<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0041</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint - an chalaois a chomhrac - tuarascáil bhliantúil 2022</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0434/2023 -  Rapóirtéir: Maria Grapini)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh – an comhrac i gcoinne na calaoise – tuarascáil bhliantúil 2022 (2023/2045(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 310(6) agus 325(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 dar teideal ‘34ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus an comhrac i gcoinne na calaoise - 2022’ (COM(2023)0464) (Tuarascáil PIF 2022),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2022 ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)<FOOTNOTE><FIELD> OLAF, An tríú tuarascáil is fiche ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022, 2022.</FIELD></FOOTNOTE> agus do Thuarascáil Bhliantúil 2022 ó Choiste Maoirseachta OLAF<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Gníomhaíochta Choiste Maoirseachta OLAF – 2022 (IO C 225, 27.6.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2022 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna foilsiú an 1 Márta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (‘An Rialachán Coinníollachta’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 16 Feabhra 2022 i gCásanna C-156/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Feabhra 2022, <STRING ITALIC="on">An Ungáir</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint agus an Chomhairle</STRING>, ECLI:EU:C:2022:97.</FIELD></FOOTNOTE> agus C-157/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Feabhra 2022, <STRING ITALIC="on">An Pholainn</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint agus an Chomhairle</STRING>, Cás C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na conclúidí ó CBAE go bhfuil sásra coinníollachta an smachta reachta i gcomhréir le dlí AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2022 maidir le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir (COM(2022)0485).
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú an Rialacháin Airgeadais) (COM(2022)0223),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 198, 28.7.2017, lch. 29.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir PIF),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘An dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil’ (COM(2022)0466),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 dar teideal ‘Tuarascáil 2022 ar an Smacht Reachta’ (COM(2022)0500),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘An comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe a neartú: Measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach’, a foilsíodh i mí na Nollag 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, Blondes, E., Disley, E., Hulme, S. et al., <STRING ITALIC="on">Study Strengthening the fight against organised crime — Assessing the legislative framework</STRING> [An comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe a neartú — Measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil dar teideal ‘Measúnú a dhéanamh ar na bagairtí do chiste NextGenerationEU (NGEU) — Tuarascáil Chomhpháirteach ó Europol-OLAF’, a cuireadh ar fáil go poiblí an 6 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ‘Nóta dúnta maidir leis an Tionscnamh Straitéiseach a bhaineann le trédhearcacht agus cuntasacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta’ ón Ombudsman Eorpach an 12 Meán Fómhair 2023 i ndáil le Cás SI/6/2021/PVV, a osclaíodh an 24 Feabhra 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) do 2022 a foilsíodh an 4 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Athbhreithniú 04/2023 an 6 Iúil 2023 ó CIE dar teideal ‘Bainistiú chistí AE a dhigitiú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 06/2023 ó CIE an 13 Márta 2023 dar teideal ‘Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE — Creat i bhfeidhm ach bearnaí i mbearta trédhearcachta agus braite’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 172, 17.5.2021, lch. 110.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le digitiú an tuairiscithe, an fhaireacháin agus na hiniúchóireachta Eorpaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 224, 8.6.2022, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 maidir leis an athbhreithniú ar an Aontas Eorpach faoin Sásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe (UNCAC) (COM(2020)0793),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 295.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2023 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh - an comhrac i gcoinne na calaoise - tuarascáil bhliantúil 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 133.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0434/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 325(5) CFAE, go ndéanann an Coimisiún gach bliain, i gcomhar le Ballstáit AE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na bearta arna ndéanamh chun an t-airteagal a chur chun feidhme (ar a dtugtar Tuarascáil PIF);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh caiteachas poiblí fónta agus cosaint leasanna airgeadais AE ina bpríomhghnéithe de bheartas AE chun muinín na saoránach a mhéadú trína áirithiú go n-úsáidfear airgead na gcáiníocóirí go cuí agus go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil Tuarascáil PIF bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, lena n-áirítear sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus calaois a bhraitear; de bhrí nach mór sonraí airgeadais gach Ballstáit a chur san áireamh i dTuarascáil PIF agus an tsolúbthacht is gá a sholáthar i ndáil leis sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go léiríonn líon na neamhrialtachtaí calaoiseacha a bhraitear agus a thuairiscítear torthaí iarrachtaí na mBallstát chun calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac agus nár cheart iad a léirmhíniú mar léiriú ar leibhéal na calaoise sna Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur cheart caitheamh leis na Ballstáit uile ar bhealach ceart agus oibiachtúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil leibhéil agus gníomhaithe éagsúla rannpháirteach i gcosaint bhuiséad AE trí chosc (idirbhriseadh agus fionraí íocaíochtaí), brath, ceartuithe airgeadais agus aisghabháil airgid a íocadh go míchuí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcosnaíonn an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh buiséad AE ar rioscaí dócmhainneachta, faillí, calaoise nó neamhrialtachta arna ndéanamh ag gníomhaithe príobháideacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go mbaineann sásra coinníollachta an smachta reachta le buiséad iomlán an Aontais agus go gceadaítear leis bearta a dhéanamh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad AE nó leasanna airgeadais AE, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanais iad urraim do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus do chearta bunúsacha, chomh maith le comhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chun rochtain a fháil ar chistiú AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur contúirt leanúnach do shláine na cinnteoireachta iad an chalaois agus an t-éilliú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil forálacha in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán RRF) maidir le leasanna airgeadais AE a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt ar leibhéil éagsúla an digitithe sna Ballstáit trí chórais riaracháin agus tuairiscithe atá níos aontaithe, níos idir-inoibritheacha agus níos inchomparáide a chruthú in AE, atá feidhmiúil agus riachtanach chun anailís chuimsitheach láidir a dhéanamh agus chun neamhrialtachtaí a chosc go héifeachtach agus calaois agus éilliú a chomhrac; de bhrí nach mór na Ballstáit a spreagadh, ag an am céanna, chun úsáid a bhaint as uirlisí mianadóireachta sonraí ar fud AE amhail <STRING ITALIC="on">Arachne</STRING> nó an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur uirlis dheonach í <STRING ITALIC="on">Arachne</STRING> agus, cé go bhfuil sí in úsáid den chuid is mó cheana féin sa bheartas comhtháthaithe agus go bhfuil sí á tabhairt isteach le haghaidh caiteachas talmhaíochta, gur chéim mhór chun cinn a bheadh ann í a dhéanamh éigeantach — mar a d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur míbhuntáiste í éagsúlacht na gcóras dlí agus riaracháin sna Ballstáit agus de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt uirthi go leormhaith chun a bheith in ann córais riaracháin agus tuairiscithe atá níos aontaithe, níos idir-inoibrithí agus níos inchomparáide a chruthú in AE chun calaois agus éilliú a chosc agus a chomhrac go héifeachtach agus chun neamhrialtachtaí a shárú;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais domhanda ríthábhachtach chun cistí AE a chaitear lasmuigh den Eoraip agus taobh an ioncaim de bhuiséad AE a chosaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil 2022 PIF agus na hanailísí a chuirtear i láthair inti;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl go n-aontaíonn sí le dearcadh an Choimisiúin nach mór don chosc agus don bhrath calaoise agus don fhaireachán ar na sásraí um fhilleadh le haghaidh cistí míleithreasaithe a bheith ag brath ar dhigitiú breise agus ar úsáid teicneolaíochta ceannródaíoch bunaithe ar mheaisínfhoghlaim chun inrochtaineacht, idir-inoibritheacht, úsáid agus bainistiú sonraí a bhaineann le calaois fhéideartha a mhéadú; á chur i bhfios nach mór rialachas éifeachtach frithchalaoise agus próisis éifeachtacha atá dírithe ar thorthaí agus struchtúir atá feistithe go leordhóthanach a bheith i bhfeidhm chun comhar agus comhordú a áirithiú idir comhpháirteanna uile an struchtúir frithchalaoise agus na gníomhaithe ábhartha; á chreidiúint, chun na críche sin, nach mór an t-eolas digiteach agus nós imeachta is gá a chur ar fáil do na hoifigigh atá freagrach as na comhpháirteanna éagsúla den ailtireacht frithchalaoise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do leasanna airgeadais AE, go bhfuil comhar láidir idir na húdaráis a dhéanann imscrúduithe riaracháin agus iad siúd a dhéanann imscrúduithe coiriúla ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon bunriachtanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoimisiún chun foilsiú Thuarascáil bhliantúil PIF a réamh-mheas, lena gceadaítear rún na Parlaiminte a ghlacadh laistigh de bhliain n+ 1 agus lena ndéantar na barúlacha agus na moltaí atá inti níos tráthúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici comhleanúnachas foriomlán feabhsaithe na reachtaíochta frithchalaoise ar fud an Aontais, tar éis na ngníomhaíochtaí a rinne Ballstáit chun rialacha an Aontais a thrasuí i gcórais náisiúnta i gceart; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ar bhealaí áirithe, go bhfuil an cás fós fo-optamach, go háirithe maidir le calaois agus neamhrialtachtaí amhrasta a bhrath agus a thuairisciú agus maidir leis an obair leantach a dhéantar orthu, a bhfuil na difríochtaí idir na Ballstáit fós an-soiléir ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cosc agus cumarsáid ríthábhachtach chun calaois agus éilliú a chomhrac, agus gur cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit bearta éifeachtacha a chur chun feidhme sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag aontú le tuairim an Choimisiúin gur cheart anailís riosca calaoise a fheabhsú chun a mheas an dtarlaíonn leibhéil ísle calaoise mar thoradh ar mhí-iompar fíor-íseal a bheith ann nó mar thoradh ar chumas braite lag;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndéanann údaráis náisiúnta i roinnt mhaith Ballstát obair leantach i gcónaí ar mholtaí an Choimisiúin agus OLAF, tuairisciú uileghabhálach nó dea-chleachtais aitheanta a ghlacadh go tráthúil; á chur i bhfios, i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil céatadán na neamhrialtachtaí atá fós aicmithe mar chalaois amhrasta sna blianta fada tar éis iad a thuairisciú ar dtús thar a bheith ard, fiú i ndáil le cásanna a léiríodh a bheith dúnta; á chreidiúint go dtugann na cásanna sin na nithe seo a leanas a thabhairt le tuiscint: easpa acmhainní leantacha leormhaithe, acmhainní neamhleora nó acmhainní nach bhfuil oilte go leordhóthanach, bearnaí cumarsáide nó bealaí tuairiscithe neamhéifeachtúla, comhar agus comhordú lag, nó fiú neamhrialtachtaí a athaicmiú mar neamhrialtachtaí calaoiseacha chun an tuairisciú staidrimh a choigeartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i gcásanna den sórt sin, gur cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit maidir le dímhaorlathú a dhéanamh ar an bpróiseas braite calaoise, ar an bpróiseas leantach agus ar an bpróiseas tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mholadh gur cheart don Aontas agus do na húdaráis náisiúnta araon feabhas a chur ar an gcomhar agus úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí digiteacha chun calaois a chomhrac a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú beag ar líon na gcásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a thuairiscigh údaráis inniúla AE agus náisiúnta — 12 455 san iomlán — in 2022 i gcomparáid le 2021; á thabhairt faoi deara gur tháinig laghdú ar an maoiniú a ndearnadh difear dó a bhain leis na cásanna sin in 2022 go EUR 1,77 billiún (ó EUR 2,05 billiún in 2021); á chreidiúint go bhfuil na huimhreacha sin fós an-ard agus gur caillteanas suntasach iad do bhuiséad AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di nach gcuirtear anailís iontaofa ar threochtaí agus ar phatrúin ar fáil i gcónaí leis an gcomparáid ó bhliain go bliain ar thuairisciú neamhrialtachtaí mar gheall ar thimthriall ilbhliantúil chur chun feidhme na gclár iomadúla; á mheas go bhfuil an chomparáid le meán cúig bliana níos oiriúnaí chun cásanna fíor-ama a shainaithint; á chur in iúl gur mór aici, sa chomhthéacs sin, go ndéantar tagairt go minic, i dTuarascáil PIF 2022, do thorthaí na tréimhse 2018-2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil rannpháirtíocht na sochaí sibhialta chun dul i ngleic le calaois ríthábhachtach chun feabhas a chur ar chosc agus ar bhrath, agus go dtugtar le tuiscint leis sin tacaíocht d’iriseoireacht iniúchach a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach a mhéid a thugtar rochtain éasca agus leormhaith di ar fhaisnéis maidir le tionscadail, tairbhithe agus íocaíochtaí; á chur i bhfáth, go háirithe, go bhfuil ról tábhachtach ag na meáin agus ag iriseoirí iniúchacha sa chomhrac i gcoinne an éillithe; á athdhearbhú go gcuidíonn leibhéil chosanta fheabhsaithe agus chomhsheasmhacha d’iriseoirí agus do sceithirí ar fud an Aontais le leathadh fochultúr saoirse ó phionós, tost agus comhcheilg a chomhrac; ag tabhairt dá haire, ag féachaint d’iolrachas na meán agus do shaoirse na meán, gur cláraíodh sna torthaí is déanaí ón Monatóir ar Iolrachas sna Meáin (MPM 2022) meath beag ar an táscaire a bhaineann le cosaint iriseoirí agus go gcoinníonn comhchruinniú na meán nuachta leibhéal an-ard riosca ar fud na mór-roinne; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach na meáin a chosaint ar bhrú polaitiúil agus ar thionchar polaitiúil, chomh maith leis an gceart rochtana ar fhaisnéis atá i seilbh na n-údarás poiblí a ráthú, chun neamhspleáchas na meán, a ról mar mhaoirseoir ar an daonlathas agus bainistiú fónta acmhainní a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe (JOIN(2023)0012), ina n-aithnítear a thromchúisí atá an t-éilliú, toisc go mbaineann sé an bonn d’éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí, d’éifeachtacht an mhargaidh aonair agus d’inbhuanaitheacht an fháis eacnamaíoch; á chur i bhfios go bhfuil an comhrac i gcoinne an éillithe ar cheann de na gealltanais is tábhachtaí atá tugtha ag an Aontas, ar aon dul le trédhearcacht agus sláine; á chur i bhfáth go bhfuil baol mór ann freisin do bhainistíocht fhónta agus do leasanna airgeadais AE mar gheall ar fheiniméan an finíochas maidir le heintitis faoi úinéireacht stáit agus soláthar chistí AE; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra nua le haghaidh treoir maidir leis an éilliú a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> Togra an 3 Bealtaine 2023 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2023)0234).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil sé deacair a mheas a mhéid atá an choireacht eagraithe ag baint tairbhe as airgeadas AE go neamhdhleathach ar bhealach beacht; den tuairim go bhfuil gá le cur chuige comhchoiteann ar fud na mBallstát chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na coireachta eagraithe ar chistí an Aontais agus chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a dhéantar chun dul i ngleic leis an bhfadhb; á iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí uile is gá a sheoladh go pras chun an comhchuibhiú sin a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá measúnú tionchair lena ndéantar meastóireacht ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na calaoise ar leasanna airgeadais AE agus ar a shaoránaigh; á iarraidh go ndéanfaí anailís ar an gcaoi a ndéantar na hacmhainní a leithdháiltear chun calaois a chosc i gcomparáid leis na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á áitiú go gcuireann easpa trasuí éifeachtúil na reachtaíochta náisiúnta i roinnt mhaith Ballstát agus easpa comhchuibhithe na reachtaíochta náisiúnta deiseanna ar fáil don choireacht eagraithe do roinnt gníomhaíochtaí trasteorann neamhdhleathacha i réimsí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a hiarrataí roimhe seo go ndéanfaí athbhreithniú ar Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 300, 11.11.2008, lch. 42.</FIELD></FOOTNOTE> agus go dtabharfaí isteach sainmhíniú comhchoiteann nua ar an gcoireacht eagraithe, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar úsáid éillithe, foréigin, bagairtí nó imeaglaithe chun rialú a fháil ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nó ar sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil sé d’aidhm leis an Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">on the EU Strategy to tackle Organised Crime 2021-2025’</STRING> [maidir le Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025] (COM(2021)0170).</FIELD></FOOTNOTE> na huirlisí agus na bearta a leagan amach chun cur isteach ar shamhlacha gnó agus ar struchtúir eagraíochtaí coiriúla thar theorainneacha, ar líne agus as líne araon; á iarraidh ar na Ballstáit rannchuidiú le hiarrachtaí an Choimisiúin agus líonraí comhair réigiúnacha a bhunú chun faisnéis a chomhroinnt maidir le cásanna agus straitéisí chun calaois arna déanamh ag coirpigh eagraithe a chomhrac; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá an Treoir nua atá beartaithe maidir le haisghabháil agus Coigistiú Sócmhainní<FOOTNOTE><FIELD> Togra an 25 Bealtaine 2022 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (COM(2022)0245).</FIELD></FOOTNOTE>, ar Treoir í a chuirfeadh a gcur chun feidhme éifeachtach uirlisí níos fearr ar fáil do na húdaráis chun na hacmhainní airgeadais a bhaint de ghrúpaí coireachta eagraithe chun tuilleadh gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh; á mheabhrú, thairis sin, sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe trasteorann, go bhfuil malartú dea-chleachtas agus forbairt straitéisí comhchoiteanna agus comhordaithe ríthábhachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios, maidir le cásanna éillithe, gur thuairiscigh OIPE 87 gcion ag deireadh 2022 (i gcomparáid le 40 cás a imscrúdaíodh sna chéad seacht mí de ghníomhaíochtaí oibríochtúla in 2021); á thabhairt dá haire gur thuairiscigh 10 mBallstát sa Chóras Bainistithe Neamhrialtachtaí (IMS), ó 2018-2022, 5 chás a bhaineann le talmhaíocht, 22 le comhtháthú agus 3 le réamhaontachais a bhfuil tionchar foriomlán airgeadais aige a mheastar a bheith thart ar EUR 50 milliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth arís gur coir thar a bheith tromchúiseach é an t-éilliú, go háirithe éilliú ardleibhéil, lena n-áirítear in institiúidí AE, a d’fhéadfadh leathnú thar theorainneacha, a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus do gheilleagar AE ina iomláine, agus a bhaineann an bonn de mhuinín na saoránach in institiúidí daonlathacha in AE agus sna Ballstáit; á athdhearbhú nach mór, laistigh d’institiúidí AE, beartas neamhfhulaingthe a bheith ann i leith an éillithe; ag tacú le frith-éilliú a phríomhshruthú i ndearadh beartais AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil rochtain faoi láthair, in imthosca ar bith, ag an OLAF ar oifigí, ríomhairí agus cuntais ríomhphoist na bhFeisirí, fiú agus imscrúdú á dhéanamh ar chásanna a bhaineann le Feisirí atá bunaithe ar amhras a bhfuil údar maith leis; á chur i bhfios go láidir gur gá nós imeachta leormhaith a bheith ann chun rochtain a thabhairt ar OLAF i gcásanna amhras a bhfuil bunús leis i gcoinne Feisirí aonair; á iarraidh ar an mBiúró nós imeachta den sórt sin a chur ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil imscrúdú leanúnach ag OIPE maidir le vacsaíní COVID-19 a bheith á bhfáil ag an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil oibleagáid ar gach institiúid de chuid an Aontais, ar gach Ballstát agus ar gach faighteoir poiblí nó príobháideach cistí ón Aontas gach doiciméad ábhartha a nochtadh, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an réamhchaibidlíocht arna déanamh ag an gCoimisiún, nuair a fhaigheann siad iarraidh oifigiúil ó CIE mar chuid d’iniúchadh leanúnach; ag meabhrú mholadh na Parlaiminte, sa rún uaithi maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (Roinn III — an Coimisiún)<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0144.</FIELD></FOOTNOTE>, a bhaineann le rochtain ar theachtaireachtaí téacs a malartaíodh le cuideachta cógaisíochta maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a cheannach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór an beartas neamhfhulaingthe i leith an éillithe a phríomhshruthú agus a chur in iúl i gceart i gcomhthéacs na dtoghchán Eorpach, chun líon na vótálaithe agus muinín na saoránach as institiúidí poiblí a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinn shonrach maidir le frith-éilliú curtha san áireamh ag an gCoimisiún ina thuarascáil bhliaintiúil maidir leis an smacht reachta chun anailís chomparáideach dhomhain a chur ar fáil ar na cineálacha cur chuige, nósanna imeachta agus uirlisí a úsáideann na Ballstáit ina gcomhrac i gcoinne an éillithe agus chun cabhrú le measúnú a dhéanamh ar na réimsí is mó atá i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí agus barúlacha leantacha do na Ballstáit a áireamh i gcónaí maidir le gach roinn den tuarascáil ar an smacht reachta; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt go hiomlán ar mholtaí tírshonracha a bhaineann leis an éilliú; á iarraidh ar na Ballstáit torthaí na tuarascála maidir leis an smacht reachta a chur san áireamh agus a mbeartais frithéillithe á bhforbairt acu; á iarraidh ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh agus tacú leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha maidir lena n-acmhainneacht frithéillithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go léirítear i suirbhéanna Eorabharaiméadair 2022 maidir leis an éilliú go bhfuil an t-éilliú fós ina chúis mhór imní do shaoránaigh agus do ghnólachtaí AE in AE, agus go gcreideann cuid mhór de shaoránaigh na hEorpa go bhfuil éilliú forleathan ina dtír féin (68 %) agus go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal an éillithe (41 %); á aithint go bhfuil straitéisí frithéillithe i bhfeidhm faoi láthair ag beagnach gach Ballstát, ar straitéisí iad a ndéantar meastóireacht agus athbhreithniú rialta orthu, agus á mheabhrú go bhfuil gá ní hamháin le creat dlíthiúil láidir ach le cur chun feidhme éifeachtach freisin chun deireadh a chur le cleachtais éillitheacha agus go n-éilítear creataí rialachais agus sláine atá trédhearcach agus cuntasach chun cleachtais den sórt sin a chosc; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, na tograí frith-éillithe a thíolaic an Coimisiún, a leanann na hiarrataí ón bParlaimint dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cosc an éillithe a chomhtháthú i ndearadh bheartais agus chláir AE, agus tacú go gníomhach le hiarrachtaí na mBallstát beartais agus reachtaíocht láidir frithéillithe a chur i bhfeidhm; ag moladh na toile chun dul i ngleic le gné thrasteorann an éillithe trí chionta éillithe a choiriúlú agus trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar phionóis ar fud AE i gcomhar leis an togra ón Ardionadaí maidir le córas tiomnaithe smachtbhannaí comhchoiteann eachtrach agus slándála a bhunú chun díriú ar ghníomhartha tromchúiseacha éillithe ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dlúthnasc idir an t-éilliú agus an sciúradh airgid, agus go bhfuil sciúradh airgid ar cheann de na cumasóirí is tábhachtaí i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha na coireachta eagraithe trína n-aistríonn coirpigh fáltais a gcoir isteach sa gheilleagar dlíthiúil, agus á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go bhféadfadh calaois in aghaidh bhuiséad AE a bheith ina réamhtheachtaí choir phreideacáide do sciúradh airgid freisin; á chur i bhfáth go bhfágann gné thrasnáisiúnta na gcoireanna sin gur deacair iad a chosc, a bhrath agus a chomhrac mar thoradh ar chórais dlí ilchineálacha; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir leis an Údarás nua um Fhrithsciúradh Airgid a bhunú, tar éis an togra ón gCoimisiún i mí Iúil 2021, an comhaontú polaitiúil a baineadh amach sa Chomhairle an 29 Meitheamh 2022 agus an seasamh uaithi a comhaontaíodh an 7 Nollaig 2022 maidir leis an leabhar rialacha aonair, agus an sainordú chun dul isteach sna cruinnithe tríthaobhacha a deonaíodh ag Seisiún Iomlánach na Parlaiminte an 17 Aibreán 2023; á chur in iúl gurb oth léi nach mbeidh an t-údarás ag feidhmiú go hiomlán go dtí 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt faoi deara, trí IMS, sa tréimhse 2018-2022, gur tuairiscíodh 375 chás a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, ar féidir iad a bhrath freisin i dtimpeallachtaí atá cosúil leis na timpeallachtaí ina dtarlaíonn cleachtais éillithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil formhór mór na gcásanna coinbhleachtaí leasa a tuairiscíodh nasctha le cur chun feidhme na mbeartas comhtháthaithe (86 % i gcomparáid le 9 % don talmhaíocht agus 5 % le haghaidh réamhaontachais), lena mbaineann beagnach EUR 117 milliún ar an iomlán don tréimhse sin; á chur i bhfios go láidir go léirítear go príomha leis na coinbhleachtaí leasa tuairiscithe an caidreamh idir faighteoirí na gcistí agus a gconraitheoirí agus a bhfochonraitheoirí, agus nach dtagraíonn ach 7 % de chásanna do choinbhleachtaí leasa le linn na céime dámhachtana agus/nó meastóireachta tionscadal, agus ar an gcaoi sin go mbíonn comhaltaí coistí meastóireachta rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chreidiúint go bhféadfadh sé sin a bheith ina tháscaire ar thionchar dearfach agus éifeacht dhíspreagthach na leasuithe ar na rialacha airgeadais, a rinneadh infheidhme maidir leis na húdaráis náisiúnta uile a láimhseálann cistí AE, mar aon leis an bhfíoras gur braitheadh aon trian de na cásanna trí fhoinsí lasmuigh den chóras bainistithe agus rialaithe, lena n-áirítear sceithirí agus iriseoirí iniúchacha, lena dtugtar le fios bunleibhéal trédhearcachta agus inrochtaineachta agus ranníocaíochtaí ón tsochaí shibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire freisin, agus é ina ábhar imní di go bhfuil tarlú foriomlán na gcoinbhleachtaí leasa níos airde ná mar a tuairiscíodh in IMS, mar atá tugtha le fios ag an bhfaisnéis bhreise a fuair Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin um Beartas Réigiúnach agus Uirbeach agus um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú maidir le cásanna coinbhleachta leasa agus aisghabhálacha gaolmhara sa soláthar poiblí i gCiste Sóisialta na hEorpa, sa Chiste Comhtháthaithe agus i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, arna dtuairisciú go díreach ó na Ballstáit trí chóras bainistithe cistí an Aontais (ar a dtugtar SFC, a thíolaic 31 chás breise in 2014-2020 a bhain le 16 chlár in 11 Bhallstát a bhfuil tionchar EUR 3,4 milliún acu);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí tuarascáil bhliantúil PIF níos iomlánaíche, chun forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na sineirgí idir na gníomhaithe ábhartha uile, chun dea-chleachtais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, gur cuireadh torthaí ó thuarascálacha bliantúla OIPE agus OLAF a san áireamh i dTuarascáil PIF 2022; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh feabhais ar an gcur chuige iomlánaíoch sin, lena ndírítear ar léargas níos soiléire, níos iomláine agus níos nithiúla a thabhairt ar staid fhoriomlán na himeartha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena gcuimsítear gníomhaíocht frithchalaoise ina hiomláine, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go gcuirfear na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, ar bhealach a bheidh bunaithe ar mheasúnú soiléir comhréireach ar na rioscaí agus lena gceadófar do na húdaráis inniúla iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil; á iarraidh, leis na treoirlínte ón gCoimisiún, go dtabharfar soiléireacht d’iarratasóirí agus do chomhlachtaí cinnteoireachta, ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint agus prionsabal na comhréireachta a urramú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ioncam</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2022, go raibh líon foriomlán na neamhrialtachtaí calaoiseacha agus nach raibh calaoiseach a bhaineann le hAcmhainní Dílse Traidisiúnta (4 661) 7,6 % níos airde i gcomparáid leis an meán cúig bliana (2018-2022); á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú suntasach tagtha freisin ar na méideanna foriomlána a ndéanann na neamhrialtachtaí sin difear dóibh, de réir mar a mheas na Ballstáit agus a shuigh siad, (méadú 47 %, a shroich EUR 783 mhilliún); á thabhairt chun suntais, ar an tsaincheist chéanna, nach raibh an ráta foriomlán aisghabhála in 2022 i gcás cásanna calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha ach 48 % (i gcomparáid le 54 % in 2021) agus nach raibh ach 25 % den fhigiúr do chásanna calaoiseacha, a dáileadh ar fud na mBallstát ar bhealach an-ilchineálach; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun cistí a mbaintear mí-úsáid astu a aisghabháil go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfios gur mheas an Coimisiún, in 2022, i gcás 19 dtuarascáil díscríofa nua arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag sé Bhallstát, gur léiríodh go sásúil gur cailleadh ADT ar chúiseanna nach raibh inchurtha i leith na mBallstát i dtrácht agus nach raibh siad freagrach ó thaobh airgeadais as an gcaillteanas, agus i 82 chás arbh ionann iad agus beagnach EUR 39 milliún, mheas an Coimisiún nár léirigh na Ballstáit go sásúil gur cailleadh ADT ar chúiseanna nach raibh inchurtha ina leith agus gur coinníodh iad freagrach ó thaobh airgeadais de as an gcaillteanas (measúnaigh an Coimisiún 135 chás arbh ionann iad agus EUR 76,8 milliún san iomlán in 2022); ag moladh don Choimisiúin an sásra éifeachtach sin a choinneáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cásanna díscríofa chun éifeachtacht ghníomhaíochtaí téarnaimh na riarachán náisiúnta a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire, arís in 2022, gurbh iad cigireachtaí a rinne seirbhísí frithchalaoise agus rialuithe iarscaoilte na huirlisí braite ba rathúla le haghaidh neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha, faoi seach, comhcheangailte, níos mó agus níos mó, le hiniúchtaí cánach agus rialuithe scaoilte; á chur i bhfáth gurb iad smuigléireacht, luach mícheart agus aicmiú mícheart earraí agus míthuairisc ar earraí na príomh <STRING ITALIC="on">modi operandi</STRING> i gcásanna calaoiseacha in 2022, agus gur tháinig méadú ar leith ar chásanna tuairiscithe smuigléireachta toitíní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról OLAF maidir le calaois i gcoinne ADT AE a bhrath agus a imscrúdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú beag tagtha ar líon na n-imscrúduithe oscailte i réimse na n-acmhainní dílse in 2022 agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil do OLAF chun a shainordú a fheidhmiú go hiomlán agus go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt dá haire, i dtéarmaí airgeadaíochta, gurb í an tSín príomhthír thionscnaimh na n-earraí a ndearna neamhrialtachtaí difear di, gurb iad na Stáit Aontaithe agus Vítneam an dara agus an tríú ceann, agus gurb iad teicstílí agus coisbheart na hearraí ba mhó a ndearnadh difear dóibh, i dtéarmaí líon agus luach na gcásanna a braitheadh agus a tuairiscíodh araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á athdhearbhú a hiarrata an bhearna CBL a mhaolú trí aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní, ar an éifeachtúlacht dhigiteach theoranta i riaracháin chánach agus ar na lúba ar lár reachtacha a chuireann teorainn le héifeachtúlacht na mbeart chun dul i ngleic le himghabháil cánach agus seachaint cánach; á mheabhrú gurb é neartú an chomhair riaracháin an bealach is éifeachtaí chun calaois CBL trasteorann a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an inniúlacht ag OIPE imscrúdú a dhéanamh ar chionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais CBL, a bhaineann le críoch dhá Bhallstát nó níos mó agus lena mbaineann damáiste iomlán EUR 10 milliún ar a laghad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na sonraí a tuairiscíodh i dtuarascáil bhliantúil OIPE do 2022, lena léirítear go raibh 16,5 % dá himscrúduithe gníomhacha (185) nasctha le calaois CBL, ach gurb ionann iad agus 47 % den damáiste measta (EUR 6,7 billiún);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dara tuarascáil ón gCoimisiún, a foilsíodh an 16 Meán Fómhair 2022, maidir le cur chun feidhme Threoir PIF (COM(2022)0466), ach á chur in iúl gur oth léi gur staon an Coimisiún ó idirghabháil a dhéanamh ar an tairseach EUR 10 milliún a athbhreithniú, rud a bhfuil mórthionchar aige ar ghníomhaíochtaí OIPE i gcásanna calaoise CBL; á chur i bhfáth go bhfágann na ceisteanna athfhillteacha atá fós ar feitheamh maidir leis na léirmhínithe éagsúla ar na modhanna a chuirtear i bhfeidhm chun an tairseach a ríomh (ar cheart an damáiste a tharlaíonn i roinnt Ballstát a chomhiomlánú, ar cheart na tíortha a áirítear sa ríomh a theorannú dóibh siúd atá rannpháirteach in OIPE); á chreidiúint go láidir go gcuireann an tairseach atá ann faoi láthair athchomhairleacht ar chumas déantóirí féachaint leis an dlínse is laige a lorg chun OIPE a sheachaint agus go bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ar imscrúduithe, ós rud é gur minic nach mbíonn léargas iomlán ag na húdaráis náisiúnta ar mhéid na ngníomhaíochtaí coiriúla ag an gcéim thosaigh den imscrúdú; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a sheasamh sa chéad tuarascáil eile maidir le trasuí Threoir PIF agus an tairseach a bhaint, nó í a ísliú go mór, agus treoir leordhóthanach a chur ar fáil idir an dá linn maidir leis an modh ríofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas é comhar éifeachtach idir OLAF agus OIPE chun leasanna airgeadais bhuiséad AE a bhainistiú agus a chosaint go fónta, ar thaobh an chaiteachais agus an ioncaim araon; á mheas, sa chomhthéacs sin, go bhféadfadh méadú ar bhailiú ioncaim do bhuiséad AE a bheith mar thoradh ar an gcomhar neartaithe sin, ar thaobh an ioncaim, agus ar an gcaoi sin ranníocaíocht na mBallstát bunaithe ar OIN a laghdú, agus ar thaobh an chaiteachais, a áirithiú go gcaithfear airgead na gcáiníocóirí go leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go gcoinneodh OLAF agus OIPE neamhspleáchas oibríochtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen gur gá don Aontas airgead atá á chaitheamh i gcomhréir leis an gcuspóir atá beartaithe dó agus i gcomhréir le prionsabail an smachta reachta a chosaint, agus a áirithiú go gcosnófar cistí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Caiteachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar líon na neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a tuairiscíodh mar neamhrialtachtaí a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí cur chun feidhme na forbartha tuaithe sa tréimhse 2018-2022, go príomha mar gheall ar an ráta braite méadaithe i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh den chlárthréimhse 2014-2022; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil líon na gcásanna calaoiseacha a bhraitear agus a tuairiscíodh fós níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis, agus go n-iarrtar leis sin faireachán méadaithe ar an staid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt dá haire, fiú má tháinig méadú ar na neamhrialtachtaí calaoiseacha a tuairiscíodh faoi thacaíocht don talmhaíocht in 2022 i gcomparáid le 2021, go raibh na rátaí braite d’fhorbairt tuaithe i bhfad níos airde ná mar a bhí i gcás tacaíocht don talmhaíocht; ag tabhairt dá haire, laistigh de thacaíocht don talmhaíocht, gur thuairiscigh na Ballstáit an leibhéal is airde calaoise le haghaidh bearta margaidh; rinne OLAF imscrúdú freisin ar roinnt cásanna casta a bhain le cur chun cinn táirgí talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi, le linn na tréimhse 2018-2022, i bhforbairt tuaithe agus in íocaíochtaí díreacha araon, go raibh an rannchuidiú le brath cásanna calaoiseacha arna soláthar ag anailís riosca, sceithirí, faisnéiseoirí agus iriseoirí iniúchacha an-teoranta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin fad na nósanna imeachta riaracháin a osclaíodh chun déileáil leis na cásanna calaoiseacha a tuairiscíodh, lenar ceanglaíodh, ar an meán agus le linn 2014-2022, beagnach ceithre bliana ó thús na neamhrialtachta chun teacht ar amhras faoi ghníomhaíocht chalaoiseach, agus beagnach trí bliana eile chun an cás a dhúnadh tar éis é a thuairisciú don Choimisiún; á chur i bhfios, maidir le comhtháthú, gur thóg sé bliain go leith chun teacht ar amhras go ndearnadh neamhrialtacht chalaoiseach agus níos mó ná dhá bhliain chun an cás calaoiseach a dhúnadh tar éis é a thuairisciú don Choimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a chur ar fáil agus obair leantach a dhéanamh níos minice le húdaráis na mBallstát chun fad na nósanna imeachta riaracháin a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa trédhearcachta maidir le hairgead poiblí a bheith á chaitheamh ag an gCoimisiún le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gurb oth léi nár fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil go fóill maidir le caiteachas a bhaineann le COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maidir le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0144.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna an líon is mó neamhrialtachtaí a tuairiscíodh in 2022, idir neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha, difear do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE, do 59 % agus 67 % faoi seach) agus do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE, do 27 % agus 20 % faoi seach); á chur i bhfios gurb iad an t-iompar agus cosaint an chomhshaoil na réimsí is mó atá i mbaol, mar gheall ar na méideanna móra airgid a ndéanann an mí-iompar, an Taighde, an Fhorbairt Theicneolaíoch agus an Nuálaíocht (RTD &I) difear dóibh, áit arb airde atarlú neamhrialtachtaí calaoiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur bhain líon na neamhrialtachtaí tuairiscithe a rinne difear don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) buaicphointe in 2022, agus go bhfuil sí ar an eolas go mbaineann na cásanna le hIonstraim 2007-2013 um Chúnamh Réamhaontachais I (IPA I) agus le hIonstraim 2014-2020 um Chúnamh Réamhaontachais II (IPA II); á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh i ndáil leis na hionstraimí sin chun na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh amach anseo a sheasfaidh an chalaois agus a bhfuil spriocanna comhionanna nó comhchosúla acu, amhail i gcás na hÚcráine, a bhfuiltear ag súil leis go bhfaighidh sé acmhainní an-ábhartha ó IPA agus Fís Eorpach, agus i gcás ina bhfuil imscaradh ceart acmhainní, fiú i ndálaí an-deacair, ríthábhachtach d’éifeachtúlacht agus d’éifeachtacht an phróisis aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, i réimse an bheartais chomhtháthaithe, go raibh líon agus méideanna airgeadais na neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha a tuairiscíodh le linn na chéad naoi mbliana de chlárthréimhse 2007-2013 i bhfad níos airde ná iad siúd a bhí á dtuairisciú le linn na clárthréimhse 2014-2020 agus go mbaineann an treocht sin le gach ciste agus le formhór na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt faoi deara, maidir leis an mbeartas comhtháthaithe, go mbaineann an sárú calaoiseach is minice a thuairiscítear in IMS leis na doiciméid tacaíochta (ceartach, in easnamh, bréagach nó falsaithe), agus i gcás neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha, is é sárú na rialacha soláthair phoiblí is mó a thuairiscítear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, torthaí thuarascáil bhliantúil CIE 2022 maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022, ina léirítear, in ainneoin feabhsuithe, go leanann údaráis iniúchóireachta d’aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar riosca na calaoise, agus nach dtuairiscíonn údaráis na mBallstát cásanna calaoise amhrasta in IMS de réir mar is gá; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar ábhar práinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2022, gurbh iad na hítimí aisghabhála a cláraíodh le haghaidh neamhrialtachtaí i mbainistiú díreach 770 (i gcomparáid le 879 in 2021), a raibh 37 díobh i gcásanna calaoiseacha (i gcomparáid le 54 a tuairiscíodh mar chásanna calaoiseacha in 2021) arbh ionann iad agus EUR 61,28 milliún (a raibh EUR 5,67 milliún de ar chalaois, i gcomparáid le EUR 7,04 milliún in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt faoi deara, ar an iomlán, maidir le bainistíocht dhíreach, gur fhan na neamhrialtachtaí calaoiseacha a braitheadh cobhsaí le linn na tréimhse 2018-2022; á chur in iúl gur mór aici, i gcás bainistíocht dhíreach sa tréimhse 2018-2022, go léirítear OLAF mar fhoinse bhraite 88 % de na míreanna aisghabhála a bhaineann le neamhrialtachtaí a tuairiscíodh mar neamhrialtachtaí calaoiseacha, arb ionann iad agus 92 % de na méideanna aisghabhála iomlána; á thabhairt faoi deara gur trí rialuithe an Choimisiúin a braitheadh thart ar 97 % de na neamhrialtachtaí nár tuairiscíodh gur calaois iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, idir 2018 agus 2022, go raibh na meánleibhéil aisghabhála fós íseal, agus go raibh meánráta aisghabhála 56 % ann (mar thoradh ar 34 % do ‘neamhrialtachtaí a tuairiscíodh mar neamhrialtachtaí calaoiseacha’ agus 59 % do ‘neamhrialtachtaí nach dtuairiscítear mar neamhrialtachtaí calaoiseacha’); á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun cistí a mbaintear mí-úsáid astu a aisghabháil go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach i réimsí an chaiteachais ar chistí AE nach bhforáiltear leo don chleachtas sin go dtí seo, chun cur chuige trasearnálach a áirithiú maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">NextGenerationEU (NGEU) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á mheabhrú, mar gheall ar dhearadh sonrach RRF, gur cheart do na Ballstáit a áirithiú, in éineacht leis an gCoimisiún, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach; á chur i bhfios go láidir nach mór do chórais rialaithe na mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfaidh tionscadail infheistíochta arna gcistiú ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta; á mheabhrú nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit aon bhearna chuntasachta ar leibhéal AE a chosc agus, más gá, coimircí breise a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, i gcomhréir le moltaí ábhartha CIE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go bhfuil cur chun feidhme RRF ag baint an bhuaicphointe amach agus go gcuireann an rialachán lena rialaítear imlonnú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de cheangal ar na Ballstáit córais rialaithe éifeachtacha agus éifeachtúla a chur i bhfeidhm, d’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á thabhairt faoi deara go ndearna an Coimisiún measúnú ar na córais rialaithe sin roimh fhormheas na bpleananna, agus ina dhiaidh sin, in 2022, go ndearna sé 16 iniúchadh córais lena ndírítear ar chosaint leasanna airgeadais AE<FOOTNOTE><FIELD> CIE, Iniúchadh AE 2022 i mbeagán focal, lch. 57.</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcumhdaítear na comhlachtaí comhordúcháin agus cur chun feidhme, amhail aireachtaí agus gníomhaireachtaí; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar na Ballstáit uile uair amháin ar a laghad faoi dheireadh 2023, agus á chur in iúl gur geal léi gur roghnaíodh na spriocanna iniúchóireachta ar bhonn measúnaithe riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur shainaithin CIE laigí i gcórais tuairiscithe agus rialaithe na mBallstát, ar córais iad nach raibh cuid acu ag feidhmiú go hiomlán agus na pleananna téarnaimh á gcur i láthair, rud a d’fhéadfadh rialtacht chaiteachas RRF agus cosaint leasanna airgeadais AE<FOOTNOTE><FIELD> CIE, Tuarascáil bhliantúil 2022, míreanna 11.47 go 11.55.</FIELD></FOOTNOTE> a chur i mbaol, rud a d’fhág gur glacadh ‘garspriocanna rialaithe’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á thabhairt dá haire gur deimhníodh freisin le hobair iniúchóireachta an Choimisiúin go bhfuil éagsúlachtaí sna córais rialaithe inmheánaigh ar fud na gcomhlachtaí cur chun feidhme agus comhordúcháin, lena sainaithnítear dea-chleachtais i gcuid de na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a fhíorú agus a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit a nósanna imeachta is fearr a roinnt chun próiseáil na gcistí a éascú ar bhealach níos comhordaithe agus níos sláine ar chalaois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi shaintréithe bunúsacha shamhail chaiteachais RRF, deacracht an mheasúnaithe ar ráta earráide (i gcomparáid le réimsí caiteachais eile de chuid an Aontais) agus na teorainneacha a bhaineann le modheolaíocht fionraíochta íocaíochta an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD> Sa Spáinn, sa tSlóvaic, san Eastóin, sa Danmhairg, sa Ghréig, sa tSeicia, san Iodáil, sa Liotuáin, i Málta, sa tSlóivéin, sa Bhulgáir, sa Chipir, san Fhionlainn, in Éirinn, sa Laitvia agus sa Pholainn.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú, mar sin féin, gur féidir moilleanna a thabhairt faoi deara nuair a thíolacann na Ballstáit iarrataí ar íocaíocht faoi RRF agus á iarraidh ar an gCoimisiún fanacht ar an airdeall, go háirithe i dtreo dheireadh shaolré RRF, chun a áirithiú go gcosnóidh na Ballstáit leasanna airgeadais AE agus go gcaithfear airgead cháiníocóirí AE go leordhóthanach; á chur i bhfios, go háirithe, gur cheart go bhfaigheadh an comhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, coinbhleachtaí leasa (a shainmhínítear mar ‘neamhrialtachtaí tromchúiseacha’) agus cistiú dúbailte acmhainní agus aird iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á mheabhrú torthaí CIE i dTuarascáil Bhliantúil 2022, eadhon go bhfuil na garspriocanna rialaithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta éagsúil ó thaobh a gceanglas agus a ngráinneachta de; ag ceistiú cén fáth nár ceanglaíodh ar Bhallstáit áirithe ach a gcóras rialaithe a dhearadh, agus go raibh ar Bhallstáit eile córas oibríochtúil a bheith acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar a nósanna imeachta iniúchta <STRING ITALIC="on">ex post</STRING>, chun a áirithiú nach ndearnadh na spriocanna iniúchta a ndearnadh measúnú orthu roimhe sin mar spriocanna a comhlíonadh a aisiompú tar éis na n-íocaíochtaí faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais AE agus gach beart is gá a chur i bhfeidhm i gcás easpa comhlíontachta nó i gcás ina ndéantar garspriocanna a comhlíonadh roimhe sin a aisiompú, lena n-áirítear laghdú comhréireach ar an tacaíocht faoi RRF agus aisghabháil aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais, nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe, agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe maoiniúcháin, nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil cosc, brath agus imscrúdú éifeachtach gníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá ina mbagairt ar chur chun feidhme NGEU, go háirithe na rioscaí a bhaineann le hinsíothlú grúpaí coiriúla eagraithe, ag brath ar bhailiú agus comhroinnt éifeachtach sonraí, lena n-áirítear láimhseáil thapa iarrataí ar rochtain ó sheirbhísí imscrúdaitheacha laistigh de Bhallstát, agus ó thíortha eile nó ar leibhéal AE, ó OLAF agus ó OIPE agus, más gá, ag Eurojust agus Europol, a bhfuil rochtain le deonú orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi léirmhíniú an Choimisiúin ar choincheap an ‘fhaighteora deiridh’ faoi RRF; á mheabhrú, de réir Rialachán RRF modhnaithe, gur cheart do na Ballstáit an liosta den 100 faighteoir deiridh is mó a fhaigheann an méid is mó cistiúcháin a fhoilsiú chun bearta a chur chun feidhme faoi RRF; á chur in iúl gur oth léi nach n-iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir le tairbhí nó faighteoir deiridh chistiú RRF agus gur roghnaigh siad a cheangal ar na Ballstáit gan ach faisnéis a sholáthar faoi ‘fhaighteoirí an dara leibhéal’; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach bhfuil an léirmhíniú sin i gcomhréir leis an gcomhaontú idir na comhreachtóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an anailís chomhpháirteach a rinne Europol agus OLAF lena ndéantar measúnú ar na rioscaí calaoise agus neamhrialtachtaí i ndáil le NGEU; á chur in iúl gur geal léi na moltaí a rinne Europol agus OLAF agus á iarraidh ar an gCoimisiún, ar ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí speisialaithe AE, chomh maith leis na Ballstáit, comhoibriú go gníomhach agus idirghníomhú chun cosaint leasanna airgeadais AE a áirithiú agus NGEU á chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh straitéiseach an Ombudsman, a seoladh i mí Feabhra 2022, a rinneadh chun scrúdú a dhéanamh ar thrédhearcacht na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, ar straitéisí faisnéise agus cumarsáide poiblí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ar an gcaoi a ndéantar maoirseacht ar na cistí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an tionscnamh sin, ós rud é go raibh leibhéal measta earráide níos airde i dtuarascáil bhliantúil CIE do 2022 don bhliain sin; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Ombudsman feabhas a chur ar chaighdeáin trédhearcachta sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á mheabhrú di ‘NextGenerationEU — an Fóram um Fhorfheidhmiú an Dlí’ (NGEU-LEF), tionscnamh comhpháirteach arna chomhstiúradh ag Europol agus an Iodáil, ina dtugtar le chéile Europol, OIPE, OLAF, Eurojust, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí agus údaráis náisiúnta trí fhóram a chur ar fáil le haghaidh comhroinnt faisnéise agus comhordú oibríochtaí chun dul i ngleic le hinsíothlú na coireachta eagraithe sa gheilleagar dlíthiúil, agus chun pacáiste spreagtha NGEU a chosaint, agus béim ar leith á leagan ar éilliú, imghabháil cánach, claonchasadh agus sciúradh airgid; á chur in iúl gur geal léi gur bhuaigh tionscnamh NGEU-LEF Gradam an Ombudsman Eorpaigh don Dea-Riarachán 2023 sa chatagóir ‘is mó tóir i measc an phobail’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil go leor saincheisteanna fós ann, go príomha mar gheall ar easpa maoirseachta leordhóthanaí ag comhlachtaí comhordaithe, straitéisí frithchalaoise neamhiomlána, gnéithe atá in easnamh i measúnuithe riosca calaoise, an gá atá le feabhas a chur ar na rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> atá dírithe ar choinbhleachtaí leasa a chosc, rannpháirtíocht íseal i ngníomhaíochtaí oiliúna atá ceaptha feasacht ar chalaois a ardú, agus easnaimh i dtuairisciú neamhrialtachtaí do OLAF le haghaidh imscrúdú féideartha; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi na saincheisteanna a sainaithníodh, faoi na moltaí atá dírithe ar na Ballstáit agus faoin obair leantach a rinneadh chun na saincheisteanna a réiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag trédhearcacht fheabhsaithe maidir le scéimeanna calaoiseacha a nochtadh agus maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhíspreagadh; á iarraidh go ndéanfaí tionscnaimh agus beartais nua trédhearcachta a thabhairt isteach chun cuntasacht a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú agus trédhearcacht chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na calaoise</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Athbhreithniú 04/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Bainistiú chistí AE a dhigitiú’, ina gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag an digiteáil iniúchadh ar chistí AE a dhéanamh níos éifeachtúla; á thabhairt chun suntais barúlacha CIE go bhfuil go leor éagsúlachtaí i méid dhigitiú chaiteachas AE, an chuid is mó láraithe i gcás ina bhfuil bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún agus ina bhfuil siad níos ilroinnte do na modhanna bainistíochta eile, amhail faoi bhainistíocht chomhroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di nach mór do na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoimisiún agus ag comhlachtaí cur chun feidhme eile buiséad an Aontais a dhigitiú go leor bacainní a shárú chun feabhas a chur ar chomhoiriúnacht idir na córais TF a úsáideann an iliomad eintiteas lena mbaineann; á chur in iúl gur mór aici, i ndáil leis sin, comhsheasmhacht na teachtaireachta chuig an gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 dar teideal ‘Straitéis dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh — An chéad ghlúin eile den Choimisiún digiteach’ (C(2022)4388); á chur i bhfios go bhfuil an digitiú ina thosaíocht straitéiseach ag an gCoimisiún le blianta fada anuas; á chreidiúint gur gá an timpeallacht TF a shimpliú tuilleadh chun bainistiú chistí AE a chuíchóiriú agus á athdhearbhú gur cheart idir-inoibritheacht a phríomhshruthú i mbeartais AE chun feabhas a chur ar an gcomhoiriúnacht idir na córais TF a úsáideann an iliomad eintiteas lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar leibhéal idir-inoibritheachta na gcóras sonraí agus ar chomhchuibhiú an tuairiscithe, an fhaireacháin agus na hiniúchóireachta san Aontas; á athdhearbhú, chuige sin, a hiarraidh ar an gCoimisiún sainmhínithe a chomhchuibhiú chun sonraí inchomparáide a fháil ar fud AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag áitiú go bhfuil an digitiú tar éis dlús a chur le calaois a chosc agus a bhrath, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus gur gá di a bheith i gcroílár gach straitéise frithchalaoise, lena n-áirítear na Straitéisí Náisiúnta Frithchalaoise (NAFS); á iarraidh ar an gCoimisiún a mholtaí do na Ballstáit nach bhfuil NAFS glactha acu go fóill a athdhearbhú agus obair leantach a dhéanamh ina leith, agus an NAFS a choinneáil cothrom le dáta, agus leas á bhaint as na deiseanna a chuireann teicneolaíochtaí nua ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir le húsáid éigeantach an chórais TF chomhtháite aonair do mhianadóireacht sonraí agus scóráil riosca, <STRING ITALIC="on">Arachne</STRING>, arna bheartú ag athmhúnlú an Rialacháin Airgeadais, lenar cheart cosaint níos fearr do leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, mar aon leis na huirlisí TF arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta ag na Ballstáit agus lena gcomhlánófar iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á thabhairt dá haire, i measc na roghanna a bhí ar fáil, gurbh é <STRING ITALIC="on">Arachne</STRING> an córas TF ba mhó a úsáideadh (in úsáid ag 21 Bhallstát), chun tacú le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus RRF; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur bhain go leor Ballstát úsáid as a n-uirlisí tiomnaithe TF frithchalaoise féin, go minic i gcomhar le huirlisí AE, cé gur annamh a bhí an dá chineál uirlisí idir-inoibritheach agus, dá bhrí sin, gur chuir siad bac ar chalaois a bhrath agus a thuairisciú don Choimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag EDES, mar dhúliosta an Aontais, daoine agus cuideachtaí a bhaineann mí-úsáid as cistí AE a lua; á iarraidh go ndéanfaí EDES a leathnú chuig gach cineál modh bainistíochta, go háirithe chuig bainistíocht chomhroinnte; á chur i bhfáth go gcuireann cuir chuige éagsúla na mBallstát maidir le bearta eisiaimh le míchothromaíocht i gcosaint leasanna airgeadais AE; á chur i bhfios go láidir gur gá úsáid EDES a dhéanamh éigeantach mar an comhchóras eisiaimh do chistí arna mbainistiú ag na Ballstáit; á chreidiúint go neartódh an t-athneartú sin cumas an Aontais agus na mBallstát leasanna airgeadais an Aontais agus, ar deireadh, airgead na gcáiníocóirí a chosaint; ag tathant ar na Ballstáit, ar mhaithe le leasanna airgeadais bhuiséad AE a choimirciú, glacadh leis an síneadh sin gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfios go gcuirfeadh comhdhlúthú, lárú agus foilsiú na faisnéise maidir le faighteoirí chistiú AE a chuireann na Ballstáit agus eintitis cur chun feidhme eile ar fáil i mbunachar sonraí aonair feabhas ar thrédhearcacht airgeadais trí chineálacha éagsúla modhanna bainistíochta a chuimsiú agus trí chros-seiceálacha agus anailísí uileghabhálacha a cheadú; á iarraidh ar an gCoimisiún na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis náisiúnta, a spreagadh chun comhoibriú leis an aidhm sin; ag tarraingt aird an Choimisiúin ar an ngá atá le sonraí pearsanta agus faisnéis íogair maidir le tairbhithe a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á áitiú go gcuirfeadh digitiú agus uirlisí úrscothacha TF ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais feabhas ar bhainistiú, rialú agus iniúchadh chistí an Aontais, agus go bhféadfadh siad rannchuidiú le neamhrialtachtaí a chosc agus maorlathas a laghdú go suntasach, ós rud é go gceadaíonn an digitiú rochtain agus cros-seiceálacha níos éasca agus níos tapúla, go cianda, ar thacair thábhachtacha sonraí, rud a chuirfeadh cosc ar an ngá atá le seiceálacha agus rialuithe ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi measúnú CIE ina Tuarascáil Bhliantúil 2022, ina n-iarrtar go ndéanfaí córas faisnéise <STRING ITALIC="on">Arachne</STRING> le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a chur chun feidhme níos luaithe ó 2028 go 2025; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte ina n-iarrtar go n-úsáidfí an córas ó 2026 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil digitiú an chomhraic i gcoinne na calaoise ar cheann de na fócais san athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta a seoladh in 2022 agus a glacadh i mí Iúil 2023, a ghabhann le Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS) 2019 agus a coigeartaíodh de réir na gcásanna eacnamaíocha agus sóisialta atá ag athrú go tapa agus do na dúshláin nua; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go ndearna an Coimisiún 60 as 63 ghníomhaíocht an phlean a bhí ann roimhe sin a chur chun feidhme go rathúil ar an iomlán agus go bhfuil cuid de na gníomhaíochtaí sin leanúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún na bunchaighdeáin agus na critéir bhunúsacha a formhuiníodh leis an bplean gníomhaíochta athbhreithnithe a chur faoi bhráid na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh go n-aithneofaí a thábhachtaí atá sé áiseanna amhairc amhail cairteacha agus graif a ionchorprú chun faisnéis staidrimh a dhéanamh níos inrochtana agus níos éasca a thuiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí ardanailísíocht sonraí, intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim a chur chun feidhme chun neamhrialtachtaí a shainaithint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Struchtúr frithchalaoise an Aontais agus príomhbhearta in 2022 </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a sheol an Coimisiún in 2022 chun leibhéal cosanta leasanna airgeadais AE a fheabhsú ach á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh aireachais agus gníomhaíochtaí comhlántacha sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á mheabhrú di a rúin roimhe seo ina gcuirtear i bhfios go láidir nach féidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise i gcoinne bhuiséad AE a bheith éifeachtach ach amháin má thugtar aghaidh ar bhealach iomlánaíoch, lena gcumhdaítear gach céim den timthriall frithchalaoise agus lena mbaintear leas as an iliomad geallsealbhóirí, próiseas agus gníomhaíochtaí; á chur i bhfios go n-éilíonn na ceithre chéim den timthriall sin (cosc; brath; imscrúdú agus ionchúiseamh; téarnamh agus smachtbhannaí) anailísí riosca, próisis tuairiscithe agus comhar a shaothrú trí idirghabhálacha comhchuibhithe ar an leibhéal reachtach, riaracháin, eagraíochtúil agus oibríochtúil; á mheabhrú an bharúil ó CIE ina Tuarascáil Speisialta maidir le tírdhreach airgeadais AE<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta 05/2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU’s financial landscape — A patchwork construction needed further simplification and accountability’</STRING> [Tírdhreach airgeadais AE — Struchtúr manglaim a bhfuil tuilleadh simplithe agus cuntasachta ag teastáil ina leith].</FIELD></FOOTNOTE> ina gcuirtear in iúl go bhfuil baol méadaitheach ann go mbeidh bearnaí tromchúiseacha sa chóras iniúchóireachta agus rialaithe agus go mbeidh easpa cuntasachta ann mar gheall ar chastacht na gcistí agus na n-ionstraimí lena gcomhlánaítear buiséad AE; á chreidiúint go n-éilíonn an chastacht sin cur chuige atá chomh cuimsitheach agus chomh dírithe céanna chun na leasanna airgeadais lena mbaineann a chosaint, chun dul i ngleic le neamhrialtachtaí agus calaois a d’fhéadfadh tarlú trí leas a bhaint as teimhneacht fhoriomlán an tírdhreacha airgeadais; á mheabhrú, mar gheall ar ilroinnt reatha na sonraí inrochtana, go n-iarrtar bearta caighdeánaithe chun faisnéis agus figiúirí a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú, go háirithe maidir le faighteoirí deiridh agus tairbhithe chistiú an Aontais, chun críoch iniúchóireachta agus rialaithe, lena n-áirítear imscrúduithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfios gur bunaíodh clár frithchalaoise an Aontais (UAFP) ar feadh tréimhse seacht mbliana, ó 2021 go 2027, agus gurb é 2022 an dara bliain dá chur chun feidhme, faoi mhodh bainistíochta dírí agus OLAF mar an phríomhsheirbhís do chur chun feidhme an chláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á thabhairt dá haire gur leithdháileadh EUR 15,4 milliún ar chomhchuid Hercule, EUR 9 milliún ar chomhpháirt an Chórais Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS) le Cinneadh Maoinithe 2022 agus thart ar EUR 1 mhilliún do chomhpháirt IMS, arb é an toradh a bhí air deontais a dhámhachtain do na comhlachtaí cur chun feidhme ábhartha agus oiliúint speisialaithe, bunachair sonraí, tacaíocht do thaighde, d’fhaireachán agus d’anailísí a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil IMS in úsáid anois ag 35 thír, lena gcuimsítear na Ballstáit agus tíortha tairbhíocha eile, le thart ar 700 eagraíocht tuairiscithe, lena gcumhdaítear os cionn 3 000 úsáideoir IMS agus roinnt réimsí, lena n-áirítear RRF agus réimsí eile amhail tearmann, comharsanacht agus réamhaontachais, chomh maith le réimsí traidisiúnta na talmhaíochta, an chomhtháthaithe agus an iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici na róil chomhlántacha atá ag cláir ionstraime Fiscalis, custaim agus trealaimh rialaithe custaim agus creideann sí go gcuireann éifeachtaí sineirgisteacha imscaradh na tacaíochta airgeadais sin feabhas inbhraite ar réimsí an chánachais, ar chomhroinnt faisnéise a bhaineann le riosca agus ar uasghrádú go trealamh rialaithe custaim úrscothach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil rannpháirtíocht na mBallstát in OIPE éigeantach; á thabhairt dá haire, in 2022, nach raibh ach 22 Bhallstát rannpháirteach cheana in OIPE, agus go raibh na cúig thír chéanna agus a bhí in 2021 ag staonadh; ag áitiú nach mór do na Ballstáit nach nglacann páirt fós é sin a dhéanamh gan mhoill; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht in OIPE a dhreasú trí bhearta dearfacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tuarascáil bhliantúil OIPE do 2022, lena soláthraítear torthaí na chéad bhliana féilire iomláine de ghníomhaíochtaí oibríochtúla; á thabhairt faoi deara gur phróiseáil OIPE 3 318 dtuarascáil coireachta (i gcomparáid le 2 832 a fuarthas le linn na seacht mí de ghníomhaíocht oibríochtúil in 2021) agus gur chuir sí tús le 865 imscrúdú in 2022 (576 imscrúdú i mí an Mheithimh-Nollaig 2021); á chur i bhfios go láidir go ndearnadh EUR 359,1 milliún (i gcomparáid le EUR 157,3 in 2021) a reo tar éis imscrúduithe OIPE, arb ionann é agus níos mó ná seacht n-uaire bhuiséad OIPE agus gur mheas OIPE, faoi dheireadh 2022, damáistí dar luach EUR 14,1 billiún a d’eascair as mí-iompar a raibh 1 117 n-imscrúdú gníomhach ar an iomlán aige ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé cuiditheach le OIPE, d’fhonn acmhainneacht na hOifige a neartú chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag méadú i gcónaí sa timpeallacht frithchalaoise, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a shainaithnítear i Rialachán OIPE<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth, ag an am céanna, gur gá an prionsabal bunúsach agus na rialacha bunúsacha a leagtar amach i Rialachán OIPE a áirithiú, eadhon nach mór don oifig a bheith neamhspleách agus nach mór buiséad uathrialach a dheonú di chun gníomhú chun leasa an Aontais ina iomláine agus i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcoinneofar éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair OLAF i dtaca le héilliú agus brath calaoise agus, dá bhrí sin, nach mór an laghdú ar bhuiséad bliantúil OLAF atá beartaithe d’fhostaithe lánaimseartha a mheas i gcomhréir le fíor-riachtanais ghnó OLAF, mar a léirítear ina thuarascáil bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí méadaithe braite agus a dtorthaí, a thagann i ndiaidh na n-iarrataí ó OIPE agus ó Pharlaimint na hEorpa, a léiríodh le roinnt imscrúduithe ar chalaois AE a tionscnaíodh sna 22 Bhallstát rannpháirteacha, atá níos airde ná an meán stairiúil roimh bhunú OIPE; ag moladh, i ndáil leis an méid sin, Oibríocht Aimiréil inar tugadh chun solais calaois rothlach CBL arna déanamh ag grúpa eagraithe coirpeach atá ag feidhmiú i roinnt Ballstát, atá freagrach as calaois thart ar EUR 2,2 billiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag moladh an chomhair idir OLAF agus OIPE, rud a léirítear i dtuarascálacha bliantúla OLAF agus OIPE araon; á chur in iúl go dtuigeann sí go dtarlaíonn malartuithe rialta faisnéise idir an dá oifig, go háirithe OIPE tar éis freagra a thabhairt ar 133 iarraidh amas/gan amas arna seoladh ag OLAF chun imscrúduithe comhthreomhara ar na fíorais chéanna a sheachaint; á iarraidh ar OLAF agus ar OIPE a dtuairisciú a chomhordú maidir leis na gníomhaíochtaí a seoladh chun a gcomhar a dhéanamh inláimhsithe, ag féachaint go sonrach do líon na n-imscrúduithe comhlántacha arna n-iarraidh ag OLAF (sean-Airteagal 12(f) de Rialachán OIPE) agus do líon na gcásanna chun tacú le himscrúduithe OIPE arna n-iarraidh ag OIPE (sean-Airteagal 12(e) de Rialachán OIPE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di gur i mí Mheán Fómhair 2022 a rinneadh an chéad athbhreithniú ardleibhéil bliantúil ar an gcomhar idir OIPE agus an Coimisiún, agus aghaidh á tabhairt, i measc nithe eile, ar shaincheisteanna maidir le tuairisciú frithpháirteach, rochtain ar bhunachair sonraí agus stádas institiúideach OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa faisnéise maidir le haisghabháil riaracháin na suimeanna atá dlite do bhuiséad an Aontais, arna ndéanamh ag an gCoimisiún tar éis ionchur a fháil ó OIPE, dá bhforáiltear in Airteagal 103(2) de Rialachán OIPE, ag tagairt d’oibleagáid OIPE an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill agus gan dochar do rúndacht, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 6(4)(c) de Chomhaontú OIPE-COM arna shíniú an 18 Meitheamh 2021, ag tagairt do bhearta cosanta agus ceartaitheacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar OIPE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme na huirlise tábhachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á tabhairt dá haire gur chomhoibrigh OIPE agus Europol go héifeachtúil maidir le hábhair oibríochtúla éagsúla, faoi choimirce Choiste Stiúrtha OIPE-Europol; á chur in iúl go dtuigeann sí gur thug Europol tacaíocht (malartú faisnéise, tacaíocht anailíseach, saineolas) maidir le 28 gcás arna iarraidh sin ag OIPE agus go bhfuil OIPE tagtha chun bheith mar chuid den Fheidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), lena n-áirithítear bealach cumarsáide slán sa chomhar oibríochtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2022, gur tharla comhar idir na gníomhaithe ábhartha ar bhealach sásúil, agus foirne idirchaidrimh OIPE-Eurojust ag teacht le chéile faoi dhó in 2022, le 15 chás leanúnacha OIPE arna láimhseáil ag Eurojust, agus rannán imscrúdaitheach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (IG/IN BEI) ag déanamh 63 tharchur chuig OLAF, OIPE agus gníomhaireachtaí eile laistigh de na bainc forbartha iltaobhacha agus chuig na gníomhaireachtaí forbartha náisiúnta ar cuireadh gníomhaíochtaí bunúsacha de chúram orthu; á thabhairt dá haire gur ghlac thart ar 100 ionchúisitheoir agus foireann OIPE, i mí Mheán Fómhair 2022, páirt i seisiún múscailte feasachta ar líne faoi ghníomhaíochtaí BEI agus CEI chun éifeachtacht an chomhair idir OIPE agus IG/IN mar a bunaíodh faoi shocrú oibre 2021 a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>ag cur béim ar an mbreisluach a thugann comhlachtaí AE do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus don chomhrac i gcoinne na calaoise, go háirithe a mhéid a bhaineann le coireacht thrasteorann, mar a léirítear leis na torthaí oibríochtúla ó OIPE agus ó OLAF in 2022 freisin; á iarraidh an athuair go n-áiritheofar go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gníomhaithe ábhartha uile an Aontais a bhfuil baint acu leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus, i ndáil leis sin, á mheabhrú don Choimisiún agus don Chomhairle go bhfillfidh gach euro a chaitear ar imscrúduithe agus ar ghníomhaíochtaí frithchalaoise ar bhuiséad AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur eisiadh ceithre oibreoir eacnamaíocha ó pháirt a ghlacadh in aon tionscadail nó gníomhaíochtaí arna maoiniú ag BEI in 2022 mar thoradh ar na himeachtaí maidir le heisiamh a sheol BEI tar éis imscrúduithe IG/IN; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí na critéir eisiaimh a úsáideann BEI agus CEI a dhéanamh níos aonfhoirmí i ndáil leo siúd a úsáidtear in EDES, ós rud é nach gcumhdaítear ach cúig cinn de sheacht staid eisiaimh EDES leis na Creat-Chomhaontuithe Airgeadais agus Riaracháin le BEI agus CEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á athdhearbhú gur forais iad comhar nó neamh-chomhoibriú neamhéifeachtach nó míthráthúil na mBallstát le OIPE agus OLAF le gníomhaíocht faoin Rialachán Coinníollachta; á iarraidh ar OIPE agus ar OLAF, dá bhrí sin, gach cás a thuairisciú inar mhainnigh na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le faisnéis a thabhairt, cúnamh a thabhairt, gníomhaíocht iomchuí agus bearta réamhchúraim a dhéanamh agus chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí agus thráthúil ar thuarascálacha agus ar mholtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go meastar go bhfuil leibhéal foriomlán chur chun feidhme na moltaí ón gCoimisiún a eisíodh i dTuarascáil PIF 2021 ar fud na mBallstát sásúil maidir le huirlisí tiomnaithe frithchalaoise TF a chomhtháthú ina gcomhrac i gcoinne na calaoise, anailís riosca a neartú agus, go ginearálta, córais TF a fhorbairt ar thaobh an ioncaim agus an chaiteachais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit ar féidir iad a fheiceáil fós maidir le calaois amhrasta a bhrath, a thuairisciú agus obair leantach a dhéanamh uirthi; á mholadh, dá bhrí sin, do na Ballstáit cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir a n-údaráis náisiúnta agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE, agus freisin chun rioscaí agus treochtaí calaoise atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>formhuiníonn sí rún an Choimisiúin cleachtadh faireacháin a sheoladh maidir le staid na himeartha i ndáil leis na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise (AFCOS) atá bunaithe sna Ballstáit; á mheabhrú gur cheart an sainmhíniú ar struchtúr, ról, freagrachtaí agus sainordú AFCO a shoiléiriú níos fearr chun cásanna aonchineálacha agus comhchuibhithe a ráthú ar fud an Aontais, agus ar an gcaoi sin a gcomhar agus a malartú faisnéise a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte AFCOS a ceapadh ar dtús in 2015 a thabhairt cothrom le dáta arís, ar treoirlínte iad nach bhfuil leordhóthanach a thuilleadh chun cabhrú go héifeachtach leis na húdaráis náisiúnta seirbhís chomhordaithe dea-struchtúrtha a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an obair atá ar siúl i ndáil leis sin agus maidir le torthaí an chleachtaidh faireacháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á thabhairt dá haire gur gá don oiread Ballstát agus is féidir an NAFS a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta, agus á athdhearbhú go n-eascraíonn an gá atá leis na hathbhreithnithe sin ón tírdhreach nua frithchalaoise, agus OIPE lánoibríochtúil anois, agus ón deis rioscaí suntasacha nua a shainaithint i dtimpeallacht na calaoise atá ag éirí níos casta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á athdhearbhú gur mór aici an spreagadh a thug an Coimisiún do na Ballstáit NAFS a ghlacadh, as ar tháinig méadú ar líon na NAFS a glacadh go dtí seo, lenar ghlac 15 Bhallstát NAFS faoi dheireadh 2022, a raibh naoi gcinn díobh trasghearrthach agus, dá bhrí sin, chumhdaigh siad leasanna airgeadais an Aontais ina n-iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léirigh trí Bhallstát (an Fhionlainn, Éire agus an Pholainn) fós, faoi dheireadh 2022, nár ghlac siad aon straitéis chun leasanna airgeadais AE a chosaint; ag tabhairt dá haire gur thug cúig Bhallstát (an Bheilg, an Spáinn, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Rómáin) le fios go raibh siad i mbun ceann a bhunú; ag tathant ar na Ballstáit NAFS a ghlacadh chun a léiriú go bhfuil siad dáiríre faoi chosaint chistí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á chreidiúint go mbainfeadh na Ballstáit tairbhe as meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar a gcreataí frithchalaoise, le treoir AE de réir mar is iomchuí, dírithe ar a n-éifeachtacht a bhunú, ar dhea-chleachtais a shainaithint agus ar athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéisí frithchalaoise chun aghaidh a thabhairt ar aon rioscaí atá ag teacht chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun athbhreithnithe neamhspleácha nó piaraí a dhéanamh ar na creataí frithchalaoise chun comhsheasmhacht agus ardchaighdeáin a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>ag áitiú gur ionstraim bhuan é an Rialachán Coinníollachta a théann thar theorainneacha creata airgeadais ilbhliantúil ar leith agus go bhfuil sé le cur i bhfeidhm go cothrománach, mar cheanglas chun prionsabail na bainistithe fónta airgeadais a fhorfheidhmiú, go ginearálta, agus chun acmhainní an Aontais a bhainistiú go héifeachtúil agus go héifeachtach, go háirithe, agus gur réamhriachtanas é chun rochtain a fháil ar chistí uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á thabhairt dá haire an cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 eisíocaíocht EUR 6,3 billiún de chistí AE leis an Ungáir a chur ar fionraí; ag dréim leis nach gcuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle deireadh leis na bearta a glacadh ach amháin i gcás ina mbailítear fianaise go bhfuil na bearta feabhais arna nglacadh ag Rialtas na hUngáire éifeachtach sa chleachtas agus, go háirithe, nár braitheadh aon chúlchéimniú ar bhearta a glacadh cheana; á chur in iúl gur oth léi gur beag toilteanas atá léirithe ag Rialtas na hUngáire go dtí seo ceanglais an tsásra coinníollachta a chomhlíonadh; á athdhearbhú, áfach, a tuairim nach leor na 17 mbeart astu féin, mar a rinne an Coimisiún agus Rialtas na hUngáire iad a chaibidliú, chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sistéamach atá ann cheana do leasanna airgeadais AE agus á chur in iúl gur oth léi nár iarr an Coimisiún athruithe agus coimircí suntasacha leordhóthanacha chun neamhspleáchas na mbreithiúna a athbhunú agus chun leibhéal an éillithe a laghdú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ó na meáin ina ndearbhaítear go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur leis na bearta fionraí san Ungáir mar mhalairt ar thacaíocht an rialtais do chabhair don Úcráin; á chreidiúint nár cheart don Choimisiún géilleadh riamh do dhúmhál, go háirithe nuair a chuireann sé cosaint leasanna airgeadais AE i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an Coimisiún trédhearcach go leor faoi na forbairtí ábhartha; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras agus go rialta faoin gcaibidlíocht leanúnach agus á mheabhrú don Choimisiún, go háirithe, a oibleagáidí dlíthiúla a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Rialachán RRF agus in Airteagal 8 den Rialachán maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di torthaí an Tríú Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 dar teideal ‘Tuarascáil 2022 ar an Smacht Reachta’ (COM(2022)0500).</FIELD></FOOTNOTE> i dtaca leis an staid chriticiúil sa Pholainn, go háirithe maidir leis na heasnaimh thromchúiseacha sa bhreithiúnacht<FOOTNOTE><FIELD> Maidir le neamhspleáchas Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna, tá imní fós ann maidir le feidhmiú na seirbhíse ionchúisimh, agus oifigí an Aire Dlí agus Cirt agus an Ard-Ionchúisitheora á bhforghabháil ag an duine céanna; Chuir cúirteanna na Polainne in iúl freisin go bhfuil imní orthu gur féidir cleachtas na n-ionchúisitheoirí a thabhairt ar iasacht a mheas mar ísliú agus idirdhealú, agus go bhféadfaí imeachtaí araíonachta a úsáid chun neamhspleáchas breithiúnach a laghdú, toisc go raibh Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí fós ag eisiúint rialuithe.</FIELD></FOOTNOTE> agus in earnáil na meán; á mheabhrú gur íocadh EUR 360 milliún i bhfíneálacha ó 2021 mar thoradh ar neamhchomhlíonadh rialuithe CBAE ag an bPolainn agus ag moladh go láidir don Choimisiún gan cistí a scaoileadh ó RRF go dtí go gcomhlíonfar na garspriocanna uile a bhaineann leis an smacht reachta ina n-iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar an gcóras tuairiscithe calaoise do chistí a chaitear i dtíortha nach bhfuil in AE; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuirfí san áireamh sa chóras nua na saincheisteanna sonracha atá os comhair AE agus airgead á chaitheamh aige lasmuigh de chríoch AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An ghné sheachtrach de chosaint leasanna airgeadais an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil an togra maidir le creat cothrománach smachtbhannaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála a bhunú comhlántach leis na huirlisí atá ann cheana agus le gníomhaíochtaí beartais inmheánaigh agus sheachtraigh i gcoinne an éillithe, a formhuiníodh cheana féin i bpróiseas an mhéadaithe nó laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcabhróidh rannpháirtíocht níos láidre i bhfóraim idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Éillithe (UNCAC) agus an Grúpa Stát i gCoinne na hÉillitheachta (GRECO) le dea-rialachas agus an smacht reachta a chur chun cinn mar cheann de phríomhthosaíochtaí phróiseas an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á athdhearbhú, cé go bhfuil AE mar bhreathnóir laistigh de GRECO faoi láthair, go moltar go láidir é a bheith ina chomhalta lánoibríochta, agus dá bhrí sin i) páirt a ghlacadh san fhaireachán ar chur chun feidhme an dlí idirnáisiúnta agus na gcaighdeán idirnáisiúnta a aithnítear go forleathan; ii) cumarsáid chothrománach a dhéanamh le comhaltaí eile GRECO maidir le beartais agus uirlisí frithchalaoise; iii) taithí a roinnt ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cuidiú le haitheantas a thabhairt d’easnaimh a d’fhéadfadh a bheith i sásraí inmheánacha an Aontais chun éilliú a shainaithint; agus iv) calaois a chomhrac ar an mbealach is fearr trí bhearta coisctheacha agus braite a ghníomhachtú go tráthúil; á iarraidh ar an gComhairle seasamh soiléir a chur ar fáil maidir le AE a bheith ag dul isteach in GRECO, lena soiléireofar an bhfuil aon chur i gcoinne ar leith ann agus, más amhlaidh go bhfuil, ag cén Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh méaduithe eisceachtúla ann ó 2021 go 2022, idir líon na neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha agus na méideanna airgeadais lena mbaineann; á thabhairt dá haire gur mar gheall ar neamhrialtachtaí a bhaineann le IPA II 2014-2020 i ndáil le cúnamh réamhaontachais don fhorbairt tuaithe (IPARD) sa Mhacadóin Thuaidh agus sa Tuirc ba chúis leis an méadú ar líon na gcásanna, agus, i gcás fhormhór na neamhrialtachtaí sin, go raibh na méideanna airgeadais i gceist faoi bhun EUR 10 000, agus gur mar gheall ar neamhrialtachtaí a bhaineann le IPARD san Albáin a tháinig an méadú ar mhéideanna airgeadais; á chur i bhfios go láidir gur tuairiscíodh go raibh thart ar 10 % de na neamhrialtachtaí calaoiseacha agus gur tháinig méadú suntasach ar an gcéatadán sin, a athraíonn le himeacht ama, in 2020 (17 %), ag buaicphointe 20 % in 2021; á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal faireacháin leormhaith a choinneáil ar na tionscnaimh chistiúcháin sin agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint maidir le saincheisteanna sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus na hacmhainní á n-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á chreidiúint nach ndéantar faireachán agus rialú leordhóthanach ar chistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda (NDICI-an Eoraip Dhomhanda) le haghaidh cúnamh i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus ar na hacmhainní a leithdháiltear le haghaidh fhreagairt na hEorpa ar an gcogadh san Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear seiceálacha níos críochnúla a dhéanamh, chun a áirithiú go rachaidh cistí AE a chuirtear chuig tíortha comharsanachta chun tairbhe dóibh siúd is mó atá i ngátar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh buiséad an Aontais go mór leis na tograí le haghaidh réitigh struchtúracha níos fadtéarmaí ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá an smacht reachta agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí in úsáid chistí an Aontais san Úcráin a chosc, a bhrath agus a cheartú, rud ar cheart a bheith bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na custasachta; á mheas gur cheart go mbeadh forálacha agus coimircí diana in aon ionstraimí airgeadais gaolmhara chun na cuspóirí sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta ríthábhachtach chun cistí AE a chaitear lasmuigh den Eoraip agus taobh an ioncaim de bhuiséad AE a chosaint; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na socruithe oibre a thug OIPE i gcrích in 2022, le hOifig an Ionchúisitheora Ghinearálta san Úcráin, le hOifig an Ionchúisitheora Ghinearálta Phoblacht na hAlbáine, le hOifig an Ionchúisitheora Ghinearálta Phoblacht na Moldóive, le hOifig an Ionchúisitheora Uachtarach Stáit Mhontainéagró, le Seirbhís Ionchúisimh na Seoirsia agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Stáit i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus leis an Meabhrán Tuisceana (MT) agus leis an Socrú Oibre maidir le Comhar arna shíniú le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe agus le Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á mholadh go gcuirfí tacaíocht bhuiséadach ar fionraí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí i gcás inar follasach go mainníonn na húdaráis go soiléir fíorghníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne éilliú forleathan, agus a áirithiú san am céanna go dtugtar an cúnamh don phobal sibhialta trí bhealaí malartacha; á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht níos mó don chomhrac i gcoinne an éillithe i gcaibidlíochtaí réamhaontachais, le béim ar fhothú acmhainneachta, amhail trí chomhlachtaí speisialaithe frith-éillithe; á iarraidh ar an gCoimisiún comharthaí soiléire a chur chuig tíortha is iarrthóirí go ndéanfaidh frithfhreagairt i gcoinne chaighdeáin an smachta reachta aontachas le AE a chur i mbaol nó moill a chur air; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, de réir Thuarascáil Speisialta Uimh. 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta Uimh 01/2022 dar teideal ‘Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann’.</FIELD></FOOTNOTE>, gur bheag an tionchar ar athchóirithe bunúsacha a bhí ag an tacaíocht airgeadais dar luach EUR 700 milliún a sholáthair an tAontas idir 2014 agus 2020 chun feabhas a chur ar an smacht reachta sna Balcáin Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar idirnáisiúnta ann le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tíortha comharsanachta chun calaois trasteorann a chosc; á athdhearbhú a thábhachtaí atá malartú dea-chleachtas sa chomhthéacs sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach féidir leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach agus go héifeachtúil ach amháin trí ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a neartú, trí idir-inoibritheacht agus coigeartú a spreagadh ar chreat straitéise frithchalaoise aontaithe do na Ballstáit laistigh den Aontas lena roghnaítear níos mó insreabhadh ó thaobh anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil ar shonraí de, chun teorainneacha bunúsacha na gcóras náisiúnta a shárú, ar teorainneacha iad nach leor iad chun cur i gcoinne na n-ionsaithe ar leasanna airgeadais an Aontais atá ag éirí níos trasnáisiúnta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>