<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0046</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe athléimneacha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0437/2023 -  Rapóirtéir:Niclas Herbst)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe agus athléimneach (2023/2124(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 21 Feabhra 2023 ón gCoimisiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe athléimneach’ (COM(2023)0102) (an ‘plean gníomhaíochta’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, an 12 Iúil 2023, maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe agus athléimneach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 349, 29.9.2023, lch. 127.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 39 de, maidir le caighdeán cóir maireachtála do na pobail talmhaíochta agus iascaireachta a áirithiú, agus Airteagal 5 de maidir le prionsabal na comhréireachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Developmen’t</STRING> [I mbun athrú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe], a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac an 25 Meán Fómhair 2015, agus go háirithe do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 ó Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena spreagtar caomhnú agus dúshaothrú inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-acmhainní muirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Pháras an 12 Nollaig 2015 agus go háirithe Airteagal 2(1)(b) de maidir le hoiriúnú do dhrochthionchar an athraithe aeráide ar bhealach nach gcuireann táirgeadh bia i mbaol,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le Caomhnú agus Úsáid Inbhuanaithe na Bithéagsúlachta Muirí i Limistéir lasmuigh den Dlínse Náisiúnta, an 19 Meitheamh 2023 (Conradh na Náisiún Aontaithe ar an Mórmhuir) agus do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce<FOOTNOTE><FIELD> IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 23.12.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 248, 22.9.2007, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le hEascanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu<FOOTNOTE><FIELD> IO L 242, 19.9.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">More fish in the seas?</STRING> [Níos mó éisc sna farraigí?] <STRING ITALIC="on">Measures to promote stock recovery above the maximum sustainable yield (MSY), including fish recovery areas and marine protected areas’</STRING> [Bearta chun aisghabháil stoc a chur chun cinn os cionn na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI), lena n-áirítear limistéir aisghabhála éisc agus limistéir mhuirí faoi chosaint]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 129.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Toward a sustainable blue economy in the EU: the role of the fisheries and aquaculture sectors’</STRING> [I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe in AE: ról na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 62.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2022 ar mhóiminteam do na haigéin chun rialachas agus bithéagsúlacht na n-aigéan a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 106.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 ar chomhbhainistíocht iascaigh san Aontas agus rannchuidiú earnáil an iascaigh le bearta bainistíochta a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0132.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Samhain 2023 ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0411.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón Uachtaránacht an 26 Meitheamh 2023 maidir leis an bpacáiste beartais Iascaigh d’earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe atá inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aitheasc 2023 ar Staid an Aontais Eorpaigh an 13 Meán Fómhair 2023 ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2007 dar teideal ‘Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach’ (COM(2007)0575),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoraíocht 2018 ón gCoimisiún maidir le Dobharshaothrú agus Natura 2000;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Implementation of the Technical Measures Regulation’</STRING> [Cur chun Feidhme an Rialacháin maidir le Bearta Teicniúla nua (Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/1241)] (COM(2021)0583),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Criteria and guidance for protected areas designations’ </STRING>[Critéir agus an treoraíocht le haghaidh limistéir faoi chosaint a ainmniú] (SWD(2022)0023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais agus dá thuarascáil an 4 Bealtaine 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The global assessment report on biodiversity and ecosystem services’</STRING> [Tuarascáil mheasúnachta dhomhanda um sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara an 24 Meitheamh 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU request on how management scenarios to reduce mobile bottom fishing disturbance on seafloor habitats affect fisheries landing and value’</STRING> [Iarraidh ón Aontas maidir leis an gcaoi a gcuireann cásanna bainistíochta chun iascaireacht ghrinnill shoghluaiste sna gnáthóga grinnill isteach ar thabhairt i dtír agus luach iascaigh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 26/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Marine Environment: EU protection is wide but not deep’</STRING> [An Comhshaol Muirí: tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle Chomhairleach um dhobharshaothrú Meitheamh 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Impact of the Action Plan’s Bottom Trawling Ban on Shellfish Farming</STRING> [Tionchar an Phlean Gníomhaíochta ar Fheirmeoireacht Sliogéisc maidir lena Thoirmeasc ar Thrálaeireacht Ghrinnill], chomh maith le freagra an Choimisiúin an 1 Lúnasa 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Answer to the Aquaculture Advisory Council’s Recommendation ‘Impact of the Action Plan’s Bottom Trawling Ban on Shellfish Farming’</STRING> [Freagra ar mholadh ón gComhairle Chomhairleach um dhobharshaothrú ‘Tionchar an Phlean Gníomhaíochta ar Fheirmeoireacht Sliogéisc maidir lena Thoirmeasc ar Thrálaeireacht Ghrinnill’], chomh maith le litir uaidh an 3 Aibreán 2023 chuig Feisirí David McAllister, Jens Gieseke agus Niclas Herbst maidir le <STRING ITALIC="on">Krabbenfisherei</STRING> (iascaigh portán)<FOOTNOTE><FIELD> Ares(2023)3615063.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0437/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cheart cosaint an aigéin a bheith faoi threoir an phrionsabail maidir le hoidhreacht chomhchoiteann an chine dhaonna; de bhrí gur gá, mar ábhar práinne, dlús a chur le gníomhaíocht ar leibhéal AE chun fíormheath éiceachóras muirí atá ann cheana agus a bhfuil tuairisc air ó thaobh na heolaíochta de a aisiompú trí aghaidh a thabhairt ar na brúnna daonna agus nádúrtha féideartha uile a mhéid is féidir, tacú le téarnamh dearfach stoic éisc, speiceas agus a ngnáthóga, agus staidéir eolaíochta, taighde agus forbairt a spreagadh, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’iascaigh agus teicnící lena n-áirithítear iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe, agus rannpháirtíocht iomlán ó oibreoirí, ionadaithe ó na húdaráis áitiúla, ón tsochaí shibhialta agus ó phobail chósta, a chuireann leis an gcuspóir domhanda sin ar bhealach bunriachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil go leor téacsanna reachtacha, teachtaireachtaí, straitéisí agus rialacháin ann faoi láthair a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus bainistiú iascaigh, go háirithe maidir le hathbhunú dúlra;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, lena n-áirítear SFI 14, chomh maith lena oibleagáidí faoi Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéantar bearta uile AE maidir le gnéithe seachtracha agus inmheánacha araon an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a bhainistiú trí struchtúr rialachais neamh-chomhtháite, a bhfuil easpa sineirgí agus coimhlintí i measc geallsealbhóirí eacnamaíocha gorma inbhuanaithe mar thoradh air; de bhrí gur cheart don Choimisiún cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur i bhfeidhm i ngach beartas AE maidir leis an ngeilleagar gorm, mar chuid de chreat dlíthiúil uileghabhálach, chun spriocanna sonracha beartais a bhaint amach agus chun a áirithiú go ndéantar iad a bhainistiú trí chur chuige comhtháite agus comhsheasmhach lena gcuirtear sineirgí idir gach gníomhaíocht mhuirí chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir na Ballstáit seasaimh éagsúla in iúl ag an gcruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an 20 Márta 2023, lena n-áirítear cáineadh, maidir leis an bplean gníomhaíochta; de bhrí go ndearna parlaimintí náisiúnta in ocht mBallstát an grinnscrúdú sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór an plean gníomhaíochta a ailíniú le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, lena bhféachtar le caomhnú agus bainistiú cuí acmhainní bitheolaíocha na mara a ráthú agus lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe, ar léir go bhfuil siad straitéiseach i ngéarchéimeanna le déanaí, inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainistítear iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus chun cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla atá fós ar siúl ag Ríocht na Spáinne an 14 Samhain 2022 agus ag eagraíochtaí iascairí agus táirgeoirí na Gailíse an 13 Nollaig 2022 ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 lena leagtar síos 87 limistéar in uiscí AE an Atlantaigh Thoir Thuaidh ina bhfuil cosc ar an trealamh iascaireachta grinnill uile, arb ionann na limistéir sin agus achar iomlán 16 419 km2 agus 17 % den limistéar idir 400 agus 800 méadar ar doimhneacht, ar limistéar é nach gceadaítear trealamh iascaireachta grinnill; de bhrí gur glacadh an Rialachán Cur Chun Feidhme sin gan measúnú tionchair shocheacnamaíoch a dhéanamh roimh ré agus go mbeidh tionchar socheacnamaíoch tromchúiseach ar na cabhlaigh iascaireachta lena mbaineann mar thoradh ar a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach mór bithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus a athbhunú i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile, go háirithe le hearnáil an iascaigh agus le pobal na heolaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, de réir an eolais atá ag an gCoimisiún, in 2009, nach raibh ach 5 stoc éisc a ndearnadh iad a iascach ar bhealach inbhuanaithe in AE, ach faoi 2022, gur mhéadaigh an líon sin go dtí níos mó ná 60 agus go bhfuil feabhas ag teacht i gcónaí ar an staid<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The common fisheries policy today and tomorrow: a Fisheries and Oceans Pact towards sustainable, science-based, innovative and inclusive fisheries management’</STRING> [An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan i dtreo bainistiú iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach] (COM(2023)0103).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, in ainneoin dul chun cinn maith a rinneadh in 2022 maidir leis na cuspóirí a leagtar amach faoin gComhbheartas Iascach a bhaint amach, go bhfuil gá le níos mó dul chun cinn in éiceachórais mhuirí AE, go háirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go mbeidh todhchaí na slándála bia ag brath freisin ar ár gcumas dul i ngleic le cailliúint an dúlra agus tionchar méadaitheach an athraithe aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun éiceachórais a bhainistiú lena gcuirtear san áireamh cúiseanna uile chailliúint na bithéagsúlachta, amhail ró-iascaireacht, an t-athrú aeráide, aigéadú na n-aigéan, speicis choimhthíocha, creimeadh cósta nó cailliúint na bithéagsúlachta muirí, lena n-áirítear trí ghníomhartha lena gcumasaítear limistéir mhuirí faoi chosaint a bhainistítear go cuí, bearta agus gníomhaíochtaí caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile, amhail an fheirmeoireacht sliogéisc, a bheith tairbheach d’iascaigh agus éiceachórais araon;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint an chomhshaoil agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag moladh na n-iarrachtaí a rinne an earnáil iascaireachta AE agus an dul chun cinn a baineadh amach trí iascaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe fós agus rannchuidiú le cosaint agus úsáid inbhuanaithe na n-éiceachóras muirí; á mheas, in ainneoin na n-iarrachtaí agus an dul chun cinn sin, go bhfuil tionchar ag roinnt tosca eile ar an aigéan, amhail ró-iascaireacht, an t-athrú aeráide, aigéadú, speicis choimhthíocha ionracha agus foinsí éagsúla truaillithe, go háirithe ó ghníomhaíochtaí talamhbhunaithe agus iompar, ar tosca iad nach bhfuil smacht ag iascairí orthu agus atá ina mbagairt do shlite maireachtála na n-iascairí agus na n-éiceachóras muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil luach intreach ag an aigéan agus ag gach speiceas ag brath air; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éiceachórais shláintiúla mhuirí ríthábhachtach don bheatha ar domhan agus go bhfuil ról lárnach acu i bhfolláine an phláinéid; á aithint gur gá feabhas a chur ar chosaint na n-aigéan ar an leibhéal domhanda agus ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chreidiúint, ar aon dul leis na geallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu leis an iascach agus le beartais chomhshaoil, go dtéann éiceachórais shláintiúla mhuirí chun tairbhe dár sláinte, dár sochaí agus dár ngeilleagar, agus go bhfuil siad riachtanach don phláinéad ar fad agus go háirithe do na daonraí a bhíonn ag brath orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú a ríthábhachtaí atá na haigéin mar chroílár na gcóras aeráide agus bhia, toisc go gclúdaíonn siad 71 % de dhromchla an domhain, go dtáirgeann siad leath den ocsaigin atá againn agus go súnn siad aon trian d’astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING>; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige beartais agus maoiniúcháin a fhorbairt do chaomhantas agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan; á iarraidh go gcaomhnaítear na slite beatha atá bunaithe ar na haigéin agus bithéagsúlacht na n-aigéan ar bhonn domhanda; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag na haigéin, go háirithe le haghaidh ceapadh carbóin, forbairt fuinnimh in-athnuaite, cruthú post, laghdú bochtaineachta, iompar earraí agus cumarsáid idirlín; ag tabhairt rabhaidh faoin idirspleáchas atá idir iascaigh agus slándáil bia, toisc go mbraitheann 3,3 billiún duine ar bhia ón muir chun 20 % ar a laghad dá n-iontógáil próitéine ainmhíche a fháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bia á shaothrú ag pobail chósta ó fharraigí na hEorpa leis na glúnta; á mheas go rannchuidíonn na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus na pobail chósta sin le slándáil inbhuanaithe bia i réimse an gheilleagair ghoirm; á chreidiúint gur cheart go measfaí go rannchuidíonn úsáid agus bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní muirí leis na héiceachórais mhuirí, seachas baint uathu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur chuige atá comhleanúnach leis na rialacháin atá ann cheana</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheas go bhfuil cur chuige comhleanúnach in easnamh i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le tosaíochtaí agus straitéisí eile, amhail slándáil bia agus uathriail straitéiseach AE a áirithiú; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cheart an plean gníomhaíochta a bhainistiú trí chur chuige comhtháite, comhsheasmhach agus bunaithe ar éiceachórais lena gcuirtear sineirgí idir na gníomhaíochtaí muirí uile chun cinn chun coinbhleachtaí a sheachaint agus comhar a chothú, go háirithe maidir le bonneagar fuinnimh mhuirí, agus gur cheart machaire comhréidh le tíortha nach de chuid AE iad a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach ndearnadh cúinsí, amhail praghsanna ardaithe, gné shóisialta CBI a fheabhsú agus fás eacnamaíoch agus fostaíocht a neartú, a bhreithniú go leordhóthanach sa phlean gníomhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go dtagann an plean gníomhaíochta atá beartaithe tráth atá ualach ar an earnáil iascaireachta de dheasca iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin, ardú agus dothuarthacht praghsanna ola agus Brexit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil imní ghinearálta ann maidir leis an easpa comhairliúchán iarbhír le geallsealbhóirí chun tacaíocht don phlean gníomhaíochta a áirithiú; á chur in iúl gur cúis imní di i gcoitinne nach gcuirtear breithnithe comhréireachta san áireamh go cuí i dtograí ón gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú gur cheart go mbeadh an plean gníomhaíochta comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, chun a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainistítear iad ar bhealach a bheidh ag luí le cur chuige bunaithe ar éiceachórais; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an plean gníomhaíochta comhsheasmhach freisin leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, chomh maith le cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia agus an leas is fearr a bhaint as na deiseanna iascaireachta atá ar fáil chun spleáchas ar mhargaí nach de chuid AE iad a laghdú; á chur in iúl gur geal léi aon chuspóirí lena gcumasaítear cur chuige comhsheasmhach idir CBI agus beartais eile, go háirithe reachtaíocht chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tacú leis an ngá atá le tionscadail taighde eolaíoch agus nuálaíochta a neartú agus a fheabhsú, ar cheart iad a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, treoirthionscadail agus tionscadail eolaíocha a bhaineann le nuálaíocht agus taighde, amhail iad siúd, mar shampla, a bhfuil sé mar aidhm leo úsáid micreaphlaisteach a laghdú agus a ionadú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éiceachórais mhuirí a athbhunú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa comhleanúnachais i dteideal an phlean gníomhaíochta chomh maith leis an easpa sraith cuimsitheach moltaí sa phlean gníomhaíochta, toisc go ndírítear leis den chuid is mó ar na cleachtais iascaireachta a dhéanann difear do speicis agus gnáthóga agus toisc nach dtugtar aghaidh ar an acmhainneacht le haghaidh ailíniú idir teicnící agus cleachtais iascaireachta agus éiceachórais a chosaint nó a athchóiriú; á mheabhrú a ábhartha atá sé cothromaíocht a aimsiú idir ceanglais d’úsáideoirí agus gnóthachain don dúlra chun intuarthacht agus soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, agus á chur i bhfáth gur gá d’iascairí a bheith mar chuid den réiteach, seachas iad a chur chun cinn mar chúis na faidhbe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go dtugtar aghaidh sa phlean gníomhaíochta freisin ar an bhféidearthacht bearta breise a thabhairt isteach chun roghnaíocht a neartú, lena n-áirítear nuálaíochtaí chun roghnaíocht trealaimh agus gléasanna iascaireachta a fheabhsú agus bearta chun gabhálacha iasc óg agus foghabháil speiceas íogair a laghdú; á mheabhrú nach mór gabhálacha de thaisme de speicis mhuirí íogaire a laghdú agus, i gcás inar féidir, deireadh a chur leo ionas nach mbeidh siad ina mbagairt ar stádas caomhnaithe na speiceas sin, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur iarr an Coimisiún foghabháil speiceas íogair a laghdú; á thabhairt chun suntais, go háirithe, go bhfuil géarghá le gníomhú chun foghabháil deilfeanna agus muca mara coiteanna a laghdú trí dhúnadh gearrthéarmach limistéir iascaireachta áirithe a bhunú mar aon le gléasanna fuaimchiaptha agus córais faireacháin fheabhsaithe, i gcomhréir le comhairle eolaíoch; á mheabhrú go bhfuil cúiteamh agus dreasachtaí airgeadais ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) chun tionchair shocheacnamaíocha na mbeart sin a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tionscnaimh a fhorbairt agus tacú leo chun éiceachórais mhuirí a athbhunú, ar tionscnaimh iad nach féidir a dhéanamh ach amháin má bhíonn lucht déanta beartas rannpháirteach go hiomlán leo siúd a bhfuil a slite beatha ag brath ar na limistéir mhuirí sin agus má chomhoibríonn siad leo; á iarraidh, chun na críche sin, tacaíocht airgeadais a thabhairt do staidéir eolaíocha agus bailiú sonraí maidir le héiceachórais mhuirí, cúiteamh airgeadais agus dreasachtaí, mar shampla tríd an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), ar cheart í a úsáid chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do chabhlaigh iascaireachta AE atá ag aistriú chuig teicnící iascaireachta níos roghnaí, agus go háirithe chun tacú leis na hiascairí is mó a ndéanann na srianta difear dóibh, chomh maith le tionchair shocheacnamaíocha na mbeart sriantach a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, mar shampla, go léirítear i staidéir eolaíocha go bhféadfaí na héisc is óige a fhágáil san uisce dá mhéadófaí mogallmhéideanna agus íosmhéideanna tabhairt i dtír agus, dá bhrí sin, go méadófaí na deiseanna do phobail éisc atáirgeadh, rud a d’fhágfadh go mbeadh táirgeacht níos airde d’iascairí agus gabhálacha níos airde in aghaidh na hiarrachta aonaid mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag athdhearbhú na gcuspóirí chun 30 % ar a laghad de limistéir mhuirí AE a chosaint agus 10 % ar a laghad de limistéir mhuirí a chosaint go docht faoi 2030; ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir le MPAnna nua a ainmniú, mar chuid de líonra Natura 2000 AE agus trí ainmniúcháin náisiúnta chomhlántacha araon;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Limistéir mhuirí faoi chosaint (LMFC)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil limistéir mhuirí faoi chosaint éagsúil ó thaobh méide, speiceas, gnáthóg agus na n-éiceachóras spriocdhírithe de agus nár cheart breathnú orthu mar limistéir aonfhoirmeacha lena dtugtar na tairbhí a bhaineann le limistéir mhuirí faoi chosaint dea-bhainistithe d’éiceachórais mhuirí; á mheas, dá bhrí sin, go dtacaíonn plean gníomhaíochta an Choimisiúin le cur chuige róshimplithe, go háirithe trí thoirmeasc forleathan ar threalamh iascaireachta áirithe a mholadh, rud a thugann le tuiscint gur cheart go gcaithfí leis na limistéir mhuirí uile faoi chosaint ar an gcaoi chéanna, a léirítear leis na tograí a bhaineann le trealamh iascaireachta áirithe agus deireadh a chur de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste sna LMFCanna uile faoi 2030 mar shampla; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann maidir le sainiú agus cur chun feidhme LMFCanna, agus cuspóirí caomhnaithe gach limistéir ar leith á gcur san áireamh, agus gníomhaíochtaí lena mbaintear úsáid as na limistéir sin go traidisiúnta freisin, chomh maith le timpeallacht dhinimiciúil atá ag athrú mar thoradh ar an athrú aeráide, agus rannpháirtíocht éifeachtach na n-iascairí á háirithiú ag an am céanna maidir lena n-ainmniú agus mbainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil comhdhearcadh láidir eolaíoch ann gur féidir le MPAnna dul chun tairbhe na n-iascach de bharr a n-éifeachtaí iarmhartacha agus a n-éifeachtaí dearfacha ar earcaíocht, mar shampla trí láithreáin atáirgthe, éisc óga, agus máthairéisc mhóra a bhfuil ardacmhainneacht síolraithe acu a chosaint, mar a léirítear in MPAnna áirithe ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais, nuair a éiríonn le MPAnna, go mbaineann tairbhí suntasacha socheacnamaíocha leo, go háirithe do phobail chósta agus d’earnáil an iascaigh agus na turasóireachta, agus gur féidir le MPAnna príomhfheidhmeanna éiceolaíocha a dhéanamh chun líon éisc a atáirgeadh, amhail trí láithreacha sceite agus iasclanna a chur ar fáil, agus chun a n-athléimneacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go dtabharfadh an Coimisiún agus na Ballstáit aird ar an bhfíoras gur cheart uirlisí éifeachtacha eile um chosaint an chomhshaoil, amhail bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile, a mheas sa phlean gníomhaíochta chun cuidiú le spriocanna a bhaint amach agus éifeachtaí na mbeart sin a uasmhéadú, ar bearta iad a cuireadh chun feidhme cheana i dtimpeallacht dhinimiciúil atá ag athrú mar thoradh ar an athrú aeráide, chomh maith le comhréireacht a choinneáil i measc na mbeart uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfí chun feidhme na bearta cosanta nó sriantacha ar gá leo chun na spriocanna caomhnaithe agus athchóirithe a bhaineann go sonrach le gach LMFC a bhaint amach, lena n-áirítear na bearta teicniúla ar gá leo chun na spriocanna a bhaint amach, agus trí chistiú leordhóthanach, ag tosú leis na limistéir is mó atá i mbaol agus na láithreáin Natura 2000 a bhfuil sé mar aidhm leo gnáthóga muirí a chosaint; ag meabhrú oibleagáidí dlíthiúla na mBallstát agus á thabhairt chun suntais gur chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta in aghaidh Ballstát áirithe toisc gur dócha nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir maidir le Gnáthóga<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheas gur uirlisí iad LMFCanna agus limistéir eile faoi chosaint, agus nach cuspóirí iontu féin iad; ag aithint go bhfuil a rath ag brath ar iascairí, pobail chósta agus geallsealbhóirí eile a bheith ag glacadh leo agus á nglacadh chucu féin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cláir taighde eolaíoch a sheoladh agus a mhaoiniú agus á iarraidh earnáil na hiascaireachta a áireamh, lena n-áirítear a chomhpháirt cheardaíochta, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus MPAnna á ndearadh, á mbainistiú, á gcur chun feidhme agus faireachán agus faireachas á dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheas nach féidir ach le AE amháin rannpháirtíocht san eolaíocht, le hearnáil an iascaigh agus leis na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a shaothrú, go háirithe i ndáil le droch-chleachtais ag cabhlaigh eachtracha a chosc; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí domhanda a dhéanann dochar do chosaint na n-aigéan, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag cabhlaigh tíortha neamh-AE, amhail cabhlach na Síne, agus go dtabharfaí aird ar líonra domhanda MPAnna a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di an tionchar atá ag eastóscadh ola agus gáis ar an muirthimpeallacht, agus ar iascaigh agus dobharshaothrú freisin; ag athdhearbhú a hiarrata toirmeasc a chur ar gach gníomhaíocht thionsclaíoch eastóscach a dhéanann damáiste don chomhshaol, amhail mianadóireacht agus eastóscadh breoslaí iontaise, in MPAnna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trealaimh iascaireachta ghrinnill </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais go n-oibríonn go leor soithí de chuid an Aontais le trealaimh iascaireachta shoghluaiste ghrinnill, agus go bhfuil go leor réigiún cósta ag brath go sóisialta agus go heacnamaíoch ar ghníomhaíochtaí ina n-úsáidtear trealaimh shoghluaiste agus sheasta ghrinnill, amhail gníomhaíochtaí feirmeoireachta sliogéisc; á thabhairt chun suntais go bhfuil níos mó i gceist le srianta a chur ar limistéir iascaireachta nó iad a dhúnadh do threalaimh iascaireachta ghrinnill ná gníomhaíochtaí soithí iascaireachta a bhogadh go meánna éagsúla iascaireachta; á chur i bhfáth gur gá a chur san áireamh, i measc nithe eile, na hacmhainní a d’fhéadfadh a bheith ar fáil agus ar féidir iad a ghabháil leis na trealaimh sin, taithí phraiticiúil iascairí, láithreacht agus athdháileadh soithí iascaireachta i limistéir chóngaracha chun forluí a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coinbhleacht maidir le húsáid spáis, le brú méadaithe i limistéir iascaireachta eile agus le meath ar dhálaí oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú gur iarracht a bhí sna céimeanna i dtreo an réigiúnaithe a rinneadh le linn an athchóirithe dheireanaigh ar CBI imeacht ó chur chuige a oireann do chách trína ndearnadh cinntí a lárú rómhór laistigh de AE; á chur in iúl gur geal léi na bearta a mholtar sa phlean gníomhaíochta chun feabhas a chur ar an gcomhar réigiúnach; á mheas, áfach, go ndéanann an plean gníomhaíochta roinnt céimeanna sa treo eile, go háirithe i ndáil lena thograí maidir le trálaeireacht ghrinnill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas go raibh roinnt tionscnamh ann laistigh agus lasmuigh den phlean gníomhaíochta maidir leis na teicnící iascaireachta céanna a chruthaigh meascán tionscnamh agus lena gcuirtear amhras ar chomhleanúnachas agus intuarthacht na ngníomhaíochtaí a dhéanfar ar leibhéal AE agus a bhfuil tionchar tromchúiseach acu ar mhuinín iascairí agus pobal iascaigh i bpróisis chinnteoireachta agus bheartais (AE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheas gur gá aon phlean chun forálacha nó srianta ar úsáid aon trealamh iascaireachta ar leith a chur chun feidhme a dhéanamh i gcomhréir le beartais eile, agus na geallsealbhóirí uile a chur san áireamh, chomh maith leis na gnéithe ábhartha uile a bhaineann le slándáil bia, agus na gnéithe socheacnamaíocha, comhshaoil, teicniúla agus eolaíocha; á athdhearbhú go mbeidh rath níos mó agus tionchar dearfach ar a gcur chun feidhme ag gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chomhthoil agus a dtacaíonn na breithnithe sin leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chreidiúint gur gá iarmhairtí aon phlean gníomhaíochta nó aon togra reachtaigh a bheith bunaithe ar mheasúnuithe agus meastóireachtaí eolaíocha agus socheacnamaíocha; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa peirspictíochta ann maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le gnéithe áirithe den phlean gníomhaíochta sin, mar shampla, éilimh an Choimisiúin ar na Ballstáit toirmeasc a chur ar iascaireacht ghrinnill shoghluaiste in MPAnna ar láithreáin Natura 2000 iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga lena gcosnaítear grinneall na farraige agus speicis mhuirí faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024 ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, i gcomhthráth leis an spriocdháta céanna, a iarrataí ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste i ngach MPA faoi 2030, gan fanacht, mar shampla, ar chonclúidí eolaíocha agus socheacnamaíocha na dtograí roimhe seo; á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún nach bhfuil cur chuige ginearálta lena gcuirtear cosc ar iascaireacht soghluaiste grinnill oiriúnach chun cuspóirí an phlean gníomhaíochta a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mheas gur cheart measúnú a dhéanamh ar bhearta a bhaineann le trálaeireacht ghrinnill i gcomhréir le gach treoir is féidir, amhail treoir na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara nó an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach, chomh maith leis na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil ar fáil; á mheas gur cheart a chur san áireamh sna bearta sin go bhfuil trálaeireacht ghrinnill ar cheann de na trealaimh iascaireachta is coitianta agus is rialáilte san Eoraip agus gur cheart í a rialáil, mar thosaíocht, faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Bearta Teicniúla (Rialachán (AE) 2019/1241<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).</FIELD></FOOTNOTE>), a bhfuil sé mar aidhm leis, mar a léirítear ina theideal, ‘acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil comhlachtaí eolaíocha amhail an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara agus go leor staidéir eolaíocha a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu tar éis a léiriú agus a aithint go bhfuil tionchar ag trealamh soghluaiste grinnill a bhíonn i dteagmháil le trealamh iascaireachta grinnill ar éiceachórais; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil éifeacht athraitheach ag an trálaeireacht agus, ag brath ar roinnt tosca amhail an cineál iascaigh, go meastar san eolaíocht go bhfuil siad inbhuanaithe agus comhoiriúnach le cuspóirí caomhnaithe ghrinneall na farraige a bhaint amach nó go ndéantar stoic a shaothrú os cionn leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún bearta a fhorchur trína phlean gníomhaíochta, seachas ligean do na comhreachtóirí cinneadh a dhéanamh, agus go mbeadh sé sin i gcoinne dea-rialachais agus idirphlé idir geallsealbhóirí agus leibhéil éagsúla riaracháin i mbaol agus go mbainfí an bonn den chothromaíocht idirinstitiúideach agus de ról gach institiúide sa phróiseas cinnteoireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Eascanna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag cur béim ar an gcastacht agus éagsúlacht a bhaineann leis an stoc eascann a bhainistiú, rud nach féidir a theorannú do chur chuige aonair muirí; á athdhearbhú go bhfuair an mheastóireacht ón gCoimisiún in 2020 go raibh an Rialachán maidir le hEascanna oiriúnach don fheidhm; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mar sin féin, go bhfuil gá le Rialachán maidir le hEascanna a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus le gníomhaíochtaí breise neartaithe ag na Ballstáit chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin; á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an Rialachán maidir le hEascanna agus é ar an gcroíbheartas chun stoc eascann a bhainistiú agus a athshlánú arís, agus cur chuige iomlánaíoch agus comhleanúnach á áirithiú a bhfuil idir chéimeanna muirí agus fionnuisce shaol na heascainne ag gabháil leis agus lena ndírítear ar thionchair iascaigh agus neamh-iascaigh araon trí bhearta a chur chun feidhme go hiomlán i ngach réimse ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim maidir le bearta a ghlactar lasmuigh de chomhthéacs an Rialacháin maidir le hEascanna, go mbainfidís de chomhleanúnachas an bheartais a glacadh; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, dá bhrí sin, an cur chuige neamh-iomlánaíoch a glacadh i Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcuirtear srian le hiascaigh eascann a bhfuil tréimhse choiscthe sé mhí acu gan breithniú a dhéanamh ar phacáiste iomlán beart i limistéir bheartais eile nó cúiteamh iomchuí, lena n-áirítear bearta, agus éifeachtaí socheacnamaíocha á gcur san áireamh; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart anailís a dhéanamh roimh ré ar athshlánú na speiceas chomh maith leis an ról a d’fhéadfadh a bheith aige chun speicis ionracha a chomhrac sula ndéanfar machnamh ar bhearta sriantacha breise, mar a fógraíodh sa phlean gníomhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go gcruthófaí sainghrúpa a bhaineann go sonrach leis an eascann chun ionadaíocht iomlán agus chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú; ag tathant ar na Ballstáit a bpleananna bainistíochta eascann a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus cloí lena n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Rialachán maidir le hEascann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Freagairtí na mBallstát ar an bplean gníomhaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann don iliomad dearbhuithe agus ráitis shoiléire arna ndéanamh ag ionadaithe na mBallstát lena n-ardaítear ábhair imní faoin bplean gníomhaíochta agus na héiginnteachtaí lena mbaineann; ag tabhairt dá haire gur cheistigh na Ballstáit go háirithe an cur chuige róshimplí a ghlac an Coimisiún maidir le srianta ar thrálaeireacht ghrinnill in MPAnna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á mheas gur sáinn é an cur i gcoinne idir forbairt thionscal na hiascaireachta agus cosaint na bithéagsúlachta muirí; á chreidiúint gur féidir an dá rud a bhaint amach ar bhealach cothrom, mar a luaigh ionadaithe na mBallstát tar éis an plean gníomhaíochta a thíolacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh grúpa idirphlé speisialta ina mbeidh Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin (AS ENV) agus Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (AS MARE), na Ballstáit agus na geallsealbhóirí leasmhara; á mheas gur cheart gurb é ról an ghrúpa idirphlé eolas agus pléití a d’fhéadfadh a bheith ann idir pobail iascaigh agus comhshaoil a éascú, chomh maith le hardán a thabhairt do na Ballstáit le haghaidh trédhearcachta agus idirphlé maidir le cur chun feidhme a dtreochlár;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Impleachtaí dlíthiúla phlean gníomhaíochta an Choimisiúin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag athdhearbhú a tiomantais sainchumais agus inniúlachtaí na Parlaiminte a fheidhmiú maidir le haon tionscnamh, amhail tograí reachtacha agus gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd atá nasctha leis an bplean gníomhaíochta nó nach bhfuil nasctha leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé nach bhfuil an plean gníomhaíochta ceangailteach ó thaobh dlí, go mbeidh costais shuntasacha shocheacnamaíocha do na Ballstáit agus a gcabhlaigh maidir lena chur chun feidhme, toisc go gcuimsítear leis thart ar 90 beart i bhfoirm rialachán, treoraíochta, anailísí, treochlár, staidéar, tuarascálacha agus tionscnamh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na staidéir is gá a dhéanamh in am trátha mar chuid den ullmhúchán d’aon rialachán nó tionscnamh nua nó athchóirithe, chomh maith leis na próisis pleanála spásúla muirí a chur san áireamh agus dul i ngleic leo, idir réigiúin agus imchuacha farraige, agus i measc Ballstáit éagsúla agus le tíortha nach bhfuil san Aontas freisin chun tairbhí socheacnamaíocha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go leanfadh na bearta a áirítear sa phlean gníomhaíochta, i gcás inar féidir, an gnáthnós imeachta reachtach chun breis trédhearcachta a áirithiú agus gur cheart fíormheasúnú tionchair a áireamh iontu, le rannpháirtíocht chuí na ngeallsealbhóirí uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le hiarmhairtí dlíthiúla an phlean gníomhaíochta, mar gheall ar ráitis a rinne an Coimisiún, mar shampla le linn a thíolacthaí do Choiste um Iascach na Parlaiminte agus do gheallsealbhóirí éagsúla; á mheas nár tugadh leis sin soiléireacht agus cobhsaíocht d’earnáil na hiascaireachta agus go raibh tionchar díobhálach aige sin ar roinnt mhaith earnálacha de thionscal na hiascaireachta tráth a bhfuil tionchar mór ag na héiginnteachtaí a eascraíonn as iarmhairtí carnacha roinnt géarchéimeanna ar mhorma na ndaoine atá ag obair sa tionscal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ionstraimí neamhcheangailteacha á n-úsáid ar bhonn méadaitheach ag an gCoimisiún, amhail teachtaireachtaí, dá ngairtear ‘dlí bog’ go coitianta, chun bearta nithiúla beartais a thíolacadh gan leanúint le tograí reachtacha; á mheas gur dócha go ndéanfaidh aon éiginnteacht idir brí dhlíthiúil bheartaithe na dteachtaireachtaí a thíolactar agus a n-éifeacht dhlíthiúil iarbhír difear do dheimhneacht dhlíthiúil agus d’intuarthacht don earnáil, chomh maith le ceisteanna dlí a ardú maidir le cothromaíocht institiúideach agus teorainneacha agus feidhmiú inniúlachtaí AE; á chreidiúint, dá bhrí sin, nár cheart teachtaireachtaí ón gCoimisiún a úsáid chun bearta ceangailteacha a chur ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na ráitis a bhí ag teacht salach ar a chéile sa teachtaireacht ón gCoimisiún, agus go háirithe idir Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta agus Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil maidir le héifeachtaí ceangailteacha an phlean gníomhaíochta; á iarraidh ar AS MARE agus ar AS ENV aird níos mó a thabhairt ar shaintréithe sonracha na hearnála iascaigh sula ndéanfaidh siad tionscnaimh chomhpháirteacha a ullmhú nó a mholadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe socheacnamaíocha agus slándáil bia</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tacú le haitheasc Uachtarán an Choimisiúin ar Staid an Aontais Eorpaigh 2023, lenar dearbhaíodh go ndéanfaí seiceáil iomaíochais ar gach píosa nua reachtaíochta; á iarraidh go n-áireofar leis an bplean gníomhaíochta, na tograí a bhaineann le hiascach agus tionscnaimh eile seiceáil iomaíochais a dhéanfar ar a dtionchar socheacnamaíoch ar na gníomhaíochtaí éagsúla agus a n-éifeacht ar phobail chósta, chomh maith leis an earnáil iascaigh áineasa agus an éifeacht charnach ar infhaighteacht an tsoláthair bia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil staidéar socheacnamaíoch, measúnú tionchair le hanailís eolaíoch nó tuarascáil idirmheánach ag gabháil leis an bplean gníomhaíochta agus nach moltar leis bearta maoiniúcháin breise d’aon chineál don aistriú glas agus don aistriú fuinnimh; á chur in iúl don Choimisiún gur cheart doiciméid straitéiseacha, amhail an plean gníomhaíochta sin, a chur faoi bhráid na ngeallsealbhóirí éagsúla agus gur cheart a dtuairimí a chur san áireamh ar bhealach níos comhordaithe agus níos soiléire, agus gur cheart measúnuithe iomlána comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha agus dlíthiúla ar a gcur chun feidhme a bheith san áireamh iontu; á iarraidh go gcuirfí na hacmhainní uile is gá, lena n-áirítear dreasachtaí agus sásraí cúitimh, i bhfeidhm le haghaidh aistriú cóir agus cothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mheabhrú nach mór do na Ballstáit Airteagal 17 CBI a chur chun feidhme go hiomlán agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu; á iarraidh ar na Ballstáit deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla bunaithe ar fheidhmíocht shóisialta agus chomhshaoil na gcabhlach iascaireachta agus Airteagal 17 a chur chun feidhme mar uirlis chun cleachtais fhreagracha iascaireachta a bhfuil tionchar íseal acu a dhreasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart go rannchuideodh an plean gníomhaíochta go cothrom le colúin na hinbhuanaitheachta in CBI (maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch) agus, i measc nithe eile, le fás táirgiúlachta, dálaí oibre cuibhiúla san earnáil, go háirithe le haghaidh iascaigh ar mhionscála, agus margaí cobhsaí, táirgí atá sábháilte ó thaobh bia de, cáilíochtúil agus inbhuanaithe a áirithiú gan dochar a dhéanamh do shlándáil an tsoláthair bia agus neamhspleáchas bia, lena lamháiltear d’iascairí úsáid iomlán a bhaint as na cuótaí iascaireachta a leithdháiltear orthu, agus rannchuidiú le téarnamh agus cosaint an chomhshaoil chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dá thionchair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an iarraidh ón gCoimisiún go mbaileofar sonraí maidir le tionchar iascaigh áineasa, ach á chur i bhfios go láidir gur gá na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta ar ghníomhaíochtaí inbhuanaithe iascaireachta áineasa a mheas; á mheas go bhféadfadh iascaigh áineasa deiseanna den scoth a chur ar fáil chun cur chuige ‘eolaíocht na saoránach’ a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gníomhaíocht agus cómhalartacht idirnáisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheas gur éacht suntasach é Conradh Mórmhara na Náisiún Aontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta chun na haigéin a chosaint; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach gcuirtear go leor béime sa phlean gníomhaíochta ar an ngá atá le cómhalartacht a áireamh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-oibreodh AE, ar an leibhéal idirnáisiúnta, le contrapháirtithe eile chun rialacha a chur chun feidhme a bhfuil cuspóirí agus spriocanna acu atá cosúil leis na cinn a leagtar síos le CBI, go háirithe Airteagal 28(2)(d) de, an Comhaontú Glas don Eoraip agus na SDGanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go n-oibreoidh AE le tíortha i mbéal forbartha, go háirithe na tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéin Chiúin, chun ullmhú le haghaidh forbairt fuinneamh muirí in-athnuaite amach anseo trí shaineolas AE maidir le pleanáil mhuirí agus forbairt thionsclaíoch a roinnt; á iarraidh ar AE fothú acmhainneachta agus maoiniú a mhéadú do thíortha i mbéal forbartha chun bainistiú na n-aigéan agus cósta a fheabhsú, straitéisí geilleagar muirí a fhorbairt, bearnaí rialachais a líonadh agus aghaidh a thabhairt ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus trádáil aindleathach in acmhainní muirí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé freagairtí a chur le chéile a fhreastalaíonn ar riachtanais áitiúla maidir le fuinneamh astaíochta nialasacha, lena n-áirithítear go gcosnófar éiceachórais mhuirí agus lena gcaomhnaítear gníomhaíochtaí traidisiúnta amhail iascaireacht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeidh pobail chósta rannpháirteach i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin; ag leagan béim freisin ar a thábhachtaí atá sé tacú le cleachtais iascaireachta inbhuanaithe sna réigiúin is forimeallaí, bunaithe ar úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí agus bainistiú iascaigh, dobharshaothrú agus turasóireacht, mar bhealach chun forbairt fhadtéarmach shocheacnamaíoch na réigiún sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar AE trédhearcacht a chur chun cinn sna hiascairí agus i dtionscail eastóscacha eile ar muir i dtíortha comhpháirtíochta eile, toisc go bhfuil sé ríthábhachtach chun deireadh a chur le ró-iascaireacht, cailliúint na bithéagsúlachta agus sáruithe ar chearta an duine; á chur i bhfáth gur féidir tíortha cósta i mbéal forbartha na caighdeáin a leagtar amach sa Tionscnamh Trédhearcachta Iascaigh agus sa Tionscnamh um Thrédhearcacht na dTionscal Eastóscach a chur chun feidhme chun trédhearcacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh gur cheart aon srianta, cibé acu atá nó nach bhfuil bunaithe ar an bplean gníomhaíochta, a léiriú go huathoibríoch i gcás táirgí a allmhairítear ó thíortha nach tíortha de chuid AE iad, go háirithe ós rud é go n-allmhairíonn AE 70 % den iasc a thomhlaítear ann; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach comhsheasmhacht idir beartais inmheánacha agus sheachtracha a áirithiú, chomh maith le machaire comhréidh idir oibreoirí AE agus oibreoirí neamh-AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann gabhálacha gléasanna soghluaiste grinnill agus 25 % de ghabhálacha iomlána na hEorpa; á chreidiúint nár cheart do rialacha nua bainistíochta, go háirithe teorainneacha nó srianta ar úsáid teicnící iascaireachta ar leibhéal AE, a bheith ina mbaol do shlándáil bia, ná a bheith ina gcúis le méadú ar allmhairí táirgí iascaireachta, agus níos lú ná sin fiú má ghabhtar na táirgí sin agus trealaimh iascaireachta á n-úsáid a bhfuil úsáid theoranta nó shrianta acu in AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag obair le hearnáil an iascaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tacú le hiarrachtaí leanúnacha earnáil an iascaigh chun roghnaitheacht teicnící iascaireachta a fheabhsú agus a tionchar comhshaoil a laghdú; á thabhairt chun suntais gur ann do shamplaí dearfacha d’athshlánú stoc speiceas i limistéir faoi chosaint, agus gníomhaíochtaí iascaireachta á gcothabháil; ag tacú le hiarrachtaí breise chun borradh a chur faoi shocruithe comhbhainistíochta ina nglacann geallsealbhóirí áitiúla freagracht as bainistiú inbhuanaithe agus ina ndéanann siad níos mó infheistíochta i dtaighde, i nuálaíocht agus i bhforbairt trealaimh agus teicnící iascaireachta nua; á thabhairt chun suntais ról na n-iascairí mar ‘chaomhnóirí na farraige’, a dtiomantas stoic éisc a athbhunú agus an méid a chuireann siad le téarnamh na n-éiceachóras muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Choimisiúin, go bhfuil dul chun cinn inbhraite bainte amach le blianta fada anuas i dtreo iascaigh níos inbhuanaithe ar an láthair a bhuí le CBI; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil costais arda ag baint leis an téarnamh sin d’fhormhór na bpobal iascaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé na geallsealbhóirí ábhartha uile a áireamh, ó iascairí go hionadaithe na sochaí sibhialta, sa phróiseas cinnteoireachta agus i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le héiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú, agus ar féidir leo tacú le hiascaigh inbhuanaithe agus athléimneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i bhfianaise ról ríthábhachtach na mban agus daoine óga, go háirithe sna réimsí maidir leis an ngeilleagar inbhuanaithe atá bunaithe ar an aigéan agus limistéir caomhnaithe mhuirí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>