<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0042</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh an Aontais a mhúnlú maidir le hionstraim cheangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine, go háirithe maidir le rochtain ar leigheas agus cosaint íospartach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0421/2023 -  Rapóirtéir: Heidi Hautala)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar sheasamh an Aontais a mhúnlú maidir le hionstraim cheangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine, go háirithe maidir le rochtain ar leigheas agus cosaint íospartach (2023/2108(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2, 3, 8, 21 agus 23 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (UNGPanna), arna nglacadh ag Rún 17/4 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 16 Meitheamh 2011,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 26/9 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 26 Meitheamh 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréachtionstraim nuashonraithe atá ceangailteach de réir dlí arna scaipeadh ag Cathaoirleach-Rapóirtéir na Meithle Idir-Rialtasaí Oscailte (OEIGWG) an 31 Iúil 2023 agus don tríú dréacht athbhreithnithe uirthi mar thoradh ar an ochtú seisiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 76/300 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 28 Iúil 2022 maidir le ceart an duine chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Gnó Freagrach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Choimisiún na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal maidir le Gnó agus Cearta an Duine san Afraic an 7 Márta 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) an 10 Aibreán 2017 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Improving access to remedy in the area of business and human rights at EU level’</STRING> [Feabhas a chur ar an rochtain ar leigheas i réimse an ghnó agus chearta an duine ar leibhéal AE]<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ‘<STRING ITALIC="on">Improving access to remedy in the area of business and human rights at the EU level’</STRING>, 2017. Feabhas a chur ar an rochtain ar leigheas i réimse an ghnó agus chearta an duine ar leibhéal AE’, 2017.</FIELD></FOOTNOTE> agus do thuarascáil an 6 Deireadh Fómhair 2020 uaithi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Business and Human Rights – Access to Remedy’</STRING>[Gnó agus Cearta an Duine – Rochtain ar Leigheas]<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ‘<STRING ITALIC="on">Business And Human Rights – Access To Remedy’</STRING>, 2020. ‘Gnó agus Cearta an Duine – Rochtain ar Leigheas’, (2020).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí an 20 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir le tosaíochtaí AE i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 uaithi maidir le dliteanas corparáideach i leith sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtríú tíortha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 215, 19.6.2018, lch. 125.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 4 Deireadh Fómhair 2018 uaithi maidir le hionchur AE in Ionstraim Cheangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó a bhfuil gnéithe trasnáisiúnta ag baint leo i leith chearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO C 11, 13.1.2020, lch. 36.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 18 Eanáir 2023 uaithi maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 77.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do na rúin uaithi roimhe sin maidir le tuarascálacha bliantúla níos luaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0421/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; de bhrí nach mór dá ghníomhaíochtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta na prionsabail sin a úsáid mar threoir agus a bheith comhsheasmhach le prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt, mar a chumhdaítear in Airteagal 208 de Chonradh Liospóin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go dtugtar le tuiscint le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus an phrionsabail ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ go bhfuil an fhorbairt eacnamaíoch fite fuaite leis an gceartas sóisialta, leis an dea-rialachas agus le hurraim do chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil fiontair ghnó ina bpríomhghníomhaithe i ndomhandú an gheilleagair, i seirbhísí airgeadais agus sa trádáil idirnáisiúnta, agus go bhfuil ceangal orthu gach dlí agus conradh idirnáisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh agus cearta an duine a urramú. de bhrí go bhféadfadh fiontair ghnó a bheith ina gcúis le hiarmhairtí diúltacha ar chearta an duine, amhail sclábhaíocht nua-aimseartha, gáinneáil ar dhaoine, saothar éignithe, saothar leanaí agus cineálacha eile dúshaothraithe saothair, easáitiú ó thalamh, tuarastal bochtaineachta agus sáruithe frith-cheardchumainn, go bhféadfaidís cur leo nó a bheith nasctha go díreach leo, agus le hiarmhairtí diúltacha ar an gcomhshaol, lena n-áirítear truailliú, athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus cailliúint bithéagsúlachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh corparáidí rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe trí chruthú fostaíochta agus forbairt eacnamaíoch, agus go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith acu ar an ábhar sin maidir le cearta an duine agus caighdeáin chomhshaoil a chur chun cinn, agus maidir le hiarmhairtí diúltacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chóir cearta na bhfiontar gnó agus na n-infheisteoirí a mheaitseáil le hoibleagáidí ceangailteacha agus infhorfheidhmithe i dtéarmaí cearta an duine agus dlí an tsaothair agus an chomhshaoil a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go mbíonn bacainní iomadúla agus forluiteacha roimh íospartaigh drochíde corparáidí chun rochtain a fháil ar leigheasanna, lena n-áirítear leigheasanna breithiúnacha agus ráthaíochtaí neamh-atarlaithe; de bhrí gur déine go mór na bacainni sin le haghaidh daoine nó grúpaí leochaileacha nó imeallaithe; de bhrí nach dtugtar aghaidh den chuid is mó ar sháruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag corparáidí trasnáisiúnta, gan bhaol pionóis, toisc nach ann do chreat rialála láidir agus cuimsitheach agus ailíniú ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar sháruithe ar chearta oibrithe arna ndéanamh ag cuideachtaí ar fud an domhain agus, de réir Innéacs na gCeart ó Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann, a thuairiscigh nach gceadaítear d’oibrithe in 113 thír an ceart atá acu ceardchumann a bhunú nó dul isteach i gceardchumann a fheidhmiú, méadú ó 106 thír in 2021, go 113; de bhrí go ndearna 87 % de na tíortha sárú ar an gceart dul ar stailc agus gur bhlocáil ceithre thír as cúig an chómhargáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur ghlac Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (UNHRC) rún an 26 Meitheamh 2014 lena mbunófar meitheal idir-rialtasach oscailte chun ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí (LBI) a fhorbairt ‘chun gníomhaíochtaí corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó a rialáil sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine';
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur eagraigh an mheitheal idir-rialtasach oscailte, faoi chathaoirleacht Eacuadór ó bunaiodh í, naoi seisiún agus roinnt comhairliúchán réigiúnach agus eile le geallsealbhóirí go dtí seo, lena n-áirítear geallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach; de bhrí gur scaip an Cathaoirleach dréacht nuashonraithe den ionstraim roimh naoú seisiún na meithle idir-rialtasaí oscailte a sceidealaíodh don 23-27 Deireadh Fómhair 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go raibh AE ag obair ar reachtaíocht uaillmhianach maidir le dícheall cuí corparáideach, i measc cineálacha eile reachtaíochta, a d’fhónfadh mar bhonn dá shainordú ceaibidlíochta; de bhrí, in éagmais sainordú caibidlíochta, gur mar bhreathnóir amháin a ghlac ionadaí AE páirt i seisiúin na meithle idir-rialtasaí oscailte agus nár thug sé ach ráitis ghinearálta; de bhrí go, ina theannta sin, gur rannpháirtíocht éiginnte sa cheist a bhí ag geilleagair mhóra eile lasmuigh den Aontais Eorpach ar feadh na mblianta;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur fhorbair seasamh Bhallstáit AE de réir a chéile, ina dhiaidh sin, agus go raibh ról gníomhach ag roinnt díobh i seisiúin na meithle idir-rialtasaí oscailte is déanaí; de bhrí go ndeachaigh an Fhrainc agus an Phortaingéil isteach sa ghrúpa ‘Cairde an Chathaoirligh’, agus go dtugann siad cúnamh don Chathaoirleach chun tograí comhthola a fhorbairt ó bhloic réigiúnacha; de bhrí, i measc a dtosaíochtaí i bhfóraim um chearta an duine in 2023, gur luaigh an Chomhairle a tiomantas chun ‘páirt ghníomhach a ghlacadh’ i bpléití na Náisiún Aontaithe maidir leis an LBI agus gur chuir sí in iúl go raibh sí ullamh chun dul ag obair le Cathaoirleach na meithle idir-rialtasaí oscailte agus le Cairde an Chathaoirligh ‘chun féachaint ar ... ionstraim bunaithe ar chomhthoil a d’fhéadfadh cosaint íospartach a fheabhsú go héifeachtach agus cothrom na Féinne a chruthú ar fud an domhain';
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur athdhearbhaighan Pharlaimint go dtacaíonn sí le pléití na Náisiún Aontaithe maidir leis an LBI, lena n-áirítear trí roinnt rún a ghlacadh ag iarraidh go rachaidh AE agus na Ballstáit i mbun caibidlíochta ar bhealach cuiditheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, gur léirigh AE ardleibhéal uaillmhéine maidir le gnó agus cearta an duine agus gur thionscain sé roinnt tionscnamh reachtacha atá dírithe ar ghníomhaíochtaí gnó a rialáil maidir le cearta an duine agus oibleagáidí comhshaoil agus oibleagáidí a bhaineann leis an athrú aeráide, amhail an Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, togra le haghaidh rialacháin maidir le táirgí a dhéantar le saothar éignithe a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais, an Rialachán maidir le táirgí gan dífhoraoisiú, an Rialachán Mianraí Cogaidh agus an Rialachán maidir le Cadhnraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur ghlac roinnt Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh amhail an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír, reachtaíocht éigeantach díchill chuí le déanaí, nó gur mhol siad í, agus go bhfuil roinnt Ballstát eile ag breithniú déanamh amhlaidh; de bhrí gur den tábhacht comhleanúnachas a áirithiú idir reachtaíocht díchill chuí ar leibhéal na mBallstát nó an Aontais agus LBI na Náisiún Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur glacadh tionscnaimh rialála, lena n-áirítear reachtaíocht, maidir le gnó agus cearta an duine, nó go bhfuiltear á bplé, i dtíortha nach tíortha de chuid AE iad amhail an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, Gána, an tSeapáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Eilvéis agus SAM; de bhrí go bhfuil iliomad tíortha eile a d’fhorbair plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go raibh clásal i dtaobh eagraíochtaí lánpháirtithe réigiúnaigh sa dréacht-LBI chun freastal ar róil AE agus a Bhallstáit faoi seach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil suim shubstaintiúil agus mhéadaitheach i bpléití ar leibhéal na Náisiún Aontaithe ar an LBI i measc na bpobal a ndéantar difear dóibh, na bpobal dúchasach, na gceardchumann, baill den tsochaí shibhialta, scoláirí agus saineolaithe ar fud an domhain, gur ábhar spreagtha iad agus go bhfuil ionchas uathu;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta agus an creat idirnáisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil leibhéal foriomlán na tairbhe a bhaintear as cearta an duine ar fud an domhain ag brath ar iompraíocht na gcorparáidí, i bhfianaise staid reatha an domhandaithe agus idirnáisiúnú gníomhaíochtaí gnó agus slabhraí luacha; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé d’fhiontair ghnó, sa chomhthéacs sin, a bheith in ann brath ar dhea-rialachas poiblí agus ar chóras agus ar chreat dlí cuimsitheach agus dea-fheidhmiúil chun a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tacú go láidir le caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme ina n-iomláine, laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de, maidir le hiompar freagrach gnó chun cur chun feidhme Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe a chomhlánú agus a neartú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe agus Treoirlínte OECD agus an tacaíocht láidir atá acu; á mheabhrú gurb iad Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe an t-aon chreat domhanda ina mionsonraítear an fhreagracht chorparáideach chun an riosca do chearta an duine ó dhrochthionchair atá nasctha le gníomhaíocht ghnó a chosc agus aghaidh a thabhairt air; á chur i bhfáth gur cheart ailíniú iomlán leis na caighdeáin sin a áirithiú le haon obair a dhéantar maidir leis an LBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth ós rud é gur ar bhonn deonach amháin don fhreagracht shóisialta chorparáideach agus nach gcorpraítear in ionstraimí infhorfheidhmithe í ar an ábhar sin, go bhfuil baol saobhadh margaidh agus iomaíocht éagórach ann do na fiontair a bheartaíonn caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh nó atá faoi réir oibleagáidí náisiúnta nó réigiúnacha; á aithint go dtarlaíonn sáruithe ar chearta an duine i gcónaí fiú má tá dul chun cinn éigin gnóthaithe; á chur in iúl gur geal léi, ar an ábhar sin, na hiarrachtaí chun cothrom na Féinne a chruthú agus go bhfuil tiomantas a mbeidh tacaíocht dhomhanda aige á shaothrú d’iompar gnó freagrach; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an t-athrú atá ag teacht maidir le forbairtí normatacha ó thionscnaimh na reachtaíochta boige i dtreo caighdeáin cheangailteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na lúba ar lár dlíthiúla agus rialála atá á saothrú ag roinnt corparáidí trasnáisiúnta, lena n-áirítear infheisteoirí, ar chostas chearta an duine agus an chomhshaoil, a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil iliomad bacainní nós imeachta, substainteacha agus praiticiúla ann fós maidir le rochtain na n-íospartach ar cheartas i gcórais bhreithiúnacha neart tíortha, lena n-áirítear deacrachtaí chun an chúirt inniúil a shainaithint, bacainní a bhaineann le caighdeáin dhlínsiúla, tréimhsí gearra teorann reachtúla, dualgais fhianaiseacha iomarcacha, dliteanas teoranta nó doiléir mar gheall ar struchtúir chorparáideacha chasta, rochtain ar ionadaíocht agus faisnéis dhlíthiúil, costais thoirmeascacha ar ionadaíocht thar lear, agus neamhionannais eile idir éilitheoirí agus cosantóirí; ag tabhairt dá haire thairis sin, agus is cúis imní di, go bhfuil cásanna ann d’íospartaigh a bhfuil imeaglú nó foréigean ag bagairt orthu ó na gnólachtaí atá bainteach lena n-éileamh ar cheartas a fhreagairt; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bacainní breise roimh dhaoine nó grúpaí leochaileacha nó imeallaithe a bhféadfadh aird bhreise a bheith de dhíth orthu i gcomhthéacs gníomhaíochtaí rannpháirtíochta geallsealbhóirí chun tairbhiú go cothromasach ó íocaíochtaí cúitimh agus cineálacha eile aisíocaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rialáil sheach-chríochach bunaithe ar an máthairchuideachta agus rochtain ar cheartas d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag corparáidí trasnáisiúnta a áireamh i dtír thionscnaimh na gcorparáidí trasnáisiúnta (TNCanna); á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur gá oibleagáidí soiléire a shainiú do TNCanna maidir le deireadh a chur le saothar leanaí agus saothar éigeantais ina slabhraí soláthair agus ina n-oibríochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir leis an obair atá á déanamh sna Náisiúin Aontaithe tríd an meitheal idir-rialtasach oscailte chun an ionstraim a fhorbairt; á chur in iúl gur mór aici obair na gCathaoirleach i ndiaidh a chéile ó Eacuadór chun an iarracht chasta sin á stiúradh agus á chur in iúl gur geal léi ról tacaíochta ghrúpa ‘Cairde an Chathaoirligh’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar Chathaoirleach na meithle idir-rialtasaí oscailte agus ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe a áirithiú go ndéanfar an chaibidlíocht ar bhealach trédhearcach, agus go mbeidh rannpháirteachas fónta ann leis na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe agus an earnáil phríobháideach, agus aird chuí á tabhairt ar gheallsealbhóirí leochaileacha; á áitiú, thairis sin, a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht ghníomhach ó na réigiúin uile a áirithiú, d'fhonn ionstraim éifeachtach a fhorbairt lena léirítear éagsúlacht dhomhanda na réaltachtaí dlíthiúla, eacnamaíocha agus polaitiúla a dhéanann difear do chearta an duine agus lena mbaintear leas as dea-chleachtais a chuirtear chun feidhme ar leibhéal intíre agus réigiúnach; ag spreagadh eagraíochtaí réigiúnacha um chearta an duine agus eagraíochtaí réigiúnacha eacnamaíocha, agus na n-údarás, chun an rannpháirtíocht uilíoch sin a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht AE agus na mBallstát le próiseas na Náisiún Aontaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil tiomantas conradhbhunaithe tugtha ag AE chun cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain agus do réitigh iltaobhacha laistigh de na Náisiúin Aontaithe ar fhadhbanna comónta, rud nár léiríodh go fóill ina rannpháirtíocht sa mheitheal idir-rialtasach oscailte le sainordú caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á aithint gurb í an mheitheal idir-rialtasach oscailte an t-aon fhóram domhanda agus iltaobhach ina bpléitear rialacha éigeantacha maidir le gnó agus cearta an duine agus, dá bhrí sin, á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach don AE páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas sin, mar aon le mais chriticiúil comhaltaí NA, chun teacht ar thoradh bunaithe ar chomhthoil a d’fhéadfadh brath ar thacaíocht leathan ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur ar éigean a thug na forbairtí normatacha is déanaí ar leibhéal AE maidir le gnó agus cearta an duine aghaidh ar rochtain ar cheartas agus ar chearta íospartach, rudaí atá i gcroílár LBI mar chroíchonradh um chearta an duine; ag cur i bhfáth, ina leith sin, cineál comhlántach, cuspóirí agus raon an dá fhorbairt normatacha, agus an gá le comhlántacht eatarthu, ar forbairtí iad a bheidh ag feidhmiú ar leibhéil éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do AE páirt ghníomhach a ghlacadh sa chaibidlíocht atá ar siúl, go háirithe chun an dréacht-LBI a fhorbairt tuilleadh, agus díriú ar íospartaigh na mí-úsáidí a bhaineann le gnó ar fud an tslabhra luacha, chun bacainní ar cheartas agus leigheas éifeachtach a dhíchur, cothrom imeartha agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí, ag cur san áireamh cineál áirithe na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna), agus chun comhar a fheabhsú trí leas a bhaint as peirspictíochtaí agus dea-chleachtais idirnáisiúnta; á mheas go gcuirfeadh an rannpháirtíocht sin ar deireadh le cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr a áirithiú do chearta an duine ar leibhéal idirnáisiúnta, agus go gcuirfeadh sí le cothrom iomaíochta idirnáisiúnta ag an am céanna agus le hionstraim dhomhanda a sholáthar, ar ionstraim í a bhfuil tacaíocht fhorleathan aici agus atá daingnithe i measc stát ar fud na réigiún uile, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don Aontas Eorpach, agus atá fós ábhartha in aghaidh bagairtí ar chearta an duine a bhíonn ag fabhrú de shíor;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gealltanas na Comhairle go neartóidh AE a rannpháirtíocht agus go nglacfaidh sé páirt ghníomhach sa mheitheal idir-rialtasach oscailte; á mheas, áfach, nach féidir an gealltanas sin a achtú ar bhealach fiúntach agus follasach gan sainordú AE don chaibidlíocht a ghlacadh; ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, sainordú uaillmhianach don chaibidlíocht a ghlacadh a luaithe agus is féidir ionas gur féidir le AE páirt ghníomhach a ghlacadh sa chaibidlíocht d'fhonn an LBI atá le teacht a mhúnlú; á chur i bhfáth gur forálacha láidre i dtéarmaí sásraí forfheidhmiúcháin agus faireacháin, agus i ndáil le rochtain ar cheartas dóibh siúd a ndéanann sáruithe difear dóibh, a chaithfidh a bheith mar aidhm le seasamh AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit idir an dá linn a bheith rannpháirteach sa phróiseas ar bhonn aonair agus a seasaimh a chomhordú ar feadh thréimhse na caibidlíochta, chun comhsheasamh láidir agus soiléir ón Aontas Eorpach a chosaint, agus na tograí reachtacha a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí gnó a rialú i ndáil le cearta an duine agus le hoibleagáidí a bhaineann leis an aeráid a chur i láthair ar bhealach cuiditheach, agus buíochas a chur in iúl freisin as a bhfuil déanta go dtí seo; ag dréim le ról réamhghníomhach agus cuiditheach a bheith ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ag an gCoimisiún, go háirithe ag Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv, sa phróiseas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit déileáil go réamhghníomhach leis na stáit chomhpháirtíochta uile agus an t-ábhar a bheith san áireamh ina n-idirphlé le tíortha nach cuid den Aontas iad agus le heagraíochtaí réigiúnacha, go háirithe faoi chuimsiú idirphléití struchtúrtha AE maidir le cearta an duine; ag spreagadh an Aontais chun dul i dteagmháil go háirithe le príomh-chomhpháirtithe a bhfuil creata dá gcuid féin á bhforbairt acu maidir le cearta gnó agus cearta an duine ar an leibhéal náisiúnta, amhail an Bhrasaíl agus an tSeapáin, agus ar an leibhéal réigiúnach, amhail Coimisiún na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal agus an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Chearta an Duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe le haghaidh seasamh AE maidir leis an LBI</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dréacht-LBI nuashonraithe, a foilsíodh in Iúil 2023, agus á mheas gur bonn daingean é a bhfuil gealladh faoi chun caibidlíocht a chur ar aghaidh, agus an gá le feabhas agus le hailíniú le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe, le Treoirlínte OECD agus le caighdeáin idirnáisiúnta reatha eile á aithint freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chreidiúint gur cheart don Aontas féachaint le LBI a bhaint amach a bheidh i gcomhréir leis na forbairtí normatacha atá ann faoi láthair ar leibhéal AE agus a chomhlánóidh iad, agus a chuirfidh, dá bhrí sin, le creat dlíthiúil domhanda a chruthú a bheidh níos comhleanúnaí maidir le gnó agus cearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tacú le raon feidhme leathan don LBI lena n-áiritheofaí go mbeadh freagracht i bhfeidhm ar fud na slabhraí luacha domhanda; á mheas dá dtabharfaí solúbthacht do stáit is páirtithe chun idirdhealú a dhéanamh, faoina reachtaíocht intíre, ar an tslí a n-urscaoileann fiontair ghnó na hoibleagáidí coisc faoin LBI, i gcomhréir lena méid, a n-earnáil, a n-úinéireacht, a gcomhthéacs oibríochtúil agus le déine na dtionchar ar chearta an duine go mba dheis thábhachtach é le haghaidh oiriúnú náisiúnta, agus bheadh sé comhsheasmhach le raon feidhme uilíoch Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe; á thabhairt chun suntais gur minic i roinnt mhaith réigiún ar domhan gurb iad na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) a thugann spreagadh do gheilleagair áitiúla; á chur i bhfios go láidir gurb ionann MFBManna agus 90 % de ghnólachtaí, 60 % go 70 % den fhostaíocht agus 50 % den olltáirgeacht intíre ar fud an domhain; á athdhearbhú gur den tábhacht a áirithiú go mbeidh na hoibleagáidí agus na ceanglais san ionstraim i gcomhréir agus comhréireach le méid, acmhainní agus giaráil cuideachtaí, agus ag iarraidh go soláthróidh an tAontas coimircí le haghaidh MFBManna sa chaibidlíocht maidir leis an iosntraim seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chreidiúint gur cheart gníomhaíochtaí gnó a thuiscint i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á áitiú gur cheart raon leathan ionstraimí idirnáisiúnta, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, na príomhchonarthaí idirnáisiúnta uile um chearta an duine agus coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, a chumhdach faoin LBI, i gcomhréir le huilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi gur baineadh neart tagairtí don chomhshaol agus don athrú aeráide, lena n-áirítear maidir le dliteanas, de raon feidhme an LBI sa dréacht is déanaí; á mheas gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit féachaint le tionchar gníomhaíochtaí gnó ar an gcomhshaoil agus ar an athrú aeráide a bheith san áireamh faoi raon feidhme an LBI, rud a bheadh ag teacht le reachtaíocht, beartais agus uaillmhian AE sa réimse sin, agus a léireodh dá réir an tuiscint atá ag fás maidir le tionchar gníomhaíochtaí gnó i ndáil leis an athrú aeráide agus le díghrádú an chomhshaoil, a mbíonn tionchar acu ar a seal ar chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart foráil leis an ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí do chreat uaillmhianach, cuimsitheach, freagrach agus éigeantach chun sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag corparáidí a chosc, go háirithe tríd an oibleagáid a bhunú faoina nglacfadh stáit is páirtithe bearta reachtacha, rialála agus eile a bheidh iomchuí agus éifeachtach chun mí-úsáid chorparáideach a chosc agus chun dícheall cuí comhshaoil agus urraim do chearta an duine a áirithiú mar chleachtas ag na fiontair ghnó go léir; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, dá dtabharfaí solúbthacht do stáit is páirtithe a gcreataí coisctheacha a chur in oiriúint dá gcórais dlí féin, agus príomhaíocht chearta an duine a choinneáil freisin, go mba mhór an chabhair é chun a áirithiú go gcloífí go forleathan leis an LBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go n-áiritheoidh AE agus na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe, go gcuirfidh creat coisctheach LBI d’oibleagáid ar ghníomhairí corparáideacha dícheall cuí feabhsaithe a sheoladh i gcás ina bhfuil siad ag oibriú i limistéir a mbeadh riosca breise iontu go ndéanfaí sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, amhail limistéir choinbhleachta nó críocha a bheadh faoi fhorghabháil nó faoi ionghabháil, lena n-áirítear trí thagairtí don dlí daonnúil idirnáisiúnta, don dlí coiriúil idirnáisiúnta agus don ghnáthdhlí idirnáisiúnta a chur i raon feidhme an LBI; á chreidiúint gur cheart go dtabharfadh an LBI aghaidh ar ghnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí corparáideacha i limistéir tubaiste nó i ndáil le pobail aeráidleochaileacha, atá ag éirí níos ábhartha i gcónaí i gcomhthéacs na géarchéime aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chreidiúint gur gnéithe a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do chreat choisctheach LBI iad an oibleagáid ar chuideachtaí cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh agus measúnuithe rialta tionchair ar chearta an duine a dhéanamh roimh oibríochtaí agus lena linn, agus riachtanais na ndaoine is mó atá i mbaol a chur san áireamh, lena n-áirítear trí pheirspictíocht inscne a chomhtháthú, ach trí shaincheisteanna maidir le grúpaí atá i mbaol leochaileachta nó imeallaithe a chur san áireamh freisin, amhail pobail dhúchasacha nó thraidisiúnta, mionlaigh agus cosantóirí chearta an duine agus an chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go gcuirfear ról lárnach ar fáil leis an LBI do na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh, go háirithe tríd an oibleagáid rannpháirtíocht ghníomhach agus fhiúntach na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, pobail dhúchasacha agus eagraíochtaí pobalbhunaithe, chomh maith leis an earnáil phríobháideach, a chur chun cinn maidir le cur chun feidhme reachtaíochta, beartas agus beart eile, agus aird ar leith á tabhairt ar rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh go gcuirfear sainmhíniú ar fáil leis an LBI ar rannpháirtíocht ghníomhach agus fhóinteach na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear trí chaidreamh idirghníomach a dhéantar de mheon macánta, ar bhonn leanúnach, le hobair leantach iomchuí, a mbeidh sainaithint agus baint bacainní féideartha ar chaidreamh i gceist leis, agus rannpháirtíocht shábháilte geallsealbhóirí a áirithiú gan faitíos roimh dhíoltas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé do AE agus do na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar leis an LBI an dualgas chun sábháilteacht chosantóirí chearta an duine, cosantóirí an chomhshaoil, iriseoirí, oibrithe agus pobail dhúchasacha agus grúpaí imeallaithe eile, a chosaint, agus cur san áireamh na ngrúpaí sin a phríomhshruthú ar fud na hionstraime ar fad; á áitiú, go háirithe, a thábhachtaí atá sé prionsabal réamhthoiliú saor agus eolasach na bpobal dúchasach a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go dtacóidh AE agus na Ballstáit leis an LBI a bheith san áireamh sa chomhrac in aghaidh an éillithe, ar aon dul le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, agus a aithint go ndéantar sáruithe ar chearta an duine a éascú, a bhuanú agus a institiúidiú mar thoradh ar éilliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di rioscaí na siopadóireachta dlínse agus a tionchar ar chothrom iomaíochta, agus i gcomhthéacs AE freisin; ag tathant ar son ionstraimí ar leibhéal an Aontais chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear sásra faireacháin; ag cur béim, dá réir sin, ar an bhfíoras nach mór a áirithiú go ndéanfaidh tíortha sásraí faireacháin láidre agus éifeachtacha maidir le forfheidhmiú agus comhlíonadh a chur chun feidhme a bheidh praiticiúil agus comhréireach freisin; á áitiú, thairis sin, nach mór a cheangal ar stáit is páirtithe tuairisciú rialta agus mion a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, ról féideartha na bpróiseas a ghlactar chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine a fhorbairt; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireodh sainordú AE go ndearfar na ceanglais ar bhealach lenar féidir iad a ailíniú le reachtaíocht reatha AE sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag dréim leis go ndéanfaidh AE agus na Ballstáit forálacha láidre a chur chun cinn mar chuid den LBI, maidir le rochtain ar cheartas, lena n-áirítear rochtain ar leigheas breithiúnach státbhunaithe, i gcomhréir lena ngealltanas íospartaigh a chosaint, saoirse ó phionós a chomhrac agus seasamh le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór a leagan amach go soiléir i bhforálacha an LBI maidir le cearta íospartach agus sealbhóirí ceart mar a áiritheofar rochtain chothrom, leormhaith, phras, neamh-idirdhealaitheach, iomchuí, agus inscne-íogair ar cheartas, cúiteamh aonair nó comhchoiteann agus leigheas éifeachtach ar sháruithe ar chearta an duine ar chuideachtaí ba chúis leo nó a bhí bainteach leo; ag tabhairt dá haire gur cheart na cearta a leanas a bheith san áireamh ansin: ceart ar chúiteamh comhchoiteann, rochtain ar chúnamh dlí, éisteacht a fáil ag céimeanna uile imeachtaí, faisnéis i seilbh fiontar gnó mar a shainmhínítear laistigh de na dlínsí atá i gceist agus cosaint ar dhíoltas agus athíospartú; á mheas gur cheart foráil sa dréacht do shásraí chun an t-ualach fianaise ar íospartaigh a mhaolú chun ceart rochtana an íospartaigh ar leigheas a éascú; á mheas freisin gur cheart go dtabharfadh stáit is páirtithe deis chun bearta eatramhacha nó réamhchúraim a ghlacadh i gcásanna práinneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á áitiú gur cheart go n-áireofaí san LBI an dualgas ar stáit is páirtithe chun córas dliteanais dlíthiúil cuimsitheach agus leormhaith a fhorbairt, a bheidh freagrúil do riachtanais íospartach maidir le leigheas, agus ar comhréir le tromchúis na mí-úsáide, agus nach ndéanfaidh éascaíocht ar éilimh mhí-úsáideacha; á áitiú, thairis sin, gur cheart go mbunófar coinníollacha leis an LBI faoinar féidir dliteanas cuideachtaí i leith dochar a bhfuil siad freagrach as a bhunú go cuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á áitiú gur cheart aghaidh a thabhairt san LBI ar na bacainní praiticiúla agus nós imeachta roimh íospartaigh na mí-úsáide corparáidí agus ceartas á lorg acu, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> tri aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh na cúirteanna agus dlínse á éileamh acu i staideanna éagsúla, agus a áirithiú go mbeidh reachtanna na dtréimhsí leormhaith agus nach mbeidh siad róshriantach; á áitiú gur den tábhacht sa chomhthéacs sin aird chuí a thabhairt ar dhaoine nó grúpaí leochaileacha nó imeallaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra chun ciste idirnáisiúnta d’íospartaigh a bhunú faoin LBI trína gcuirfí cúnamh dlí agus airgeadais ar fáil d’íospartaigh agus rochtain ar leigheasanna á lorg acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á áitiú gur cheart go mbronnfaidh an LBI cumhachtaí leordhóthanacha ar Chomhdháil na bPáirtithe chun sásraí a bhunú i gcomhair faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an LBI agus go ndéanfar moltaí leis maidir le céimeanna féideartha eile; á mheas gur cheart a chumhachtú don choiste arna bhunú faoin LBI teachtaireachtaí agus gearáin a fháil agus a mheas ó dhaoine aonair, ó phobail nó óna n-ionadaithe maidir le sáruithe ar chearta an duine ag fiontair ghnó arna gcumhdach leis an LBI ar sáruithe iad a thagann salach ar fhorálacha an LBI, agus maidir le sáruithe ag stát is páirtí ar aon cheann de na cearta a leagtar síos san LBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena thacaíocht airgeadais agus theicniúil maidir le gnó agus cearta an duine d’údaráis náisiúnta i dtíortha neamh-Aontais, trí na bearta a leanas go háirithe (i) pleananna gníomhaíochta náisiúnta faoi na UNGPanna a ghlacadh agus a chur chun feidhme, (ii) sásraí neamhbhreithiúnacha, amhail oifigí ombudsman nó pointí teagmhála náisiúnta, a fhorbairt, (iii) tionscnaimh reachtacha a bhfuil d’aidhm leo sceithirí a chosaint agus gníomhaíochtaí gnó a rialú i ndáil le cearta an duine agus oibleagáidí a bhaineann leis an gcomhshaol, agus (iv) leigheasanna inrochtana agus éifeachtúla d’íospartaigh a chur chun cinn; ag spreagadh an Choimisiúin chun cur lena thacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna réimsí sin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Uachtarán Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cathaoirleach na Meithle Idir-rialtasaí Oscailte.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>