<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0033</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An caidreamh idir an tAontas agus an India</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0435/2023 -  Rapóirtéir: Alviina Alametsä)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an India (2023/2128(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir AE agus an India arna bhunú in 2004,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón 15ú cruinniú mullaigh idir AE agus an India an 15 Iúil 2020, don doiciméad dar teideal ‘Comhpháirtíocht Straitéiseach idir AE agus an India: Treochlár go dtí 2025’ a glacadh ag an gcruinniú mullaigh agus leis na ráitis chomhpháirteacha eile a shínigh an tAontas agus an India le déanaí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia i dtaca le comhpháirtíocht agus forbairt 1994<FOOTNOTE><FIELD> IO L 223, 27.8.1994, lch. 24.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Elements for an EU strategy on India’</STRING> [Gnéithe le haghaidh straitéis AE maidir leis an India] (JOIN(2018)0028) agus do na conclúidí gaolmhara ón gComhairle i dtaca le Straitéis AE maidir leis an India an 10 Nollaig 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU strategy for cooperation in the Indo-Pacific’</STRING> [Straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach] (JOIN(2021)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an nuashonrú ar Straitéis Mhuirshlándála an Aontais agus ar an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi ‘Straitéis fheabhsaithe Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh le haghaidh bagairtí muirí atá ag síorathrú’ an 10 Márta 2023 (JOIN(2023)0008),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ‘Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh - Fís Chomhroinnte, Comhghníomhaíocht: Eoraip níos láidre’, Meitheamh 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise mar gheall ar an Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 maidir le tosaíochtaí AE i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte téamacha AE maidir le cearta an duine, lena n-áirítear iad siúd maidir le cosantóirí chearta an duine, idirphlé ar chearta an duine agus saoirse reiligiúin nó creidimh a chosaint agus a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhfogha i gcoinne na hÚcráine a glacadh an 2 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus do Chomhaontú Pháras,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe 2022 ar an India,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 21 Eanáir 2021 uaithi maidir le nascacht agus an caidreamh idir AE agus an Áise<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 117.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 maidir le comhar trádála agus infheistíochta idir AE agus an India amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 23.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le AE agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 32.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE leis an India<FOOTNOTE><FIELD> IO C 337, 20.9.2018, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir leis an India, an staid in Manipur<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0289.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 29 Aibreán 2021 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an India<FOOTNOTE><FIELD> IO C 506, 15.12.2021, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phreasráiteas na Toscaireachta chun na hIndia agus na Bútáine maidir leis an 10ú babhta den Idirphlé maidir le Cearta an Duine idir AE agus an India a tionóladh an 15 Iúil 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ó Chruinniú Mullaigh G20 a tionóladh i nDeilí Nua an 9 agus an 10 Meán Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an India a thionólfar i nDeilí Nua,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0435/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ar intinn ag AE agus an India teacht le chéile ag cruinniú na gceannairí i nDeilí Nua go luath in 2024, i bpáirt chun gealltanais an dá thaobh dá gcomhpháirtíocht straitéiseach a athdhearbhú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Threochlár 2025 idir AE agus an India;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé beartaithe go dtionólfaidh an India toghcháin pharlaiminteacha i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024 agus go dtionólfaidh Parlaimint na hEorpa a toghcháin i mí an Mheithimh 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearna AE agus an India comóradh 60 bliain ar a gcomhpháirtíocht dhéthaobhach in 2022; de bhrí go bhfuil dlús tagtha leis an gcomhpháirtíocht sin le blianta beaga anuas, lena léirítear na naisc láidre pholaitiúla, eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus toil pholaitiúil athnuaite chun a gcomhpháirtíocht a neartú i roinnt earnálacha agus réimsí beartais; de bhrí nach bhfuil a hacmhainneacht iomlán bainte amach ag an gcomhpháirtíocht sin go fóill, áfach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an caidreamh déthaobhach idir Ballstáit AE agus an India maidir le saincheisteanna amhail nascacht agus aeráid leis an gcomhpháirtíocht idir AE agus an India; de bhrí gur neartaigh dúshláin gheopholaitiúla leas comhroinnte AE agus na hIndia maidir le slándáil, rathúnas agus forbairt inbhuanaithe a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil údar ar leith le comhar déthaobhach agus iltaobhach leis an India i gcomhthéacs reatha na polaghéarchéime, lena n-áirítear dúshláin gheopholaitiúla, cúlú daonlathach ar fud an domhain, géarchéim aeráide atá ag dul i méid, neamhionannais mhéadaithe agus iomaíocht mhór chumhachta atá ag dul i méid; de bhrí go bhfuil AE ag lorg comhpháirtíocht atá bunaithe ar mhachaire réidh leis an India toisc go bhfuil sé d’acmhainn ag an gcomhpháirtíocht sin a slabhraí soláthair a éagsúlú agus rannchuidiú go dearfach le rathúnas agus cobhsaíocht dhomhanda agus réigiúnach agus le fís chomhroinnte d’iltaobhachas éifeachtach agus d’ord iltaobhach riailbhunaithe a chaomhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil tábhacht agus ábharthacht réigiúnach agus dhomhanda na hIndia ag dul i méid mar gur sháraigh sí an tSín mar an tír is mó daonra in 2023 agus ós rud é go bhfuil sí ag seasamh í féin mar chumhacht réigiúnach eacnamaíoch agus mhíleata agus go bhfuil comhpháirtíochtaí á neartú aici chomh maith le naisc eacnamaíocha agus chosanta a threisiú go háirithe ar fud na hÁise Thoir Theas; de bhrí gurb é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag an India agus gur chun leasa fhrithpháirtigh an dá thaobh é naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, trína chreat straitéiseach atá dílsithe ina Straitéis Dhomhanda, ina Straitéis maidir leis an India, i Straitéis AE maidir leis an Eoraip agus an Áise a Chónascadh agus i Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach AE, go n-aithníonn AE tábhacht gheostraitéiseach na hIndia atá ag dul i méid agus á chur i bhfios go láidir gur gá comhoibriú ar an leibhéal domhanda agus teacht le chéile ar chlár oibre comhchoiteann;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go léiríonn Uachtaránacht na hIndia ar G20 in 2023, a thosaigh an 1 Nollaig, agus a ballraíocht i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in 2021-2022 chomh maith le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2019-2022 agus in 2022-2024, go bhfuil tábhacht réigiúnach agus dhomhanda na hIndia ag dul i méid;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAigéan Indiach tagtha chun bheith ina lárionad leasa domhanda a bhfuil tábhacht straitéiseach aige don trádáil dhomhanda agus a bhfuil leas eacnamaíoch agus straitéiseach ríthábhachtach ann do AE agus don India araon; de bhrí go bhfuil réigiúin fhorimeallacha agus tíortha agus críocha thar lear sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ag ceann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil leas coiteann ag AE agus ag an India maidir leis an gcaidreamh leis an tSín a dhí-rioscú agus iad féin a shuí go comhpháirteach maidir le tionchar méadaitheach na Síne sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus ar fud an domhain; de bhrí gur leagadh béim i Straitéis AE maidir le Comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach in 2021 ar chomhpháirtíochtaí agus ar chomhar mar bhealaí chun freagairt d’iomaíocht gheopholaitiúil sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus gur sainaithníodh comhar leis an India mar cheann de thosaíochtaí AE sa réigiún; de bhrí go bhfuil leas cóineasaithe ag AE agus ag an India an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a choinneáil oscailte, saor agus sábháilte, ag díriú ar an réigiún a chothú mar limistéar d’iomaíocht chóir, línte cumarsáide mara gan bhriseadh (SLOC), cobhsaíocht agus slándáil; de bhrí gur reáchtáil AE agus an India an tríú hIdirphlé Slándála Muirí idir an India agus an tAontas Eorpach an 5 Deireadh Fómhair 2023.
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go dtéann os cionn aon trian d’onnmhairí uile na hEorpa go dtí an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go dtéann an chuid is mó acu trí na lánaí farraige san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin; de bhrí go bhfuil AE spleách ar mhórbhealaí muirí gan bhac a théann tríd an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus go bhfuil leas soiléir aige, dá bhrí sin, cobhsaíocht a choinneáil i réigiún an Aigéin Indiaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil iarracht déanta ag an India comhpháirtíochtaí a éagsúlú agus gur neartaigh sí an caidreamh i measc nithe eile leis an tSeapáin, leis an Astráil agus le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) sna réimsí eacnamaíocha, slándála, muirí agus taidhleoireachta, ag féachaint le comhtháthú breise a dhéanamh leis an Áise Thoir Theas agus leis an gcomhar straitéiseach a dhoimhniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le ceannaireacht AE agus na hIndia chun taidhleoireacht aeráide éifeachtach, tiomantas domhanda do chur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus cosaint dhomhanda na haeráide, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go dtuairiscíonn monatóirí áitiúla agus idirnáisiúnta ar chearta an duine go ndéantar bearta díoltais ar chosantóirí chearta an duine agus ar iriseoirí san India as a gcuid oibre, lena n-áirítear ciapadh, gabháil gan chúis, cúisimh choiriúla thromchúiseacha faoi reachtaíocht dhiansmachtúil (lena n-áirítear reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta); de bhrí, in ainneoin é a bheith toirmiscthe, go bhfuil idirdhealú ar bhonn sainaicme fós ina fhadhb shistéamach san India;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur bunaíodh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an India agus an tAontas Eorpach an 6 Feabhra 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil caibidlíochtaí leis an India maidir le comhaontú saorthrádála fós ar siúl; de bhrí go bhfuil caibidlíocht ar leith ar siúl freisin maidir le Comhaontú Cosanta Infheistíochta agus Comhaontú maidir le Tásca Geografacha d’fhonn an chomhpháirtíocht straitéiseach a neartú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:</INT.LI>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir AE agus an India: an creat institiúideach </STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>leanúint den chaidreamh idir an tAontas agus an India a leathnú agus a dhoimhniú mar chomhpháirtithe straitéiseacha agus cloí leis an tiomantas d’idirphlé il-leibhéil agus cruinnithe mullaigh il-leibhéil rialta; cur chuige ‘Fhoireann na hEorpa’ a shaothrú i leith na comhpháirtíochta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>a thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin phráinneacha slándála os comhair an Aontais agus na hIndia araon sa timpeallacht idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, ar dúshláin iad a éilíonn freagairt taidhleoireachta mar aon le díspreagadh neartaithe, agus comhar idir stáit dhaonlathacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>dul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le réimsí tosaíochta na comhpháirtíochta, go háirithe an t-athrú aeráide agus fás glas, digitiú agus teicneolaíochtaí nua, taighde agus forbairt, nascacht, trádáil agus infheistíocht, beartas eachtrach, slándála agus cosanta agus cearta an duine agus an smacht reachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>leanúint de Straitéis 2018 an Aontais maidir leis an India agus Treochlár AE-an India go dtí 2025 a chur chun cinn agus a chur chun feidhme go hiomlán i ndlúthchomhar le gníomhaíochtaí na mBallstát féin chun dul i dteagmháil go gníomhach leis an India; critéir shoiléire a bheidh ar fáil go poiblí a bhunú chun an dul chun cinn ar an treochlár a thomhas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>bunaithe ar an athbhreithniú ar chur chun feidhme Threochlár 2025 idir an tAontas agus an India agus peirspictíochtaí agus riachtanais na bpáirtithe uile á gcur san áireamh, tús a chur leis an ullmhúchán do chomhpháirtíocht agus do chomhar a bheidh uaillmhianach, ilghnéitheach agus athchóirithe go críochnúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>a áirithiú go mbeidh aon doimhniú ar an gcomhpháirtíocht bunaithe ar luachanna na saoirse, an daonlathais, an iolrachais, an smachta reachta, an chomhionannais, na hurraime do chearta an duine, an cheartais shóisialta, na forbartha inbhuanaithe agus ar thiomantas d’ord domhanda cuimsitheach riailbhunaithe a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>formhaoirseacht pharlaiminteach ar bheartas AE i leith na hIndia a chumasú trí mhalartuithe rialta le Coiste um Ghnóthaí Eachtracha na Parlaiminte, lena Fhochoistí um Chearta an Duine agus um Shlándáil agus Cosaint agus le coistí ábhartha eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>idirphlé idirpharlaiminteach níos struchtúrtha agus il-leibhéil a bhunú idir Parlaimint na hEorpa agus a contrapháirtithe Indiacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>comhairliúchán agus rannpháirtíocht atá trédhearcach, oscailte agus cuimsitheach ar bhonn gníomhach agus rialta a áirithiú le hionadaithe ó shochaí shibhialta an Aontais agus na hIndia, lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí comhshaoil agus chearta na mban agus ionadaithe mionlaigh, i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán an chaidrimh idir an tAontas agus an India; bunú Ardáin Sochaí Sibhialta AE-na hIndia a dhaingniú, mar ábhar tosaíochta, chun na críche sin agus Cruinniú Mullaigh an Aosa Óig idir an tAontas agus an India a áirithiú mar imeacht ar an imeall ag na cruinnithe mullaigh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an India, d’fhonn an caidreamh idir na glúine óga a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>iarrachtaí taidhleoireachta poiblí an Aontais a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh eolais ar an dá thaobh agus feabhas a chur ar an tuiscint fhrithpháirteach agus feabhas suntasach a chur ar an gcreat le haghaidh malartuithe idir daoine, lena n-áirítear an saol acadúil agus meithleacha machnaimh;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idir an tAontas agus an India maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>comhar méadaitheach an dá pháirtí maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála a fhorbairt tuilleadh agus sineirgí níos mó a chur chun cinn sa réimse sin trí shásraí idirphlé atá ann cheana agus trí fhóraim eile arna mbunú faoi Threochlár AE-na hIndia go dtí 2025, go háirithe ar mhaithe leis an daonlathas, cearta an duine, an smacht reachta agus cosaint an iltaobhachais agus ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>a aithint gur comhartha é an chéad chomhairliúchán slándála agus cosanta idir an tAontas agus an India a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2022 ar thábhacht mhéadaitheach an chomhair slándála sa chomhpháirtíocht; tarraingt ar an gcéad ataisé míleata a phostú i dtoscaireacht an Aontais i nDeilí Nua chun comhar agus malartuithe idir airm níos dlúithe a éascú; idirphlé déthaobhach slándála a reáchtáil ar bhonn bliantúil le rannpháirtíocht níos mó ó Bhallstáit AE d’fhonn an t-idirphlé beartais a neartú agus torthaí nithiúla a bhaint amach trí cheannach isteach éifeachtach na mBallstát; a áirithiú, thairis sin, go gcuirfidh an chuid sin den chomhpháirtíocht atá ag éirí níos suntasaí an tslándáil chomhroinnte, an chobhsaíocht agus an fhorbairt shíochánta chun cinn go héifeachtach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i gcomhréir le tiomantas athnuaite an Aontais an caidreamh sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a éagsúlú; béim a leagan ar a thábhachtaí atá an tIdirphlé Frithsceimhlitheoireachta idir AE agus an India;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>an India a spreagadh chun an comhar slándála réigiúnach a neartú agus comhthéacs luaineach an iomadaithe, an nuachóirithe mhíleata agus na ndíospóidí críochacha á aithint ag an am céanna; cosc coinbhleachtaí agus comhar eacnamaíoch a chur chun cinn trí thacú le tionscnaimh lánpháirtíochta réigiúnacha san Áise Theas, lena n-áirítear laistigh de Chomhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach (SAARC);</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na pleananna chun comhar póilíneachta a neartú, agus é á chur san áireamh gur cheart coimircí ardleibhéil maidir le cosaint sonraí a bheith ag gabháil leis an gcomhar sin agus go ráthaítear leis go mbeidh aistrithe sonraí dleathach, lena n-áirítear trí chinneadh leordhóthanachta arna dhéanamh ag an gCoimisiún;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>feabhas a chur ar an gcomhar maidir le bagairtí hibrideacha, go háirithe sa chomhrac i gcoinne feachtais bhréagaisnéise, trí shásraí arb é is aidhm dóibh fianaise agus faisnéis a chomhroinnt;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt do rannchuidiú na hIndia leis an tsaoirse loingseoireachta ar fud an domhain, go háirithe i gCaolas na Téaváine, ach le longa cabhlaigh a imscaradh le déanaí freisin chun soithí ceannaíochta sa Mhuir Rua a chosaint, soithí a bhfuil ciapadh leanúnach arna dhéanamh ag reibiliúnaigh Houthi rompu; an comhar idir an tAontas agus an India maidir leis an tslándáil mhuirí a leathnú, ar comhar é a spreagtar le leasanna comhroinnte freisin, go háirithe i bhfianaise ghníomhaíochtaí míleata agus eacnamaíocha na Síne sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, ar gníomhaíochtaí iad atá ag éirí níos creachaí; ord idirnáisiúnta atá saor agus oscailte agus bunaithe ar rialacha a áirithiú, lena n-áirítear saoirse loingseoireachta, SLOCanna oscailte agus slána, slándáil fheabhsaithe loingseoireachta agus córais freagartha níos láidre do thubaistí nádúrtha agus bagairtí slándála neamhthraidisiúnta agus chun píoráideacht agus iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac; cur leis an taithí a fuarthas maidir le comhar cuiditheach, go háirithe tacaíocht na hIndia d’Oibríocht Chabhlaigh Atalanta an Aontais Eorpaigh (EUNAVFOR) trí shoithí an Chláir Dhomhanda Bia a chosaint nuair a iarrtar sin orthu, chomh maith lena rannpháirtíocht i bhfreachnaimh chomhpháirteacha (PASSEX); obair leantach a dhéanamh ar na chéad chleachtaí cabhlaigh idir an tAontas agus an India i mí an Mheithimh 2021 i Murascaill Áidin; tuilleadh comhthuisceana a spreagadh ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; freagairt dhearfach a thabhairt ar an togra ón India go rachadh AE isteach i dTionscnamh na nAigéan Ind-Chiúin-Aigéanach; machnamh a dhéanamh ar chlár comhpháirteach réigiúnach fothaithe acmhainneachta muirí idir an tAontas agus an India a fhorbairt do na stáit bheaga oileánacha agus chósta san Aigéan Indiach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>an comhar idir an tAontas agus an India maidir le dí-armáil agus neamhleathadh a neartú agus an India a spreagadh chun dul i gcomhar le hiarrachtaí an Aontais chun sábháilteacht núicléach agus neamhleathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch sa réigiún a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>tógáil ar an gcéad straitéis spáis riamh de chuid an Aontais don tslándáil agus don chosaint, agus ar fhócas méadaitheach na hIndia ar shlándáil spáis trí thionscnamh comhpháirteach a ghlacadh chun comhpháirtithe a spreagadh chun réitigh iltaobhacha a chur chun cinn maidir le húsáid shíochánta an spáis agus rochtain shábháilte, shlán agus inbhuanaithe ar an spás, agus chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann lena míleatú atá ag dul i méid;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>seasaimh agus tionscnaimh i bhfóraim iltaobhacha a chomhordú trí chomhchuspóirí bunaithe ar luachanna agus caighdeáin idirnáisiúnta roinnte a éileamh, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus G20, agus seasaimh i gcosaint an iltaobhachais, chearta an duine agus ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a ailíniú go héifeachtach; dul i mbun plé maidir le hathchóiriú ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus maidir le modhanna oibre agus tacú le tairiscint na hIndia ar bhallraíocht bhuan i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe athchóirithe; a chur in iúl go bhfuil AE agus an India ar dhá cheann de na rannchuiditheoirí is mó do shíochánaíocht na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil siad go mór ar son na síochána inbhuanaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>gníomhaíocht chomhpháirteach agus comhordú a chur chun cinn maidir le forbairt agus cabhair dhaonnúil, nascacht neartaithe, forbairt bonneagair agus tacaíocht do phróisis dhaonlathacha sa Domhan Theas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>teagmháil a dhéanamh leis an India ar an tsaincheist maidir lena spleáchas trom míleata ar an Rúis agus maidir le beartas smachtbhannaí an Aontais i leith na Rúise; tathant ar an India a bheith páirteach i gcáineadh idirnáisiúnta chogadh neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus a seasamh polaitiúil a choinneáil ag an am céanna chun deireadh a chur leis an gcogaíocht agus chun an taidhleoireacht agus an t-idirphlé a atosú; dul i dteagmháil leis an India maidir le ceannach leanúnach amhola ón Rúis ar phraghsanna ísle agus maidir le táirgí scagtha a dhíol ag an India ina dhiaidh sin ar mhargaí idirnáisiúnta, chomh maith lena rannchuidiú i ndiamaint na Rúise a thrádáil, lena n-áirítear san Aontas; aird a thabhairt ar spleáchas na hIndia ar an Rúis in earnáil an fhuinnimh núicléach, go háirithe chun a stáisiúin núicléacha a fhorbairt tuilleadh; a áitiú go gcuirfidh an India deireadh le freachnaimh mhíleata chomhpháirteacha breise leis an stát ionsaitheach sin; an India a spreagadh chun stop a chur le comhtháirgeadh trealaimh mhíleata agus an comhar cosanta leis an Rúis a íosghrádú; faireachán cuí ar chur chun feidhme na mbeart sriantach a áirithiú agus smachtbhannaí a fhorchur ar aon iarracht teacht timpeall orthu, go háirithe ag gnólachtaí atá bunaithe san Aontas agus nach mór dóibh scor de tháirgí den sórt sin a cheannach, arb ionann iad go bunúsach agus teacht timpeall ar smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise; aird a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le comhaontuithe agus tionscadail, amhail an Chonair Iompair Thuaidh-Theas, agus creataí nua le haghaidh infheistíochtaí agus saorthrádáil idir an Rúis agus an India, rud a chuirfidh go mór le cumas na Rúise dul timpeall ar smachtbhannaí, a lorg sa réigiún a mhéadú, dochar a dhéanamh d’athléimneacht eacnamaíoch agus airgeadais na hIndia agus dochar a dhéanamh d’ionchais do chomhpháirtíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch níos láidre idir an tAontas agus an India;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid sa chuid den Chaismír arna riar ag India, ar cúis imní í, go háirithe ar urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha mhuintir na Caismíre; leanúint de bheith tiomanta do thacaíocht a thabhairt do chobhsaíocht, díghéarú agus dea-chaidreamh trí dhea-chaidreamh comharsanachta idir an India agus an Phacastáin ar bhonn phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus trí idirphlé cuimsitheach agus trí chur chuige céim ar chéim; cur chun feidhme rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus na moltaí a rinneadh i dtuarascálacha Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir leis an gCaismír a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an díospóid teorann gan réiteach idir an India agus an tSín, ar cumhachtaí núicléacha iad an dá thír, ós rud é go bhfuil an staid leochaileach sa réigiún teorann sin agus go bhfuil an míleatú ag dul i méid, rud a d’fhéadfadh cur leis an timpeallacht slándála i gcoitinne san Áise Theas agus leis an tslándáil dhomhanda agus tionchar a imirt orthu; é a thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an teannas buan sa chaidreamh idir an India agus an tSín, mar gheall ar dhíospóidí teorann nach bhfuil réitithe agus aon iarrachtaí chun an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> teorann a athrú go haontaobhach a cháineadh, amhail an iarracht a rinne an tSín in 2020; é a chur i bhfios go láidir don dá pháirtí a thábhachtaí atá sé an tsaincheist a réiteach go síochánta trí idirphlé agus i gcomhréir le noirm an dlí idirnáisiúnta; i ndáil leis an méid sin, a chur in iúl gur díol sásaimh di na cainteanna a bhí ann le déanaí idir na ceannairí agus an comhaontú dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an teannas feadh na teorann a dhíscor agus a dhíghéarú; a chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí na hIndia cur leis an gcobhsaíocht réigiúnach trí rannpháirtíocht leis an réigiún;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta an duine agus an daonlathas: ó fhoscríbhinn go croílár an chaidrimh idir an tAontas agus an India</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>cearta an duine agus luachanna daonlathacha a chumhdach go héifeachtach i gcroílár rannpháirtíocht AE leis an India agus é mar aidhm idirphlé cuiditheach agus torthaí-bhunaithe a bheith ann; straitéis agus plean gníomhaíochta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, agus iad a chomhtháthú ar fud na comhpháirtíochta níos leithne idir AE agus an India;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>gníomhartha foréigin, reitric náisiúnaíoch agus beartais dheighilteacha atá ag dul i méid a cháineadh agus a iarraidh ar cheannairí éirí as ráitis ghríosaitheacha a dhéanamh d’fhonn coinbhleachtaí sóisialta a réiteach, lena n-áirítear iad in Manipur; leanúint de chur in iúl, lena n-áirítear go poiblí, gur ábhar mór imní di Acht um Shaoránacht na hIndia a Leasú agus dlíthe eile a dhéanann idirdhealú ar fhorais reiligiúin agus atá deighilteach go contúirteach; an India a spreagadh chun an ceart chun cleachtadh a dhéanamh faoi shaoirse ar an reiligiún is rogha leis an duine, mar a chumhdaítear in Airteagal 25 dá Bunreacht, a ráthú; fuathchaint lena ngríosaítear idirdhealú nó foréigean in aghaidh aon mhionlach reiligiúnach, amhail Moslamaigh agus Críostaithe, a chomhrac agus a cháineadh; tathant ar údaráis na hIndia gach beart is gá a dhéanamh agus a seacht ndícheall a dhéanamh chun stop a chur leis an bhforéigean leanúnach, lena n-áirítear an fhuathchaint, i gcoinne mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha agus eagraíochtaí áirithe sa tír atá bunaithe ar chreideamh agus chun déantóirí na coire a thabhairt chun cuntais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>a áitiú go ngníomhóidh an India, mar chomhalta bunaidh de na Náisiúin Aontaithe agus mar chomhalta reatha de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ar mholtaí uile a próisis Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn, lena n-áirítear trí chuairteanna nósanna imeachta speisialta na Náisiún Aontaithe a ghlacadh agus a éascú agus trí chomhoibriú go dlúth leo, nár ceadaíodh don chuid is mó acu cuairt a thabhairt ar an tír ó 1999 i leith;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>aghaidh a thabhairt ar gach leibhéal dá idirphlé le húdaráis na hIndia ar na hábhair imní a chuir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus rapóirtéirí speisialta na Náisiún Aontaithe in iúl maidir le staid chearta an duine, na sochaí sibhialta agus grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, amhail mná, leanaí, imircigh agus daoine LGBTQI, agus tagairt á déanamh d’oibleagáidí conarthacha frithpháirteacha faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta éagsúla:</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé go léiríonn an India go bhfuil sí tiomanta do na cearta a ráthaítear faoin mbunreacht maidir le saoirse cainte do chách a urramú, a chosaint agus a fhorfheidhmiú go hiomlán, lena n-áirítear ar líne, saoirse na meán agus an ceart chun comhthionóil shíochánta agus chun comhlachais agus neamhspleáchas na mbreithiúna; an India a spreagadh chun timpeallacht a chruthú a chabhródh le hiriseoireacht éagsúil neamhspleách agus le gairmithe uile na meán a chosaint mar a fhoráiltear ina Bunreacht;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>oibriú i gcomhpháirt leis an India chun timpeallacht shábháilte agus dhaonlathach a áirithiú d’obair chosantóirí chearta an duine agus an chomhshaoil, agus chosantóirí na ndaoine dúchasacha agus na nDalatach, lucht freasúra pholaitiúil agus gníomhaithe ceardchumainn, iriseoirí agus gníomhaithe eile na sochaí sibhialta; scor de dhlíthe a agairt i gcoinne ceannairce, cistithe eachtraigh agus sceimhlitheoireachta mar bhealach chun a ngníomhaíochtaí dlisteanacha a shrianadh, lena n-áirítear sa chuid den Chaismír arna riar ag India; gach príosúnach polaitiúil a scaoileadh saor; deireadh a chur le bratsrianta maidir le rochtain ar an idirlíon; athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthe ionas nach mbainfear mí-úsáid astu chun easaontú a chur ina thost; dlíthe a leasú lena gcothaítear idirdhealú agus rochtain ar cheartas a éascú agus cuntasacht as sáruithe ar chearta an duine a áirithiú; agus aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha an Achta um Ranníocaíochtaí Eachtracha a Rialú agus an Achta um Ghníomhaíochtaí Neamhdhleathacha (a Chosc) ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta; tacaíocht an Aontais agus na mBallstát a mhéadú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear trí dheiseanna cistiúcháin a éascú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>a chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh Bhille Áirithinte na mBan, lena gcuirfear aon trian de shuíocháin i bparlaimintí náisiúnta agus stáit in áirithe do mhná agus ar céim shuntasach chun tosaigh é maidir le ceart rannpháirtíochta na mban agus comhionannas inscne san India; dul i dteagmháil leis an India maidir lena hiarrachtaí foréigean inscnebhunaithe agus idirdhealú inscnebhunaithe a imscrúdú agus a chosc agus comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>brú a chur ar údaráis na hIndia deireadh a chur le hidirdhealú leanúnach ar bhonn sainaicme san India agus cearta a dheonú do phobail Adivasi faoin Acht um Chearta Foraoise; taithí an Aontais a chomhroinnt maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin intíre a bhaineann le coireanna fuatha; straitéis tíre a ghlacadh go háirithe chun cabhrú le hidirdhealú bunaithe ar bhonn sainaicme a chomhrac agus chun peirspictíochtaí a bhaineann le sainaicmí a phríomhshruthú sa chomhpháirtíocht idir an tAontas agus na Ballstáit leis an India;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(af)</SYMBOL>diultú prionsabalach agus seanbhunaithe phionós an bháis ag an Aontas a mheabhrú agus a achainí chun na hIndia a athdhearbhú go gcuirfí moratóir ar phionós an bháis d’fhonn pionós an bháis a dhíothú go buan;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>a chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh phlean gníomhaíochta náisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine ag an India i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine; an comhar leis an India a dhoimhniú maidir leis sin, lena n-áirítear maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair; na freagrachtaí atá ar gach cuideachta a mheabhrú maidir le cearta an duine a urramú ina slabhraí luacha, an India a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa chaibidlíocht leanúnach maidir le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe lena rialaítear fiontair ghnó faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ah)</SYMBOL>a áirithiú go mbeidh oibríochtaí cuideachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach san India nó leis an India i gcomhréir go docht le reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an treoir a bheidh ann amach anseo maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus dícheall cuí agus an rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le saothar éignithe; bearta a dhéanamh chun a áirithiú go n-áireofar ar na gníomhaíochtaí gnó uile a bhaineann leis an Aontas lena mbaineann tionscail eastóscacha creat comhairleach láidir agus cothrom a bheidh i gcomhréir le ceart aon phobail dhúchasacha lena mbaineann toiliú saor, roimh ré agus feasach a fháil; tathant ar an India Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus an Prótacal Roghnach a ghabhann leis agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach Forfheidhmithe a dhaingniú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ai)</SYMBOL>an India a spreagadh chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’iarrachtaí ceartais idirnáisiúnta trí chloí le Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aj)</SYMBOL>an tIdirphlé maidir le Cearta an Duine idir an tAontas agus an India a uasghrádú go hidirphlé leathbhliantúil ar leibhéal na gceanncheathrúna agus a dhícheall a dhéanamh fóinteach trí rannpháirtíocht ardleibhéil, trí ghealltanais agus tagarmharcanna nithiúla a leagan síos don dul chun cinn, agus trí aghaidh á tabhairt ar chásanna aonair de réir threoirlínte an Aontais maidir le hidirphlé faoi chearta an duine; idirphlé leis an tsochaí shibhialta idir an tAontas agus an India a éascú roimh an idirphlé idir-rialtasach; na naisc idir an t-idirphlé agus an comhar i bhfóraim iltaobhacha a neartú; a áirithiú go dtuairisceoidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí don Pharlaimint go rialta maidir leis na torthaí a bhaintear amach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ak)</SYMBOL>a athdhearbhú gur cheart go mbeadh aon chomhaontú saorthrádála leis an India bunaithe ar mheasúnuithe tionchair ar chearta an duine agus ar inbhuanaitheacht roimh ré, críochnúil, éifeachtach agus cuimsitheach arna ndéanamh ag an dá thaobh, agus aird ar leith á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar na grúpaí is leochailí; eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áireamh agus dul i gcomhairle leo ar bhealach fóinteach, lena n-áirítear ceardchumainn agus cosantóirí chearta an duine le linn na caibidlíochta maidir le haon mhór-chomhaontú déthaobhach; a athdhearbhú gur gá gníomhú maidir le seasamh seanbhunaithe na Parlaiminte maidir leis an tábhacht a bhaineann le caibidil maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe atá in-fhorfheidhmithe agus láidir agus atá ailínithe le Comhaontú Pháras;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(al)</SYMBOL>oibriú chun cuspóirí coiteanna agus comhthairbheacha a bhaint amach maidir le trádáil agus infheistíocht a d’fhéadfadh cur leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an nuálaíocht agus, ag an am céanna, urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta saothair, a chomhlíonadh agus rannchuidiú leis an urraim sin; an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(am)</SYMBOL>an leas is fearr is féidir a bhaint as tiomantas na hIndia don iltaobhachas agus d’ord trádála riailbhunaithe idirnáisiúnta; ról cinntitheach na hIndia a chur chun cinn sna hiarrachtaí leanúnacha chun EDT a athchóiriú;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saincheisteanna aeráide, fuinnimh agus digiteacha a nascadh </STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(an)</SYMBOL>a chur in iúl gur díol sásaimh di an Chomhpháirtíocht Nascachta idir an tAontas agus an India agus an tiomantas a áirítear inti tacú le líonraí inbhuanaithe digiteacha, iompair agus fuinnimh, an sreabhadh earraí, seirbhísí, sonraí agus caipitil agus malartú daoine, rud a rannchuideoidh le straitéis Global Gateway níos leithne an Aontais; a thabhairt faoi deara go bhfuil an Chomhpháirtíocht Nascachta ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí den chomhpháirtíocht idir AE agus an India; a thabhairt dá haire tiomantas an Aontais don Chomhpháirtíocht um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda a seoladh ag G20 i nDeilí Nua agus a chur i bhfios go láidir gur cheart é a chomhordú go cuí le Global Gateway agus le Comhpháirtíocht G7 um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda; a áitiú go ndéanfaí dianmheasúnú ar inbhuanaitheacht agus ar thionchar chearta an duine na dtionscadal a chistítear tríd an gcomhpháirtíocht, lena n-áirítear a n-inmharthanacht agus a dtrédhearcacht tráchtála, lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta do ghnólachtaí agus urraim do chearta an duine, do chearta saothair agus do chaighdeáin chomhshaoil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ao)</SYMBOL>feabhas a chur ar an gcomhar leis an India maidir le saincheisteanna aeráide agus fuinnimh mar phríomh-chomhpháirtí sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide agus dhíghrádú na bithéagsúlachta agus maidir le haistriú glas chuig fuinneamh in-athnuaite agus aeráidneodracht, agus aird chuí á tabhairt ar a dtionchar ar na daoine is leochailí; a aithint go bhfuil an India ag cur eiseamláir thábhachtach ar fáil don domhan trína léiriú gur féidir an t-athrú aeráide a chomhrac agus clár oibre um fhorbairt a shaothrú ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ap)</SYMBOL>dea-shampla a thabhairt maidir leis an gcaoi a dtugtar tús áite don chomhionannas inscne agus do chearta na bpobal dúchasach agus spriocanna bithéagsúlachta á gcur chun feidhme; comhpháirtíocht a spreagadh chun clár oibre comhpháirteach uaillmhianach agus gníomhaíocht dhomhanda maidir leis an mbithéagsúlacht a chur chun cinn; teagmháil a dhéanamh leis an India maidir leis na dúshláin a bhaineann le gealltanais dhomhanda i leith an dífhoraoisithe, an uirbithe thapa agus na forbartha tionsclaíche;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aq)</SYMBOL>a chur in iúl gur díol sásaimh di ceannaireacht na hIndia agus leathnú na Comhghuaillíochta do Bhonneagar atá Athléimneach i leith Tubaistí, lena spreagtar infheistíocht dhomhanda agus beartas comhordaithe maidir le hathléimneacht aeráide agus tubaistí; a chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an tAontas agus an Banc Eorpach Infheistíochta araon ina gcomhaltaí den chomhghuaillíocht anois, rud a rannchuidíonn, dá bhrí sin, leis an gComhpháirtíocht Nascachta idir an tAontas agus an India agus le cur chun feidhme Straitéis Global Gateway an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ar)</SYMBOL>a chur in iúl gur díol sásaimh di agus a iarraidh go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn maidir leis an gComhpháirtíocht Fuinnimh Ghlain agus Aeráide idir an tAontas agus an India maidir le fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus an t-athrú aeráide, agus é á chur san áireamh go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar riachtanais fuinnimh na hIndia sna 20 bliain amach romhainn; tuilleadh infheistíochta a spreagadh san India chun fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil, agus é mar aidhm leis sin go mbainfeadh an India a spriocanna uaillmhianacha amach maidir le fuinneamh in-athnuaite; leanúint de na hiarrachtaí chun an comhar idir an tAontas agus an India maidir le grianfhuinneamh agus hidrigin a fhorbairt a thuilleadh; teagmháil a dhéanamh leis an India maidir le forbairt inbhuanaithe agus rioscaí comhshaoil, go háirithe maidir le hinfheistíochtaí glasa, truailliú aeir agus cáilíocht agus bainistiú acmhainní uisce; cúnamh teicniúil a chur ar fáil ina leith sin; aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar thionchair an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(as)</SYMBOL>dlús a chur leis an rannpháirtíocht leis an India maidir le héigeandálaí sláinte, cógaisíocht agus nuálaíochtaí sláinte digiteacha le haghaidh cumhdach sláinte uilíoch, ós rud é gurb í an táirgeoir agus an t-onnmhaireoir is mó de chógas cineálach agus gur gníomhaí gníomhach í i gcúrsaí sláinte domhanda i bhfóraim iltaobhacha; gníomhú maidir leis an ngealltanas chun comhar a neartú maidir le taighde agus nuálaíocht sláinte; iarrachtaí a mhéadú chun teacht ar réiteach tapa, gan géilleadh ar ábhar, ar rochtain uilíoch ar tháirgí cógaisíochta inacmhainne;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(at)</SYMBOL>a chur in iúl gur díol sásaimh di bunú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta agus úsáid éifeachtach a bhaint aisti; aitheantas a thabhairt don acmhainneacht shuntasach a bhaineann le saincheisteanna digiteacha mar chuid den chomhpháirtíocht idir AE agus an India, lena n-áirítear bonneagar digiteach agus nascacht dhigiteach, beartas digiteach, cosaint sonraí agus sreafaí agus cibearshlándáil; dlús a chur leis an gcomhar i dteicneolaíochtaí ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus i dteicneolaíochtaí candamacha, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar réitigh theicneolaíocha san iliomad earnálacha; a aithint, le tacaíocht ón India, gur fearr is féidir leis an Aontas caighdeáin dhomhanda a chur chun cinn san earnáil dhigiteach; a thabhairt dá haire na tuairimí éagsúla atá ag an Aontas agus ag an India maidir le cosaint sonraí agus aistrithe sonraí trasteorann; a chur in iúl gur cúis bhuartha di go nascann an India cosaint sonraí lena slándáil náisiúnta, rud a chruthaíonn bac ar ailíniú rialachán sonraí Indiacha agus Eorpacha; obair a spreagadh, áfach, chun caighdeáin chomhroinnte a leagan síos lena n-urramaítear príobháideachas agus le cosaint sonraí, lena gcuirfear coimircí leordhóthanacha ar fáil agus lena n-éascófar caidreamh trádála agus slándála nua-aimseartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(au)</SYMBOL>comhoibriú leis an India chun an comhrá domhanda maidir le húsáid shábháilte eiticiúil agus fhreagrach na hintleachta saorga (IS) a stiúradh agus chun IS atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun cinn; iarrachtaí comhoibríocha a spreagadh chun caighdeáin agus treoirlínte idirnáisiúnta a leagan síos maidir le himscaradh freagrach IS lena dtugtar tús áite do chearta an duine agus do bhreithnithe eiticiúla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(av)</SYMBOL>dul chun cinn a dhéanamh maidir le gealltanas comhroinnte ach gan ardáin na meán sóisialta a shrianadh ná a thoirmeasc go roghnaíoch, srian a chur ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh ar líne agus bratchosc a chur ar rochtain teileachumarsáide agus idirlín, agus caighdeáin chomhpháirteacha á leagan síos ag an am céanna don gheilleagar digiteach ar cheart dóibh a bheith fréamhaithe i gcearta an duine; imní a chur in iúl maidir le tuairiscí faoi cheannach agus úsáid earraí spiaireachta ag rialtas na hIndia chomh maith leis na céadta eagraíochtaí meán bréagacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha arna n-eagrú ag rialtas (GONGOnna), lena n-áirítear chun díriú ar institiúidí idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aw)</SYMBOL>níos mó comhair idir AE agus an India a spreagadh maidir leis an eolaíocht agus an teicneolaíocht, go háirithe trí naisc a chruthú idir tionscadail Eorpacha agus tionscnaimh de chuid na hIndia maidir le teicneolaíochtaí glasa, bonneagar uisce agus nuálaíocht dhigiteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ax)</SYMBOL>soghluaisteacht idir AE agus an India a éascú tuilleadh, lena n-áirítear do thaighdeoirí, d’imircigh oibre, do mhic léinn, d’oibrithe ardoilte agus d’ealaíontóirí, chomh maith le malartuithe idir daoine i ngach earnáil a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht idir AE agus an India;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus chuig comhlachtaí reachtacha agus Rialtas na hIndia.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>