<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0047</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Comheagrú na Margaí (CEM) in iascach agus dobharshaothrú — Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0406/2023 -  Rapóirtéir: Izaskun Bilbao Barandica)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Comheagrú na Margaí (CEM) in iascach agus dobharshaothrú — Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 (2023/2049(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle (an Rialachán maidir le comheagrú na margaí), agus dá chur chun feidhme,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 349 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 21 Feabhra 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Implementation of Regulation (EU) No 1379/2013 on the common organisation of the markets in fishery and aquaculture products’</STRING> [Cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe] (COM(2023)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’</STRING> [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2023 maidir le staid an iascaigh ar mhionscála san Aontas agus peirspictíochtaí a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thoradh na caibidlíochta maidir leis an Rialachán um Rialú ar Iascach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2020 ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Criteria and indicators to incorporate sustainability aspects for seafood products in the marketing standards under the Common Market Organisation’</STRING> [Critéir agus táscairí chun gnéithe inbhuanaitheachta do tháirgí bia mara a ionchorprú sna caighdeáin mhargaíochta faoi Chomheagrú na Margaí] (STECF-20-05),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Eorabharaiméadar Speisialta 515 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU consumer habits regarding fishery and aquaculture products’</STRING> [Nósanna tomhaltóirí AE i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions’</STRING> [Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas] (COM(2022)0198),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gComhairle Chomhairleach um Margaí (MAC)<FOOTNOTE><FIELD> An Chomhairle Chomhairleach um Margaí, ‘2022 Report on the Functioning of the Common Market Organisation (CMO)’[Tuarascáil 2022 ar Fheidhmiú Chomheagrú na Margaí (CEM)], 30 Márta 2022.</FIELD></FOOTNOTE> an 30 Márta 2022 maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Implementation of Regulation (EU) No 1379/2013 on the common organisation of the markets in fishery and aquaculture products’</STRING> [Cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe] (COM(2023)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gComhairle Chomhairleach um Margaí (MAC) an 8 Bealtaine 2023 dar teideal ‘Improving the Labelling Legislation for Plant-Based Imitations<FOOTNOTE><FIELD> An Chomhairle Chomhairleach um Margaí, ‘Improving the Labelling Legislation for Plant-Based Imitations of Fisheries and Aquaculture Products’, [An Reachtaíocht maidir le Lipéadú a Fheabhsú le haghaidh Léirithe Plandaí ar Tháirgí Iascaigh agus Dobharshaothraithe], 8 Bealtaine 2023.</FIELD></FOOTNOTE> of Fisheries and Aquaculture Products’ [An Reachtaíocht maidir le Lipéadú a Fheabhsú le haghaidh Léirithe Plandaí ar Tháirgí Iascaigh agus Dobharshaothraithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0406/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur chuir sí i bhfios go láidir, i rún uaithi maidir le straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, go bhfuil sásraí maithe inrianaitheachta a dhéanann éileamh an tomhaltóra a fhreagairt trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le cén áit, cathain, conas a gabhadh agus a saothraíodh na héisc agus cad iad na héisc sin, lena n-áirítear le haghaidh táirgí a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas, bunriachtanach chun sábháilteacht bia a áirithiú, trédhearcacht a ráthú do thomhaltóirí, iascaigh neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil feabhsuithe móra ar rialacha inrianaitheachta maidir le gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe sa Rialachán nua-athbhreithnithe um Rialú ar Iascach; de bhrí go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme de réir a chéile tar éis idirthréimhse – dhá bhliain i gcás táirgí úra agus reoite agus cúig bliana i gcás táirgí próiseáilte – agus go n-áiritheofar leis go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis chruinn; de bhrí go mbeidh lipéadú feabhsaithe ina uirlis chun iascaireacht NNN a chomhrac agus chun iomaíocht chóir a áirithiú agus go rannchuideoidh sé le hiascaireacht NNN a chomhrac agus le hiomaíocht chóir a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go measann níos mó ná trí cheathrú de na freagróirí ar Eorabharaiméadar Speisialta 515 2021 gur cheart dáta na gabhála nó an táirgthe a lua ar an lipéad do gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go léirítear le cur chun feidhme CEM go bhfuil glacadh íseal ann a bhaineann le heagraíochtaí táirgeoirí éisc (ETanna) a chruthú mar gheall ar an gcreat casta maidir le bunú agus aitheantas sna Ballstáit agus na héiginnteachtaí airgeadais agus dlíthiúla maidir le tacaíocht airgeadais agus incháilitheacht na ngníomhaíochtaí; de bhrí gur cheart aghaidh a thabhairt freisin ar na bacainní atá ar eagraíochtaí eile amhail <STRING ITALIC="on">Cofradías</STRING> agus <STRING ITALIC="on">Prud’homie de pêche</STRING>;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn dálaí gníomhaíochta sna réigiúin is forimeallaí réitigh uathúla agus iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na forbartha inginiúla agus na neamhthuilleamaíochta i gcúrsaí bia;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réamhrá</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil comheagrú na margaí (CEM) ina dhlúthchuid den chomhbheartas iascaigh (CBI) in éineacht le bearta caomhnaithe agus airgeadais, agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun a gcuspóirí a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur eascair aistriú ó chineálacha áirithe idirghabhála go cur chuige atá níos dírithe ar an margadh fadtéarmach as athbhreithniú 2013 ar Rialachán CEM, agus béim á leagan ar fhorbairt agus ar nuálaíocht san earnáil agus gan aird leordhóthanach a thabhairt ar chás eisceachtúil na réigiún dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Eagraíochtaí gairmiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas gurb iad ETanna agus na heagraíochtaí idirchraoibhe cnámh droma na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe, lena dtacaítear le bainistiú laethúil CBI agus lena gcumasaítear a chur chun feidhme comhchoiteann ar leibhéal na dtáirgeoirí, lena ráthaítear soláthar próitéiní sláintiúla agus lena gcaomhnaítear gníomhaíocht eacnamaíoch agus oidhreacht chultúrtha na limistéar cósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil ról lárnach ag ETanna agus ag eagraíochtaí idirchraoibhe maidir le cuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach, agus sin an fáth ar gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh agus tuilleadh neartaithe a dhéanamh orthu; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint de ETanna agus eagraíochtaí idirchraoibhe a chur chun cinn, a chur ar bun agus a chomhdhlúthú ar fud an Aontais, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais níos fearr (atá éagsúil ó Bhallstát go chéile), go háirithe i mBallstáit ina bhfuil an táirgeadh príomhúil ilroinnte den chuid is mó (dobharshaothrú, bailitheoirí sliogéisc, iascaigh ar mhionscála); á mheas go bhfuil láithreacht láidir ETanna agus eagraíochtaí idirchraoibhe ríthábhachtach chun rathúnas na bpobal cósta agus oileán a fheabhsú, chun an mhuirthimpeallacht a chosaint agus chun seasamh iascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe sa slabhra soláthair a neartú agus chun gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil pleananna táirgthe agus margaíochta (PMPanna) ríthábhachtach chun cuidiú leis na cuspóirí a shanntar do CEM le hAirteagal 35 de Rialachán CBI a bhaint amach agus gur gné chinntitheach é ETanna a fheidhmíonn go maith a bheith ann; ag tabhairt dá haire, áfach, gur gá níos mó a dhéanamh chun tacú le hobair laethúil ETanna maidir le PMPanna a chur chun feidhme agus chun rochtain nithiúil ar mhaoiniú a áirithiú do gach ET; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, treoirdhoiciméid foirne nuashonraithe a chur ar fáil i ndáil leis sin, chomh maith le gníomhaíocht chun rochtain níos fearr ar an margadh a éascú do na ranna cabhlaigh uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chinneadh go bhfuil bearta agus gníomhaíochtaí rathúla ag ETanna agus ag eagraíochtaí idirchraoibhe a fheidhmíonn mar is ceart, ach ag tabhairt faoi deara go bhfuil easpa ETanna agus eagraíochtaí idirchraoibhe fós ann atá tiomnaithe go háirithe d’iascairí ar mhionscála, do bhailitheoirí sliogéisc agus d’fheirmeoirí dobharshaothraithe, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil baic airgeadais i roinnt Ballstát ag cruthú deacrachtaí, go háirithe don roinn ar mhionscála; á thabhairt dá haire gur éirigh go han-mhaith leis na ETanna dobharshaothraithe atá ag feidhmiú faoi láthair ina ngníomhaíochtaí cur chun cinn agus cumarsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún gur saincheist lárnach é cistiú agus cruthú struchtúr chun tacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí gairmiúla trasnáisiúnta a chomhroinnt agus a eagrú; ag tabhairt dá aire go bhfuil sé sin ábhartha go háirithe d’earnáil éagsúil an iascaigh chósta ar mhionscála, arb ionann í agus formhór chabhlach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit an tacaíocht riaracháin agus airgeadais iomchuí a chur ar fáil chun ETanna táirgeoirí nua a chur ar bun agus a oibriú, go háirithe le haghaidh iascaigh chósta ar mhionscála, agus béim á leagan go háirithe ar a dtábhacht shóisialta agus chultúrtha, agus na forálacha maidir lena n-aitheantas a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht sa tacaíocht a thugann na húdaráis náisiúnta do ETanna agus na bearnaí agus na difríochtaí atá ann cheana ar fud an Aontais a laghdú, a mhéid is féidir, lena n-áirítear chun PMPanna a chistiú chun cothrom iomaíochta níos fearr a áirithiú do ETanna; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheas go bhfuil eagraíochtaí sna Ballstáit faoi láthair a dhéanann cúraimí agus feidhmeanna a thagann faoi shainchúram ETanna agus eagraíochtaí idirchraoibhe, ach nach féidir leis na heagraíochtaí sin cáiliú mar ETanna faoi Rialachán CEM; amhail coistí iascaigh <STRING ITALIC="on">Prud’homie de pêche</STRING> agus <STRING ITALIC="on">Cofradías</STRING>. á mheas go bhfuil ról ríthábhachtach ag na heagraíochtaí sin maidir le bainistiú acmhainní áitiúla, cuótaí a leithdháileadh agus déileáil le saincheisteanna a bhaineann le caomhnú stoc éisc, táirgí traidisiúnta a chur chun cinn agus a chaomhnú, go háirithe i bpobail chósta áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chreidiúint gur cheart aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí sin faoi Rialachán CEM chun go dtabharfar na cearta céanna dóibh, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, agus freagrachtaí agus atá ag ETanna ; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú, i ndáil leis sin, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar rialacha CEM a oiriúnú dá réir, i gcás inar gá, agus a áirithiú go bhfuil córais chuí i bhfeidhm chun a sheiceáil go bhfuil feidhmiú ETanna i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire gur dúnadh formhór na n-asraonta do tháirgí bia uiscigh go tobann mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, rud a fhágann go bhfuil sé tráthúil an rogha a athbhunú maidir le sásraí cúnaimh stórála a úsáid agus iad sin a leathnú chun ETanna dobharshaothraithe agus feirmeoireachta diúilicíní a chumhdach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhchaighdeáin mhargaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go dtagann go leor de na caighdeáin mhargaíochta a áirítear i Rialachán CEM 2013 ó na 1980idí agus ó na 1990idí; á thabhairt dá haire, de réir mheastóireacht an Choimisiúin, go raibh na caighdeáin sin ábhartha agus éifeachtúil go ginearálta agus gur tugadh breisluach leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios gur sainaithníodh sa mheastóireacht ón gCoimisiún agus sna comhairliúcháin bhunúsacha deiseanna chun na caighdeáin a shimpliú, a chuíchóiriú agus a nuachóiriú; ag tabhairt dá haire gur chinn sé freisin go raibh leibhéal measartha íseal faireacháin ag na húdaráis náisiúnta maidir le comhlíonadh na gcaighdeán a áirithiú, agus dá bhrí sin go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh an reachtaíocht maidir le faireachán agus cigireachtaí a chomhchuibhiú i ngach Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas gur cheart go gcloífeadh caighdeáin mhargaíochta le haghaidh táirgí bia uiscigh a chuirtear ar mhargadh an Aontais, gan beann ar a dtionscnamh, le caighdeáin chomhchuibhithe inbhuanaitheachta chomhshaoil agus shóisialta; á iarraidh go n-áireofaí na caighdeáin sin i gcomhaontuithe trádála agus i mbearta arna nglacadh in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) toisc go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ag oibreoirí agus nach mbeidh táirgeoirí an Aontais faoi mhíbhuntáiste míchuí sa mhargadh; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach leas a bhaint as acmhainneacht an deimhnithe, go háirithe ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) agus na tairbhí a bhaineann leo ó thaobh na hinbhuanaitheachta comhshaoil de, chun táirgí dobharshaothraithe a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur sainaithníodh sa mheastóireacht ón gCoimisiún easnaimh sa chreat atá ann cheana ó thaobh a chumais cuspóirí Rialachán CEM a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí cásanna de neamhchomhlíonadh na reachtaíochta a bhrath agus a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta i ngach Ballstát; á mholadh, go sonrach, gur cheart dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh na reachtaíochta maidir le margaíocht agus cosaint éiceachórais a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar na caighdeáin mhargaíochta le haghaidh na dtáirgí uile a mhargaítear san Aontas a ailíniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le ceanglais agus cuspóirí CBI chun iomaíocht chóir agus soiléireacht i measc na ngníomhaithe uile a fheabhsú, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach béim a leagan ar chomhtháthú tagarmharcanna sóisialta agus comhshaoil chun inbhuanaitheacht dhomhanda a áirithiú; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go ndéanfar saintréithe sonracha na margaí sna réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a chur san áireamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faisnéis do thomhaltóirí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aontú nach mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas, trí fheachtais fógraíochta, mhargaíochta agus oideachais, faoi na tairbhí cothaitheacha, sláinte agus inbhuanaitheachta a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a ithe, faoin raon leathan speiceas atá ar fáil agus faoin tábhacht a bhaineann le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis ar lipéid agus míthuiscint á seachaint ag an am céanna ar thomhaltóirí agus ailíniú le córais bhia an Aontais a áirithiú, ionas go mbainfidh CEM a chuspóirí amach ina n-iomláine; á chreidiúint gur cheart do thomhaltóirí faisnéis shoiléir agus chuimsitheach a fháil maidir leis na táirgí a dhíoltar ar mhargadh an Aontais chun go mbeidh siad in ann roghanna eolasacha a dhéanamh, agus gur cheart go gcomhlíonfadh an fhaisnéis sin na rialacha céanna, beag beann ar thionscnamh agus modhanna táirgthe na dtáirgí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur mhol STECF feabhas a chur ar fhaisnéis do thomhaltóirí trí fhaisnéis níos mionsonraithe a áireamh maidir leis an limistéar gabhála, trealamh iascaireachta agus modhanna táirgthe in CEM; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeáin mhargaíochta a threisiú chun tuilleadh faisnéise a chur san áireamh maidir leis na lipéid amhail na comhábhair, an limistéar geografach iascaireachta agus an trealamh iascaireachta, i measc nithe eile, gan ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a chur ar tháirgeoirí agus ar ETanna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh chun comhlíonadh a áirithiú agus chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcaighdeán comhchuibhithe sin toisc go gcuideoidh sé le réimsí feabhais a shainaithint agus lena áirithiú go leanfaidh na caighdeáin de bheith ábhartha agus cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann tionscnamh táirgí a shainaithint, ós rud é go bhfuil meas níos mó ag tomhaltóirí Eorpacha ar an bhfaisnéis sin agus ag spreagadh dóibh bianna áitiúla a tháirgtear nó a fhaightear ina gceantar a thomhailt; á chur i bhfios go láidir gur gá athrú a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair maidir le táirgí iascaigh a shainaithint de réir limistéar FAO toisc nach léirítear a dtionscnamh go soiléir ná go mion agus gur féidir leis mearbhall a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ainmniúcháin cháilíochta nua faoi chosaint a chur chun cinn agus a bhunú i bhfianaise na dtairbhí aitheanta agus cruthaithe atá acu do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais agus á iarraidh go ndéanfaí na táirgí sin a mhargú ar bhealach níos fearr; ag tathant ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm rialacha atá ar na bacáin a éascú a rachaidh go mór chun tairbhe na struchtúr cáilíochta sin, lena laghdófar, a mhéid is féidir, an t-am is gá chun déileáil le hiarratais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag áitiú go bhfuil gá le hinrianaitheacht agus le bearta trédhearcachta gaolmhara chun comhlíonadh rialacha infheidhme CBI a áirithiú; á chreidiúint, má thacaíonn córas lipéadaithe cuí leis na bearta sin, ar córas é ar cheart a bheith ag teastáil le haghaidh táirgí próiseáilte, úra agus leasaithe bia uiscigh, gur féidir leo a ráthú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí cruinn, soiléir, iomlán, iontaofa agus gur féidir brath uirthi, á thabhairt chun suntais go bhfuil an córas lipéadaithe sin ríthábhachtach chun calaois bhia a chomhrac, lena n-áirítear mílipéadú, agus iascaireacht NNN araon; á mheas nach mór inrianaitheacht táirgí a neartú agus a ráthú ag gach céim den slabhra luacha chun ní hamháin tairbhí eacnamaíocha agus tráchtála a chur ar fáil, ach rannchuidiú freisin le hiarrachtaí chun an tsláinte a chosaint; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur tugadh isteach deimhniú CATCH le haghaidh táirgí allmhairithe leis an Rialachán nua maidir le Rialú ar Iascach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuair an Coimisiún, ina chomhairliúcháin, tuairiscí inar léiríodh nár comhlíonadh ceanglais éigeantacha maidir le faisnéis do thomhaltóirí i roinnt Ballstát; á thabhairt dá haire go meastar go bhfuil cur chun feidhme ar fud an Aontais míchothrom agus go bhfuil sé sin suntasach go háirithe i gcodanna áirithe, amhail mangairí éisc agus oll-lónadóirí; á mheabhrú nach mór don lipéadú tuairisc chruinn a sholáthar ar tháirgí iascaigh agus neamh-iascaigh, lena seachnófar calaois agus fógraíocht mhíthreorach atá díobhálach do thomhaltóirí agus d’iascairí, go háirithe nuair a bhíonn táirgí ionadacha á lua, ós rud é gur minic a úsáidtear íomhánna a fhágann go measann tomhaltóirí gur táirgí iascaigh iad táirgí áirithe nuair nach táirgí iascaigh iad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go n-úsáideann táirgí áirithe ar an margadh, amhail táirgí planda-bhunaithe, téarmaí a úsáideann táirgí iascaigh go heisiach cé nach táirgí iascaigh iad; á mheas gur cheart don Choimisiún imscrúdú breise a dhéanamh ar an tsaincheist sin bunaithe ar na tuarascálacha a fuarthas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas, dá bhrí sin, gur cheart an trádainm ‘iasc’ nó ‘speicis éisc’ a fhorchoimeád do tháirgí iascaigh nó dobharshaothraithe de bhunadh ainmhíoch ar an margadh aonair; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le lipéadú agus cur i láthair táirgí planda-bhunaithe lena ndéantar aithris ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe chun a áirithiú go dtabharfar faisnéis chruinn agus bheacht do thomhaltóirí lena seachnófar aon mhíthuiscintí agus lena gcoinnítear comhdheiseanna i margadh an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialacha iomaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfar ETanna agus eagraíochtaí idirchraoibhe a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta chun a gcuspóirí a bhaint amach, faoi réir coinníollacha áirithe, lena n-áirítear nach mbeidh deighilt margaí mar thoradh ar a ngníomhaíochtaí, nach ndéanfaidh siad iomaíocht a eisiamh agus nach ndíothófar iomaíocht leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an díolúine sin bunriachtanach chun roinnt cleachtas a úsáideann ETanna agus eagraíochtaí idirchraoibhe, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, a cheadú, amhail rialú a dhéanamh ar na cainníochtaí a chuireann a gcuid comhaltaí ar an margadh chun margaí agus praghsanna a chobhsú, chun ceanglais chaomhnaithe a chomhlíonadh agus chun cur amú bia a sheachaint; á chinneadh maidir le comhchomhlachtaí táirgeoirí neamhaitheanta (e.g. comharchumainn, <STRING ITALIC="on">Cofradías</STRING>) nach bhféadfaidh siad leas a bhaint as an díolúine faoi na critéir reatha le haghaidh ETanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndéantar thart ar 70 % den bhia mara a thomhlaítear san Aontas a allmhairiú ó thíortha nach bhfuil san Aontas, rud a fhágann, dá bhrí sin, go bhfuil an tAontas ag brath ar na hallmhairí sin dá thomhaltas; á thabhairt chun suntais nach mór do na hearnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus gaolmhara a bheith brabúsach chun go ndéanfar na hinfheistíochtaí is gá chun feidhmiú, agus nach féidir brabúsacht a dhéanamh ach amháin má tá na táirgí iomaíoch le hallmhairí ó thíortha nach bhfuil san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go gceadófar, le beartas trádála an Aontais, cothrom iomaíochta idir táirgí an Aontais agus táirgí allmhairithe, agus tomhaltas táirgí bia uiscigh inbhuanaithe (comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta) an Aontais a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin tús a chur le hidirphlé le ETanna agus le geallsealbhóirí ábhartha eile maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faisnéis mhargaidh agus bainistiú géarchéime</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA) faisnéis mhargaidh ar fáil d’oibreoirí in earnáil an iascaigh chun cabhrú leo tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí an mhargaidh; á thabhairt dá haire go bhfuil suíomh gréasáin agus bunachar sonraí tiomnaithe ar líne ó mhí Aibreáin 2013 agus go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán ó tháinig CEM athbhreithnithe i bhfeidhm, rud a théann chun tairbhe comhlachtaí taighde, geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne trí rochtain ar fhaisnéis agus sonraí margaidh a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann EUMOFA faisnéis mhargaidh ar fáil bunaithe ar ainmníocht chomhcheangailte chomhtharaif chustaim an Aontais atá ann cheana; á mheas gur cheart na táirgí sin a thabhairt cothrom le dáta chun catagóirí nua táirgí éisc a chur san áireamh a dhéantar a thrádáil i méideanna méadaithe san Aontas, agus chun uirlisí digiteacha níos iomasaí agus níos cuimsithí a thairiscint; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun tuilleadh feabhais a chur ar fhaisnéis mhargaidh na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, go sonrach feabhas a chur ar an anailís mhargaidh trí idirdhealú a dhéanamh idir codanna éagsúla den Eoraip le nósanna éagsúla tomhaltais speiceas éisc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire gur úsáideadh EUMOFA chun bearta géarchéime a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, le linn an chéad athbhreithnithe eile ar CEM, machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht cúlchiste nó córas géarchéime a bhunú, lena n-áirítear cúnamh stórála, mar bhealach chun an earnáil a chosaint ar aon chásanna eisceachtúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn in earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais; á mheabhrú gur ghá cabhair eisceachtúil a chur ar fáil le déanaí chun dul i ngleic leis an ngéarchéim a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún na critéir a leagan amach maidir leis an gcabhair sin a úsáid agus a áirithiú gur féidir í a chur in oiriúint don suaitheadh sonrach sa mhargadh, agus samhail an chúlchiste géarchéime atá in úsáid cheana féin d’earnálacha bia eile á cur san áireamh, agus bearta eile á gcur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith tairbhiúil chun suaitheadh mór sa mhargadh a mhaolú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Conclúidí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le rialacha CEM a chur chun feidhme; á thabhairt chun suntais gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas go cuí, go bhfeabhsófar lipéadú agus trédhearcacht an mhargaidh agus go méadófar inrianaitheacht táirgí iascaigh, sliogéisc agus dobharshaothraithe chomh maith le beartais chuimsitheacha inscne agus óige; ag tabhairt dá haire go bhfuil rialtais ag roinnt Ballstát faoi bhun leibhéal an stáit a bhfuil inniúlachtaí acu maidir le hiascaigh, sliogéisc agus dobharshaothrú agus gur cheart don Choimisiún agus d’institiúidí eile lena mbaineann é sin a urramú chun cur chun feidhme CEM a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chreidiúint gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit iarracht níos mó a dhéanamh chun Rialachán CEM a chur chun feidhme ar bhealach níos aonfhoirmí ar fud na n-earnálacha, trí aird leordhóthanach a thabhairt ar na dálaí sonracha faoina bhfeidhmíonn margaí sna réigiúin is forimeallaí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh cur chun feidhme níos aonfhoirmí cabhrú le muinín tomhaltóirí as na táirgí bia uiscigh a chuirtear ar an margadh aonair a áirithiú, agus go bhféadfadh sé freastal ar chuspóirí na forbartha inginiúla agus na neamhthuilleamaíochta i gcúrsaí bia sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, an obair luachmhar a dhéanann an chomhairle chomhairleach um margaí is infheidhme (MAC);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh creat reachtaíochta do chórais bhia inbhuanaithe agus é mar aidhm leis trédhearcacht a fheabhsú agus tuilleadh faisnéise a chur ar fáil do thomhaltóirí; á chur i bhfáth gur cheart aitheantas a thabhairt sa togra don tábhacht a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá sláintiúil agus inbhuanaithe, rud a chuireann le luach earnáil an iascaigh; á thabhairt chun suntais gur gá go n-áireofaí leis an gcreat reachtaíochta nua sin an tábhacht a bhaineann le tomhaltas éisc in aiste bia fholláin; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú nach gcruthófar leis sin ualach riaracháin breise agus go ndéanfar é a ailíniú leis an gcoinníoll inbhuanaitheachta a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi toradh na caibidlíochta maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán um Rialú ar Iascach, go háirithe na rialacha lena ndírítear ar fhorálacha inrianaitheachta a neartú do gach táirge iascaigh, sliogéisc agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear táirgí a allmhairítear ó thíortha nach bhfuil san Aontas; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh an fhaisnéis inrianaitheachta sin an-tábhachtach do thomhaltóirí Eorpacha ar an mór-roinn agus thar lear araon; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh gníomhaíochta a mholadh leis na ceanglais chéanna do gach táirge, gan beann ar a mhéid a próiseáladh iad, ar an gcatagóir bia nó ar an mBallstát ina bhfuil an chuideachta bunaithe, chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil cruinn, soiléir, iomlán agus comhchuibhithe i ngach Ballstát agus críoch, ag a bhfuil inniúlacht maidir le hiascaigh, agus i ngach catagóir táirgí, ionas go sroichfidh sí na tomhaltóirí deiridh i bhformáid shimplí, inrochtana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as EUMOFA, go háirithe i limistéir ina n-úsáidtear EUMOFA ar bhonn níos lú, ós rud é gur cheart dó tuilleadh feabhais a chur ar na sonraí a bhailítear agus ar anailís mhargaidh ar chodanna éagsúla den Eoraip le nósanna éagsúla tomhaltais éisc, lena dtairgtear uirlisí digiteacha níos iomasaí agus níos cuimsithí tríd an ionstraim; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh sé sin sonraí EUMOFA a dhéanamh níos úsáidí chun anailís a dhéanamh ar an margadh, arna ndifreáil ag réigiúin freisin, go háirithe nuair a bhíonn athruithe ollmhóra ann, amhail iad siúd a tharla le linn ghéarchéim COVID-19, d’fhonn uirlisí géarchéime agus roghanna chun an margadh a chobhsú a ghníomhachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil sé ríthábhachtach inrianaitheacht agus trédhearcacht i slabhra soláthair earnáil an bhia uiscigh a fheabhsú chun iascaireacht NNN a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh an athuair ar na Ballstáit uile na critéir maidir le haitheantas a thabhairt do ETanna agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe a oiriúnú chun aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí éagsúla uile sna Ballstáit a dhéanann a dhéanann cúraimí a thagann faoi shainchúram ET den chuid is mó; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, eagraíochtaí amhail <STRING ITALIC="on">Cofradías</STRING> agus <STRING ITALIC="on">Prud’homie de pêche</STRING>, chomh maith leo siúd atá ag feidhmiú sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta níos éifeachtaí a thionscnamh chun deireadh a chur le bacainní ar ETanna a misin a chomhlíonadh go hiomlán trí aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá ag ETanna iascaigh cósta agus oileáin ar mhionscála maidir le cóireáil dhifreálach ag riaracháin náisiúnta, bíodh sé sin ó thaobh aitheantas ETanna, maoiniú laethúil, tacaíocht riaracháin nó incháilitheacht beart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tiomantas na ngeallsealbhóirí uile a áirithiú, ar fud shlabhra soláthair an iascaigh agus an dobharshaothraithe agus na sochaí sibhialta, chun muinín agus tuiscint a mhéadú maidir le forálacha CEM a chur i bhfeidhm, go háirithe tríd an gcomhar le MAC a chothabháil agus a neartú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>