<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0049</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Fuinneamh geoiteirmeach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0432/2023 -  Rapóirtéir: Zdzisław Krasnodębski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar an bhfuinneamh geoiteirmeach (2023/2111(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 2023/2413, 31.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 ar an togra i gcomhair Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0068.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/943, Rialachán (AE) 2019/942, Treoir (AE) 2018/2001 agus Treoir (AE) 2019/944 chun dearadh mhargadh leictreachais an Aontais a fheabhsú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724, agus (AE) 2019/1020<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0325.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161)<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0401.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Plean REPowerEU’ (COM(2022)0230),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0441.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Rialachán Tacsanomaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, Rialachán (AE) 2019/2088<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus don Rialachán Tarmligthe gaolmhar lena socraítear na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu an ndéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 442, 9.12.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 239, 6.9.2013, lch. 136.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 124, 25.4.2014, lch. 1.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO L 19, 20.1.2023, lch. 43.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite mhí Feabhra 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Global geothermal market and technology assessment</STRING>’<FOOTNOTE><FIELD> ISBN: 978-92-9260-495-0.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón bhFaireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlan dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Deep Geothermal Heat and Power in the European Union – 2022 Status Report on Technology Development, Trends, Value Chains and Markets</STRING>’ [Teas agus Cumhacht Geoiteirmeach Domhain san Aontas Eorpach – Tuarascáil Stádais 2022 ar Fhorbairt na Teicneolaíochta, Treochtaí, Slabhraí Luacha agus Margaí]<FOOTNOTE><FIELD> Bruhn, D. et al., <STRING ITALIC="on">Clean Energy Technology Observatory: Deep Geothermal Heat and Power in the European Union – Status Report on Technology Development, Trends, Value Chains and Markets</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón bhFaireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlan dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Overall Strategic Analysis of Clean Energy Technology in the European Union – 2022 Status Report</STRING>’ [Anailís Straitéiseach Foriomlán ar Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain san Aontas Eorpach – Tuarascáil Stádais 2022]<FOOTNOTE><FIELD> Georgakaki, A. et al., <STRING ITALIC="on">Clean Energy Technology Observatory: Overall Strategic Analysis of Clean Energy Technology in the European Union – 2022 Status Report</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún Eorpach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Geothermal plants and applications emissions: overview and analysis</STRING>’ [Staidéar ar astaíochtaí gléasraí geoiteirmeacha agus feidhmeanna geoiteirmeacha: forbhreathnú agus anailís]<FOOTNOTE><FIELD> Ernst & Young, RINA Consulting S.p.A, Vito <STRING ITALIC="on">Study on ‘Geothermal plants’ and applications’ emissions: Overview and analysis</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">District heating and cooling in the EU – Overview of markets and regulatory frameworks under the revised Renewable Energy Directive</STRING>’ [Téamh agus fuarú ceantair in AE – Forbhreathnú ar mhargaí agus creataí rialála faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite]<FOOTNOTE><FIELD> Bacquet, A., Galindo Fernández, M., Oger, A. et al., <STRING ITALIC="on">District heating and cooling in the European Union – Overview of markets and regulatory frameworks under the revised Renewable Energy Directive. Annexes 6 and 7 – Final version</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The heat pump wave: opportunities and challenges</STRING>’ [Ráig an teaschaidéil: deiseanna agus dúshláin’]<FOOTNOTE><FIELD> Toleikyte, A., et al., <STRING ITALIC="on">The Heat Pump Wave: Opportunities and Challenges</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar in 2023 ón gCoimisiún Eorpach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Overview of heating and cooling - Perceptions, markets and regulatory frameworks for decarbonisation</STRING>’ [Forbhreathnú ar théamh agus fuarú - Dearcthaí, margaí agus creataí rialála le haghaidh dícharbónú]<FOOTNOTE><FIELD> Breitschopf, B., et al., <STRING ITALIC="on">Overview of heating and cooling – Perceptions, markets and regulatory frameworks for decarbonisation – Final report</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 58.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i leith stóráil fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 371, 15.9.2021, lch. 58.</FIELD></FOOTNOTE> agus do mholadh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh – Bonn a chur faoi chóras fuinnimh AE atá dícharbónaithe agus slán<FOOTNOTE><FIELD> IO C 103, 20.3.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 145.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9‑0432/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur foinse luachmhar agus áitiúil fuinnimh in-athnuaite é fuinneamh geoiteirmeach ar féidir leis, ar bhealach costéifeachtach, leictreachas inseachadta, teas nó meascán den dá rud a sholáthar agus a bhfuil acmhainneacht mhór ag baint leis d’earnáil na cumhachta agus do tháirgeadh teasa, chomh maith le táirgeadh inbhuanaithe amhábhar, agus gur féidir leis a bheith ina fhoinse post ardcháilíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur luadh i Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh nach mór an cion den éileamh fuinnimh a chumhdaítear le teas gréine agus leis an bhfuinneamh geoiteirmeach a mhéadú faoi thrí ar a laghad má tá an tAontas chun a spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030 a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go dtagann os cionn 75 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais as táirgeadh agus úsáid fuinnimh; de bhrí, ar an drochuair, go gcumhdaítear níos mó ná leath den tomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil chónaithe don téamh spáis le breoslaí iontaise<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat 2021, <STRING ITALIC="on">Energy consumption in households</STRING> [Tomhaltas fuinnimh i dteaghlaigh].</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur léiríodh le géarchéim na bpraghsanna fuinnimh agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go bhfuil géarghá le neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a mhéadú; de bhrí gur rannchuidigh téamh, fuarú agus cumhacht gheoiteirmeach cheana féin le hiarrachtaí an Aontais allmhairí breoslaí iontaise a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur féidir le fuinneamh geoiteirmeach rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach i bPlean REPowerEU, go háirithe chun táirgeadh fuinnimh ghlain a mhéadú agus chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus go bhfuil sé d’acmhainn ag an bhfuinneamh geoiteirmeach leictreachas agus teas iontaofa agus inacmhainne a chur ar fáil do thionscail agus do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, a neartófaí a n-iomaíochas, chomh maith le saoránaigh, lena dtabharfaí aghaidh ar fhadhb na bochtaineachta fuinnimh, i measc nithe eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur foinse fuinnimh in-athnuaite, leanúnach agus iontaofa é fuinneamh geoiteirmeach atá inrochtana go héasca a luaithe a bheidh an bonneagar is gá i bhfeidhm agus lena soláthraítear réiteach glan-nialasachta agus áitiúil chun líonraí téimh ceantair a dhícharbónú, i gcomhréir le sainmhíniú na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> ar ‘chórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúla’, agus ar féidir leis rannchuidiú le ‘pobail fuinnimh’ áitiúla a thógáil agus le neamhthuilleamaíocht chomhchoiteann maidir le tomhaltas fuinnimh in-athnuaite;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go mbeidh ról ríthábhachtach ag comhtháthú teicneolaíochtaí geoiteirmeacha san earnáil fuinnimh maidir le solúbthacht agus éifeachtúlacht na hearnála fuinnimh a fheabhsú agus maidir lena lorg carbóin a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur teicneolaíochtaí iad teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh atá liostaithe mar theicneolaíochtaí glan-nialasachta straitéiseacha don Eoraip san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Thionscal Glan-nialasachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go measann an tionscal gur féidir le fuinneamh geoiteirmeach níos mó ná 75 % den téamh agus den fhuarúchán a thomhlaítear san Eoraip agus os cionn 15 % dá cumhacht leictreach a sholáthar faoi 2040;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach ann fós ar leibhéal an Aontais do na coinníollacha agus creataí cuimsitheacha beartais is gá chun borradh a chur faoi fhorbairt agus faoi úsáid fuinnimh gheoiteirmigh san Eoraip; de bhrí go bhfuil géarghá le dul chun cinn i réimsí éagsúla beartais ar an leibhéal náisiúnta freisin ionas go mbeidh gníomhaithe geoiteirmeacha in ann borradh a chur faoi imscaradh tionscadal trí thaighde feabhsaithe, tríd an slabhra soláthair a neartú, trí scéimeanna tacaíochta éifeachtúla agus trí fheasacht an phobail a mhéadú.
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forbairt agus acmhainneacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leathnaigh forbairt teicneolaíochtaí an réimse atá oiriúnach do thionscadail gheoiteirmeacha chostéifeachtúla agus a raon feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht ag na hacmhainní geoiteirmeacha éadoimhne uileláithreacha ísealteochta atá ar fáil sna Ballstáit uile; á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag baint le fuinneamh geoiteirmeach domhain ar féidir é a úsáid go díreach chun teas agus cumhacht a ghiniúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn ról forimeallach ag fuinneamh geoiteirmeach sa phlé maidir le fuinneamh in-athnuaite; ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach bhfuil amhábhair chriticiúla ag teastáil ó shuiteálacha geoiteirmeacha a mhéid céanna le foinsí in-athnuaite fuinnimh eile; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar chur chuige saolré inbhuanaithe, go bhfuil tionchar íseal ag an bhfuinneamh geoiteirmeach ar an gcomhshaol agus go mbíonn úsáid theoranta talún de dhíth air de ghnáth agus gur féidir é a chomhtháthú go héasca sa tírdhreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann tairbhí fadtéarmacha le fuinneamh geoiteirmeach ar féidir leo a bheith níos mó ná na costais tosaigh arda a bhaineann lena fhorbairt, mar shampla, gur foinse inbhuanaithe fuinnimh é a bhfuil tionchar íseal aige ar an gcomhshaol, agus a bhfuil costais chobhsaí agus intuartha fuinnimh, costais ísle oibriúcháin, saolré fhada agus iontaofacht aige lena gcruthaítear deiseanna gnó agus fostaíochta i bpobail áitiúla, agus lena gcabhraítear leis an spleáchas ar bhreoslaí allmhairithe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár baineadh leas leordhóthanach as acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh níos luaithe agus go bhfuil a ghlacadh le déanaí á spreagadh den chuid is mó ag an ngéarchéim fuinnimh agus ag géarghá le brú socheacnamaíoch an éilimh ar théamh agus ar fhuarúchán san Eoraip a mhaolú; ag tabhairt foláirimh go raibh insreabhadh gáis fhóirdheonaithe, feasacht theoranta phoiblí agus gá le hinfheistíochtaí tosaigh arda ag cur isteach go héifeachtach ar fhorbairt an fhuinnimh gheoiteirmigh ar feadh na mblianta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainn ag an bhfuinneamh geoiteirmeach rannchuidiú go mór le príomhchuspóirí straitéiseacha a bhaint amach laistigh den Aontas, lena n-áirítear spriocanna aeráide a bhaint amach trí earnálacha tionsclaíocha éagsúla a dhícharbónú, neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a threisiú trí riachtanais slándála fuinnimh a neartú, spleáchais breosla iontaise ar thríú tíortha neamhiontaofa amhail an Rúis a dhíothú, iomaíochas thionscail na hEorpa a mhéadú agus tomhaltóirí a chumhachtú a bhuí le soláthar inacmhainne agus iontaofa teasa agus leictreachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfaí rannchuidiú le soláthar áitiúil agus iontaofa amhábhar criticiúil straitéiseach, lena n-áirítear litiam, a áirithiú leis an bpróiseas chun amhábhair a eastóscadh ó sháilí geoiteirmeacha ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus, dá bhrí sin, athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a neartú; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go n-eascraíonn éifeachtaí fostaíochta níos airde as saoráidí a eastóscann fuinneamh geoiteirmeach agus amhábhair araon ná mar a bhíonn ag gléasraí geoiteirmeacha traidisiúnta agus go meallann siad gnólachtaí atá ag iarraidh ilsruthanna acmhainní a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tarraingt aird ar réitigh gheoiteirmeacha lenar féidir farasbarr fuinnimh gaoithe agus gréine a stóráil lena n-úsáid ina dhiaidh sin do théamh, fuarú agus táirgeadh cumhachta, agus ar an ról ríthábhachtach atá acu i bhforbairt córas fuinnimh bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil ról ag mianaigh neamhghníomhacha atá an-oiriúnach do theirmeastóráil shéasúrach ar mhórscála agus do stóráil leictreach fadtréimhseach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht ag baint le fuinneamh geoiteirmeach le haghaidh cothromú eangaí agus seirbhísí cúnta mar gheall ar an bhfachtóir ardtoillte a bhaineann leis, a sholúbthacht soláthair agus a acmhainneacht inseolta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair agus i líonraí suiteálacha geoiteirmeacha éadomhain atá an acmhainneacht is fearr a bhaineann le húsáid fuinnimh gheoiteirmigh san Aontas; á thabhairt chun suntais gur féidir leo fuinneamh in-athnuaite áitiúil, bonnualaigh agus solúbtha, agus cosaint ar phraghsanna luaineacha agus méadaitheacha breoslaí iontaise, a sholáthar; á cur i bhfáth gur féidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach earnáil an téimh agus an fhuaraithe a dhícharbónú arb ionann an ídiú fuinnimh na hearnála sin agus beagnach leath d’ídiú deiridh foriomlán fuinnimh an Aontais, agus go ngineann sí suas le 35 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a bhaineann le húsáid fuinnimh; ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht ag an bhfuarú ceantair geoiteirmeach agus go bhfuil gá méadaitheach leis an bhfuarú sin, rud a bheidh ina ghné thábhachtach den oiriúnú inbhuanaithe don athrú aeráide i gcathracha de réir mar a mheastar go n-éireoidh teochtaí níos teo agus tonnta teasa níos minice;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag an teas geoiteirmeach do phróisis thionsclaíocha, go háirithe do phróisis ísealfhuinnimh go meánfhuinnimh (faoi bhun 200 céim), arb ionann iad agus suas le leath de tháirgeadh teasa thionsclaíoch san Eoraip; á chur i bhfáth, ina leith sin, go gcuirfeadh forbairt ar úsáid teasa gheoiteirmigh chun na críche sin borradh faoi iomaíochas cuideachtaí Eorpacha trí fhoinse teasa iontaofa agus inacmhainne a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil acmhainneacht ag an teas geoiteirmeach i dtáirgeadh bia intíre, go háirithe maidir le táirgeadh táirgí talmhaíochta, gairneoireacht, agus dobharshaothrú; ag tabhairt dá haire go bhfuil samplaí rathúla ann cheana féin de chur i bhfeidhm an fhuinnimh gheoiteirmigh sna hearnálacha sin i réigiúin éagsúla na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go rannchuideoidh úsáid teasa gheoiteirmigh le dícharbónú na n-earnálacha sin agus le cleachtais níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, agus costais táirgthe, costais arda fuinnimh, luaineacht praghsanna do tháirgeoirí chomh maith le cur chun cinn na hathléimneachta i gcórais bhia á laghdú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú san acmhainneacht a bhaineann le húsáid chascáidithe, i gcás ina n-úsáidtear an sreabhán geoiteirmeach céanna chun críocha iolracha; á chur i bhfáth gur gá sineirgí trastionscail a chothú idir an earnáil gheoiteirmeach agus earnálacha eile, lena n-áirítear trí úsáid chomhroinnte a bhaint as láithreáin, bonneagar, sonraí agus scileanna sa lucht saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheas gur cheart láithreacht fuinnimh gheoiteirmigh a chur san áireamh agus suíomh geografach ‘gleannta tionscail glan-nialasachta’ á hainmniú mar chuid den Acht um Thionscal Glan-Nialasachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí beartais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis de chuid an Aontais um fhuinneamh geoiteirmeach a thíolacadh lena dtabharfar treoir nithiúil do na Ballstáit agus do riaracháin áitiúla chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh gheoiteirmigh chun téamh a dhícharbónú agus rannchuidiú le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus chun an cuspóir a chomhlíonadh maidir le sciar an éilimh fuinnimh a chumhdaítear le grianteas agus fuinneamh geoiteirmeach a mhéadú faoi thrí ar a laghad faoi 2030 mar a fógraíodh i Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh; á thabhairt chun suntais gur iarr 151 ghnó agus tionscal ar an gCoimisiún in 2022 straitéis Eorpach a ullmhú chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do bhearta náisiúnta agus uile-Aontais don fhuinneamh geoiteirmeach a bheith bunaithe ar mheasúnú ar acmhainneacht gheoiteirmeach na hEorpa, agus na dálaí éagsúla geolaíocha agus aeráide á gcur san áireamh, agus ar mheastachán ar an gcostéifeachtúlacht a bhaineann le réitigh gheoiteirmeacha a imscaradh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an straitéis a bhunú ar mheasúnú cuimsitheach ar acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh san fhodhromchla éadomhain, meánach, domhain agus an-domhain ar fud na 27 mBallstát; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuideodh an measúnú sin le hacmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh le haghaidh úsáidí éagsúla a shainaithint, lena n-áirítear téamh ceantar, fuarú, próisis thionsclaíocha, táirgeadh bia, teaschaidéil, giniúint leictreachais, agus táirgeadh hidrigine in-athnuaite agus litiam, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin; ag tabhairt dá haire gur cheart don staidéar sin measúnú a dhéanamh freisin ar an tionchar a bheadh ag forbairt an fhuinnimh gheoiteirmigh ar dhícharbónú an gheilleagair, ar chruthú post, ar iomaíochas, ar chumhachtú tomhaltóirí, agus ar chostéifeachtacht i gcomparáid le foinsí eile fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt sa straitéis ar na bacainní ar fhorbairt tionscadal geoiteirmeach, lena n-áirítear saincheisteanna trasteorann, agus treoir a chur ar fáil maidir le dea-chleachtais in úsáid fuinnimh gheoiteirmigh san Aontas d’údaráis náisiúnta agus áitiúla, d’fhorbróirí tionscadail agus d’institiúidí airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú atá ag teacht ar an bhfeasacht ar an bhfuinneamh geoiteirmeach agus méadú atá ag teacht ar an tacaíocht dó ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit sampla na dtíortha a bhfuil treochláir um fhuinneamh geoiteirmeach, spriocanna agus bearta beartais tiomnaithe le haghaidh fuinneamh geoiteirmeach forbartha acu, a leanúint<FOOTNOTE><FIELD> Amhail na tionscnaimh náisiúnta a sheol an Pholainn (an Clár Ilbhliantúil um Fhorbairt Úsáid Acmhainní Geoiteirmeacha sa Pholainn – 2022), an Fhrainc (Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach – 2023), agus an Ghearmáin (Straitéis Fuinnimh Gheoiteirmigh na Gearmáine 2022).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth gur gá malartú faisnéise a éascú maidir leis na bearta agus na sonraí sin chun tacú le beartais faoin bhfuinneamh geoiteirmeach agus chun na dea-chleachtais atá ann cheana agus comhroinnt eolais a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ‘comhghuaillíocht um fhuinneamh geoiteirmeach’ a bhunú, ina n-áireofaí na Ballstáit, cumasóirí maidir le glacadh fuinnimh gheoiteirmigh, an tionscal, an pobal eolaíochta agus an tsochaí shibhialta lena n-éascófaí malartú dea-chleachtas agus lena gcuirfí an straitéis um fhuinneamh geoiteirmeach a bheidh ann amach anseo chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh rannchuidiú le cuspóirí na hidrigine glaine arna socrú i bplean REPowerEU a tháirgeadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Téamh agus fuarú ceantar geoiteirmeach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá na líonraí téimh agus fuaraithe atá ann cheana a nuachóiriú agus cinn nua a thógáil a bhaineann úsáid as acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dreasachtaí láidre a chruthú chun tacú leis an méid thuas agus chun tús áite a thabhairt do chórais téimh agus fuaraithe don 4ú agus don 5ú glúin; ag tabhairt dá haire go bhfuil forbairt líonraí téimh agus fuaraithe ina dlúthchuid d’ullmhú pleananna cuimsitheacha um théamh bardasach, mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus go bhfuil an fhorbairt sin ailínithe le cuspóirí na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a sholáthar do na Ballstáit chun na pleananna sin a ullmhú, lena n-áirítear chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú atá ag teacht ar líon na dtionscadal a bhaineann le bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair (TFC) atá ann cheana a thiontú ina TFC geoiteirmeach; ag cur béim go háirithe ar acmhainneacht na dtiontuithe sin i dtíortha Lár agus Oirthear na hEorpa, tíortha inar féidir leo cur go mór le beartais dícharbónaithe; á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh an Ciste don Nuachóiriú, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Comhtháthaithe leis na gníomhaíochtaí sin tríd is tríd; á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú, agus a thacaíonn le córais téimh ceantair a thiontú, machnamh a dhéanamh i gcónaí ar an acmhainneacht atá ann fuinneamh geoiteirmeach a sholáthar do na córais sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur rómhinic a chuirtear cosc nó moill shuntasach ar fhorbairt tionscadal geoiteirmeach mar gheall ar easpa líonraí forbartha téimh agus fuaraithe ceantair; á chur i bhfáth gur gá comhordú a áirithiú idir cuideachtaí fuinnimh agus údaráis áitiúla chun líonraí téimh agus fuaraithe ceantair a phleanáil, a bhainistiú agus infheistiú iontu go comhpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur cuireadh roinnt de na tionscadail gheoiteirmeacha TFC ar tugadh fúthu le déanaí chun feidhme le samhlacha nua gnó lenar féidir le cuideachtaí príobháideacha, lena n-áirítear cuideachtaí fóntais, bonneagar poiblí a thógáil thar ceann na n-údarás áitiúil; á iarraidh ar na Ballstáit deiseanna nuálacha rialála a phlé chun forbairt TFC geoiteirmeach a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé sonraí ó na líonraí téimh ceantair atá ann cheana, lena n-áirítear leibhéal an nuachóirithe agus an éilimh teasa, a chur ar fáil do gheallsealbhóirí san fhuinneamh geoiteirmeach ar fud na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na sonraí sin ríthábhachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht réigiúin agus chun teagmháil a dhéanamh le húdaráis áitiúla le linn na gcéimeanna tosaigh de thionscadal; á iarraidh ar an gCoimisiún infhaighteacht na sonraí TFC atá ann cheana a éascú agus a chomhordú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Infhaighteacht sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an easpa rochtain éasca ar shonraí fodhromchla ina bacainn mhór faoi láthair ar laghdú riosca agus, ar an gcaoi sin, ar thionscadail fuinnimh gheoiteirmigh a imscaradh go tapa; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rochtain éasca chothrom ar shonraí fodhromchla sna Ballstáit ríthábhachtach do chéim an bhreithmheasa tionscadail; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go gcuireann an easpa rochtain ar shonraí sin cosc ar eolaithe samhlacha geolaíocha a chruthú atá bunriachtanach chun an acmhainneacht agus toradh fuinnimh gheoiteirmigh i limistéar fodhromchla ar leith a thuar agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad ríthábhachtach chun éiginnteacht a laghdú d’fhorbróirí tionscadail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún féachaint ar mhodhanna chun cineálacha éagsúla sonraí geolaíocha a bhailiú ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha d’fhonn iad a eagrú, a chórasú agus a chur ar fáil don phobal trí na bunachair sonraí gheolaíocha bhunúsacha atá ann cheana a leathnú agus na formáidí digiteacha á úsáid chun na sonraí a bhailiú agus iad a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire gur cheart é sin a bhaint amach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maidir le cosaint sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear rúin trádála a chosaint, agus cearta maoine intleachtúla a chosaint, chomh maith le breithnithe slándála agus, i gcás inar gá, gur cheart dreasachtaí nó cúiteamh as comhroinnt sonraí ag eintitis phríobháideacha a áireamh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart sonraí geolaíocha a mhaoinítear le maoiniú poiblí agus atá ag teastáil le haghaidh tionscadail gheoiteirmeacha (amhail na sonraí sin a fhaightear mar gheall ar thacaíocht phoiblí arna fáil le haghaidh druileáil thaiscéalaíoch) a chur ar fáil don phobal laistigh de thréimhse ghearr ama arna leagan síos ag an mBallstát lena mbaineann; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go ndéantar sonraí geolaíocha atá i seilbh eintiteas príobháideach i roinnt Ballstát a chur ar fáil saor in aisce don phobal tar éis tréimhse áirithe ama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar na tairbhí agus na bacainní a bhaineann le comhchuibhiú na reachtaíochta náisiúnta maidir le rochtain a dheonú ar shonraí fodhromchla agus stóráil sonraí geolaíocha ar thairseach láraithe ar leibhéal an Aontais a bhfuil rochtain gan bhac agus éasca ag cách uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcás ceantair ina bhfuil na sonraí fodhromchla neamhleor, gur féidir le rialtais ról a ghlacadh i mapáil acmhainní geoiteirmeacha agus druileáil thaiscéalaíoch a chistiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bearta déanta cheana féin ag roinnt Ballstát sa treo sin; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt don bhailiú sonraí sin trí thionscadail ábhartha, amhail Bonneagar Eorpach do Shonraí Geolaíocha (EDGI), a bhfuil sé mar aidhm leis atlas acmhainní geoiteirmeacha uile-Aontais a chruthú; á thabhairt chun suntais a ábhartha atá Seirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh (CLMS), ar féidir léi sonraí iontaofa teochta talún a sholáthar, atá úsáideach go háirithe don fhuinneamh geoiteirmeach dromchla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil acmhainneacht gheoiteirmeach ag baint le toibreacha agus mianaigh ola agus gáis neamhghníomhacha a athcheapadh; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar le cuideachtaí ola, gáis agus guail, fardail agus léarscáileanna poiblí a ullmhú, lena n-áirítear sonraíochtaí, de bhonneagar hidreacarbóin ídithe, tréigthe agus deireadh ré a bhfuil an acmhainn ann é a úsáid mar acmhainn gheoiteirmeach; á chur i bhfáth gur gá tús áite a thabhairt do chistí chun staidéir mhionsonraithe a dhéanamh ar riocht an bhonneagair sin chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht gach láithreáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di cineál ilroinnte an staidrimh maidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach; á chur i bhfáth go bhfuil sé an-deacair measúnú a dhéanamh ar úsáid an fhuinnimh gheoiteirmigh san Eoraip mar gheall ar an easpa caighdeán maidir le tuairisciú sonraí tionscail; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar leis an tionscal agus leis an gCoimisiún, ollchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta bailithe sonraí staidrimh atá ann cheana le haghaidh an fhuinnimh gheoiteirmigh agus dea-chleachtais san earnáil a mhacasamhlú trí chaighdeáin a chruthú maidir le tuairisciú sonraí tionscail;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cistiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú go bhfágtar le héiginnteacht faoi acmhainní fodhromchla go bhfuil sé dúshlánach cistiú tionscadail a dhaingniú; ag tabhairt dá haire go n-éilíonn céim tosaigh an tionscadail, amhail céim na taiscéalaíochta agus na tógála, costais shuntasacha tosaigh agus rioscaí móra fiontraíochta a chuireann bac ar an gcinneadh infheistíochta, á iarraidh ar na Ballstáit féachaint ar réitigh laghdaithe riosca airgeadais atá iomchuí d’aibíocht a margaí áitiúla, amhail deontais, iasachtaí is féidir a thiontú ina ndeontais, ráthaíochtaí státbhunaithe, árachas taiscéalaíochta agus sásraí fálaithe, ag lua samplaí de shásraí cumhdaigh riosca a bhfuil tacaíocht acu ní hamháin ó chistí poiblí ach ó ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach freisin; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go mbeadh scéim maolaithe riosca airgeadais de chuid an Aontais an-úsáideach do na margaí is lú ó thaobh aibíochta de san earnáil gheoiteirmeach; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá bearta eile laghdaithe riosca amhail rochtain éasca a thabhairt ar shonraí fodhromchla, dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le cineálacha nua samhlacha gnó lena dtairgtear sineirgí idir cistiú poiblí agus cistiú príobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur gnách go ndíspreagtar teaschaidéil gheoiteirmeacha (TCGanna) a roghnú i bhfabhar réitigh theicneolaíocha nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna mar gheall ar chostais arda tosaigh druileála agus suiteála; á iarraidh ar na Ballstáit féachaint ar dhreasachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann chun an bhearna sin a dhúnadh, lena n-áirítear trí mhúnlaí maoinithe ‘íoc mar a shábháiltear’ (PAYS); á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin i bplean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um theaschaidéil, atá ar na bacáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil na costais tosaigh arda ag cur bac ar fhás an fhuinnimh gheoiteirmigh, go háirithe do ghníomhaithe a bhfuil acmhainní airgeadais teoranta acu, rud a fhágann go bhfuil siad i bhfabhar infheistíochtaí atá níos brabúsaí sa ghearrthéarma, ach a chuireann inbhuanaitheacht chomhshaoil níos ísle ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún céimeanna iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear tionscadail gheoiteirmeacha san áireamh ar bhealach níos fearr agus cistí agus ionstraimí Eorpacha atá ann cheana á n-úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní a thiomnú faoi na cistí atá ann cheana chun tacú le taiscéalaíocht, forbairt agus nuachóiriú tionscadal geoiteirmeach, go háirithe bunaithe ar theicneolaíochtaí nuálacha, agus athsciliú agus uas-sciliú oibrithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saincheisteanna rialála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éascófaí imscaradh tionscadal fuinnimh gheoiteirmigh ar fud an Aontais le rialacha ceadaithe níos tapúla maidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach, i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais atá ann cheana; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscadail fuinnimh gheoiteirmigh dhomhain faoi réir dlíthe atá deartha do thionscadail mhianadóireachta ar mórscála agus a bhfuil sé deacair a bheith i gcomhréir leo, go háirithe do thionscadail gheoiteirmeacha ar mionscála, faoi láthair; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na dlíthe mianadóireachta atá ann cheana chun léiriú níos fearr a thabhairt ar shainiúlacht tionscadal geoiteirmeach agus chun rialacha ceadaithe tiomnaithe a fhorbairt le haghaidh an fhuinnimh gheoiteirmigh, agus a chur san áireamh go bhfuil tionchair agus rioscaí an-éagsúil ag teicneolaíochtaí geoiteirmeacha éagsúla don gheolaíocht agus don chomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a sholáthar chun an leibhéal comhleanúnachais is gá a áirithiú, cosúil leis an gcur chuige a glacadh maidir leis an gcreat rialála lena dtacaítear le stóráil CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> (Treoir 2009/31/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/31/CE an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114)</FIELD></FOOTNOTE>);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil spriocdhátaí do mheasúnuithe tionscadail i roinnt Ballstát fréamhaithe i bprionsabal an fhormheasa intuigthe faoi choinníollacha atá sainithe go soiléir seachas i gcás ina n-éilítear freagra le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit plé a dhéanamh ar na tairbhí agus na bacainní a bhaineann leis an bprionsabal sin a chur i bhfeidhm ar thionscadail gheoiteirmeacha agus machnamh a dhéanamh ar a thabhairt isteach ina reachtaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbíonn próisis fhada cheadaithe ag baint le tionscadail gheoiteirmeacha; ag tathant ar na Ballstáit próisis cheadaithe níos éifeachtúla atá cuíchóirithe agus digitithe a chruthú le haghaidh tionscadail gheoiteirmeacha nua agus chun na saoráidí atá ann cheana a leathnú, lena n-áirítear trí ionad ilfhreastail a chruthú – i gcás nach bhfuil sé sin déanta cheana féin – don phróiseas ceadaithe ar fad i measc na n-údarás agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla chun a áirithiú go mbeidh scileanna leordhóthanacha ag a lucht saothair; á chreidiúint gur cheart do na hionaid ilfhreastail sin comhroinnt faisnéise faoi dheiseanna cistiúcháin arna mbailiú ag an gCoimisiún trí thairseach láraithe a chur chun cinn freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil difríochtaí idir saothrú an fhuinnimh gheoiteirmigh i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe; ag tarraingt aird ar shainiúlacht na dtionscadal téimh gheoiteirmigh uirbeach agus á iarraidh ar na Ballstáit nósanna imeachta ceadaithe níos éifeachtúla agus níos cuíchóirithe a fhorbairt le haghaidh tionscadail téimh gheoiteirmigh, lena n-áirítear rochtain ar dháileachtaí uirbeacha atá oiriúnach do ghléasraí geoiteirmeacha a éascú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún moltaí a eisiúint d’oibreoirí córas dáileacháin maidir leis na módúlachtaí a bhaineann le dul i mbun oibre le húdaráis áitiúla chun pleananna áitiúla téimh agus fuaraithe a bhunú ina ndíreofar ar an bhfuinneamh geoiteirmeach, chun comhtháthú úsáid an fhuinnimh gheoiteirmigh a éascú i bpleananna bainistithe uirbeacha agus i gcur chuige nua-aimseartha maidir le bainistiú spáis faoi thalamh araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór ceadanna le haghaidh suiteálacha geoiteirmeacha a dhéanamh níos éasca lena bhfairsingiú do thionscnóirí tionscadail chun eastóscadh amhábhar nó táirgeadh hidrigine a chumhdach ón acmhainneacht atá ann cheana faoin léas céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a eisiúint do ghníomhaireachtaí ceadaithe faoi dhea-chleachtais maidir le feidhmeanna ceadaithe don fhuinneamh geoiteirmeach éadomhain agus cur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ar uisce óil a bhainistiú chun dlús a chur leis an bpróiseas ceadaithe agus cur i bhfeidhm iomlán na gcaighdeán comhshaoil á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil anailís saolré á cur i bhfeidhm maidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach ach ní maidir le foinsí in-athnuaite eile, rud a thagann salach ar an gcur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán(AE) 2020/852 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch.13).</FIELD></FOOTNOTE>, lena laghdaítear acmhainneacht shuntasach an fhuinnimh gheoiteirmigh mar rannchuidiú leis an dícharbónú, go háirithe i soláthar teasa, agus lena ndéantar é a neamhchosaint ar dhálaí iomaíocha éagothroma d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite eile; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar aicmiú fheidhmeanna an fhuinnimh gheoiteirmigh sna forálacha tacsanomaíochta chun an fuinneamh geoiteirmeach a chur ar bhonn rialála cothrom leis an bhfuinneamh gaoithe agus gréine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an stádas rialála céanna ag an bhfuinneamh geoiteirmeach, lena n-áirítear i soláthar AE, lena bhfuil ann cheana d’fhoinsí in-athnuaite eile, agus sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, agus in aon bheart ina dhiaidh sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Lucht saothair, oiliúint agus scileanna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na riaráistí agus na moilleanna tuairiscithe maidir le TCGanna a shuiteáil, toibreacha a dhruileáil agus na ceadanna is gá a dheonú mar gheall ar easpa baill foirne cháilithe; á thabhairt chun suntais go dtiocfaidh méadú breise ar an ngá atá le lucht saothair oilte amach anseo agus ag tathant ar na Ballstáit, i gcomhar leis an tionscal agus, i gcás inarb iomchuí, le ceardchumainn, dlús a chur le bearta maidir le hoiliúint agus athsciliú speisialtóirí le haghaidh an fhuinnimh gheoiteirmigh ós rud é go mbeidh líon leordhóthanach oibrithe ríthábhachtach chun na cuspóirí maidir le himscaradh an fhuinnimh gheoiteirmigh a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta ar fáil, go háirithe do shuiteálaithe teaschaidéal agus córas geoiteirmeach éadomhain ar mionscála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach líon teoranta cúrsaí ollscoile tiomnaithe don fhuinneamh geoiteirmeach agus go bhfuil siad gearrthréimhseach agus roghnach, agus nach gcuirtear ach bunscileanna ar fáil i bhformhór na ranganna; ag spreagadh na mBallstát, dá bhrí sin, comhoibriú le forais oideachais d’fhonn céimeanna atá tiomnaithe don fhuinneamh geoiteirmeach a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú chun oiliúint leordhóthanach a chur ar ghlúnta na n-oibrithe a bheidh ann amach anseo san earnáil; á chur in iúl gur geal léi tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Erasmus+ chun an easpa céimithe sóisearacha cáilithe sa slabhra luacha fuinnimh gheoiteirmigh a leigheas, amhail clár Geo3En, a bhfuil sé mar aidhm leis an bonn a leagan síos do chéim Mháistreachta Erasmus Mundus amach anseo san innealtóireacht gheoiteirmeach; á chur i bhfios go láidir nach mór don tionscal geoiteirmeach feasacht a mhúscailt i measc mac léinn, agus i measc baill foirne teagaisc maidir leis an earnáil gheoiteirmeach agus na deiseanna gairme a chuirtear ar fáil léi;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forbairt teicneolaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gurb é an tAontas an ceannasaí maidir le taighde agus forbairt, paitinní ardluacha, foilseacháin agus monarú i réimse an fhuinnimh gheoiteirmigh, go bhfuil gá le bearta tacaíochta do theicneolaíochtaí geoiteirmeacha den chéad ghlúin eile ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta chun an staid sin a choinneáil, go háirithe maidir le stóráil fuinnimh gheoiteirmigh agus feidhmeanna tionsclaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt (T&F) i réimse an fhuinnimh gheoiteirmigh i bhfad níos lú maoinithe ná earnálacha eile, agus nach bhfuil ach dhá thionscadal maidir le fuinneamh geoiteirmeach á dtacú go dtí seo ag an gCiste don Nuálaíocht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tacú le hinfheistíochtaí in T&F i dteicneolaíochtaí geoiteirmeacha, amhail teicneolaíocht chaidéil iontaofa agus teicnící druileála nua a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, go háirithe, a thábhachtaí atá tionscadail fuinnimh hidrileictrigh agus teirmeastórála pumpála faoi thalamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le T&F sna réitigh sin agus gléasraí píolótacha mórscála a chur chun feidhme; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht níos leithne do na tionscadail sin, go háirithe iad siúd a forbraíodh ar bhonn mianaigh agus cairéil dhíchoimisiúnaithe is féidir a thiontú ina dtaiscumair uisce, trí iarrataí ar thograí faoi Chiste an Aontais don Nuálaíocht agus creat Fís Eorpach, ós rud é gur féidir leis an réiteach sin a bheith ina phíosa ríthábhachtach chun córais leictreachais dhícharbónaithe a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil imní curtha in iúl ag roinnt Ballstát maidir le heaspa comhréireachta roinnt teaschaidéil allmhairithe lena stádas éifeachtúlachta fuinnimh dearbhaithe; á chur i bhfáth gur cheart measúnú comhréireachta tríú páirtí (seachas féindearbhú) a phlé mar chuid den athbhreithniú ar na rialacha lipéadaithe fuinnimh éicidhearthóireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Críocha atá i mbun aistrithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil saothrú acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh, go háirithe i gcás téamh ceantair, ar cheann de na hacmhainní nádúrtha lenar féidir rannchuidiú le haistriú fuinnimh cóir sna ceantair a ndéantar difear dóibh trí chaillteanais post a chúiteamh, de réir mar a dhúnann mianaigh agus saoráidí eastóscacha eile, trí dheireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus trí neamhthuilleamaíocht na bpobal áitiúil agus a riarachán a neartú trína spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil leas iomlán á bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le cuspóir taiscumar hidreacarbóin ídithe, tréigthe agus deireadh ré, chomh maith le toibreacha ola agus gáis, a athrú chuig feidhm gheoiteirmeach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tarraingt aird ar thionscadail um athcheapadh atá ann cheana i mianaigh dhíchoimisiúnaithe, i gcás ina bhfuil teicneolaíocht stórála fuinnimh theirmigh uaimhneach fheidhmeach in ann téamh nó fuarú a sholáthar; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscadail á bhforbairt dá bhfuil sé beartaithe taiscumair ola a úsáid le haghaidh stóráil fuinnimh gheoiteirmigh; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscadail leanúnacha ar siúil chun toibreacha díchoimisiúnaithe ola agus gáis a athcheapadh le haghaidh feidhmeanna geoiteirmeacha, a laghdóidh rioscaí taiscéalaíochta agus costais druileála go mór;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil go leor de na tionscadail sin á gcur chun feidhme ag an tionscal breosla iontaise, ar tionscal é a mheasann gur deis iad na tionscadail páirt a ghlacadh san aistriú fuinnimh, agus go bhfuil gá le rannpháirtíocht luath níos láidre fós ón tionscal sin chun féachaint ar acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh; á chur i bhfáth go n-áirithítear le measúnú luath ar acmhainní, nuair a bhíonn na mianaigh fós inrochtana, go ndéanfar a n-úsáid mhalartach a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtúla; ag tabhairt dá haire gur cheart aird chuí a thabhairt ar an gcóras dliteanais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as na deiseanna cistiúcháin Eorpacha atá ann cheana chun tacú le hathsciliú an luchta saothair i limistéir aistrithe, d’fhonn leas a bhaint as na poist a eascraíonn as tionscadail gheoiteirmeacha; ag tabhairt dá haire gur féidir scileanna na dtionscal ola agus gáis a chur i bhfeidhm agus gur féidir leo a bheith an-luachmhar san earnáil gheoiteirmeach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá oibrithe ábhartha a mhealladh chuig an earnáil gheoiteirmeach agus tacú leo, lena n-áirítear trí dhreasachtaí agus cláir oiliúna a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tarraingt aird ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt i gcomhréir lena saintréithe geografacha, geolaíocha agus meitéareolaíocha; á chur i bhfios, mar gheall ar a n-iargúltacht gheografach, nach bhfuil na réigiúin sin nasctha le heangacha fuinnimh na hEorpa; ag tabhairt dá haire gur críocha bolcánacha iad cuid mhór de na réigiúin is forimeallaí, lena mbaineann acmhainneacht ard chun fuinneamh geoiteirmeach dromchla agus domhain araon a tháirgeadh; á chur i bhfios go láidir gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an bhfuinneamh geoiteirmeach sna réigiúin sin chun a neamhspleáchas fuinnimh a ráthú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Infheictheacht agus glacadh an phobail</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tarraingt aird ar mhapáil ar líne na suiteálacha geoiteirmeach atá ann cheana i gcathair nó i réigiún ar leith mar dhea-chleachtas lenar féidir infheictheacht na réiteach geoiteirmeach a ardú agus lena bhféadfar tacú le cinntí infheistíochta poiblí agus príobháideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil glacadh ón bpobal fós ina dhúshlán do thionscadail gheoiteirmeacha, go háirithe ar bhonn ábhair imní chomhshaoil amhail cur isteach féideartha ar uisce talún, astaíochtaí gáis do-chomhdhlúite, róshaothrú acmhainní uisce, agus seismeacht; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin chomhshaoil agus eolaíochta a choinneáil ar bun ag gach céim de thionscadail fuinnimh gheoiteirmigh agus a thábhachtaí atá sé cur chuige measúnaithe saolré inbhuanaithe a ghlacadh; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhlíonadh docht na gceanglas sin, trédhearcacht na hinfheistíochta, rannpháirtíocht níos mó ó gheallsealbhóirí, agus rannpháirtíocht na bpobal áitiúil sna céimeanna pleanála agus cur chun feidhme a bheith ina mbealach éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an phobail agus chun mímhuinín a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an tionscal geoiteirmeach agus leis na Ballstáit, treoirlínte agus dea-chleachtais a fhorbairt le haghaidh comhar idir tionscnóirí tionscadail agus údaráis agus pobail áitiúla chun muinín a thógáil, tacaíocht a chothú agus caidreamh comhthairbheach a chruthú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirnáisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá dea-chleachtais, fios gnó teicneolaíochta, torthaí taighde agus nuálaíochta maidir le teicneolaíochtaí geoiteirmeacha a chomhroinnt le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí a bhfuil fuinneamh geoiteirmeach domhain agus dromchla forbartha acu cheana féin ar scála níos mó nó atá i mbun pleananna uaillmhianacha a chur chun feidhme chun an earnáil fuinnimh gheoiteirmigh a fhás go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé fuinneamh geoiteirmeach a áireamh sa chlár oibre comhair le tíortha atá i mbéal forbartha d’fhonn teicneolaíochtaí atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a aistriú, eolas a chomhroinnt agus fothú acmhainneachta a dhéanamh chun freastal ar an éileamh ar fhuinneamh atá ag dul i méid;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>