<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0028</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Impleachtaí slándála agus cosanta thionchar na Síne ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0401/2023 -  Rapóirtéir: Klemen Grošelj)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar impleachtaí slándála agus cosanta thionchar na Síne ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach (2023/2072(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Caibidil a Dó, Roinn a Dó de maidir le forálacha i dtaca leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘<STRING ITALIC="on">Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’</STRING> [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint — Ar mhaithe le hAontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeannairí Stáit nó Rialtais an 11 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Meitheamh 2023 maidir le straitéis Eorpach um an tslándáil eacnamaíoch’ (JOIN(2023)0020),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 23.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 164.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 80.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022, le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2022)0454),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh Eorpach um Shliseanna)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 229, 18.9.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú (an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla) sa TA glacadh leis an leagan neamhchríochnaithe<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2675 an 22 Samhain 2023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear cosaint an Aontais agus á Bhallstáit ar chomhéigean eacnamaíoch ag tríú tíortha<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh Rialachán maidir le cosaint an Aontais agus a Bhallstáit ar chomhéigean eacnamaíoch ag tríú tíortha (COM(2021)0775) (IO L, 2023/2675, 7.12.2023).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis nua idir AE agus an tSín (2021/2037(INI))<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>, arb é is aidhm di <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> ‘bosca uirlisí trádála’ AE a neartú chun cuidiú leis an éagothroime atá ann faoi láthair sa chaidreamh déthaobhach eacnamaíoch agus trádála idir an tSín agus AE a mhaolú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0219.</FIELD></FOOTNOTE> agus an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar gach próiseas daonlathach san Aontas, lena n-áirítear bréagaisnéis<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0219.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Global Gateway’</STRING> [An Tairseach Domhanda] (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla do shlándáil eacnamaíoch AE chun tuilleadh measúnaithe riosca a dhéanamh leis na Ballstáit (C(2023)6689),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 20, 20.1.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ráiteas ó Chruinniú Mullaigh Vilnias, a d’eisigh Cinn Stáit agus Rialtais ECAT a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh i Vilnias an 11 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Mheasúnachta Deiridh ó Thascfhórsa ECAT-AE an 29 Meitheamh 2023 maidir le hAthléimneacht Bonneagair Chriticiúil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Comhpháirteach an 10 Eanáir 2023 maidir leis an gcomhar idir AE agus ECAT,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Communiqué Cheannairí G7 Hiroshima an 20 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Slándála Muirí AE (SSMAE) Athbhreithnithe agus dá Plean Gníomhaíochta an 24 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0401/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go ndírítear sa teachtaireacht chomhpháirteach a rinneadh le déanaí maidir le straitéis Eorpach um an tslándáil eacnamaíoch ar na rioscaí a eascraíonn as sreafaí eacnamaíocha áirithe agus ar spleáchas AE ar réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha amhail Daon-Phoblacht na Síne i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil agus athruithe teicneolaíochta brostaithe a íoslaghdú agus a bhainistiú, agus prionsabail an mhargaidh shaoir á gcosaint ar shaobhadh ag na réimis sin agus, ar an gcaoi sin, an oscailteacht eacnamaíoch agus an dinimiceas is mó is féidir a chaomhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha suntasacha a bheith ag cur isteach ar bhonneagar criticiúil maidir le feidhmeanna ríthábhachtacha rialtais, seirbhísí bunriachtanacha don phobal, gníomhaíocht eacnamaíoch chomh maith le slándáil agus cosaint AE; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún ar an airdeall maidir le hinfheistíochtaí airgeadais a dhéanann tíortha iasachta in oibriú eintiteas criticiúil laistigh den Aontas agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis na hinfheistíochtaí sin ar an gcumas suaití suntasacha a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2557 an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).</FIELD></FOOTNOTE> agus Treoir NIS 2<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2555 an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).</FIELD></FOOTNOTE> creat dlíthiúil cuimsitheach ar fáil chun athléimneacht fhisiciúil agus dhigiteach an bhonneagair chriticiúil a neartú, lena n-áirítear an athléimneacht sin a bhaineann le fuinneamh, iompar, sláinte, bonneagar digiteach, uisce agus bia;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ó eisíodh moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022, go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe déanta cheana féin chun freagairt choiteann ón Aontas ar theagmhais a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhordú le ECAT a neartú trí Thascfhórsa AE-ECAT maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil atá leabaithe in Idirphlé Struchtúrtha AE-ECAT maidir le hAthléimneacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go láimhseálann calafoirt Eorpacha ina bhfuil bunanna ag cuideachtaí Síneacha atá faoi úinéireacht stáit níos mó ná 10 % d’acmhainneacht iomlán coimeádán loingseoireachta na hEorpa; de bhrí go bhfuil sócmhainní ag na trí scairshealbhóir Síneacha is mó i gcalafoirt Eorpacha i mbeagnach leath na gcalafort (14 as 29) atá suite gar do bhunáiteanna cabhlaigh nó a chuireann tacaíocht lóistíochta ar fáil d’fhórsaí ECAT, rud a mhéadaíonn go mór an baol spiaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur nochtadh leochaileachtaí AE leis na beartais chomhéigneacha agus le treallús méadaitheach Dhaon-Phoblacht na Síne (PRC), lena n-áirítear a seasamh ionsaitheach i leith na Téaváine agus an staid ionsaitheach a glacadh i Muir na Síne Theas, chomh maith le hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha phaindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus gur athdhearbhaíodh an gá atá lena chaidreamh i leith Dhaon-Phoblacht na Síne agus tríú tíortha neamhdhaonlathacha eile a ‘dhí-rioscú’;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé léirithe ag rialtas na Síne go bhfuil sé toilteanach arm a dhéanamh as an smacht ollmhór atá aige ar sholáthairtí tearc-chré domhanda chun críoch polaitiúil agus lamháltais agus buntáistí eacnamaíocha éagóracha a fháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSín ag cur srian ar chuideachtaí neamh-Shíneacha páirt a ghlacadh i dtionscadail bhonneagair mar gheall ar na rioscaí slándála agus go bhfuil reachtaíocht á cur ar aghaidh aici maidir le bonneagar criticiúil, amhail na Rialacháin maidir le Cosaint Slándála Bonneagair Faisnéise Criticiúla; de bhrí go bhfuil baint ag an tSín le bonneagar atá maoinithe ag AE a thógáil i mBallstáit éagsúla AE; de bhrí, de bhun gealltanais idirnáisiúnta, gur féidir le AE agus na Ballstáit bearta sriantacha a ghlacadh a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche (IDC) ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, faoi réir ceanglais áirithe; de bhrí, in 2021-22, go raibh an tSín páirteach in imshuí eacnamaíoch i gcoinne na Liotuáine mar fhreagairt ar chinneadh na Liotuáine tarraingt siar as Tionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair agus Oifig Ionadaíochta na Téaváine a oscailt sa Liotuáin, rud a d’fhág gur iarr an Coimisiún painéal a bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht shrianta trádála na Síne i gcoinne onnmhairí na Liotuáine agus onnmhairí AE ina bhfuil ábhar na Liotuáine, agus de bhrí go léiríonn sé sin tiomantas na Síne maidir le díriú ar thíortha sonracha san Aontas, ní hamháin trí chomhéigean eacnamaíoch díreach, ach freisin trí bhagairt na smachtbhannaí tánaisteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go leanann leathadh údarásaíochas digiteach agus ollfhaireachas na Síne de bheith ag géarú laistigh den tSín agus níos faide i gcéin, lena ndírítear ar institiúidí agus sochaithe daonlathacha, agus go bhfuil an baol ann go mbunófar ord idirnáisiúnta nua a chuirfeadh an tsaoirse agus an daonlathas i mbaol ar fud an domhain; de bhrí go ndéanann líon mór mac léinn ón tSín staidéar in ollscoileanna na mBallstát, go háirithe i réimse na dteicneolaíochtaí dé-úsáide, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hardriosca spiaireachta i gcásanna áirithe; de bhrí go bhfuil iar-phíolótaí trodaithe Eorpacha fostaithe ag arm na Síne agus go gcruthaíonn an earcaíocht sin baol tromchúiseach go n-aistreofaí faisnéis chriticiúil a chuireann leasanna straitéiseacha míleata na dtíortha lena mbaineann i mbaol; de bhrí go bhfuil uaillmhianta na Síne ag dul i méid i réimsí straitéiseacha amhail IS, néalríomhaireacht, leathsheoltóirí, nó crua-earraí; de bhrí go bhféadfaí na hionstraimí sin, go háirithe IS, a fhorbairt chun críocha míleata, lena ndéanfar an chéad réabhlóid eile i ngnóthaí míleata á stiúradh;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil riosca ilghnéitheach méadaitheach do shlándáil AE ag baint le héadáil bonneagair chriticiúil ag an tSín, go háirithe laistigh de AE agus ina chomharsanacht, lena n-áirítear na Balcáin Thiar agus an Afraic;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le reachtaíocht náisiúnta na Síne a bhaineann le slándáil, amhail Dlí Slándála Náisiúnta 2015 Dhaon-Phoblacht na Síne, ar shaoránaigh agus ar eagraíochtaí tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí slándála poiblí, slándála stáit nó míleata Dhaon-Phoblacht na Síne;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil an chomhpháirtíocht straitéiseach Sino-Rúiseach a cuireadh ar bhonn foirmiúil le Ráiteas Comhpháirteach an 4 Feabhra 2022 ‘maidir le ré nua a bheith i ndán sa chaidreamh idirnáisiúnta agus leis an bhforbairt inbhuanaithe dhomhanda’ ag fás i gcónaí, lena n-áirítear i réimsí na teicneolaíochta agus an tsaineolais mhíleata agus an aistrithe cumais, ar bagairt í atá ag dul i méid ar shlándáil na hEorpa;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Croílár na faidhbe: tuiscint ar straitéis cumaisc mhíleata-shibhialta na Síne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur clár faoi stiúir an stáit í straitéis cumaisc mhíleata-shibhialta na Síne (MCF) a bhfuil sé mar aidhm léi luamháin uile na cumhachta stáit agus tráchtála a ionstraimiú chun Páirtí Cumannach na Síne (CCP) agus an eite armtha atá aige, Arm Saortha Pobail na Síne (PLA) a neartú agus chun tacú leis, go háirithe trí theicneolaíochtaí ceannródaíocha an domhain a fháil agus a atreorú, agus é mar chuspóir leis an réimeas ollsmachtach a neartú agus ceannasacht mhíleata a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheas gur minic a chuireann córas polaitiúil agus geilleagar na Síne atá faoi thionchar páirtithe de cheangal ar chuideachtaí príobháideacha a leasanna tráchtála a ailíniú le Páirtí Cumannach na Síne, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí míleata, a chur faoi chois, a thionchar agus a chur isteach polaitiúil; á thabhairt dá haire go n-úsáidtear cealla de Pháirtí Cumannach na Síne laistigh de chuideachtaí príobháideacha go coitianta mar uirlisí chun rialú díreach an pháirtí a chur i bhfeidhm; á thabhairt chun suntais, mar thoradh air sin, go dtacaíonn gníomhaíochtaí idirnáisiúnta cuideachtaí Síneacha le spriocanna Pháirtí Cumannach na Síne a thionchar i dtríú tíortha a leathnú, lena ndéantar an bonn a bhaint d’iomaitheoirí geopholaitiúla agus tionchar na Síne a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chreidiúint nach mór MCF a thuiscint i gcomhthéacs geopholaitiúil, eacnamaíoch agus straitéiseach níos mó, agus na hidirnaisc atá aige le tionscnaimh eile á gcur san áireamh, amhail Tionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair, Bóthar Digiteach an tSíoda (lena n-áirítear Made in China 2025, China Standards 2035), an Tionscnamh Slándála Domhanda, an Straitéis Déchúrsaíochta) agus an méadú atá ag teacht ar theanntás agus ar ghothaí troda na Síne thar lear; á chreidiúint gurb é aidhm dheiridh atá le MCF sprioc straitéiseach fhadtéarmach an pháirtí-stáit a chur chun cinn chun, is é sin a bheith ar an bpríomhchumhacht dhomhanda ó thaobh tionchar polaitiúil, acmhainneachtaí eacnamaíocha, ceannas teicneolaíochta agus cumhacht míleata de, agus an bonn a bhaint ón ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne le blianta beaga anuas tosaíocht a bhaint amach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus go ndreasaítear le straitéis MCF Pháirtí Cumannach na Síne comhroinnt torthaí taighde agus forbartha idir tionscail chosanta atá dírithe ar an margadh agus tionscail chosanta na Síne; á chur i bhfáth go bhfuil rabhaidh leantacha tugtha ag gníomhaireachtaí faisnéise i gcoinne na rioscaí a bhaineann le spleáchas eacnamaíoch, spiaireacht agus sabaitéireacht mar gheall ar láithreacht eacnamaíoch eintiteas ó thíortha áirithe nach bhfuil san Aontas, go háirithe an tSín, i mbonneagar criticiúil agus in earnálacha straitéiseacha ar fud AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i ndáil leis sin, an brú polaitiúil a dearbhaíodh i bhformheas infheistíochtaí sonracha Síneacha i mbonneagar criticiúil, amhail sa chás ina ndearna rialtas na Gearmáine cinneadh inar aontaigh sé le fáil buin ag COSCO ag calafort Hamburg, rud a bhí contrártha le comhairle na n-institiúidí inniúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iarmhairtí straitéis Daon-Phoblacht na Síne maidir le straitéis cumaisc mhíleata-shibhialta na Síne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt rabhadh faoin riosca go mbeadh baint éigin ag cuideachtaí Síneacha le sócmhainní straitéiseacha an Aontais, go háirithe na cuideachtaí sin a bhfuil naisc dhíreacha nó indíreacha acu le córais pholaitiúla-mhíleata nó faisnéise na Síne; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur cúis bhuartha di go bhfuil an teicneolaíocht agus an saineolas teicneolaíochta a úsáidtear i ngníomhaíochtaí sibhialtacha, go háirithe sa réimse eacnamaíoch, fós á n-aistriú chuig míleata na Síne, rud a mhéadóidh cumas PLA an chéad ghlúin eile de theicneolaíocht mhíleata a fhorbairt, a fhéadfar a úsáid chun comhpháirtithe san Áise agus ar fud an domhain a chomhéigniú; ag tathant ar Bhallstáit AE maoirseacht rialála a mhéadú agus seiceálacha cúlra sonracha a thabhairt isteach ar dhaoine aonair agus ar eintitis dhlíthiúla a bhfuil naisc dhíreacha acu le rialtas na Síne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil 98 % d’éileamh AE ar thearc-chré á shásamh ag Daon-Phoblacht na Síne; ag cur béim ar an bhfíoras go dtáirgeann an tSín 70 % de cheallraí an domhain (ina bhfuil trí cinn de na cúig ollchuideachtaí monaraíochta ceallraí is fearr), gurb í is cúis le 60 % de tháirgeadh domhanda alúmanaim agus 75 % de tháirgeadh sileacain, chomh maith le 94 % de tháirgeadh domhanda gailliam agus thart ar 60 % de tháirgeadh gearmáiniam, agus gurb í an scagaire is mó de 60 % de phróiseáil litiam agus 70 % de phróiseáil chopair agus go dtáirgeann sí 84 % de nicil an domhain agus 85 % dá chóbalt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cuideachtaí mianadóireachta de chuid na Síne gníomhach sa tSeirbia (copar agus ór), i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (cóbalt), san Indinéis (nicil) agus sa tSile agus san Astráil (lithiam) agus go gcruthaíonn a garmhonaplacht ar tháirgeadh agus ar phróiseáil na dtráchtearraí criticiúla sin spleáchais ríthábhachtacha agus, dá bhrí sin, ní hamháin gur mórdhúshlán geopholaitiúil é do AE, ach go bhfuil riosca ollmhór ag baint léi freisin d’earnálacha cosanta na hEorpa agus do phríomhearnálacha tionsclaíocha eile chomh maith lena huathriail straitéiseach oscailte agus a straitéis slándála eacnamaíche Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an togra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus á iarraidh go ndéanfar a spriocanna a chur chun feidhme go pras chun athléimneacht shlabhra soláthair an Aontais a neartú; á mheabhrú go bhfuil amhábhair chriticiúla ríthábhachtach d’earnáil na slándála agus na cosanta agus chun go n-éireoidh le haistrithe digiteacha agus glasa an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar le geallsealbhóirí an tionscail, an cinneadh maidir le spleáchas ar an tSín a laghdú de réir a chéile a chur chun feidhme trí fhoinsí na n-amhábhar criticiúil agus na n-eilimintí tearc-chré a éagsúlú, comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhunú le tríú tíortha iontaofa d’fhonn soláthar slán agus iontaofa amhábhar criticiúil a áirithiú; ag tathant ar AE cabhrú leis na Ballstáit tionscadail a fhorbairt a mbeidh sé d’aidhm leo neamhspleáchas níos fearr ar tháirgeadh na Síne a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tacú go láidir le héagsúlú soláthróirí agus comhpháirtithe i dtionscnaimh bhonneagair chriticiúil chun an leochaileacht i leith tionchair sheachtracha a laghdú, lena n-áiritheofar go n-íoslaghdófar spleáchas ar aon fhoinse aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di go n-úsáidtear cáblaí faoin bhfarraige atá faoi úinéireacht phríobháideach arna soláthar ag cuideachtaí Síneacha, amhail HMN Technologies, eintiteas cibearfhaisnéise atá cleamhnaithe le PLA, chun tacú le cumarsáid taidhleoireachta agus mhíleata AE agus na mBallstát; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na córais cáblaí sonraí faoin bhfarraige, arna n-oibriú ag cuideachta Shíneach HMN Technologies, a nascann críocha Bhallstáit AE agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear bunáiteanna míleata na mBallstát agus ECAT, rud a chruthaíonn leochaileachtaí slándála maidir leis an gcibearshlándáil, faireachas faoi uisce, bailiúchán sonraí, agus bailiú faisnéise; I ndáil leis an méid sin, is cúis imní di freisin gur díoladh cuideachta Ollannach, arb í cnámh droma bhonneagar idirlín na hEastóine, le cuideachta Shíneach atá nasctha le PLA; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hiarracht chomhpháirteach i measc na mBallstát chun cásanna comhchosúla a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú gur gá meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar bhonneagar agus ar sheirbhísí slándála faisnéise institiúidí an Aontais, go háirithe maidir le cumarsáid rúnaicmithe idir na hinstitiúidí agus misin agus oibríochtaí thar lear; á mheabhrú gur cheart an slabhra soláthair iomlán a chur san áireamh chun a áirithiú nach bhfuil aon nasc díreach ná indíreach ag na cuideachtaí le Daon-Phoblacht na Síne; á iarraidh go mbeadh forálacha sonracha i nósanna imeachta soláthair institiúidí AE chun teorainn a chur leis an riosca cur isteach, lena n-áirítear éadáil, cothabháil nó grinnfhiosrúchán ag tríú páirtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag thabhairt rabhaidh go dtugann infheistíochtaí móra i gcalafoirt, in iarnróid agus in aerfoirt an deis do Bhéising faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí i bpríomhnóid lóistíochta a bhfuil gné bhunúsach straitéiseach ag baint leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurbh í an tSín an dara comhpháirtí ba mhó ag AE maidir le trádáil in earraí in 2022; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an caidreamh trádála agus infheistíochta atá ag éirí níos neamhchothroime idir AE agus an tSín, rud a léirítear freisin leis an easnamh trádála de EUR 396 bhilliún ag AE in 2022, easnamh nach bhfacthas roimhe, agus leis an spleáchas ar allmhairí agus infheistíochtaí na Síne i roinnt earnálacha criticiúla; ag cur sonrú i mbeartas trádála idirnáisiúnta neamhchothrom na Síne i gcomhthéacs a straitéise déchúrsaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún ábhair imní AE a chur in iúl don tSín maidir lena cleachtais trádála atá á mbainistiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Freagairtí a fhorbairt: an tsraith straitéisí a leathnú chun freagairt d’ábhair imní a bhaineann leis an tslándáil agus leis an gcosaint</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á áitiú gur príomhréimse de bhonneagar criticiúil AE é a ghréasán institiúidí taighde agus saoráidí taighde agus forbartha, a bhfuil ról tábhachtach acu i gcumas AE chun a ghealltanais maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach, in éineacht le príomhréimsí amhail cosaint spáis; á mheabhrú gur ann do na leochaileachtaí slándála atá nasctha le haistrithe éigeantacha teicneolaíochta, goid maoine intleachtúla agus sceitheadh eolais, in AE agus thar lear araon; á iarraidh go mbeidh forairdeall méadaithe ann agus na bagairtí sin á gcur san áireamh maidir le cumas AE chun nuálaíocht a dhéanamh agus fás a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil cuideachtaí na Síne ar thús cadhnaíochta cheana féin i bpríomhtheicneolaíochtaí a úsáidtear in earnálacha amhail bonneagar gan sreang 5G, ladrainn, ceallraí, diúracáin hipearsonacha, fuinneamh gréine agus gaoithe, chomh maith le criptea-airgeadra; á chur in iúl gur cúis imní di úsáidí na dteicneolaíochtaí sin agus na spleáchais a chruthaíonn siad; á thabhairt dá haire, ina leith sin, go bhfuil 100 % de Líonra Rochtana Raidió (RAN) 5G sa Chipir comhdhéanta de threalamh Síneach, agus 59 % i gcás na Gearmáine; á chur i bhfáth go bhfuil sé sin ag teacht salach ar threoirlínte ‘bosca uirlisí slándála 5G’ an Aontais chun rioscaí slándála i líonraí a mhaolú agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún úsáid trealaimh agus bogearraí ó mhonaróirí atá bunaithe i nDaon-Phoblacht na Síne a eisiamh i bpríomhfheidhmeanna líonra; á mheabhrú go raibh Huawei rannpháirteach in 11 thionscadal faoin gclár Fís Eorpach go dtí mí an Mheithimh 2023, agus ar an gcaoi sin go bhfuair sé EUR 3,89 milliún de chistiú iomlán; ag tathant, dá bhrí sin, ar AE agus ar institiúidí Eorpacha scagadh córasach a dhéanamh ar chuideachtaí Síneacha a bhaineann tairbhe dhíreach nó indíreach as cláir Eorpacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do AE agus, i gcás inar gá, deireadh a chur lena rannpháirtíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, caighdeáin bhreise slándála a mholadh do sholáthraithe Síneacha 5G agus líonra 6G na chéad ghlúine eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas go bhfuil aip TikTok, atá faoi úinéireacht ilchuideachta ByteDance na Síne, ag sárú an chreata Eorpaigh um phríobháideachas sonraí, rud a fhágann go bhféadfadh sé a bheith ina riosca agus ina foinse bréagaisnéise a fhaigheann tacaíocht ón tSín; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó institiúidí an Aontais agus ó roinnt Ballstát de chuid an Aontais úsáid aip TikTok ar ghléasanna corparáideacha a chur ar fionraí, chomh maith le gléasanna pearsanta atá cláraithe i seirbhísí gléasanna móibíleacha na n-institiúidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhfuil gá le machnamh práinneach ar conas neamhspleáchas straitéiseach oscailte AE a neartú agus a spleáchas ar thíortha amhail Daon-Phoblacht na Síne agus iomaitheoirí sistéamacha atá ina mbagairt slándála do AE a laghdú mar gheall ar an meath ar an timpeallacht slándála san Eoraip, ina comharsanacht, agus ar fud an domhain; á chur i bhfáth gur gá cosc a chur ar theicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn agus ar phríomhítimí dé-úsáide, go háirithe iad siúd atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint an Aontais, ó bheith á n-aistriú chuig cinn scríbe ar údar imní iad a shaothraíonn nó a chomhoibríonn i straitéisí MCF; á mheas gur céim chriticiúil é bunú córas leictreonach uile-Aontais um cheadúnú custaim agus onnmhairiúcháin i dtreo comhrialuithe éifeachtacha Eorpacha ar onnmhairí agus ag tathant ar na Ballstáit uile na córais sin a chur i bhfeidhm faoi dheireadh 2024; á iarraidh, thairis sin, ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit an comhar leis na comhpháirtithe trasatlantacha agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo a neartú maidir le bonneagar criticiúil a chosaint, agus an daonlathas a chosaint agus ár gcomhluachanna, ár slándáil agus ár rathúnas a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí go bhfuil bonneagar criticiúil na hEorpa, ó líonraí teileachumarsáide go saoráidí calafoirt, ag éirí níos leochailí ó thaobh tionchar seachtrach de; ag moladh, i ndáil leis sin, na gcéimeanna reachtacha a glacadh le déanaí chun athléimneacht eintiteas criticiúil san Aontas a fheabhsú; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, go bhfuil na tionscnaimh sin teoranta den chuid is mó do nósanna imeachta scagtha IDC, rud a fhágann bealaí eile ar oscailt do Pháirtí Cumannach na Síne rochtain a fháil ar shócmhainní criticiúla agus tionchar a imirt orthu, lena n-áirítear trí ghabháil scothaicme, aistrithe teicneolaíochta agus maoine intleachtúla, chomh maith le spleáchais an tslabhra soláthair agus an mhargaidh díolacháin; á thabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach go mbunófaí creat críochnúil measúnaithe riosca agus mapála chun sócmhainní bonneagair chriticiúil agus na soghabháltachtaí a bhaineann leo a shainaithint; á mheas gur gá rochtain na Síne agus tríú tíortha ar bhonneagar criticiúil san Aontas a mhapáil, a rianú agus a mheasúnú agus dul ar aghaidh go comhpháirteach le bearta maolaitheacha i gcás inar gá; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, le tacaíocht ó na Ballstáit, fardal uileghabhálach de shócmhainní criticiúla a thiomsú agus meastóireacht chórasach a dhéanamh ar a leochaileacht i leith tionchair sheachtracha; agus á iarraidh, dá bhrí sin, go leathnófaí na tionscnaimh reachtacha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh seo, anailís mhionsonraithe a roinnt leis an bParlaimint ar na rioscaí trádála atá nasctha le teicneolaíochtaí amhail leathsheoltóirí, ríomhaireacht chandamach, blocshlabhraí, spás, intleacht shaorga, bith-theicneolaíochtaí agus an gá le gníomhaíocht AE a d’fhéadfadh a bheith ann sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú go dtugtar aghaidh sa Rialachán maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/452 an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> ar rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí a eascraíonn as infheistíochtaí ó lasmuigh de AE; ag cur sonrú i mbreisluach na sásra um scagadh mar uirlis ábhartha lena dtugtar do AE agus do na Ballstáit forléargas straitéiseach agus feasacht staide na dtreochtaí, na spriocanna, na meán agus na modhanna arna n-úsáid ag gníomhaithe eachtracha chun a dtionchar eacnamaíoch agus polaitiúil a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí na hionstraimí reatha lena dtugtar aghaidh ar IDC agus ar fhóirdheontais eachtracha a leathnú chun nósanna imeachta scagtha ginearálaithe a áireamh do na geallsealbhóirí uile atá rannpháirteach i dtionscadail bhonneagair chriticiúil AE lena gcuimsítear gach modh rannpháirtíochta in iarrachtaí criticiúla bonneagair, lena n-áirítear fiontair chomhoibritheacha, comhpháirtíochtaí agus aistrithe teicneolaíochta; á chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil gnáthmheastóireachtaí ar thionscadail bhonneagair chriticiúil lena mbaineann geallsealbhóirí neamh-AE bunriachtanach agus á chreidiúint gur cheart grinnscrúdú ar struchtúir úinéireachta, spleáchais laistigh de shlabhraí soláthair, agus aistriú na teicneolaíochta a bhaineann leis na tionscadail sin a chuimsiú sa phróiseas sin; á mheas freisin gur gá caighdeáin díchill chuí a bhunú chun giaráil na Síne ar infheisteoirí i mbonneagar criticiúil AE a shainaithint, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart feidhm chomhionann a bheith ag an gcur chuige sin maidir le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chur i bhfáth gurb iad na Ballstáit atá freagrach ar deireadh as cosaint bonneagair, ach nár chuir siad treoirlínte reatha maidir le IDC; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, ina leith sin, nach bhfuil sásraí um scagadh ar infheistíocht eachtrach sa bhonneagar criticiúil i bhfeidhm nó in úsáid ag na Ballstáit uile; á iarraidh go práinneach ar na Ballstáit an reachtaíocht reatha a bhaineann le IDC agus maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a chur chun feidhme go comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, i ndáil leis sin, an easpa scagtha leormhaith ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach ar sholáthar poiblí a bhaineann le trealamh slándála, amhail cás an chonartha arna shíniú ag aerfort Strasbourg chun scanóirí slándála aerfoirt agus geataí arna soláthar ag fochuideachta Eorpach na cuideachta Síneach Nuctech, atá faoi pháirtúinéireacht ag rialtas na Síne agus atá faoi cheangal ag an mbeartas ‘Fronta Aontaithe’ a shuiteáil; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh aon teicneolaíochtaí den sórt sin bearnaí slándála ionsuite a ionchorprú nó rochtain a fháil orthu le linn a gcothabháil; ar an taobh eile, á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó rialtas na Rómáine deireadh a chur leis an gcaibidlíocht le China General Nuclear Power Corporation, CGNPC, maidir le tógáil imoibreoirí núicléacha 3 agus 4 ag Cernavoda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth, áfach, nach mór cothromaíocht straitéiseach a aimsiú idir oscailteacht mhargadh aonair AE agus a tharraingteacht d’infheistíochtaí, ar thaobh amháin, agus bonneagar criticiúil agus uathriail chriticiúil AE a chosaint ar an taobh eile, i bhfianaise leochaileachtaí slándála AE, go háirithe maidir le comhéigean eacnamaíoch nó bagairtí ar shláine bhonneagar criticiúil AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun tionchar a thuairimí maidir le scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh níos mó, chun saobhadh an mhargaidh aonair agus sodar go grinneall i measc na mBallstát a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhchuibhiú a mhéadú, lena n-áirítear trí shaineolas iomchuí a fhorbairt, agus an rialachán um scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche a chur chun feidhme go hiomlán; á chreidiúint go bhfuil deis agus gá ann chun an rialachán a neartú ina athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ag deireadh na bliana; á mholadh don Choimisiún togra uaillmhianach reachtach ar rialachán athbhreithnithe a chur i láthair, lena dtugtar aghaidh ar gach lúb ar lár a tháinig chun cinn le linn a chur chun feidhme, agus meastóireacht a dhéanamh go tapa ar an bhféidearthacht go mbeidh togra reachtach ann maidir le sásra um scagadh ar infheistíochtaí amach; á mholadh go gcuirfí aon sásra um scagadh ar infheistíocht amach atá beartaithe le measúnú tionchair lena n-áirítear comhairliúchán iomchuí le gnólachtaí chun aon iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hiomaíochas na hEorpa a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cur chuige nua ‘dí-rioscaithe’ sa straitéis slándála eacnamaíche na hEorpa an 20 Meitheamh 2023 atá beartaithe, a bhfuil sé mar aidhm léi na tairbhí a bhaineann le hoscailteacht eacnamaíoch AE a uasmhéadú agus uathriail straitéiseach oscailte AE a chosaint, a chur chun cinn agus a neartú, agus na rioscaí a eascraíonn as spleáchais eacnamaíocha agus an t-armáil a d'fhéadfadh a bheith ann leo a íoslaghdú ag an am céanna, lena n-áirítear infheistíochtaí agus comhar taighde i bpríomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bhfuil feidhmeanna míleata acu, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, i réimsí na ríomhaireachta candamaí, na n-ard-leathsheoltóirí agus na hintleachta saorga; ; á iarraidh go nglacfaí go pras na tograí ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún agus á iarraidh ar na Ballstáit creat rialála leathnaithe an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán chun eintitis a d’fhéadfadh rannchuidiú le MCF a eisiamh agus roghanna malartacha a aimsiú le haghaidh tionscadail arna maoiniú ag an tSín san Aontas trí chur chuige cuimsitheach a fhorbairt chun rioscaí do shlándáil eacnamaíoch na hEorpa a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú i gcoiteann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an togra ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún chun sceitheadh teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn a chosc trí liosta teicneolaíochtaí dé-úsáide a bhunú, bunaithe ar chritéir atá sainithe go cúng agus réamhbhreathnaitheach, amhail cineál cumasúcháin agus claochlaitheach féideartha na teicneolaíochta, an baol go mbeadh cumasc míleata-sibhialta ann, agus an baol go mbainfí mí-úsáid as an teicneolaíocht chun cearta an duine a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta cosanta ábhartha do na teicneolaíochtaí dé-úsáide sin a shainaithint agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, sásra mearfhreagartha a dhearadh chun dé-úsáid nó mí-úsáid bonneagar in AE faoi úinéireacht, rannpháirtíocht nó lamháltas na Síne a bhrath, a d'fhéadfaí a úsáid chun na cearta lamháltais a fhoirceannadh agus/nó an cumas sa réimse sin a chur ar fionraí sna cásanna úinéireachta agus rannpháirtíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Parlaiminte maidir leis an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>dé-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ag bonneagar straitéiseach a bhrath, ar bonneagar é lena soláthraítear tacaíocht lóistíochta agus faisnéise don tSín;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>urramú iomlán reachtaíocht trádála AE, go háirithe maidir le dícheall cuí, frith-chomhéigean agus earraí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thagann isteach i margadh AE;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Gníomh Eorpach um Shliseanna, lena méadófar cumas an Aontais leathsheoltóirí a tháirgeadh agus lena gcruthófar, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, léarscáil straitéiseach de bhearnaí cumais sa slabhra luacha leathsheoltóra san Aontas, rud a chuirfidh teorainn le spleáchas an Aontais ar thríú tíortha amhail an tSín; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh tograí chun slabhraí táirgthe agus soláthair an bhonneagair chriticiúil agus na n-ábhar criticiúil a dhaingniú laistigh den Aontas; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh bhreise a fhorbairt lena ndíreofar ar chomhordú agus comhar níos dlúithe a chumasú le comhpháirtithe agus comhghuaillithe atá ar aon intinn leo, agus faireachán agus forbairt bhreise a dhéanamh, i gcás inar féidir agus i gcomhréir le haidhm an Aontais tuilleadh spleáchas, acmhainneachtaí táirgthe domhanda agus slabhraí soláthair a laghdú i mbonneagar criticiúil agus in ábhair chriticiúla atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint an Aontais; ag tarraingt aird ar leith ar an Téaváin, a bhfuil ról suntasach aici sna slabhraí soláthair domhanda agus san ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; ag athdhearbhú a tacaíochta seanbhunaithe don Chomhaontú Déthaobhach Infheistíochta idir AE agus an Téaváin agus le haon socruithe a théann chun tairbhe don trádáil dhéthaobhach agus don infheistíocht dhéthaobhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach nua a mholadh chun na rioscaí slándála a thagann ó sholáthraithe córas cáblaí faoin bhfarraige a mhaolú, lena n-áirítear trí fhaireachán níos déine agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar struchtúir úinéireachta na soláthróirí sin, trí na hinfheistíochtaí a rinne siad roimhe seo i gcórais cháblaí faoin bhfarraige agus trí ghaireacht na gcóras cáblaí faoin bhfarraige do bhunáiteanna míleata Eorpacha agus comhghuaillithe; á chur i bhfáth gur gá cosc a chur ar sholáthraithe córas cáblaí, amhail cuideachtaí Síneacha, sonraí a chomhroinnt le seirbhísí faisnéise seachas chun an bonneagar a chosaint ar ionraí lasmuigh nó ar ionsaithe urchóideacha; á iarraidh, ina leith sin, go mbeadh tionscnaimh dírithe ar fhorbairt bhreise a dhéanamh ar chuideachtaí faoi úinéireacht Eorpach nó bunaithe san Eoraip i réimse na gcóras cáblaí faoin bhfarraige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór do fhreagairtí AE a bheith bunaithe ar thuiscint mhéadaithe ar an scéal ábhartha straitéiseach atá dírithe ar mheasúnuithe bagartha agus staidéir leochaileachta trasbheartais agus trasnáisiúnta maidir le bonneagar criticiúil; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh cur chuige díláraithe nó faillíoch, ina bhfuil easpa infheictheachta soiléire agus grinnscrúdaithe ar thionscadail a bhfuil tábhacht straitéiseach acu maidir le cosaint agus slándáil na hEorpa, dochar mór a dhéanamh do leasanna geopholaitiúla an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Roinn Beartais um Chaidreamh Seachtrach d’ Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, <STRING ITALIC="on">‘Security implications of China-owned critical infrastructure in the European Union’</STRING> [Impleachtaí slándála maidir le bonneagar criticiúil faoi úinéireacht na Síne san Aontas Eorpach], Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú go bhfuil leochaileachtaí atá nasctha le trasnaíocht eachtrach, sa spás faisnéise go sonrach, agus an t-idirghníomhú idir tionscadail FDI agus oibríochtaí ionramhála ar fhaisnéis arna ndéanamh ag gníomhaithe eachtracha urchóideacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nasc inmheánach/seachtrach: athléimneacht na gcomhpháirtithe is dlúithe atá ag an Aontas a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an dul i bhfód atá á dhéanamh ag Daon-Phoblacht na Síne ar mhargadh an Aontais agus ar a chomharsanacht i gcoitinne; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a áirithiú go ndéanfar na bearta a dhéantar chun athléimneacht AE a neartú i bhfianaise thionchar na Síne, lena n-áirítear dí-rioscú, éagsúlú agus laghdú ar spleáchais chriticiúla, a leathnú chuig na comhpháirtithe is dlúithe atá ag an Aontas, go háirithe na tíortha aontachais agus na tíortha sin atá mar chuid de bheartas comharsanachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil modhanna agus uirlisí dlíthiúla ag fórsaí cabhlaigh Dhaon-Phoblacht na Síne chun a áirithiú gur féidir longa sibhialtacha agus bonneagar sibhialtach na Síne a úsáid chun críocha míleata agus slándála; á mheas gur féidir leis an tSín a bonneagar sibhialtach tráchtála a úsáid chun tacú le láithreacht PLA i dtríú tíortha; ag tabhairt rabhadh go dtugann an cumasc míleata-sibhialta sin rochtain do PLA ar chalafoirt eachtracha, rud a chuireann ar a chumas tacaíocht lóistíochta a réamh-shuí chun imscaradh cabhlaigh a chothú i bhfad i gcéin amhail an tAigéan Indiach, an Mheánmhuir agus an tAigéan Atlantach; á chur i bhfios go láidir gurb iad na rioscaí is mó a bhaineann le spiaireacht nuair atá sócmhainní tráchtála sibhialtach na Síne lonnaithe i moil lóistíochta gar do bhunáiteanna cabhlaigh AE agus ECAT nó d’oibreoirí calafoirt a bhfuil comhaontuithe sínithe acu chun tacaíocht lóistíochta a chur ar fáil do chuideachtaí Eorpacha; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go práinneach ar an ngá atá le laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le spiaireacht agus sabaitéireacht i mbonneagar criticiúil, go háirithe iad siúd a bhfuil feidhm mhíleata acu, amhail calafoirt a úsáideann ECAT; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, nach mór do AE agus ECAT oibriú le chéile chun plean fadtéarmach a fhorbairt chun cur i gcoinne straitéis MCF na Síne san Eoraip agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go hiomlán an tuarascáil mheasúnaithe deiridh ó thascfhórsa AE-ECAT<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, EU-NATO Task Force on the resilience of critical infrastructure: Final assessment report [Tascfhórsa AE-ECAT maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil: Tuarascáil mheasúnachta deiridh, Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tairseacha don domhan iad calafoirt agus, dá réir sin, go bhfuil ról ríthábhachtach acu i ngeilleagar AE; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil eintitis atá faoi úinéireacht na Síne nó atá faoi rialú na Síne tar éis a mbunanna a mhéadú go straitéiseach i gcalafoirt Eorpacha agus i mbonneagar calafoirt na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún creat beartais straitéiseach AE a thíolacadh chun tionchar agus rialú oibríochtúil na Síne agus réimis eile a laghdú agus a theorannú; á mheabhrú freisin go léiríonn Daon-Phoblacht na Síne cumhacht thar lear trí líonra calafort tráchtála agus saoráidí dé-úsáide a úsáid lena gcuirtear tacaíocht lóistíochta agus faisnéise ar fáil do chabhlach na Síne; á thabhairt dá haire go raibh críochfoirt faoi úinéireacht nó á n-oibriú ag cuideachtaí Síneacha in 96 chalafort ar fud 53 thír in 2022; á thabhairt dá haire, thairis sin, i naoi gcalafort ar a laghad, a bhfuil dhá cheann acu san Eoraip, go ndearnadh deisiúcháin nó cothabháil shuntasach ar longa cogaidh Chabhlach Arm Saortha Pobail na Síne (PLAN) le haghaidh soithí agus trealaimh; á chur i bhfios go nochtar le cuairteanna cabhlaigh réimsí tionchair, limistéir oibríochtúla tosaíochta, cuspóirí bailiúcháin faisnéise agus tosaíochtaí comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>	ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige geopholaitiúil maidir le comhar domhanda i ndáil le bonneagar criticiúil chun go mbeidh AE in ann aghaidh a thabhairt go rathúil ar na dúshláin slándála nua; á thabhairt dá haire go ndearna fiontair de chuid na Síne atá faoi úinéireacht an stáit aon trian de bhonneagar uile na hAfraice a tógadh ó 2010 i leith, lena n-áirítear thart ar 50 % de líonraí 3G na hAfraice agus 70 % dá líonraí 4G, a mhaoiniú agus a thógáil; á chur i bhfios go láidir, le 20 bliain anuas, go bhfuil an tSín tar éis méadú USD 160 billiún a dhéanamh ar a gealltanais trádála, infheistíochta agus iasachta le Rialtais na hAfraice agus lena bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar beag na hoibleagáidí conarthacha, nó ar theimhneach na hoibleagáidí céanna a ghabhann leo, den chuid is mó maidir le hiompar, giniúint cumhachta, mianadóireacht agus teileachumarsáid; á thabhairt chun suntais go háirithe go bhfuil suas le 70 % de bhonneagar teicneolaíochta faisnéise na hAfraice tógtha ag cuideachta teileachumarsáide Síneach amháin, chomh maith leis an ról atá ag cuideachtaí Síneacha i maoiniú, tógáil, leathnú agus athchóiriú 14 líonra íogaire teileachumarsáide laistigh den rialtas san Afraic ar a laghad; á chur in iúl gur cúis imní di gur léir go bhfuil samhail na Síne tarraingteach do go leor tíortha nach féidir leo nó nach bhfuil toilteanach ceanglais AE chun rochtain a fháil ar leibhéil choibhéiseacha airgeadais, rud a leathnaíonn tionchar na Síne chun dochair do chomhpháirtíochtaí AE agus a spreagann rioscaí maidir le fiachas neamh-inbhuanaithe do na tíortha sin, rud a dhéanann dochar dá bhforbairt fhadtéarmach chun dochair dá bpobal áitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí, lena n-áirítear infheistíochtaí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, chun Pacáiste Infheistíochta na Tairsí Domhanda de EUR 150 billiún a chur chun feidhme, a comhaontaíodh ag an 6ú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an tAontas Afracach i mí Feabhra 2022; ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún tionscadail a chur chun feidhme go pras, go háirithe tionscadail treoraithe, faoin tionscnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cúis imní di go bhféadfaí straitéis Dhaon-Phoblacht na Síne chun ‘bonn comhair leis an ngeilleagar gorm’ a thógáil feadh chósta na hAfraice, lena n-áirítear trí shoithí iascaireachta agus saoráidí deisiúcháin soithí a thógáil, a úsáid freisin chun críoch míleata; á chur i bhfáth go bhfuil easpa sonraí agus trédhearcachta ginearálta ann maidir leis na comhaontuithe agus na ceadúnais sin le tíortha na hAfraice; ag leagan amach na n-iarmhairtí geopholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas, go háirithe i dtríú tíortha ina bhfuil an tAontas rannpháirteach;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>