<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0040</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le héilimh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0416/2023 -  Rapóirtéir: Tilly Metz)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna (2023/2081(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 168 agus d’Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna<FOOTNOTE><FIELD> IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna<FOOTNOTE><FIELD> IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna<FOOTNOTE><FIELD> IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 26.3.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le straitéis ón bhfeirm go dtí an forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’</STRING> [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Executive summary of the evaluation of the Regulation (EC) No 1924/2006 on nutrition and health claims made on foods with regard to nutrient profiles and health claims made on plants and their preparations and of the general regulatory framework for their use in foods’</STRING> [Achoimre feidhmiúcháin ar an meastóireacht ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna i ndáil le próifílí cothaitheach agus maímh shláinte a dhéantar i leith plandaí agus a n-ullmhóidí agus ar an gcreat rialála ginearálta maidir lena n-úsáid i mbianna] (SWD(2020)0096),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do thuairim eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 15 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Tolerable upper iontake level for dietary sugars’</STRING> [Uasleibhéal inghlactha iontógála le haghaidh siúcraí san aiste bia]<FOOTNOTE><FIELD> An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, ‘<STRING ITALIC="on">Tolerable upper intake level for dietary sugars’</STRING> [Uasleibhéal inghlactha iontógála le haghaidh siúcraí san aiste bia], <STRING ITALIC="on">Iris EFSA</STRING>, Imleabhar 20, Eagrán 2, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an 15 Nollaig 2021.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán 2022 ó EDS dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Nutrition labelling: policy brief’</STRING> ‘Lipéadú maidir le cothúchán: achoimre ar bheartas’<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ‘<STRING ITALIC="on">Nutrition labelling: policy brief’ [Lipéadú Cothúcháin:achoimre ar bheartas]</STRING>, An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, An Ghinéiv, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán 2019 ó EDS dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Guiding principles and framework manual for front-of-pack labelling for promoting healthy diets’</STRING> [Treoirphrionsabail agus creat-lámhleabhar maidir le lipéadú ar aghaidh an phacáiste chun aistí bia sláintiúla a chur chun cinn]<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ‘<STRING ITALIC="on">Guiding principles and framework manual for front-of-pack labelling for promoting healthy diets’ [Treoirphrionsabail agus creat-lámhleabhar maidir le lipéadú ar aghaidh an phacáiste chun aistí bia sláintiúla a chur chun cinn]</STRING>, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Ghinéiv, 2019.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tríú Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is é sin beatha shláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur chun cinn do chách ag gach aois,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán UNICEF ó mhí na Nollag 2013 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Children’s rights in impact assessments – A guide for integrating children’s rights into impact assessments and taking action for children’</STRING> [Cearta leanaí i measúnuithe tionchair – Treoir maidir le cearta leanaí a chomhtháthú i measúnuithe tionchair agus gníomhaíocht a dhéanamh ar mhaithe le leanaí]<FOOTNOTE><FIELD> UNICEF, ‘<STRING ITALIC="on">Children’s rights in impact assessments – A guide for integrating children’s rights into impact assessments and taking action for children’ [Cearta leanaí i measúnuithe tionchair — Treoir maidir le cearta an linbh a chomhtháthú i measúnuithe tionchair agus gníomhaíocht a dhéanamh ar mhaithe le leanaí]</STRING>, UNICEF, an Ghinéiv, Nollaig 2013.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0416/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>	de bhrí gur tugadh isteach Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 (an Rialachán maidir le Maímh Chothúcháin agus Shláinte, nó NHCR) chun an leibhéal is airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus roghanna tomhaltóirí a éascú; de bhrí go bhfuil feidhm ag NHCR maidir le maímh dheonacha chothúcháin agus shláinte i leith bianna i ngach cumarsáid tráchtála, lena n-áirítear i lipéadú agus i bhfógraíocht, chomh maith le cumarsáid le gairmithe sláinte<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Iúil 2016, <STRING ITALIC="on">Verband Sozialer Wettbewerb eV</STRING> v <STRING ITALIC="on">Innova Vital GmbH,</STRING> C-19/15, ECLI:EU:C:2016:563.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhformheasann an Coimisiún maímh shláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus atá sothuigthe do thomhaltóirí, tar éis do EFSA measúnú eolaíoch a dhéanamh ar na maímh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur féidir maímh a chatagóiriú mar ‘maímh maidir le sláinte fheidhmiúil’, ‘maímh maidir le laghdú riosca’ agus ‘maímh a thagraíonn d’fhorbairt leanaí’; de bhrí, i mí Iúil 2023, gur údaraíodh 269 maíomh sláinte lena n-úsáid in AE; de bhrí go bhféadfar maímh a thagraíonn d’fhorbairt agus do shláinte leanaí i lipéadú bianna a údarú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na ceanglais a leagtar síos le NHCR;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil maímh chothúcháin nó shláinte i gceist le 18 % ar a laghad de tháirgí nua a thagann isteach i margadh bia agus dí AE, agus meastar go bhfuil an ceathrú cuid de na bianna go léir ar fáil ar mhargadh AE a bhfuil na maímh sin ag gabháil leo<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Final Report Summary – CLYMBOL (<STRING ITALIC="on">Role of health-related claims and symbols in consumer behaviour</STRING>)’ <STRING ITALIC="on">[Achoimre ar an Tuarascáil Chríochnaitheach – CLYMBOL (Ról na maíomh agus na siombailí a bhaineann leis an tsláinte in iompar tomhaltóirí)]</STRING>, 8 Márta 2017.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, mar a mhínítear in aithris 10 de NHCR, go bhféadfadh tomhaltóirí a mheas go bhfuil buntáiste cothaitheach, fiseolaíoch nó buntáiste sláinte eile ag bia a chuirtear chun cinn le maímh thar tháirgí comhchosúla nó táirgí eile nach gcuirtear cothaithigh agus substaintí eile den sórt sin leo, agus go bhféadfadh sé sin tomhaltóirí a spreagadh chun roghanna a dhéanamh a mbeadh tionchar díreach acu ar a n-iontógáil iomlán cothaitheach aonair nó substaintí eile ar bhealach a bheadh bunoscionn le comhairle eolaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 13(3) de NHCR, go raibh an Coimisiún ceaptha liosta Comhphobail de mhaímh cheadaithe a ghlacadh faoin 31 Eanáir 2010 ar a dhéanaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndéanann maímh chothúcháin nó shláinte difear do roghanna bia na dtomhaltóirí, mar aon le saintréithe eile amhail praghas, branda, dath agus cruth pacáistithe; de bhrí go mbíonn tionchar níos mó ag maímh shláinte, go háirithe maímh maidir le laghdú riosca, ar dhearcadh na dtomhaltóirí ná mar a bhíonn ag maímh chothúcháin<FOOTNOTE><FIELD> Pichierri, M. et al., ‘<STRING ITALIC="on">The interplay between health claim type and individual regulatory focus in determining consumers’</STRING> intentions toward extra-virgin olive oil’ , <STRING ITALIC="on">Food Research International</STRING>, Imleabhar 136, Airteagal 109467, Elsevier, Deireadh Fómhair 2020.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil tionchar ag tosca éagsúla, lena n-áirítear eolas maidir le cothúchán agus leibhéil oideachais, ar thuiscint tomhaltóirí ar mhaímh chothúcháin agus shláinte, lena n-áirítear eolas maidir le cothúchán agus leibhéil oideachais, agus gur cheart é sin a chur san áireamh chun an t-aistriú chuig aistí bia níos sláintiúla a éascú agus chun athfhoirmliú bia a spreagadh; de bhrí, áfach, nach leor soláthar faisnéise, feachtais oideachais agus feasachta astu féin chun an t-athrú is gá a bhaint amach chuig roghanna tomhaltóirí níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla, ós rud é gur féidir le príomhghnéithe eile de thimpeallachtaí bia, amhail inacmhainneacht, margaíocht agus infhaighteacht, tionchar a imirt orthu sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur thug NHCR sainordú don Choimisiún próifílí cothaitheach a shocrú do bhianna nó do chatagóirí sonracha bia faoin 19 Eanáir 2009; de bhrí go bhfuil próifílí cothaitheach fós le socrú sa chleachtas; de bhrí, in 2020, gur athdhearbhaíodh sa tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún maidir le NHCR gur gá próifílí cothaitheach a fhorbairt mar uirlis chun tomhaltóirí a chosaint ar bheith neamhchosanta ar bhianna a bhfuil maímh shláinte orthu agus a bhfuil droch-chomhdhéanaimh chothaitheacha acu; de bhrí gur athdhearbhaíodh sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ gur cheart próifílí cothaitheach a shocrú chun margú agus cur chun cinn bianna míshláintiúla trí mhaímh chothú agus shláinte a shrianadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, sa rún uaithi in 2021 maidir leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, gur chuir an Pharlaimint in iúl go sainráite gur gheal léi an fógra maidir le togra reachtach chun próifílí cothaitheach a bhunú chun toirmeasc a chur ar mhaímh chothúcháin agus shláinte a úsáid maidir le bianna a bhfuil leibhéal ard saille, siúcra agus/nó salainn iontu nó bianna míshláintiúla i gcoitinne agus gur iarr sí go dtabharfaí aird ar leith ar bhia do leanaí agus ar bhianna sainchuspóireacha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go leanann tomhaltóirí de bheith neamhchosanta ar mhaímh dhearfacha chothú nó shláinte i leith bianna ina bhfuil leibhéal ard saille, salainn nó siúcra, rud nach bhfuil ag luí leis an gcuspóir maidir le cosaint ardleibhéil do thomhaltóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht go tapa ar fhadhbanna meáchain agus murtaill i bhformhór na mBallstát, agus go bhfuil níos mó ná leath de dhaoine fásta Eorpacha agus leanbh amháin as gach triúr róthrom nó murtallach<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, <STRING ITALIC="on">WHO European Regional Obesity Report 2022</STRING>[Tuarascáil Réigiúnach EDS 2022 maidir le Murtall san Eoraip], an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Ghinéiv, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil an rómheáchan agus an murtall i measc leanaí ag cur leis na dúshláin dhomhanda maidir leis an tsláinte phoiblí; de bhrí go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil tionchar ag an margaíocht a dhéantar ar bhianna ina bhfuil leibhéal ard saille, salainn agus siúcra ar an murtall i measc leanaí, ach go bhfuil leanaí fós neamhchosanta ar leibhéil arda den mhargaíocht sin, a úsáideann teicnící cumhachtacha agus áititheacha, lena n-áirítear, níos mó agus níos mó, trí mhodhanna digiteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil aistí bia míshláintiúla ina bhfuil leibhéal ard salainn, siúcra agus saille, lena n-áirítear saillte sáithithe agus tras-saillte, ina bpríomhfhachtóir riosca maidir le galair agus básmhaireacht san Eoraip agus, de réir EDS, go bhfuil siad ina gcúis le 8 milliún bás anabaí gach bliain; de bhrí gurbh aistí bia míshláintiúla ba chúis le bás amháin as gach cúigear in 2017, go príomha trí ghalair chardashoithíocha agus ailsí; de bhrí go bhfuil gá le fócas níos láidre ar ghalair a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, i rún uaithi an 16 Feabhra 2022 maidir leis an Eoraip a neartú sa chomhrac i gcoinne na hailse — i dtreo straitéis chuimsitheach chomhordaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>, gur leag an Pharlaimint béim ar an ról atá ag aistí bia sláintiúla maidir le minicíocht na hailse a chosc agus a theorannú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nach bhféadfadh EFSA leibhéal sábháilte iontógála a shocrú le haghaidh saorshiúcraí agus siúcraí breise toisc ‘gur mó an baol go mbeadh éifeachtaí (freagairt) díobhálacha sláinte ann (freagairt) thar raon iomlán na leibhéal iontógála (dáileoga) breathnaithe ar bhealach seasta (líneach), i.e. dá airde an iontógáil, is ea is mó an baol go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ann’<FOOTNOTE><FIELD> an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, <STRING ITALIC="on">EFSA explains draft scientific opinion on a tolerable upper intake level for dietary sugars</STRING> [Míníonn EFSA dréacht-tuairim eolaíoch maidir le huasleibhéal inghlactha iontógála le haghaidh siúcraí san aiste bia], an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil an aspairtéim aicmithe ag Gníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse EDS mar mhilseoir a d’fhéadfadh a bheith carcanaigineach do dhaoine; de bhrí go dtugtar le fios le hathbhreithniú córasach arna dhéanamh ag EDS go bhféadfadh baint a bheith ag milseoirí neamhsiúcra le riosca méadaithe de dhiaibéiteas de chineál 2, galar cardashoithíoch, básmhaireacht uile-chúise agus meáchan coirp níos troime; de bhrí, maidir le haistí bia níos sláintiúla lena n-áirítear tomhaltas méadaithe bianna atá bunaithe ar phlandaí, amhail torthaí agus glasraí úra, gráinní iomlána agus léagúim, agus lena ndéantar ró-thomhaltas feola agus táirgí sárphróiseáilte a sheachaint, go gcuireann siad le sláinte fheabhsaithe, go laghdaíonn siad básmhaireacht ó ghalair neamhtheagmhálacha a bhaineann le haiste bia agus go mbíonn tairbhí comhshaoil ag baint leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn uirlisí éifeachtacha faisnéise, amhail lipéid chothúcháin ar aghaidh an phacáiste, le saoránaigh roghanna bia níos sláintiúla a dhéanamh agus tomhaltas míshláintiúil bia ina bhfuil leibhéal ard salainn, saille agus siúcra a sheachaint; de bhrí gur thacaigh an Pharlaimint le glacadh an lipéid sin i rún féintionscnaimh uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, inar iarr sí ar an gCoimisiún a áirithiú go bhforbrófaí lipéadú cothúcháin éigeantach agus comhchuibhithe AE ar aghaidh an phacáiste bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus ar thuiscint tomhaltóirí atá léirithe chun tacú le soláthar faisnéise cruinne faoi bhianna agus roghanna malartacha níos sláintiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur bhunaigh an Coimisiún, in 2012, liosta ‘ar feitheamh’ de 2 078 maíomh sláinte a bhaineann le substaintí plandaí, go príomha mar gheall ar easpa staidéar idirghabhála i ndaoine, as ar eascair fionraí nós imeachta measúnaithe agus údaraithe EFSA in 2010; de bhrí go bhféadfar na maímh ‘ar feitheamh’ – iad sin a measúnaíodh go diúltach agus iad siúd nár athbhreithníodh go fóill araon – a úsáid fós ar mhargadh AE de réir na mbeart idirthréimhseacha a leagtar amach in NHCR, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an liosta ‘ar feitheamh’;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in 2020 ina thuarascáil mheastóireachta ar NHCR go bhfuil tomhaltóirí fós neamhchosanta ar mhaímh shláinte ar luibheolaíocha a bhfuil leibhéil éagsúla measúnaithe eolaíoch déanta othu, lena n-áirítear maímh sláinte gan bhunús a bhféadfadh siad a chreidiúint ina leith go ndearnadh meastóireacht eolaíoch ar na héifeachtaí tairbhiúla sonraithe nuair nach amhlaidh an cás;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh tuilleadh comhordaithe ar an gcreat sábháilteachta maidir le luibheolaíochtaí rannchuidiú le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí nach bhfuil an reachtaíocht maidir le luibheolaíocht i mbianna agus i bhforbhianna comhchuibhithe ar leibhéal AE; de bhrí go mbíonn liostaí dearfacha nó diúltacha ag na Ballstáit nó nach bhfuil aon liosta acu de shubstaintí luibheolaíocha a cheadaítear i mbianna; de bhrí go bhfuil aicmiú luibheolaíochta mar bhia nó mar leigheas faoi inniúlacht gach Ballstáit ar leith; de bhrí gurb é is cuspóir do tháirge íocshláinte galar i ndaoine a chóireáil nó a chosc agus go bhfuil forbhianna ceaptha do thomhaltóirí nach bhfuil riachtanais liachta láithreacha acu; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, idirdhealú soiléir a choinneáil idir bia agus leigheas;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí nach mór do chógais luibhe dul faoi nósanna imeachta údarúcháin sula dtugtar isteach iad ar mhargadh AE, rud a éilíonn léiriú sábháilteachta agus éifeachtúlachta táirgí agus comhlíonadh ceanglas dlíthiúil breise i réimsí amhail measúnuithe cáilíochta, cógas-aireachas agus comhlíonadh dea-chleachtas monaraíochta; de bhrí gur féidir le cógais luibhe a úsáideadh go sábháilte le 30 bliain anuas, lena n-áirítear 15 bliana in AE, nós imeachta clárúcháin simplithe a úsáid le haghaidh táirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta, i gcás ina nglactar le sonraí maidir le ‘úsáid thraidisiúnta’ chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht an táirge a shuíomh;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil moill shuntasach curtha ar fhorfheidhmiú NHCR maidir le maímh ar luibheolaíochtaí; de bhrí go n-éilíonn cuspóir NHCR ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht ghasta chun NHCR a fhorfheidhmiú go hiomlán nó é a athbhreithniú, toisc nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm ar bhealaí áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil na Ballstáit freagrach as NHCR a fhorfheidhmiú laistigh dá ndlínsí; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm; de bhrí, mar gheall ar dhifríochtaí léirmhínithe agus neamhréireachtaí forfheidhmithe idir na Ballstáit, go bhfuil éagsúlacht ann i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin tar éis úsáid mhícheart a bhaint as maímh, ó chomhairle maidir le conas maímh a choigeartú go fíneálacha as a n-úsáid mhíchuí;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go gcuireann na meáin shóisialta go mór le fógraíocht agus díol bianna agus forbhianna, agus go bhfuil a mhéid a rialaíonn NHCR cumarsáidí ar líne a bhaineann leis an tsláinte faoi bhianna fós doiléir; de bhrí nach soléir i gcónaí an cumarsáid tráchtála nó neamhthráchtála iad cumarsáidí ó thionchairí nó ó dhaoine cáiliúla ar na meáin shóisialta<FOOTNOTE><FIELD> Ashwell, M. et al., ‘<STRING ITALIC="on">Nature of the evidence base and strengths, challenges and recommendations in the area of nutrition and health claims: a position paper from the Academy of Nutrition Sciences’</STRING>, <STRING ITALIC="on">British Journal of Nutrition</STRING>, Imleabhar 130, Eagrán 2, 28 Iúil 2023, lch. 221-238.</FIELD></FOOTNOTE> agus gur féidir maímh bhréagacha agus mhíthreoracha neamhfhíoraithe i leith táirgí bia a bheith mar thoradh orthu, mar shampla maidir le fógraíocht próitéine agus forlíontaí eile chun fás matáin a fheabhsú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb é príomhchuspóir NHCR a áirithiú go mbeidh maímh i leith bianna bunaithe ar fhianaise eolaíoch a bhfuil glacadh ginearálta léi agus gur féidir a bheith ag súil leis go dtuigfidh an gnáth-thomhaltóir iad; á chur i bhfios go láidir, i gcleachtas, go ndéantar maímh mhíthreoracha a thuairisciú i ndíolachán bia ar líne agus as líne araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil méadú ag teacht ar an spéis atá ag tomhaltóirí i bhfaisnéis faoi bhia<FOOTNOTE><FIELD> An tAontas Eorpach, ‘<STRING ITALIC="on">Eurobarometer – Making our food fit for the future – new trends and challenges’</STRING>[Eorabharaiméadar — Ár mbia a chur in oiriúint don todhchaí — treochtaí agus dúshláin nua] , Deireadh Fómhair 2020.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi luach cothaitheach nó sláinte na mbianna a thaispeántar ar lipéid agus atá á n-úsáid chun críocha cur i láthair, margaíochta agus fógraíochta cruinn, eolaíochtbhunaithe agus fiúntach; á iarraidh go ndéanfaí liosta na maíomh údaraithe maidir le cothúchán agus sláinte i leith bia a thabhairt cothrom le dáta go rialta, i gcomhréir le forbairtí eolaíocha i réimsí an bhia agus an chothúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go leanfaidh maímh shláinte de bheith ailínithe le beartais agus tosaíochtaí sláinte AE; á athdhearbhú a thábhachtaí atá discréid an Choimisiúin gan maímh a údarú nuair a d’fhéadfadh sé go gcuirfí teachtaireachtaí contrártha agus mearbhallacha in iúl do thomhaltóirí mar thoradh orthu<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Meitheamh 2017, <STRING ITALIC="on">Dextro Energy GmbH & Co. KG</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún Eorpach</STRING>, C-296/16, ECLI:EU:C:2017:437.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithniú próifílí cothaitheach i measúnuithe ar mhaímh shláinte</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú gur cheart, faoi Airteagal 4 de NHCR, go mbeadh próifílí cothaitheach bunaithe ag an gCoimisiún chun srian a chur ar mhaímh chothúcháin agus shláinte i leith bianna ina bhfuil leibhéal ard saille, siúcra agus/nó salainn faoin 19 Eanáir 2009; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh isteach an togra ón gCoimisiún maidir le próifílí cothaitheach go fóill, in ainneoin go bhfuil sé beartaithe do 2022 mar chuid d’athbhreithniú ar reachtaíocht AE maidir le faisnéis faoi bhia do thomhaltóirí; á áitiú go bhfuil sé ábhartha agus riachtanach fós próifílí cothaitheach a shocrú le tairseacha sonracha cothaitheach le haghaidh maímh shláinte agus chothúcháin a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 4 de NHCR, chun cuspóirí NHCR a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú nár cheart go gcuirfeadh maímh tomhaltóirí amú maidir le fíorluach cothaitheach táirge; á thabhairt chun suntais, in éagmais próifílí cothaitheach, gur féidir le maímh béim a chur ar ghné dhearfach de tháirge atá míshláintiúil ar an iomlán nó de tháirge a sháraíonn na tairseacha do chothaithigh shonracha, amhail saill, siúcra agus salann; á chur i bhfios go bhfuil go leor táirgí bia, lena n-áirítear roinnt táirgí a mhargaítear i dtreo leanaí, fós ag úsáid maímh shláinte agus chothúcháin in ainneoin go bhfuil leibhéil arda cothaitheach ar ábhar imní iad iontu; á chur i bhfios go láidir gur gá próifílí cothaitheach sonracha a fhorbairt, dá bhforáiltear in Airteagal 4 de NHCR agus i gcomhréir le cuspóirí NHCR, chun teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as maímh chothúcháin agus shláinte ar bhianna ina bhfuil leibhéal ard saille, siúcra agus/nó salainn; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh na próifílí cothaitheach a bheidh ann amach anseo, ar cheart iad a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch láidir agus neamhspleách, cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha, sláintiúla agus inbhuanaithe a dhéanamh faoi tháirgí bia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ann do chur chuige córasach atá bunaithe ar fhianaise maidir le timpeallachtaí bia a chruthú a chabhraíonn le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus a spreagann aistriú i dtreo aistí bia níos sláintiúla, lena n-áirítear méadú ar thomhaltas bianna atá bunaithe ar phlandaí, amhail torthaí agus glasraí úra, gráinní iomlána agus léagúim; á mheas, sa bhreis ar NHCR a chur chun feidhme i gceart, gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit níos mó a infheistiú in oideachas bia agus cothúcháin, amhail feachtais faisnéise, trí chláir éagsúla, lena n-áirítear EU4Health, go háirithe trí thacú le gníomhaíochtaí i scoileanna d’fhonn leanaí agus déagóirí a mhúineadh faoi aistí bia sláintiúla agus cothroma; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar ag deitéarmanaint shóisialta i litearthacht tomhaltóirí maidir le maímh i leith bia; á chur i bhfios nach leor astu féin soláthar faisnéise, feachtais oideachais agus feasachta chun roghanna eolasacha tomhaltóirí a áirithiú agus gur gá beartais lena bhfeabhsaítear timpeallachtaí bia a bheith ag gabháil leo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faisnéis do thomhaltóirí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gnách go ndéanann tomhaltóirí ró-thomhaltas ar tháirgí bia a mhaíonn go gcuireann siad sláinte níos fearr chun cinn, ar a dtugtar ‘an éifeacht luain’; á mholadh go n-áireofaí tairseacha úsáide íosta agus uasta araon ar lipéid táirgí gach bia agus forbhia a bhfuil maímh shláinte ag gabháil leo, mar aon le moladh dul i gcomhairle le gairmí cúraim sláinte go háirithe, roimh forbhianna a ithe, chun idirghníomhaíochtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann le cóireálacha sonracha a sheachaint agus chun nach dtreiseofaí neamhoird itheacháin a d’fhéadfadh a bheith ann; á thabhairt chun suntais go meastar go leanfaidh neamhshiméadracht faisnéise de bheith ann, i dtimpeallacht bhia atá ag athrú go tapa agus á iarraidh go ndéanfar taighde a chistiú maidir le tuiscint tomhaltóirí ar mhaímh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an mhoill ar an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí i ndáil le forbairt lipéad cothúcháin ar aghaidh an phacáiste, ar léiríodh go gcabhraíonn siad go héifeachtach le tomhaltóirí roghanna bia agus deochanna níos sláintiúla a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tomhaltóirí a spreagadh agus cabhrú leo roghanna eolasacha, sláintiúla agus inbhuanaithe a dhéanamh maidir le táirgí bia trí lipéad cothúcháin éigeantach comhchuibhithe AE ar aghaidh an phacáiste a ghlacadh, a luaithe is féidir, a fhorbrófar bunaithe ar bhonn fianaise eolaíoch láidir agus neamhspleách agus ar thuiscint tomhaltóirí atá léirithe; á thabhairt dá haire go léirítear i staidéir nach féidir éifeachtaí bia ar an tsláinte a mhíniú leis an gcomhdhéanamh cothaitheach amháin, ach leis an leibhéal próiseála freisin, go háirithe i gcás bianna sárphróiseáilte; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé a bheith chun leasa na sláinte poiblí agus na dtomhaltóirí faisnéis a áireamh maidir le próiseáil bia ar lipéid chothúcháin ar aghaidh an phacáiste léirmhínitheacha agus go bhféadfadh sé a bheith éifeachtach ó thaobh cabhrú le tomhaltóirí roghanna bia níos sláintiúla a dhéanamh; á iarraidh go ndéanfaí bearta rialála chun an t-ualach a chuireann bianna ardphróiseáilte ar an tsláinte phoiblí a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ábharthacht na maíomh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil go leor de na maímh a úsáidtear ar mhargadh AE maidir le cothaithigh nach mbíonn in easnaimh ina n-aistí bia ach ag roinnt bheag tomhaltóirí Eorpacha; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an acmhainneacht reachtach atá ann sainchúram EFSA a leathnú chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht úsáid na maíomh sin a chur san áireamh, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar an mbonn eolaíoch do na maímh sin; ag tacú go láidir le foilsiú leanúnach treoirlínte sonracha ag EFSA de réir úsáid maímh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht srian a chur le húsáid an mhaímh cheadaithe maidir le cothúchán ‘gan siúcra breise’ le haghaidh táirgí ina bhfuil milseoirí nó leibhéil arda shaorshiúcraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt chun suntais, fiú nuair a thugtar bunús eolaíoch do mhaímh maidir le bainne foirmle do naíonáin, amhail an maíomh sláinte ‘cuireann iontógáil DHA le gnáthfhorbairt amhairc naíonán suas le 12 mhí d’aois’, gur cheart go seachnódh a n-úsáid tionchar a imirt ar roghanna beathaithe do naíonáin agus feabhsuithe ar bhainne foirmle do naíonáin a theorannú<FOOTNOTE><FIELD> Munblit, D. et al., ‘<STRING ITALIC="on">Health and nutrition claims for infant formula are poorly substantiated and potentially harmful’</STRING>, <STRING ITALIC="on">British Medical Journal</STRING>, Imleabhar 369, Airteagal m875, 2020, agus Cheung, K.Y., et al., ‘<STRING ITALIC="on">Health and nutrition claims for infant formula: international cross sectional survey’</STRING>, <STRING ITALIC="on">British Medical Journal</STRING>, Imleabhar 380, Eagrán 8371, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tacú le réamhchomhairliúcháin a bhunú idir monaróirí agus EFSA chun a chur ar chumas EFSA a ionchais a chur in iúl i gcomhthéacs a n-iarraidh ar mhaíomh a chur isteach, agus prionsabal neamhspleáchas EFSA á urramú ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Luibheolaíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go bhfágann an easpa comhchuibhithe ar leibhéal AE maidir le haicmiú substaintí luibheolaíocha mar bhia nó mar leigheas gur féidir substaint plandaí a lipéadú mar ‘bia’ i mBallstát amháin agus mar ‘leigheas’ i mBallstát eile; á chur i bhfios go láidir go gcuireann na neamhréireachtaí sin dúshláin roimh mhonaróirí agus rialtóirí agus go bhféadfadh siad tionchar diúltach a imirt ar shábháilteacht agus ar dhea-bhail tomhaltóirí, ós rud é gur deacair do thomhaltóirí idirdhealú a dhéanamh idir cógais luibhe traidisiúnta agus forbhianna luibheolaíocha bunaithe ar an tsubstaint chéanna planda/na substaintí céanna plandaí, rud a d’féadfadh míthuiscintí maidir lena n-úsáid a bheith mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios nach ann do liosta dearfach ná diúltach AE de shubstaintí luibheolaíocha a úsáidtear i mbianna agus i bhforbhianna, agus nach ann do liosta cuimsitheach d’éifeachtaí tairbhiúla ná díobhálacha na luibheolaíochta ar an tsláinte, rud a fhágann éagothromaíochtaí reachtacha i measc na mBallstát, ilroinnt an mhargaidh agus go sroicheann táirgí a d’fhéadfadh a bheith neamhshábháilte tomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag diúltú d’fhionraí leanúnach na meastóireachta ar mhaímh ar luibheanna agus á chur i bhfios go bhfuil ábhair mhóra imní dlí ann maidir le húsáid leanúnach na maíomh ‘ar feitheamh’ faoi bhearta idirthréimhseacha NHCR; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá ann aghaidh a thabhairt ar liosta na maíomh ‘ar feitheamh’ maidir le luibheolaíochtaí trí thuilleadh meastóireachta a dhéanamh ar na maímh sin mar bheart a bhfuil géarghá leis chun tomhaltóirí a chosaint, mar a sainaithníodh i dtuarascáil mheastóireachta 2020 ón gCoimisiún maidir le NHCR; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhféadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus go bhféadfadh sé go mbeadh riosca sláinte ag baint leo dá leanfaí de mhaímh ‘ar feitheamh’ a úsáid faoi bhearta idirthréimhseacha NHCR, ós rud é go bhféadfaidís glacadh leis go bréagach go ndearnadh measúnú eolaíoch ar na maímh ‘ar feitheamh’ agus go ndearnadh an riosca a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach do EFSA agus don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh go pras, i gcomhréir le forálacha NHCR, ar na maímh ‘ar feitheamh’ shláinte a bhaineann le luibheolaíocht i mbianna; á iarraidh ar an gCoimisiún diúltú do na maímh sin ón liosta ‘ar feitheamh’ a ndearnadh measúnú diúltach orthu cheana féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit comhoibriú go héifeachtach chun cur chuige comhordaithe a bhunú maidir le forbhianna luibheolaíocha agus á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a chur ar fáil ina leith sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit liosta diúltach ar leibhéal AE de luibheanna a úsáidtear i mbia a bhunú gan mhoill, agus é sin bunaithe ar a dtocsaineacht nó ar a n-éifeachtaí díobhálacha sláinte atá sainaitheanta cheana féin sna Ballstáit;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forfheidhmiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoir nuashonraithe a chur ar fáil maidir le conas déileáil le cleachtais mhargaíochta a úsáidtear chun dul timpeall ar NHCR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit líonra eolais a chur ar bun a bheidh dírithe ar thacú leis an meitheal um maímh chothúcháin agus shláinte; á chur i bhfios gur cheart go gcuideodh an líonra sin le malartú dea-chleachtas a éascú, bearnaí sa léirmhíniú a líonadh i measc na mBallstát agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí forfheidhmiúcháin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maímh shláinte i gcumarsáid ar líne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur glacadh NHCR tráth nach raibh ról chomh mór sin ag na meáin shóisialta fós san fhógraíocht agus i ndíol bianna agus forbhianna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil a mhéid a rialaíonn NHCR go héifeachtach cumarsáidí ar líne a bhaineann leis an tsláinte faoi bhianna fós doiléir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil maímh chothúcháin agus shláinte neamhúdaraithe agus mhíthreoracha ann ar líne; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh NHCR fós ábhartha sa timpeallacht ar líne, go háirithe toisc go bhféadfadh grúpaí leochaileacha áirithe, amhail leanaí agus déagóirí, a bheith an-íogair do mhaímh áirithe shláinte agus d’fhaisnéis bhia a chomhroinntear ar na meáin shóisialta agus go bhféadfadh sé sin a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach a chur i mbaol; á mheas go bhfuil sé tábhachtach, ina leith sin, a shainiú cad is cumarsáid tráchtála ann maidir le bianna agus forbhianna ar na meáin shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí aird athnuaite ar chur chuige éifeachtach uile-Aontais a bhaint amach chun dul i ngleic le nochtadh leanaí agus déagóirí d’fhógraíocht agus do mhargaíocht bianna próiseáilte ina bhfuil leibhéal ard saille, siúcra agus salainn ar na meáin chraolacháin agus sna meáin dhigiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht reachtach a dhéanamh chun sláinte an ghrúpa tomhaltóirí leochaileacha sin a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte cuimsitheacha a dhréachtú chun NHCR a fhorfheidhmiú ar líne; á mheas gur cheart go leagfaí amach sna treoirlínte sin nósanna imeachta agus caighdeáin shoiléire chun faireachán agus rialáil a dhéanamh ar mhaímh shláinte ar líne, lena n-áiritheofaí cruinneas agus trédhearcacht na maíomh sin agus lena ndéanfaí folláine tomhaltóirí a chosaint faoi chuimsiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha; á chur i bhfios go bhfuil freagrachtaí ar na Ballstáit agus ar sholáthraithe na n-ardán ar líne mar a bunaíodh leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, eadhon gníomhú i gcoinne scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh agus trédhearcacht a áirithiú do thomhaltóirí maidir le fógraíocht ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardán a chruthú chun dea-chleachtais a roinnt maidir le forfheidhmiú NHCR ar líne agus comhoibriú a spreagadh i measc údaráis inniúla na mBallstát;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>