<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0044</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Liosta coireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a áireamh ann</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0377/2023 -  Rapóirtéir: Maite Pagazaurtundúa)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 maidir le liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú ann (2023/2068(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus go háirithe Airteagail 1, 7, 20, 21, 22, 23, 25 agus 26 di,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 2, 3 agus 6 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 19 agus 83(1) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do chásdlí gaolmhar na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A more inclusive and protective Europe: extending the list of EU crimes to hate speech and hate crime’</STRING> [Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann] (COM(2021)0777) agus an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle atá i gceangal leis sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 6.12.2008, lch. 55.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union equality: EU anti-racism action plan 2020-2025’</STRING> [Aontas Comhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas, 2020-2025] (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ, 2020-2025] (COM(2020)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030’</STRING> [Aontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas, 2021-2030] (COM(2021)0101), agus do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, arna dhaingniú ag an Aontas agus ag a Bhallstáit uile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Strategy on victims’ rights (2020-2025)’</STRING> [Straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025)] (COM(2020)0258),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ó Chomhairle na hEorpa an 20 Bealtaine 2022 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac (CM/Rec(2022)16),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh Beartais Ginearálta Uimh. 15 ón gCoimisiún i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac, arna ghlacadh an 8 Nollaig 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint agus don Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholtaí, tuarascálacha agus rúin ó ECRI, ón gCoiste Stiúrtha um Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Uilechuimsiú, ón Tionól Parlaiminteach, ó Choimisiún na Veinéise agus ó comhlachtaí eile de chuid Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte maidir le feabhas a chur ar bhailiú agus ar úsáid sonraí comhionannais arna dtarraingt suas ag an bhFoghrúpa maidir le Sonraí Comhionannais de chuid Ghrúpa Ardleibhéil an Choimisiúin maidir le Neamh-idirdhealú, Comhionannas agus Éagsúlacht agus arna bhfoilsiú in 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonarthaí na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus d’ionstraimí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, go háirithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, agus an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, agus do mholtaí Fhóram bliantúil na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna Mionlaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na sonraí bliantúla fuathchoireachta a fhoilsíonn Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine gach bliain an 16 Samhain,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 ar shaoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán<FOOTNOTE><FIELD> IO C 425, 20.10.2021, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0377/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go dtoirmisctear aon chineál idirdhealaithe atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chairt; de bhrí, faoi chuimsiú na gConarthaí, agus gan dochar d’aon cheann dá bhforálacha sonracha, go dtoirmisctear freisin aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta; de bhrí, tar éis an léirmhínithe leathain a rinne CBAE, gur cheart a thuiscint go leathan leis an bhforas ‘gnéas’ go gcuimsítear leis gach cineál idirdhealaithe a bhaineann le féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus saintréithe gnéis<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 30 Aibreán 1996, <STRING ITALIC="on">P</STRING> v <STRING ITALIC="on">S agus Comhairle Contae Chorn na Breataine</STRING>, Cás C-13/94, ECLI:EU:C:1996:170; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Eanáir 2004, <STRING ITALIC="on">K.B</STRING>. <STRING ITALIC="on">v Gníomhaireacht Náisiúnta na Seirbhíse Sláinte um Pinsin agus an Státrúnaí Sláinte</STRING>, C-117/01, ECLI:EU:C:2004:7; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Aibreán 2006, <STRING ITALIC="on">Sarah Margaret Richards</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Státrúnaí um Obair agus Pinsin</STRING>, C-423/04, ECLI:EU:C:2006:256;agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Meitheamh 2018, <STRING ITALIC="on">M.B</STRING>. v <STRING ITALIC="on">an Státrúnaí um Obair agus Pinsin</STRING>, C-451/16, ECLI:EU:C:2018:492.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil gach cineál agus léiriú fuatha agus éadulaingthe, lena n-áirítear an fhuathchaint agus fuathchoireanna, ar neamhréir le luachanna an Aontais, eadhon dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; de bhrí go mbraitheann cur chun cinn agus cosaint luachanna bunaidh sin an Aontais ar institiúidí an Aontais, ar na Ballstáit agus ar aon ghníomhaí ábhartha eile a chuireann i gcoinne na claontuairimíochta, na claontachta agus na héadulaingthe, agus ar dhíothú an fhuatha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur feiniméin chasta ilghnéitheacha iad an fhuathchaint agus fuathchoireanna a bhfuil iarmhairtí forleathana acu do chearta an duine agus don smacht reachta i sochaithe daonlathacha; de bhrí, chun dul i ngleic le seineafóibe, le ciníochas, le fuath ban, le homafóibe, le trasfóibe agus cineálacha eile claontachta, éadulaingthe, idirdhealaithe, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar thuairimí polaitiúla nó eile, agus le fuath i gcoinne daoine aonair nó grúpaí sochaíocha áirithe, go n-éilítear ar an Aontas agus ar a Bhallstáit freagairt iomlánaíoch a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta; de bhrí gur uirlis amháin é an coiriúlú chun an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chuige ilghnéitheach ag teastáil chun an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chomhrac, ar líne agus as líne araon, agus, i gcás inarb iomchuí, modhanna éagsúla chun iad a chomhrac, lena n-áirítear an dlí coiriúil, imeachtaí sibhialta agus riaracháin, agus beartais nó bearta sóisialta suntasacha eile; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit cheana féin reachtaíocht agus bearta a ghlacadh lena ngearrtar pionós as coireanna fuatha a dhéanamh, lena dtugtar aghaidh ar thearcthuairisciú agus lena dtugtar isteach nó lena bhforbraítear tuilleadh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta d’oifigigh forfheidhmithe dlí agus d’oifigigh bhreithiúnacha<FOOTNOTE><FIELD> Sonraí bliantúla fuathchoireachta ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid ESCE.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, chun an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chomhrac go héifeachtach, gur den ríthábhacht é dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leo, steiréitíopaí go háirithe; de bhrí go bhfuil bearta coisctheacha, oideachas, lena n-áirítear oideachas digiteach, litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun spásanna digiteacha sábháilte a chur chun cinn, oiliúint agus ardú feasachta ríthábhachtach i ndáil leis sin; de bhrí gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tuiscint níos fearr a chur chun cinn ar an ngá atá le héagsúlacht agus le hidirphlé i gcomhthéacs an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an iolrachas a urramú agus steiréitíopáil dhiúltach agus stiogmatú a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an bhfuathchaint agus leis an bhfuathchoireacht a bheith ina gcoireanna an-tromchúiseach agus go ndéantar difear leo ní hamháin do na híospartaigh aonair agus dá bpobail, de dheasca iad a bheith ag fulaingt agus teorannú á dhéanamh ar a gcearta bunúsacha agus lena saoirsí bunúsacha, ach don tsochaí ina hiomláine freisin, rud a dhéanann dochar do bhunchlocha an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach coir í an fhuathchaint go léir ach go gcuireann sí, mar sin féin, le normalú a dhéanamh ar léirithe fuatha, foréigin agus an éadulaingthe sa tsochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, le deicheanna de bhlianta anuas, go bhfuil méadú mór tagtha ar an idirdhealú, ar fhuathchoireanna agus ar an bhfuathchaint ar fud an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Féach, mar shampla, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ECRI lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2019 agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ECRI lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2020, agus an staidéar arna choimisiúnú ag Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Hate speech and hate crime in the EU and the evaluation of online content regulation approaches’</STRING> [An fhuathchaint agus an fhuathchoireacht in AE agus an mheastóireacht ar chuir chuige maidir le rialáil ábhair ar líne], a foilsíodh i Iúil 2020.</FIELD></FOOTNOTE>, méadú ar chineálacha éagsúla ciníochais, frithsheimíteachais, ioslamafóibe, seineafóibe, homafóibe, trasfóibe agus ar chineálacha eile éadulaingthe agus méadú scanrúil ar an bhfuathchaint agus ar an ngríosú ar líne agus as líne; de bhrí go ndírítear go mion minic san fhuathchaint agus sna fuathchoireanna iad daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, amhail daoine LGBTIQ+, daoine a ndéantar ciníochú orthu, mionlaigh eitneacha, reiligiúnacha nó theanga, pobail dhúchasacha<FOOTNOTE><FIELD> Lingaas, C., ‘Hate Speech and Racialised Discrimination of the Norwegian Sámi: Legal Responses and Responsibility’, <STRING ITALIC="on">Oslo Law Review</STRING>, Vol. 8, No 2, 2021, lch. 88-107.</FIELD></FOOTNOTE><STRING SUPERSCRIPT="on">,</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Cosantóirí na gCeart Sibhialta, ‘<STRING ITALIC="on">Joint submission to the UN Universal Periodic Review of Sweden – 35th Session of the UPR Working Group of the Human Rights Council – January 2020’</STRING> [Comhaighneacht chuig Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe ar an tSualainn – an 35ú Seisiún de Mheitheal UPR na Comhairle um Chearta an Duine – Eanáir 2020], 2019.</FIELD></FOOTNOTE>, daoine faoi mhíchumas, daoine ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe agus imircigh; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar fhuathchoireanna agus fuathchaint fhrith-LGBTIQ san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> ILGA Europe, ‘<STRING ITALIC="on">2023 Annual Review of the Human Rights Situation of Lesbian, Gay, Bisexual, Trans and Transsex People in Europe and Central Asia’</STRING> [Athbhreithniú Bliantúil 2023 ar Staid Chearta an Duine ar Dhaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasghnéasacha agus Idirghnéasacha san Eoraip agus san Áise Láir], Feabhra 2023.</FIELD></FOOTNOTE>, chomh maith le méadú ar idirdhealú agus fuath i gcoinne na mban; de bhrí gur fearann fabhrach é fearann an idirdhealaithe iolraigh agus thrasnaigh le haghaidh theacht chun cinn na fuathchainte agus na bhfuathchoireanna; de bhrí go bhfuil siad siúd a mbíonn an fhuathchaint dírithe orthu á n-eisiamh níos mó ar feadh an ama ón tsochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ar idirdhealú agus ar fhuath á ghéarú i roinnt mhaith Ballstát mar gheall ar ghluaiseachtaí antoisceacha agus pobalacha agus éifeacht iolraitheora na timpeallachta ar líne agus na meán sóisialta, agus deis á tabhairt acu don athíospairt; de bhrí go bhfuil deighiltí contúirteacha sa tsochaí ina hiomláine mar thoradh ar an méadú sin agus go bhfuil sé ina bhagairt ar an daonlathas;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil fianaise ann go leantar den fhuathchaint agus de theagmhais fuathspreagtha a thearcthuairisciú san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ‘<STRING ITALIC="on">Encouraging hate crime reporting – The role of law enforcement and other authorities’</STRING> [An tuairisciú ar an bhfuathchoireacht a spreagadh – Ról na n-údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údarás eile], 2021.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a fhágann gur deacair méid na faidhbe a chainníochtú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag na meáin agus ag iriseoirí ó thaobh eolas a choinneáil leis an tsochaí agus ó thaobh rannchuidiú le próisis dhaonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an bhfuathchaint mar shaintréith den dioscúrsa polaitiúil; de bhrí go gcuireann feachtais toghcháin bunús fabhrach ar fáil don fhuathchaint agus don ghríosú chun fuatha, agus difear á dhéanamh aige sin ní hamháin don réimse polaitiúil, ach d’fheidhmiú na sochaí i gcoitinne agus an deighilt pholaitiúil á doimhniú; de bhrí go bhfuil leibhéal scanrúil bainte amach ag an bhfuathchaint i leith na mban i róil phoiblí; de bhrí go bhfuil ról agus freagracht shuntasach ag ceannairí polaitiúla sa chomhrac i gcoinne na fuathchainte agus na héadulaingthe; de bhrí gur cheart dóibh dea-shampla a thabhairt agus cásanna fuatha a cháineadh go poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur íospartaigh an-leochaileach fuathchainte agus fuathchoireanna iad mionaoisigh, lena n-áirítear i scoileanna nó ar líne, trí bhíthin cibearbhulaíochta; de bhrí go gcuirtear, de dheasca ionsaithe den sórt sin, a sláine coirp agus intinne i mbaol agus go ndéantar difear leo dá bhforbairt agus dá sláinte fhisiciúil agus mheabhrach; de bhrí nach mór aird faoi leith a thabhairt orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach dtugann na Ballstáit aghaidh ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht ar bhealach comhionann ina ndlíthe coiriúla faoi seach, rud a fhágann nach bhfuil cosaint leordhóthanach ag grúpaí áirithe i gcodanna áirithe den Aontas; de bhrí go bhfágann sé sin go bhfuil sé deacair cur chuige comhchoiteann Eorpach a shainiú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha d’íospartaigh a bheith ag an easpa cosaint dhlíthiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach gcumhdaítear le creat reatha an Aontais ach an fhuathchaint agus fuathchoireanna ar fhorais cine, datha, reiligiúin agus bunadh náisiúnta nó eitneach; de bhrí nach bhfuil aon sainmhíniú dlíthiúil coiteann cuimsitheach ar an bhfuathchaint ná ar an bhfuathchoireacht ar leibhéal an Aontais faoi láthair; de bhrí gur léir gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar fhuathchaint agus ar fhuathchoireacht atá bunaithe ar fhorais eile, amhail gnéas, gnéaschlaonadh, inscne, féiniúlacht inscne, léiriú inscne, saintréithe gnéis, aois, míchumas agus aon saintréith bhunúsach eile, go háirithe iad siúd a chosnaítear faoi Airteagal 21 den Chairt, agus aon teaglaim de na saintréithe sin; de bhrí nach mór don Aontas na daoine is leochailí sa tsochaí a chosaint; de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na daoine, na grúpaí nó na pobail is leochailí don fhuathchaint agus d’fhuathchoireanna a shainaithint chun tionchar diúltach ar chosaint na n-íospartach a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go mbunaítear le hAirteagal 83(1) CFAE ceanglais shoiléire maidir le réimsí nua coireachta a chur ar liosta choireanna trasteorann an Aontais; de bhrí go bhfuil gné shainiúil thrasteorann na fuathchainte ar líne soiléir; de bhrí go léirítear leis an gclaochlú digiteach gur gá aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan sin ar an leibhéal Eorpach; de bhrí gur gá an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chomhrac ar bhonn comhchoiteann agus ar leibhéal an Aontais; de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar an Aontas gníomhú;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur cheart freagairt dhlí coiriúil an Aontais ar an bhfuathchaint agus ar fhuathchoireanna a bheith láidir, comhréireach agus saincheaptha dá chuspóir chun an t-íospartach a chosaint go cuí agus chun aird chuí a thabhairt ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus ar an tsaoirse faisnéise, ar bunchlocha de chuid an daonlathais iad; de bhrí gur cheart don Aontas a ráthú nár cheart do na húdaráis inniúla sna Ballstáit mí-úsáid a bhaint as aon srianta ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh, arb ann dóibh chun an fhuathchaint a chosc agus a chomhrac, chun mionlaigh a chur ina dtost nó chun cáineadh a chur faoi chois; de bhrí nach mór breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir leis an tsaoirse tuairimí a nochtadh a urramú nuair a bhíonn cosaintí i gcoinne na fuathchainte á mbunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gurb iad dínit an duine agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe, thar aon ní eile, na cearta bunúsacha a chosnaítear sa chomhrac i gcoinne na fuathchainte agus na bhfuathchoireanna; de bhrí gur cheart don chosaint sin a bheith uilíoch; de bhrí nach féidir cosaint in aghaidh na héadulaingthe – bíodh an éadulaingt sin ciníoch nó bunaithe ar bhunadh náisiúnta, ar ghnéaschlaonadh, ar reiligiún, ar idé-eolaíocht, ar aois, ar thuairim nó ar aon riocht nó imthoisc phearsanta, fhisiceach nó shóisialta eile, gan beann ar cén cineál léirithe é – a theorannú d’fhorais nó d’inspreagthaí áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur féidir le hathruithe ar an dinimic shóisialta inspreagthaí nua a chruthú don fhuathchaint agus d’fhuathchoireanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu le creat coiteann de chuid an Aontais, lena gceanglaítear go ndéanfar Airteagal 83(1) CFAE, ina leagtar síos an liosta de choireanna an Aontais, a leathnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Coimisiún teachtaireacht in 2021 dar teideal ‘Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann’ d’fhonn an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a chur le liosta na réimsí coireachta ina bhféadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle rialacha íosta a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar smachtbhannaí is infheidhme i mBallstáit uile an Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 83(1) CFAE; de bhrí nach mór don Chomhairle cinneadh a ghlacadh ina leith sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go mbeadh an cinneadh sin ón gComhairle ina chéad chéim chun an bunús dlí is gá a chruthú chun creat dlíthiúil comhchoiteann a ghlacadh, mar dhara céim, chun an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chomhrac ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil géarghá le creat dlíthiúil comhchoiteann den sórt sin chun íoschaighdeáin a bhunú maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú agus, ar an gcaoi sin, an fhuathchaint agus an fuathchoireanna a chomhrac ar bhonn comhchoiteann Eorpach chun cosaint chomhsheasmhach a áirithiú d’íospartaigh ionchasacha na ngníomhartha sin ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí nach bhfuil cinneadh glactha fós ag an gComhairle; de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát ag cur bac ar dhul chun cinn nithiúil maidir leis an gcomhad sonrach sin sa Chomhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 83(1) CFAE aontoilíocht sa Chomhairle chun ‘réimsí eile coireachta’ a shainaithint; de bhrí go bhfuil an ceanglas sin díobhálach do dhul chun cinn comhchoiteann riachtanach a bhaint amach i dtaobh an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chomhrac ar fud an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle cinneadh a ghlacadh chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a áireamh ar na cionta coiriúla laistigh den liosta faoi Airteagal 83(1) CFAE, ionas gur féidir leis an gCoimisiún tús a chur leis an dara céim den nós imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go bpléann dlíthe coiriúla na mBallstát leis an bhfuathchaint agus leis an bhfuathchoireacht ar bhealaí éagsúla, agus nach ann do rialacha comhchuibhithe íosta ar leibhéal an Aontais ach amháin nuair a dhéantar coireanna den sórt sin i gcoinne grúpa nó duine aonair bunaithe ar a gcine, ar dhath a gcraicinn, ar a reiligiún, ar a nginealach nó ar a mbunadh náisiúnta nó eitneach, rud a fhágann gur deacair straitéis chomhchoiteann rathúil a chur chun feidhme chun fuath a chomhrac go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil beagnach dhá bhliain caite ó foilsíodh an teachtaireacht ón gCoimisiún agus nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an gComhairle ina leith, cé go raibh sí in ann an liosta de choireanna an Aontais a leathnú go pras chun críoch eile; á chur in iúl gur oth léi an neamhghníomh sin i bhfianaise an mhéadaithe ar an bhfuathchaint agus ar fhuathchoireanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit oibriú le chéile ar bhealach freagrach agus cuiditheach chun caibidlíocht a atosú laistigh den Chomhairle chun cinneadh ón gComhairle a ghlacadh roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit tacú le glacadh an dréachtchinnidh nó staonadh ar a laghad ó chur i gcoinne ghlacadh an dréachtchinnidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar Uachtaránachtaí Chomhairle an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo machnamh a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún mar thosaíocht agus a gclár oibre á tharraingt suas acu agus a gcuspóirí á sainiú acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí Airteagal 83 CFAE a leasú chun go mbeidh sé faoi réir tromlach cáilithe treisithe seachas an aontoilíocht is gá faoi láthair; á iarraidh go ndéanfaí an ‘clásal passerelle’ a ghníomhachtú i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór, le reachtaíocht an Aontais a bheidh ann amach anseo chun íoschaighdeáin a bhunú maidir le sainiú cionta coiriúla agus smachtbhannaí i leith na fuathchainte agus fuathchoireanna, dínit an duine a chosaint, féachaint le díobháil a chosc, comhionannas a áirithiú agus fuath agus éadulaingt a chomhrac, gan beann ar an inspreagadh atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú nach mór don chosaint a bheith uilíoch, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine spriocdhírithe agus ar ghrúpaí agus ar phobail leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú gur bunluach de shochaithe daonlathacha í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus nár cheart í a shrianadh gan údar; á mheabhrú, thairis sin, gur cheart aon reachtaíocht maidir leis an bhfuathchaint agus leis an bhfuathchoireacht a bheith bunaithe ar phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta; á chur i bhfios go láidir nach mór an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú laistigh den dlí agus i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chairt agus nár cheart leas a bhaint aisti mar chosaint ar an bhfuathchaint agus ar fhuathchoireanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chur chuige neamhiata a mbeadh de thoradh air nach mbeadh an liosta de na forais idirdhealaithe teoranta do liosta iata, chun an fhuathchaint agus fuathchoireanna arna n-inspreagadh ag dinimic shóisialta nua atá ag athrú a chomhrac go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth go mbíonn de thoradh ar mhí-úsáid an idirlín agus ar shamhail ghnó ardáin na meán sóisialta, atá bunaithe ar fhógraíocht mhicrea-spriocdhírithe, go gcuirtear le scaipeadh agus le méadú na fuathchainte, le hidirdhealú agus foréigean a ghríosú agus leis an mbaol athbheochana a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme ceart na reachtaíochta atá ann faoi láthair a áirithiú, amhail Rialachán (AE) 2022/2065<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, agus úsáid a bhaint as gach modh agus uirlis atá ar fáil dóibh chun scaipeadh na fuathchainte ar líne a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil freagracht ar údaráis phoiblí an fhuathchaint agus fuathchoireanna a chosc, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thuairisciú agus nach mór dóibh fíorais lena léirítear fuath a chur san áireamh agus é sin á dhéanamh acu; á chur i bhfáth gur cheart do reachtaíocht an Aontais amach anseo tacú le comhar láidir leis an tsochaí shibhialta, le comhlachtaí comhionannais agus le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine agus iad a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar mhionaoisigh, lena n-áirítear iad siúd ar de ghrúpaí leochaileacha iad, chun cosaint speisialta a thabhairt dóibh ar an bhfuathchaint agus ar fhuathchoireanna, ionas nach dtarlóidh na teagmhais sin, lena n-áirítear bulaíocht i scoileanna agus an chibearbhulaíocht, chun a dtionchar ar fhorbairt agus ar mheabhairshláinte mionaoiseach a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear creat láidir cosanta dlíthiúla de chuid an Aontais i bhfeidhm ionas go ndéanfar íospartaigh a chosaint go héifeachtach, go háirithe iad siúd ó gach grúpa leochaileach ar fud an Aontais; ag cur béim ar an ngá atá le cur chuige trasnach a chur i bhfeidhm agus ar a thábhachtaí atá sé bearta cuimsitheacha a ghlacadh, lena n-áirítear oiliúint a chur ar fáil do ghairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh, chomh maith le bearta chun cosaint, rochtain shábháilte ar cheartas neamhspleách, seirbhísí tacaíochta speisialaithe agus cúiteamh d’íospartaigh a áirithiú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh íospartaigh in ann a dtaithí a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus gur cheart iad a chosaint; á mheabhrú go mbeadh de thoradh ar áirithiú na cosanta dlíthiúla d’íospartaigh go gcruthófaí timpeallacht shábháilte lena rannchuideofaí le tuairisciú feabhsaithe, rud atá riachtanach chun an fhuathchaint agus fuathchoireanna a dhoiciméadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, córais leordhóthanacha bailithe sonraí a bhunú chun sonraí daingne, inchomparáide, imdhealaithe agus anaithnide a fháil maidir le teagmhais fuatha, lena n-áirítear fuathchoireanna, i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta ábhartha agus le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí, chomh maith le sásraí faireacháin leordhóthanacha chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inchomparáideacht agus cáilíocht rialta na sonraí a bhailítear agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag reachtaíocht agus beartais ar an gcomhrac i gcoinne na fuathchainte agus na bhfuathchoireanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>