<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0048</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Gnéithe inscne den chostas maireachtála atá ag dul i méid agus tionchar na géarchéime fuinnimh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0430/2023 -  Rapóirtéir: Alice Kuhnke)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 maidir le gnéithe inscne den chostas maireachtála atá ag dul i méid agus tionchar na géarchéime fuinnimh (2023/2115(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2, 3(1) agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8, 9, 10, 119, 122, 127, 151, 153(2), 156, 157, 191 agus 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (CFREU) agus, go háirithe, dá forálacha maidir le cearta sóisialta agus le comhionannas idir fir agus mná,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, don phrionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, agus, go háirithe, do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 1 maidir le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, SDG 5 maidir le comhionannas inscne a bhaint amach agus dálaí maireachtála do mhná a fheabhsú, agus SDG 8 maidir le fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 211, 14.8.2009, lch. 94.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 14.11.2012, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 17.5.2023, lch. 21.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin don Aontas – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 75.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 maidir le bochtaineacht na mban san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Bealtaine 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action’</STRING> [Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: ní mór dúinn anois beart a dhéanamh]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ‘</STRING><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action’</STRING></STRING><STRING UNDERLINE="on"> [Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: ní mór dúinn anois beart a dhéanamh], an 26 Bealtaine 2021.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 357, 27.10.2020, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le ‘<STRING ITALIC="on">A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives’</STRING> [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020)0662),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phraghsanna fuinnimh úsáide deiridh agus do shonraí cánach na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, End-Use Prices Data Explorer, an 28 Aibreán 2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Fog of War Clouds the European Outlook’</STRING><FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, The Fog of War Clouds the European Outlook, Deireadh Fómhair 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do staidéar 2022 ó Eurostat dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Living conditions in Europe’</STRING> [Dálaí maireachtála san Eoraip]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Eurostat, Living conditions in Europe [Dálaí maireachtála san Eoraip], 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar faisnéise ó Eurostat an 10 Feabhra 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Energy prices on the rise in the euro area in 2021’</STRING> [Praghsanna fuinnimh ag méadú sa limistéar euro in 2021]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Eurostat, Energy prices on the rise in the euro area in 2021 [Praghsanna fuinnimh ag méadú sa limistéar euro in 2021], 10 Feabhra 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Eurofound an 28 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The cost-of-living crisis and energy poverty in the EU: Social impact and policy responses – Background paper’</STRING> [An ghéarchéim costais maireachtála agus an bhochtaineacht fuinnimh san Aontas: Tionchar sóisialta agus freagairtí beartais – Doiciméad eolais]<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Eurofound, The cost-of-living crisis and energy poverty in the EU: Social impact and policy responses – Background paper [An ghéarchéim costais maireachtála agus an bhochtaineacht fuinnimh san Aontas: Tionchar sóisialta agus freagairtí beartais – Doiciméad eolais], Deireadh Fómhair 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ríomhshuirbhé is déanaí ó ‘Eurofound, <STRING ITALIC="on">Living and Working in Europe’</STRING> [Maireachtáil agus Oibriú san Eoraip], Earrach 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacsanna Comhionannais Inscne 2021 agus 2022 de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), 2021 Gender Equality Index [Innéacs Comhionannais Inscne 2021].</STRING></FIELD></FOOTNOTE><FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">EIGE, 2022 Gender Equality Index [Innéacs Comhionannais Inscne 2022].</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do shuirbhé Eorabharaiméadair Fhómhar 2022 uaithi<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An tAontas Eorpach, EP Autumn 2022 Survey: Parlemeter [Suirbhé an Fhómhair ó PE 2022: Parlaiméadar], Eanáir 2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thaighde ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda an 26 Eanáir 2023<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">WEF, This is why women are bearing the brunt of the cost of living crisis, according to research, Eanáir 2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Gender perspective on access to energy in the EU’</STRING> [Gné na hinscne maidir le rochtain ar fhuinneamh in AE], arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 18 Nollaig 2017<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Parlaimint na hEorpa, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Gender perspective on access to energy in the EU [Gné na hinscne maidir le rochtain ar fhuinneamh in AE], an 18 Nollaig 2017.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Gender Aspects of Energy Poverty’</STRING> [Gnéithe Inscne na Bochtaineachta Fuinnimh], arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 1 Márta 2023<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Parlaimint na hEorpa, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Gender Aspects of Energy Poverty [Gnéithe Inscne na Bochtaineachta Fuinnimh], an 1 Márta 2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Gender Dimension and Impact of the Fit for 55 package’</STRING> [Gné na hInscne agus Tionchar an Phacáiste ‘Oiriúnach do 55’], arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 6 Nollaig 2022<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Parlaimint na hEorpa, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, The Gender Dimension and Impact of the Fit for 55 package [Gné na hInscne agus Tionchar an Phacáiste ‘Oiriúnach do 55’], an 6 Nollaig 2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Energy poverty in the EU’</STRING> [An bhochtaineacht fuinnimh san Aontas], arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 18 Meán Fómhair 2023<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Parlaimint na hEorpa, An Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, Energy poverty in the EU [An bhochtaineacht fuinnimh san Aontas], an 18 Meán Fómhair 2023.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de i ndáil le stoc foirgneamh AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 385, 22.9.2021, lch. 68.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim an 12 Bealtaine 2022 ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 7 Aibreán 2021 ón gCoiste um Fhorbairt maidir le tionchair an athraithe aeráide ar phobail leochaileacha i dtíortha atá i mbéal forbartha agus do thuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne an 2 Deireadh Fómhair 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 17.11.2021, lch. 62.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 145.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 58.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir lena áirithiú go n-oibríonn an córas iompair Eorpach do mhná<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0339.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0430/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú mór tagtha ar an mboilsciú ó 2021 i leith,, go príomha mar gheall ar ardchostais fuinnimh agus bia, ar measa fós é mar gheall ar chogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Eurostat, Energy prices on the rise in the euro area in 2021 [Praghsanna fuinnimh ag méadú sa limistéar euro in 2021], 10 Feabhra 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach meastar go dtiocfaidh méadú ar phá chomh tapa leis an mboilsciú, rud a fhágfaidh go mbeidh géarchéim costais maireachtála ann; de bhrí go gcuirtear leis an ngéarchéim sin slite beatha, sláinte, folláine, neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus an rochtain atá acu ar thithíocht i mbaol, agus teorainn á cur ag an am céanna lena gcumhacht ceannaigh agus lena gcumas riachtanais bhunúsacha amhail bia a cheannach, lena gcuirtear bac orthu caighdeán maireachtála cuibhiúil a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil ardú 11,5 % tagtha ar phraghsanna, go ginearálta, in AE ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, go háirithe ar phraghsanna bia, agus gur tháinig ardú ar an mboilsciú go 17,8 % i mí Dheireadh Fómhair 2022; de bhrí, i gcomhréir le réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha BCE i mí Mheán Fómhair 2023 don limistéar euro, go meastar gurb ionann an meánbhoilsciú do 2023 agus 5,6 %, ar athbhreithniú aníos é ar réamh-mheastacháin roimhe seo; de bhrí, de réir Eurofound, nach raibh na méaduithe ar rátaí pá ainmniúil in go leor tíortha in 2023 leordhóthanach i mórán cásanna chun cumhacht ceannaigh oibrithe ban a choinneáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19, an ghéarchéim costais maireachtála atá ag dul i méid agus an cogadh i gcoinne na hÚcráine tar éis géarú ar an ngéarchéim a bhí ann cheana agus ar na dálaí oibre agus maireachtála forbhásacha atá roimh go leor ban; de bhrí go mbuanaíonn impleachtaí na ngéarchéimeanna sin a bhaineann le hinscne neamhionannais inscne shistéamacha ar fud earnálacha éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag iarmhairtí na géarchéime costais maireachtála ar mhná ina n-éagsúlacht uile, ós rud é gur gnách leo a bheith i measc an sciar is boichte den daonra, arb ionann iad agus 70 % den 1,3 billiún<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">The gender security project, Can 70 % of the World’s Poor Celebrate International Women’s Day? Márta 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> duine atá i ngreim ag an mbochtaineacht; de bhrí, mar gheall ar thosca struchtúracha agus cultúrtha amhail noirm thraidisiúnta inscne, go gcuirtear mná faoi mhíbhuntáiste i gcónaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil mná faoi ró-ionadaíocht i bhfostaíocht fhorbhásach, i gcineálacha solúbtha oibre, conarthaí neamhthipiciúla agus solúbtha (obair pháirtaimseartha, obair shealadach, poist neamhfhoirmiúla) agus i measc oibrithe ar phá íosta; de bhrí gur gnách go mbíonn ioncam agus rachmas níos ísle ag mná mar thoradh ar bhearnaí pá agus pinsin, agus gur dóchúla, dá bhrí sin, go dtuairisceoidh siad go bhfuil deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail agus go bhfuil ualach díréireach orthu fós maidir le hobair chúraim gan íocaíocht, rud a fhágann go bhfuil níos lú acmhainní acu chun iad féin a chosaint ar thionchar diúltach na géarchéime costais maireachtála; de bhrí go bhfuil tionchar ar leith ag bochtaineacht ama ar mhná freisin, a shainmhínítear mar an easpa ama leordhóthanaigh atá ag an duine aonair le haghaidh sosa agus fóillíochta tar éis an t-am is gá d’fhostaíocht íoctha agus d’obair gan íocaíocht a bhaint, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad in ann a n-uaireanta oibre a laghdú gan a bheith buailte ag an mbochtaineacht (ar bhealach níos measa);
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur gnách gurb iad mná ‘maolairí turrainge na bochtaineachta’ ar a bhfuil an phríomhfhreagracht agus an t-ualach intinne as bia a cheannach agus a ullmhú dá dteaghlach agus as comhordú freagrachtaí éagsúla cúraim agus teaghlaigh eile amhail bainistiú buiséid teaghlaigh bhoicht agus, dá bhrí sin, go mbíonn tionchar i bhfad níos mó ag an ngéarchéim costais maireachtála agus fhuinnimh atá ag dul i méid orthu; de bhrí go gcuireann an ról sin mar phríomhchúramóirí sa teaghlach ualach díréireach ar mhná maidir le hobair chúraim gan íocaíocht agus obair tí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh tionchair dhiúltacha ag géarchéimeanna i ndiaidh a chéile ar mhná ar fud an domhain, rud a chuir bac ar dhul chun cinn maidir le comhionannas inscne; de bhrí go ndéanann dí-infheistiú agus ciorruithe buiséid i seirbhísí poiblí amhail oideachas, sláinte, iompar agus cúnamh leasa difear do mhná go háirithe, toisc gur dóchúla go n-oibreoidh siad sna seirbhísí poiblí sin, go mbeidh siad ag brath orthu agus go soláthróidh siad iad nuair a chuirfear deireadh leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach an t-idirdhealú idir fir agus mná a chomhrac i dtaobh rochtain ar fhostaíocht agus ar obair, agus comhionannas a chur chun cinn i dtaca le gairmeacha agus le catagóirí gairmiúla, leis an ngairmoiliúint agus le tuarastail, chomh maith le dlús á chur leis an obair ar chearta saothair agus cearta cómhargála agus cearta ceardchumainn a chosaint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur léirigh an ghéarchéim fuinnimh san Eoraip gur gá margadh leictreachais na hEorpa a athchóiriú; de bhrí, trí phraghsanna leictreachais a innéacsú le praghsanna gáis, go bhfuil deiseanna suntasacha cruthaithe ag an margadh le haghaidh amhantraíochta, rud a fhágann go bhfuil deacrachtaí suntasacha ann do chuideachtaí, go háirithe do FBManna, agus do theaghlaigh, go háirithe iad siúd ina bhfuil daoine i gcásanna leochaileacha nó a chónaíonn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear mná, atá go háirithe i mbaol; de bhrí gur rannchuidigh an amhantraíocht eacnamaíoch sin le costais fuinnimh a mhéadú; de bhrí go bhfuil rialáil praghsanna in earnáil an fhuinnimh ar cheann de na príomhuirlisí chun cearta eacnamaíocha agus sóisialta daoine a ráthú, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar leictreachas, téamh agus fuarú san aistriú chuig fuinneamh glas;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur tháinig an Chomhairle ar chomhaontú in athchóiriú an mhargaidh leictreachais a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú gur lú a bhraitheann praghsanna leictreachais ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise, go ndéanfar tomhaltóirí a chosaint ar mhéaduithe praghsanna, go gcuirfear dlús le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus go bhfeabhsófar cosaint tomhaltóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go gcuireann an t-athrú aeráide agus tubaistí a bhaineann leis an aeráid leis an ngéarchéim costais maireachtála agus go bhfuil tionchar ar leith acu ar mhná, ós rud é, ó thaobh staidrimh de, gurb iad mná is mó atá i mbaol bochtaineachta; de bhrí gurb iad na grúpaí atá ina gcónaí ar na corrlaigh cheana féin is mó atá thíos le luaineacht chóras fuinnimh na mbreoslaí iontaise, agus go bhfuil mórghrúpaí eacnamaíocha amhail cuideachtaí fuinnimh agus bia ag déanamh brabúis nach bhfacthas a leithéid riamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur dúshlán ollmhór agus fadhb thromchúiseach shóisialta do AE í an bhochtaineacht fuinnimh; de bhrí, fiú roimh an ngéarchéim atá ann faoi láthair, in 2021, go raibh 6,9 % de theaghlaigh uile an Aontais chun deiridh lena mbillí fóntais, agus gur thug 6,4 % le fios nach raibh siad in ann a dtithe a choinneáil te; de bhrí, in 2020, go raibh beagnach 15 % de na teaghlaigh uile ina gcónaí i dtithe ag a raibh sceitheadh nó díonta briste nó ar a raibh lobhadh<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Eurostat, EU statistics on income and living conditions [Staidreamh AE ar ioncam agus dálaí maireachtála].</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach raibh breis is 41 mhilliún Eorpach in ann a dtithe a choinneáil sách te in 2022; de bhrí gurb ionann an líon sin agus daonra na Gréige, na Portaingéile, na hUngáire agus na Sualainne curtha le chéile, rud a chiallaíonn go gcaithfidh na daoine sin rogha a dhéanamh idir a dtithe a théamh agus bia a cheannach; de bhrí go meastar go bhféadfadh an figiúr a bheith i bhfad níos airde, agus meastachán ag teacht ó Fhaireachlann AE um an mBochtaineacht Fuinnimh (EPOV) go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach buailte; de bhrí gur feiniméan ilghnéitheach í an bhochtaineacht fuinnimh, a mheastar a bheith mar thoradh ar mheascán d’ioncam íseal, costais arda fuinnimh, agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gurb iad foirgnimh is cúis le 40 % den ídiú fuinnimh deiridh san Aontas agus le 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh, agus go bhfuil 75 % d’fhoirgnimh an Aontais fós neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur measa an bhochtaineacht fuinnimh mar gheall ar neamhionannais inscne atá ann cheana, go háirithe iad siúd a bhaineann le hioncam, amhail an bhearna phá, an bhearna phinsin agus an bhearna rannpháirtíochta idir na hinscní; de bhrí go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní fós ag 12,7 % ar fud AE<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Coimisiún Eorpach, The gender pay gap situation in the EU [Staid na bearna pá idir na hinscní in AE].</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gurb é toradh carnach na n-éagothromaíochtaí ioncaim sin idir na hinscní le linn saol mná go bhfaigheann mná ioncam scoir atá 35 % níos ísle ar an meán ná an t-ioncam scoir a fhaigheann fir in AE; de bhrí nach gcloítear i gcónaí leis an gceart chun pá chomhionainn as obair chomhionann agus go bhfuil sé fós ar cheann de na dúshláin is mó sna hiarrachtaí chun idirdhealú pá a chomhrac; de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha fós ann sa bhearna phinsin idir na hinscní ar fud Bhallstáit AE, ó 2,6 % san Eastóin go 46,1 % i Málta; de bhrí gurb é an toradh atá ar an mbearna phinsin idir na hinscní go bhfuil mná i mbaol níos mó ó thaobh bochtaineacht seanaoise agus eisiamh sóisialta de;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur dóchúla go mbeidh mná, go háirithe máithreacha aonair agus iad siúd a ndéantar idirdhealú trasnach orthu ar fhorais eitneachta, cine, stádais imirce, gnéaschlaonta, míchumais nó aoise, buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh; de bhrí go gciallaíonn sé sin go gcuirfidh an ghéarchéim leanúnach maidir le costas maireachtála leis an mbochtaineacht fuinnimh ar bhonn inscne in AE; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh sonraí imdhealaithe de réir inscne agus comhionannas trasnach; de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, go bhfuil an ghéarchéim costais maireachtála is mó le glúin anuas romhainn;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, in 2022, go raibh níos mó ná an cúigiú cuid de dhaonra AE atá ina gcónaí i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí cleithiúnacha i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta; de bhrí, ag deireadh 2022, go raibh 44 % de mháithreacha singile agus 31 % de mhná singile ag súil le deacrachtaí i dtaobh costais fuinnimh a íoc sna míonna amach romhainn<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Eurofound, The cost-of-living crisis and energy poverty in the EU: Social impact and policy responses – Background paper [An ghéarchéim costais maireachtála agus an bhochtaineacht fuinnimh san Aontas: Tionchar sóisialta agus freagairtí beartais – Doiciméad eolais], Deireadh Fómhair 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go laghdaíonn na géarchéimeanna fuinnimh agus an sciar níos airde de chostais fuinnimh in ioncam iomlán na mban a gcumas airgeadais chun saol neamhspleách a fhorbairt, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do mhná gan ioncam nó a bhfuil ioncam íseal acu éalú ó fhoréigean teaghlaigh agus ó mhí-úsáid ó chomhpháirtí a bhfuil siad ceangailte leis ó thaobh airgeadais de;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil baint ag an mbochtaineacht fuinnimh le tionchair shuntasacha ar shláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch an duine toisc, mar shampla, go bhfuil baint ag teochtaí fuara seomraí le rioscaí méadaithe struis, droch-chodlata, tinneas riospráide agus galar imshruthaithe<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">EIGE, Gender Equality Index 2023 [Innéacs Comhionannais Inscne 2023].</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go mbíonn rioscaí suntasacha sláinte agus sábháilteachta ó thruailliú aeir tí, agus ó easpa soilsiúcháin, roimh mhná agus, de réir staidéar ó EDS, go bhfuil riosca coibhneasta níos airde ag mná ná mar atá ag fir maidir le torthaí díobhálacha sláinte a fhorbairt mar gheall ar nochtadh do dheatach ó bhreoslaí soladacha, lena n-áirítear galar scamhóige toirmeascach ainsealach agus ailse scamhóg; de bhrí go n-aithnítear tithíocht fhuar agus rioscaí sláinte gaolmhara mar chúis fhéideartha le mortlaíocht iomarcach gheimhridh<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">EIGE, Gender Equality Index 2023 [Innéacs Comhionannais Inscne 2023].</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil limistéir thuaithe agus intíre, na limistéir is forimeallaí agus limistéir atá i mbaol a mbánaithe neamhchosanta go háirithe ar an mbochtaineacht fuinnimh, mar gheall ar ioncam coibhneasta níos ísle ag teaghlaigh atá lonnaithe sna limistéir sin agus i bhfianaise na riachtanas sonrach fuinnimh atá ag teaghlaigh feirmeoirí; de bhrí, ina theannta sin, go bhfuil níos lú infheistíochtaí i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh i dtithíocht; de bhrí go bhfuil mná atá ina gcónaí sna limistéir sin níos soghabhálaí i leith na bochtaineachta fuinnimh agus go ndéanann rochtain neamhleor ar fhuinneamh glan agus inacmhainne difear díréireach dóibh toisc gur minic gurb iad príomhúsáideoirí fuinnimh teaghlaigh iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí nach bhfuil mórán feasachta ná sonraí ar fáil maidir le tionchar na bochtaineachta fuinnimh ar mhná in AE; de bhrí nach soláthraíonn Faireachlann AE um an mBochtaineacht Fuinnimh sonraí imdhealaithe de réir inscne ina tacar táscairí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu; de bhrí nár ghlac ach cúpla Ballstát sainmhínithe ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar tháscairí na bochtaineachta fuinnimh, ar táscairí iad nach gcuireann inscne san áireamh de ghnáth;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí nach amháin go bhféadfaidh an ngrianfhuinneamh a bheith mar réiteach ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, ach go bhféadfar tionchar dearfach a bheith aige freisin ar chomhionannas inscne agus ar chothromas inscne ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí, maidir le mná in earnáil an fhuinnimh, gur gnách go n-oibríonn siad níos mó i ngnólachtaí ina bhfuil an pá níos ísle, i gcomparáid leis na mná nach n-oibríonn in earnáil an fhuinnimh; de bhrí nach bhfuil ach 20 % de na róil bainistíochta sinsearaí ag mná in earnáil an fhuinnimh agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ról leordhóthanach ag mná ar leibhéal bainistíochta na gcuideachtaí fuinnimh; de bhrí go gcabhródh cuimsiú iomlán na mban sna poist sin le nuálaíocht a chur chun cinn, bealaí nua bainistíochta a chur chun feidhme agus éagsúlacht sa lucht saothair a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin, go gcothódh timthriall dearfach an chomhionannais inscne lena gcuirfí leis an aistriú chuig fuinneamh glas;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, gur féidir le mná a bheith ina ngníomhaithe cumhachtacha don athrú san aistriú chuig fuinneamh glan; de bhrí go mbeidh gá freisin le comhar le raon leathan geallsealbhóirí ón earnáil phríobháideach chun timpeallacht chumasúcháin a chruthú d’fhiontraíocht na mban agus d’fhuinneamh inbhuanaithe; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na bearnaí idir na hinscní atá ann faoi láthair sa rochtain ar mhaoiniú, ar fhaisnéis, ar theicneolaíocht, ar earraí agus ar sheirbhísí, chun na rioscaí infheistíochta a laghdú agus chun rochtain ar chistiú corparáideach a spreagadh do bhanfhiontraithe san fhuinneamh inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur gá rochtain na mban ar fhuinneamh inbhuanaithe agus ar dheiseanna a mhéadú chun laghdú na bochtaineachta agus cumhachtú eacnamaíoch na mban ar fud an domhain a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí, de réir an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, go bhfuil deacrachtaí ag earnáil an fhuinnimh mar gheal ar an easpa céimithe ar mná iad san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (ETIEM), rud a laghdaíonn líon na n-iarratasóirí ionchasacha; de bhrí gurb ionann mná agus 52 % de dhaonra na hEorpa agus tromlach na gcéimithe san ardoideachas in AE, ach nach ionann iad agus ach 17,9 % de na hollúna a bhfuil poist bhuana acu i réimsí na hinnealtóireachta agus na teicneolaíochta<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Coimisiún Eorpach, She figures 2021, Samhain 2021.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, gurb ionann iad agus beirt as cúigear eolaithe agus innealtóirí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil iontu ach 34 % den lucht saothair i ngairmeacha san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM)<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Coimisiún Eorpach, Towards a manifesto for gender-inclusive STE(A)M education and careers [I dtreo forógra le haghaidh oideachas agus gairmeacha ETI(E)M atá cuimsitheach ó thaobh inscne de], Deireadh Fómhair 2022.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go gcuirfí go suntasach leis an aistriú fuinnimh de bharr eolas agus taithí na mban;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí nár chomhlíon an Coimisiún a ghealltanas a leagtar amach sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne chun gné na hinscne a chomhtháthú i ngach mórthionscnamh de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip agus beartais ghaolmhara;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún comhionannas inscne a chur chun cinn faoi na Conarthaí; de bhrí, áfach, go measann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nár comhtháthaíodh gné na hinscne i mbuiséad AE ós rud é go bhfuil príomhghnéithe, amhail anailís inscne, cuspóirí a bhaineann le hinscne, táscairí agus cuntasacht trí thuairisciú, in easnamh den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil ábhair imní maidir le comhionannas inscne in easnamh den chuid is mó ó cholúin an aistrithe ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar deis chaillte í chun comhionannas inscne a chomhtháthú go héifeachtach i gcuspóirí aeráide agus comhshaoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go léirítear i staidéar a d’iarr an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) gur minic gur fearr fir ná mná agus grúpaí imeallaithe eile a mhéid a bhaineann le ceapadh fóirdheontas agus tacaíochta faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, agus i mbeartais, cláir agus cistiú eile don aistriú glas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil gné na hinscne ar iarraidh ó bheartais agus ó bhearta na mBallstát agus AE atá dírithe ar éifeachtaí na géarchéime costais maireachtála a chomhrac agus a mhaolú; de bhrí nach bhfuil thart ar dhá thrian de na bearta arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit chun rátaí boilscithe atá ag dul i méid a mhaolú dírithe ar ghrúpaí áirithe i gcásanna leochaileacha agus nach soláthraíonn siad ach réitigh ghearrthéarmacha seachas freagairtí a rannchuideoidh le haistriú glas atá cothrom go sóisialta, amhail coigilt fuinnimh nó an t-aistriú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gur cheart go gcuirfí san áireamh i ngníomhaíocht AE a thábhachtaí atá coincheap an cheartais aeráide agus gealltanas na bpáirtithe uile i gComhaontú Pháras a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne, a urramú, a chur chun cinn agus a mheas agus gníomhaíocht á déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réitigh atá íogair ó thaobh inscne de ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an gcostas maireachtála atá ag dul i méid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an gealltanas dearfach a thug an tUachtarán von der Leyen chun comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach ceapadh beartais a chomhlíonadh agus á chur i bhfáth gur gá níos mó a dhéanamh ós rud é go bhfuil gné na hinscne in easnamh sna príomhthionscnaimh arna dtíolacadh i leith na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil; á iarraidh go n-áiritheofaí leis an gComhaontú Glas don Eoraip go mbeadh aistriú cóir atá cothrom go sóisialta ann a oibreoidh do chách trí straitéis thrasnach atá claochlaitheach ó thaobh inscne de a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus trí infheistíocht phoiblí i dtithíocht shóisialta atá inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh a mhéadú, agus riachtanais shonracha na mban á gcur san áireamh, ar mná iad a rannchuidíonn go mór le bainistíochta fuinnimh teaghlaigh go minic, ach nach bhfuil rochtain chomhionann acu ar acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach n-aithnítear i Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2407, 23.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> agus an treoir a ghabhann leis<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gCoimisiún maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh. Treoir ón Aontas maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh. Doiciméad tionlacain (SWD(2023)0647).</FIELD></FOOTNOTE> gnéithe inscneacha na bochtaineachta fuinnimh agus an gá bunriachtanach atá le sonraí imdhealaithe de réir inscne chun measúnú leormhaith a dhéanamh ar riachtanais teaghlach leochaileach mar phríomhtháscaire; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár ghlac an Coimisiún leis na hiarrataí iomadúla ó Pharlaimint na hEorpa, ón tsochaí shibhialta agus ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) táscairí inscne-shonracha a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú glas cothrom go sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar AE pacáiste urghnách a chur chun cinn chun tacú le daoine atá ag streachailt leis na costais mhaireachtála atá ag ardú go pras, lena n-áirítear EUR 100 billiún do theaghlaigh, go háirithe na teaghlaigh aontuismitheora – arb iad mná an tuismitheoir atá i gceist iontu formhór mór an ama – is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus EUR 20 billiún ar a laghad chun cur le scéim na Ráthaíochta Eorpach do Leanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE fóntais agus bia inacmhainne a ráthú go práinneach do theaghlaigh ar ioncam íseal agus, go háirithe, dóibh siúd a ndéantar idirdhealú trasnach orthu; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh ar aon duine a bheith préachta leis an bhfuacht i ndúlaíocht an gheimhridh nó a bheith róthe le linn mhíonna teo an tsamhraidh agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE díscor fuinnimh a thoirmeasc; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht ar fud na mBallstát uile éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú trí thithíocht a athchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú gur cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal i gcomhréir le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh i gcás breis agus 50 milliún duine san Aontas atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh; á mheas go bhfuil sé tábhachtach go ráthódh na Ballstáit rochtain ar leictreachas do dhaoine leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear díréireach do mhná ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht is gá a thiomnú chun an bhochtaineacht fuinnimh i measc na mban a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar neamhionannais mhéadaitheacha i measc na mban, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear máithreacha singile, mná faoi mhíchumas, mná ó chúlra ciníoch agus ó chúlra eitneach, daoine LGBTIQ+, mná ar imircigh agus dídeanaithe iad, mná scothaosta agus mná i limistéir thuaithe nó bhánaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uaillmhianach Eorpach 2030 a fhorbairt i gcoinne na bochtaineachta, lena n-áirítear bochtaineacht ama, ina mbeidh spriocanna nithiúla chun an bhochtaineacht a laghdú agus béim ar dheireadh a chur le bochtaineacht na mban agus ar thimthriall na rioscaí bochtaineachta ó ghlúin go glúin a bhriseadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun baol na bochtaineachta sa tseanaois a chomhrac agus cur chuige inscne-íogair a ghlacadh agus córais na bpinsean á n-athchóiriú, an aois scoir á oiriúnú agus pinsin agus sochair shóisialta agus seirbhísí amhail cúram fadtéarmach á neartú, agus tearcionadaíocht ag mná i margadh an tsaothair á cur san áireamh, chomh maith le deighilt mhargadh an tsaothair agus idirdhealú ar bhonn inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha nua agus iad a mholadh, i gcás inarb iomchuí, chun stop a chur le hamhantraithe rochtain ar fhuinneamh a dhéanamh neamh-inacmhainne do mhná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról bunúsach ag rochtain ar leictreachas maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus maidir le rannpháirtíocht iomlán agus chomhionann sa tsochaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid an Choimisiúin plean gníomhaíochta inscne a fhorbairt lena n-áiritheofar go ndéanfar gné na hinscne a chomhtháthú le reachtaíocht uile an Aontais maidir le fuinneamh, lena n-áirítear an ceart chun comhroinnt fuinnimh mar a luaitear i dTreoir (AE) 2018/2001, agus go bhforbróidh sí bearta sonracha, táscairí agus cistí spriocdhírithe chun an bhochtaineacht fuinnimh, agus go háirithe a hiarmhairtí inscneacha, a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear gné na hinscne agus an ghné thrasnach san áireamh i ngach scéim um éifeachtúlacht fuinnimh agus um leictreachas in-athnuaite, lena n-áirítear an ceart chun comhroinnt fuinnimh, chun tacú leis na saoránaigh sin is mó a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh; á aithint go rannchuidíonn tionscnaimh atá faoi stiúir ban le réitigh fuinnimh inbhuanaithe agus go bhfuil ról lárnach ag mná i ndearadh na réiteach sin ar gach leibhéal, lena n-áirítear leibhéal an teaghlaigh, leibhéal an phobail, an leibhéal áitiúil, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhionannas inscne a phríomhshruthú i ngach beartas chun an fhreagairt is fearr ar an ngéarchéim fuinnimh a bhaint amach, a dhéanann difear díréireach do mhná; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le hinscne mar thoradh ar an méadú ar an gcostas maireachtála de bharr na géarchéime fuinnimh, lena n-áirítear measúnú inscne ar chur chun feidhme a mholta maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh; á iarraidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar phraghsanna fuinnimh, iompair agus earraí bunriachtanacha eile d’fhonn bearta sonracha a fhorbairt chun baol an eisiaimh shóisialta agus na bochtaineachta a chomhrac, agus béim á leagan ar rochtain ar thithíocht inacmhainne, iompar, ceartas agus fuinneamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ceangal a chur ar na Ballstáit measúnuithe tionchair inscne éigeantacha a dhéanamh i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, lena n-áirítear agus tuairisciú á dhéanamh acu ar an mbochtaineacht fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte sonracha a fhorbairt maidir le conas a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit príomhshruthú inscne agus anailís inscne i bhfeidhm i gceart agus Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFA) á gceapadh acu, lena n-áirítear bearta agus gníomhaíochtaí chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach anailís inscne a bhfuil gné thrasnach ag baint léi a ionchorprú in PNFAnna chun aistriú fuinnimh atá cothrom go sóisialta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht phoiblí a mhéadú i mbeartais a bhfuil sé d’aidhm acu, go díreach nó go hindíreach, gníomhú in aghaidh éifeachtaí diúltacha na géarchéime costais maireachtála ar mhná ina n-éagsúlacht uile, lena gcosnófar íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, agus rochtain ar sheirbhísí poiblí agus saor in aisce ar ardcháilíocht a ráthú i dtaca le cúram, oideachas, sláinte, lena n-áirítear sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, chomh maith le tithíocht inacmhainne, iompar agus fuinneamh, agus rochtain ar fhostaíocht chuibhiúil; á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar réigiúin tuaithe agus intíre, na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin atá i mbaol a mbánaithe, ar réigiúin iad nach mbíonn soláthar leormhaith na seirbhísí sin acu go minic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar an bhoilscithe aird agus na gcostas fuinnimh ag baint an bhoinn ó sheirbhísí poiblí, ar mó an seans go mbeidh mná ag brath orthu agus go n-oibreoidh mná iontu; á chur i bhfáth go bhfuil impleachtaí díreacha ag ciorruithe ar bhuiséid na mBallstát, a mhéid a bhaineann le cúram leanaí, oideachas, gníomhaíochtaí réamh-bhunscoile agus cúramóirí, do mhná a dhéanann formhór na gcúraimí breise atá i gceist; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú a mhéadú don bhonneagar sóisialta, go háirithe do sheirbhísí cúraim sláinte agus cúraim, agus tús áite a thabhairt do thithíocht shóisialta agus don infheistíocht in iarfheistiú tithe chun costais fuinnimh a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tionchar diúltach ag an ngéarchéim costais fuinnimh, mar aon leis an ngéarchéim costais maireachtála, ar chuimsiú eacnamaíoch agus sóisialta na mban agus ar shláinte agus ar chearta bunúsacha na mban lena n-áirítear sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo; á thabhairt chun suntais go ndeir thart ar aon trian de dhaoine gur chuir siad deireadh le cóir leighis in 2022, agus go bhfuil níos mó daoine ag rá go bhfuil orthu deireadh a chur le cúram leighis mar gheall ar chostais atá ag ardú, agaí feithimh níos faide, agus ganntanais dochtúirí agus cógas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go n-áiritheofaí ioncam íosta leormhaith, i gcomhréir leis na moltaí Eorpacha, d’fhonn comhionannas inscne, cinnteacht ioncaim agus neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a chur chun cinn; á mheabhrú gur coimirce riachtanach é pá íosta leormhaith chun dáileadh pá níos cothroime a áirithiú agus chun pá íosta bunúsach lena gcosnaítear mná a ráthú; á thabhairt chun suntais nach mór do na hionstraimí thuasluaite na cearta a bhunaítear i gcomhaontuithe comhchoiteanna a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún staonadh ó aon mholadh beartais a chur chun cinn a chuirfeadh le caidreamh oibre forbhásach, nó as a dtiocfadh dírialú uaireanta oibre, laghdú ar thuarastail, ionsaí ar chómhargáil nó príobháidiú seirbhísí poiblí agus slándála sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go mbeadh beartas iompair phoiblí ann lena gcuirtear comhionannas inscne san áireamh, go háirithe tríd an tseirbhís iompair phoiblí a leathnú agus a fheabhsú agus soghluaisteacht éifeachtach a áirithiú ionas gur féidir le mná obair a fháil agus páirt níos gníomhaí a ghlacadh i margadh an tsaothair (agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach gcruthófar aon bholgán amhantrach shaorga a bheidh chun dochair do leas na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú gur ceart bunúsach í tithíocht leormhaith nach mór a chosaint agus a aithint mar réamhchoinníoll chun cearta bunúsacha eile a fheidhmiú, agus chun rochtain a fháil orthu, agus chun go mbeidh saol lán dínite ag an duine; á chur in iúl gur oth léi, mar thoradh ar idirdhealú agus neamhionannais i dtithíocht, go bhfuil go leor ban ina gcónaí gan dínit i ndálaí éiginnte agus neamhshábháilte, agus go bhfuil siad i mbaol níos mó easpa dídine agus foréigin; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar díréireach ag díshealbhuithe éigeantacha agus sáruithe eile ar an gceart chun tithíochta ar mhná agus go dtreisítear leo na neamhionannais atá ann cheana, ar bac suntasach iad ar chomhionannas inscne a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha nua agus iad a mholadh, i gcás inarb iomchuí, chun airgeadrú na margaí tithíochta a mhaolú agus chun stop a chur le hamhantraithe tithíocht a dhéanamh neamh-inacmhainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún deis a thabhairt d’údaráis áitiúla, lena n-áirítear údaráis bhardasacha, a rialú ar ardáin ar líne chun tithíocht a fháil ar cíos a dhéanamh níos doichte; á iarraidh ar na Ballstáit soláthar agus rogha na tithíochta poiblí atá ar fáil a mhéadú agus aghaidh a thabhairt ar thionchar na n-arduithe ar rátaí úis arb é boilsciú is cúis leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tathant ar na Ballstáit soláthairtí fuinnimh a choimirciú i limistéir atá i bhfad ó lárionaid uirbeacha ionas go mbeidh na dálaí íosta compoird do mhná agus do theaghlaigh ar fáil i limistéir thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur féidir an t-ualach a chuireann luaineacht sna margaí fuinnimh ar na tomhaltóirí is leochailí a laghdú go suntasach trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar chuideachtaí fuinnimh cur chuige comhréireach a ghlacadh chun úsáideoirí a dhícheangal ón soláthar cumhachta, agus riachtanais, dúshláin agus deacrachtaí eile na mban, na máithreacha singile, na mban faoi mhíchumas, na mban scothaosta, na gcailíní, agus na mban atá ina gcónaí i limistéir thuaithe agus intíre á gcur san áireamh le linn géarchéim costais maireachtála, ar gné bhunúsach den ghéarchéim fuinnimh í;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit gné na hinscne agus gné thrasnach a chomhtháthú ina sainmhínithe ar an mbochtaineacht fuinnimh, ionas go mbeifear in ann comparáid agus faireachán a dhéanamh ar an bhfírinne sin ar bhealach a théann níos faide ná an coincheap ginearálta a bhaineann le ‘teaghlaigh leochaileacha’, agus ar an gcaoi sin tuiscint níos fearr a fháil ar na cásanna éagsúla laistigh de gach teaghlach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún, ar Eurostat agus ar na Ballstáit bailiú sonraí, staidrimh, taighde agus anailíse atá imdhealaithe de réir inscne agus trasnach a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh, ós rud é gurb é sin an t-aon bhealach chun a áirithiú nach ndéanfar neamhaird ar chásanna sonracha agus go mbeidh siad mar bhonn do cheapadh beartais feasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí imdhealaithe de réir inscne maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a iarraidh ar Eurostat; á iarraidh, ina leith sin, ar Fhaireachlann AE um an mBochtaineacht Fuinnimh na sonraí sin a úsáid chun táscairí inscne-shonracha a fhorbairt agus a roghnú lena gceadófaí forbairt beartais atá bunaithe ar fhianaise sa réimse sin, i gcomhairle leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun sonraí imdhealaithe de réir inscne a áireamh ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun díriú ar bhealach níos fearr ar bheartais agus ar bhearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé taighde agus nuálaíocht leanúnach atá inscne-íogair a chothú i dtionscal an leictreachais in-athnuaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE fóntais inacmhainne a áirithiú go práinneach do FBManna atá faoi stiúir ban, go háirithe, dóibh siúd a ndéantar idirdhealú trasnach orthu; á aithint gur minic gur cuid ríthábhachtach de tháirgeadh earraí bunriachtanacha iad fiontair atá faoi stiúir ban agus fiontair áitiúla ina bhfuil céatadán ard oibrithe ar mná iad; á chur i bhfáth nár cheart d’bhanfhiontraithe ualach díréireach amhantraíochta eacnamaíche a ghlacadh orthu féin agus gur cheart rochtain chomhionann a thabhairt dóibh ar na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas, agus an tionchar éagothrom atá aige á mhaolú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an phríomhshruthaithe inscne a bheith ag croílár bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus gur cheart iad a léiriú i gcinntí beartais, pleanála agus infheistíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I dtreo aistriú glas a bheidh cuimsitheach ó thaobh inscne de</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le haistriú glas cóir chun géarchéimeanna tromchúiseacha amach anseo agus bochtaineacht mhéadaithe a sheachaint; á mheabhrú, thairis sin, nach mbeidh an t-aistriú glas cothrom go sóisialta ach amháin má áirítear gné na hinscne leis agus má ráthaíonn sé comhionannas deiseanna do mhná agus dóibh siúd a ndéantar idirdhealú trasnach orthu, chomh maith lena gcuimsiú fóinteach sa phróiseas ceaptha beartais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún comhordaitheoir inscne agus aeráide AE a cheapadh a mbeidh foireann agus cistiú leordhóthanach aige, agus measúnuithe tionchair inscne a thabhairt isteach i mbeartais agus i reachtaíocht uile AE, go háirithe i dtionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar fhuinneamh glas a leathnú agus a inacmhainneacht a chur chun cinn chun forbairt níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe a bhaint amach; á aithint, mar gheall ar chostais teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá ag titim go tapa agus samhlacha nua gnó, go gcuirtear réitigh fuinnimh ar fáil, a bhfuil an-ghealladh fúthu i leith dlús a chur le rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe do mhná ina n-éagsúlacht uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról straitéiseach agus tairbheach ag mná san aistriú glas, ós rud é gur príomhghníomhaithe iad i bhforbairt patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe atá fónta ó thaobh na héiceolaíochta de, agus i ngnó agus ceapadh beartais ar gach leibhéal; á thabhairt chun suntais gur gá láithreach aitheantas a thabhairt don acmhainneacht a bhaineann leo maidir le fuinneamh inbhuanaithe a chothú agus rannchuidiú le SDGanna iomadúla a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, de réir na Náisiún Aontaithe, nach mbaintear tearcúsáid as acmhainneacht na mban mar fhiontraithe in earnáil an fhuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le banfhiontraithe fuinnimh inbhuanaithe agus ar na Ballstáit na bearnaí idir na hinscní atá ann cheana a dhúnadh agus feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis, teicneolaíocht, earraí agus seirbhísí agus ar mhargaí agus maoiniú go háirithe trí sheirbhísí idirghabhála airgeadais traidisiúnta agus nuálacha, amhail ardáin chomhtháite ghréasánbhunaithe, a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag moladh rialtais áitiúla/náisiúnta nó cuideachtaí príobháideacha atá ag déanamh sáriarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta agus eacnamaíocha na bochtaineachta fuinnimh agus ag tathant orthu leanúint leis an obair sin trí ghné na hinscne a ionchorprú nuair is féidir agus trína áirithiú go mbeidh an teanga/cumarsáid a úsáidtear cuimsitheach ó thaobh inscne de agus go gcuirfear ar fáil in Braille í dóibh siúd a bhfuil gá acu léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht shuntasach i bpoist tábhachtacha a bhaineann le ceapadh beartais maidir leis an athrú aeráide, leis an aistriú fuinnimh agus leis an gcomhshaol, agus á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit bearta gníomhaíochta dearfacha a dhéanamh amhail cuótaí sealadacha chun ionadaíocht chomhionann agus éagsúil a áirithiú i bpoist chinnteoireachta ar fud institiúidí AE, comhlachtaí rialtais agus údaráis phoiblí ar gach leibhéal rialachais agus comhlachtaí poiblí lena mbaineann; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht fhóinteach na mban a chur chun cinn i bpleanáil, i mbeartais agus i gcláir atá freagrúil ó thaobh inscne de, lena n-áirítear a bpleanáil fhioscach, agus a áirithiú go gcuirfear tionchair dhifreálacha an athraithe aeráide agus géarchéimeanna fuinnimh ar mhná agus ar fhir san áireamh sna beartais sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na Ballstáit éagothromaíocht idir na hinscní san earnáil tógála agus foirgníochta a laghdú, lena n-áirítear trína bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, chun a áirithiú go mbeidh lucht saothair an Aontais go hiomlán ullamh chun oibriú go gníomhach chun a chuspóirí aeráide a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, mar phríomhghníomhaireachtaí comhshaoil agus comhionannais inscne i gcóras na Náisiún Aontaithe, go bhfuil UNEP agus Mná na Náisiún Aontaithe tagtha le chéile chun Clár Domhanda a fhorbairt chun Fiontraíocht na mBan maidir le fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha AE an clár sin a thabhairt dá n-aire agus cuspóirí fiontraíochta comhchosúla maidir le fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn laistigh de AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú ag teacht ar a thábhachtaí atá an teicneolaíocht dhigiteach agus ardáin dhigiteacha sa phróiseas foriomlán chun oideachas agus oiliúint a chur ar fáil do mhná agus do chailíní agus in go leor próisis roghnúcháin oibre; á chur in iúl gur oth léi na tionchair dhiúltacha a bhaineann le rochtain mhíchothrom ar an teicneolaíocht, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt litearthacht dhigiteach na mban agus cailíní agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear díréireach do mhná agus cailíní ina n-éagsúlacht uile, lena n-áirítear mná singile agus mná scothaosta agus na mná sin atá ina gcónaí i limistéir thuaithe, i limistéir intíre agus i limistéir ina bhfuil baol mór bánaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an bhearna idir na hinscní in earnáil an fhuinnimh a laghdú trí dhul i ngleic le tearcionadaíocht ag mná i ngairmeacha ETIEM agus a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag mná ar chúrsaí gairmoiliúna agus ar chúrsaí múscailte feasachta in ábhair ETIEM lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus neamhthuilleamaíocht fuinnimh agus nasc dearfach a chruthú idir eolas a fháil agus scileanna a fhorbairt atá riachtanach do dheiseanna fostaíochta atá ag teacht chun cinn san aistriú digiteach agus glas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á aithint nár comhlíonadh na cuspóirí deiridh maidir le cuimsiú, comhionannas agus cothromaíocht inscne a bhaint amach in earnáil an fhuinnimh go fóill; á iarraidh ar na húdaráis oideachais faoi seach laistigh de na Ballstáit cailíní a spreagadh go háirithe chun spéis a chur in earnáil an fhuinnimh trí steiréitíopaí inscne i roghanna oideachais a chomhrac agus a muinín a chothú maidir leis na scileanna is gá a bheith acu chun a bheith ina bhfostaithe, ina nuálaithe agus ina gceannródaithe in earnáil an fhuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil earnáil an fhuinnimh ar cheann de na tionscail is éagothroime ó thaobh inscne de in AE, agus nach ionann mná agus ach 24 % den lucht saothair<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">EIGE, Gender Equality Index 2023 [Innéacs Comhionannais Inscne 2023].</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus maidir lena idirdheighilt ghairme agus chéimlathach na n-inscní; á iarraidh ar chuideachtaí fuinnimh príobháideacha agus poiblí deireadh a chur le haon chineál idirdhealaithe ar bhonn inscne nó ar aon fhoras eile mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic leis na neamhionannais struchtúracha inscne atá fós ann lena mbuanaítear na bacainní ar dhul isteach sa lucht saothair in earnáil an fhuinnimh agus é a choinneáil, lena n-áirítear cearta máithreachais agus atharthachta a urramú agus a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil timpeallachtaí oibre na gcuideachtaí fuinnimh a chuireann comhionannas chun cinn níos tarraingtí dá bhfostaithe uile agus d’fhostaithe ionchasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh lena gcuirtear mná chun cinn chun bheith ina bhfiontraithe grianfhuinnimh, fuinnimh gaoithe, fuinnimh gheoiteirmigh agus fuinnimh hidrileictrigh, ós rud é go dtéann sé sin chun tairbhe do na mná lena mbaineann agus don phobal i gcoitinne, agus á iarraidh ar na Ballstáit aon bhac a chuireann cosc ar mhná a bheith ag obair sna hearnálacha sin a shainaithint; á iarraidh ar chuideachtaí príobháideacha laistigh d’earnáil an fhuinnimh a áirithiú go gcumhachtófar teicneolaíocht ghrianfhuinnimh, fuinnimh gaoithe, fuinnimh gheoiteirmigh agus fuinnimh hidrileictrigh, agus a nuálaithe baineanna, chun tacú leis an aistriú fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag cur sonrú i bpríomhchuspóirí an Choimisiúin laistigh de Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh, lena bhféachtar le córais ghrianfhuinnimh AE a dhéanamh níos iomaíche agus níos athléimní; á aithint go bhfuil grianfhuinneamh, fuinneamh gaoithe, fuinneamh geoiteirmeach agus fuinneamh hidrileictreach ag tabhairt rochtain ar fhuinneamh do níos mó ban, go háirithe i limistéir thuaithe; á thabhairt chun suntais gur gá ábhair imní sábháilteachta na mban a chomhtháthú maidir le húsáid soilsithe agus beartais uirbeacha agus soghluaisteachta á ndearadh agus á bpleanáil d’fhonn spásanna poiblí atá sábháilte agus saor ó chiapadh a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle gealltanas a thabhairt maidir le buiséadú inscne agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é maidir le buiséad iomlán AE, agus go gcuirfear moltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear san athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>