<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0036</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Trédhearcacht agus cuntasacht eagraíochtaí neamhrialtasacha arna gcistiú ó bhuiséad an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0446/2023 - Rapóirtéir: Markus Pieper)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar thrédhearcacht agus cuntasacht eagraíochtaí neamhrialtasacha arna gcistiú ó bhuiséad an Aontais (2023/2122(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagail 2, 3, 5 agus 11(2) agus Prótacal (Uimh. 2) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 322 (1a) agus 325(4) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0223),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil óna Coistí um Buiséid agus um Rialú Buiséadach an 4 Bealtaine 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 3 Nollaig 2020 ón gCoimisiúin maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 35/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 18 Nollaig 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transparency of EU funds implemented by NGOs: more effort needed</STRING>’ [Trédhearcacht chistí AE arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí neamhrialtasacha: Tuilleadh iarrachta ag teastáil],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Financing of non-governmental organisations (NGOs) from the EU Budget</STRING>’ [Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENRanna) a mhaoiniú ó Bhuiséad AE], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 25 Samhain 2010<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – ‘Financing of Non-governmental Organisations (NGO) from the EU Budget’, European Parliament, Directorate-General for Internal Policies, Policy Department D – Budgetary Affairs, 25 Samhain 2010.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Democraticic accountability and Budgetary Control of non-governmental organisations funding by the EU Budget</STRING>’ [Cuntasacht Dhaonlathach agus Rialú Buiséadach ar eagraíochtaí neamhrialtasacha arna gcistiú ag Buiséad AE], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 24 Eanáir 2017<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – ‘Democratic accountability and Budgetary Control of non-governmental organisations funded by the EU Budget’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais D – Gnóthaí Buiséadacha, 24 Eanáir 2017.</FIELD></FOOTNOTE>, agus don nuashonrú a rinneadh air ina dhiaidh sin an 21 Eanáir 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transparency and accountability of EU funding for NGOs active in EU policy areas within EU territory’</STRING>, arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 28 Meán Fómhair 2023<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar - ‘Transparency and accountability of EU funding for NGOs active in EU policy areas within EU territory’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais D – Gnóthaí Buiséadacha, 28 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE> (‘staidéar ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte oibríochtúla an Choimisiúin d’fhaighteoirí cistiúcháin AE maidir le húsáid shuaitheantas an Aontais i gcomhthéacs chláir AE 2021-2027, a foilsíodh i mí an Mhárta 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha trasteorann Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 225.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0137.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0138.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir le moltaí le haghaidh athchóiriú ar rialacha Pharlaimint na hEorpa maidir le trédhearcacht, sláine, cuntasacht agus frith-éilliú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0292.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Urscaoileadh ó 2021 maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, ‘Urscaoileadh 2021:Buiséad ginearálta AE - an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin’, 10 Bealtaine 2023</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0446/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil sásraí trédhearcachta agus cuntasachta deartha ag an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais a dhámhtar do thairbhithe, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) go héifeachtach, go héifeachtúil agus i gcomhréir le cuspóirí, beartais agus rialacha airgeadais an Aontais a chumhdaítear, i measc áiteanna eile, sa Rialachán Airgeadais, lena leagtar síos trédhearcacht mar cheann dá threoirphrionsabail bhuiséadacha, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún faisnéis maidir le cistí an Aontais a chur ar fáil ar bhealach iomchuí agus tráthúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de na hurraitheoirí airgeadais is mó atá ag eagraíochtaí sochaí sibhialta<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Action Plan on Human Rights and Democracy 2020-2024’</STRING> [Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN(2020)0005),</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil réimse an leathan sa tsochaí shibhialta, idir gníomhaíochtaí pobail an-chiúin agus ENRanna; de bhrí go gcumhdaítear raon leathan struchtúr, bealaí feidhme, foinsí maoinithe agus réimsí fócais i speictream na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a fhaigheann cistiú ón Aontas, arb ionann agus tionscadail éagsúla a mhaoinítear le hairgead AE; de bhrí go gceanglaíonn na Conarthaí ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta a choinneáil ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta; de bhrí gur cheart don Aontas agus dá Bhallstáit cistiú leormhaith a chur ar fáil do chláir atá dírithe ar na cearta bunúsacha agus na luachanna a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn; de bhrí go mbíonn ról tábhachtach ag ENRanna agus ag eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna) maidir leis na cláir sin a chur chun feidhme; de bhrí, i gcásanna áirithe, go ndéanann údaráis phoiblí cúraimí a sheachfhoinsiú chuig ENRanna agus ESSanna; de bhrí go ndéanann an Coimisiún cistí a bhainistiú go díreach, go hindíreach nó ar bhealach comhroinnte; de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go mbíonn na cistí a dhámhtar go díreach do thairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, faoi réir faireacháin agus tuairiscithe ag an gCoimisiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb é Córas Trédhearcachta Airgeadais (FTS) an Choimisiúin an phríomhfhoinse sonraí atá ar fáil go poiblí chun anailís mhórscála a dhéanamh ar dheontais agus ar chonarthaí arna mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún; de bhrí gur cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir trédhearcacht phoiblí agus trédhearcacht chun críche rialú buiséadach dlisteanach, i bhfianaise na gcomhthéacsanna íogaire a mbíonn ENRanna ag obair leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go léiríonn anailís ar shonraí FTS gurbh ionann ceangaltais airgeadais an Aontais do ENRanna, tar éis cláir an Aontais i réimse an oideachais agus an taighde a eisiamh, agus EUR 2,6 billiún ar a laghad in 2022, faoi bhainistíocht dhíreach, ar fud chláir agus chistí uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh feidhm ag ceanglais agus rialuithe trédhearcachta agus cuntasachta AE maidir leis na hionadaithe leasa go léir a thairbhíonn de chistí an Aontais; de bhrí go bhfuil 3377 n-eintiteas<FOOTNOTE><FIELD> Foinse: Clár Trédhearcachta an Aontais, sonraí arna rochtain an 22 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE> cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais faoin gcatagóir ‘ENRanna, ardáin agus líonraí agus a leithéid’; de bhrí go gcaithfidh cineál na gceanglas agus na rialuithe a bheith i gcomhréir leis an gcatagóiriú a bunaíodh sa Chlár Trédhearcachta, d’fhonn eintitis bhreithiúnacha de gach cineál a chur san áireamh seachas ENRanna amháin; de bhrí nach gá gur leis an gClár Trédhearcachta amháin a bheadh ceanglais agus rialuithe AE nasctha ós rud é gurb ann do roinnt eintiteas ar deonaíodh cistí Aontais dóibh agus arbh fhearr leo gan a bheith sa chlár sin chun nach gcuirfí a marthain i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh feidhm ag ceanglais agus rialuithe trédhearcadhta agus cuntasachta AE maidir le tairbhithe uile chistí an Aontais, lena n-áirítear ENRanna, a gceanglaítear orthu taifid airgeadais chruinne agus thrédhearcacha a choinneáil maidir le húsáid chistí an Aontais agus maidir le tionscnamh na bhfoinsí airgeadais á úsáidtear dá bhfeidhmiú, ós rud é go bhfuil siad cuntasach dá gcomhaltaí, dá ndeontóirí, dá gcomhpháirtithe agus dá dtairbhithe maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad, foinsí a maoinithe, lena n-áirítear cistí an Aontais, agus na cinntí a dhéanann siad thar ceann a ngeallsealbhóirí; de bhrí gurb iad na Ballstáit a leagann síos an bunús dlí do ENRanna, a ndéantar a stádas a chlárú ag an leibhéal náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil saothrú chistí an Aontais in aghaidh rialacha, phrionsabail agus luachanna an Aontais ag dul i méid; de bhrí go bhfuil daoine aonair agus eagraíochtaí tosaigh, faoi thionchar eachtrach den chuid is mó, a fhéachann le tacaíocht airgeadais AE a fháil mar aon leis an measúlacht a thugann sí, is cuma cén tsuim a bhíonn i gceist, ach a mbíonn cistí AE in úsáid acu le fírinne do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de phrionsabail agus luachanna bunúsacha an Aontais agus dár gceangal leis an daonlathas;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil freagracht ar an gCoimisiún as cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a áirithiú agus as rialacháin agus luachanna an Aontais a urramú; de bhrí, i ndáil leis sin, go gcaithfidh na rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> uile a áirithiú gur do ENRanna agus eintitis a oibríonn i ndáil le rialacha, prionsabail agus luachanna an Aontais, amháin, a dheonófar cistí ón Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir le hUrscaoileadh 2021 maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus an Choimisiúin an imní mhór maidir le cistiú tionscadal arna ndéanamh ag ENRanna a raibh naisc acu le heagraíochtaí radacacha creidimh agus polaitiúla nó tionscadail a raibh baint ag na ENRanna sin leo; ag iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú nach maoinítear le cistí AE ach eagraíochtaí a urramaíonn luachanna uile an Aontais go docht agus ag tathant ar an gCoimisiún sásraí <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a bhunú lena sainaithneofar go soiléir ENRanna a oibríonn i gcríoch an Aontais agus thar lear a bhfuil ceangail aitheanta acu le líonraí bunchreidmheacha agus a bhrúnn clár oibre chun cinn a bhainfeadh an bonn de luachanna an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, ‘Urscaoileadh 2021:Buiséad ginearálta AE - an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin’, 10 Bealtaine 2023</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh feidhm ag na hardchaighdeáin chuntasachta chéanna agus ag na rialacha trédhearcachta céanna maidir leis na ENRanna go léir a fhaigheann cistiú ón Aontas, beag beann ar an áit ina n-oibríonn siad a bheith laistigh den Aontas Eorpach nó lasmuigh de;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil cuid de na breithnithe a leagtar amach anseo thíos bunaithe ar chuid de thorthaí an staidéir trédhearcachta agus cuntasachta a dhíríonn ar laigí trédhearcachta thairis sin a bhaineann leis an bhfaisnéis maidir le cistí an Aontais a bheith in úsáid ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit agus ag tairbhithe, lena n-áirítear ENRanna;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ról fíorthábhachtach a imríonn ENRanna maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus maidir le cosaint agus cur chun cinn na gceart agus na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí agus na gceart bunúsach faoi Chairt AE um Chearta Bunúsacha (Cairt AE); á chur i bhfáth nár cheart ach ENRanna a n-urramaíonn a ngníomhaíochtaí na cearta agus na luachanna sin a bheadh i dteideal cistiú ón Aontas; ag tathant ar na geallsealbhóirí go léir níos mó de phrionsabail agus luachanna AE a chur i gcroílár chistiú AE agus á admháil go bhfuil an-éagsúlacht ENRanna ann ó thaobh a méide, a n-acmhainní agus a bhfoirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais, go háirithe, ról na dtairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, maidir le buiséad AE a chur chun feidhme agus go bhfuil oibleagáid ann an ról sin a dhéanamh le lánurraim do rialacha airgeadais agus prionsabail airgeadais AE chun leasanna airgeadais AE a chosaint; á mheabhrú go gceanglaítear ar ENRanna a oibríonn laistigh de chríoch AE an dlí náisiúnta is infheidhme i ngach Ballstát a mbaineann a ngníomhaíocht leis a chomhlíonadh, agus dli an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh freisin; á athdhearbhú gur bunriachtanais iad trédhearcacht agus cuntasacht AE chun córas Eorpach fabhrach agus cothrom a neartú, ar córas é a bhunaítear ar dhaonlathas, na saoirsí bunúsacha, ionchuimsitheacht agus ilchineálacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbraitheann ENRanna ar thacaíocht airgeadais phoiblí agus síntiúis phríobháideacha araon, ar bhealach frithpháirteach neamh-chomheisiach; á mheabhrú go bhfuil an cumas acmhainní seachas cistí AE nó cistí poiblí a lorg, a dhaingniú agus a úsáid ar an leibhéal náisiúnta nó aitiúil ina bhunriachtanas chun go mairfidh agus go n-oibreoidh ENRanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gach urraim agus buíochas tuillte ag ESSanna as an obair laethúil a dhéanann siad; ag aithint na hoibre arna déanamh ag ESSanna ar fud na hEorpa ar bhonn laethúil agus á dhearbhú go bhfuil ardmholadh agus an tacaíocht is mó tuillte ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha deonacha sin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé freastal ar riachtanais airgeadais agus eile na n-eagraíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag moladh ról ríthábhachtach ENRanna i dtíortha san Aontas agus i dtíortha neamh-Aontais maidir leis an smacht reachta agus luachanna daonlathacha a chosaint, an t-éilliú a chomhrac agus cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn; á athdhearbhú, gur minic i dtíortha ina bhfuil réimis údarásaíocha nó neamhdhaonlathacha gurb iad na ENRanna líne chosanta dheireanach an daonlathais a mbíonn réimis údarásaíocha ar fud an domhain ag iarraidh a chur ina thost, lena n-áirítear trí reachtaíocht ghlactha agus oibleagáidí idirdhealaitheacha, agus go bhfuil tacaíocht agus cosaint de dhíth orthu dá réir; ag iarraidh ar an gCoimisiún clásail agus sásraí coimirce a bhreithniú ina leith sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú leordhóthanach agus trédhearcach ón Aontas a dhaingniú le haghaidh ENRanna agus eintitis atá gníomhach sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl go dtugann sí ardmholadh do ghníomhaíocht ENRanna i limistéir choinbhleachta as a áirithiú go sroicheann cabhair dhaonnúil an pobal sibhialtach agus iad siúd atá i ngátar ar bhealach gasta agus éifeachtach; ag aithint a thábhachtaí atá ENRanna maidir lena áirithiú go bhfuil an tAontas, an deontóir cabhair forbraíochta is mó ar domhan, ag rannchuidiú i gcónaí chun cobhsaíocht a chur chun cinn, an bhochtaineacht a shárú agus an fhorbairt dhomhanda a chur ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go bhféadfadh na próisis reachtaíochta, sa chleachtas, faillí a dhéanamh maidir le guthanna ENRanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta; á mheas go mbíonn deacrachtaí roimh ENRanna beaga go minic maidir le rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas mar gheall ar nósanna imeachta riaracháin fadálacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta a shimpliú agus a chuíchóiriú tuilleadh, chun a chumasú do ENRanna beaga, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, cur isteach ar chistiú ón Aontas agus tairbhiú de; á thabhairt chun suntais gur minic a dhéantar neamhshuim de thosaíochtaí agus riachtanais ENRanna beaga nó nach dtugtar mórán airde orthu, ainneoin gurb iad is eolasaí ar an gcás go minic agus go gcuireann siad méid ollmhór oibre i gcrích; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart ardmheas a bheith ar obair eagraíochtaí beaga agus cistiú ón Aontas a dhéanamh níos inrochtana dóibh, ós rud é gur gné thábhachtach iad a threisíonn leis an ilcineálacht agus éagsúlacht ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin; á aithint go bhfuil ról tacaíochta ríthábhachtach ag ENRanna san Eoraip mar chomhlánú ar sheirbhísí poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>an-bhuartha i gcónaí de bharr bagairtí agus ionsaithe gan chúis ar ENRanna i roinnt Ballstát, lena n-áirítear trí reachtaíocht a mholadh agus a ghlacadh lena leagtar oibleagáidí idirdhealaitheacha ar ENRanna a chuireann srian lena ngníomhaíochtaí nó toirmeasc orthu, agus trí imeaglú agus ciapadh ar líne agus as líne i gcoinne a bhfoirne, trí ráitis dhiúltacha phoiblí agus feachtais chlúmhillte, trí bhagairtí ó bhéal agus ionsaithe dlíthiúla agus fisiciúla; á chur i bhfáth go mbíonn ar roinnt ENRanna dul i ngleic freisin le rialuithe nó iniúchtaí iomarcacha riaracháin, le ciorruithe cistiúcháin ar chúiseanna polaitiúla agus le ceanglais dhlíthiúla ródhian maidir lena mbunú agus lena gclárú; á áitiú nach mór ENRanna a chosaint agus gur cheart go bhfaighidís cistiú agus tacaíocht leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht ríthábhachtach freisin do ENRanna agus d’eintitis bhrabúsacha agus neamhbhrabúsacha eile chun an obair fhiúntach a dhéanann siad a chur chun cinn, aitheantas a fháil agus a n-inchreidteacht a fhorbairt; á mheas gur cheart forálacha speisialta a bheith i bhfeidhm maidir le ENRanna a ghníomhaionn i gcomhréir iomlán le luachanna agus rialacha airgeadais AE agus le lánurraim ar Chairt AE, le linn dóibh a bheith ag obair i dtimpeallachtaí ina bhfuil an daonlathas faoi bhagairt; á chreidiúint nach mór saoránaigh Eorpacha a bheith cinnte go bhfuil a fhios ag AE go baileach mar a úsáidtear na cistí uile ón Aontas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ar an ábhar sin an easpa faisnéise, sonraí agus rialaithe atá ann maidir le cé dó nó céard dó a thugtar cistí ón Aontas, ainneoin na ceanglais trédhearcachta atá ann faoi láthair; á mheabhrú gur cheart go gcomhlíonfadh na ceanglais trédhearcachta agus chuntasachta an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine i gcónaí, go háirithe maidir le feidhmiú na saoirsí sibhialta, gan dul thar an méid is fíor-riachtanach agus i gcomhréir leis na haidhmenna sonracha a bheidh á saothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú nár cheart leas a bhaint as trédhearcacht agus cuntasacht chun an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách a chiorrú ná chun glórtha cáinteacha a chur ina dtost;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú nach gcuirfear tairbhithe deireanacha cistí ón Aontas i mbaol de bharr oibleagáidí an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht; á chreidiúint, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ENRanna a oibríonn i dtíortha arna rialú ag réimsí údarásaíocha nó ina bhfuil saincheisteanna aitheanta maidir leis an smacht reachta a mbionn tionchar diúltach acu ar ENRanna agus ina bhfuil spás sibhialta laghdaithe, áit a bhféadfaí díoltas a bhaint amach as faisnéis a scaipeadh go poiblí maidir le céannacht ENRanna nó maidir leis an obair a dhéanann siad agus go gcuirfí marthain na ENRanna sin agus slándáil agus sábháilteacht a bhfoirne i mbaol, gur cheart na ceanglais trédhearcachta phoiblí a chur i bhfeidhm, ar bhonn eisceachtúil, de réir mar is iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí cásanna áirithe d’éilliú líomhnaithe, amhail Qatargate, a chosc trí na ceanglais trédhearcachta atá ann cheana a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach agus trí oibleagáid a chur ar eintitis a bhí bainteach leis, lena n-áirítear ENRanna, a bhfoinsí cistiúcháin agus a struchtúir inmheánacha a nochtadh; ag tabhairt dá haire, i gcásanna áirithe, gur ghnóthaigh na heintitis bhainteacha ar chistiú ón Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cáineadh saothrú breise na gcistí ón Aontas ar bhealaí a thagann salach ar phrionsabail agus luachanna AE, go háirithe i gcásanna nach féidir úsáid na gcistí agus aistrithe chuig eagraíochtaí eile a rianú go hiomlán ag tabhairt rabhadh go bhfuil an baol ann go mbeidh cistí ón Aontas in úsáid laistigh d’fháinní éillithe ar deireadh thiar agus faoi réir calaoise agus mírialtachtaí, cur isteach ón iasacht nó insíothlú polaitiúil; ag cur béim ar a thábhachtaí atá ‘trédhearcacht na dtairbhithe deiridh’ do chistí an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ENRanna agus eintitis i gcomhthéacs an rialaithe bhuiséadaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil tábhacht bhunúsach le muinín an phobail as ENRanna agus le tacaíocht an phobail dóibh; ag aithint go mbíonn na téarmaí a úsáidtear chun cur síos ar na heagraíochtaí sin faoi réir léirmhínithe dlíthiúla agus poiblí éagsúla, a athraíonn ó Bhallstát go Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur scáth-théarma leathan é ‘ENR’ a chuimsíonn go leor cineálacha éagsúla eintiteas: idir eagraíochtaí móra idirnáisiúnta agus eagraíochtaí beaga réigiúnacha nó áitiúla, idir eagraíochtaí a bhíonn á reáchtáil ag fostaithe den chuid is mó agus eagraíochtaí ar saorálaithe is mó a bhíonn iontu; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh an réimse a bheadh á chumhdach ag ENRanna agus an modh cur chun feidhme a bheith an-éagsúil freisin; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcruthaíonn an ilchineálacht sin deacrachtaí maidir le sainmhíniú comhchoiteann ar ENRanna laistigh den Aontas Eorpach; á thabhairt chun suntais, dá ainneoin sin, go mbeadh bunú cur chuige comhchuibhithe uile-Aontais ina bhuntáiste, lena n-áirítear trí shainmhíniú comhchuibhithe, a mbeadh breisluach ag baint leis ó thaobh trédhearcacht, cuntasacht agus intuarthacht bhreise, agus breis muiníne ón bpobal ann; ag spreagadh na gcomhreachtóirí, ar an ábhar sin, chun teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige comhchuibhithe den sórt sin i leith ENRanna agus eintitis ábhartha ar leibhéal AE, a chabhródh go suntasach le nósanna imeachta um rialú buiséadach, go háirithe i gcás comhlachais trasteorann; á athdhearbhú a ríthábhachtaí atá sé trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcás na n-eintiteas go léir a ndeonaítear cistí ón Aontas dóibh; ag aithint an bhuntáiste a bhaineann le cur chuige comhchuibhithe a bhunú maidir lena bhfuil i gceist leis na heintitis sin i ndáil leis an Aontas agus a chomhlachtaí i gcomhthéacsanna éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún sainmhíniú comhchoiteann ar ENRanna a áireamh sa togra ó 2022 le haghaidh athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint, ina sainordú, soiléire bhreise maidir leis an sainmhíniú ar ENR, go háirithe maidir le leibhéal na marthana foirmiúla, na trédhearcachta agus na cuntasachta óna chomhaltaí nó óna bhunaitheoirí; ag spreagadh an Choimisiúin chun dianchomhairliúchán a sheoladh maidir leis an sainmhíniú ar ENR, a mbeadh oifigigh ó na Ballstáit agus ionadaithe ó ENRanna rannpháirteach ann, agus a chur san áireamh freisin an mhodheolaíocht a leanadh nuair a sainmhíníodh an téarma ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ (FBM);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas nár cheart maoiniú 100 % ón stát agus ón gCoimisiún a bheith ag ENR chun go measfaí gur ENR é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Coimisiún na téarmaí ENRanna agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha (NFPOnna) in FTS, gan idirdhealú soiléir eatarthu; á chur in iúl gurb oth léi an éiginnteacht maidir le leithdháileadh cistí ón Aontas agus faireachán a dhéanamh orthu atá mar thoradh air agus go bhféadfadh míthuiscint a bheith ann maidir le méid an chistiúcháin le haghaidh ENRanna agus eintiteas; ag tabhairt dá haire go dtugtar sainmhíniú sna Ceisteanna Coitianta le FTS ar ENRanna ar gné bhunriachtanach díobh a stádas neamhbhrabúusach agus é faoi réir a bhailíochtaithe; á chur in iúl gurb oth léi gur féidearthacht an t-idirdhealú doiléir sin, mar go dtí seo ní raibh aon chur chuige comhchuibithe AE ann i leith ENRanna agus níl ach féinaicmiú eintiteas in úsáid don FTS, atá bunaithe ar fad ar rialacha a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát; ag iarraidh thairis sin go n-áiritheoidh FTS catagóiriú iomchuí ar na cineálacha éagsúla ENRanna nó NFPOnna chun cásanna a sheachaint ina mbeadh difreáil bheag nó ar éigin ann idir cineálacha áirithe eagraíochtaí agus faoina meastar gur comhionann ollscoileanna, institiúidí taighde, eagraíochtaí deonacha agus ENRanna eile i mbunachar sonraí FTS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I dtreo trédhearcacht agus cuntasacht AE níos fearr i leith cistí AE</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas nach mór calaois, coinbhleacht leasanna, cistiú dúbailte, éillitheacht agus sciúradh airgid nó claonchasadh a chosc agus dul i ngleic leo i ngach cás agus le haghaidh na dtairbhithe go léir gan beann ar a nádúr agus a stádas dlí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir leis na cásanna sin; á mheabhrú go mbíonn na hiarratasóirí go léir agus na tairbhithe de chistiú ón Aontas, lena n-áirítear ENRanna, faoi réir rialacha airgeadais AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur iosntraim thábhachtach é an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirithítear cosaint il-leibhéil trí luatbhrath daoine nó eintiteas ar rioscaí iad atá ina mbagairt ar leasanna airgeadais an Aontais; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais, ina n-áirítear síneadh ar EDES chuig bainistíocht chomhroinnte agus a chuireann forais eisiaimh nua leis<FOOTNOTE><FIELD> Airteagail 139(1)(i) agus 139(1)(c)(vi) den togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) an 16 Bealtaine 2022 (COM(2022)0223).</FIELD></FOOTNOTE>; ag iarraidh ar an gCoimisiún EDES a dhéanamh lánoibríochtúil chun go bhféadfar tairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, bunaithe ar an Rialachán Airgeadais, a eisiamh go héifeachtach ó rochtain bhreise ar chistí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur féidir le ceanglais trédhearcachta a bheith easnamhach, go háirithe nuair a chuirtear cistí ar aghaidh feadh slabhra agus nuair a úsáidtear iad chun comhchistiú a dhéanamh ar thionscadail chomhpháirteacha le deontóirí eile; á mheas gur fadhb é nach dtugtar faisnéis in FTS ach maidir le deontais a dhámh an Coimisiún go díreach faoi bhainistiú díreach, ach nach dugtar aon sonraí maidir le cistí a fhaightear go hindíreach ó thairbhithe agus comhpháirtithe a bhfuil caidreamh dlíthiúil acu leis an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach gcuireann na Ballstáit uile an leibhéal céanna faisnéise ar fáil maidir le deontais agus nach bhfuil bunachar reatha sonraí an Aontais Eorpaigh comhsheasmhach agus comhleanúnach a dhóthain; ag iarraidh ar an gCoimisiún an trédhearcacht agus an chuntasacht a neartú i gcásanna bainistíocht chomhroinnte agus indíreach tríd an ath-leithdáileadh ar chistí agus a n-úsáid fad leis na faighteoirí deiridh a fhíorú, i gcomhréir leis an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún sásraí rialaithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a athneartú go comhréireach, lena n-áirítear seiceálacha randamacha leormhaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil laigí tromchúiseacha sa rialú <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> maidir le húsáid cistí AE agus ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, mionanailís a chur ar fáil ina mbeidh moltaí soiléire chun a gcáilíocht, a méid agus a rialtacht a athneartú, le tacaíocht ó thascfhórsa dea-bhunaithe agus lárnaithe um rialú buiséadach laistigh den Choimisiún le haghaidh na n-ionadaithe leasa uile, ag diúscairt sainordú soiliéir, cumais imscrúdúcháin agus acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl go n-aithníonn sí a thábhachtaí atá an trédhearcacht i ngach gné de ghníomhaíochtaí atá á gcistiú ag an Aontas chun úsáid fhreagrach agus chuntasach na gcistí a áirithiú; á aithint gurb ann d’ábhar imní maidir le cur isteach eachtrach féideartha ar bheartasaíocht an Aontais agus nach féidir leis an gcóras atá ar bun cosc iomlán a chur ar ghníomhaithe tairbhithe ciste a bhunú agus/nó a mhealladh, lena n-áirítear ENRanna, chun insintí bréige a chur chun cinn lena n-áirítear trí bhréagaisnéis, mar a líomhnaítear a tharla i gcás Qatargate; á chreidiúint nár cheart stiogmatú na ENRanna go léir a bheith mar thoradh ar ábhair imní atá ann faoi láthair ós rud é go n-urramaíonn formhór na ENRanna prionsabail agus luachanna daonlathacha AE agus go ndéanann siad iad a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir nár cheart buiséad an Aontais a úsáid chun brústocaireacht a dhéanamh i gcoinne phrionsabail agus luachanna daonlathacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a cheangal ar thairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, a fhaigheann cistí ón Aontas sonraí aon chistiú a fhaightear ó fhoinsí eile i ndáil le tionscadail arna gcómhaoiniú ag an Aontas thar thréimhse cúig bliana a fhoilsiú, agus prionsabal na rúndachta a chaomhnú, go háirithe, i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo a bhaineann le tairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, a ndéantar díoltas a bhagairt orthu; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh cistiú ó lasmuigh den Aontas a bheith ina fhoinse dlisteanach maoinithe, ach á chur i bhfáth, in éagmais rialacha trédhearcachta soiléire i ndáil le prionsabal na rúndachta, go bhfuil baol mí-úsáide agus tionchair mhíchuí ó ghníomhaithe tríú stáit ann maidir leis na féidearthachtaí cistiúcháin sin; ag iarraidh ar institiúidí an Aontais cur chun feidhme a gcaighdeán trédhearcachta a fheabhsú, lena n-áirítear tuairisciú dualgais ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát chun dlíthe brústocaireachta náisiúnta agus dlíthe maidir le clárlann trédhearcachta a bhunú, ar cheart nochtadh deontóirí a cheangal leo freisin, lena n-áirítear deontóirí idirnáisiúnta, agus foinsí cistiúcháin, agus ceanglais trédhearcachta chosúla a bheith ann le haghaidh na n-ionadaithe leasa go léir gan beann ar a nádúr agus a stádas dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú gurb iad na Ballstáit atá freagrach as clárú, rialú agus tuairisciú cásanna ina mbraitear calaois, mí-úsáid cistí nó sciúradh airgid, ciontuithe nó imscrúduithe leantacha; á chreidiúint gurb iad na riaracháin náisiúnta, atá níos gaire don phobal, an chéad sraith éifeachtach chun rialú agus faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí a ghníomhaíonn i gcoinne rialacha agus luachanna an Aontais, chun neartú ar iarrachtaí chun calaois agus mí-úsáid cistí a chosc agus a bhrath agus dul i ngleic leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar údaráis náisiúnta a gcórais trédhearcachta agus chuntasachta a neartú chun na heagraíochtaí nó na heintitis uile a ghníomhaíonn i gcoinne rialacha agus luachanna an Aontais a shainaithint agus bearta dlíthiúla agus riaracháin a dhéanamh lena n-éascaítear gníomhaiocht ar leibhéal an Aontais chun gur fusa agus gur sciobtha don Choimisiún na heintitis lena mbaineann a áireamh ina chórais; ag tathant ar an gCoimisiún na hionadaithe leasa uile a sháraíonn rialacha agus luachanna an Aontais a áireamh in EDES agus iad a eisiamh dá réir ó chistiú ón Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart aon chorrlaigh bhreithmheasa a dheonú chun go bhféadfadh Ballstáit ENRanna a chur faoi réir ceanglais agus oibleagáidí sriantacha marfacha; á mheabhrú gur chuir an Coimisiún tús le nós imeachta um shárú i gcoinne na hUngáire nuair a thionscain sé dlí maidir le trasnaíocht eachtrach in 2017 agus, i mbreithiúnas an 18 Meitheamh 2020 uaithi<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Meitheamh 2020, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún Eorpach v an Ungáir</STRING>, Cás C-78/18, ECLI:EU:C:2020:476.</FIELD></FOOTNOTE> <STRING ITALIC="on">(an Coimisiún Eorpach v an Ungáir)</STRING>, gur dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais AE go bhfuil an ceart chun saoirse chomhlachais, agus dlí AE dá réir, á shárú i gcás ina gcruthaíonn oibleagáidí córasacha ar ESSanna deacrachtaí suntasacha maidir le gníomhú agus oibriú na n-eagraíochtaí faoina réir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi foilsiú sonraí in FTS a raibh moill idir 6 mhí agus 18 mí i gceist leis agus a thionchar ar an trédhearcacht; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis faoi dheontais an Aontais arna ndámhachtain do ENRanna agus d’eintitis a fhoilsiú tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta ar dámhadh an deontas, lena n-áirítear cistiú a fuarthas ó fhoinsí eile, agus prionsabal na rúndachta a chur san áireamh i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le tairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, a théann i ngleic le bagairtí tromchúiseacha; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún uirlisí bailíochtaithe sonraí a fhorbairt agus a chomhtháthú ionas go mbeidh próiseas bailíochtaithe sonraí FTS uathoibríoch agus leanúnach, go mbeidh sé níos tapúla agus go n-ídeofar níos lú acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil córais TF an Choimisiúin soláimhsithe agus go mbíonn coinbhinsiúin dhifriúla in úsáid acu chun tairbhithe tionscadal agus deontas a shainaithint, agus éagsúlacht sonraí mar thoradh air, ionas gur deacair faisnéis a réiteach ó thairseacha agus bunachair sonraí difriúla an Choimisiúin a bhfuil rochtain phoiblí orthu; á mholadh don Choimisiún rialacha comhchuibhithe a bhunú agus leagan amach agus feidhmiúlachtaí na mbunachar sonraí clár-shonrach a chaighdeánú, agus na timpeallachtaí agus na réimsí gníomhaíochta éagsúla a mbíonn ENRanna ag oibriú iontu a chur san áireamh agus gan ualaí breise nach gá a leagan orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún eintiteas uathúil coiteann a úsáid, amhail cód aitheantais uathúil rannpháirtithe, agus eochracha sainaitheanta tionscadail ar fud na dtairseach agus na mbunachar sonraí uile, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin na dtairbhithe, agus prionsabal na rúndachta a choinneáil, go háirithe i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le tairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, a mbíonn orthu dul i ngleic le bagairtí tromchúiseacha díoltais, chun éascaíocht a dhéanamh ar réiteach na faisnéise atá ar fáil go poiblí arna soláthar ag córais agus suíomhanna gréasáin éagsúla; ag iarraidh ar an gCoimisiún cód a chur ar fáil do na tairbhithe uile, lena n-áirítear ENRanna, lena mbainfear cúig bliana de shonraí cistiúcháin go díreach as FTS agus ina bhfuil naisc chuig na hiontrálacha tionscadail comhfhreagracha i mbunachair sonraí chláir an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil neamhréireachtaí suntasacha in ábhar agus méid na faisnéise a thaispeántar ar shuíomhanna gréasáin tionscadail, lena n-áirítear maidir le dáileadh cistí a fuarthas i measc na gcomhpháirtithe agus maidir leis an nasc le bunachair sonraí ábhartha an Choimisiúin; á iarraidh go mbeidh cur chuige níos réamhghníomhaí ann maidir le trédhearcacht phoiblí agus comhar breise le húdaráis bhuiséadacha AE a rachaidh níos faide ná na híoscheanglais atá ann faoi láthair maidir le cistiú deontas ón Aontas; ag iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún athneartú ar chóras le haghaidh tiomantas ó na hiarratasóirí uile, lena n-áirítear ENRanna, do Chairt AE agus iad ag cur isteach ar chistí AE; á iarraidh go ndéanfar faisnéis maidir leis an gcistiú deontais a fuarthas ón Aontas agus ó fhoinsí eile a chur i láthair ar bhealach níos soiléire agus níos córasaí ar shuíomhanna gréasáin na dtionscadal arna gcistiú ag an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar úinéirí deiridh cuideachtaí a liostú i gclárlanna lárnacha i dtíortha AE, agus rochtain orthu ag daoine a mbeadh ‘spéis dhlisteanach’ acu, amhail iriseoirí iniúchacha, saoránaigh lena mbaineann agus ENRanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil príomhshruthú chóras na r-dheontas mar uirlis choiteann bainistíochta deontas agus mar chóras clárúcháin iarratasóirí ar fud sheirbhísí an Choimisiúin tar éis feabhas a chur ar cháilíocht agus ar iomláine shonraí FTS, gur gá tuilleadh iarrachta a dhéanamh chun iontaofacht na sonraí sin a fheabhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil easnaimh leanúnacha ann fós i dtéarmaí comhsheasmhachta i dtairseacha agus i gcórais trédhearcachta an Choimisiúin atá ann cheana; ag iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin dlús a chur lena chuid oibre maidir le cuíchóiriú bunachar sonraí chun FTS níos soláimhsithe a bheith ann a bheidh nasctha leis an gClár Trédhearcachta agus ag luí le bunachair sonraí clar sonrach; á thabhairt chun suntais gur cheart íocaíochtaí deireanacha a bheith san áireamh, chun gur féidir tairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, a shainaithint de réir catagóire, lena n-áirítear tríd an sainmhíniú ar ENR agus eintitis ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún togra a ullmhú le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta riaracháin faoi dheireadh 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn oifig bhaile na heagraíochta neamhbhrabúsaí i dtír amháin i gcásanna áirithe, agus go ndéantar na hoibriochtaí tairbhiúla i dtír eile; á iarraidh go ndéanfaidh eagraíochtaí neamhbhrabúsacha bearta iomchuí chun cuntas a choinneáil ar chistí agus seirbhísí a seachadadh in áiteanna seachas a ndlínse bhaile
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun córas TF lárnach, idir-inoibritheach le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a chur ar bun, bunaithe ar Airteagal 36 den Rialachán Airgeadais, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht rialú inmheánach chur chun feidhme an bhuiséid; á chur i bhfios go láidir nach leor sonraí faighteoirí a áireamh sa chóras sin, ach nach mór sonraí úinéirí tairbhiúla a áireamh ann freisin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go n-áireofaí sa chóras sin táscairí riosca bunaithe ar shonraí ó EDES faoi gach modh bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi go bhféadfadh ualach riaracháin díréireach a bheith ar thairbhithe, lena n-áirítear ENRanna, mar thoradh ar oibleagáidí tuairiscithe agus cleachtais chuntasaíochta a bheith ann ag an am céanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh oibleagáidí tuairiscithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta comhsheasmhach chun faireachán níos éasca ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an trédhearcacht agus ar a thábhachtaí atá sé faighteoir deiridh cistí ón Aontas a shainaithint; ag iarraidh ar an gCoimisiún córas faireacháin comhchuibhithe a fhorbairt chun laghdú ar an rómhaorlathas, cur leis an éifeachtúlacht agus tairbhithe deiridh a shainaithint; ag moladh go ndéanfaidh an Coimisiún cistí a rianú fad leis na tairbhithe deiridh ar bhealach córasach, caighdeánaithe agus comhchuibhithe ar fud ardáin faisnéise agus trédhearcachta ar leibhéal an Aontais; ag iarraidh, thairis sin, go ndéanfar idirphlé feabhsaithe idir an Coimisiún agus tairbhithe chistiú an Aontais, lena n-áirítear ENRanna, ar an tslí le ró-ualaí a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nuair nach dtugtar urraim mar is ceart d’fhorálacha sofheictheachta chláir AE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoir a thabhairt dá sheirbhísí comhaontuithe a fhoirceannadh nó íocaíochtaí le tairbhithe nach n-urramaíonn a n-oibleagáidí sofheictheachta conarthacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh sé oiliúint maidir leis an Rialachán Airgeadais agus maidir le buiséad AE ar fáil dá oifigigh cláir uile agus do ghníomhaireachtaí AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún oiliúint maidir le tuairisciú agus rialacha airgeadais a chur ar fáil do thairbhithe uile chistiú AE, lena n-áirítear ENRanna, agus á iarraidh go gcuirfear an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas go cuí faoi na hoiliúintí sin, lena n-áirítear a n-ábhar, a rannpháirtithe agus na costais ghaolmhara; ag iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta iarratais ar dheontas agus roghnúcháin a shimpliú, agus aonchineálacht cuir chuige agus trédhearcacht an phróisis a áirithiú, laghdú ar an ualach riaracháin agus na rialacha sin a chur in oiriúint go rialta do chúinsí athraitheacha agus dá bhfuil foghlamtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire cinneadh 2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), nach dtugann foráil an fho-dheonaithe deis don Choimisiún faireachán iomchuí a dhéanamh ar úsáid chistí AE á iarraidh, maidir leis na méideanna a chuirtear ar fáil i bhfoirm deontais chascáideacha do ENRanna mar thríú páirtithe, go mbeidh siad so-aitheanta in FTS agus sa tuairisciú bliantúil airgeadais agus cuntasachta ón gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais a áirithiú go mbeifear i bhfad níos déine maidir le cur chun feidhme, forfheidhmiú agus maoirseacht ar chomhlíonadh na bhforálacha reatha i ndáil le Clár Trédhearcachta an Aontais; á iarraidh go ndéanfar breis acmhainní a leithdháileadh ar Rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta, ionas go mbeidh sí in ann tacaíocht a thairiscint do na hiarratasóirí agus do na cláraithe uile, go háirithe d’eintitis bheaga agus do ENRanna, le linn an phróisis clárúcháin agus chun an fhaisnéis a chuireann siad ar fáil a fhíorú ar bhealach níos críochnúla; á iarraidh, go háirithe, go gcuirfear oifigeach trédhearcachta i rúnaíochtaí na gcoistí uile agus sna haonaid riaracháin ábhartha; á mheabhrú gur cheart, de réir threoirlínte an Chláir Trédhearcachta, athruithe ar na sonraí arna soláthar a chur in iúl a luaithe a tharlaíonn siad agus, in aon chás, laistigh de thrí mhí; á áitiú gur cheart aon athruithe ar bhord nó ar cheannaireacht ENRanna arna gcistiú ag an Aontas a thaifeadadh sa chlár trédhearcachta freisin; á iarraidh nach mbeidh rochtain ar an mbunachar sonraí trédhearcachta ach ag daoine údaraithe sonracha, agus arna iarraidh sin ag an údarás buiséadach, chun nach scaipfear faisnéis a d’fhéadfadh beatha dhuine nó sábháilteacht phearsanta nó marthain ENR a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi ceanglais éagsúla maidir le nochtadh a bheith ann do chineálacha éagsúla eagraíochtaí sa Chlár Trédhearcachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais nochta chéanna a fhorchur ar gach cineál eagraíochta a chláraítear sa Chlár Trédhearcachta; ag tabhairt dá haire, go háirithe, nach mór a cheangal orthu go léir a n-ioncam agus na méideanna uile a caitheadh ar bhrústocaireacht a nochtadh<FOOTNOTE><FIELD> Féach: staidéar trédhearcachta agus cuntasachta, moladh 24.3.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag meabhrú na moltaí ó rún 2021 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0138, mír 74.</FIELD></FOOTNOTE> ina n-iarrtar athbhreithniú ar Chlár Trédhearcachta an Aontais agus ar a threoirlínte chun a cheangal go nochtfar sonraí maidir le gach foinse chistiúcháin ó eagraíochtaí cláraithe, lena n-áirítear scaireanna á sealbhú i gcuideachtaí eile, agus go gceadófaí cistí AE a rianú ón bhfaighteoir díreach chuig an tairbhí deiridh nuair a chuirtear cistí ar aghaidh feadh slabhra, lena n-áirítear nuair a aistrítear cistí ó thairbhí amháin, lena n-áirítear ENR, chuig tairbhí eile, agus prionsabal na rúndachta a chur san áireamh i gcás ENRanna a théann i ngleic le bagairtí tromchúiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag iarraidh ar na ENRanna uile agus ar eintitis atá tiomanta do thrédhearcacht agus cuntasacht iomlán, do Chairt AE agus luachanna daonlathacha agus luachanna AE a chur chun cinn, a iarraidh go mbeidh siad san áireamh sa Chlár Trédhearcachta nuair a dhéanann siad iarratas ar chistí ón Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar forfheidhmiú docht ar na rialacha maidir le rochtain ar an bParlaimint agus cuirí chuig coistí parlaiminteacha, atá coinníollach ar gach eagraíocht clárú sa Chlár Trédhearcachta leis an oifigeach trédhearcachta nua a chuirfear i rúnaíocht gach coiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar thairbhithe uile arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear ENRanna, gach cruinniú le FPEnna, cúntóirí FPEnna nó ionadaithe institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais a fhoilsiú ar líne aon uair a bhaineann na cruinnithe sin le comhaid reachtacha leanúnacha an Aontais nó le maoiniú an Aontais a fhaigheann na tairbhithe sin nó a ndéanann siad iarratas ina leith, i gcomhréir le hoibleagáidí comhchosúla i gcás FPEnna; á iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais na huirlisí is gá a chur ar fáil chun na cruinnithe sin a fhoilsiú, agus eisceachtaí a bhfuil údar cuí leo á gceadú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheas gur beart idirdhealaitheach é gur glacadh rialachán ENR a dhíríonn ar ENRanna ach nach ndíríonn ar aon fhaighteoirí eile chistiú AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim maidir le saincheisteanna amhail doirse rothlacha, trédhearcacht maidir le maoiniú agus síntiúis, an comhrac i gcoinne sciúradh airgid, cur isteach eachtrach a theorannú, neamhspleáchas ar thionchar polaitiúil agus eacnamaíoch, agus sceithireacht go bhfuil tábhacht leo do na heintitis go léir a fhaigheann cistí AE agus nár cheart iad a úsáid chun spás gníomhaíochta ENRanna a theorannú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag athdhearbhú gur iarr sí i rún 2021 ón gCoimisiún maidir le hurscaoileadh<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0137.</FIELD></FOOTNOTE> go n-áiritheofaí maidir leis na tairbhithe chistí AE go léir, lena n-áirítear ENRanna, a bhfuil cistí acu ar baineadh mí-úsáid astu nó a ndearnadh mí-leithdháileadh orthu, nó a bhí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí in aghaidh luachanna AE a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus de Chairt AE, lena n-áirítear gríosú chun sceimhlitheoireachta, fuathchaint, tacaíocht d’fhoréigean nó foréigean a ghlóiriú, antoisceachas polaitiúil agus creidimh agus bréagaisnéis a scaipeadh i riocht sonraí eolaíocha arna mbréagnú d’aon ghnó, go ndéanfar iad a liostú in EDES agus go mblocálfar iad ar rochtain ar institiúidí AE agus ar chláir chistiúcháin AE i mbainistíocht dhíreach agus chomhroinnte; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit cur chun feidhme agus foilsiú liosta eisiaimh feabhsaithe arna mholadh ag an bParlaimint agus i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir leis an Rialachán Airgeadais a fhorfheidhmiú; ag dréim leis go dtuairisceoidh an Coimisiún ar chur chun feidhme an mholta seo i dtús 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar CIE na cinntí agus conclúidí iniúchóireachta a bhaineann leis na seiceálacha riosca-bhunaithe ar thairbhithe ar an láthair, lena n-áirítear ENRanna, agus a dtorthaí a chur faoi bhráid na Parlaiminte, go córasach, mar an t-údarás um urscaoileadh; ag spreagadh comhair bhreise leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa; ag iarraidh ar an gCoimisiún an stádas rochtana a fheabhsú le haghaidh OLAF, go háirithe, chun faisnéis a fháil maidir le mí-iompar airgeadais tairbhithe aonair, iad a iniúchadh agus smachtbhannaí iomchuí a fhorchur (i.e. fionrú íocaíochta trí bhíthin chóras EDES), i gcás calaoise, éillithe agus aimhrialtachtaí eile a bhaineann le cistí AE, i gcomhlíonadh na rialachán is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á mheabhrú go mbíonn ENRanna faoi réir an leibhéil chéanna rialuithe agus imscrúduithe le haon fhaighteoir eile chistí AE lena gcumhdaítear caiteachas ar gach taobh, lasitigh de shainorduithe faoi seach OLAF agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>