<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0029</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Na himpleachtaí beartais don fhorbairt ar na domhain fhíorúla - saincheisteanna sibhialta, cuideachta, tráchtála agus dlí maoine intleachtúla</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0442/2023 -  Rapóirtéirí: Axel Voss, Ibán García Del Blanco)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar na himpleachtaí beartais don fhorbairt ar na domhain fhíorúla – saincheisteanna sibhialta, cuideachta, tráchtála agus dlí maoine intleachtúla (2023/2062(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4, Airteagal 16, Airteagal 26, Airteagal 81, Airteagal 114 agus Airteagal 118 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Bheirn 1886 chun Saothair Liteartha agus Ealaíonta a Chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha an Chláraithe Marcanna, arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979 agus arna thabhairt cothrom le dáta ina dhara heagrán déag (12-2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh um Chóipcheart na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) ó 1996 agus do Chonradh EDMI um Thaibhithe agus Fónagraim ó 1996,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 77, 27.3.1996, lch. 20.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (an Róimh II)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (an Róimh I)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí ríomhchlár<FOOTNOTE><FIELD> IO L 111, 5.5.2009, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 351, 20.12.2012, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na Bruiséile I),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 157, 15.6.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 327, 2.12.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 154, 16.6.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 303, 28.11.2018, lch. 59.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.</FIELD></FOOTNOTE> (‘an Treoir maidir le Cóipcheart’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 151, 7.6.2019, lch. 70.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid<FOOTNOTE><FIELD> IO L 172, 26.6.2019, lch. 56.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne<FOOTNOTE><FIELD> IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (COM(2021)0206),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (COM(2021)0281),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí) (COM(2022)0068),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha (COM(2022)0495),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga (An Treoir maidir le Dliteanas IS) (COM(2022)0496),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 152, 3.6.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 135, 23.5.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937<FOOTNOTE><FIELD> IO L 150, 9.6.2023, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cearta maoine Intleachtúla chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a fhorbairt(A9-0176/2020)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 129.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience’</STRING> [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais] (COM(2020)0760),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 205, 20.5.2022, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An EU initiative on Web 4.0 and virtual worlds: a head start in the next technological transition’</STRING> [Tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le Web 4.0 agus domhain fhíorúla: buntáiste i dtreo an chéad aistrithe teicneolaíochta eile],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Deacáid Dhigiteach do Leanaí agus don Óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+)’ (COM (2022)0212),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0442/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí nár glacadh go forleathan le domhain fhíorúla go fóill, cé go bhfuil feasacht ghinearálta ardaithe ag a n-imscaradh i roinnt cásanna úsáide in earnálacha éagsúla agus gur tharraing sé sin aird na n-údarás poiblí orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaimid de theicneolaíochtaí nua a chur chun cinn agus a fhorbairt, agus aitheantas á thabhairt dá n-acmhainneacht chlaochlaitheach i réimsí amhail oideachas, cultúr, cúram sláinte, cluichíocht agus go leor eile, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na teicneolaíochtaí nua sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndeir saineolaithe go bhféadfadh sé go dtógfadh sé fós 10 go 15 bliana ar an saol fíorúil a acmhainneacht iomlán a bhaint amach agus gur féidir lena bhforbairt tionchar suntasach a imirt ar an tírdhreach digiteach sna blianta atá le teacht, rud a chruthóidh idir dheiseanna agus rioscaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur bealach í an cheannasacht dhigiteach chun coincheap na ceannaireachta Eorpaí agus an neamhspleáchais straitéisigh a chur chun cinn agus go bhfuil sí ríthábhachtach chun cumas AE reachtaíocht a mhúnlú agus a fhorfheidhmiú sa timpeallacht dhigiteach a ráthú, chun domhain fhíorúla eiticiúla, inbhuanaithe agus duinelárnacha a áirithiú agus chun cearta agus luachanna bunúsacha AE a choimirciú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sainmhínithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil sainmhínithe comhdhlúite ag na coincheapa ‘meiteachruinne’ agus ‘domhan fíorúil’ faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra a áirítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún le haghaidh sainmhíniú lena ndírítear ar phríomhghnéithe na ndomhan fíorúil, mar seo a leanas: ‘is timpeallachtaí marthanacha tumthacha iad domhain fhíorúla, atá bunaithe ar theicneolaíochtaí lena n–áirítear 3T agus réaltacht leathnaithe (XR), rud a fhágann gur féidir an domhan fisiciúil agus an domhan digiteach a chumasc i bhfíor-am, ar mhaithe le cuspóirí éagsúla cosúil le dearadh, insamhaltaí a dhéanamh, comhoibriú, foghlaim, sóisialú, idirbhearta a chur i gcrích nó siamsaíocht a sholáthar.' á chur i bhfios go bhfuil go leor de na teicneolaíochtaí dá dtagraítear mar ‘domhain fhíorúla’ ann le blianta anuas; á chur i bhfios go láidir gur cheart straitéis Eorpach a bheidh ann amach anseo a bheith fréamhaithe sa taighde, san fhianaise eolaíoch agus san ábharthacht shochaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé caighdeánú agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn d’fhorbairt iomlán éiceachóras de dhomhain fhíorúla idirnasctha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eiticiúil agus dlíthiúil iomchuí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do na saolta fíorúla a bhfuil rochtain orthu san Aontas luachanna eiticiúla, prionsabail agus cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 303, 14.12.2007, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> agus reachtaíocht AE atá ann cheana a urramú, eadhon maidir le príobháideachas sonraí, caighdeáin slándála agus sábháilteachta, comhroinnt sonraí, modhnóireacht inneachair, an comhrac i gcoinne an chiaptha agus na fuathchainte, an chibearshlándáil, cearta oibrithe, cosaint tomhaltóirí agus leanaí, ceanglais inrochtaineachta, urraim do chearta maoine intleachtúla, fios gnó agus rúin trádála a chosaint, mí-úsáid agus calaois ar líne a chosc, agus maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú gur cheart domhain fhíorúla a fhorbairt agus a úsáid i gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta gur cheart an méid atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne, lena n-áiritheofar go n-urramófar go hiomlán cearta daoine, agus béim láidir á leagan ar leanaí, mar úsáideoirí, tomhaltóirí, oibrithe, infheisteoirí, sealbhóirí cirt agus cruthaitheoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios, go háirithe, go bhfuil feidhm cheana féin ag na píosaí reachtaíochta seo a leanas maidir le gnéithe éagsúla den dhomhain fhíorúla: an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha; an Gníomh um Margaí Digiteacha an Gníomh um Rialachas Sonraí; an Gníomh um Shonraí; an Gníomh IS atá beartaithe; an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> (GDPR); an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí; an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha; an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní; Céannacht Dhigiteach Eorpach; an Treoir maidir le Cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach an Rialachán maidir le Trádmharc AE; an Treoir maidir le Rúin Cheirde a Chosaint; an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé faireachán rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh agus forfheidhmiú éifeachtach na n-ionstraimí dlí is infheidhme atá i bhfeidhm a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte agus dea-chleachtais a fhorbairt, i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí, chomh maith leis an saol acadúil, lena soiléirítear oibleagáidí agus freagrachtaí dlíthiúla gach geallsealbhóra a bhfuil baint acu le domhain fhíorúla, amhail oibreoirí ardán, soláthraithe seirbhíse, forbróirí agus úsáideoirí, faoin dlí AE is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha rialta oiriúnachta ar na hionstraimí dlí is infheidhme atá i bhfeidhm, eadhon maidir le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha, ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).</FIELD></FOOTNOTE> agus ar an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).</FIELD></FOOTNOTE>, agus á chur i bhfáth gur cheart d’aon reachtaíocht a bheidh ann amach anseo maidir le domhain fhíorúla forluí nó neamhréireachtaí a sheachaint, agus bearnaí á líonadh i gcás inar gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur léir go bhfuil roinnt saincheisteanna rialála cheana féin i réimsí an dlí phríobháidigh idirnáisiúnta, an dlí shibhialta agus dlí na maoine intleachtúla, mar a shonraítear sna ranna thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur léiríodh i dtaighde a rinneadh le déanaí go bhfuil sonraí braiteoirí na réaltachta fíorúla chomh hinaitheanta go huathúil le scanadh méarloirg gur féidir iad a úsáid chun léargas domhain a fháil ar phearsantacht úsáideoirí agus tréithe éagsúla amhail aois, inscne, ioncam, bunadh eitneach stádas míchumais, staid intinne agus mothúcháin a thuiscint; á chreidiúint go n-ardaíonn sé sin ábhair shuntasacha eiticiúla agus dhlíthiúla, go háirithe i ndáil le fógraíocht iompraíochta spriocdhírithe, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfáth go bhfuil sé mar chuid d’aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní eiticiúla sin maidir le méideanna ollmhóra sonraí pearsanta a bhailiú, lena n-áirítear sonraí íogaire úsáideoirí amhail sonraí bithmhéadracha agus iompraíochta, freagairtí mothúchánacha agus faisnéis haptach, a ráthú go bhfuil úsáideoirí ar an eolas faoi na sonraí atá á mbailiú agus nach bhfaightear toiliú chun sonraí den sórt sin a bhailiú ach amháin tráth a thagann siad isteach sa domhan fíorúil, ach do gach cás úsáide i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach le RGCS<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, </STRING></STRING>amhail prionsabail na príobháideachta trí dhearadh agus teorannú de réir cuspóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcás nach gceanglaítear sainaithint an úsáideora le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, eadhon chun críocha dliteanais, agus go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go réasúnta, gur cheart do na domhain fhíorúla úsáid anaithnid seirbhísí a chumasú mar bhealach chun sciath chosanta a sholáthar don phríobháideachas agus chun nochtadh neamhúdaraithe sonraí, goid aitheantais agus cineálacha eile mí-úsáide sonraí a bhailítear ar líne a chosc go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuir an Coimisiún chun cinn ina theachtaireacht dírithe ar fheasacht a mhúscailt, scileanna digiteacha agus litearthacht dhigiteach a fheabhsú agus rochtain úsáideoirí ar phríomhtheicneolaíochtaí a mhéadú, eadhon trí rochtain ar bhonneagar idirlín ardluais agus trealamh leordhóthanach a éascú, go bhfuil siad ríthábhachtach chun deighiltí digiteacha a sheachaint agus gur cheart iad a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir chun sochaí dhigiteach atá cuimsitheach agus iomaíoch a chur chun cinn agus chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár san fhorbairt mhear theicneolaíoch sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dlí idirnáisiúnta príobháideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh prionsabail chríochacha thraidisiúnta áirithe maidir leis an dlí is infheidhme agus leis an dlínse a bheith neamhleor do dhomhain fhíorúla, a gcumasaítear a neamhchríochachas trí theicneolaíochtaí díláraithe amhail blocshlabhra a úsáid, agus go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann a mhéid a bhaineann le hinfheidhmeacht dhlí AE agus cosaint chearta tomhaltóirí agus gnólachtaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ar bhealach níos sonraí, ós rud é gur féidir le haon duine ar bith ar domhan rochtain a fháil ar dhomhain fhíorúla, go bhféadfadh sé nach mbeadh glacadh ag an ‘critéar mósáice’ arna bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, trína bhféadfaidh an duine díobhálaithe cúiteamh a lorg i gcúirteanna na dtíortha inar tharla ar a laghad cuid den díobháil; á mheabhrú, áfach, gur bhunaigh an Chúirt critéar breise lenar féidir le daoine díobhálaithe cúiteamh a éileamh trí chúirteanna na tíre ina bhfuil a bpríomhleas agus á dhearbhú go bhféadfaí códú an chritéir sin i Rialachán na Bruiséile I a mheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil an sainmhíniú ar ‘tomhaltóir’ i Rialachán na Bruiséile I bunaithe faoi láthair ar ghaol conarthach díreach, atá in easnamh, mar shampla, idir eisitheoir licín neamh-idirmhalartach (NFT) agus an ceannaitheoir nuair a chuirtear an NFT ar mhargadh tánaisteach; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, i gcás díospóid leis an eisitheoir, go mbainfí den cheannaitheoir deiridh an láimhseáil dhlínsiúil a dheonaítear do thomhaltóirí le Rialachán na Bruiséile I;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na cásanna sin agus cásanna eile a bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint leo a chur san áireamh agus measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá forálacha reatha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh is infheidhme in AE, agus leasuithe iomchuí á moladh, i gcás inar gá, chun a ráthú nach mbeidh ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí dul chun dlí go córasach i gcúirteanna eachtracha nó faoi dhlíthe eachtracha chun a gcearta a fhorfheidhmiú, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfar a gcearta faoi chreat rialála AE a ráthú go hiomlán, agus aird á tabhairt ar an riosca a bhaineann le siopadóireacht fóram, go háirithe i gcás cuideachtaí nach den Aontais iad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Dlí Sibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go meastar go dtiocfaidh méadú sna deich mbliana amach romhainn ar líon na n-idirbheart tráchtála agus ar a ábhartha atá siad ó thaobh eacnamaíochta de laistigh de dhomhain fhíorúla; á chur i bhfáth gur gá, sa chomhthéacs sin, a áirithiú gur féidir soláthraithe earraí agus seirbhísí fíorúla a shainaithint agus a chur faoi dhliteanas as aon díobháil a dhéanann a dtáirgí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios gur ardaíodh ábhair imní leis na teicnící fógraíochta a úsáidtear agus eastát réadach fíorúil, mar a thugtar air, á dhíol, amhail foirgneamh nó píosa talún i ndomhan fíorúil arna léiriú ag NFT, toisc go bhféadfadh úsáideoirí a chreidiúint go bhfuil cearta maoine á bhfáil acu, nuair nach bhfuil ceadúnas á fháil acu ach chun an ‘talamh’ fíorúil a úsáid; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme trédhearcach, soiléir, cothrom agus éasca le tuiscint, go háirithe ós rud é gur léiríodh gur minic nach léann úsáideoirí téarmaí agus coinníollacha mar gheall ar a nádúr dlúth agus teicniúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú gur cheart feidhm iomlán a bheith ag rialacha dliteanais maidir le saol fíorúil agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun aon chineál iompraíochta díobhálaí a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air agus chun an dlí a fhorfheidhmiú i gcomhréir le cearta bunúsacha sa saol fíorúil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar don cheart chun sásamh breithiúnach a lorg, do shásraí tuairiscithe agus réitigh díospóidí a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar gheall ar úsáid abhatáranna agus córas díláraithe, amhail iad siúd atá tógtha ar theicneolaíocht bhlocshlabhra, go bhféadfadh sé a bheith an-dúshlánach tortóirí a thabhairt chun cuntais; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach córais éifeachtacha bainistithe céannachta a chur chun feidhme chun gur féidir iad a shainaithint go cuí agus go tráthúil agus chun céannachtaí bréige a chomhrac, agus na sainiúlachtaí a bhaineann le rialachas eagraíochtaí uathrialacha díláraithe (DAOnna) agus le dliteanas comhchoiteann á gcur san áireamh freisin; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, rún an Choimisiúin staidéar a dhéanamh ar an mbreisluach a bhaineann le creat dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith ann do DAOnna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ag abhatáranna, agus mar sin nach mór aghaidh a thabhairt ar aon tsaincheist maidir lena n-inniúlacht dhlíthiúil, a gcearta, a n-oibleagáidí agus a ndliteanais agus tagairt á déanamh do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann iad; á mheas, de réir mar a thagann athrú ar dhomhain fhíorúla agus de réir mar a éiríonn siad níos casta, gur cheart aird a thabhairt ar a iomchuí atá sé stádas dlíthiúil sonrach a dheonú d’abhatáranna; á mheas gur cheart an t-abhatár nó an duine atá taobh thiar den abhatár a bheith inaitheanta agus gur cheart go mbeadh an prionsabal ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí gnó’ infheidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dlí na maoine intleachtúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil feidhm iomlán ag corpas dhlí AE maidir le domhain fhíorúla i ndáil le cearta maoine intleachtúla agus tionsclaíche a chosaint, lena n-áirítear cóipchearta, trádmharcanna, paitinní, dearaí agus rúin trádála; á chur i bhfáth, mar sin féin, go mbaineann dúshláin nua le forbairt na ndomhan fíorúil maidir le forfheidhmiú maoine intleachtúla, sainaithint sáraitheoirí agus saincheisteanna a bhaineann le rialacha easaontachta dlíthe maidir leis an dlí agus dlínse is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar oibreoirí ardán, soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí i ndomhain fhíorúla cearta eisiacha sealbhóirí cirt agus a gceart chun luach saothair cothrom a urramú; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le húdarú trí cheadúnú nó sannadh chun inneachar atá cosanta ag cearta maoine intleachtúla (CMI), lena n-áirítear i bhfoirm dhigiteach i meán leictreonach, amhail NFT, a úsáid, ach amháin má chumhdaítear é le haon eisceacht nó teorainn ar chosaint CMI (amhail cóip phríobháideach, oideachas, taighde, luachan, léirmheas, scigaithris nó paistís); á athdhearbhú a thábhachtaí atá soláthraithe, i ndáil leis sin, lena n-áirithítear trédhearcacht maidir le raon feidhme na gceadúnas, lena n-áirítear ceadúnais chríochacha, chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí in ann a chinneadh cad iad na húsáidí a bhaintear as inneachar atá faoi chosaint CMI i ndomhain fhíorúla a chumhdaítear leis na ceadúnais atá acu agus go mbeidh cruthaitheoirí agus sealbhóirí cirt in ann tuairisciú cruinn agus cuí a fháil maidir le húsáid iarbhír na n-oibreacha cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú a tugadh isteach leis an dara heagrán déag de ‘Aicmiú Nice’, lena gceadaítear trádmharcanna a chlárú in aicmithe lena gcumhdaítear a n-úsáid i ndomhain fhíorúla; á iarraidh go ndéanfaí dlúthobair leantach ar chur i bhfeidhm nithiúil an aicmithe sin; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di úsáid NFTanna a thagraíonn do thrádmharcanna gan údarú a n-úinéirí agus á iarraidh go gcuirfí bearta éifeachtacha chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin agus cásanna eile sáraithe; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún chun bosca uirlisí a fhorbairt chun góchumadh a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag aithint infheidhmeacht na rialacha dliteanais mar a leagtar síos sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an chórais speisialta a bhunaítear in Airteagal 17 den Treoir maidir le Cóipcheart chun uaslódáil ábhair ó úsáideoirí a chumhdach; á chreidiúint, áfach, go bhfuil gá le soiléiriú breise maidir leis an gcaoi ar cheart feidhm a bheith ag na rialacha atá ann cheana maidir le seirbhísí comhroinnte inneachair ar líne lena gcuirtear inneachar ar fáil i saol fíorúil agus maidir leis an gcaoi ar cheart iad a fhorfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth nach ndeonaíonn NFTanna aon CMI ann féin ar an tsócmhainn dhigiteach agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le soiléireacht agus trédhearcacht bhreise chun calaois agus mearbhall rialta idir an ceart chun an cheadchomhartha féin agus an ceart chun an ábhair fholuitigh faoi chosaint a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-éascaíonn NFTanna agus tairiscintí eile atá bunaithe ar bhlocshlabhra athdhíol leanúnach sócmhainní bunaithe ar shaothair atá faoi chosaint cóipchirt trí idirbhearta ar líne agus á chreidiúint gur gá luach saothair iomchuí agus comhréireach d’údair gach athdhíola ar na sócmhainní sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú, faoi na rialacha atá ann faoi láthair, go bhféadfadh sé nach mbeadh na haschuir a ghintear go huathrialach le córais IS incháilithe do chosaint cóipchirt, ós rud é go bhfuil prionsabal na úrnuachta nasctha le duine nádúrtha agus ós rud é gurb í pearsantacht an údair atá i gceist leis an gcoincheap ‘cruthú intleachtúil’; á mheabhrú, thairis sin, an difríocht idir saothair arna gcruthú ag an duine daonna le cúnamh IS agus saothair arna nginiúint go neamhspleách ag IS; á mheabhrú, cé go bhfuil an creat um maoin intleachtúil atá ann faoi láthair infheidhme i gcónaí maidir le cruthúcháin a fhaigheann cabhair ó IS, go gcruthaíonn aschuir arna nginiúint go neamhspleách ag IS dúshláin rialála nua maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, amhail ceisteanna faoi úinéireacht, údarthacht agus airgeánacht, chomh maith le luach saothair iomchuí agus saincheisteanna a bhaineann le comhchruinniú margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil don Choimisiún páirt a ghlacadh i bpléite le geallsealbhóirí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as aireagáin agus cruthúcháin a fhaigheann cúnamh ó IS; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar raon feidhme an idirphlé sin a leathnú chun saincheisteanna a bhaineann le IS a chumhdach den chuid is mó, lena n-áirítear IS giniúnach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Inrochtaineacht agus litearthacht dhigiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh domhain fhíorúla deiseanna a chur ar fáil chun seirbhísí poiblí leasa ghinearálta a sholáthar, chun leas níos leithne na saoránach; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór cuimsiú agus inrochtaineacht na n-úsáideoirí uile in AE a áirithiú ó thaobh costas agus úsáid crua-earraí agus tuiscint ar bhogearraí araon; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hinrochtaineacht a mhéid a bhaineann lena áirithiú go bhfaighidh grúpaí leochaileacha daonra amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta na scileanna digiteacha riachtanacha chun páirt a ghlacadh i ndomhain fhíorúla agus gur cheart gnéithe amhail suíomh geografach, inscne, leibhéal gnóthachtála oideachais agus cúlra socheacnamaíoch a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, go bhfuil litearthacht dhigiteach ríthábhachtach chun a áirithiú go nglacfar agus go n-úsáidfear domhain fhíorúla go sábháilte, chun tairbhe don tsochaí, ar bhealach eolasach agus freagrach, chun andúil úsáideoirí, claontacht agus cleachtais idirdhealaitheacha a sheachaint, chun dul i ngleic le bréagaisnéis, ionramháil agus mí-úsáid sa timpeallacht fhíorúil agus chun rialú daonlathach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá bearta éifeachtacha oideachais a chur i bhfeidhm chun litearthacht leathan a áirithiú i ndáil leis an domhan fíorúil i measc na saoránach agus chun gairmithe a uas-sciliú i réimsí éagsúla, eadhon múinteoirí, agus forbairt tallainne na hEorpa agus teicneolaíochtaí Eorpacha a spreagadh agus a chur chun cinn, agus níos mó daoine a mhealladh, lena n-áirítear níos mó ban, isteach san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí forbairt bhreise ar ‘bosca uirlisí na ndomhan fíorúil’ atá beartaithe don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún, i gcomhréir le moltaí an Phainéil Saoránach chun cabhrú le saoránaigh tuiscint níos fearr a fháil ar conas a bhféiniúlachtaí fíorúla, a saothair fhíorúla, a sócmhainní fíorúla agus a sonraí a bhainistiú, agus chun rannchuidiú le straitéis chuimsitheach AE do dhomhain fhíorúla atá inbhuanaithe agus atá dírithe ar an duine araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, mar a thug an Coimisiún dá aire, an rannchuidiú dearfach a rinne pobal foinse oscailte an Aontais maidir le príomhghnéithe an domhain fhíorúil a fhorbairt, amhail i ndáil le teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus teicneolaíochtaí eile is gá chun barántúlacht, bainistiú agus slándáil réad fíorúil agus céannachtaí fíorúla a úsáid;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>