<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0035</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh - tuarascáil bhliantúil 2022</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0414/2023 -  Rapóirtéir: Peter Jahr)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2022 (2023/2120(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 15, 24(3) 228 agus 298(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 11, 41, 42 agus 43 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UN CRPD),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 253, 16.7.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chód Eorpach um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, arna ghlacadh ag an bParlaimint an 6 Meán Fómhair 2001,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chreat-Chomhaontú um Chomhar a tugadh i gcrích idir an Pharlaimint agus an tOmbudsman Eorpach an 15 Márta 2006 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 54 agus 142(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A9-0414/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cuireadh an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2022 faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte go foirmiúil an 28 Aibreán 2023 agus gur thíolaic an tOmbudsman, Emily O’Reilly, an tuarascáil don Choiste um Achainíocha sa Bhruiséil an 27 Meitheamh 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go dtugann Airteagail 20, 24 agus 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh údarás don Ombudsman Eorpach gearáin a ghlacadh a bhaineann le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus í ag gníomhú ina ról breithiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 15 CFAE ‘chun dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir’ agus ‘go mbeidh ag aon saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais’; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirtear seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus go bhfreagraíonn riarachán an Aontais dá riachtanais agus dá n-ábhair imní chun cearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 41 den Chairt maidir leis an gceart chun dea-riaracháin go bhfuil sé de cheart ag gach duine ‘go ndéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta’;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 43 den Chairt go bhfuil ‘ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach’;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 298(1) CFAE, go ‘[m]beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách’;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur oscail an tOmbudsman 348 bhfiosrúchán in 2022, agus go raibh 344 fhiosrúchán bunaithe ar ghearáin agus 4 fhiosrúchán féintionscnaimh, agus ag an am céanna gur dúnadh 330 fiosrúchán (325 fhiosrúchán bunaithe ar ghearáin agus 5 fhiosrúchán féintionscnaimh);
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, in 2022, gur bhain formhór mór de na fiosrúcháin leis an gCoimisiún (197 bhfiosrúchán nó 57,1 %), agus gur bhain an chéad líon is mó eile leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (22 fhiosrúchán nó 6,3 %), leis an bParlaimint (19 bhfiosrúchán nó 5,5 %), agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (16 fhiosrúchán nó 4,6 %); de bhrí gur mar seo a leanas a dáileadh na fiosrúcháin a bhí fágtha: an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (14 fhiosrúchán nó 4,3 %), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (7 bhfiosrúchán nó 2 %), institiúidí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais (46 fhiosrúchán nó 13,5 %), agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais (23 fhiosrúchán nó 6,7 %);
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, in 2022, gur bhain an céatadán is mó d’fhiosrúcháin an Ombudsman leis an gCoimisiún, a dtugtar aird phoiblí shuntasach ar a chuid gníomhaíochtaí riaracháin, ós rud é gurb é feidhmeannas an Aontais é;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, sna fiosrúcháin a dhún an tOmbudsman in 2022, nár thángthas ar aon drochriarachán in 37 % de na cásanna, gur shocraigh an institiúid réiteach i 46,1 % de na cásanna, nach raibh bonn cirt le tuilleadh fiosrúchán in 12,7 % de chásanna agus gur thángthas ar dhrochriarachán i 4,5 % de na cásanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurbh iad na trí ábhar imní ba mhó sna fiosrúcháin a dhún an tOmbudsman in 2022 ná trédhearcacht agus cuntasacht (e.g. rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid) (32 %), cultúr seirbhíse (20 %) agus urraim do chearta bunúsacha (15 %); de bhrí gur áiríodh ar ábhair imní eile úsáid chuí discréide (lena n-áirítear i nósanna imeachta um shárú), earcaíocht, dea-bhainistiú saincheisteanna pearsanra, urraim do chearta nós imeachta, bainistiú cuí ar nósanna imeachta um shárú, bainistíocht fhónta airgeadais, eitic agus rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, in 2022, gur iarr an tOmbudsman ar an gComhairle rochtain níos tapúla a thabhairt ar dhoiciméid reachtacha ionas gur féidir leis an bpobal páirt éifeachtach a ghlacadh sa phlé ar dhréachtdlíthe an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Ba cheart don Chomhairle rochtain phoiblí níos tapúla a thabhairt ar dhoiciméid reachtacha’, 29 Meitheamh 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur chinn an tOmbudsman<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Cinneadh maidir le diúltú an Choimisiúin Eorpaigh rochtain phoiblí a thabhairt ar theachtaireachtaí téacs arna malartú idir Uachtarán an Choimisiúin agus Príomhfheidhmeannach cuideachta cógaisíochta maidir le vacsaín COVID 19 a cheannach (cás 1316/2021/MIG)’, 12 Iúil 2022.</FIELD></FOOTNOTE>, <FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Cáineann an tOmbudsman an chaoi ar dhéileáil an Coimisiún le hiarraidh ar rochtain ar theachtaireachtaí téacs an Uachtaráin’, 28 Eanáir 2022.</FIELD></FOOTNOTE> go raibh drochriarachán ann, maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an Coimisiún le hiarraidh ar rochtain phoiblí ar theachtaireachtaí téacs idir a Uachtarán agus POF cuideachta cógaisíochta (Pfizer);
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán in 2022 faoin gcaoi a láimhseálann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ‘doirse imrothlacha’<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Osclaíonn an tOmbudsman fiosrúchán faoin gcaoi a láimhseálann BCE ‘doirse imrothlacha’, 3 Márta 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach ar na moilleanna sistéamacha agus suntasacha maidir leis an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid; de bhrí gur chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán i mbealach an Choimisiúin chun déileáil le hiarrataí den sórt sin, go háirithe agus é ag déileáil le hiarrataí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí tosaigh (‘iarratais daingniúcháin’)<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Cinneadh maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (fiosrúchán straitéiseach OI/2/2022/OAM)’, 18 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, in 2022, go ndearna an tOmbudsman fiosrúcháin agus tionscnaimh straitéiseacha níos leithne maidir le saincheisteanna sistéamacha in institiúidí an Aontais, inar cumhdaíodh saincheisteanna eiticiúla, gluaiseachtaí ‘doirse imrothlacha’, cuntasacht sa chinnteoireacht, rochtain ar dhoiciméid agus cearta bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur eisigh an tOmbudsman moladh chuig an gComhairle in 2022 chun rochtain phoiblí iomlán a thabhairt ar na doiciméid reachtacha a iarradh, tar éis fiosrúcháin faoi dhiúltú na Comhairle déanamh amhlaidh i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí maidir leis an dréacht-Ionstraim um Margaí Digiteacha, ar ina dhiaidh sin a tháinig an tOmbudsman ar an gconclúid go raibh drochriarachán ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go ndearna Oifig an Ombudsman feasacht an phobail a ardú tuilleadh in 2022 maidir le ról an Ombudsman i ndáil le hardchaighdeáin chuntasachta agus trédhearcachta a choinneáil i riarachán an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur chinn an tOmbudsman comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le trédhearcacht agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol, i bhfianaise na héigeandála aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil agus éiceachórais, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chur chuige an Aontais, mar pháirtí i gCoinbhinsiún Aarhus, chun ardleibhéal rochtana poiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur thathantaigh an tOmbudsman ar an gCoimisiún in 2022 déileáil le hiarrataí ar dhoiciméid a bhaineann le cistí téarnaimh an Aontais ar bhealach níos comhsheasmhaí agus míniú níos fearr a thabhairt ar a réasúnú agus cinneadh á dhéanamh gan an fhaisnéis a iarradh a scaoileadh<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Iarrann an tOmbudsman go mbeadh trédhearcacht níos fearr ann maidir le cistí téarnaimh an Aontais’, 1 Nollaig 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán in 2022 maidir le diúltú an Choimisiúin rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann lena thogra le haghaidh rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Diúltú an Choimisiúin Eorpaigh rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann lena thogra le haghaidh Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (COM(2022) 197 críochnaitheach)’, osclaíodh an fiosrúchán an 28 Samhain 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, in 2022, gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an Coimisiún le hiarraidh ar rochtain phoiblí ar dhearbhuithe leasanna ó chomhaltaí a Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘An chaoi ar dhéileáil an Coimisiún Eorpach le hiarraidh ar rochtain phoiblí ar dhearbhuithe leasanna chomhaltaí a Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála’, cinneadh a eisíodh an 20 Nollaig 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur chuir an tOmbudsman i bhfios go láidir nach bhfuil rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí láidir ná soiléir go leor chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus gur cháin sí an Coimisiún as a ghrinnscrúdú criticiúil neamhleor sula ndámhtar conradh chun staidéar a dhéanamh ar chuspóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú i rialacha baincéireachta an Aontais le BlackRock Investment Management, cuideachta a bhainistíonn infheistíochtaí in earnálacha na mbreoslaí iontaise agus na baincéireachta, ar réimsí iad a thagann faoi na rialacha nua comhshaoil, sóisialta agus rialachais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas na tuarascála bliantúla do 2022 arna tíolacadh ag an Ombudsman Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tréaslú le Emily O’Reilly as a dea-obair agus as a hiarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar chleachtais riaracháin agus chun cuntasacht agus trédhearcacht iomlán institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chur chun cinn, chomh maith le rochtain ar dhoiciméid an Aontais a áirithiú do shaoránaigh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an comhar cuiditheach leanúnach idir an tOmbudsman Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus go háirithe an Coiste um Achainíocha, chomh maith le hinstitiúidí eile an Aontais; ag athdhearbhú a tiomantais tacú leis an Ombudsman agus a cuid dualgas á gcomhlíonadh aici;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tréaslú le hOifig an Ombudsman as feabhas suntasach a chur ar a ráta éifeachtúlachta maidir le fad an fhiosrúcháin i gcásanna dúnta, ar tháinig feabhas orthu ó 13 mhí ar an meán in 2013 go níos lú ná 6 mhí ar an meán in 2022; á chur i bhfios go láidir go gcumhdaítear leis na torthaí a baineadh amach roinnt réimsí de riarachán an Aontais a bhfuil acmhainní teoranta acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle caighdeáin trédhearcachta daonlathais pharlaimintigh agus rannpháirtíochta a chomhlíonadh go hiomlán, mar a cheanglaítear faoi na Conarthaí agus mar a d’iarr an tOmbudsman; á mheabhrú gur shonraigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais gur gné dhílis de phróiseas reachtach an Aontais iad prionsabail na poiblíochta agus na trédhearcachta agus go laghdaíonn an easpa trédhearcachta agus faisnéise muinín na saoránach as dlisteanacht phróiseas reachtach an Aontais ina iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle rochtain thráthúil a thabhairt do shaoránaigh ar a doiciméid reachtacha le linn nósanna imeachta reachtacha leanúnacha chun seasamh go hiomlán le ceart na saoránach atá bunaithe ar an gConradh páirt a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais, rud a chuirfeadh le muinín na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta foriomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh an fiosrúchán féintionscnaimh chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a idirghníomhaíochtaí le hionadaithe thionscal an tobac trédhearcach; á chur i bhfios go láidir gurbh ionann mainneachtain an Choimisiúin ina iomláine sonraí a fhoilsiú go réamhghníomhach maidir lena chruinnithe le brústocairí tobac agus drochriarachán, mar a léirigh an tOmbudsman ina réamhchinntí; á mheabhrú gur shínigh agus gur dheimhnigh an tAontas go foirmiúil Creat-Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus go bhfuil sé d’oibleagáid air cloí lena fhorálacha lena mbunaítear nár cheart idirghníomhaíochtaí le tionscal an tobac a dhéanamh ach amháin nuair is fíorghá leis ó thaobh rialála de, agus chun na hidirghníomhaíochtaí sin a dhéanamh trédhearcach, chun cosc a chur ar thionchar diúltach a bheith ag tionscal an tobac ar bheartais sláinte poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach go seolfaidh an tOmbudsman imscrúdú chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal neamhspleáchais Ghrúpa Comhairleach Thionscal Ardán Fuinnimh an Aontais arna bhunú ag an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag formhuiniú thoradh scrúdú an Ombudsman ar an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ag saineolaithe seachtracha a bhfuil baint acu le meastóireacht a dhéanamh ar thograí tionscadail faoin gCiste Eorpach Cosanta; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá sé measúnú críochnúil a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa sula gceapfar saineolaithe agus a áirithiú go ndéanfar oibleagáidí trédhearcachta agus eitice a chur chun feidhme go láidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún, mar fhreagairt ar thorthaí an Ombudsman tar éis a fiosrúcháin ar chás BlackRock, chun an Rialachán Airgeadais a leasú chun an rogha a chur san áireamh go ndiúltófaí do thairgeoirí má tá coinbhleacht leasa acu; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí an Ombudsman a chomhlíonadh go hiomlán trí rialacha neartaithe agus níos soiléire a ghlacadh a bheidh dírithe ar aon choinbhleachtaí leasa a chosc i ngach nós imeachta a bhaineann le soláthar poiblí, lena n-áirítear dá threoirlínte inmheánacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt chun suntais, tar éis don Ombudsman fiosrúchán a dhéanamh ar fheiniméan na ‘ndoirse imrothlacha’, go bhfuil feabhas á chur ag an gCoimisiún ar an gcaoi a láimhseálann sé an tsaincheist agus go n-iarrann sé faisnéis ón iarfhoireann maidir leis an gcaoi a bhfuil siad ag comhlíonadh na srianta ábhartha; ag tabhairt dá haire foilsiú níos tapúla an Choimisiúin ar fhorléargas bliantúil ar chomhaltaí foirne sinsearacha a iarrann cead bogadh chuig fostaíocht nua, agus a mheasúnú ar na hiarrataí sin; á chur i bhfios go láidir nár cheart don Choimisiún aon údarú a dheonú i gcás nach féidir an fhostaíocht lena mbaineann a chur faoi réir srianta lena maolaítear go leordhóthanach na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa nó i gcás nach féidir faireachán inchreidte a dhéanamh ar na srianta sin agus iad a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar an bhfostóir nua na srianta a chur ar fáil don phobal; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún faisnéis a fhoilsiú go tráthúil maidir le gníomhaíochtaí iarsheirbhíse uile na n-iarchomhaltaí sinsearacha foirne a ndéanann sé measúnú orthu, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar ghrinnscrúdú poiblí na gcinntí sin, rud atá bunriachtanach chun críoch faireacháin; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil cosc ar bhaill foirne atá ar shaoire gan phá fostaíocht a ghlacadh i réimsí ina bhfuil baol coinbhleachta leasa ann; ag spreagadh an Ombudsman chun faireachán a dhéanamh ar láimhseáil an Choimisiúin ar na saincheisteanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fiosrúchán féintionscnaimh a d’oscail an tOmbudsman chun measúnú a dhéanamh ar conas a bhainistíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an tsaincheist maidir le ‘doirse imrothlacha’ agus ag tacú le hiarraidh an Ombudsman ar BCE rialacha níos déine a chur i bhfeidhm lena rialaítear gluaiseachtaí foirne chuig an earnáil phríobháideach; ag tacú leis an moladh gur cheart d’fhoireann BCE a bheith faoi réir diancheanglais mharana agus gur cheart an tréimhse ar lena linn a chuirtear toirmeasc ar iarfhoireann BCE brústocaireacht a dhéanamh ar a n-iar-chomhghleacaithe a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur thug Qatargate léargas nua ar bhrústocaireacht agus ar cheapadh beartas san Aontas; ag aithint mheasúnú criticiúil an Ombudsman ar an scannal agus á chur in iúl gur geal léi gur forbraíodh bearta nua atá ceaptha chun feabhas a chur ar na caighdeáin sláine laistigh de Pharlaimint na hEorpa chun daonlathas an Aontais a chosaint; á mheas gur céad chéim thábhachtach iad na gníomhaíochtaí sin chun feabhas a chur ar chreat rialála an Aontais, ós rud é go bhfuil sé mar aidhm leo caighdeáin eitice agus frithéillithe níos airde a chothú agus, ar an gcaoi sin, samplaí d’ionracas agus de chuntasacht a dhéanamh d’institiúidí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ombudsman feabhas a chur ar thrédhearcacht agus eitic na brústocaireachta, go háirithe trína cheangal ar an gCoimisiún an Cód Iompair do Choimisinéirí a neartú, taifead poiblí de chruinnithe a chruthú idir Coimisinéirí agus brústocairí agus speansais taistil na gCoimisinéirí a fhoilsiú go réamhghníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil rannpháirtíocht na saoránach i gcinnteoireacht an Aontais tábhachtach dá dhlisteanacht; á chur in iúl gur mór aici tiomantas an Ombudsman cuntasacht a chothú i gcinnteoireacht an Aontais, go háirithe i réimse na gcinntí comhshaoil; á chur in iúl gur geal léi iarrataí an Ombudsman ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) roinnt céimeanna trédhearcachta a ghlacadh chun a chur ar chumas an phobail an tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail a mhaoiníonn sé a fheiceáil ar bhealach níos éasca, chomh maith le rún an Ombudsman dlús a chur lena grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí BEI, i bhfianaise obair leantach neamhleor BEI go dtí seo, go háirithe maidir le foilsiú tráthúil faisnéise faoi thionscadail a bhaineann leis an gcomhshaol agus airgeadas BEI chun dóthain ama a thabhairt don phobal chun ábhair imní a chur in iúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag moladh obair an Ombudsman maidir le tús áite a thabhairt dá measúnú ar an trédhearcacht a bhaineann le cinnteoireacht chomhshaoil an Aontais, tar éis di, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, a cinneadh go raibh drochriarachán ann maidir le mainneachtain an Choimisiúin breithniú cuí a dhéanamh ar thionchar comhshaoil chomhaontú trádála AE-Mercosur sular dtugadh caibidlíocht chun críche, ó thaobh easnaimh thromchúiseacha an Choimisiúin maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil a láimhseáil agus an easpa rialacha soiléire chun a áirithiú nach mbeidh saineolaithe a dtéann an Coimisiún i gcomhairle leo, i gcomhthéacs ceaptha beartas comhshaoil, faoi réir coinbhleachtaí leasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur mheas an tOmbudsman gur tharla trédhearcacht réamhghníomhach den chuid is mó ach amháin tar éis na pleananna náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) a bheith formheasta cheana féin, rud a chuireann cosc ar an bpobal an chaibidlíocht a leanúint go leordhóthanach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na moilleanna fada atá á dtabhú ag an gCoimisiún agus é ag déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bhaineann le STA, ag tógáil bliain amháin nó níos mó i gcásanna áirithe; ag tathant ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun tairseach phoiblí a úsáid chun gach faighteoir cistithe faoi STA a liostú, chun leanúint dá réamh-mheasúnuithe ar iarrataí íocaíochta na mBallstát a fhoilsiú agus chun an pobal a chur ar an eolas maidir le sonraí nithiúla faoina obair mhaoirseachta agus iniúchóireachta chun cuntasacht fhóinteach a áirithiú do na cistí uile a chaitear, á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, i gcomhar le hOifig an Ombudsman Eorpaigh, an páipéar beartais dar teideal ‘I dtreo prionsabail dea-chleachtais le haghaidh trédhearcacht rialtais maidir le húsáid cistí téarnaimh’, lena gcuirtear treoir ar fáil do rialtais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú in úsáid chistí téarnaimh COVID-19, á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, iarrachtaí an Ombudsman feabhas a chur ar na caighdeáin trédhearcachta a bhaineann le STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt chun suntais, ina tionscnamh straitéiseach maidir leis an gcaoi ar áirithigh an Coimisiún trédhearcacht agus ionadaíocht chothrom leasa faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), gur chinn an tOmbudsman go raibh príomhghnéithe de phleananna straitéiseacha náisiúnta CBT, lena n-áirítear bearta sonracha maidir le míreanna buiséid agus garspriocanna atá le comhlíonadh, in easnamh, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara tuiscint a fháil ar na coinníollacha faoina bhféadfadh na Ballstáit leas a bhaint as an gcúnamh a chuirtear ar fáil le CBT nua; ag tacú le hiarraidh an Ombudsman ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise a nochtadh go réamhghníomhach maidir le formheas phleananna straitéiseacha na mBallstát faoi CBT; á iarraidh ar an gCoimisinéir Talmhaíochta agus ar a chomh-aireacht, chomh maith le hArd-Stiúrthóireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe an Choimisiúin, moltaí an Ombudsman a chomhlíonadh agus ionadaíocht chothrom agus chothrom a lorg ar leasanna na bhfeirmeoirí agus na sochaí sibhialta araon ina cruinnithe agus ina malartuithe le hionadaithe sainleasa, ós rud é, mar a luaigh an tOmbudsman ina litir i mí Feabhra 2022, gur thionóil an Coimisinéir Talmhaíochta agus a chomh-aireacht níos mó cruinnithe le hionadaithe tionscail ná le heagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí eile amhail institiúidí taighde; á iarraidh go nglacfaidh an Coimisiún ról gníomhach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí trédhearcachta a fhorchuirtear ar na Ballstáit, lena n-áirítear an oibleagáid na heintitis níos leithne lena mbaineann tairbhithe cistí a nochtadh agus an oibleagáid méid iomlán na n-íocaíochtaí a fhaigheann tairbhí a fhoilsiú, d’fhonn a ráthú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis uile is gá faoi thairbhithe chistiú CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár chomhlíon cur chuige an Choimisiúin maidir le grúpaí idirphlé sibhialta a chur ar bun le haghaidh ábhair a chumhdaítear le CBT moltaí an Ombudsman agus go raibh roinnt bearnaí ann, go háirithe mainneachtain ionadaíocht chothrom a chur chun feidhme go trédhearcach agus go soiléir idir leasanna eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha i gcomhdhéanamh na ngrúpaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé do gach institiúid déileáil le hiarrataí ar dhoiciméid go tráthúil, ionas go gcaomhnófar ábharthacht na faisnéise; ag tacú le tuarascáil speisialta an Ombudsman ina fiosrúchán straitéiseach maidir leis an am a ghlacann an Coimisiún chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Fiosrúchán oscailte ag an Ombudsman faoin méid ama a thóg an Coimisiún chun déileáil le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid’, 6 Aibreán 2022.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur cúis bhuartha di moilleanna sistéamacha agus suntasacha an Choimisiúin maidir le hiarrataí den sórt sin a phróiseáil; á chur i bhfios go láidir gur ceart bunúsach faoi Rialachán 1049/2001 í rochtain phoiblí ar dhoiciméid<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar an gCoimisiún a chleachtais riaracháin a fheabhsú chun na hamlínte atá leagtha amach ag an reachtóir a urramú agus chun a léiriú go soiléir agus go réamhghníomhach gurb í an trédhearcacht an riail agus gur tosaíocht í agus iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid á láimhseáil aige; á chur i bhfáth gur gá d’institiúidí an Aontais dóthain acmhainní daonna a chur ar fáil chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht maidir le láimhseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid; á mheabhrú gur mhol an tOmbudsman athstruchtúrú bunúsach a dhéanamh ar chur chuige an Choimisiúin maidir le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a phróiseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag aithint fhiosrúchán an Ombudsman maidir le mainneachtain an Choimisiúin sainaithint a dhéanamh agus, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar nochtadh féideartha na dteachtaireachtaí téacs arna malartú idir Uachtarán an Choimisiúin agus POF cuideachta cógaisíochta maidir le vacsaín COVID-19 a cheannach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur drochriarachán a bhí i gcur chuige an Choimisiúin; á chur i bhfios go láidir gur ‘doiciméid’ iad téacs a bhaineann leis an obair agus teachtaireachtaí meandracha faoi Rialachán 1049/2001 agus á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hurramú an phrionsabail sin; á chur in iúl gur geal léi moltaí an Ombudsman do riarachán an Aontais maidir teachtaireachtaí téacs agus meandracha a bhaineann leis an obair a thaifeadadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé d’institiúidí an Aontais na moltaí sin a chomhlíonadh go hiomlán chun cleachtais riarachán an Aontais a chur i gcomhréir le modhanna cumarsáide nua-aimseartha; á tabhairt dá haire freagairt an Choimisiúin go n-eiseoidh sé tuilleadh treorach maidir le huirlisí cumarsáide nua-aimseartha amhail teachtaireachtaí téacs;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle ceacht a fhoghlaim ó fhiosrúchán an Ombudsman maidir lena diúltú rochtain iomlán phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann leis an gcaibidlíocht maidir leis an dréacht-Ionstraim um Margaí Digiteacha, as ar tháinig, in 2022, conclúid an Ombudsman go raibh drochriarachán ann; á iarraidh ar an gComhairle na caighdeáin trédhearcachta is airde a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, go háirithe nuair atá fadhbanna sainaitheanta cheana féin ag an Ombudsman i bhfiosrúcháin straitéiseacha roimhe seo maidir le trédhearcacht a próisis reachtaigh agus a cinnteoireachta le linn ghéarchéim COVID-19; á mheabhrú go bhfuil trédhearcacht ar cheann de na príomhphrionsabail a leagtar amach i gConarthaí an Aontais agus go bhfuil an baol ann go laghdóidh easpa trédhearcachta muinín na saoránach as institiúidí Eorpacha agus as an Aontas ina iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá imscrúduithe an Ombudsman ar chomhlíonadh chearta an duine ag riarachán an Aontais; ag tacú le hiarraidh an Ombudsman ar an gCoimisiún tairseach láimhseála gearán nua agus ar leithligh a chur ar bun le haghaidh sáruithe líomhnaithe ar chearta an duine, agus é a chur ar fáil do ghearáin a bhaineann le cearta an duine ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó gheallsealbhóirí eile i dtíortha a bhfuil comhaontuithe trádála ag an Aontas leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go ndearna an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann Frontex a chearta bunúsacha agus a oibleagáidí trédhearcachta faoina shainordú leathnaithe faoi Rialachán 2019/1896<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin trédhearcachta a chur i bhfeidhm chun grinnscrúdú poiblí a cheadú agus chun lánurraim do chearta bunúsacha a áirithiú in oibríochtaí uile Frontex chun a chuntasacht a fheabhsú; á iarraidh ar Frontex a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar na moltaí arna n-eisiúint ag an Ombudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tOmbudsman fiosrúchán ar chóras an Choimisiúin ina ndéantar faireachán ar urraim údaráis na Cróite do chearta bunúsacha i gcomhthéacs oibríochtaí bainistithe teorainneacha a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais, inar cháin an tOmbudsman an Coimisiún mar thoradh ar a mhoill maidir le sásra faireacháin iomchuí a bhunú do bhainistiú teorainneacha ag údaráis na Cróite; ag tathant ar an gCoimisiún freagairt go pras i gcónaí do mholtaí feabhsúcháin an Ombudsman, go háirithe i gcásanna amhail an ceann seo, nuair a shainaithnítear easnaimh shuntasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ar bhonn mholtaí praiticiúla an Ombudsman maidir le húsáid teangacha oifigiúla agus cumarsáid á déanamh leis an bpobal, gur chomhaontaigh líonra ghníomhaireachtaí an Aontais ar na treoirlínte maidir le beartais ilteangacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tugadh Reacht an Ombudsman Eorpaigh cothrom le dáta in 2022, le forálacha cur chun feidhme ina sonraítear nósanna imeachta oibre Oifig an Ombudsman; á chreidiúint go rannchuideoidh na forálacha nua le hobair an Ombudsman a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Ombudsman faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme UN CRPD ag riarachán an Aontais; á chur in iúl gur mór aici obair an Ombudsman mar bhall de Chreat an Aontais do UN CRPD;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir torthaí fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman maidir leis an gcaoi a ndéanann an Coimisiún faireachán ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí chun cearta daoine faoi mhíchumas maidir le maireachtáil agus cuimsiú neamhspleách a neartú; á chur in iúl gur geal léi an moladh go dtabharfaí treoir níos soiléire maidir leis an ngá atá le dí-institiúidiú a chur chun cinn i gcomhthéacs úsáid Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag spreagadh an Ombudsman leanúint de na malartuithe ar thaithí agus ar dhea-chleachtais le hoifigí ombudsman náisiúnta trí Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO); á chur in iúl gur mór aici gur díríodh i gcomhdháil bhliantúil ENO 2022 ar dhea-chleachtais chun cabhrú le dídeanaithe agus gur tugadh aghaidh ar éifeachtaí dhigitiú na seirbhísí poiblí ar chearta na saoránach; á mholadh go ndearnadh oifigí ombudsman na hÚcráine agus na Moldóive a chur le ENO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ombudsman infheictheacht a gníomhaíochtaí a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trí uirlisí ar líne agus an suíomh gréasáin ilteangach a thairgeann cúnamh i ngach ceann de na 24 theanga oifigiúla san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé tairbheach, seanbhunaithe idir an tOmbudsman agus an Coiste um Achainíocha i bParlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go gcabhraíonn an dlúthchomhar idir an dá chomhlacht sin le cuntasacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a mhéadú agus iad a thabhairt níos gaire do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus tuarascáil an Choiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig a n-oifigí ombudsman nó chuig na comhlachtaí inniúla comhchosúla.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>