<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0034</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ról na taidhleoireachta coiscthí chun dul i ngleic le coinbhleachtaí calctha ar fud an domhain - deis a cailleadh nó athrú don todhchaí?</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0404/2023 -  Rapóirtéir: Željana Zovko)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 don Chomhairle, don Choimisiún, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le ról na taidhleoireachta coiscthí chun dul i ngleic le coinbhleachtaí calctha ar fud an domhain – deis a cailleadh nó athrú don todhchaí? (2023/2050(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le coinbhleachtaí a chosc agus do chonclúidí an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gCur Chuige Comhtháite i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an 28 Meitheamh 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí agus don choincheap ón gComhairle maidir le hIdirghabháil Síochána AE an 7 Nollaig 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘<STRING ITALIC="on">Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’</STRING> [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint — I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Meán Fómhair 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Updated toolset for EU Conflict Analysis and Conflict Early Warning – Objectives, processes and guidance’</STRING> [Bosca uirlisí nuashonraithe maidir le Anailís Coinbhleachta Luathrabhadh Coinbhleachta – Cuspóirí, próisis agus treoraíocht](SWD(2023)0295),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 10 Feabhra 1999 maidir le Cór Síochána Sibhialta Eorpach a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 150, 28.5.1999, lch. 164.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Nua na Náisiún Aontaithe don tSíocháin an 20 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 31 Deireadh Fómhair 2000,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2019 maidir le forbairt a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais i dtaobh coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil a dhéanamh ina leith<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 16.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Aibreán 2023 maidir le cur chun feidhme CBSC sibhialtach agus cúnaimh slándála sibhialta eile de chuid an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0106.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Taidhleoireacht Aeráide AE an 6 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meitheamh 2018 maidir le críocha na Seoirsia faoi fhorghabháil 10 mbliana tar éis ionradh na Rúise<FOOTNOTE><FIELD> IO C 28, 27.1.2020, lch. 97.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0404/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil caomhnú na síochána, cosc coinbhleachtaí agus neartú na slándála idirnáisiúnta i measc phríomhchuspóirí gníomhaíochta seachtraí AE mar a leagtar síos in Airteagal 21(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú a eascraíonn as cumhachtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ag dul i ngleic le gníomhaithe fadcheannasacha, ionsaithe ar an gcóras iltaobhach, ar an daonlathas agus ar an ord riailbhunaithe, foréigean ag teacht chun cinn an athuair i gcoinbhleachtaí fadtréimhse a bhí ann roimhe seo, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, cibearbhagairtí, cur isteach urchóideach tríú páirtithe, géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta, leibhéil dhomhanda neamhionannais eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, aisiompú ceart, go háirithe do mhná, eisiamh leanúnach córasach grúpaí sóisialta ina n-iomláine, cúlú domhanda ar chearta an duine agus ar an daonlathas, saincheisteanna slándála bia agus imirce i measc na dtosca a chuireann le coinbhleachtaí agus éagobhsaíocht ar fud an domhain, go háirithe i bhfianaise chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an teannas méadaitheach sa Mheánoirthear;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe ‘taidhleoireacht choisctheach’ mar ‘ghníomhaíocht taidhleoireachta a dhéantar chun cosc a chur ar dhíospóidí dul in olcas i gcoinbhleachtaí agus chun leathadh coinbhleachtaí a theorannú nuair a tharlaíonn siad’;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn taidhleoireacht choisctheach in AE tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais don chóras iltaobhach, don trádáil, don fhorbairt, don chabhair dhaonnúil agus do chearta an duine, lena ndírítear ar dheiseanna a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na coinbhleachta agus ar spásanna a chruthú le haghaidh idirphlé, go minic i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha chomh maith le páirtithe lena mbaineann;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndéanann coinbhleachtaí calctha insintí agus meon náisiúnach a ghéarú agus a normalú, agus go mbuanaíonn siad teacht chun cinn daoine na heite fíordheise;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil cumhachtaí atá ag teacht chun cinn ag tabhairt aghaidh ar ghníomhaithe traidisiúnta agus, mar aon le teicneolaíochtaí nua agus tuilleadh domhandaithe, go bhfuil méadú ar an iomaíocht idirnáisiúnta mar thoradh orthu, rud a chruthaíonn, in éineacht leis an athrú aeráide, slándáil bia agus imirce, teannas atá ag dul i méid agus a bhfuil coinbhleachtaí ar fud an domhain atá dúshlánach do AE mar thoradh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-ord iltaobhach riailbhunaithe faoi bhagairt faoi láthair agus go bhfuil a dúshlán á thabhairt dó sa staid gheopholaitiúil luaineach, rud a fhágann go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfreagródh AE do staideanna coinbhleachta idirnáisiúnta i gcomhréir lena luachanna fógartha maidir le cearta an duine, comhionannas, saoirse, daonlathas, an smacht reachta agus dínit an duine, ionas nach ndéanfar an tacaíocht don iltaobhachas a lagú tuilleadh;  de bhrí go bhfuil roinnt iar-chomhghuaillíochtaí atá bunaithe ar an leas coiteann a bhaineann le cur isteach ar an gcóras sin ag teacht chun cinn an athuair, amhail an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas (BRICS); de bhrí go raibh tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí aontaobhacha na Rúise ar fhoirmiú comhghuaillíochtaí agus ar bhunú a réimsí tionchair;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé práinneach, ar mhaithe leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta agus chun iad a chur chun cinn, an t-iltaobhachas agus ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú agus a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go dtugann gníomhaithe uathlathacha dúshlán d’uilíocht chearta an duine agus go mbaineann siad an bonn ó chaighdeáin dhaonlathacha ar fud an domhain; de bhrí gur domhan níos sábháilte é domhan ina bhfuil daonlathais shláintiúla, a thuigtear mar dhomhan ina bhfuil córais láidre dhaonlathacha, ós rud é go bhfuil srianta agus ceartúcháin shuntasacha i bhfeidhm acu lena gcuirtear cosc ar neamhchinnteachtaí na n-uathlathas;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí n-eascraíonn na príomhchoinbhleachtaí ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit a úsáideann straitéisí hibrideacha, cibirionsaithe, feachtais bhréagaisnéise agus cur isteach díreach ar thoghcháin agus ar phróisis pholaitiúla, comhéigean eacnamaíoch agus ionstraimiú sreafaí neamhrialta imirce;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach mór do AE dlús a chur lena uirlisí coisctheacha agus aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá aige maidir leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil a chaomhnú laistigh de AE agus lasmuigh dá theorainneacha araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gurb é AE an deontóir cúnaimh idirnáisiúnta is mó ar domhan, ag cúnaimh ar fáil chun an bhochtaineacht a shárú agus an fhorbairt dhomhanda a chur chun cinn; de bhrí nach bhfuil an tionchar céanna bainte amach aige i réimse na taidhleoireachta poiblí agus gur cheart dó, dá bhrí sin, feabhas a chur ar a uaillmhian agus ar a infheictheacht i réimse na taidhleoireachta coiscthí ar fud an domhain, go príomha trína bhfuil bainte amach aige agus tríd an rath a bhí lena ghníomhaíochtaí taidhleoireachta go dtí seo a chur in iúl, agus i dtorthaí a tacaíochta airgeadais; de bhrí go bhfuil meastóireacht chríochnúil á déanamh ag AE ar na hionstraimí lena maoinítear comhar idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chuige AE maidir le taidhleoireacht choisctheach dírithe ar an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, lena mbaineann gníomhaíochtaí ilghnéitheachta, il-leibhéil agus ilghníomhaithe, agus, ag an am céanna, aghaidh a thabhairt ar ghnéithe agus ar chéimeanna éagsúla coinbhleachtaí agus spásanna le haghaidh idirphlé a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur minic nach leor an spleáchas aonair ar straitéisí polaitiúla, taidhleoireachta nó míleata chun coinbhleachtaí a chosc agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach, uaillmhianach, ionchuimsitheach, inscne-fhreagrúil maidir le coinbhleachtaí agus cothú na síochána a chosc agus a chothú, lena mbaineann cabhair dhaonnúil, comhar um fhorbairt, trádáil agus beartais eachtracha agus slándála, athbhunú agus cothabháil an dlíchórais inmheánaigh, cruthú nó athchruthú struchtúr riaracháin, idirphlé idir-eitneach agus idir-reiligiúnach agus cuir chuige eile i leith réiteach coinbhleachta, lena n-áirítear trí shaoirse ó phionós a chomhrac; de bhrí nach mór gníomhaíochtaí AE maidir le taidhleoireacht choisctheach a bheith á dtreorú go príomha ag tiomantas daingean don chomhar don daonlathas agus don fhorbairt agus do bhearta cothaithe muiníne idir páirtithe éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur príomhuirlisí beartais eachtraigh AE iad iarrachtaí forbartha idirnáisiúnta AE agus tacaíocht daonlathais; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag misin bhreathnóireachta toghcháin maidir le feabhas a chur ar rannpháirtíocht AE le tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear tacú lena n-iarrachtaí a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an gcomhdhearcadh nua Eorpach maidir le forbairt, go n-aithníonn AE agus a Bhallstáit an nasc idir forbairt inbhuanaithe, gníomhaíocht dhaonnúil, síocháin agus slándáil i saothrú chuspóirí Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna), go háirithe SFI 16 maidir le sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil naonúr ionadaithe speisialta AE ceaptha ag an gComhairle do réigiúin éagsúla shuaite agus ina bhfuil coinbhleacht, agus cuid acu ag gníomhú mar idirghabhálaithe agus mar éascaitheoirí síochána chun cosc a chur ar dhíospóidí dul in olcas agus chun leathadh coinbhleachtaí a theorannú nuair a tharlaíonn siad, ach nach mbíonn a dtionscnaimh agus éifeachtaí a ngníomhaíochtaí sách infheicthe ná éifeachtach i gcónaí;  de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh sainordú leathan, solúbtha ag ionadaithe speisialta AE, a bhfeadfaí a oiriúnú do chúinsí geopholaitiúla atá ag teacht chun cinn chun beartais agus leasanna AE a chur chun cinn i réigiúin shonracha agus i dtíortha sonracha agus ról gníomhach a bheith acu in iarrachtaí taidhleoireachta coiscthí;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí nach bhfuil an mhuinín, na modhanna, na hacmhainní ná na huirlisí is gá ag AE chun a acmhainneacht iomlán idirghabhála a fhorbairt i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus go bhféadfadh sé nach measann páirtí amháin nó níos mó de na páirtithe cogaíochta iad a bheith neamhchlaonta; de bhrí go bhféadfadh méadú ar insintí frith-Eorpacha i ngarchomharsanacht AE agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas a bheith mar thoradh air sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go léiríonn cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus i gcoinne na Seoirsia i mí Lúnasa 2008, agus a iarmhairtí ar fud an domhain, go bhfuil gá le gníomhaíocht AE níos láidre agus níos uaillmhianaí, níos inchreidte, níos straitéisí, níos inláimhsithe agus níos aontaithe ar an leibhéal domhanda, agus go gcuireann sé béim ar an ngá atá le AE a chuspóirí straitéiseacha féin a leagan síos go neamhspleách agus na cumais is gá chun iad a shaothrú a fhorbairt agus a úsáid chun botúin agus foghlaim a rinneadh roimhe seo a sheachaint le haghaidh dúshláin amach anseo; de bhrí gur cheart do AE na hacmhainní airgeadais uile is gá a ghealladh chun dul i ngleic leis na dúshláin gheopholaitiúla atá ag méadú go tapa agus chun níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtaidhleoireacht choisctheach agus i mbearta eile chun leathadh coinbhleachtaí a chosc, ós rud é go ndéanann siad dochar d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na limistéar atá buailte;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tslándáil i gcomharsanacht an Oirthir agus sna Balcáin Thiar, agus i réigiún na Saiheile, in Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice go mór faoi bhagairt ag ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ag a gníomhaíochtaí mailíseacha hibrideacha,agus go bhféadfadh an fogha sin leathnú sna tíortha comharsanachta; de bhrí go gcuireann díchobhsú ár ngarchomharsanachta cobhsaíocht, síocháin agus slándáil theorainneacha seachtracha AE agus, dá bhrí sin, AE agus a Bhallstát i mbaol; de bhrí gur gá do AE éifeachtacht bheartas slándála agus cosanta AE a mhéadú, go háirithe i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur oscailt súl don Aontas é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, arb ionann é agus bagairt láithreach ar an ord slándála Eorpach agus domhanda agus ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, chomh maith lena thíortha is iarrthóirí agus a thíortha is iarrthóirí ionchasacha; de bhrí go bhfuil ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin agus a iarmhairtí ar fud an domhain tar éis dlús a chur leis an móiminteam chun athshainmhíniú geopholaitiúil a bhaint amach ar bheartas eachtrach AE, lena n-áirítear athbhreithniú ar a sásraí freagartha, lena n-áirítear a bhosca uirlisí taidhleoireachta coisctheach, chomh maith le hiarrataí ón bpobal ar AE a spreagadh chun gníomhú ar bhealach comhsheasmhach mar fhreagairt ar choinbhleachtaí idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur cheart do AE taidhleoireacht choisctheach a shaothrú go gníomhach i réigiúin ina bhfuil coinbhleacht chalctha chun géarú a chosc agus cobhsú a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go ndearna AE riamh a dhícheall cainteanna díreacha a éascú agus an baol go rachadh an géarú in olcas i réigiúin éagsúla ar fud an domhain a laghdú, trí thacaíocht a thabhairt do phróisis síochána, do thionscnaimh um chothú na síochána agus do chórais luathrabhaidh réigiúnacha i gcomhthéacs casta geopholaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil an easpa toil ó na Ballstáit chun imeacht óna leasanna aonair, polaitiúla nó eacnamaíocha sa chaidreamh seachtrach chun acmhainneacht chomhpháirteach a fhorbairt le chéile agus neamhspleáchas straitéiseach a fhorbairt go hiomlán ar cheann de na príomhbhacainní ar cheannaireacht dhomhanda AE sa taidhleoireacht choisctheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur cheart do AE leanúint de dhul ar aghaidh i dtreo a ionstraimí uathrialacha agus buana féin a fhorbairt go hiomlán ina ghníomhaíocht sheachtrach, ina chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus ina chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC);
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur cuid bhunúsach de CBES é bainistiú géarchéime sibhialtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur gá an comhordú idir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit a athmheasúnú agus a neartú chun acmhainneachtaí comhpháirteacha a fhorbairt agus cineálacha cur chuige reatha a nuachóiriú chun torthaí nithiúla a bhaint amach agus tionscnaimh fhóinteacha a sheoladh sa taidhleoireacht choisctheach, i gcothú na síochána agus i ndéanamh na síochána; de bhrí nach mór do AE labhairt d’aon ghuth agus gur cheart a ghníomhaíocht ar an láthair a ailíniú le gníomhaíocht a Bhallstát, maidir le luathrabhadh, cosc coinbhleachtaí agus bainistiú géarchéime; de bhrí gur cuspóir coiteann de chuid na mBallstát uile é cosc coinbhleachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil creidiúnacht AE ina riachtanas ríthábhachtach chun a ghníomhaíochtaí taidhleoireachta coisctheacha a chur chun feidhme i gceart toisc go dtreisíonn sé an mhuinín as AE i measc na ngníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le coinbhleacht; de bhrí, i ndáil leis sin, gur gá an leibhéal is airde comhordaithe agus comhleanúnachais i ngníomhaíocht sheachtrach AE a áirithiú, go háirithe trí ról ceannasach Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) a áirithiú mar idirghabhálaí idir CBES agus caidreamh seachtrach AE; de bhrí gur gá don Choimisiún a chomhordú le SEGS a neartú, lena n-áirítear i dtionscnaimh agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta coiscthí AE, trí chomhlíonadh iomlán Airteagail 3(2) agus 9 de Chinneadh SEGS a ráthú<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil cistiú domhanda chun coinbhleachtaí a chosc agus chun síocháin a chothú ag an leibheil is ísle a bhí sé le 15 bliana<FOOTNOTE><FIELD> Coiste Cúnaimh Forbartha ECFE, ‘Peace and Official Development Assistance’ [Síocháin agus Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt], Deireadh Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí, laistigh den ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI — an Eoraip Dhomhanda), go bhfuil clár téamach ann maidir leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus cosc coinbhleachtaí; de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún clár táscach ilbhliantúil lena leithdháiltear EUR 870 970 044 don tréimhse 2021-2027 ar an réimse téamach sin, nach ndéanfar ach 13 %-18 % de a leithdháileadh ar chosc coinbhleachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil sainordú ag oibríochtaí sibhialta agus míleata AE maidir le cosc coinbhleachtaí, an tsíochánaíocht agus bainistiú géarchéime; de bhrí gur cheart a n-acmhainneacht uirlisí coisctheacha a leathnú agus gur cheart oiliúint bhreise foirne a chur ar fáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí, ar an drochuair, gur léirigh AE ar ócáidí éagsúla easpa soiléireachta ina ionadaíocht sheachtrach, a dhéanann difear go soiléir dá chomhleanúnachas agus, dá bhrí sin, dá inchreidteacht ar fud an domhain; de bhrí gur gá inniúlachtaí an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus ionadaíocht AE a shainiú go soiléir, ós rud é nach bhfuil an creat rialála reatha soiléir maidir le hinniúlachtaí gach figiúir institiúidigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go léiríonn taighde go mbíonn taithí éagsúil ag mná agus ag fir ar choinbhleachtaí armtha foréigneacha, go nglacann siad páirt iontu agus go n-imríonn siad tionchar ag na coinbhleachtaí céanna orthu ar bhealaí éagsúla agus go bhfuil tuiscint éagsúil acu ar an tsíocháin<FOOTNOTE><FIELD> An Dlí Daonnúil agus Beartas, ‘Gendered impacts of armed conflict and implications for the application of IHL’, 30 Meitheamh 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí gur uirlis bhunriachtanach é cur chun feidhme an chláir oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil chun a dheimhniú go n-áirithítear ról fóinteach cothrom sa chinnteoireacht do mhná de gach aois ag gach céim de chosc coinbhleachtaí, de dhéanamh na síochána, de chothú na síochána agus d’athshlánú iarchoinbhleachta; de bhrí, i gCompás Straitéiseach AE, gur dlúthchuid den doiciméad iad Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn séadchomharthaí siombalacha agus oidhreachta cultúrtha i limistéir ina bhfuil cogaíocht le cothú na síochána agus leis an athmhuintearas i measc pobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go gcuirfeadh tacaíocht don chultúr agus d’acmhainní atá spriocdhírithe go soiléir don chaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta go mór le cumas AE a chaidreamh idirchultúrtha le comhpháirtithe a fhorbairt go hiomlán agus tacú leis mar chuid luachmhar de bhosca uirlisí na taidhleoireachta coiscthí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go bhfuil taidhleoireacht chultúrtha AE agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha agus stairiúla tábhachtach don chómhaireachtáil, don tsíocháin, don daonlathas agus don fhorbairt inbhuanaithe trí dhlúthpháirtíocht, caoinfhulaingt agus athmhuintearas a chur chun cinn trína thoscaireachtaí agus trína ghníomhaithe ar an láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhfuil filleadh na Stát Aontaithe ar Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) tábhachtach don chomhar domhanda maidir le dúshláin thrasnáisiúnta, lena n-áirítear iarrachtaí taidhleoireachta coiscthí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go bhfuil an ais mhéadaitheach idir an Rúis, an tSín agus an Iaráin ag ionstraimiú eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe comhlachtaí na Náisiún Aontaithe, chun an dlí idirnáisiúnta a chreimeadh agus iad a chur faoi bhun a leasanna, rud atá ag teacht salach níos mó agus níos mó ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an ord domhanda riailbhunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí go leagtar síos leis an taidhleoireacht aeráide an t-athrú aeráide mar ghné den bheartas gníomhaíochta seachtraí agus á thabhairt chun suntais gur gá cuspóirí aeráide a chomhtháthú agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide ar an leibhéal taidhleoireachta is airde agus ar fud na réimsí beartais uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí gur féidir ról lárnach a bheith ag comhar leis na Ballstáit, le hinstitiúidí, le comhpháirtithe trasatlantacha agus idirnáisiúnta, le tíortha is iarrthóirí AE agus le tíortha eile trí uirlisí, faisnéis agus cleachtais a mhalartú maidir le huirlisí taidhleoireachta coiscthí AE a uasghrádú agus a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí gur deis don chomhphobal idirnáisiúnta agus AE san áireamh, an méadú a tháinig le déanaí ar an teannas idir Veiniséala agus an Ghuáin maidir le réigiún Essequibo, chun gníomhaíocht taidhleoireachta choisctheach phráinneach a dhéanamh sula dtiocfaidh géarú breise ar an ábhar;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt don nasc láidir idir beartas inmheánach agus seachtrach an Aontais agus gnéithe slándála agus an méid sin a léiriú ina gcur chuige maidir le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, agus gur cheart taidhleoireacht choisctheach a bheith ann laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon; leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le Conradh Liospóin chun na sásraí comhordúcháin atá ann cheana a neartú;  a aithint gur gá deireadh a chur leis an léirmhíniú cúng ar an tslándáil agus tús a chur leis an bplé le choincheap nach ndéanann faillí ar thosca amhail guaiseacha comhshaoil, bagairt galar, ocras, éagóir shóisialta, bréagaisnéis agus foréigean;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>an urraim do chearta bunúsacha, bunreachtúla agus daonna, agus cosaint saoirsí sibhialta a chur i gcroílár an bheartais slándála inmheánaí agus seachtraí agus a iarrachtaí taidhleoireachta coiscthí, mar chumas an Aontais gníomhú mar ghníomhaí domhanda idirnáisiúnta, mar chomhpháirtí idirnáisiúnta iontaofa, mar bhróicéir macánta agus mar ghníomhaí inchreidte slándála agus cosanta, tá sé bunaithe ar a chumas na luachanna sin a chur chun cinn, agus a leasanna Eorpacha a shainiú, a dhearbhú agus a chosaint go réamhghníomhach sa domhan ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>uirlisí an Aontais chun coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta do nádúr athraitheach na gcoinbhleachtaí, lena n-áirítear mar thoradh ar an athrú aeráide agus ar thubaistí a eascraíonn as sin, ar éagobhsaíocht gheopholaitiúil, ar ghuaiseacha comhshaoil, ar bhagairt galar, ar ocras, ar éagóir shóisialta, ar theacht chun cinn teicneolaíochtaí nua, ar an rás domhanda d’amhábhair, ar neamhionannais atá ag dul i méid ar fud an domhain agus ar ghanntanas bia, agus measúnú leanúnach á dhéanamh ar dhúshláin dhomhanda atá ag teacht chun cinn agus an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil a chur chun cinn go héifeachtach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>feabhas a chur ar a ról agus ar a rannpháirtíocht fhóinteach sna próisis chun coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, chomh maith le hidirghabháil maidir le cur chun feidhme chomhaontuithe an maidir le sos comhraic a shocraigh AE chun feidhmiú éifeachtúil na n-ionstraimí arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas a áirithiú agus chun an dul chun cinn inláimhsithe a éascú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>leas iomlán a bhaint as na modhanna atá ar fáil dóibh chun coinbhleachtaí a chosc, cosc agus réiteach coinbhleachtaí an Aontais a ailíniú, na huirlisí a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir lena chlár oibre geopholaitiúil agus luachanna an Aontais agus gníomhú mar ráthóir ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe sos comhraic arna n-idirghabháil ag an Aontas agus idirghabhálaí atá cothrom agus a bhfuil cur chuige bunaithe ar luachanna aige nó aici le linn géarchéimeanna agus coinbhleachta ar fud an domhain, i bhfianaise go bhfuil cáil ar AE mar gheall ar a dhlisteanacht, a chreidiúnacht, a neamhchlaontacht agus a chuimsitheacht; a áirithiú go n-urramófar ceannasacht tíortha in aon ghníomh taidhleoireachta coiscthí; a mheabhrú gur cheart go mbeadh ról tábhachtach taidhleoireachta ag AE chun deireadh a chur leis na coinbhleachtaí ar fud an domhain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>uirlisí taidhleoireachta coisctheacha an Aontais a chomhtháthú i sásraí agus i ngníomhaíochtaí coisctheacha struchtúracha, amhail, mar shampla, comhaontuithe polaitiúla i measc gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le coinbhleachtaí, idirphlé náisiúnta le haghaidh an athmhuintearais, cothú na síochána agus an cheartais idirthréimhsigh, chomh maith le coimisiúin um fhírinne agus um athmhuintearais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>an oidhreacht chultúrtha a chomhtháthú i gcur chuige foriomlán an Aontais maidir le bainistiú géarchéime, mar chomhpháirt thrasghearrthach de na gníomhaíochtaí uile laistigh de bhosca uirlisí an Aontais le haghaidh coinbhleachtaí agus géarchéimeanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>go n-iarrfar ar na Ballstáit a leasanna aonair a chur i leataobh i gcaidreamh seachtrach agus acmhainneacht chomhpháirteach a fhothú le chéile maidir le coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>sraith rialacha soiléire agus praiticiúla a fhorbairt maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ionadaíocht ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ó Uachtarán an Choimisiúin agus ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus comhsheasmhacht a sainorduithe a áirithiú; feabhas a chur ar chumais idirghabhála AE trí mhisin, fiosrúcháin agus imscrúduithe polaitiúla agus aimsithe fíoras a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>comhlántacht éifeachtach agus cur chuige comhchuibhithe leis an bParlaimint a áirithiú agus comhoibriú go dlúth le gníomhaíochtaí taidhleoireachta coiscthí na Parlaiminte, mar go rannchuidíonn taidhleoireacht pharlaiminteach agus gníomhaíochtaí na Parlaiminte ina leith sin, amhail a misin oifigiúla chuig tíortha nach bhfuil san Aontas agus chuig fóraim iltaobhacha, le cearta an duine, caighdeáin dhaonlathacha agus iolrachas polaitiúil a chur chun cinn ar fud an domhain, chomh maith le coinbhleachtaí a chosc agus síocháin a chothú; measúnuithe bliantúla ar ghníomhaíochtaí AE a bhaineann le taidhleoireacht choisctheach ar fud an domhain a chur faoi bhráid na Parlaiminte, chomh maith le hathbhreithnithe ar Chóras Réamhrabhaidh coinbhleachta AE nuair is iomchuí;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuiscint ar an gcomhthéacs áitiúil agus cultúrtha</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>feabhas a chur ar thuiscint an Aontais ar chomhthéacsanna áitiúla, stairiúla, polaitiúla, geografacha, reiligiúnacha, comhshaoil, cearta mionlaigh, sóisialta agus cultúrtha agus infheistíocht a dhéanamh chun na scileanna riachtanacha a chothú i measc fhoireann SEGS atá ag obair ar choinbhleachtaí a chosc agus a réiteach agus ar son sin a bhaint amach, chomh maith le hidirghabháil agus comhaontuithe sos comhraic a chur chun feidhme agus chun treoir a fhorbairt i ndáil leis sin; feabhas a chur ar an tuiscint ar bhunchúiseanna na coinbhleachta agus aghaidh a thabhairt orthu chun coinbhleacht a chosc ó theacht chun cinn agus ó leathadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>cór taidhleoireachta an Aontais agus a Bhallstát a éagsúlú chun a áirithiú go rachaidh an éagsúlacht dhéimeagrafach agus cuimsiú mionlach chun tairbhe an phróisis taidhleoireachta ó pheirspictíochtaí eimpíreacha agus normatacha araon;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>cúnamh cothaithe stáit a oiriúnú do chomhthéacs cultúrtha, stairiúil, áitiúil, socheacnamaíoch, comhshaoil agus polaitiúil na tíre ábhartha a bhfaigheann é agus go dtabharfar é cothrom chun dáta go leanúnach mar fhreagairt ar na dálaí ar an talamh trí anailís pholaitiúil dhian mhionsonraithe do fhreagairt choiteann straitéiseach; cumarsáid oscailte agus comhairliúchán a chothú le geallsealbhóirí áitiúla agus le gach cuid den tsochaí sa tír ábhartha, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcomhthéacs áitiúil agus cultúrtha, muinín a chothú, caidreamh idir daoine a spreagadh agus faisnéis luathrabhaidh a bhailiú i limistéir atá buailte;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>a iarraidh ar an gComhairle Eorpach agus ar SEGS infheictheacht an Aontais a fheabhsú tuilleadh i dtíortha eile nach bhfuil san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta eile agus taidhleoireacht chultúrtha an Aontais agus gné agus gníomhaíochtaí an Aontais maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a neartú mar ionstraim ábhartha don tsíocháin, do chothú na síochána agus do chosc coinbhleachtaí, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, agus breisluach an Aontais a léiriú agus comhar agus caidreamh leis na tíortha sin agus leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta a chur chun cinn;  an ghné a bhaineann le cosaint na hoidhreachta cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna a úsáid agus a leathnú mar ghné a chuireann le forbairt na síochána, an athmhuintearais agus na comhthuisceana, agus idirphlé idirchultúrtha i limistéir choinbhleachta agus iarchoinbhleachta; tacaíocht an Aontais a mhéadú d’earnálacha cruthaitheacha agus ealaíne tíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear cúnamh maidir le fothú acmhainneachta; comhchruthú cultúrtha a chur chun cinn idir tíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí mhalartuithe cultúrtha agus cónaitheachtaí ealaíontóirí a chothú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>an cur chuige inscne-fhreagrúil a neartú ina ghníomhaíochtaí taidhleoireachta coiscthí, d’fhonn cearta na mban agus na gcailíní a chosaint níos fearr agus a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí sin a mhéadú; comhionannas inscne a áirithiú i measc ionadaithe speisialta agus toscairí speisialta i gcomhréir leis an gcreat beartais maidir le comhionannas inscne, go háirithe Plean Gníomhaíochta III maidir le hInscne agus Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025; Cur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus an Plean Gníomhaíochta maidir le hInscne a chur chun feidhme go héifeachtach chun síocháin agus slándáil inbhuanaithe mharthanach a bhaint amach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>anailís choinbhleachta inscne-fhreagrúil a fhorbairt agus a chomhtháthú, ar anailís í atá íogair don chomhthéacs áitiúil agus lena n-aithnítear cúiseanna inscneacha agus tionchar inscneach na coinbhleachta, sna toimhdí pleanála uile chun iarrachtaí coisctheacha a neartú agus chun na rioscaí a bhaineann le coinbhleacht a atosú a mhaolú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>rannpháirtíocht na mban agus táscairí inscne-fhreagrúla a áireamh i ngach próiseas luathrabhaidh, cosc coinbhleachtaí agus iarrachtaí luathfhreagartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na ‘taidhleoireachta oideachais’ mar ionstraim bhunúsach laistigh den taidhleoireacht choisctheach, go háirithe clár Erasmus + an Aontais; gníomhaíochtaí oideachais a fhorbairt laistigh den chreat sin le tíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí Erasmus+; glacadh malartuithe mac léinn agus cuairteanna mac léinn ar shuíomhanna cuimhne stairiúla i dtíortha nach bhfuil san Aontas a chur chun cinn agus é mar aidhm idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>súil a choinneáil ar ilroinnt réigiúnach agus anailísí coinbhleachta réigiúnacha a dhréachtú, agus é mar aidhm leis sin bagairtí trasnáisiúnta agus teannas idirstáit a mheasúnú agus a chosc, chomh maith le hiarmhairtí atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Córas Réamhrabhaidh coinbhleachta AE</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>a áirithiú go mbeidh Córas Réamhrabhaidh coinbhleachta an Aontais réamhghníomhach go leor, go gcuirfear na hacmhainní is gá ar fáil dó agus go mbeidh sé bunaithe ar anailís réamhbhreathnaitheach, chuimsitheach agus stóinsithe ar fhachtóirí riosca a bhíonn i gcomhchoibhneas go minic le hualach an fhoréigin, chomh maith le huirlisí bainistíochta lena ndéantar cásanna ina bhfuil baol coinbhleachta foréigní ann a shainaithint, a mheasúnú agus tosaíocht a thabhairt dóibh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>toscaireachtaí an Aontais a rannpháirtiú go dlúth agus go córasach i dtíortha agus i réigiúin atá i mbaol coinbhleachta nó atá ag déileáil le coinbhleachtaí calctha agus atá fós gan réiteach maidir le faireachán a dhéanamh ar an staid ar an láthair agus cur le Córas Réamhrabhaidh coinbhleachta an Aontais; tacú le rochtain dhaonnúil iomlán gan bhac agus urraim don dlí idirnáisiúnta agus taidhleoireacht choisctheach á feidhmiú i gcoinbhleachtaí calctha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>measúnú a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach le Córas Réamhrabhaidh coinbhleachta an Aontais agus coigeartuithe a mholadh chun é a dhéanamh níos éifeachtaí ionas gur féidir leis tosca riosca struchtúracha a shainaithint agus a chur ar chumas lucht ceaptha beartas freagairtí straitéiseacha tráthúla a fhorbairt chun rioscaí a mhaolú agus chun deiseanna a shainaithint maidir le coinbhleachtaí a chosc;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>a áirithiú go gcomhoibreoidh an sásra sin go dlúth le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (INTCEN), le Lárionad Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS agus leis an Lárionad Satailítí mar gheall ar an ngá atá le sreabhadh ábhartha faisnéise ina leith sin; INTCEN AE agus Lárionad Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS a neartú trína bhfoireann, a n-acmhainní airgeadais agus a gcumais a mhéadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>dlúthchomhar a bhunú le hoifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile ar an láthair, go háirithe ECAT, chun faisnéis a chomhthiomsú i gcomhthéacs iarrachtaí luathrabhaidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>feabhas a chur i gcónaí ar phrótacail slándála na seirbhísí a oibríonn ar fhaisnéis agus/nó le faisnéis íogair;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról ionadaithe agus toscairí speisialta sa taidhleoireacht choisctheach, a gcuntasacht agus forléargas ar a bhfuil bainte amach acu i bpróisis réitigh coinbhleachta</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>cúlraí áitiúla, cultúrtha agus stairiúla a chur san áireamh agus ionadaithe agus toscairí speisialta á gceapadh chun teacht chun cinn conspóide a sheachaint i réigiúin ina bhfuil coinbhleachtaí dá mba rud é gur Ballstát a bhfuil naisc stairiúla aige leis an réigiún lena mbaineann a dhéanfadh an ceapachán a d’fhéadfadh an tuiscint atá ag daoine orthu mar bhróicéir macánta a chur i mbaol; cuirfear san áireamh a ríthábhachtaí atá sé go gcuirfí eolas ceart ar na hionadaithe sin agus go gcuirfí oiliúint chuí orthu sa réimse a ndéanfaidh siad measúnú air;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>measúnú críochnúil a dhéanamh, lena n-áirítear grinnscrúdú sa Pharlaimint, ar na tionscnaimh arna ndéanamh ag ionadaithe speisialta agus toscairí AE, chomh maith lena dtorthaí agus ar an gcaoi a bhfuil siad ag rannchuidiú le taidhleoireacht choisctheach, le próisis chun coinbhleachta a réiteach nó le cur chun feidhme comhaontuithe maidir le sos comhraic a shocraigh AE, i gcás inarb ábhartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>measúnuithe críochnúla rialta a chur ar fáil ar chuntasacht ionadaithe speisialta agus thoscairí an Aontais de bhun a sainorduithe, agus forléargas a thabhairt ar na tionscnaimh atá déanta acu agus ar na torthaí a bhain siad amach sna próisis chun coinbhleachtaí a réiteach, chomh maith le hidirghabháil maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe maidir le sos comhraic a shocraigh AE;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>feabhas a chur ar thrédhearcacht agus grinnscrúdú parlaiminteach na hoibre arna déanamh ag ionadaithe agus toscairí speisialta AE trí thuarascálacha rialta agus sonraithe a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa maidir lena ngníomhaíochtaí agus lena n-éachtaí de bhun a sainorduithe; caidreamh níos dlúithe a chur chun cinn idir ionadaithe agus toscairí speisialta AE agus an Pharlaimint i bhfianaise na n-iarrachtaí taidhleoireachta idirpharlaiminteacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>a áirithiú nach féidir ceapachán ionadaithe speisialta AE, toscairí speisialta AE agus ambasadóirí AE a dheimhniú ach amháin tar éis don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha i bParlaimint na hEorpa measúnú dearfach a dhéanamh;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceachtanna a foghlaimíodh ó réiteach coinbhleachta agus ó choinbhleachtaí calctha faoi idirghabháil AE</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus ó chomhaontuithe sos comhraic a shocraigh AE, chomh maith le coinbhleachtaí calctha agus atá fós gan réiteach</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>staidéar a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó réamhghníomhaíochtaí an Aontais, deiseanna a ligeadh amú maidir le taidhleoireacht choisctheach agus an méid atá bainte amach aige sa phróiseas chun coinbhleachta a réiteach go síochánta, mar shampla, i réigiún na Saiheile, in Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice, sna Balcáin Thiar, sa Chugas Theas, sa Chipir, i dTuaisceart Éireann, san Afganastáin, sa Mheánoirthear, sa Mholdóiv agus san Úcráin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(af)</SYMBOL>cosc a chur, amach anseo, ar na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag misin an Aontais i réigiúin choinbhleachta a chur ar fionraí roimh am, chomh maith le leanúint de mhisin atá thar a bheith neamhéifeachtach nó iad siúd a d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha polaitiúla agus slándála a bheith acu;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>bosca uirlisí na taidhleoireachta coiscthí de mhisin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata an Aontais a leathnú, chomh maith lena n-acmhainneacht agus a n-oiliúint foirne chun cásanna ar an láthair a thuar agus freagairt dóibh ar bhealach níos tapúla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ah)</SYMBOL>a áirithiú go nglacfaidh an tAontas ról níos gníomhaí chun tacú le gach céim den phróiseas faoi stiúir na Náisiún Aontaithe maidir le fadhb na Cipire, agus gach modh iomchuí ar fáil dó, lena n-áirítear trí thoscaire de chuid an Aontais a cheapadh, d’fhonn teacht ar réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire, laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus i gcomhréir leis na prionsabail ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe agus leis an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ai)</SYMBOL>leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ón easpa dul chun cinn i gcur chun feidhme na gcomhaontuithe maidir le sos comhraic a shocraigh AE, lena n-áirítear Comhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008 idir an Rúis agus an tSeoirsia faoi idirghabháil AE;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aj)</SYMBOL>béim a leagan ar an ngá atá ann go mbeidh ról gníomhach ag an Aontas cibé áit a ndéantar sárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ak)</SYMBOL>go n-áiritheofar cur chuige comhorduithe idir AE agus a Bhallstáit chun coinbhleachtaí a chosc agus síocháin a chothú, seachas an méid a tharla san Afganastáin ina raibh siad ag obair i gcomhthreo le chéile i réigiúin dhifriúla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(al)</SYMBOL>go gcuirfear le cumas AE anailís dhian agus leanúnach a dhéanamh ar an staid pholaitiúil agus slándála i réigiúin ghéarchéime agus í a thuar agus go ndéanfar freagairt AE a oiriúnú do réaltachtaí athraitheacha ar an láthair, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeidh pointe fócasach freagrach ann le haghaidh anailís choinbhleachta i ngach toscaireacht de chuid an Aontais; comhlántacht a áirithiú idir iarrachtaí ar an láthair agus iarrachtaí taidhleoireachta idir rialtais, ionadaithe agus gníomhaithe ábhartha eile ar leibhéal an stáit;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(am)</SYMBOL>measúnú a dhéanamh ar céard a bhí in easnamh in iarrachtaí taidhleoireachta coiscthí an Aontais sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin chun an teannas mar gheall ar roscaireacht ghríosaitheach agus gníomhartha scarthacha a bhaineann an bonn dá thoilmhianta Eorpacha; a áitiú ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin comhaontú polaitiúil comhchoiteann a aimsiú go práinneach chun an moladh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 a chomhlíonadh agus a bheith in ann tús a chur le caibidlíocht aontachais roimh mhí an Mhárta 2024, agus an staid gheopholaitiúil luaineach agus na hiarrachtaí chun tionchair mhailíseacha sheachtracha sa réigiún a chosc á gcur san áireamh freisin, rud a réiteoidh an bealach do bhuansíocháin agus buanchobhsaíocht sa tír agus sa réigiún; á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh ón gComhairle Eorpach an 14-15 Nollaig 2023 tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin nuair a bheidh critéir bhallraíochta an Aontais á gcomhlíonadh aici; ag fanacht go fonnmhar ar an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn agus ag súil léi tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2024;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(an)</SYMBOL>misean EUFOR Althea sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a leathnú agus a bhosca uirlisí maidir le cosc coinbhleachtaí a neartú; a thabhairt faoi deara gurb é an misean síochánaíochta agus cothaithe síochána is rathúla a bhí ag an Aontas go dtí seo, ar misean é lenar coinníodh an chobhsaíocht sa réigiún agus lenar cuireadh le timpeallacht shábháilte shlán sa tír;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ao)</SYMBOL>sásra a chur ar bun chun cur chun feidhme na gcomhaontuithe uile arna dtabhairt i gcrích idir an tSeirbia agus an Chosaiv go dtí seo a fhíorú agus a áirithiú, agus go ndéanfar tuairisciú don Pharlaimint go tréimhsiúil chun a áirithiú go seachnófar teannas breise agus chun go soláthrofar idirghabháil agus iarrachtaí éascaithe níos éifeachtaí idir na páirtithe, lena n-áirítear trí níos mó acmhainní a leithdháileadh ar an idirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag AE agus chun an próiseas idirphlé a dhéanamh níos dírithe ar na saoránaigh, agus é mar aidhm leis an tsáinn atá ann faoi láthair a shárú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ap)</SYMBOL>féachaint le teacht ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na hiarrachtaí taidhleoireacht coiscthí ar theip orthu idir an Airméin agus an Asarbaiseáin a raibh oibríocht mhíleata na hAsarbaiseáine sa Nagarna-Carabaic mar thoradh orthu agus staideanna cosúil leis an gceann le linn chogadh 2020 agus ina dhiaidh, nuair a theip ar chreat idirphlé idirnáisiúnta ESCE, nuair nach raibh seasamh éighníomhach an Aontais leordhóthanach chun cosc a chur ar fhilleadh ar choinbhleacht fhoréigneach agus chun nach mbeadh tionchar chomh mór céanna ag gníomhaithe réigiúnacha eile, amhail an Rúis, an Iaráin agus an Tuirc, ar ghníomhaithe réigiúnacha eile, amhail an Rúis, an Iaráin agus Türkiye, a leanann dá dtionchar a fheidhmiú agus de thionchar AE sa réigiún a laghdú agus éifeacht iarmhartach na hAirméine san Airméin a chosc; freagairt don éagobhsaíocht i mór-réigiún Chugas Theas agus iarrachtaí taidhleoireachta an Aontais a neartú i gcomhthéacs Phlé Idirnáisiúnta na Ginéive agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Rúis a hoibleagáidí faoi chomhaontú an 12 Lúnasa 2008 maidir leis an sos comhraic a shocraigh AE, go háirithe a fórsaí forghabhála a tharraingt siar ó réigiúin na hAbcáise agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aq)</SYMBOL>aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na coinbhleachta idir Iosrael agus an Phalaistín, coinbhleacht atá ann le fada, ar measa fós í mar gheall ar an ionsaí uafásach sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, as ar eascair frithionsaí ag Iosrael, agus a bhfuil na mílte taismeach ar an dá thaobh agus fulaingt ollmhór sibhialtach neamhurchóideach tar éis eascairt as an dá ionsaí; iarrachtaí a threisiú, i gcomhar lena chomhpháirtithe sa réigiún agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, don réiteach caibidlithe arb é dhá stát sa chomhthuiscint idirnáisiúnta go dtugann sé sin an deis is fearr chun teacht ar réiteach síochána inmharthana, agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur leis an bhforéigean athfhillteach agus a chur ar chumas mhuintir Iosrael agus mhuintir na Palaistíne maireachtáil faoi shlándáil, faoi shaoirse, faoi dhínit agus le cearta comhionanna; a áirithiú go bhféachfar ar AE mar idirghabhálaí agus mar bhróicéir macánta, ag seasamh leis an dlí idirnáisiúnta chun ról níos éifeachtaí a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ar)</SYMBOL>rannpháirtíocht an Aontais san idirghabháil, i gcothú na síochána agus i réiteach coinbhleachtaí a chur chun cinn, amhail i bpróiseas síochána na Colóime, cás ina raibh tacaíocht an Aontais dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na coinbhleachta, lena n-áirítear neamhionannais agus sáruithe ar chearta an duine, trí iarrachtaí athmhuintearais, trí fhorbairt chríochach eacnamaíoch trí lánpháirtiú tuaithe agus trí idirphlé polaitiúil il-leibhéil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(as)</SYMBOL>tús áite a thabhairt don taidhleoireacht chiúin mar an rogha uirlise agus tionscnaimh choisc á ndéanamh, an bhearna luathrabhaidh a shárú, éifeachtacht an chomhair le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile a mhéadú agus comhordú laistigh den Aontas a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le hábhair shibhialta-mhíleata agus úinéireacht áitiúil ar thionscnaimh an Aontais a mhéadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(at)</SYMBOL>leas a bhaint as taithí an Aontais agus as dea-chleachtais na dtíortha nach bhfuil san Aontas maidir le comhar trasteorann mar ionstraim an-úsáideach chun síocháin inbhuanaithe a chothú agus coinbhleachtaí a réiteach idir comharsana, go háirithe tar éis coinbhleachtaí a chobhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(au)</SYMBOL>clár oibre/comhdhlúithe/treoirlínte AE a fhorbairt don tsíocháin agus don taidhleoireacht faoi choimirce an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(av)</SYMBOL>Comhairleoirí Síochána agus Coinbhleachta a ainmniú a chomhordóidh obair rannóga polaitiúla, preasa agus faisnéise agus comhair na dtoscaireachtaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aw)</SYMBOL>meitheal de chuid na Comhairle um chosc agus um idirghabháil a chruthú chun plé a dhéanamh ar thosaíocht na ndeiseanna le haghaidh rannpháirtíocht choisctheach, chomh maith le hanailís, obair leantach agus faireachán a eascraíonn as sin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ax)</SYMBOL>uasghrádú institiúideach a mholadh trí Mhol nua Síochána agus Cosc a ghníomhóidh mar phointe iontrála aonair le haghaidh cúrsaí coisc laistigh de SEGS, comhar réigiúnach feabhsaithe agus cumas méadaithe chun dul i ngleic le hábhair a bhaineann le coinbhleacht, síocháin, cosc agus taidhleoireacht;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíochtaí agus comhordú idirnáisiúnta a neartú</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ay)</SYMBOL>comhpháirtíochtaí agus comhordú maidir le taidhleoireacht choisctheach a neartú le gníomhaithe idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha, amhail na Náisiúin Aontaithe, ESCE agus a Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ECAT, an tAontas Afracach agus a chomhpháirteanna réigiúnacha, eagraíochtaí réigiúnacha Afracacha (amhail ECOWAS), Eagraíocht na Stát Meiriceánach agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas; á thabhairt dá haire go bhféadfadh comhordú neartaithe maidir le coinbhleachtaí a chosc ar fud an domhain a bheith mar thoradh ar chomhpháirtíocht níos dlúithe leis na Náisiúin Aontaithe agus a chomhlachtaí, go háirithe an Coimisiún um Chothú na Síochána;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(az)</SYMBOL>cur chuige comhordaithe, dinimiciúil agus iltaobhach a áirithiú maidir le luathrabhadh, cosc coinbhleachtaí agus idirghabháil idir an tAontas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, amhail na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún um Chothú na Síochána, Comhairle na hEorpa, ECFE agus ESCE; a áirithiú go ndéanfaidh toscaireachtaí an Aontais idirchaidreamh leanúnach le sásraí allamuigh na Náisiún Aontaithe amhail Comhordaitheoir Cónaitheach na Náisiún Aontaithe ar an láthair nuair is ábhartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ba)</SYMBOL>úsáid a bhaint as bealaí taidhleoireachta agus comhoibriú le hardáin iltaobhacha síochána chun caidrimh réamhaíochta a neartú agus a chomhdhlúthú sula dtiocfaidh coinbhleachtaí chun cinn, go háirithe Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chothú na Síochána agus an Roinn um Ghnóthaí Polaitiúla agus um Chothú na Síochána, Idirphlé Idirnáisiúnta ECFE maidir le Cothú na Síochána agus Cothú Stáit agus Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí ESCE;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bb)</SYMBOL>a athdhearbhú gur cheart don chomhpháirtíocht idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe leas a bhaint as na rúin agus na ceachtanna atá foghlamtha cheana chun coinbhleachtaí a chosc agus oibriú le chéile chun beartais nua a chruthú trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartú cleachtas; béim a leagan ar an ról ríthábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhordú sin maidir le straitéisí chun coinbhleachtaí a chosc;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bc)</SYMBOL>is díol sásaimh dóibh Clár Oibre Nua na Náisiún Aontaithe don tSíocháin agus ról agus gníomhaíochtaí Choimisiún Chothú na Síochána maidir le cearta an duine a chosaint agus maidir le cothú na síochána; a mholadh go gcomhordófaí straitéisí náisiúnta chun coinbhleachtaí a chosc le SEGS agus a gcur i láthair maidir le clár oibre an Choimisiúin um Chothú na Síochána chomh maith le comhar níos láidre leis na Náisiúin Aontaithe; á thabhairt dá haire go bhféadfadh na malartuithe sin agus comhpháirtíocht níos fearr le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus réigiúnacha rannchuidiú go mór le coinbhleachtaí a chosc i réimsí a bhaineann le leas an Aontais, agus trí mhisin choisctheacha níos lú a d’fhéadfadh measúnú a dhéanamh ar éagobhsaíochtaí tar éis do mhisin shibhialta tarraingt siar ó thíortha atá buailte ag coinbhleacht nó ó thíortha a bhféadfadh riosca coinbhleachta a bheith ag baint leo, agus é de mhisean acu tosca a chuireann an tslándáil agus an tsábháilteacht i mbaol a bhaint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bd)</SYMBOL>a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an ranníocóir is mó le córas na Náisiún Aontaithe agus go nglacfaidh sé poist cheannaireachta sna Náisiúin Aontaithe, i gcomhréir le méid a ranníocaíchtaí leis an eagraíocht, rud a chumhdaíonn 30 % dá chostais agus 33 % den chaiteachas le haghaidh misin síochánaíochta NA;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(be)</SYMBOL>leas a bhaint as ionadaíocht an Aontais ag ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, i Vín, sa Ghinéiv agus in Nairobi chun dul i dteagmháil go gníomhach le Ballstáit eile de chuid na Náisiún Aontaithe chun an t-ord taidhleoireachta idirnáisiúnta riailbhunaithe atá bunaithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn agus a chosaint, mar aon le córas iltaobhach dea-fheidhmiúil athchóirithe a bhfuil NA cuimsitheach agus éifeachtach ina chroílár;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bf)</SYMBOL>malartuithe faisnéise struchtúrtha, scanadh ionchais comhpháirteach, fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus anailísí coinbhleachta atá freagrúil ó thaobh inscne de a shaothrú chun ailíniú idir AE agus a chomhpháirtithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de a áirithiú; a thabhairt dá haire go bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin an tAontas a thabhairt níos gaire do bheith ina phríomhghníomhaí i gcosc agus réiteach coinbhleachtaí ar fud an domhain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bg)</SYMBOL>á aithint a thábhachtaí atá eagraíochtaí creideamhbhunaithe mar ghníomhaithe i réiteach coinbhleachta agus san idirghabháil, rud a fhágann gur comhpháirtithe iad don taidhleoireacht choisctheach; ag cáineadh, sa chomhthéacs sin, ionsaithe ar ghníomhaithe creideamhbhunaithe, go háirithe príosúnacht easpag agus sagart i Nicearagua, lena n-áirítear an Moinsíneoir Rolando Álvarez, a bhí ina chraobhiomaitheoir do Dhuais Sakharov</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bh)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt do ról na n-eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha, na ngeallsealbhóirí sna Ballstáit, na gcomhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus na ngníomhaithe rannpháirteacha eile lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe neamhrialtasacha eile mar phríomhghníomhaithe sa chosc agus san idirghabháil éifeachtach agus sa réiteach éifeachtach, lena n-áirítear mná agus an óige, agus mar ghníomhaithe síochána trína gcaidrimh stairiúla agus daoine aonair a bhfuil dea-theist orthu a úsáid chun na géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bi)</SYMBOL>páirt ghníomhach chuimsitheach a thabhairt do dhaoine óga sna hiarrachtaí agus sa chomhar chun coinbhleachtaí a chosc agus chun an tsíocháin a chaomhnú, agus Plean Gníomhaíochta an Aontais don Óige a chur chun feidhme i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena dtacaítear le cur chun feidhme Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bj)</SYMBOL>a ráthú go n-oibreoidh toscaireachtaí AE le pointe fócasach maidir le coinbhleachtaí a chosc agus síocháin a chothú; a áirithiú go gcuirfidh toscaireachtaí AE, agus go háirithe na pointí fócasacha thuasluaite, faisnéis ón láthair ar fáil go leanúnach do Chóras Réamhrabhaidh coinbhleachta AE, do INTCEN AE agus do Lárionad Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bk)</SYMBOL>dlús a chur leis na hiarrachtaí i gcoinne na bréagaisnéise, na mífhaisnéise agus oibríochtaí trasnaíochta eachtraí ó ghníomhaithe mailíseacha atá ag iarraidh coinbhleachtaí a chothú agus deighilt a dhéanamh ar phobail, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díchobhsú réigiún ina n-iomláine; comhar a threisiú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, amhail ECAT, maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise, bagairtí hibrideacha agus cur isteach eachtrach ó thíortha nach bhfuil san Aontas, ar cuid bhunriachtanach den taidhleoireacht choisctheach é;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Taidhleoireacht choisctheach agus grúpaí leochaileacha nó grúpaí atá i mbaol </STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bl)</SYMBOL>leochaileachtaí sonracha i gcásanna coinbhleachta i ngrúpaí atá i mbaol a aithint, lena n-áirítear mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine i bpríosún – go háirithe príosúnaigh pholaitiúla – cosantóirí chearta an duine, iriseoirí agus daoine LADTIA;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bm)</SYMBOL>a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí taidhleoireachta coiscthí an Aontais a íogrú go leordhóthanach i leith na leochaileachtaí sin agus go dtabharfar aghaidh leo ar ábhair imní agus riachtanais ar leith na ngrúpaí atá i mbaol;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bn)</SYMBOL>na leochaileachtaí sonracha i staideanna coinbhleachta a mbíonn ar eagraíochtaí neamhrialtasacha aghaidh a thabhairt orthu ar an láthair a aithint, go háirithe na leochaileachtaí a bhíonn ag obair le pobail atá i mbaol agus maidir le cearta gnéis agus atáirgthe;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bosca uirlisí taidhleoireachta coiscthí an Aontais a fheabhsú </STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bo)</SYMBOL>feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú i gcásanna nach ann do chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun a sheasamh agus a thionchar geopholaitiúil a mhéadú maidir le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, agus ról an Aontais mar ghníomhaí níos réamhghníomhaí agus níos athléimní san ord idirnáisiúnta a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bp)</SYMBOL>an clár téamach um Shíocháin, Cobhsaíocht agus Cosc Coinbhleachtaí de chuid Ionstraim NDICI — an Eoraip Dhomhanda a neartú chun cur ar chumas an Aontais gníomhaíochtaí a chistiú ar bhealach níos fearr chun an tsíocháin, an chobhsaíocht agus cosc coinbhleachtaí a chur chun cinn; na cistí atá ar fáil chun coinbhleachtaí a chosc faoi chlár téamach NDICI — an Eoraip Dhomhanda don tréimhse go dtí 2027 a mhéadú, agus na hacmhainní riaracháin ábhartha a mhéadú (ISP.2) toisc go léireofaí leis sin na hathruithe móra ar an timpeallacht slándála, go háirithe, ó mhí Feabhra 2022 i leith;  an cur chuige maidir leis an nasc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin (‘nasc triarach’) a chur chun feidhme go pras chun tacú le hiarrachtaí chun coinbhleachtaí a chosc agus chun athléimneacht pobal a neartú i limistéir atá thíos le coinbhleachtaí calctha ina bhfuil leibhéil éagsúla leochaileachta, neamhshláine agus bochtaineachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bq)</SYMBOL>a mheabhrú nach féidir cosc coinbhleachtaí a ionstraimiú chun críocha slándála agus geopholaitiúla, a d’fhágfadh baol ann go mbeadh síocháin fhrith-tháirgiúil agus iarmhairtí slándála san fhadtéarma;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(br)</SYMBOL>cumas AE a neartú chun labhairt d’aon ghuth agus gníomhú mar ghníomhaí fíordhomhanda agus é ag freagairt ar ghéarchéimeanna trí na hathchóirithe is gá ar na próisis chinnteoireachta a chur chun feidhme;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bs)</SYMBOL>an ról atá ag taidhleoireacht aeráide an Aontais chun uaillmhian an Aontais maidir le taidhleoireacht choisctheach a bhaint amach a aithint; níos mó infheistíochta a dhéanamh chun tacú le pobail ar fud an domhain atá i mbéal an chatha san éigeandáil aeráide, agus ullmhú don mhéadú dosheachanta ar theagmhais adhaimsire chun an méadú dá réir sin ar na réamhchoinníollacha le haghaidh coinbhleachta agus foréigin a mhaolú;  aghaidh a thabhairt ar ról an ghanntanais acmhainní a bhaineann leis an aeráid agus na freagartha do thubaistí nádúrtha maidir le coinbhleachtaí a ghéarú, agus réitigh chuimsitheacha a chur ar fáil ar neamhshláine a bhaineann leis an aeráid agus le hacmhainní;  leas a bhaint as 28ú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28), agus go háirithe agus ‘an tSíocháin’ a bheith áirithe mar théama den chéad uair i mbliana, mar dheis chun an comhphobal idirnáisiúnta a stiúradh maidir leis an taidhleoireacht don tsíocháin agus don aeráid a chomhtháthú agus a ailíniú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bt)</SYMBOL>oibriú chun a áirithiú go nglacfaidh an tAontas ról ceannaireachta tábhachtach in oibríochtaí síochánaíochta, i ndéanamh síochána agus in idirghabháil, i gcosc coinbhleachtaí agus i neartú na slándála idirnáisiúnta ar fud an domhain trí naisc níos athléimní agus níos buaine a chothú le tíortha eile trína ionstraimí agus a shásraí, amhail an Tairseach Dhomhanda;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bu)</SYMBOL>a mheabhrú gur féidir cabhrú le féiniúlachtaí a chosaint, tuiscint fhrithpháirteach a fhorbairt agus bunchloch a leagan síos le haghaidh téarnamh inbhuanaithe, athmhuintearas agus síocháin mharthanach i dtimpeallachtaí iarchoinbhleachta trí dhíriú níos mó ar an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chaomhnú tar éis coinbhleachtaí; a thabhairt faoi deara gur féidir leis na cleachtais sin an bhunchloch a leagan síos do ghníomhaíochtaí taidhleoireachta coiscthí rathúla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bv)</SYMBOL>teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus leis an bParlaimint chun acmhainní airgeadais agus foirne SEGS a neartú, ag a cheanncheathrú agus maidr le toscaireachtaí AE araon, chun go mbeidh an tseirbhís in ann a cumais taidhleoireachta coiscthí a threisiú, i measc nithe eile, agus a bheith níos ullmhaithe chun dul i ngleic le dúshláin agus coinbhleachtaí domhanda atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bw)</SYMBOL>idirphlé Jean Monnet, an tIdirphlé Idirpharlaiminteach agus Próiseas an Idirphlé Pharlaimintigh a úsáid, lenar féidir rannchuidiú le cultúr parlaiminteach daonlathach a fhorbairt agus le coinbhleachtaí a chosc sna tíortha aontachais, go háirithe maidir leis an lasóg a bhaint den bharrach sa chaidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bx)</SYMBOL>a áitiú go méadófar an buiséad do ghníomhaíochtaí CBES agus d’ionstraimí iomchuí eile maidir le coinbhleachtaí agus freagairt ar ghéarchéimeanna chun gníomhaíochtaí agus cumais AE a mheaitseáil go hiomlán leis na dúshláin agus na coinbhleachtaí atá ann faoi láthair ar fud an domhain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(by)</SYMBOL>straitéis chuimsitheach de chuid an Aontais a fhorbairt le haghaidh taidhleoireacht choisctheach lena n-áirítear gníomhaíochtaí fadtéarmacha gealltanais agus tionscnaimh fhadtéarmacha le haghaidh tíortha nach bhfuil san Aontas i gcoinbhleachtaí;  forbairt struchtúr rialachais il-leibhéil a chothú le haghaidh tíortha nach bhfuil san Aontas atá buailte ag coinbhleacht, chomh maith lena lánpháirtiú laistigh d’eagraíochtaí réigiúnacha agus de struchtúir réigiúnacha, lena rannchuideofar le deireadh a chur leis na rudaí a spreagann foréigean nó le géarú coinbhleachta agus lena réiteach inbhuanaithe; breithniú a dhéanamh, i ndáil leis an méid sin, ar dhea-chleachtais ar fud an domhain agus tacú le gníomhaithe agus sásraí coisctheacha intíre tríd an tacaíocht pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais is gá a chur ar fáil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bz)</SYMBOL>Cur Chuige Comhtháite 2018 an Aontais i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha a neartú agus a nuashonrú agus aird ar leith á tabhairt ar choinbhleachtaí a chosc agus a réiteach lena gcomhcheanglaítear cur chun cinn agus cosaint chearta an duine, cearta daonnúla, forbairt, cothú na síochána agus cúnamh slándála, smachtbhannaí agus rannpháirtíocht taidhleoireachta, lena dtugtar aghaidh go hiomlán ar gach gné den choinbhleacht, lena n-áirítear i gcomhpháirtíocht le comhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ca)</SYMBOL>béim a leagan ar an ngá atá le Cór Síochána Sibhialta Eorpach a bhunú lena dtabharfar le chéile saineolas na ngníomhaithe institiúideacha agus neamh-institiúideacha maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le coinbhleachtaí a réiteach ar bhealach síochánta agus maidir le hathmhuintearas, d’fhonn bainistiú géarchéime sibhialtaí AE a dhéanamh níos inchreidte, níos comhleanúnaí, níos éifeachtaí, níos solúbtha agus níos infheicthe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(cb)</SYMBOL>breithniú a dhéanamh, d’ainneoin na gné polaitiúla agus na réiteach polaitiúil ar choinbhleachtaí, ar dhlíthíocht trí chúirt nó binse idirnáisiúnta, amhail an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó an Binse Idirnáisiúnta um Dhlí na Farraige, mar mhodh taidhleoireachta coiscthí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(cc)</SYMBOL>dlús a chur lena thaidhleoireacht phoiblí agus lena iarrachtaí infheictheachta agus lena fheachtais chumarsáide chun a áirithiú go bhféachfar ar an Aontas mar ghníomhaí síochána domhanda agus mar phríomh-gheallsealbhóir i dtaidhleoireacht choisctheach agus i gcothú na síochána, lena n-áirítear ar an gné a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc dá mhisin agus dá oibríochtaí, agus nach mbaintear an bonn dá ghníomhaíochtaí agus dá scéalta ratha mar gheall ar insintí bréagacha a scaiptear nó a mhaíonn gníomhaithe domhanda eile atá i láthair i réigiúin choinbhleachta; na hacmhainní is gá a leithdháileadh ar SEGS, agus go háirithe ar rannóg na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta de SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais chun cuimsitheacht agus comhleanúnachas a ngníomhaíochtaí comhair le tíortha comhpháirtíochta a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(cd)</SYMBOL>leanúint den taidhleoireacht choisctheach a ghairmiúlú trína áirithiú go bhfuil sí mar chuid de chlár oiliúna struchtúr buan thionscadal píolótach na Parlaiminte maidir le hAcadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ce)</SYMBOL>cuir le sásraí dea‑fheidhmiúla comhair atá ann cheana in AE, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus misin agus oibríochtaí CBSC, chun úsáid a bhaint as saineolas na mBallstát agus chun dúbláil iarrachtaí agus acmhainní a sheachaint; a chreidiúint gur cheart do na Ballstáit a bheith níos rannpháirtí i sainaithint na dtosaíochtaí maidir le cosc agus na roghanna gníomhaíochta, ar cheart go mbeadh comhroinnt agus comhordú feabhsaithe eatarthu mar thoradh orthu;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>