<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0027</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an Áise Láir</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0407/2023 -  Rapóirtéir:Karsten Lucke)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar Straitéis an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (2023/2106(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 15 Bealtaine 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU and Central Asia: New opportunities for a stronger partnership’</STRING> [An tAontas Eorpach agus an Áise Láir: Deiseanna nua le haghaidh comhpháirtíocht níos láidre] (JOIN(2019)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2019 maidir leis an Straitéis Nua don Áise Láir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Connecting Europe and Asia – Building blocks for an EU Strategy’</STRING> [An Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh] (JOIN(2018)0031),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Global Gateway</STRING>’ [An Tairseach Domhanda] (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí an 18ú cruinniú d’Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus na hÁise Láir a tionóladh an 17 Samhain 2022 in Samarkand, inar díríodh ar réitigh a fháil ar dhúshláin choiteanna,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach preasa ó chinn stáit na hÁise Láir agus ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a eisíodh tar éis an dara cruinniú ardleibhéil réigiúnaigh a tionóladh in Cholpon-Ata an 2 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 29, 4.2.2016, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú le cur in ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 196, 28.7.1999, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2022 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (COM(2022)0277),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú le cur in ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Táidsíceastáine, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 350, 29.12.2009, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú le cur in ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 229, 31.8.1999, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí na Comhdhála maidir le Nascacht idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir, a tionóladh an 18 Samhain 2022, an dara Fóram Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir, a tionóladh ón 18 go dtí an 19 Bealtaine 2023, an ceathrú Fóram Sochaí Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir, a tionóladh an 10 Márta 2023, agus an seachtú Comhdháil Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir maidir le hAcmhainní Comhshaoil agus Uisce, a tionóladh ón 23 go dtí an 24 Feabhra 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar arna mhaoiniú ag AE dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Sustainable transport links between Europe and Central Asia’</STRING> [Naisc iompair inbhuanaithe idir an Eoraip agus an Áise Láir], arna dhéanamh ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus a foilsíodh an 30 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus an Chasacstáin maidir le comhpháirtíocht straitéiseach i réimse na n-amhábhar, na gceallraí agus na hidrigine in-athnuaite, a síníodh an 7 Samhain 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí an idirphlé maidir le cearta an duine le stáit na hÁise Láir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Treochlár Comhpháirteach chun na Ceangail a Neartú idir an tAontas agus an Áise Láir, a formhuiníodh le linn an 19ú Cruinniú Aireachta idir AE agus an Áise Láir a tionóladh an 23 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú comhpháirteach ó chinn stáit na hÁise Láir agus ó Sheansailéir Cónaidhme na Gearmáine tar éis an chruinnithe mullaigh a bhí acu an 29 Meán Fómhair 2023 i mBeirlín,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin roimhe seo uaithi maidir leis an gCasacstáin, an gCirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta III 2021-2025 AE maidir le hInscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0407/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, ó glacadh straitéis AE maidir leis an Áise Láir in 2019, go bhfuil tionchar ag tosca seachtracha suntasacha ar an réigiún, amhail cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, teacht i gcumhacht an Talaban ar an Afganastáin agus beartas eachtrach na Síne atá ag éirí níos teanntásaí, chomh maith leis an éagobhsaíocht inmheánach, go háirithe an chorraíl fhoréigneach sa Chasacstáin i mí Eanáir 2022, an chniogbheartaíocht fhoréigneach tar éis agóidí a rinne daoine Pamiris i Réigiún Féinrialaithe Gorno-Badakhshan na Táidsíceastáine i mí na Samhna 2021 agus mí na Bealtaine 2022 agus i bPoblacht na Cara-Chalpacstáine san Úisbéiceastáin, i mí Iúil 2022, agus caismirtí leantacha ar an teorainn idir an Chirgeastáin agus an Táidsíceastáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur réigiún é an Áise Láir a bhfuil leas straitéiseach ag AE ann ó thaobh na slándála agus na nascachta de chomh maith le héagsúlú fuinnimh agus acmhainní, réiteach coinbhleachta agus cosaint an oird idirnáisiúnta iltaobhaigh riailbhunaithe, a bhfuil dúshlán tugtha dó mar gheall ar ionsaí na Rúise ar ár luachanna, an géarú ar an ngéarchéim dhomhanda bia, ionsaí agus ainghníomhartha, leathadh na bréagaisnéise, éilliú a úsáidtear mar arm agus cur isteach ar thoghcháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach dtacaíonn aon cheann de stáit na hÁise Láir le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus nach n-aithníonn siad réigiúin na hÚcráine atá ionghafa ag an Rúis mar chodanna de Chónaidhm na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur iarr Toscaire Speisialta AE maidir le Smachtbhannaí, an 28 Márta 2023, ar na tíortha sa réigiún gan cuidiú le hiarrachtaí Mhoscó na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis mar gheall ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go leanann oifigigh agus bolscairí Rúiseacha de reitric ionsaitheach a úsáid i gcoinne roinnt stát san Áise Láir, go háirithe i gcoinne na Casacstáine, agus a hiomláine chríochach agus a féiniúlacht náisiúnta á gceistiú acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar imthosca amhail leithlisiú na Rúise mar thoradh ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, ar neartú na mbealaí trádála tríd an Áise Láir a sheachnaíonn an Rúis, ar mhéadú beartaithe AE in Oirthear na hEorpa agus ar thionchar méadaitheach na Síne sa réigiún, go n-éilítear athmhachnamh iomlán ar straitéis AE don Áise Láir agus láithreacht níos gníomhaí AE daonlathach sa réigiún mar mhalairt ar ghníomhaithe uathlathacha bunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur gá nascacht idir an Eoraip agus an Áise a áirithiú ar bhealach lena seachnaítear trasnú chríoch na Rúise; de bhrí go bhfuil leas láidir ag AE in úsáid conairí éifeachtúla trádála agus fuinnimh idir an Eoraip agus an Áise, mar a léiríodh ag an gComhdháil maidir le Nascacht idir AE agus an Áise Láir a tionóladh in Samarkand an 18 Samhain 2022;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur dhaingnigh gach ceann de na cúig stát de chuid na hÁise Láir Comhaontú Pháras; de bhrí go bhfuil siad an-leochaileach d’iarmhairtí an athraithe aeráide; de bhrí gur baineadh úsáid agus saothrú neamhéifeachtach acmhainní uisce sa réigiún mar thoradh ar mhíbhainistiú meargánta uisce agus ar thruailliú aibhneacha móra chun goirt chadáis a uisciú; de bhrí go bhfuil oighearshruthanna san Áise Láir ag laghdú go tapa i gcónaí, rud a chuireann le ceann de na géarchéimeanna uisce is tromchúisí ar domhan agus a nochtann daonra leochaileach an cheantair d’fhadhbanna tubaisteacha sláinte, éiceolaíocha agus sóisialta; de bhrí go gcuirfeadh teorainn le pleanáil aontaithe agus leithdháileadh éifeachtúil aibhneacha trasteorann mar thoradh ar choinbhleachtaí minice uisce agus éagobhsaíocht pholaitiúil; de bhrí go gcruthaíonn na hathruithe geopholaitiúla sa réigiún máguaird deiseanna do chomhar réigiúnach níos fónta; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil tionchar ag an gcomhar réigiúnach sin i gcomhthéacs na taidhleoireachta uisce agus díospóidí teorann a réiteach, agus go mbeidh sé níos tábhachtaí fós chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí trasteorann atá ag dul i méid mar gheall ar an athrú aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur comhaontuithe nua‑ghlúine iad Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe (CCCFanna) arb iad bunchloch rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Áise Láir iad; +de bhrí gurb í an Chasacstáin an chéad stát de chuid na hÁise Láir a shínigh CCCF in 2015, a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2020 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú, agus gur cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh air; de bhrí gur tugadh an chaibidlíocht maidir le CCCF idir AE agus an Chirgeastáin i gcrích an 6 Iúil 2019, ach nár síníodh an comhaontú fós mar thoradh ar dhíospóid dhlíthiúil idir an Chomhairle agus an Coimisiún; de bhrí gur tugadh an chaibidlíocht maidir le CCCF idir AE agus an Úisbéiceastáin i gcrích an 6 Iúil 2022; de bhrí, ag tús 2023, gur chuir AE agus an Táidsíceastáin tús le caibidlíochtaí maidir le CCCF; de bhrí gur síníodh Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (CCC) leis an Tuircméanastáin in 1998, ach nár thug an Pharlaimint a toiliú an comhaontú a dhaingniú mar gheall ar an imní mhór atá uirthi faoi thagarmharcanna gearrthéarmacha maidir le dul chun cinn na Tuircméanastáine maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur tionóladh an chéad chruinniú idir ceannairí an Aontais Eorpaigh agus na hÁise Láir in Astana an 27 Deireadh Fómhair 2022, agus go raibh an dara cruinniú den sórt sin ann ina dhiaidh sin in Cholpon-Ata an 2 Meitheamh 2023; de bhrí go bhfuil cruinniú mullaigh na gceannairí beartaithe do 2024; de bhrí gurb ionann na cruinnithe sin agus institiúidiú breise ar chaidrimh idir an Aontas Eorpach agus an Áise Láir agus go gcomhlánaíonn siad obair an idirphlé agus na n-ardán réigiúnach atá ann cheana;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur tionóladh an chéad chruinniú mullaigh C5+ 1 idir ceannairí na hÁise Láir agus Uachtarán na Stát Aontaithe i Nua-Eabhrac an 19 Meán Fómhair 2023; de bhrí gur tionóladh cruinniú mullaigh C5+An Ghearmáin i mBeirlín an 29 Meán Fómhair 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil scóir daonlathais íseal agus meathlaithe ag gach ceann de chúig stát na hÁise Láir agus go n-aicmítear iad mar réimis fhorlámhacha agus mar ‘neamhshaor’ de réir thuarascáil ‘Saoirse ar Domhan’ 2023 de chuid Freedom House; de bhrí gur tuairiscíodh in Innéacs Domhanda Shaoirse an Phreasa 2023 go bhfuil meath suntasach tagtha ar staid shaoirse an phreasa san Áise Láir agus go raibh an meánscór don Áise Láir in Innéacs na Braistintí i dtaca le hÉilliú 2022 go mór faoi bhun an mheáin dhomhanda; de bhrí go bhfuil go leor cásanna ina bhfuil údaráis na hÁise Láir ag brú ar a meáin ionradh na Rúise ar an Úcráin a chumhdach ar bhealach ‘neodrach’, nó chun neamhaird iomlán a dhéanamh air tuairiscithe ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur thug Coiste um Ghnóthaí Eachtracha na Parlaiminte cuairt ar an Táidsíceastáin agus ar an Úisbéiceastáin an 21-25 Feabhra 2022 agus ar an gCasacstáin agus ar an gCirgeastáin an 21-25 Lúnasa 2023; de bhrí go bhfuil caidreamh idirpharlaiminteach rialta le tíortha na hÁise Láir á coimeád ag a Toscaireacht chun na gCoistí um Chomhar Parlaiminteach idir AE agus an Chasacstáin, idir AE agus an Chirgeastáin, idir AE agus an Úisbéiceastáin agus idir AE agus an Táidsíceastáin agus don chaidreamh leis an Tuircméanastáin agus leis an Mongóil;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil eagla ann san Áise Láir, atá bunaithe go maith, roimh an radacú, roimh an antoisceachas atá ag dul i méid agus roimh bhagairt sceimhlitheoireachta, agus líon an-ard iar-throdairí ISIS ag filleadh ar an réigiún agus staid uafásach slándála san Afganastáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil mná agus cailíní san Áise Láir fós an-leochaileach i leith mí-úsáide, go háirithe ós rud é go bhfuil ardleibhéal glactha le foréigean in aghaidh na mban agus feasacht íseal ar steiréitíopaí inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil pósadh leanaí fós coitianta san Áise Láir, go háirithe sa Chirgeastáin agus sa Táidsíceastáin, áit a bhfuil cailín amháin as gach ochtar pósta roimh 18 mbliana d’aois a bhaint amach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Áise Láir</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil athruithe agus dúshláin mhóra gheopholaitiúla dhomhanda agus réigiúnacha os comhair an Aontais agus na hÁise Láir, lena dtugtar spreagadh suntasach dóibh oibriú i dtreo comhar fadtéarmach, struchtúrtha agus comhthairbheach in ábhair leasa choitinn; ag moladh go láidir do AE dlús a chur lena rannpháirtíocht leis an Áise Láir, i bhfianaise thábhacht gheostraitéiseach an réigiúin, agus comhpháirtíocht straitéiseach leis na tíortha sin a chur chun cinn trí chomhar a leathnú ar an leibhéal polaitiúil agus eacnamaíoch; á chur in iúl gur geal léi an teagmháil ardleibhéil mhéadaithe idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir, go háirithe na cruinnithe idir cinn stáit na hÁise Láir agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus obair Ionadaí Speisialta AE don Áise Láir; á iarraidh go ndéanfar obair leantach ar na cruinnithe ardleibhéil sin go léir agus ar na dearbhuithe sin le gníomhaíochtaí nithiúla; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an chéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir beartaithe do 2024, chomh maith le formhuiniú an Treochláir Chomhpháirtigh chun na Ceangail a Neartú idir AE agus an Áise Láir, atá ina threoirphlean straitéiseach chun an t-idirphlé agus an comhar a chur chun cinn i réimsí sonracha, lena n-áirítear athléimneacht chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíoch a fhorbairt; ag spreagadh an Aontais Eorpaigh chun leanúint d’athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha a chur chun cinn lena neartaítear an smacht reachta, an daonlathas, an dea-rialachas agus an urraim do chearta an duine; á thabhairt dá haire go bhfuil an Pharlaimint réidh chun comhar parlaiminteach leis an Áise Láir a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lagaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a hinsintí náisiúnacha méadaithe seasamh na Rúise sa réigiún agus gur spreag siad an Áise Láir chun leanúint den chomhar le gníomhaithe eile, agus go bhfuil dlús curtha ag na gníomhaithe sin lena gcomhar leis an Áise Láir; ag cur sonrú freisin i rannpháirtíocht na Síne sa réigiún; á chur i bhfáth go bhfuil an deis ag AE anois a naisc leis an Áise Láir a leathnú agus ról níos lárnaí a bheith aige sa réigiún; á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE leas a bhaint as an deis sin chun comhar a chothú a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus comhpháirtíocht a thairiscint don Áise Láir a d’fhéadfadh a bheith ina conair speisialta i straitéis níos leithne i leith chomharsana an Aontais ón Oirthear; á mheas go rannchuideodh neartú an chomhair sin freisin le gníomhú i gcoinne thionchar na Rúise sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar trasatlantach maidir leis an Áise Láir agus á iarraidh ar AE dul i mbun oibre ar straitéis chomhpháirteach don Áise Láir leis na Stáit Aontaithe, ar cheart go n-áireofaí léi comhar i réimsí chur chun cinn an daonlathais, na hinfheistíochta agus na trádála, an gheilleagair agus na slándála réigiúnaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil AE tiomanta oibriú i gcomhar le tíortha na hÁise Láir ar son na síochána, na slándála, na cobhsaíochta, an rathúnais agus na forbartha inbhuanaithe agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, chomh maith leis na prionsabail maidir le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na dtíortha uile a urramú, neamhúsáid fornirt nó bagairt go n-úsáidfí é agus díospóidí idirnáisiúnta a réiteach go síochánta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag diúltú d’aon iarracht aitheantas idirnáisiúnta an eintitis scarthaigh sa Chipir atá faoi fhorghabháil a éascú nó cúnamh a thabhairt ar bhealach ar bith dó, lena n-áirítear i ndáil lena ghlacadh líomhnaithe mar bhreathnóir in Eagraíocht na Stát Turcach; ag moladh do stáit na hÁise Láir lena mbaineann seasamh go héifeachtach le hurraim phrionsabail cheannasacht agus shláine críche na stát uile agus gan Reacht leasaithe Eagraíocht na Stát Turcach a dhaingniú, rud a chuirfeadh an cinneadh stádas breathnóra a dheonú i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag aithint, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na himpleachtaí a bhaineann leis sin, go bhfuil idir dhúshláin agus deiseanna ann do stáit na hÁise Láir, a bhfuil sé de nós acu dlúthchaidreamh a choinneáil leis an Rúis; á chur i bhfios go láidir gur chun leasa AE é caidreamh eacnamaíoch a mhéadú agus naisc pholaitiúla le tíortha na hÁise Láir a threisiú, go páirteach chun imchéimniú smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a íoslaghdú; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le dlúthmhalartú leanúnach maidir le smachtbhannaí agus á iarraidh ar údaráis stáit na hÁise Láir, go háirithe an Chasacstáin, an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin, comhoibriú go dlúth le AE, go háirithe a Thoscaire Smachtbhannaí, chun dlús a chur lena n-iarrachtaí teacht timpeall ar smachtbhannaí a chosc; ag cáineadh an nós imeachta maidir leis an Rúis a bheith ag earcú imirceach agus saoránach de chuid na hÁise Láir chun troid san Úcráin agus ag tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar dheireadh a chur leis; ag cur sonrú in iarrachtaí aonair stáit na hÁise Láir chun a áirithiú nach n-úsáidfear a gcríocha chun teacht timpeall ar smachtbhannaí AE agus á chur in iúl gur geal léi bearta riaracháin agus tiomantas polaitiúil ardleibhéil na Casacstáine i ndáil leis sin; á iarraidh ar AE leas a bhaint as cur chuige difreáilte ina straitéis don Áise Láir, lena ndéanfar measúnú ar leibhéal an chomhair le AE maidir leis an mbeartas smachtbhannaí i leith na Rúise; ag cur sonrú sa ról atá ag na Ballstáit féin chun a áirithiú go ndéanfar na rialuithe coisctheacha iomchuí ar earraí onnmhairiúcháin ar dócha go ndéanfaidh siad a mbealach chuig an Rúis tríd an Áise Láir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheas go bhfuil gá le hathbhreithniú ar straitéis an Aontais don Áise Láir chun í a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na n-imeachtaí geopholaitiúla a tharla le blianta beaga anuas; á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag CCCFanna mar chreat don chomhar le stáit na hÁise Láir; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil CCCF leis an gCirgeastáin, ar tugadh an chaibidlíocht ina leith chun críche in 2019, fós gan síniú; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an chaibidlíocht leanúnach maidir le CCCF leis an Táidsíceastáin a chur chun cinn go pras, agus na saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach agus CCCFnna leis an gCirgeastáin agus leis an Úisbéiceastáin a shíniú gan a thuilleadh moille chun go bhfeidhmeoidh an Pharlaimint a sainchumais maidir le daingniú na gcomhaontuithe sin; á chur i bhfáth maidir le mainneachtain na comhaontuithe sin a shíniú tar éis na caibidlíochtaí a thabhairt i gcrích, go gcuirtear amhras ar chreidiúnacht an Aontais Eorpaigh mar ghníomhaí domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le CCCFanna le stáit na hÁise Láir a caibidlíodh go dtí seo, go gcuirtear béim láidir iontu ar urraim do phrionsabail dhaonlathacha, do chearta an duine agus don smacht reachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cearta an duine, luachanna daonlathacha, comhionannas inscne, na meáin shaora agus an t-aistriú glas a phríomhshruthú in idirghníomhaíochtaí le rialtais na hÁise Láir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar réigiúnach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an acmhainneacht mhór a bhaineann le comhar comhthairbheach maidir le forbairt inbhuanaithe, nascacht, fuinneamh, amhábhair chriticiúla agus slándáil, agus an Áise Láir ina réigiún lárnach don nascacht Oirthear agus Iarthar; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, na n-iarmhairtí suntasacha geopholaitiúla atá ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a chuir borradh arís faoin Meánchonair, ní hamháin mar limistéar eacnamaíoch réigiúnach, ach freisin mar bhealach malartach agus inbhuanaithe idir an Áise agus an Eoraip lena seachnaítear trasnú chríoch na Rúise; á mheabhrú go dtéann Droichead Talún Nua na hEoráise trí chríoch na Rúise agus na Bealarúise atá faoi smachtbhannaí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn feadh na Meánchonaire agus á thabhairt dá haire, chun maoiniú a bhfuil géarghá leis a mhealladh do thionscadail bhonneagair faoin Tairseach Dhomhanda, nach mór deireadh a chur leis na scrogaill a sainaithníodh sa staidéar a rinne an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtabharfadh an Banc Eorpach Infheistíochta tacaíocht d’infheistíochtaí i bhforbairt bonneagair i stáit na hÁise Láir, go háirithe sa Mheánchonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chreidiúint gur cheart beartas AE i leith na hÁise Láir i réimsí an fhuinnimh, na nascachta agus an éagsúlaithe acmhainní a bheith spreagtha ag an gComhaontú Glas don Eoraip agus é a bheith bunaithe ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a théann chun tairbhe don dá thaobh lena gcuirtear san áireamh saintréithe gach ceann de stáit na hÁise Láir, lena n-áiritheofar a rochtain ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha agus ar phoist ardcháilíochta, agus rochtain shlán agus iomaíoch ar amhábhair agus ar fhuinneamh á ráthú don Aontas ag an am céanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina leith sin, gur cruthaíodh spleáchas ar an Rúis mar thoradh ar shíniú an chomhaontaithe maidir le gás nádúrtha idir Gazprom agus an Úisbéiceastáin tríd an gCasacstáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Aontas maidir le hathchóirithe earnála na hÁise Láir a mhaoiniú, maidir lena éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus maidir lena hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; á chur in iúl gur geal léi seoladh thionscadal na Nascachta Fuinnimh Inbhuanaithe san Áise Láir (SECCA) in 2022, agus ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh aige ar bheartais náisiúnta a neartú maidir leis an aistriú chuig córas fuinnimh inbhuanaithe agus maidir le hinfheistíocht, acmhainneacht agus feasacht a mhéadú san fhuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá timpeallacht dhearfach infheistíochta d’fhorbairt eacnamaíoch na hÁise Láir agus do thrádáil agus comhar idir AE agus an Áise Láir; á thabhairt chun suntais go bhfuil timpeallacht dhearfach infheistíochta as a dtiocfaidh cruthú áiteanna oibre ardcháilíochta ina bhfuil tuarastail leormhaithe agus dálaí oibre cuibhiúla ag brath ar institiúidí daonlathacha cobhsaí, urraim do chearta an duine agus don smacht reachta, chomh maith le hacmhainneacht gnólachtaí agus na sochaí sibhialta dícheall cuí a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil cur chuige seanbhunaithe ag stáit na hÁise Láir, cé is moite den Táidsíceastáin, maidir leis an gcaidreamh leis an Afganastáin a choinneáil ar bun agus maidir lena rannpháirtíocht phragmatach atá ag teacht chun cinn leis an Talaban, cé nach n-aithníonn siad é, ó tháinig sé i gcumhacht in 2021; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag tíortha sa réigiún, go háirithe an Phacastáin agus an tSín, ach freisin stáit na hÁise Láir, maidir le cobhsaíocht a áirithiú san Afganastáin trí chabhair dhaonnúil, leictreachas, deiseanna trádála agus comhthionscadail nascachta a sholáthar; ag spreagadh Thoscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh don Afganastáin leanúint de bheith ag comhoibriú go dlúth le contrapháirtithe i stáit na hÁise Láir mar chuid d’idirphlé idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir maidir leis an Afganastáin; ag aithint gur limistéar ríthábhachtach í an Áise Láir chun antoisceachas reiligiúnach, sceimhlitheoireacht agus líonraí gáinneála ar dhrugaí a shrianadh agus go bhfuil brú imirce méadaithe uirthi mar gheall ar an ngéarchéim dhaonnúil leanúnach san Afganastáin; ag athdhearbhú a himní faoin gcaoi a gcaitheann an Talaban le mná, is é sin amhail is nach saoránaigh thánaisteacha iad fiú agus á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar Thoscaire Speisialta AE don Afganastáin comhoibriú leis an Tuircméanastáin, leis an Úisbéiceastáin agus leis an Táidsíceastáin chun cabhrú le mná a dhéanann iarracht teitheadh ón Afganastáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais ról an Aontais Eorpaigh mar dheontóir tábhachtach cabhrach don réigiún; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cur chuige aontaithe a ghlacadh mar Fhoireann na hEorpa, ós rud é go bhfágann sé sin gur féidir sineirgí a chruthú agus tionchar na gníomhaíochta a rinneadh a uasmhéadú agus go dtaispeánann sé tairbhí an chomhair iltaobhaigh, agus go dtugtar le chéile leis na huirlisí agus na comhpháirtithe is fearr, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine, na meáin neamhspleácha agus saineolaithe neamhspleácha, agus an earnáil phoiblí agus phríobháideach, chun an tionchar atá beartaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá infheictheacht chúnamh agus infheistíocht AE a áirithiú agus á iarraidh go mbeadh cúnamh agus tacaíocht bhuiséadach AE do stáit na hÁise Láir nasctha le tagarmharcanna nithiúla don dul chun cinn maidir le hathchóirithe daonlathacha, cearta an duine, cosaint, an smacht reachta agus forbairt inbhuanaithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar comhordaithe le comhpháirtithe eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun sineirgí a chumasú agus chun dúbláil a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an t-athrú aeráide, daonra atá ag dul i méid agus riachtanais eacnamaíocha ag cur brú méadaitheach ar acmhainní uisce san Áise Láir; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar réigiúnach níos dlúithe maidir leis an ábhar sin idir tíortha réamhtheachtacha agus iartheachtacha chun coinbhleachtaí maidir le dáileadh agus úsáid acmhainní uisce a chosc; á chur in iúl gur geal léi ardáin réigiúnacha, amhail an Ciste Idirnáisiúnta maidir le Muir Aral a Shábháil, lena spreagtar idirphlé agus comhar idir stáit na hÁise Láir; á mheabhrú gur bunaíodh idirphlé comhshaoil idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir chun tacú le cobhsú Mhuir Aral agus chun bainistiú níos fearr ar acmhainní uisce a chothú; á iarraidh go ndéanfaí Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme agus go bhfuil sí réidh chun saineolas agus comhar a chur ar fáil chun an méid sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach coinbhleachtaí a réiteach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le dáileadh uisce, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dea-chaidreamh comharsanachta, agus úsáid nó bagairt fornirt a sheachaint ar gach costas chun cobhsaíocht réigiúnach fhadtéarmach agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe araon a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá teorannú agus críochú na limistéar teorann atá faoi dhíospóid idir an Táidsíceastáin agus an Chirgeastáin chun tuilleadh coimhlintí míleata idir an dá thír a chosc agus á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a ghlac an dá thaobh i ndáil leis sin; ag athdhearbhú thairiscint AE tacú le réiteach síochánta na coinbhleachta trí chúnamh teicniúil agus trí bhearta cothaithe muiníne; á chur in iúl gur geal léi gur socraíodh saincheist an teorannaithe teorann idir an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin i mí Eanáir 2023; á athdhearbhú go bhfuil AE tiomanta do neamhleathadh arm ollscriosta sa limistéar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An daonlathas agus cearta an duine </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á áitiú go bhfuil urraim do chearta an duine agus comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta tábhachtach do chaidreamh AE leis an Áise Láir; ag tathant ar stáit na hÁise Láir cloí lena n-oibleagáidí maidir le daonlathas agus cearta an duine, agus é á thabhairt dá haire go bhfuil sé sin i gcomhréir freisin leis na CCCanna agus le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus (GSP+); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé idirphlé rialta a choinneáil ar bun maidir le cearta an duine le stáit na hÁise Láir, ós rud é gur ionstraim é an t-idirphlé sin chun urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus d’iolrachas polaitiúil a chur chun cinn, agus mar fhóram chun saincheisteanna imní a tharraingt anuas; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus ar ionadaíochtaí na mBallstát san Áise Láir leanúint de ról gníomhach a imirt maidir le faireachán a dhéanamh ar an staid ar an láthair, oibriú le cosantóirí chearta an duine agus freagairt do sháruithe ar chearta an duine agus do ghéarleanúint arna spreagadh go polaitiúil, lena n-áirítear trí fhreastal ar thrialacha agus trí chuairt a thabhairt ar phríosúnaigh pholaitiúla; ag spreagadh comhar le comhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta chomh maith le fóraim iltaobhacha um chearta an duine amhail Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa cuntasachta as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ar mhórscála, lena n-áirítear bearta géara a bheith á n-úsáid ag na húdaráis chun deireadh a chur le hagóidí ollmhóra agus corraíl ina dhiaidh sin le linn na n-eachtraí ar a dtugtar ‘Eanáir Fuilteach’ sa Chasacstáin, agus i Réigiún Féinrialaithe Gorno-Badakhshan (GBAO) sa Táidsíceastáin agus i bPoblacht na Cara-Chalpacstáine san Úisbéiceastáin; á iarraidh ar na húdaráis i ngach ceann de chúig stát na hÁise Láir bearta éifeachtacha a dhéanamh chun imscrúduithe neamhspleácha agus críochnúla a sheoladh ar gach líomhain maidir le céastóireacht agus drochíde agus sáruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine, agus cosc a chur ar úsáid fornirt iomarcaigh agus céastóireachta ag póilíní agus ag fórsaí slándála; á iarraidh ar rialtais stáit na hÁise Láir athchóirithe breithiúnacha a dhéanamh d’fhonn neamhspleáchas agus trédhearcacht níos fearr a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil easnaimh bhunúsacha dhaonlathacha san Áise Láir, maidir le rialachas daonlathach, an smacht reachta agus cosaint chearta an duine, atá fós ann agus atá imithe in olcas ar roinnt bealaí le déanaí; á chur i bhfios go láidir gur gá próisis toghcháin a dhéanamh níos trédhearcaí, níos oscailte agus níos cothroime do na gníomhaithe polaitiúla uile; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag an tsochaí shibhialta maidir le tacú le hathchóirithe daonlathacha, dea-rialachas agus cosaint chearta an duine san Áise Láir agus iad a chur chun cinn; á chur in iúl gur oth léi an cur chuige sriantach a glacadh i dtionscnaimh reachtacha maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus na meáin, lena laghdaítear an spás do ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar stáit na hÁise Láir bearta fóinteacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chur chun feidhme agus a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le rialachas daonlathach agus cosaint chearta an duine, agus á thabhairt dá haire ag an am céanna go bhfuil gealltanas tugtha acu é sin a dhéanamh faoi CCCanna le AE, faoi CCCAnna a caibidlíodh agus faoi GSP+ an Aontais; á thabhairt dá haire go bhfuil pobail óga dhinimiciúla ag stáit na hÁise Láir ar cheart deiseanna a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach go fóinteach i múnlú thodhchaí a dtíortha; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí an Fhóraim Shochaí Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Áise Láir agus á iarraidh ar an Aontas feabhas a chur ar a thacaíocht don tsochaí shibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt dá haire gur gá borradh a chur faoi athléimneacht na hÁise Láir i gcoinne na bréagaisnéise trí mheáin neamhspleácha agus ábhar neamhspleách a chur chun cinn i dteangacha áitiúla, trí litearthacht sna meáin a mhéadú agus trí chúrsaí spriocdhírithe a eagrú d’iriseoirí áitiúla; á chur i bhfáth gur gá neamhspleáchas agus iolrachas na meán agus saoirse cainte san Áise Láir a neartú i gcomhréir leis na caighdeáin dhaonlathacha is airde; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le húinéireacht agus maoiniú na meán agus é mar aidhm leis neamhspleáchas agus iolrachas na meán a fheabhsú; á chur in iúl gurb oth léi gur bhain údaráis na hÁise Láir leas as an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise chun srian a chur ar fheidhmiú dlisteanach na saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí chur i leith iad siúd a labhraíonn amach ar éilliú, éagóir agus mí-úsáid rialtais go bhfuil faisnéis ‘bréagach’ á scaipeadh, ‘easaontas’ á ghríosú agus ‘an t-antoisceachas’ á chur chun cinn acu; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon gabhálacha iriseoirí agus blagálaithe, agus bagairtí maidir le heagraíochtaí neamhspleácha meán a dhúnadh; á áitiú nach mór urraim do chearta iriseoirí, blagálaithe neamhspleácha, cosantóirí chearta an duine agus gníomhaithe sibhialta agus comhshaoil a áirithiú, nach mór cosaint ar chiapadh, ar bhrú agus ar bhagairtí a ráthú dóibh, nach mór aon ionsaithe ina gcoinne a imscrúdú agus go ndéanfar gach duine a choinnítear agus a chuirtear i bpríosún go héagórach a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll; ag cáineadh líon na dtionscnamh rialtais a rinneadh le déanaí chun seirbhísí meán neamhspleácha a dhúnadh síos agus rochtain ar a suíomhanna sa Táidsíceastáin agus sa Chirgeastáin a bhlocáil, chomh maith leis an dréachtreachtaíocht maidir leis na meáin atá á meas faoi láthair sa Chirgeastáin agus sa Chasacstáin a bhagraíonn ar smacht stáit ar oibríochtaí na meán a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na hÁise Láir gach príosúnach polaitiúil a scaoileadh saor; á iarraidh go sonrach ar údaráis na Casacstáine na daoine seo a leanas a scaoileadh saor: Aigerim Tleuzhan, Marat Zhylanbayev, Bekizhan Mendygaziyev, Timur Danebayev, Kairat Klyshev; á iarraidh ar údaráis na Cirgeastáine na daoine seo a leanas a scaoileadh saor: Azimbek Beknazarov, Aibek Buzurmankulov, Aidanbek Akmatov, Temir Makhmudov, Marat Bayazov; á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine na daoine seo a leanas a scaoileadh saor: Dauletmurat Tazhimuratov, Allabai Tokymbetov, Nurlan Naiypov, Amirbek Adilbekov; á iarraidh ar údaráis na Táidsíceastáine na daoine seo a leanas a scaoileadh saor: Faromuz Irgashov, Ulfatkhonim Mamadshoeva, Khursand Mamadshoev, Khushruz Djumaev; á iarraidh ar údaráis na Tuircméanastáine na daoine seo a leanas a scaoileadh saor: Omruzak Omarkuliev, Murat Dushemov, Murat Ovezov, Mansur Mingelov, Nurgeldy Khalykov;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, cé go meastar go bhfuil an comhionannas inscne faoi chosaint ag an dlí i ngach tír, go bhfuil foréigean inscnebhunaithe, foréigean teaghlaigh, pósadh leanaí, idirdhealú agus ciapadh ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha agus daoine LADTIA fós forleathan san Áise Láir; ag tathant ar rialtais na hÁise Láir cosc a chur ar na sáruithe sin ar chearta an duine trí dhlíthe, feachtais oideachais agus bearta iomchuí, lena n-áirítear feasacht agus cáilíochtaí oifigeach poiblí a mhéadú, go háirithe póilíní, cumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú chun tacú le hathruithe reachtacha, feabhas a chur ar sheirbhísí tacaíochta túslíne do mharthanóirí agus feasacht a mhúscailt chun steiréitíopaí atá ann cheana a chomhrac agus comhionannas sa tsochaí a chur chun cinn; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil coiriúlú daoine LADTIA fós i bhfeidhm, go bhfuil reachtaíocht bhunúsach frith-idirdhealaithe in easnamh i bhformhór na dtíortha, go bhfuil éigniú ar scáth ceartú á úsáid i gcoinne daoine leispiacha agus go bhfuil easpa spásanna sábháilte ann do dhaoine LADTIA le teacht le chéile, agus ruathair leanúnacha ar thithe tábhairne agus ar spásanna sóisialta, agus brúidiúlacht póilíneachta atá ann go forleathan; á chur i bhfáth nach mór aon straitéis AE maidir leis an Áise Láir a bheith i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an t-éilliú forleathan agus an creachlathas san Áise Láir, lena lagaítear muinín as rialtas, lena spreagtar neamhionannas, lena mbaintear seirbhísí poiblí de shaoránaigh agus lena gcuirtear moill ar fhás eacnamaíoch; á iarraidh ar rialtais na hÁise Láir gníomhaíocht a dhéanamh a mbeadh níos mó i gceist leis ná an reitric fhrithéillithe atá forleathan agus gealltanas a thabhairt ar deireadh an t-éilliú agus an creachlathas a chomhrac agus straitéisí náisiúnta a ghlacadh lena ndíreofar ar chur chuige comhtháite maidir leis an éilliú a chosc agus a chur faoi chois chomh maith le trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis a mhéadú, agus tionchar príobháideach a theorannú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas leas a bhaint as a íomhá dhearfach san Áise Láir trí dhul i mbun níos mó taidhleoireachta cultúrtha agus poiblí; á mholadh go neartófaí naisc agus go méadófaí na deiseanna comhair idir institiúidí na hEorpa agus institiúidí na hÁise Láir agus go ndéanfaí teagmháil idir daoine agus soghluaisteacht a chothú, deiseanna a chur ar fáil san oideachas agus san eolaíocht, amhail malartú ar an leibhéal acadúil trí chláir Erasmus+ agus Fís 2020, agus an turasóireacht inbhuanaithe a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil stáit na hÁise Láir toilteanach tús a chur le hidirphlé le AE maidir le léirscaoileadh víosaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na comhairliúcháin maidir le treochláir athchóiriúcháin spriocdhírithe agus chuimsitheacha a fhorbairt do stáit na hÁise Láir chun an bealach a réiteach do chomhaontuithe um éascú víosaí agus um athligean isteach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar déthaobhach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb í an Chasacstáin an chéad stát de chuid na hÁise Láir a dhaingnigh CCCF, lena gcuirtear bonn daingean ar fáil chun comhar a leathnú i bpríomhréimsí leasa choitinn, amhail nascacht, éifeachtúlacht fuinnimh, an geilleagar glas agus digitiú; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an meabhrán tuisceana idir Poblacht na Casacstáine agus AE maidir le comhpháirtíocht straitéiseach i ndáil le hamhábhair inbhuanaithe, ceallraí agus slabhraí luacha hidrigine in-athnuaite; á iarraidh ar údaráis na Casacstáine leanúint d’athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha a chur chun feidhme, lenar cheart an daonlathas, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú; á chur i bhfios go láidir nach mór a áirithiú le cur chun feidhme na físe maidir leis an gCasacstáin Chóir agus Chothrom go n-urramófar cearta an duine agus saoirsí cainte, comhlachais agus comhthionóil, agus go bhfeabhsófar an creat toghcháin i gcomhréir leis na moltaí ó Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine; á iarraidh ar údaráis na Casacstáine an t-imscrúdú ar imeachtaí mhí Eanáir 2022 a thabhairt chun críche, a dtorthaí a fhoilsiú agus ceartas a áirithiú d’íospartaigh na céastóireachta; ag cur sonrú sna tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le malartuithe méadaithe daoine le daoine leis an gCasacstáin trí chomhaontú um éascú víosaí, ar cuireadh tús leis na comhairliúcháin ina leith i mí na Bealtaine 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, le síniú CCCF agus le cur chun feidhme leanúnach GSP+ atá ar na bacáin, gur cuireadh tuilleadh béime ar an ngá atá ann a áirithiú go n-urramófar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha sa Chirgeastáin i gcomhréir lena gealltanais idirnáisiúnta; ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil caighdeáin dhaonlathacha agus cearta an duine ag dul in olcas le blianta beaga anuas, ós rud é gur measadh an Chirgeastáin a bheith ar an tír is daonlathaí sa réigiún ina bhfuil sochaí shibhialta bhríomhar agus na meáin shaora; á chur in iúl gur cúis bhuartha di géarleanúint an fhreasúra pholaitiúil, i measc ionadaithe eile ó Pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta, agus tionchar diúltach na dtionscnamh reachtach lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí na meán neamhspleách agus na sochaí sibhialta, go háirithe an dlí maidir le ‘faisnéis bhréagach’ agus dréachtdlíthe maidir le ‘hionadaithe eachtracha’, ‘na mórmheáin chumarsáide’ agus ‘páistí a chosaint ar fhaisnéis dhíobhálach’, agus an méadú atá ag teacht ar líon na gcásanna i gcoinne chosantóirí chearta an duine, oibrithe na meán agus iriseoirí chomh maith le heagraíochtaí meán; á iarraidh ar AE leanúint de thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire gur deis é tús na caibidlíochta maidir le comhaontú CCCF leis an Táidsíceastáin chun raon feidhme an chomhair dhéthaobhaigh agus na malartuithe déthaobhacha a leathnú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dlúthchomhar leanúnach maidir le saincheisteanna slándála ós rud é go bhfuil an Afganastáin fós ina foinse éagobhsaíochta agus imní slándála mar gheall ar riail chrua an Talaban agus ar ghéarchéimeanna daonnúla leanúnacha sa tír; á athdhearbhú nár cheart an comhrac dlisteanach i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh a úsáid mar leithscéal chun gníomhaíocht freasúra a chur faoi chois, chun bac a chur ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh nó chun bac a chur ar neamhspleáchas na mbreithiúna; á chur in iúl gur geal léi gur spéis leis an Táidsíceastáin dul isteach in GSP+, rud a d’fhéadfadh tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus borradh a chur faoin trádáil, agus a éilíonn cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cearta saothair; á iarraidh ar an Táidsíceastáin feabhas a chur ar chosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus deireadh a chur le himeagla agus géarleanúint a dhéanamh ar oibrithe na meán, ar chosantóirí chearta an duine, ar dhlíodóirí neamhspleácha agus ar an tsochaí shibhialta chomh maith leis an gcos ar bolg atá á dhéanamh ar an mionlach Pamiri i Réigiún Féinrialaithe Gorno-Badakhshan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb í an Tuircméanastáin an t-aon stát de chuid na hÁise Láir nach bhfuil CCC aige le AE, rud a chuireann teorainn le raon feidhme na rannpháirtíochta déthaobhaí; á chur i bhfáth gur gá don Tuircméanastáin feabhas a chur ar a dhrochtheist maidir leis an daonlathas agus cearta an duine chun go bhféadfaidh an Pharlaimint athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh agus CCC a dhaingniú; ag tathant ar Rialtas na Tuircméanastáine caidreamh gnéasach comhthoiliúil idir fir a dhíchoiriúlú; á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh sé chun leas na Tuircméanastáine oscailt suas ionas nach mbeidh an réigiún asluiteach sa réigiún agus roghanna teoranta comhair aici; ag aithint acmhainneacht an chomhair a théann chun tairbhe an dá thaobh i réimsí amhail fuinneamh, nascacht agus trádáil, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di gur léirigh an Tuircméanastáin spéis i soláthar gáis don Eoraip trí phíblíne gáis Thras-Chaispeach a thógáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur sonrú sna hathchóirithe a fógraíodh san Úisbéiceastáin arb é is aidhm leo fíorathrú a bhaint amach sa tír ó thaobh forbairt shocheacnamaíoch, riarachán éifeachtúil, córas breithiúnach níos neamhspleáiche agus urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha de; á chur i bhfáth gur deis é an t-athchóiriú bunreachtúil chun an smacht reachta a neartú agus chun bunús láidir dlí a thabhairt do na hathchóirithe; á athdhearbhú, mar sin féin, gur cúis mhór imní di drochtheist na hÚisbéiceastáine maidir leis an daonlathas, saoirse na meán, cearta an duine agus an smacht reachta, lena n-áirítear an chniogbheartaíocht bhrúidiúil ar agóid na Cara-Chalpacstáine, srianta ar shaoirse comhlachais d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do pháirtithe polaitiúla araon, agus géarleanúint ar iriseoirí agus bagairtí ina gcoinne, blagálaithe neamhspleácha, táirgeoirí ábhair agus cosantóirí chearta an duine; á mheabhrú do na húdaráis a thábhachtaí atá sé seasamh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar líne agus as líne araon, le saoirse comhthionóil, le saoirse comhlachais agus le neamhspleáchas na meán; á chur in iúl gur geal léi roinnt feabhsuithe suntasacha ar chearta na mban san Úisbéiceastáin; ag tathant ar Rialtas na hÚisbéiceastáine an caidreamh gnéasach comhthoiliúil idir fir a dhíchoiriúlú; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an chaibidlíocht maidir le CCCF idir AE agus an Úisbéiceastáin chun críche agus á iarraidh an athuair go dtabharfaí chun críche go pras na nósanna imeachta dlíthiúla agus teicniúla is gá chun CCCF a shíniú; á chur in iúl gur geal léi an ról ceannasach atá ag an Úisbéiceastáin maidir le comhar réigiúnach a chur chun cinn i réimsí éagsúla, lena n-áirítear nascacht agus úsáid acmhainní uisce;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus chuig Uachtaráin, Rialtais agus Parlaimintí na Casacstáine, na Cirgeastáine, na Táidsíceastáine, na Tuircméanastáine agus na hÚisbéiceastáine.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>