<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0045</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Comhbheartas Iascaigh a chur chun feidhme agus ionchais don am atá le teacht</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0357/2023 -  Rapóirtéir: Gabriel Mato)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh a chur chun feidhme agus ionchais don am atá le teacht (2021/2169(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 3, 4, 5, 11, 13, 38, 39, 43 agus 349,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2012 maidir le hiascaireacht chósta ar mhionscála, iascaireacht mionscála agus athchóiriú an chomhbheartais iascaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 419, 16.12.2015, lch. 167.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 dar teideal ‘Níos mó éisc sna farraigí? Bearta chun aisghabháil stoc a chur chun cinn os cionn na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI), lena n-áirítear limistéir aisghabhála éisc agus limistéir mhuirí faoi chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 129.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir le cuspóirí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 den Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le ‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol'<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le ‘Iascairí don todhchaí: Glúin nua lucht saothair a mhealladh i dtreo na hiascaireachta agus fostaíocht a chruthú i measc pobal cósta’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 67.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le straitéis ón bhfeirm go dtí an forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Aibreán 2022 maidir le todhchaí an iascaigh i Muir nIocht, sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann agus san Aigéan Atlantach i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 434, 15.11.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 62.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2023 maidir le staid an iascaigh ar mhionscála san Aontas agus peirspictíochtaí a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Rún ón gComhairle an 3 Samhain 1976 maidir le gnéithe seachtracha áirithe a bhaineann le crios iascaireachta 200 míle a chruthú sa Chomhphobal le héifeacht ón 1 Eanáir 1977<FOOTNOTE><FIELD> IO C 105, 7.5.1981, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> (1976 Rún na Háige), agus go háirithe Iarscríbhinn VII a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2007 dar teideal ‘Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach’ (COM(2007)0575),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol’ (COM(2020)0380),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2023 dar teideal 'An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan i dtreo bainistiú iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach" (COM(2023)0103),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) an 26 Meán Fómhair 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Social data in EU fisheries sector’</STRING> [Sonraí sóisialta in earnáil iascaigh an Aontais] (STECF 19-03),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó STECF an 10 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Social dimension of the CFP’</STRING> [Gné shóisialta CBI],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a rinneadh thar ceann an Choiste um Iascach i mí Iúil 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Impacts of the COVID-19 pandemic on EU fisheries and aquaculture’</STRING> [Tionchar phaindéim COVID-19 ar iascach agus dobharshaothrú an Aontais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó STECF an 8 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The 2021 Annual Economic Report on the EU Fishing Flee’t</STRING> [Tuarascáil Bhliantúil Eacnamaíoch ar Chabhlach Iascaireachta an Aontais] (STECF 21-08),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar eacnamaíoch mhuirí Uimh. 8/2020 an 9 Márta 2021 dar teideal 'Cabhlach iascaireachta an Aontais 2020: Treochtaí agus torthaí eacnamaíocha' arna dtáirgeadh ag Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Muirí agus Iascaigh an Choimisiúin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, an 7 Deireadh Fómhair 2022, dar teideal ‘An t-athrú aeráide agus an comhbheartas iascaigh’<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, Bastardie, F., Feary, D., Kell, L., et al., <STRING ITALIC="on">Climate change and the Common fisheries — adapt and building resilience to the effects of climate change on fisheries and reducing emissions of greenhouse gas from fishing [An t-athrú aeráide agus an comhbheartas iascaigh a oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide ar iascaigh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iascaireacht a laghdú: tuarascáil chríochnaitheach</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh,  2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2017 ón mBanc Domhanda dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Sunken Billions Revisited — Progress and Challenges in Global Marine Fisheries’</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Chomhairle Iascaigh na Gailíse an 8 Feabhra 2022 maidir leis an athbhreithniú ar an gComhbheartas Iascaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0357/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, ós rud é gur chuir an Pharlaimint a tuairimí in iúl cheana féin maidir le roinnt gnéithe sonracha de CBI, go gcuireann an tuarascáil seo le tuarascálacha earnála roimhe seo agus go soláthraítear inti measúnú polaitiúil foriomlán ar fheidhmiú CBI agus machnamh ar an ionchas a bheidh ann amach anseo, ag díriú go háirithe ar bheo-acmhainní muirí a chaomhnú agus iascaigh a bhainistiú faoi CBI;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 39 CFAE nach mór do CBI, ina limistéir uile, go háirithe caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, i measc nithe eile, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal iascaireachta agus infhaighteacht soláthairtí a áirithiú (slándáil bia); de bhrí go sonraítear in Airteagal 11 CFAE freisin nach mór ‘ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn’;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhféachtar le CBI ‘go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach’; de bhrí go n-áirítear in CBI freisin an cuspóir maidir le rannchuidiú le ‘soláthairtí bia a bheith ar fáil’ agus go luaitear ann na cuspóirí maidir le ‘cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú’, chun rannchuidiú le ‘caighdeán cóir maireachtála dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus aird á tabhairt ar iascaigh chósta agus ar ghnéithe socheacnamaíocha’ agus ‘gníomhaíochtaí iascaireachta cósta a chur chun cinn, agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh’;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach leor caomhnú na stoc atá á saothrú agus cuspóirí comhshaoil CBI ar an iomlán chun teacht ar an gconclúid gur éirigh le CBI;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb iomchuí cothromaíocht a choinneáil idir trí cholún na hinbhuanaitheachta agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa ghné shóisialta de CBI;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór do CBI rannchuidiú freisin le soláthar bia inbhuanaithe do mhargadh an Aontais agus le spleáchas mhargadh an Aontais ar allmhairí bia a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil slándáil bia ar cheann de na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna); de bhrí go bhfuil luach straitéiseach urghnách ag próitéin éisc agus go bhfuil sí bunriachtanach do shlándáil an tsoláthair bia; de bhrí go bhfuil iascaigh gabhála i measc na gcóras is lú tionchair do tháirgeadh próitéine ainmhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur shainaithin an Coimisiún gur gá níos mó bia a tháirgeadh ó na haigéin mar chuspóir straitéiseach; de bhrí go moltar i dtuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Eolaíochta in 2017, a cheap an Coimisinéir Karmenu Vella a bhí ann ag an am, ‘paraidím ‘bia ó na haigéin’ a phríomhshruthú, maidir le cultúr freagrach agus gabháil, i gcláir bheartais leathana an Aontais agus dhomhanda ar leibhéal na gcóras’;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur earnáil straitéiseach don Aontas iad iascaigh an Aontais, lena gcuirtear líon suntasach post díreach agus indíreach ar fáil san iascaireacht agus i limistéir chósta, lena gcuidítear le slándáil bia a áirithiú agus geilleagar inbhuanaithe a choinneáil trí fhostaíocht agus slite beatha daoine a nascadh leis an gcríoch agus le traidisiúin chultúrtha a chothabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn an iascaireacht poist ar muir agus ar tír araon; de bhrí go mbraitheann roinnt réigiún ar ghabhálacha a bheith ag teacht i dtír go háitiúil chun inmharthanacht go leor gnólachtaí a áirithiú agus chun pobail chósta bhríomhara a chothabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag táirgeoirí bia uiscigh agus ag tionscail ghaolmhara don tsochaí agus do na pobail a dtacaíonn siad leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go gcuireann an iascaireacht le slándáil bia san Aontas ar bhealach fíor-riachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh ról níos lárnaí sa phróiseas cinnteoireachta ag na cuspóirí maidir le soláthar bia ó iascaigh an Aontais a áirithiú agus caighdeán cóir maireachtála a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil iascaigh Eorpach shláintiúil riachtanach chun spleáchas ar thríú tíortha, amhail an tSín, a laghdú a mhéid a bhaineann le soláthar bia an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach mór an t-aigéan a aithint mar leas coiteann an chine dhaonna i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta faoi choimirce na Náisiún Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur cheart don Aontas cuspóirí CBI a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, cothrom na Féinne a bhunú agus comhoibriú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar chomhlíonadh rialacha idirnáisiúnta, lena n-áirítear bearta chun dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, ar bhonn an eolais eolaíoch is fearr atá ar fáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur gá beartas bainistithe acmhainní iascaigh a chinneadh a sheasann le comhrochtain ar acmhainní iascaigh, atá bunaithe go príomha ar a ngnéithe bitheolaíocha agus arb ionann é agus córas comhbhainistíochta iascaigh lena gcuirtear san áireamh coinníollacha sonracha na n-acmhainní iascaigh agus na limistéir farraige faoi seach, le rannpháirtíocht éifeachtach na ndaoine atá ag obair san earnáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí ina Theachtaireacht maidir le ‘An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan i dtreo bainistiú iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach', molann an Coimisiún gur cheart an CBI a chur chun feidhme níos fearr seachas é a athbhreithniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus pleananna ilbhliantúla réigiúnacha comhleanúnacha á nglacadh acu ag tosú in 2016, a cheangal nach n-úsáidfí leibhéil básmhaireachta iascaireachta atá bunaithe ar UTI ach amháin le haghaidh na bpríomh-spriocstoc; de bhrí go bhforáiltear leis na pleananna sin freisin do roinnt solúbthachta breise is gá sna leibhéil tagartha básmhaireachta sin, go háirithe chun na hidirghníomhaíochtaí idir stoic agus iascaigh (éifeachtaí tachtspeicis) a chur san áireamh; de bhrí, sa phlean ilbhliantúil don Mheánmhuir Thiar, gur chinn an reachtóir thairis sin an spriocdháta maidir le cur i bhfeidhm leibhéil básmhaireachta iascaireachta atá bunaithe ar UTI a chur siar go dtí 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go n-aithníonn eolaithe go bhfuil sé dodhéanta, sa chleachtas, UTI a bhaint amach do na stoic uile ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht ann maidir le sláinte na stoc éisc idir uiscí éagsúla an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil toradh ar bhearta bainistithe iascaigh arna nglacadh faoi CBI, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na stoc éisc a shaothraítear ar leibhéil inbhuanaithe, rud a fhágann gur féidir táirgeacht níos airde a bhaint amach do stoic a ndearnadh róshaothrú orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí nár chomhlíon an tAontas spriocdháta 2020 chun ráta saothraithe UTI a bhaint amach do na stoic iascaireachta uile; de bhrí, áfach, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i dtreo sprioc UTI a bhaint amach, go háirithe san Atlantach Thoir Thuaidh agus sa Mhuir Bhailt, áit a raibh 99 % de ghabhálacha a tugadh i dtír arna mbainistiú ag an tAontas amháin, a raibh comhairle eolaíoch ar fáil ina leith, in 2020, ina ‘stoic a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe’;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, lena n-áirítear SDG 14 ‘na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe’;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur tharla athrú mór paraidíme le blianta fada de bhainistiú iascaigh mar thoradh ar athbhreithniú CBI 2013, trína cheangal go ndéanfaí gach gabháil, go háirithe gabhálacha speiceas lasmuigh de chuótaí nó d’éisc róbheaga, a choinneáil ar bord soithí agus a thabhairt i dtír; de bhrí, áfach, gur cuspóir ann féin é an uirlis sin, a ceapadh chun rannchuidiú le cur chun feidhme an chuspóra maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha na ngabhálacha de thaisme in iascaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfágann an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír nach féidir brabús a dhéanamh ar go leor iascach measctha, go háirithe toisc nach mór d’iascairí éisc ar luach íseal nó nach féidir a mhargú ar bord a shórtáil agus a stóráil, lucht saothair a mhéadú, am scíthe agus spás stórála ar bord a laghdú; de bhrí go bhfuil an baol ann freisin leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír go mbainfear tearcúsáid as deiseanna iascaireachta dlisteanacha do stoic áirithe, ós rud é nach mór do shoithí deireadh a chur le haon ghníomhaíocht iascaireachta a luaithe a bheidh a gcuóta do stoc amháin (tachtspeiceas) ídithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil leibhéal na ngabhálacha de thaisme an-éagsúil ar fud iascaigh éagsúla; de bhrí, mar thoradh ar chur chun feidhme na solúbthachtaí éagsúla dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Bhunrialachán CBI, go bhfuil go leor sraitheanna maoluithe casta, athraitheacha agus dorialaithe ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur cuireadh chun feidhme na beartais is rathúla maidir le hábhar muirí aischurtha a laghdú agus a dhíothú ar fud an domhain trí chuir chuige de réir a chéile, ina bhfuil forbairt tagtha ar an mbeartas trí fhoghlaim ó thaithí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le teicnící nua le trealamh iascaireachta roghnaíoch le haghaidh iascaireacht inbhuanaithe, lena n-áirithítear táirgeacht mhaith freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil CBI agus an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla fite fuaite ina chéile agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hathbhreithniú ar an rialachán sin freisin chun údarú trealaimh nuálaigh a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur cheart líon na ngabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a oiriúnú do na gabhálacha sin atá riachtanach chun iascaigh ina n-iomláine a bhainistiú; de bhrí go bhfuil sé curtha in iúl ag ICES go bhféadfaí roinnt TACanna a dhíothú ó chóras an Aontais gan an bonn a bhaint de bhainistiú foriomlán na n-acmhainní iascaigh<FOOTNOTE><FIELD> ICES (2018) iarraidh an Aontais ar ICES comhairle a chur ar fáil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar rannchuidiú na TACanna le bainistiú iascaigh agus le caomhnú stoc. Comhairle Iarrata Speisialta ICES. Éicea-réigiúin an Atlantaigh Thoir Thuaidh. sr.2018.15. Foilsithe 20 Meán Fómhair 2018, https://doi.org/10.17895/ices.pub.4531.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gur leagadh síos le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta, a leagadh amach den chéad uair i mBunrialachán CBI 1982 agus arna chur chun feidhme leis an Rialachán maidir le TACanna agus Cuótaí 1983, eochair dáileacháin TAC de réir Ballstáit bunaithe ar phrionsabail leithdháilte na ngabhálacha stairiúla (1973-1978), mar a chumhdaítear i roghanna na Háige 1976;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil cobhsaíocht choibhneasta an-tábhachtach d’intuarthacht agus leanúnachas an chabhlaigh iascaireachta san Aontas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar ag Brexit ar dháileadh na gceart iascaireachta san Aontas agus go raibh tionchar socheacnamaíoch aige;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí nach mór don Aontas spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun a bheith aeráidneodrach faoi 2050, agus chun gealltanais na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) a chomhlíonadh, agus poist agus fás inbhuanaithe á gcruthú ar bhealach nach gcuireann táirgeadh bia, soláthar bia agus slándáil bia i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí, cé nach í an iascaireacht an ghníomhaíocht is mó a ghineann an líon is mó tionóiscí, i gcás na soithí muirí uile, gurb iad na soithí iascaireachta is minice a bhíonn i gceist; de bhrí gur taifeadadh méadú 40 % ar líon na dteagmhas a bhain le soithí iascaireachta in 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí, in ainneoin sin, gur léirigh sé treocht anuas, le formhór mór na dteagmhas mar thoradh ar thosca daonna (62,4 %) agus gurb iad teipeanna córais/trealamh an dara cúis is coitianta (23,2 %); de bhrí gur easpa feasachta sábháilteachta, easpa eolais agus modhanna oibre neamhleora i measc pearsanra ar bord iad na trí thoisc is minice a thuairiscítear a chuireann le tionóiscí ar shoithí iascaireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine; de bhrí nach féidir aghaidh a thabhairt ar na tosca sin go léir ar leithligh ó bhrabúsacht earnáil na hiascaireachta, ar gá í a áirithiú chun go mbeidh sí in ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i ndálaí oibre sábháilte;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go gcailltear 32000 duine in earnáil an iascaigh gach bliain ar fud an domhain, gan trácht ar na mílte íospartach tionóiscí; de bhrí, thairis sin, mar atá curtha i bhfios ag eagraíochtaí gairmiúla freisin, gur cúis imní an méadú scanrúil ar ghalair cheirde le blianta beaga anuas i measc daoine a bhíonn ag plé leis an ngníomhaíocht tromshaothair sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí gur slí bheatha chrua í an iascaireacht lena mbaineann rioscaí tromchúiseacha do shláinte agus do shábháilteacht na ndaoine a bhíonn ag gabháil di; de bhrí gur aithin an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair an fhadhb sin i gcoinbhinsiún a théann siar go 2007 agus gur iarr sí ar na tíortha a bhfuil sé daingnithe acu dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla a ráthú san earnáil sin; á aithint go bhfuil folláine na n-oibrithe ar bord soithí iascaireachta ríthábhachtach do thodhchaí an tionscail;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí gur cheart a thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí iascaigh mhuirí maidir le caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú do phobail iascaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) tacaíocht airgeadais ar fáil chun bogadh i dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe, lena n-áirítear tacaíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh soithí iascaireachta a mhéadú nó chun nuáil a dhéanamh i dtreo trealamh iascaireachta a bhfuil tionchar íseal aige;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí, áfach, nach leor an tacaíocht sin; de bhrí nach gceadaítear leis na srianta ar acmhainneacht iascaireachta, ná leis na corrlaigh chúnga atá ag roinnt Ballstát laistigh dá n-uasteorainneacha náisiúnta, feabhas a chur ar shábháilteacht, ar dhálaí oibre agus maireachtála ar bord soithí iascaireachta; de bhrí go bhfuil níos mó spáis ar bord de dhíth ar chórais tiomána nua atá saor ó charbón ná mar atá ag innill thraidisiúnta agus ag umair bhreosla;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le Bunrialachán CBI nach mór pleananna ilbhliantúla (MAPanna) a ghlacadh mar thosaíocht; de bhrí, gan amhras, gur rannchuidigh an cur chuige sin le bainistiú níos fearr acmhainní agus le cinnteacht choibhneasta don earnáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go bhfuil stoic áirithe idir limistéir farraige a chumhdaítear faoi raon feidhme na bpleananna ilbhliantúla réigiúnacha éagsúla, agus dá bhrí sin go bhfuil gá le bearta comhsheasmhacha ar fud a raoin dáileacháin iomláin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí nár cuireadh CBI chun feidhme go hiomlán go fóill agus nár úsáideadh cuid dá bhearta, amhail limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go dtugann réigiúnú deis uathúil chun micreabhainistíocht ón mBruiséil a sheachaint agus chun an próiseas cinnteoireachta a chur in oiriúint do shainiúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla, do struchtúir thraidisiúnta (amhail ‘cofradias’) agus do ghníomhaíochtaí ar leith (amhail iascaireacht de chois agus bailiú sliogéisc);
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhairliúchán agus rannpháirtíocht luath agus éifeachtach na n-earnálacha lena mbaineann bunriachtanach do reachtaíocht mhaith, inoibrithe, chothrom, a bhfuil glacadh go maith léi agus a bhfuil ag éirí go maith léi, agus dá cur chun feidhme agus dá comhlíonadh; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról na gcomhairlí comhairleacha ríthábhachtach agus go bhfuil a gcomhairle ríthábhachtach sa phróiseas cinnteoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag ACanna forbairt ina gcomhlachtaí ríthábhachtacha i mbainistiú torthaí-bhunaithe nó i gcomhbhainistiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí, cé go bhfoilsíonn an Coimisiún anailís <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> go rialta ar staid eacnamaíoch chabhlaigh iascaireachta an Aontais, gur minic nach ndéantar measúnú socheacnamaíoch <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> cuí ar a thionscnaimh le haghaidh straitéisí nó reachtaíochta a bhaineann le bainistiú iascaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí go ráthaíonn eolaíocht, taithí iascairí agus measúnuithe tionchair iomlána bonn oibiachtúil don chinnteoireacht agus go bhfuil cinntí atá bunaithe orthu níos láidre agus go nglacann na hearnálacha lena mbaineann leo ar bhealach níos éasca;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí gur earnálacha eacnamaíocha measartha beag iad an t-iascach agus an dobharshaothrú ach gur earnálacha straitéiseacha iad mar gheall ar an ról socheacnamaíoch agus slándála bia atá acu, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19 agus le linn forbairtí geopholaitiúla idirnáisiúnta a tharla le déanaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí, i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais do 2030, go n-áirítear cuspóir maidir le tionchair dhiúltacha iascaigh agus gníomhaíochtaí eastósctha ar ghnáthóga muirí íogaire agus ar speicis, lena n-áirítear grinneall na farraige, a laghdú d’fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí go n-áirítear ar chuspóirí straitéis bithéagsúlachta an Aontais foghabhálacha speiceas a laghdú go leibhéal lenar féidir iad a ghnóthú agus a chaomhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí go bhfuil táirgí atá bunaithe ar phlandaí amháin á margú cheana féin sa mhargadh inmheánach faoin trádainm ‘iasc’ nó mar speicis éagsúla éisc;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról straitéiseach ag iascairí ar mhionscála agus ceardiascairí agus ag an earnáil sliogéisc araon maidir le hinfhaighteacht an tsoláthair bia agus go bhfuil ról ríthábhachtach socheacnamaíoch acu in go leor pobal cósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí go bhfuil saintréithe agus dúshláin shonracha ag baint leis an iascaireacht ar mhionscála, lena n-áirítear ceardiascaireacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>BE.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh sé nach bhfreastalódh CBI agus na rialacháin a eascraíonn as go leordhóthanach ar shaintréithe sonracha na hiascaireachta ar mhionscála agus na ceardiascaireachta agus sna cásanna sin go bhféadfadh sé nach dtabharfaí an ceart, an fhreagairt leordhóthanach nó an fhreagairt riachtanach ar roinnt de na fadhbanna atá rompu faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>BF.</NO.P>de bhrí go meastar go bhfuil gníomhaíochtaí muirí gairmiúla i gcoitinne ardriosca agus contúirteach, go háirithe iascaireacht, i gcás inar soithí cósta ar mhionscála iad 85 % de shoithí an Aontais (níos lú ná 12 mhéadar ar fhad iomlán) agus go mbíonn siad, dá bhrí sin, neamhchosanta ar rioscaí níos mó fós mar gheall ar dhálaí drochaimsire agus mar gheall ar oibriú gar don chladach;
</CONS><CONS>
<NO.P>BG.</NO.P>de bhrí, ina theannta sin, go bhfuil níos mó deacrachta ag soithí cósta ar mhionscála spásanna cosanta a chur ar fáil agus dálaí oibre a fheabhsú le rioscaí a bhaineann freisin le hardaois sciar suntasach den chabhlach sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>BH.</NO.P>de bhrí, thairis sin, go raibh tionchar mór ag na dúshláin a bhí ann le déanaí amhail Brexit, paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar iascaigh ar mhionscála go háirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>BI.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear ‘iascaireacht chósta ar mhionscála’ i Rialachán CEMID mar ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán agus nach n-úsáideann trealamh tarraingthe agus iascairí de chois freisin, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc; de bhrí gurb é sin an t-aon sainmhíniú ar iascaireacht chósta ar mhionscála atá ann cheana i reachtaíocht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>BJ.</NO.P>de bhrí, i roinnt mhaith Ballstát agus fóram idirnáisiúnta, go dtéann saintréithe na hiascaireachta ar mhionscála thar shainmhíniú CEMID, toisc go bhfuil feidhm ag raon critéar breise, lena n-áirítear maidir leis an trealamh a cheadaítear, uasfhad an tsoithigh, cumhacht innill, uasfhad na dturas iascaireachta, an t-achar ón gcalafort inar féidir le soithí oibriú, an limistéar oibríochta, an t-am taistil uasta a cheadaítear agus úinéireacht soithí;
</CONS><CONS>
<NO.P>BK.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Chomhairle freagrach as deiseanna iascaireachta a shocrú, a chionroinntear ansin ar na Ballstáit de réir phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta; de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go bhfuil na Ballstáit freagrach as deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na cabhlaigh éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>BL.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 17 de CBI, agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, go n-úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch agus go bhféachfaidh siad le dreasachtaí a chur ar fáil do shoithí iascaireachta a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>BM.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh difríochtaí móra a bheith ann idir na hearnálacha i dtíortha éagsúla, agus nach inmhianaithe cur chuige ‘aon réiteach amháin do chách’ mar thoradh air sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>BN.</NO.P>de bhrí, de réir an mheasúnaithe is déanaí ó CETEI maidir leis an ngné shóisialta de CBI, nár thug ach 16 Bhallstát as 23 Bhallstát cósta freagra ar iarraidh an Choimisiúin é a chur ar an eolas faoin modh leithdháilte a úsáideadh; de bhrí nach raibh ach úsáid theoranta ag roinnt de na freagairtí sin ós rud é nach raibh iontu ach tuairiscí leathana ar an gcabhlach iascaireachta náisiúnta nó gur thug siad chun suntais go simplí a leithdháiltí beartaithe gan breac-chuntas a thabhairt ar na critéir ‘trédhearcacha agus oibiachtúla’ a úsáideadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>BO.</NO.P>de bhrí gur iarr an Pharlaimint, ar ócáidí éagsúla, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta tacaíochta tiomnaithe a chur ar fáil d’earnáil an iascaigh chósta ar mhionscála;
</CONS><CONS>
<NO.P>BP.</NO.P>de bhrí go gcuireann CEMID tacaíocht airgeadais ar fáil d’iascairí óga atá ag dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta, cé nach bhfuil aon ráthaíocht ann ina dhiaidh sin maidir le deiseanna iascaireachta a fháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>BQ.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí táirgeoirí i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú chuspóirí CBI agus CEM don iascach agus don dobharshaothrú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BR.</NO.P>de bhrí go bhfuil struchtúir thraidisiúnta eile, amhail ceardchuallachtaí, ina bpríomhghníomhaithe freisin i gcórais bhia roinnt Ballstát, áit a n-oibríonn siad mar eintitis neamhbhrabúis sa gheilleagar sóisialta a dhéanann ionadaíocht ar earnáil an iascaigh, agus go háirithe an cabhlach cósta ar mhionscála agus bailitheoirí sliogéisc, a dhéanann feidhmeanna comhrialachais ar mhaithe le hiascaireacht mhuirí agus oibrithe in earnáil an iascaigh, chomh maith le cúraimí a bhaineann le gnó a dhéanamh, amhail táirgí a mhargú agus seirbhísí comhairleacha agus bainistíochta a sholáthar;
</CONS><CONS>
<NO.P>BS.</NO.P>de bhrí go n-áirítear fós sa bhraistint phoiblí ar earnáil na hiascaireachta steiréitíopaí diúltacha maidir le gníomhaíocht iascaireachta ar an mbeatha mhuirí, in ainneoin iarrachtaí, rath agus toilteanas leanúnach na hearnála inbhuanaitheacht iascaigh a fheabhsú; de bhrí go bhfuil tionchar ag an dearcadh diúltach sin ar phatrúin tomhaltais bia uiscigh agus ar tharraingteacht post in earnáil iascaireachta an Aontais a bhfuil dúshlán ollmhór os a comhair freisin maidir le hathnuachan glúine;
</CONS><CONS>
<NO.P>BT.</NO.P>de bhrí go mbraitheann athnuachan glúine ar tharraingteacht na hearnála agus go bhfuil na glúnta óga ag iarraidh oibriú in earnálacha inbhuanaithe agus brabúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>BU.</NO.P>de bhrí go meastar go huilíoch gur gairm chontúirteach í an iascaireacht, rud atá níos measa fós mar gheall ar chineál dian na hoibre ar bháid iascaireachta agus ioncaim dhothuartha; de bhrí gur tosca suntasacha iad sin in easpa spéise daoine óga sa ghairm, rud a chuireann athnuachan glúine in earnáil an iascaigh agus todhchaí earnáil na hiascaireachta ina hiomláine i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>BV.</NO.P>de bhrí gur cuspóir sóisialta uileghabhálach é dálaí maireachtála agus oibre agus sábháilteacht iascairí a fheabhsú, ar cuspóir é atá bunriachtanach chun daoine óga a mhealladh agus chun athnuachan ó ghlúin go glúin a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>BW.</NO.P>de bhrí go bhfuil bacainní suntasacha roimh dhaoine óga ar mian leo a ngnó féin a thosú mar iascairí;
</CONS><CONS>
<NO.P>BX.</NO.P>de bhrí nach leor uirlisí CBI ar féidir leo cabhrú le tarraingteacht na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe mar ghairm a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BY.</NO.P>de bhrí nach luaitear mórábhair imní shochaíocha in CBI amhail an t-athrú aeráide, Brexit, an Comhaontú Glas, an ghéarchéim fuinnimh ná aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar shlándáil bia atá ag líon méadaitheach na limistéar muirí faoi chosaint, leathnú na láithreán fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta agus an t-aistriú fuinnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>BZ.</NO.P>de bhrí, mar sin féin, gur minic a thagraíonn formhór na mBallstát agus comhpháirtithe eacnamaíocha an Aontais i dtionscal na hiascaireachta do neamhdheimhneacht ioncaim na ngníomhaíochtaí iascaireachta in earnálacha áirithe, rud atá ina thoisc in easpa spéise daoine óga san iascaireacht, treocht atá ag dul i méid le blianta beaga anuas, agus a chruthaíonn deacrachtaí breise maidir le gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun atá buailte ag caillteanas post i bpobail chósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>CA.</NO.P>de bhrí, mar sin féin, gur minic a thagraíonn formhór na mBallstát agus comhpháirtithe eacnamaíocha an Aontais i dtionscal na hiascaireachta d’easpa spéise daoine óga san iascaireacht, rud a aithníodh den chéad uair fiche bliain ó shin ar a laghad, agus a chruthaíonn deacrachtaí breise sa tionscal ina iomláine agus a chuireann leis na fadhbanna sóisialta i bpobail chósta i réigiúin ilchríochacha na hEorpa agus thar lear araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>CB.</NO.P>de bhrí gur mná iad líon suntasach daoine atá ag obair in earnáil an iascaigh, go bhfuil an chuid is mó díobh fostaithe i ngníomhaíochtaí ar talamh, go minic go neamhfhoirmiúil, ag tacú le gníomhaíochtaí ar muir, go háirithe i gcás na hiascaireachta ar mhionscála; de bhrí nach dtugtar aitheantas leordhóthanach fós do ról na mban, in ainneoin an méid suntasach a chuireann siad leis an earnáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>CC.</NO.P>de bhrí go gcuidíonn an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) le cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh iomaíocht chóir idir an tAontas agus cabhlaigh eachtracha áirithe ag a bhfuil caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil níos ísle a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’iomaíochas tháirgeoirí an Aontais agus iad ag díol a dtáirgí ar mhargadh an Aontais; de bhrí, áfach, nach féidir cothrom na Féinne a áirithiú le reachtaíocht i gcoinne NNN amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>CD.</NO.P>de bhrí go bhfuil cosaint agus cur chun cinn shamhail inbhuanaitheachta an Aontais go hiomlán comhoiriúnach le cosaint earnálacha an Aontais, agus gur cheart go mbeadh sé fite fuaite le leasanna earnálacha an Aontais a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>CE.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ag comhfhiontair a bhfuil caipiteal an Aontais acu maidir le luachanna agus cuspóirí inbhuanaitheachta CBI a scaipeadh, chomh maith le ról tábhachtach sa chomhar um fhorbairt le tríú tíortha, lena rannchuidítear le feabhas a chur ar an ngeilleagar, ar dhálaí oibre agus ar shlándáil bia sna tíortha ina bhfuil siad bunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>CF.</NO.P>de bhrí go raibh ról an-tábhachtach ag an iascach san fheachtas roimh an reifreann maidir le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach a reáchtáladh in 2016;
</CONS><CONS>
<NO.P>CG.</NO.P>de bhrí go ndeachaigh na méaduithe ar tharaif-chuótaí uathrialaitheacha (ATQanna) le haghaidh luanta tuinníní chun tairbhe thionscal na Síne, nach ráthaíonn faisnéis inrianaitheachta agus a bhraitheann ar fhóirdheontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>CH.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin shonracha roimh na réigiúin is forimeallaí (ORanna) a bhaineann lena n-iargúltacht, a dtopagrafaíocht, a margaí beaga agus a n-aeráid dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE; de bhrí nach gcuirtear saintréithe sonracha na n-iascach sna ORanna san áireamh go leordhóthanach in CBI;
</CONS><CONS>
<NO.P>CI.</NO.P>de bhrí go bhfuil an iascaireacht ar mhionscála sna RFanna ina mórspreagadh eacnamaíoch, ina foinse biafhlaitheas agus ina gníomhaíocht thraidisiúnta atá mar chuid de chultúr na gcríoch sin, lena gcruthaítear poist ar muir agus in earnáil na próiseála agus lena gcuirtear le dinimiceas thionscal na turasóireachta, ar inneall tábhachtach eacnamaíoch de chuid na réigiún sin é;
</CONS><CONS>
<NO.P>CJ.</NO.P>de bhrí, chun a áirithiú go mairfidh earnáil an iascaigh sna ORanna agus i gcomhréir le prionsabail na cóireála difreálaí d’oileáin bheaga agus do chríocha beaga a luaitear in SDG 14, gur cheart go bhféadfaí, ar bhonn Airteagal 349 CFAE, tacaíocht a thabhairt d’athnuachan soithí iascaireachta mionscála na ORanna a thugann a ngabhálacha uile i dtír i gcalafoirt sna ORanna agus a rannchuidíonn leis an bhforbairt inbhuanaithe áitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>CK.</NO.P>de bhrí nach bhfuil na táscairí chun a shuí an bhfuil an acmhainn iascaireachta cothrom leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil curtha in oiriúint do shaintréithe chabhlaigh áitiúla na ORanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>CL.</NO.P>de bhrí gur gá saintréithe speisialta agus srianta buana struchtúracha na RFanna a aithint agus a mheas; á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag earnáil an iascaigh sa staid shocheacnamaíoch, san fhostaíocht agus i gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta na réigiún sin a chur chun cinn, agus go bhfuil acmhainneacht ann d’fhás fostaíochta sa gheilleagar gorm inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais go gcuireann suíomh geografach na réigiúin is forimeallaí in áit phribhléideach maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar limistéir chósta agus aigéanacha agus gur cheart é a úsáid le haghaidh iarrachtaí an Aontais iascaireacht NNN a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>CM.</NO.P>de bhrí gur dúshlán mór é an t-athrú aeráide do chaomhnú acmhainní uisceacha agus do shlite beatha amach anseo na n-oibreoirí a bhíonn ag brath ar an iascach;
</CONS><CONS>
<NO.P>CN.</NO.P>de bhrí go bhfuil iascairí thíos leis an athrú aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>CO.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar mór díreach ag an athrú aeráide ar speicis mhuirí trína bhflúirse, a n-éagsúlacht agus a bpatrúin imirce a athrú agus a dhéanann difear dá gcothú, dá bhforbairt agus dá n-atáirgeadh, chomh maith leis an gcaidreamh idir speicis; de bhrí go mbíonn tionchar ag na hathruithe sin ar CBI agus ar bhainistiú uiscí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>CP.</NO.P>de bhrí go bhfuil athléimneacht agus dea-shláinte na n-éiceachóras muirí bunriachtanach do rialáil aeráide agus do chaomhnú stoc éisc araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>CQ.</NO.P>de bhrí go bhfuil caomhnú agus athghiniúint éiceachóras carbóin ghoirm bunriachtanach le haghaidh athléimneacht na bpobal cósta agus na hearnála iascaigh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuspóirí ginearálta an Chomhbheartais Iascaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú nach mór do CBI a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, eadhon rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia; á mheabhrú, thairis sin, go sainítear in Airteagal 39 CFAE nach mór do CBI infhaighteacht soláthairtí a áirithiú agus caighdeán cóir maireachtála a chur ar fáil do phobail iascaigh agus dobharshaothraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, ó 2014 i leith, nár tugadh aird leordhóthanach ar ghnéithe socheacnamaíocha ná ar infhaighteacht an tsoláthair bia ná ar an gcur chuige bunaithe ar éiceachórais le cur chun feidhme CBI, a bhfuil gá leo go léir chun bainistiú inbhuanaithe stoc a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas go bhfuil na tionchair dhiúltacha a d’eascair as sin ar earnáil na hiascaireachta níos measa ó tháinig dúshláin nua gan fasach chun cinn nárbh fhéidir a thuar in 2012, nuair a bhí CBI á cheapadh, amhail Brexit, paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar tromchúiseach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a bhfuil éifeachtaí díobhálacha aige ar limistéir amhail an tslándáil mhuirí, rud a chuireann isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe sa Mhuir Dhubh, mar gheall ar mhianaigh ar snámh ag dul le sruth, agus as a n-eascraíonn cailliúint bithéagsúlachta, a léirítear go háirithe leis an méadú scanrúil ar bhásmhaireacht chéiticigh na Mara Duibhe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tAontas bearta go pras chun tacú leis an earnáil agus chun í a mhaolú in amanna deacra; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, mar gheall ar éifeachtaí carnacha na staide sin, go bhfuil go leor cabhlach i ngar do thitim as a chéile agus gur bhain siad an bonn de bhrabúsacht na mílte gnólacht go dtí an pointe ina bhfuil a marthanas i mbaol, rud a d’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith aige ar an bhfostaíocht agus ar an gcomhtháthú sóisialta i limistéir chósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go mbeidh ar chur chun feidhme CBI dul in oiriúint don dúshlán a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhrac, i gcás ina bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas go mbeidh sé aeráidneodrach faoi 2050;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chreidiúint, dá bhrí sin, nach mór CBI a chur chun feidhme i gcónaí, agus i gcás inar gá, é a athchóiriú agus a oiriúnú dá réir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur foinse próitéine an-ardcháilíochta é bia mara agus gur cuid ríthábhachtach d’aiste bia fholláin é, a mbíonn lorg carbóin níos ísle aige de ghnáth ná bia ar talamh; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil luach straitéiseach ag an mbia mara i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus maidir le rannchuidiú le roinnt SDGanna amhail SDG 2 ‘Díothú an Ocrais’, SDG 3 ‘Dea-Shláinte agus Folláine’, SDG 12 ‘Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach’, SDG 13 ‘Gníomhú ar son na hAeráide’ agus SDG 14 ‘Beathra Faoin Uisce’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheas nach mór do CBI gach cuspóir beartais a urramú go cothrom; á chur i bhfáth gur gá cothromaíocht a choinneáil idir trí cholún na hinbhuanaitheachta in CBI; dá bhrí sin, tacaíonn sí le bearnaí a neartú, aghaidh a thabhairt orthu agus dlús a chur leis an uaillmhian i ngnéithe socheacnamaíocha agus slándála bia CBI, chomh maith le cur chuige bunaithe ar éiceachóras a chur i bhfeidhm go hiomlán agus cothrom na Féinne a bhaint amach ina ghné idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go n-áireofaí ar chuspóirí beartais iascaigh soláthar éisc don phobal a ráthú, mar chuid de shlándáil bia agus biafhlaitheas a áirithiú, pobail chósta a fhorbairt, agus aitheantas sóisialta gairmeacha a bhaineann le hiascach a chur chun cinn agus a spreagadh, chomh maith le poist a chur chun cinn agus dálaí maireachtála na n-iascairí a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, chun na críche sin, measúnuithe tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> iomlána a dhéanamh go córasach, lena n-áirítear anailísí socheacnamaíocha, sula molfar aon straitéis nó reachtaíocht nó sula ndéanfar aon chinneadh beartais trí chomhairliúchán leis na geallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu le hearnáil an iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire, cé go leagtar béim i mBun-Rialachán CBI ar chuspóirí comhshaoil, socheacnamaíocha agus slándála bia an bheartais, go ndéileáiltear le gnéithe comhshaoil amháin i Rialachán (AE) 2016/2336 a bhaineann le stoic dhomhainfharraige; á mheas gur cheart gnéithe socheacnamaíocha agus slándála bia a ionchorprú go hiomlán sna rialacháin uile atá faoi réir an Bhunrialacháin amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Chomhairle níos mó luacha a chur i gceapadh beartais maidir le tábhacht an iascaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil bia trí tháirgí ardcháilíochta bia mara a chur ar fáil, go háirithe i ngéarchéimeanna amhail paindéim COVID-19, agus ina rannchuidiú leis an struchtúr eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hoidhreacht chultúrtha, turasóireachta agus ghastranómach phobail chósta agus oileáin na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról straitéiseach ag iascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe sa slabhra luacha bia agus sa tslándáil bia, chomh maith le ról na mban, mar iascairí, máistrí soithí, deisitheoirí eangaí, cúntóirí agus pacálaithe cois cladaigh, etc., agus an gá atá acu le haitheantas a fháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú gur leas coiteann domhanda iad na farraigí agus na haigéin uile agus gur acmhainn phoiblí nádúrtha iad na hacmhainní muirí, gur sócmhainn iad gníomhaíochtaí agus bainistiú iascaireachta atá bunaithe ar na hacmhainní sin agus go mbaineann siad lenár n-oidhreacht choiteann, agus gur cheart na hacmhainní sin a bhainistiú bunaithe ar chomhairle eolaíoch iontaofa ar bhealach lena ráthaítear na tairbhí fadtéarmacha is airde don tsochaí uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chreidiúint gur cheart an uasteorainn cabhrach de minimis do chuideachtaí próiseála táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a ailíniú leis an scéim chéanna do chuideachtaí próiseála talmhaíochta chun comhsheasmhacht a áirithiú agus slándáil bia a ráthú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na leasuithe a ghlac an Coimisiún ar an scéim de minimis i ndáil leis sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú go mbeidh sé d’aidhm ag CBI, i measc nithe eile, ‘a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh’ agus ‘go mbainfear ráta saothraithe MSY amach (...) faoi 2020 ar a dhéanaí i gcás na stoc uile’ agus faoi 2025 i gcás na stoc a chumhdaítear leis an bplean bainistithe do stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar; á thabhairt chun suntais, áfach, i gcás iascaigh ilsonracha, nach féidir bainistiú speiceas atá bunaithe ar shamhail MSY a chur i bhfeidhm, fiú in iascaigh a bhfuil eolas maith orthu agus atá doiciméadaithe go heolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas go bhfuil tabhairt isteach MSY mar phointe tagartha bainistithe iascaigh ina spreagadh chun feabhas a chur ar staid fhoriomlán na stoc éisc; á mheabhrú, thar na blianta agus CBI á chur i bhfeidhm, go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta ag tionscal na hiascaireachta chun an brú iascaireachta a laghdú go dtí an pointe gur thit an cóimheas básmhaireachta iascaireachta foriomlán (F/FMSY) in 2020 faoi bhun a haon san Atlantach Thoir Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint den obair chun stoic éisc a atógáil agus a choinneáil os cionn leibhéil MSY agus dlús a chur leis, go háirithe sa Mheánmhuir ina bhfuil F/FMSY fós os cionn 1, agus a áirithiú ag an am céanna go dtáirgtear uasleibhéil inbhuanaithe bia mara, chun a áirithiú go mbeidh soláthar bia agus torthaí dearfacha sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil d’iascairí agus do phobail chósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas, i ndáil leis an méid sin, gur cheart cuspóir MSY a chur chun feidhme i bhfianaise na réaltachta praiticiúla agus i bhfianaise na ngnéithe socheacnamaíocha, comhréireachta agus slándála bia a chumhdaítear sa Chonradh agus i gcód iompair na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheas, thairis sin, gur cheart MSY a fhorbairt mar chuid de shamhail bunaithe ar éiceachórais lena gcuimsítear na tosca uile a mbíonn tionchar acu ar stádas na stoc, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí speiceas, téamh domhanda agus truailliú, chun a áirithiú nach san earnáil iascaigh amháin a shannfar ídiú stoic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí, scrúdú ar an bhféidearthacht cuspóirí bainistithe iascaigh a thabhairt isteach lena n-áiritheofar na leibhéil stoic éisc is fearr is féidir agus feidhmíocht shocheacnamaíoch optamach na gcabhlach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt cuireadh, i ndáil leis sin, do na Ballstáit ar mian leo tionscadail a thionscnamh, lena n-áirítear cineálacha eile beart bainistíochta amhail Uastáirgeacht Eacnamaíoch, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin a sheoladh chun féachaint cén áit is fearr a bhféadfaí tionscadail trialach den sórt sin a dhéanamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus gabhálacha de thaisme a laghdú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag athdhearbhú na dtuairimí a cuireadh in iúl i rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír; á mheabhrú go bhfuil roinnt gabhálacha de thaisme nó foghabhálacha dosheachanta, go háirithe in iascaigh mheasctha, ós rud é go bhféadfadh sé go ndéanfaí damáiste d’iasc nó go bhféadfadh siad a bheith dodhíolta, róbheag nó oiriúnach mar bhia don duine ach go bhfuil toirmeasc ar a ndíol, etc.; á mheabhrú, thairis sin, in ainneoin na n-iarrachtaí leanúnacha agus an chomhoibrithe atá á ndéanamh ag na geallsealbhóirí uile, nach féidir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme i gceart mura bhfeabhsaítear roinnt easnamh, amhail easpa acmhainneachta stórála ar bord nó saoráidí bailithe ag an gcalafort chomh maith le húsáid leormhaith díolúintí; á chur i bhfios go gcuireann na heasnaimh sin bac ar chur chun feidhme cuí, rud a fhágann nach leor an bailiú sonraí maidir le stoic agus a fhágann gur deacair gabhálacha a mheas go cruinn, rud a chuireann bac ar mheastacháin eolaíocha iontaofa ar stoic éisc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach sprioc inti féin í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ach gur uirlis í chun gabhálacha de thaisme a íoslaghdú; á chur i bhfáth, ina leith sin, a bhuí leis an roghnaíocht níos mó a baineadh amach le blianta beaga anuas, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar fhoghabháil de thaisme; á thabhairt chun suntais gur toradh é sin ar na hiarrachtaí a rinne iascairí i gcomhar leis an bpobal eolaíochta le heolas feidhmeach lena dtacaítear le teicnící agus trealamh iascaireachta níos roghnaithí a fhorbairt; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór iarracht níos mó a dhíriú ar fhorbairt a mhaoiniú chomh maith le trealamh iascaireachta a chur in úsáid a rannchuidíonn le roghnaíocht agus le bailiú sonraí níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, lena n-áirítear measúnú ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír nach mór a dhéanamh do gach iascach, lena n-áirítear iascaigh ar mhionscála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">Thairis sin, go bhfuil an méid seo a leanas á mheas aici:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>gur cheart an oibleagáid reatha gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm ar bhealach pragmatach, agus saintréithe gach iascaigh á gcur san áireamh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá taithí na n-iascairí maidir le cathain agus cá háit le hiascaireacht a dhéanamh agus, ag an am céanna, gabhálacha de thaisme a sheachaint, agus a n-iarrachtaí á luacháil chun roghnaíocht a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>gur cheart malartuithe cuótaí idir na Ballstáit agus idir Eagraíochtaí Táirgeoirí, trí chomhthiomsuithe cuótaí, chomh maith le roghnaíocht theicniúil agus spásama, a spreagadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>gur cheart aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis na díolúintí atá ann cheana ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a choinneáil, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chomh maith leis an ualach riaracháin a laghdú maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme; ba cheart don Choimisiún é sin a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh aige orthu;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, lena n-áirítear a raon feidhme, chun na fadhbanna a bhaineann le tachtspeiceas agus maoluithe casta a theorannú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>ba cheart an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus, ag an am céanna, ba cheart í a dhéanamh níos tarraingtí chun úinéireacht na n-oibreoirí a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, comhlíonadh a fheabhsú, go háirithe trí dhreasachtaí, mar shampla chun úsáid uirlisí intleachta saorga a spreagadh chun roghnaíocht agus sainaithint speiceas a fheabhsú, chomh maith le feabhsuithe agus oiriúnuithe leordhóthanacha a dhéanamh ar chalafoirt Eorpacha; á iarraidh go mbainfeadh na Ballstáit leas iomlán as féidearthachtaí agus tacaíocht CEMID chun na críche sin;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á áitiú nach féidir an cuspóir maidir le gabhálacha de thaisme a íoslaghdú a bhaint amach go leordhóthanach tríd an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus gur cheart é a chomhlíonadh go príomha trí bhearta teicniúla a úsáid agus gur cheart tacú leis trí ghabhálacha a dhoiciméadú ar bhealach níos fearr, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar roghanna eile chun gabhálacha de thaisme a íoslaghdú, chomh maith le gníomhaíochtaí a mholadh chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a dhéanamh níos fearr, i gcomhthráth le leanúint de bhealaí éagsúla a lorg chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus chun trealamh níos roghnaithí a fhorbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bearta caomhnaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Deiseanna iascaireachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú gurb iad TACanna agus cuótaí an bealach is dírí chun básmhaireacht iascaireachta a bhainistiú, ach gur féidir fadhbanna a bheith ag baint le TACanna stoic aonair in iascaigh mheasctha (mar gheall ar an éifeacht tachtaigh iascaigh);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar an gcomhairle eolaíoch d’iascaigh mheasctha freisin i bhfianaise thionchair an athraithe aeráide ar an aigéan, chomh maith le comhdhéanamh gabhálacha agus díláithriú speiceas a mheas, mar gheall ar an athrú aeráide, agus TACanna á socrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth, in iascaigh atá faoi bhainistiú cuótaí, go bhféadfadh fadhb na dtachtspeiceas oibríochtaí iascaireachta a dhúnadh síos roimh dheireadh an tséasúir agus go bhféadfadh impleachtaí suntasacha eacnamaíocha a bheith ann d’iascairí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit leas a bhaint as na féidearthachtaí atá ann faoi láthair maidir le CBI, amhail malartuithe cuótaí nó solúbthachtaí idirbhliantúla agus idirspeiceas, agus béim á leagan, ag an am céanna, ar an méid sin gur cheart go n-áireofaí méid cothrom solúbthachta i gcóras maith cuótaí, ós rud é go gcuirfeadh sé ar chumas iascairí a bhfuil cuótaí breise de dhíth orthu le haghaidh tachtspeiceas agus iascairí a bhfuil cuótaí ar fáil acu teacht ar thoradh comhthairbheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Chomhairle breithniú ar TACanna a shocrú do thréimhsí níos faide ná tréimhsí bliantúla nó tréimhsí débhliantúla, go háirithe do na príomh-spriocstoic, bunaithe i gcónaí ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, chun tuilleadh intuarthachta agus deimhneachta fadtéarmaí a chur ar fáil d’iascairí agus i gcomhréir le prionsabal MSY; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Chomhairle an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil a lorg maidir leis an bhféidearthacht TACanna a bhaint le haghaidh stoic áirithe, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfanfaidh an stoc lena mbaineann laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go nglactar go forleathan leis an gcobhsaíocht choibhneasta, a bunaíodh dhá scór bliain ó shin, mar ionstraim bhunriachtanach chun intuarthacht fhadtéarmach agus leanúnachas a thabhairt maidir le stoic éisc a chomhroinnt idir tíortha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Bainistiú cabhlaigh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth, in ainneoin iarrachtaí idirnáisiúnta agus iarrachtaí an Aontais chun dálaí sábháilteachta ar bord soithí iascaireachta a fheabhsú, go bhfuil easnaimh fós ann, i.e. go bhfuil feidhm, thar aon ní eile, ag na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ina leagtar amach na rialacha agus na córais chun soithí agus daoine ar bord a chosaint maidir le soithí móra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á athdhearbhú nach féidir dálaí oibre agus maireachtála ar bord a fheiceáil ar leithligh ó dhálaí sábháilteachta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuireann dálaí maithe oibre agus maireachtála ar shoithí agus nuachóiriú oiriúnach orthu feabhas ar shábháilteacht, chomh maith le ham scíthe d’iascairí; á mheas go bhfuil impleachtaí díreacha ag na gnéithe sin don tsábháilteacht ar bord, ós rud é go bhfuil baint fós ag céatadán mór tionóiscí agus teagmhas ar shoithí iascaireachta le hearráid an duine, cibé acu easpa eolais, oiliúint nó tuirse is cúis leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na caighdeáin sábháilteachta is airde ar bord soithí a áirithiú, beag beann ar a méid; ag spreagadh na hearnála chun na dálaí is fearr is féidir a chur chun feidhme maidir le sábháilteacht ar bord;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>agus deiseanna reatha CEMID á gcur san áireamh chun tacú le sláinte, sábháilteacht, dálaí oibre agus éifeachtúlacht fuinnimh ar bord soithí iascaireachta, á áitiú go bhféadfadh úsáid reatha olltonnáiste mar shlat tomhais chun acmhainneacht iascaireachta a thomhas san Aontas bac a chur ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar shábháilteacht agus ar chompord soithí, ós rud é go gcuireann sé teorainn leis na deiseanna atá ann iad a ionadú agus a nuachóiriú nó spás a mhéadú, fiú mura gcuireann sé le cumas na soithí iascaireacht níos mó iascaireachta a dhéanamh; á chur i bhfáth go gcuireann sé sin bac ar fheabhas a chur ar na gnéithe thuasluaite, rud a chuirfeadh chun cinn ar deireadh fostaíocht, forbairt pobal cósta agus tarraingteacht na hearnála, go háirithe do dhaoine óga agus do mhná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> COM(2023)0100.</FIELD></FOOTNOTE>, lena bhféachtar lena áirithiú go rannchuideoidh earnáil na hiascaireachta leis an tAontas a bheith aeráidneodrach in 2050, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh an iascaireacht san Aontas inbhuanaithe ó thaobh na sochaí, an gheilleagair agus an chomhshaoil de; á chur i bhfios go bhfuil roinnt bacainní roimh an aistriú sin, amhail an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar an acmhainn iascaireachta agus na teorainneacha atá léi; á mheabhrú go mbíonn innill hidrigine, amóinia nó leictreacha níos troime agus níos mó go ginearálta ná innill díosail choibhéiseacha agus, dá bhrí sin, go n-éilítear olltonnáiste breise lena suiteáil ar bord agus go bhfuil easpa teicneolaíochtaí oiriúnaithe, a gcostas ard agus easpa taighde agus forbartha ag díriú go sonrach ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aghaidh ar na bacainní sin sa teachtaireacht ón gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún bearta a mholadh chun freagairt don ghá atá ann dícharbónú thionscal na hiascaireachta a éascú, an tsaincheist maidir le soithí iascaireachta atá ag dul in aois a réiteach agus sábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú; á mheas go bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar na bearta sin, i gcás inarb iomchuí:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>úsáid iomlán a bhaint as an olltonnáiste atá ar fáil laistigh d’uasteorainneacha acmhainne náisiúnta,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>acmhainn iascaireachta a athshainiú, mar shampla, tríd an tonnáiste a bhaineann le ‘sóisialta agus sábháilteacht’ a eisiamh ó ríomh na hacmhainne iascaireachta,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na teorainneacha acmhainne iascaireachta a mhéadú i dtéarmaí olltonnáiste agus cumhachta innill, gan cur leis an gcumas atá ag soithí níos mó éisc a ghabháil;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit é níos éasca do ghairmithe tionscail rochtain a fháil ar chistí CEMID;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh an Coimisiún na Ballstáit dlús a chur leis an taighde agus leis an bhforbairt, an beartas Státchabhrach a oiriúnú agus i sineirgíocht le CEMID chun cistiú leordhóthanach agus leordhóthanach a chur ar fáil, ionas go mbeidh an earnáil in ann dícharbónú chabhlach an Aontais a bhaint amach laistigh den chreat ama docht a cheanglaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le hoibleagáidí gaolmhara eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh freisin go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar CEMID, i gcomhréir le Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais Iascaigh, a glacadh ag a 12ú Comhdháil Aireachta (MC12) an 17 Meitheamh 2022, d’fhonn neodracht carbóin a bhaint amach;  á iarraidh go ndéanfaí maoiniú do shoithí nua a fhormheas, laistigh de na paraiméadair a leagtar síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go bhforbrófaí cúnamh aistrithe eacnamaíoch chun dícharbónú a chur chun cinn, lena gcumhdófar gach roinn chabhlaigh; á áitiú gur cheart cúnamh den sórt sin a úsáid freisin chun soithí atá níos éifeachtúla, níos sábháilte, níos nuálaí ó thaobh na teicneolaíochta de agus a bhfuil níos mó fairsinge ag baint leo a chur in ionad soithí atá ann cheana, toisc go bhfuil an cabhlach an-sean, a rannchuidíonn leis an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí agus le hathnuachan ó ghlúin go glúin a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cistiú CEMID a chomhlánú, mar shampla tríd an gCiste um Aistriú Cóir, RePower EU agus Fís Eorpach chun dícharbónú a éascú agus chun taighde a mhaoiniú, chun aistriú cóir éiceolaíoch nach bhfágann aon duine ar lár a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun tacú le taighde agus chun trealamh agus teicnící nuálacha a cheadú le haghaidh iascaireacht roghnaíoch a rannchuidíonn go mór le hastaíochtaí CO2 agus úsáid breosla a laghdú go suntasach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Pleananna ilbhliantúla réigiúnacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag pleananna ilbhliantúla (MAPanna) mar phríomhchreataí do bhainistiú fadtéarmach réigiúnach iascaigh, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch is fearr atá ar fáil, ach á chur in iúl gur oth léi nár bhain siad barr a gcumais amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar a éifeachtaí atá na pleananna ilbhliantúla atá ann cheana á gcur chun feidhme chun a áirithiú go rannchuideoidh siad le cuspóirí CBI; i gcás inar gá, ba cheart na pleananna sin a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú, ionas go gcuirfear san áireamh iontu breithnithe socheacnamaíocha agus dálaí athraitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh go bhféachfadh an Coimisiún, i gcomhar le comhpháirtithe eile sa réimse — eadhon tíortha nach bhfuil san Aontas agus Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) ábhartha — an bhféadfaí pleananna ilbhliantúla, cosúil leo siúd atá i bhfeidhm in imchuacha farraige eile, a mholadh d’uiscí eile an Aontais, go háirithe sa Mheánmhuir Thoir agus sa Mhuir Dhubh, agus conas is féidir leo uirlisí bainistíochta atá ann cheana sna himchuacha farraige sin a chomhlánú agus oibriú leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá sineirgí a áirithiú idir pleananna ilbhliantúla réigiúnacha agus na beartais shonracha mhuirí do gach imchuach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha uile atá inniúil maidir le bainistiú iascaigh, chomh maith leis na Comhairlí Comhairleacha (ACanna), a bhfuil ról bunúsach acu i ndáil leis sin, rannpháirteach go hiomlán i sainiú, i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na bpleananna ilbhliantúla i gcomhréir le CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é an t-iascach an earnáil is mó atá ag brath ar stoic shláintiúla, tháirgiúla agus athléimneacha agus ar éiceachórais mhuirí agus go bhfuil tionchar ag na húsáidí agus na gníomhaíochtaí eile a dhéantar sa mhuirthimpeallacht ar na héiceachórais sin freisin, amhail iompar muirí agus turasóireacht, forbairt uirbeach agus cósta, saothrú amhábhar agus foinsí fuinnimh, lena n-áirítear mianadóireacht ghrinneall na farraige, chomh maith le tionchar a bheith ag truailliú mara agus athrú aeráide orthu; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá feabhas a chur ar chur chun feidhme an chur chuige bunaithe ar éiceachórais ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, a bhfuil ról ríthábhachtach le himirt ag MAPanna agus ag uirlisí bainistíochta eile ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta bainistithe iascaigh comhsheasmhacha a bhaineann le stoic atá idir réigiúin a chumhdaítear le roinnt pleananna ilbhliantúla, agus le réigiúin nach gcumhdaítear le pleananna ilbhliantúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á mholadh go láidir, i bhfianaise thábhacht straitéiseach an iascaigh agus an dobharshaothraithe mar fhoinse bia atá sláintiúil, ar mhórán próitéine agus ar ardchaighdeán, go dtabharfaí an t-aitheantas straitéiseach breise atá tuillte dó laistigh den Choimisiún don bheartas sin agus go gcuirfí líon leordhóthanach saineolaithe ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as an iascach agus an dobharshaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh, i gcomhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí amach anseo, gur cheart go mbeadh Coimisinéir ann a bheadh tiomnaithe go heisiach d’iascach, do dhobharshaothrú agus do ghnóthaí muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireodh an Coimisiún faisnéis atá mionsonraithe go leor ina chuid tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 50 de CBI, ionas go bhféadfar faireachán agus measúnú éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme CBI ag an gCoimisiún; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, sa bhreis air sin, agus CBI á athbhreithniú aige, Airteagal 49 a leasú chun spriocdháta a shocrú chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 10 mbliana tar éis an athbhreithnithe agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit chun urraim agus comhlíonadh chuspóirí CBI a chur chun feidhme agus a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith trédhearcach agus acmhainní iascaigh á mbainistiú acu; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú trédhearcach ríthábhachtach chun ardleibhéal muiníne a áirithiú i measc shaoránaigh an Aontais agus chun dea-cháil earnáil iascaigh an Aontais a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á mholadh don Choimisiún agus don Chomhairle go dtabharfar stádas breathnóra do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áiritheofar ionadaíocht pholaitiúil iomlán, le linn na caibidlíochta bliantúla maidir le deiseanna iascaireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Réigiúnú agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé réigiúnú a neartú in CBI, lena gceadaítear do réigiúin agus d’údaráis áitiúla a bheith níos rannpháirtí i ndréachtú, i bhforbairt agus i meastóireacht na gclár oibríochtúil náisiúnta le haghaidh iascaigh agus i mbainistiú iascaigh ar bhonn níos ginearálta, agus leas iomlán á bhaint ag an am céanna as na féidearthachtaí atá ann cheana sa CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé sainiúlachtaí réigiúnacha a chur san áireamh, agus cur chuige comhchuibhithe maidir le bainistiú iascaigh ar fud an Aontais á chur i bhfeidhm ag an am céanna; ag spreagadh na mBallstát a gcomhar a mhéadú laistigh de ghrúpaí réigiúnacha, in éineacht leis na geallsealbhóirí ábhartha, le Comhairlí Comhairleacha agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 18 de bhun-Rialachán CBI chun bearta caomhnaithe réigiúnacha a cheapadh trí mholtaí comhpháirteacha atá saincheaptha níos fearr do shaintréithe gach imchuach muirí ar leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth an ról bunúsach atá ag ACanna maidir le comhar na ngeallsealbhóirí a threisiú agus maidir lena rannpháirtíocht leormhaith agus chothrom i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag cur béim freisin ar an bhfíoras go bhfuil na Comhairlí Comhairleacha bunriachtanach chun taithí agus eolas a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit, chomh maith le moltaí a thíolacadh maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú iascaigh agus leis na gnéithe socheacnamaíocha agus caomhnaithe den iascach agus den dobharshaothrú agus fadhbanna na hearnála agus na ngeallsealbhóirí eile a mhíniú, agus ar an gcaoi sin tacú le reachtaíocht agus í a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag ACanna freisin i gcomhthéacs an réigiúnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh ról níos mó ag geallsealbhóirí réigiúnacha agus ag Comhairlí Comhairleacha sna caibidlíochtaí agus sna comhairliúcháin le tríú tíortha, go háirithe an Ríocht Aontaithe agus an Iorua; á chur i bhfios go bhfuil an Coimisiún freagrach as an gcaibidlíocht le tríú tíortha a eagrú ar bhealach lena gceadófar idirghníomhaíochtaí díreacha agus malartuithe idir geallsealbhóirí ar an dá thaobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tacú le comhdhéanamh na gCoistí Comhairleacha, le hionadaíocht thromlach na n-oibreoirí socheacnamaíocha i gcomparáid le grúpaí leasmhara eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh na geallsealbhóirí rannpháirteach go gníomhach sna Comhairlí Comhairleacha, in atmaisféar maith oibre bunaithe ar urraim, go n-áireofaí na tuairimí uile ó na grúpaí geallsealbhóirí éagsúla, ó rúnaíochtaí neamhchlaonta, ó chathaoirligh rothlacha agus ó athbhreithnithe feidhmíochta seachtracha, rialta agus neamhspleácha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt do na Comhairlí Comhairleacha le hobair Pharlaimint na hEorpa, agus á mholadh, dá bhrí sin, go dtionólfaí malartuithe rialta idir ionadaithe na gCoistí Comhairleacha agus Coistí ábhartha na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an faireachán agus an trédhearcacht neamhleor maidir leis an gcaoi a gcuirtear comhairle ACanna san áireamh sa chinnteoireacht; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún nós imeachta a tharraingt suas chun tuiscint níos fearr a thabhairt do na Comhairlí Comhairleacha ar thorthaí a gcuid moltaí, amhail breithniú a dhéanamh ar thuarascáil bhliantúil, chomh maith le mínithe a chur san áireamh i dtograí sonracha ón gCoimisiún, amhail in aithrisí na ngníomhartha reachtacha ábhartha, maidir leis an gcaoi ar cuireadh moltaí ACanna san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún páirt chórasach agus ghníomhach a ghlacadh i gcruinnithe na gCoistí Comhairleacha agus cumarsáid níos fearr a dhéanamh maidir le luach a gcomhairle, agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit tacaíocht iomchuí a chur ar fáil d’fheidhmiú ACanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á mheas gur samhail rannpháirteach agus comhfhreagrach í an chomhbhainistíocht, bunaithe ar chur chuige ón mbun aníos, atá trédhearcach, réamhghníomhach agus daonlathach, agus a chuidíonn le comhroinnt eolais níos fearr a ghiniúint do bhainistiú iascaigh, laistigh de chultúr freagrachta, lena mbunaítear líonra muiníne agus lena rannchuidítear le coinbhleachtaí a laghdú agus bacainní a shárú chun nuálaíochtaí agus bearta riachtanacha a chur chun feidhme i mbainistiú iascaigh, chomh maith le limistéir mhuirí faoi chosaint a chruthú, a chur chun feidhme agus a bhainistiú, áit ar léiríodh go bhfuil an-rath air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún a fógraíodh sa Teachtaireacht uaidh maidir le CBI inniu agus amárach chun tionscadal fadbhreathnaitheachta rannpháirtíochta uile-Aontais a dhéanamh, idir earrach 2023 agus samhradh 2024, maidir le ‘Iascach na Todhchaí’ bunaithe ar agallaimh ar an láthair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cinntí atá bunaithe ar eolaíocht agus ar mheasúnuithe tionchair</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a thionscnaimh pholaitiúla agus reachtacha uile (lena n-áirítear gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos srianta ar iascaigh) a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch is fearr atá ar fáil (lena n-áirítear eolas eimpíreach iascairí) agus ar chomhairliúchán agus rannpháirtíocht earnáil an iascaigh agus geallsealbhóirí ábhartha eile agus ar mheasúnuithe tionchair socheacnamaíocha roimh ré lena n-úsáidtear uirlisí nuálacha amhail na huirlisí a forbraíodh i dtionscadal CABFishman, ina ndéantar anailís ar thionchair na n-iascach ar limistéir chósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a n-acmhainní daonna agus ábhartha a mhéadú agus iad a chur ar fáil d’fheachtais agus do thionscadail eolaíocha oiriúnacha ionas go mbeidh eolas leordhóthanach acu ar na speicis a bhfuil beartais chaomhantais dírithe orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh CEMID tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do theicnící iascaireachta níos roghnaithí agus níos lú tionchair do chabhlaigh iascaireachta an Aontais, agus go háirithe chun tacú leis na hiascairí is mó a bhfuil tionchar ag srianta orthu, bunaithe ar mheasúnuithe tionchair eolaíocha maidir le húsáid teicnící iascaireachta sonracha; ag spreagadh an Choimisiúin coincheap eolaíoch ‘pêchécologie’ (‘éiceolaíocht éisc’) a chur chun cinn a bhfuil sé mar aidhm leis bearta caomhnaithe agus úsáid inbhuanaithe bheo-acmhainní na mara a thabhairt chun réitigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á mheas gur cheart an deis a thabhairt do na ACanna rannchuidiú leis na hiarrataí ón gCoimisiún ar chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) chun comhar níos dlúithe a chothú idir eolaithe agus geallsealbhóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go córasach faoi na hiarrataí sin, go háirithe an chaoi a gcuireann siad le cuspóirí CBI;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Iascaigh a chomhtháthú i gcomhthéacs beartais níos leithne</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go dtabharfar áit chothrom don iascach agus don dobharshaothrú i gcomparáid le hearnálacha eile i ndearadh beartais agus i bpleanáil spásúlachta; á mheabhrú gur gá cothromaíocht níos fearr a bhunú idir na gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla a bhaineann leis an nGeilleagar Gorm chun coinbhleachtaí a laghdú agus a sheachaint agus sineirgí a chothú, go háirithe le bonneagair inathnuaite fuinnimh mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> De réir thuarascáil speisialta na Cúirte Iniúchóirí maidir le ‘fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta san Aontas’ an 5 Iúil 2023: 'Ní mór na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag forbairt an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ar earnáil an iascaigh a shainaithint ar bhealach níos fearr agus aghaidh a thabhairt orthu' (https://www.eca.europa.eu/ECAPublications/SR-2023-22/SR-2023-22_GA.pdf, lch 43).</FIELD></FOOTNOTE>, tríd an Treoir maidir le pleanáil spásúil mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/89/AE an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúlachta mhuirí, (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go n-éilíonn sé sin rannpháirtíocht leathan agus chuimsitheach geallsealbhóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á mheabhrú nach mór ceanglais cosanta comhshaoil a chomhtháthú in CBI d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhréir le CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur i bhfáth nach féidir iascach a bhainistiú mar bheartas neamhspleách, agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún CBI a chur chun feidhme i sineirge le beartais phoiblí uile an Aontais a dhéanann difear don hidreasféar agus na dúshláin uile a bhaineann le limistéir mhuirí na hEorpa á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, go háirithe, nach mór CBI a bheith comhsheasmhach le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach mar a leagtar amach sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2008/56/CE an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).</FIELD></FOOTNOTE>, agus nach mór é a chur chun feidhme agus trí cholún na hinbhuanaitheachta á n-urramú go cothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá beartais agus straitéisí eile de chuid an Aontais a chur san áireamh go leordhóthanach agus a bheith comhleanúnach le CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch, lena n-áiritheofar tacaíocht chuí d’earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus bearta á gcur chun feidhme atá ceaptha chun feabhas a chur ar dhálaí don chomhshaol muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 13 CFAE, agus beartas iascaigh an Aontais á cheapadh agus á chur chun feidhme acu, gur cheart don Aontas agus dá Bhallstáit lánaird a thabhairt ar na ceanglais maidir le leas ainmhithe, agus forálacha reachtacha nó riaracháin agus nósanna na mBallstát á n-urramú ag an am céanna.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún eolas eolaíochtbhunaithe maidir le leas ainmhithe uisceacha a mhéadú tuilleadh agus an taighde sin a chur san áireamh i bhforbairtí beartais in iascaigh agus sa dobharshaothrú amach anseo; á chur i bhfáth gur cheart, in aon fhorbairtí beartais a dhéanfar amach anseo, indéantacht phraiticiúil i mbainistiú iascaigh agus dobharshaothraithe agus an tionchar eacnamaíoch agus oibríochtúil a d’fhéadfadh a bheith ann ar oibreoirí agus ar ghníomhaíochtaí a chur san áireamh, agus gur cheart machnamh a dhéanamh freisin ar an ngá atá le cothrom na Féinne idirnáisiúnta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á mheas go bhféadfadh sé go mbeadh mearbhall ar thomhaltóirí tráth an cheannaigh mar thoradh ar tháirgí atá bunaithe ar phlandaí amháin a mhargú faoin trádainm ‘iasc’ nó faoi speicis éisc; á dhearbhú gur cheart an trádainm ‘iasc’ nó speicis éisc a fhorchoimeád sa mhargadh inmheánach do tháirgí iascaigh nó dobharshaothraithe de bhunadh ainmhíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar choincheap ‘limistéir atá ag brath go mór ar iascaigh’, é a thabhairt cothrom le dáta agus ábhar rialála a thabhairt dó, ionas go soláthrófar leis an aitheantas sin cóir dhifreáilte atá dírithe ar iascaigh a chaomhnú sna limistéir sin trí leithdháileadh fabhrach cuótaí iascaireachta; ag tacú leis an tuairim gur cheart go n-áireofaí ar na gnéithe sainithe de choincheap nuashonraithe ‘limistéar atá ag brath go mór ar iascaigh’ táirgeadh próitéine ainmhithe ar ardchaighdeán, an rannchuidiú le slándáil bia nó breisluach ard a áirithiú do ghabhálacha agus do tháirgí mara eile, chomh maith le tábhacht shóisialta na gníomhaíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iascaigh ar mhionscála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach bhfreastalódh gnéithe áirithe de CBI go leormhaith ar earnáil na hiascaireachta ar mhionscála agus nach mór a ról ríthábhachtach socheacnamaíoch in go leor pobal cósta agus a ról straitéiseach in infhaighteacht an tsoláthair bia a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart a chur san áireamh go leordhóthanach in CBI cineál éagsúil, saintréithe sonracha agus fadhbanna na n-earnálacha iascaireachta agus sliogéisc ar mhionscála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag tarraingt aird ar an ngá atá le rannpháirtíocht agus rannpháirteachas níos mó gairmithe iascaireachta ar mhionscála i mbainistiú, i sainiú agus i gcur chun feidhme na mbeartas iascaigh, agus sna Comhairlí Comhairleacha chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go n-áireofaí in athbhreithniú ar CBI sainmhíniú coiteann, leathan agus iomchuí ar iascaigh mhionscála, ceardiascaireacht agus iascaigh chósta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an sainmhíniú sin pragmatach, intomhaiste agus soiléir; ag cur béim freisin ar an bhfíoras gur cheart go dtiocfadh an sainmhíniú sin as measúnú iomchuí lena gcuirtear san áireamh saintréithe agus critéir shonracha na coda ar mhionscála, seachas díriú ar fhad an tsoithigh amháin, chun teacht ar shainmhíniú ar iascaigh ar mhionscála a léiríonn réaltacht na deighleoige ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, in éineacht leis na Comhairlí Comhairleacha, sainmhíniú comhchuibhithe a mholadh le cur san áireamh in athbhreithniú ar Bhunrialachán CBI chun go gcumhdófar reachtaíocht iascaigh uile an Aontais leis, i gcás inarb iomchuí; á mheas nár cheart go mbeadh tionchar ag aon cheann de na hathruithe a leagtar amach thuas ar chur chun feidhme CEMID le linn na tréimhse buiséadaí reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir ar a dtugtar freisin ‘Rialachán na Meánmhara’, lena leagtar síos rialacha i dtaca le saintréithe teicniúla trealaimh iascaireachta agus a n-úsáidí agus atá as dáta ar an drochuair agus, dá bharr sin, a chuireann bac ar phríomhspriocanna an Chomhbheartais Iascaigh a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd a bhaineann le hiascaigh ar mhionscála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Leithdháileadh cuótaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, faoi Airteagal 17, agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dá gcabhlach á leithdháileadh acu, go n-úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch; á chur i bhfáth gur faoi na Ballstáit atá sé na critéir a úsáideann siad agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu a chinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gceadaítear leis na modhanna leithdháilte atá ann faoi láthair, atá bunaithe den chuid is mó ar chearta stairiúla, leibhéal áirithe cobhsaíochta eacnamaíche in earnáil na hiascaireachta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina choinníoll lena gcuirtear ar chumas oibreoirí a bheith nuálach agus teicnící níos inbhuanaithe a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfágann córas deiseanna iascaireachta atá inrochtana go héasca mar aon le critéir thrédhearcacha maidir lena chur i bhfeidhm praiticiúil gur féidir grinnscrúdú níos fearr, cothrom na Féinne, comhdheiseanna do na páirtithe leasmhara uile agus níos mó intuarthachta, cobhsaíochta agus deimhneachta dlíthiúla a bheith ann d’iascairí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa trédhearcachta maidir le dáileadh deiseanna iascaireachta i mBallstáit áirithe agus á iarraidh go ndéanfaí na critéir a phoibliú, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á mheas gur cheart na modhanna leithdháilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le rannpháirtíocht na bpobal iascaireachta, na n-údarás réigiúnach agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile, agus a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar gach cuid cabhlaigh, ar gach eagraíocht táirgeoirí agus ar gach eagraíocht oibrithe, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus gur cheart coimircí amhail tréimhsí fógra a áireamh iontu chun ligean d’iascairí oiriúnú i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit a modh leithdháilte a athrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle sainiúlachtaí agus riachtanais gach roinne cabhlaigh a chur san áireamh, lena n-áirítear an roinn ar mhionscála, agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag meabhrú ról Airteagal 17 de CBI mar uirlis chun dreasachtaí a chur ar fáil d’iascaigh ar bheagán tionchair agus ar mhionscála agus gur faoi na Ballstáit atá sé leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis, amhail dreasachtaí chun trealamh iascaireachta níos roghnaithí a úsáid nó teicnící iascaireachta a úsáid ar lú a n-ídiú fuinnimh nó a dtionchar ar ghnáthóga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á thabhairt dá haire go gcuirfidh an Coimisiún tús le plé i measc na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí d’fhonn <STRING ITALIC="on">vade mecum</STRING> a ullmhú maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta chun trédhearcacht a fheabhsú, cleachtais inbhuanaithe iascaireachta a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus tacú le hiascaigh ar mhionscála agus le hiascaigh chósta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Eagraíochtaí táirgeoirí agus ceardchuallachtaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á chur i bhfios go láidir an ról atá ag POnna maidir le hinbhuanaitheacht a chur chun cinn, maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht an tsoláthair bia agus maidir le feabhas a chur ar fhás agus ar fhostaíocht in earnálacha na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe tríd an méid seo a leanas, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>gníomhaíochtaí comhchoiteanna a bhainistiú agus a chur chun feidhme;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>táirgeoirí, céad cheannaitheoirí agus tomhaltóirí a nascadh sa slabhra soláthair,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>táirgí iascaireachta inmharthana agus inbhuanaithe a chur chun cinn do thomhaltóirí trí pháirt a ghlacadh i scéimeanna deimhniúcháin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>comhlíonadh an rialacháin iascaireachta a chur chun cinn, tacú le hinrianaitheacht agus trédhearcacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú i ndearbhuithe gabhála chun iascaireacht NNN a chomhrac;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>cuótaí iascaireachta a dháileadh agus a bhainistiú i roinnt Ballstát;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á thabhairt dá haire thairis sin, i roinnt mhaith Ballstát, nach mbaineann mórán iascairí ar mhionscála le POnna, agus go bhfuil a POnna tiomnaithe féin ag níos lú iascairí ar mhionscála, rud a chuireann teorainn lena n-acmhainneacht tairbhe a bhaint as an gcainéal sin chun rochtain a fháil ar chuótaí iascaireachta; ag spreagadh, dá bhrí sin, an Choimisiúin agus na mBallstát cruthú POnna d’iascairí ar mhionscála agus ag iascairí ar mhionscála a éascú agus a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh comhlachais iascairí amhail ceardchuallachtaí, a shaothraíonn príomhchuspóirí PO faoi Chomheagraíocht na Margaí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, incháilithe chun cabhair airgeadais a fháil ar chomhchéim le heagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta faoi láthair; á áitiú, ina leith sin, gur cheart do na Ballstáit lena mbaineann, don Choimisiún agus do cheardchuallachtaí, i gcomhar lena chéile, roghanna agus réitigh ábhartha a bhreithniú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athnuachan ó ghlúin go glúin agus ról na mban</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil caighdeáin CBI ar na caighdeáin is airde ar fud an domhain agus go gcuireann siad go mór le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta agus, cé go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí fós, go léirítear leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas an méid is féidir a dhéanamh chun rannchuidiú tuilleadh, ar thaobh amháin, le hinbhuanaitheacht na stoc éisc agus na ngnáthóg agus, ar an taobh eile, tuilleamh iascairí agus longúinéirí a mhéadú; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach, i measc tosca eile, ardchaighdeáin a chur chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta earnáil an iascaigh chun glúin nua iascairí a mhealladh agus chun cobhsaíocht eacnamaíoch fhadtéarmach a chur ar fáil don earnáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á thabhairt dá haire gur ábhar imní atá ag dul i méid do mhuintir na hEorpa é cosaint an chomhshaoil, go háirithe na glúnta óga; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bainistiú inbhuanaithe iascaigh chun iascairí óga a mhealladh; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí iascaireacht ísealtionchair a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, thairis sin, a áirithiú go ndéanfar cuid de na ranníocaíochtaí airgeadais faoi na Comhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a leithdháileadh freisin, i gcás inar féidir, ar lánpháirtiú níos fearr daoine óga agus ban in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ar athbhunú na muirthimpeallachta agus ar fheabhas a chur ar an eolas faoi staid na haeráide agus na muirthimpeallachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá daoine óga a mhealladh ní hamháin chuig gníomhaíochtaí iascaireachta mara, ach freisin chuig bainistiú fiontar iascaireachta agus dobharshaothrú, chun athnuachan glúine a áirithiú ar fud earnáil iomlán an bhia uiscigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil athnuachan glúine tábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin dhéimeagrafacha atá os comhair na gceantar cósta agus na limistéar tuaithe máguaird, go háirithe, agus go rannchuideoidh sí lena n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcuireann CEMID 2021-2027 cúnamh agus tacaíocht ar fáil d’iascairí óga a dhéanann soitheach nó fiontar iascaireachta a cheannach don chéad uair; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit athnuachan glúine a chur chun cinn trí thacú le daoine ar mian leo tús a chur le gairm in earnáil an iascaigh agus bacainní a bhaint, amhail aghaidh a thabhairt ar an gcostas ard a bhaineann le gnó a thosú, éagobhsaíocht ioncaim, neamhionannas inscne agus an easpa cobhsaíochta gairme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, bearta nua a chur ar fáil, chomh maith leis an earnáil chun bearta a dhéanamh, lena spreagfar cuimsiú daoine óga agus ban ar gach leibhéal den earnáil agus lena gcuirfear athnuachan glúine chun cinn ar bhealach níos fearr, go háirithe trí gach post i slabhra luacha na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe a dhéanamh níos tarraingtí, níos sábháilte agus le pá níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis agus oiliúint chuí a áirithiú, go háirithe do dhaoine óga, chun comhroinnt eolais a áirithiú go háirithe i ndáil le rannchuidiú an iascaigh le saincheisteanna inbhuanaitheachta; á chreidiúint go bhfuil sé sin tábhachtach chun a staid phearsanta a ráthú, rannchuidiú le feabhas a chur ar a n-ioncam, agus trí leathnú a dhéanamh ar chomhtháthú a bpobal áitiúil, go háirithe sna réigiúin chósta is iargúlta, ina bhfuil níos lú deiseanna fostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an gá atá le haistriú digiteach a áirithiú i ngeilleagar gorm inbhuanaithe a chur san áireamh san athnuachan glúine; á mheas, áfach, nár cheart go mbeadh coimhlint idir na glúine mar thoradh ar athnuachan glúine agus gur cheart iascairí de gach aois a áireamh, lena n-áiritheofar cothromaíocht san aistriú éiceolaíoch agus digiteach chun a áirithiú nach gcaillfear oidhreacht na taithí; á iarraidh, thairis sin, go bhfeabhsófaí soghluaisteacht agus deiseanna fostaíochta ar fud an Aontais, gan deacrachtaí ná srianta maidir le haitheantas a thabhairt do scileanna agus oiliúint iascairí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag mná maidir le tacaíocht lóistíochta agus riaracháin do shoithí iascaireachta agus maidir le margaíocht agus próiseáil éisc; á thabhairt chun suntais, áfach, gur minic a dhéantar dearmad ar an ról sin nó gur ar éigean a bhfeictear é, go háirithe mar iascairí nó mar mháistrí soithigh chomh maith lena ról san eolaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún tionscnaimh a sheoladh chun obair na mban san iascach a aithint agus chun feabhas a chur ar infheictheacht a róil, trí thacú lena n-ionchorprú ina réimsí éagsúla, agus trí thacú le hionadaíocht níos fearr na mban i ngach eagraíocht agus eintiteas ionadaíoch, agus íocaíocht chomhionann idir na hinscní a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á mheabhrú go gceanglaítear leis an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne do 2020-2025 go dtacóidh cistí ábhartha an Aontais le gníomhaíochtaí, amhail CEMID, chun cothromaíocht oibre is saoil na mban agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a chur chun cinn, infheistíochtaí i saoráidí cúraim a chur chun cinn, tacú le fiontraíocht na mban, agus leithscaradh inscne a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit iarracht a áirithiú nach mór do gach clár agus gníomhaíocht atá dírithe ar dhaoine óga a mhealladh chuig earnáil na hiascaireachta a dhéantar faoi CBI rannchuidiú le comhionannas inscne a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gné sheachtrach CBI agus rialachas na n-aigéan</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tuilleadh iarrachta chun CBI a chur chun cinn mar shamhail bheartais do rialachas na n-aigéan, trí úsáid a bhaint as seasamh an Aontais in ERBInna, i gcomhaontuithe saorthrádála agus i gComhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe, agus ar bhonn níos ginearálta i bhfóraim idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go mbeidh sé sin bunriachtanach chun iomaíocht chóir a áirithiú d’oibreoirí an Aontais agus chun leasanna earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a chosaint ar an leibhéal domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún faireachán ar dháileadh ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais, lena n-áiritheofar go leithdháilfear iad sin ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á iarraidh go neartófaí ról ERBInna agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún creat ginearálta a mholadh do na sainorduithe caibidlíochta maidir le rannpháirtíocht sna heagraíochtaí sin; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh an Coimisiún rannpháirtíocht na Parlaiminte a áirithiú ag na céimeanna is luaithe de dhréachtú beart agus moltaí lena nglacadh laistigh de ERBInna, ar bhealach nach mbaineann an bonn de sheasamh caibidlíochta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á mheas nár cheart limistéar aigéin ná acmhainn ábhartha iascaigh a bheith ann nach gcumhdaítear leis an ERBI ábhartha; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cruthú ERBInna nua a chur chun cinn, i gcás inar gá, chomh maith leis na ERBInna atá ann cheana a oiriúnú, i bhfóraim idirnáisiúnta, chun feabhas a chur ar chosaint na stoc éisc agus ar bhainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh agus chun gníomhaíochtaí inbhuanaithe na gcabhlach atá ag oibriú sna limistéir sin a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á chur i bhfios go gcuireann SFPAnna le tíortha nach bhfuil san Aontas tairbhí frithpháirteacha ar fáil don Aontas agus do thíortha comhpháirtíochta araon; á chur i bhfios go láidir go n-áirítear sna SFPAnna a rinneadh le déanaí clásail maidir le cearta an duine agus go ndéantar riachtanais na bpobal áitiúil a chomhtháthú iontu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go n-urramóidh an Coimisiún gach gné den dlí idirnáisiúnta go hiomlán agus é i mbun na gné seachtraí de CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go ndéanfar cuspóirí CBI a chomhtháthú go hiomlán i seasamh an Aontais i ngach fóram idirnáisiúnta comhshaoil, amhail an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) nó an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), ina bpléitear ceisteanna a bhaineann le hacmhainní bitheolaíocha na mara;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Allmhairí agus trádáil agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á mheas nach mór táirgí bia uiscigh a allmhairítear a bheith faoi réir nósanna imeachta diana faireacháin agus deimhniúcháin, chun a áirithiú go dtagann siad ó iascaigh inbhuanaithe, agus faoi réir ardchaighdeáin sláinte, chomhshaoil agus shóisialta, atá chomh dian céanna leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart é sin a éileamh trí bhíthin clásail shonracha sna comhaontuithe trádála nua arna gcaibidliú ag an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil an córas inrianaitheachta le haghaidh táirgí bia uiscigh úra, reoite agus próiseáilte a allmhairítear isteach san Aontas, lena n-áirítear le haghaidh luanta tuinnín a allmhairítear faoi chóras na dtaraif-chuótaí uathrialaitheacha (ATQanna), bunriachtanach chun ionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh trí fhaisnéis d’fhonn sábháilteacht bia a fheabhsú agus seiceálacha ar allmhairí tríú tír a cheadú, in éineacht le bearta chun iascaireacht NNN a chomhrac; á iarraidh go mbeadh cur chuige níos comhchuibhithe ann san Aontas i ndáil le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le NNN a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á mheabhrú gurb é an tAontas an margadh allmhairiúcháin is mó agus is tarraingtí do tháirgí bia mara agus dobharshaothraithe; á iarraidh go ndéanfaí an seasamh tráchtála sin a ghiaráil chun leasanna thomhaltóirí an Aontais a chosaint maidir le hardchaighdeáin agus earnálacha an Aontais a chur chun cinn, chun cosc a chur ar a chomhpháirtithe éirí as comhaontuithe nó gealltanas agus chun cothrom na Féinne a chothú ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe maidir le caighdeáin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe nasc díreach idir forálacha trádála agus iascaigh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Chomhairle a áirithiú go mbeidh an chaibidlíocht iascaigh leis an Ríocht Aontaithe agus le stáit chósta eile san Atlantach Thoir Thuaidh nasctha freisin le saincheisteanna a bhaineann le trádáil agus rochtain ar mhargadh aonair an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá beartas neamhfhulaingthe an Aontais maidir le hiascaireacht NNN, i bhfianaise go bhfuil sé fós ag tarlú ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear samplaí ó easpa trédhearcachta maidir le hoibríochtaí iascaireachta neamhdhleathacha go sclábhaíocht nua-aimseartha, amhail i gcás roinnt soithí Síneacha, agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil bia mara neamhúdaraithe fós á dhíol ar roinnt margaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>á chur i bhfios nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí dul i ngleic le hiascaireacht NNN agus a áirithiú nach gcuirfidh tomhaltas bia mara san Aontas leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún ról EFCA maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí roinn maidir le dul i ngleic le hiascaireacht NNN i ngach comhaontú saorthrádála le tríú tíortha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na réigiúin is forimeallaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á mheas nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach, le gnéithe áirithe de CBI, ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an staid sin ar bhonn Airteagal 349 CFAE agus trí chur chuige réigiúnaithe, mar a chumhdaítear in CBI, agus, i gcás inar gá, na coigeartuithe is gá a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>ag tarraingt aird ar ghnéithe sonracha na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe sna réigiúin is forimeallaí; á iarraidh ar an gCoimisiún clár roghanna a mholadh a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánachas (POSEI) d’iascach agus dobharshaothrú, cosúil leo sin na talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tacaíocht an Aontais agus náisiúnta chun cabhlaigh iascaireachta ar mionscála a athnuachan ríthábhachtach do na réigiúin sin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, go háirithe, a threoirlínte maidir leis an anailís ar an gcothromaíocht idir acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta (COM(2014)0545) a oiriúnú do shaintréithe na réigiún is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé staidéir láidre a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara in uiscí uile an Aontais agus, go háirithe, sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á áitiú gur gá tacú le modhanna roghnaitheacha iascaireachta, amhail gléasanna comhthiomsaithe éisc ar ancaire a úsáideann cabhlaigh mhionscála sna ORanna, ar choinníoll go rannchuidíonn feistí den sórt sin le hiascaireacht inbhuanaithe agus roghnaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an eolas eolaíoch ar limistéir eacnamaíocha eisiacha na ORanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An t-athrú aeráide agus dúshláin eile don todhchaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>á chur i bhfáth gur príomhdhúshláin iad maolú agus oiriúnú don athrú aeráide nach dtéitear i ngleic leo go leordhóthanach leis an gComhbheartas Iascaigh atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>137.</NO.P>á chur i bhfáth nach mbeidh brí leis na hiarrachtaí a dhéanann tionscal na hiascaireachta chun inbhuanaitheacht na stoc a fheabhsú agus chun gealltanas a thabhairt iad a choinneáil i ndea-bhail a luaithe a bhainfear dea-stádas amach mura dtugtar aghaidh ar an athrú aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>138.</NO.P>ag cur béim láidir ar an ngá atá le taighde eolaíoch chun díriú níos mó ar na hidirghníomhaíochtaí idir athruithe comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide agus stoic éisc, ionas nach gcuirfear an milleán ar ídiú stoc ar thionscal na hiascaireachta amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>139.</NO.P>á chur i bhfáth nach cúis leis an athrú aeráide iad iascairí agus an chuid eile den slabhra bia mara ach gur íospartaigh iad dá bharr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>140.</NO.P>á mheas go bhfuil earnáil an dobharshaothraithe in ann rannchuidiú go comhsheasmhach le seirbhísí éiceachórais don tsochaí, agus gur féidir le dobharshaothrú locháin, algaí agus sliogéisc rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar an Aontais agus leis an athrú aeráide a mhaolú; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil ceapadh carbóin ag feirmeoireacht algaí agus sliogéisc teoranta ag brath ar an modh táirgthe agus ar an úsáid nuair a shaothraítear an táirge; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit slabhraí soláthair gairide éifeachtúla a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn rannchuidiú leis an athrú aeráide a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>141.</NO.P>á chur i bhfios gur féidir le cleachtais áirithe dobharshaothraithe, amhail diúilicíní nó feirmeoireacht oisrí agus ilsaothrú críche locháin, a bheith ina samhlacha rathúla do chórais chreidmheasa astaíochtaí amach anseo, i gcomhthéacs reachtaíocht aeráide an Aontais; á iarraidh go dtacódh an Coimisiún agus na Ballstáit leis an gcineál sin gnó ghlais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>142.</NO.P>á iarraidh go leanfadh na Ballstáit de spreagadh a thabhairt d’fheirmeoireacht algaí a chur chun cinn agus úsáid agus forbairt algaí mar bhia agus mar bheatha a éascú; á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht neamhshaothraithe i bhfeirmeoireacht algaí chun poist nua a chruthú agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar agus bia agus beatha atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>143.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach a chur san áireamh, agus athbhreithniú á dhéanamh ar an gComhbheartas Iascaigh, go bhfuil athrú tagtha ar shaintréithe an aigéin (teocht, dlús, salandacht, sáithiú ocsaigine, etc.) le 10 mbliana anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>144.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le héiceachórais níos athléimní trí limistéir mhuirí faoi chosaint atá nasctha agus a bhainistítear go héifeachtach, mar bhonn d’earnálacha iascaireachta eacnamaíocha atá athléimneach agus brabúsach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>145.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcás iascaigh, go mbaintear amach athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide trí limistéir iascaireachta éagsúlaithe agus trí speicis spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>146.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát acmhainní daonna agus airgeadais a mhéadú d’eolaíocht iascaigh a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an gcabhlach a dhícharbónú, agus anailís á déanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar staid an iascaigh agus ar a chomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>147.</NO.P>á iarraidh go mbeadh nuálaíocht ann maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar stoic faoi chuimsiú dlúthchomhar idir an pobal eolaíochta agus geallsealbhóirí, chun an imoibríocht a mhéadú agus chun uirlisí bainistithe oiriúnaithe a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>148.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún uirlisí agus cistiú leordhóthanach a cheapadh do na hearnálacha a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>149.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn in earnáil an iascaigh, cláir Eorpacha a chur ar bun d’iascairí chun bruscar a bhailiú ar muir, más féidir leo déanamh amhlaidh, le linn tréimhsí nach bhfuil siad in ann dul i mbun iascaireachta, agus ar an gcaoi sin a n-ioncam a fhorlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>150.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar fhorálacha uile CBI nár cuireadh chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh ina leith;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iascaigh áineasa</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>151.</NO.P>á chur i bhfáth a phráinní agus a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar bhailiú sonraí ó ghabhálacha iascaigh áineasa; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit Rialachán (AE) 2017/1004 a áireamh sa Chreat Eorpach maidir le Bailiú Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/1004 an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gcomhbheartas iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, gach speiceas atá faoi réir TACanna agus cuótaí, chomh maith leis na speicis sin a áirítear i bpleananna bainistíochta ilbhliantúla (MAPanna) agus faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>152.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le sonraí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar iascaigh áineasa an Aontais ar éiceachóras na mara agus ar acmhainní bitheolaíocha na mara in uiscí an Aontais, lena n-áirítear sonraí maidir le foghabháil, go háirithe speicis atá cosanta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, sonraí maidir le tionchair iascaigh áineasa ar ghnáthóga muirí, lena n-áirítear limistéir mhuirí leochaileacha, agus sonraí maidir le tionchair iascaigh ar ghréasáin bhia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>153.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an iascaireacht áineasa ar stoic éisc; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh san athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar iascaigh áineasa ar bhealach atá comhoiriúnach le cuspóirí CBI;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dobharshaothrú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>154.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá an dobharshaothrú chun slándáil fhadtéarmach an tsoláthair bia a ráthú agus chun rannchuidiú le freastal ar éileamh méadaitheach an domhain ar bhia uisceach, chomh maith lena rannchuidiú chun fás agus fostaíocht a chruthú do shaoránaigh an Aontais, chun éiceachórais agus bithéagsúlacht a chaomhnú ar bhealach níos fearr agus chun a bheith mar chuid de bhainistiú níos ciorclaí acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>155.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil lorg carbóin níos ísle ag bia mara feirmshaothraithe, mar fhoinse próitéine le haghaidh bia, agus gur gá an úsáid is lú is féidir a bhaint as acmhainní nádúrtha a bhaineann le beostoc talún eile, agus go bhfuil ról tábhachtach aige chun cabhrú le córas bia inbhuanaithe a thógáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>156.</NO.P>á aithint go bhfuil ról ag na treoirlínte straitéiseacha agus na pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla chun dobharshaothrú inbhuanaithe athléimneach a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>157.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil dobharshaothrú na hEorpa marbhánta ó 2014 i leith agus nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta déanta maidir leis an ualach riaracháin a laghdú agus maidir leis an dobharshaothrú a chomhtháthú sa phleanáil mhuirí, chósta agus spásúlachta intíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>158.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil dobharshaothrú na hEorpa i bhfad óna acmhainneacht iomlán a bhaint amach agus go bhfuil ráta spleáchais allmhairiúcháin an Aontais an-ard ós rud é go ndéantar beagnach 75 % den bhia mara iomlán a ídítear san Aontas a allmhairiú ó thríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>159.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit fás an dobharshaothraithe ísealtionchair ar an gcomhshaol a chur chun cinn, lena n-áirítear ní hamháin moilisc agus algaí ach feirmeoireacht fionnuisce agus éisc eite mhuirí freisin, seachas fás an dobharshaothraithe ísealtrófaigh a chur chun cinn; á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá táirgeadh éisc eite i soláthar mhargadh an Aontais, mar gheall ar scála na dtonnáistí allmhairithe atá i gceist (94 % in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>160.</NO.P>á mheabhrú go leanann tíortha móra táirgeoirí neamh-AE d’fhás a n-earnáil feirmeoireachta éisc eite a chur chun cinn go mór, agus gurb é an tAontas an príomhmhargadh onnmhairiúcháin atá acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>161.</NO.P>á iarraidh go dtacódh an Coimisiún agus na Ballstáit go gníomhach le cur chun feidhme na dtreoirlínte straitéiseacha athbhreithnithe agus na bpleananna náisiúnta ilbhliantúla agus a inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chur chun cinn agus béim á leagan ní hamháin ar inbhuanaitheacht chomhshaoil ach ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta dhobharshaothrú an Aontais freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>162.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndéanann beartas trádála reatha an Aontais cothrom na Féinne a choimirciú idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí neamh-AE a chuirfidh ar chumas earnáil an dobharshaothraithe torthaí eacnamaíocha inbhuanaithe a bhaint amach agus mar chúiteamh air sin rannchuidiú le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch réigiúin an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>163.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá an dobharshaothrú chun slándáil fhadtéarmach an tsoláthair bia a ráthú agus chun rannchuidiú le freastal ar éileamh méadaitheach an domhain ar bhia uisceach, chomh maith leis an méid a chuireann sé le fás agus fostaíocht a chruthú do shaoránaigh an Aontais, le héiceachórais agus bithéagsúlacht a chaomhnú ar bhealach níos fearr agus le bheith mar chuid de bhainistiú níos ciorclaí acmhainní; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil dobharshaothrú na hEorpa marbhánta ó 2014 agus go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta maidir leis an ualach riaracháin a laghdú agus maidir leis an dobharshaothrú a chomhtháthú i bpleanáil mhuirí, chósta agus spásúlachta intíre; á chur i bhfáth go bhfuil dobharshaothrú na hEorpa i bhfad ó lánacmhainneacht agus go ndéantar 75 % den bhia mara a thomhlaítear san Aontas a shaothrú i saoráidí lasmuigh den Aontas; á iarraidh go dtacódh an Coimisiún go gníomhach le cur chun feidhme na dtreoirlínte straitéiseacha athbhreithnithe agus na bpleananna náisiúnta athbhreithnithe agus a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>164.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>