear a chaibidil TSD, ina mbeidh saineolaithe neamhspleácha rannpháirteach, a bheidh ina deis chun measúnú a dhéanamh air i gcoinne chur chuige nua an Choimisiúin i mí an Mheithimh 2022 agus machnamh a dhéanamh ar thograí nithiúla a chuir Ceanada ar aghaidh in 2020 a chur san áireamh chun raon feidhme níos ceangailtí a thabhairt d’fhorálacha áirithe den chaibidil seo; á mheabhrú gur féidir leis an gComhchoiste cinneadh ceangailteach a chur ar fáil lena mbunófar treochláir chur chun feidhme chun comhar a neartú i réimsí ina sainaithneofaí easnaimh le meastóireacht <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> agus go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfaidh siad amhlaidh go gníomhach; á chreidiúint gur cheart comhairliúchán fóinteach leis na geallsealbhóirí uile a bheith ann sula ndéanfar iarrachtaí lena ndírítear ar chur chun feidhme níos fearr na caibidle TSD nó a hathbhreithniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina comhalta den Aontas Eorpach tar éis chur i bhfeidhm sealadach CETA; á thabhairt dá haire gur chomhaontaigh an Ríocht Aontaithe agus Ceanada sraith socruithe trádála déthaobhacha chun é sin a chur san áireamh, lena n-áirítear maidir le húsáid taraif-chuótaí agus carnadh; á thabhairt dá haire go scoirfidh cuid de na comhaontuithe sin d’fheidhm a bheith acu tar éis 2024, rud a d’fhéadfadh mionshuaitheadh a dhéanamh ar shlabhraí soláthair bunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí comhaontuithe nua a bheith ann i gcás ina bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an suaitheadh sin ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar na páirtithe CETA a athbhreithniú, a luaithe a dhaingneofar é, agus úsáid iomlán á baint as an gclásal athbhreithniúcháin, chun sásra oiriúnach éifeachtach um réiteach díospóidí a thabhairt isteach do TSD, ina n-áireofar, i measc modhanna forfheidhmithe éagsúla, plé ar smachtbhannaí mar dhíspreagadh, a bheidh le húsáid, mar rogha dheireanach, i gcás sáruithe tromchúiseacha; á thabhairt chun suntais gur mian léi machnamh a dhéanamh ar an gcomhar leanúnach maidir le trádáil agus inscne a institiúidiú san athbhreithniú sin; á chur i bhfáth gur cheart breithniú a dhéanamh san athbhreithniú sin ar fhorálacha láidre sonracha a thabhairt isteach maidir le cearta na bpobal dúchasach, lena n-áirítear Coinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tathant ar an mBeilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, Éirinn, an Iodáil, an Pholainn, agus an tSlóivéin CETA a dhaingniú go pras, toisc go mbeidh sé seo bunriachtanach chun an comhaontú a nuashonrú, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá cur i bhfeidhm iomlán CETA, lena n-áirítear na forálacha atá ann maidir le cosaint infheistíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Cheanada.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>