<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0050</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Staid na gceart bunúsach san Aontas in 2022 agus 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0376/2023 -  Rapóirtéir: Katarina Barley)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas – tuarascáil bhliantúil 2022 agus 2023 (2023/2028(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> <STRING ITALIC="on">Inter alia</STRING>: <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v. <STRING ITALIC="on"> an Ungáir</STRING> (Trédhearcacht an chomhlachais), Cás C-78/18, ECLI:EU:C:2020:476; 	Breithiúnas na Cúirte (Dara Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022. <STRING ITALIC="on">I. L</STRING>. v <STRING ITALIC="on">Politsei- ja Piirivalveamet</STRING>, Cás C-241/21, ECLI:EU:C:2022:753.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘an OIPE’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 198, 28.7.2017, lch. 29.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 6.12.2008, lch. 55.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar bhunadh ciníoch nó eitneach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na himeachtaí leanúnacha um shárú arna seoladh ag an gCoimisiún bunaithe ar an Treoir sin i gcoinne roinnt Ballstát, as ar tharchuir an Coimisiún ceann díobh chuig an gCúirt Bhreithiúnais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (2021/C 93/01)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 93, 19.3.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Eanáir 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Assessment report of the Member States’ national Roma strategic frameworks’</STRING> [Tuarascáil mheasúnaithe ar chreataí straitéiseacha náisiúnta na mBallstat maidir leis na Romach] (COM(2023)0007),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 20.9.2021, lch. 8.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A more inclusive and protective Europe</STRING>:<STRING ITALIC="on">extending the list of EU crimes to hate speech and hate crime’</STRING> [Eoraip níos cuimsithí agus níos cosanta: liosta choireanna an Aontais a leathnú chuig an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht] (COM(2021)0777),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas Comhionannais: An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Strategy on victims</STRING>’ rights (2020-2025)’ [Straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025)] (COM(2020)0258),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025</STRING>’ [Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 2 Márta 2022 maidir leis an gciníochas agus an frithsheimíteachas a chomhrac,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Strategy to strengthen the application of the Charter of Fundamental Rights in the EU’</STRING> [Straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas] (COM(2020)0711),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2022 dar teideal ‘Spás sibhialta bisiúil chun na cearta bunúsacha a chumhdach san Eoraip Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Cur i bhFeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh’ (COM(2022)0716),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2023/681 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneála roimh an triail agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 86, 24.3.2023, lch. 44.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2023 Rule of Law Report – The rule of law situation in the European Union</STRING>’ [Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach] (COM(2023)0800), do na 27 gcaibidil tíre agus do na moltaí a ghabhann léi do na Ballstáit,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear a thríú prionsabal maidir le comhionannas deiseanna, agus don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The European Pillar of Social Rights Action Plan</STRING>’ [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2022 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (COM(2022)0177) (‘an treoir frith-SLAPP’), agus an moladh a ghabhann léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2022 maidir le creat comhchoiteann a bhunú maidir le seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (COM(2022)0457) (‘an Gníomh um Shaoirse na Meán’), agus an moladh a ghabhann leis maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus do thrédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán<FOOTNOTE><FIELD> IO L 245, 22.9.2022, lch. 56.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimsiún le haghaidh treoir ón gComhairle an 7 Nollaig 2022 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne sa réimse fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE (COM(2022)0689),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle an 7 Nollaig 2022 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas do chinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú (COM(2022)0695,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Nollaig 2022 maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena scriostar Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE agus Airteagal 11 de Threoir 2010/41/AE (COM(2022)0688),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), go háirithe a tuarascálacha ar chearta bunúsacha do na blianta 2022 agus 2023, lena n-áirítear tuarascálacha tíre FRANET,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’ionstraimí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú agus an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, moltaí agus tuarascálacha Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, cásdlí Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, a osclaíodh lena shíniú in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011 (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’) agus a dhaingnigh an tAontas Eorpach an 28 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Chomhairle na hEorpa an 23 Márta 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Human Rights Defenders in the Council of Europe Area in Times of Crises’</STRING> [Cosantóirí Chearta an Duine i Limistéar Chomhairle na hEorpa le linn Géarchéimeanna] tar éis an chruinnithe chomhchéime le cosantóirí chearta an duine a d’eagraigh Oifig Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine agus a tionóladh i mBaile Átha Cliath an 24-25 Deireadh Fómhair 2022<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle na hEorpa, ‘Cosantóirí Chearta an Duine i Limistéar Chomhairle na hEorpa Tráth Géarchéimeanna’, 23 Márta 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint agus don Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa de chuid Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis, na moltaí agus na tuarascálacha ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha ó Chomhairle na hEorpa, go háirithe ó Choimisiún na Veinéise, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI), ón nGrúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (GREVIO) agus ón nGrúpa Stát In Aghaidh an Éillithe (GRECO),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh in AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le comhionannas inscne agus beartais chánachais in AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 411, 27.11.2020, lch. 38.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE: an úsáid mhíchuí a bhaintear as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost<FOOTNOTE><FIELD> IO C 205, 20.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir le meastóireacht a dhéanamh ar bhearta coisctheacha chun éilliú, caiteachas neamhrialta agus mí-úsáid cistí AE agus náisiúnta a sheachaint i gcás cistí éigeandála agus réimsí caiteachais a bhaineann le géarchéimeanna<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 225.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir leis an smacht reachta agus iarmhairtí an rialaithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 168.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus formheas féideartha phlean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 108.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2022 maidir leis an idirdhealú trasnach san Aontas Eorpach: staid shocheacnamaíoch na mban de bhunadh na hAfraice, an Mheán-Oirthir, Mheiriceá Laidinigh agus na hÁise<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 184.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil riosca soiléir ann go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 463.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le staid na Romach a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí in AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 29.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne atá le trédhearcacht agus cuntasacht sna hinstitiúidí Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2022 maidir leis an gcinneadh ó Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe cearta ginmhillte a chur ar ceal sna Stáit Aontaithe agus an gá atá le cearta ginmhillte agus sláinte na mban in AE a choimirciú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 268.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le géarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais creidimh nó reiligiúin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 33.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 05 Bealtaine 2022 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 147.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/325 uaithi an 18 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 14.2.2023, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir le coireanna fuath i gcoinne daoine LGBTIQ ar fud na hEorpa atá ag dul i méid i bhfianaise an dúnmharaithe homafóbaigh a tharla le déanaí sa tSlóvaic<FOOTNOTE><FIELD> IO C 149, 28.4.2023, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Samhain 2022 maidir le ceartas ciníoch, neamh-idirdhealú agus frithchiníochas in AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 161, 5.5.2023, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 i dtreo cearta comhionanna do dhaoine faoi mhíchumas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2023 maidir leis an idirdhealú a chomhrac in AE – an treoir chothrománach i gcoinne an idirdhealaithe a bhfuiltear ag súil léi le fada<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0111.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 10 Bealtaine 2023 maidir leis na dréachtchinntí ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0196.</FIELD></FOOTNOTE>, agus maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus <STRING ITALIC="on">non-refoulement</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Bealtaine 2023 maidir le leordhóthanacht na cosanta a thugtar le Creat um Príobháideachas Sonraí idir AE-SAM<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0204.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil agus do mholadh uaithi an 22 Bealtaine 2023 maidir leis an imscrúdú ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí AE reoite<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0216.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid – tuarascáil bhliantúil do na blianta 2019-2021)<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0295.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le leithscaradh agus idirdhealú leanaí Romacha san oideachas<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0342.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0376/2023),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil AE fothaithe ar na luachanna seo a leanas: urraim do dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt agus mar atá leabaithe i gconarthaí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; de bhrí gur cheart do AE agus do na Ballstáit na luachanna sin a chomhroinnt agus a urramú agus a chur chun cinn go gníomhach ina ngníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach; de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil meath, ar ábhar imní é, léirithe ag roinnt Ballstát i ndáil leis na luachanna sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur luachanna iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a threisíonn a chéile, ar luachanna iad, nuair a bhaintear an bonn díobh, atá ina mbagairt shistéamach ar an Aontas agus ar chearta agus saoirsí gach duine in AE; de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta ina cheangal ar an Aontas ina iomláine agus ar a Bhallstáit ar gach leibhéal rialachais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur colún den daonlathas iad toghcháin shaora, neamhspleácha agus thrédhearcacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur bagairt d’fheidhmiú daonlathach an Aontais é leathadh méadaitheach na bréagaisnéise; de bhrí gur ábhar leasa phoiblí é cúbláil faisnéise a laghdú; de bhrí le bréagaisnéis go laghdaítear cumas shaoránaigh agus chónaitheoirí AE cinntí atá bunaithe ar fhíricí a dhéanamh agus páirt a ghlacadh gan bhac i bpróisis dhaonlathacha;  de bhrí gur uirlis chumhachtach iad meáin neamhspleácha iolraíocha chun an bhréagaisnéis a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur codanna ríthábhachtacha den cheart chun tuairimí a nochtadh agus den cheart um shaoráil faisnéise iad saoirse na meán, an t-iolrachas, agus neamhspleáchas agus sábháilteacht iriseoirí, agus go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú daonlathach an Aontais agus na mBallstát; de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil méadú tagtha ar bhagairtí, brú míchuí, imeaglú, foréigean agus cineálacha eile cur isteach ar a gcuid oibre, go háirithe agus iad ag díriú ar mhí-úsáid cumhachta, éilliú, sáruithe ar chearta bunúsacha agus gníomhaíochtaí coiriúla, ar iriseoirí agus ar ghníomhaithe eile sna meáin i roinnt mhaith Ballstát agus thar lear; de bhrí go bhfuil SLAPPanna fós ina saincheist phráinneach ar fud AE; de bhrí nach bhfuil an staid scanrúil maidir le bagairtí agus ionsaithe teoranta go heisiach d’iriseoirí gairmiúla agus do ghníomhaithe traidisiúnta eile sna meáin; de bhrí gur leathnaíodh an sainmhíniú ar ghníomhaithe meán mar thoradh ar chineálacha nua meán sa ré dhigiteach agus, dá bhrí sin, go n-áirítear leis daoine eile a chuireann leis an díospóireacht phoiblí agus a dhéanann gníomhaíochtaí iriseoireachta nó a chomhlíonann feidhmeanna faire poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur bhain comhlachtaí rialtais i roinnt Ballstát agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad úsáid as Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais eile i gcoinne iriseoirí, polaiteoirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, taidhleoirí, dlíodóirí, lucht gnó, gníomhaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eile, chun críoch polaitiúil agus fiú chun críoch coiriúil; de bhrí gur cúis mhór imní iad na cleachtais sin agus go léiríonn siad an baol go mbainfí mí-úsáid as teicneolaíochtaí faireachais chun an bonn a bhaint de chearta bunúsacha an duine, den daonlathas agus de phróisis toghcháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur bagairt thromchúiseach ar an daonlathas agus ar an smacht reachta é an t-éilliú; de bhrí go bhfuil cúiseanna imní leanúnacha agus tromchúiseacha ann maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe i roinnt Ballstát; de bhrí go bhfuil na sásraí chun stop a chur leis an éilliú lag i roinnt Ballstát agus go bhfuil an easpa cosanta a thugtar do sceithirí fós ina heasnamh forleathan; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil ar iriseoirí, eagraíochtaí meán agus blagálaithe, cosantóirí chearta an duine, eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), gníomhaithe, ceardchumainn, ealaíontóirí, taighdeoirí, sceithirí, agus polaiteoirí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí, ar chiapadh agus ar chineálacha eile imeaglaithe atá ag dul i méid mar thoradh ar a rannpháirtíocht i rannpháirtíocht an phobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil neamhspleáchas na mbreithiúna - atá bunriachtanach don phrionsabal daonlathach maidir le scaradh na gcumhachtaí agus atá lárnach maidir le hurraim do chearta bunúsacha a ráthú - faoi bhagairt thromchúiseach agus go bhfuil ardú ag teacht ar líon na mBallstát ina bhfuil an bonn á bhaint de go struchtúrach fiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur mheabhraigh an Chúirt Bhreithiúnais<FOOTNOTE><FIELD><STRING ITALIC="on"> An Coimisiún Eorpach</STRING> v. <STRING ITALIC="on">an Ungáir</STRING> (Trédhearcacht an chomhlachais), Cás C-78/18, ECLI:EU:C:2020:476;</FIELD></FOOTNOTE> go bhfuil an ceart chun saoirse comhlachais, a chumhdaítear in Airteagal 12(1) den Chairt, ar cheann de na bunúis riachtanacha atá ag sochaí dhaonlathach iolraíoch, toisc go gcuireann sé ar chumas daoine in AE gníomhú i dteannta a chéile i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le feidhmiú cuí an tsaoil phoiblí; de bhrí gur tuairiscíodh i roinnt Ballstát go bhfuil méadú ag teacht ar ionsaithe i gcoinne an chirt chun tionóil agus comhlachais trí úsáid dhíréireach a bhaint as forneart i gcoinne agóideoirí síochánta, lena n-áirítear bualadh agóideoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur fhorchuir roinnt Ballstát srianta agus é mar aidhm acu d’aon ghnó spás na sochaí sibhialta a theorannú; de bhrí go bhfuil ciapadh dlíthiúil, riaracháin agus fioscach, coiriúlú agus reitric dhiúltach os comhair an spáis shibhialta i roinnt mhaith Ballstát atá dírithe ar ESSanna, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine a stiogmatú agus a dhídhlisteanú agus a n-acmhainneacht chun a gcuid oibre a dhéanamh a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, i mí an Mhárta 2023, gur mheas Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine go raibh meath scanrúil tagtha ar staid chosantóirí chearta an duine san Eoraip, agus go raibh claonadh méadaitheach ag rialtais neamhaird a thabhairt ar a ngealltanais maidir le cearta an duine, agus tús áite á thabhairt don tslándáil náisiúnta agus d’ábhair imní maidir le sábháilteacht phoiblí maidir le cearta an duine; de bhrí gur thuairiscigh an Coimisinéir srianta méadaitheacha ar a gcumas oibriú gan bhac agus go sábháilte, chomh maith le cineálacha éagsúla díoltais, lena n-áirítear ciapadh breithiúnach, ionchúiseamh, rialuithe agus faireachas mí-úsáideach, feachtais chlúmhillte, bagairtí agus imeaglú sna Ballstáit agus i dtíortha comharsanachta; de bhrí gur ábhar mór imní fós é an easpa imscrúduithe éifeachtacha ar sháruithe arna ndéanamh ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit i gcoinne chosantóirí chearta an duine; de bhrí go mbaineann sé sin an bonn den daonlathas agus go bhfuil sé mar chuid d’fhadhb níos leithne deighilte sa tsochaí, ar fadhb í a bhfuil méadú ag teacht ar léirithe fuatha agus foréigin i gcoinne grúpaí éagsúla sóisialta nó mionlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go raibh an iliomad teagmhas ann inar maraíodh imircigh agus inar sáraíodh cearta an duine ag teorainneacha Eorpacha mar gheall ar bhainistiú neamhéifeachtach agus úsáid dhíréireach fornirt ag na húdaráis; de bhrí go bhfuil méideanna méadaitheacha teicneolaíochta, lena n-áirítear intleacht shaorga, á n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar imircigh ag teorainneacha seachtracha agus inmheánacha AE; de bhrí gurb ionann coiriúlú eagraíochtaí neamhrialtasacha nó aon ghníomhaithe neamhstáit eile a dhéanann oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus an creat dlíthiúil ábhartha á chomhlíonadh acu, agus sárú ar an dlí idirnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> Is oibleagáid dhlíthiúil de chuid thíortha AE é cúnamh a thabhairt d’aon duine a fhaightear i nguais ar muir, atá bunaithe i ndlí an ghnáis agus i ndlí traidisiúnta idirnáisiúnta (an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir — Coinbhinsiún SOLAS, 1974; Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige – UNCLOS, 1982; An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir — Coinbhinsiún SAR, 1979), chomh maith le dlí an Aontais.</FIELD></FOOTNOTE> agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé ceadaithe faoi dhlí AE; de bhrí gur mheabhraigh an Chúirt Bhreithiúnais nach féidir náisiúnaigh nach de chuid an Aontais iad a phríosúnú ach amháin nuair atá bunús dlí sonrach ann chun srian a chur lena gceart chun saoirse agus ní nuair nach bhfuil ach critéar ginearálta ann<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte (Dara Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022, <STRING ITALIC="on">I. L.</STRING> v. <STRING ITALIC="on">Politsei- ja Piirivalveamet</STRING>, Cás C-241/21, ECLI:EU:C:2022:753.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur tháinig laghdú beag ar líon na mbásanna ag teorainneacha farraige na hEorpa in 2022 i gcomparáid le 2021, ach go raibh siad fós níos airde ná mar a bhí sna trí bliana roimh 2021<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ‘Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2023’, lch. 148, 8 Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur tharla formhór na mbásanna sa Mheánmhuir Láir, amach ó chósta na hAfraice Thuaidh<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ‘Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2023’, lch. 148, 8 Meitheamh 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go ndearnadh roinnt tuarascálacha agus imscrúduithe ar Frontex maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha, lena n-áirítear ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag an Ombudsman Eorpach; de bhrí gur éirigh iar-Stiúrthóir Frontex as a phost i mí Aibreáin 2022; de bhrí nach mór do ghníomhaireachtaí uile AE cearta bunúsacha a chomhlíonadh agus a bheith cuntasach i gcás ina dtarlaíonn sáruithe ar chearta bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go raibh frithfhreagairt eagraithe ann i gcoinne chearta na mban agus na gcailíní le blianta beaga anuas; de bhrí, i roinnt Ballstát, go ndearnadh iarrachtaí chun sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a rolladh siar tuilleadh, amhail na cosaintí dlíthiúla atá ann cheana do rochtain na mban ar chúram ginmhillte; de bhrí, le blianta beaga anuas, gur cailleadh roinnt ban mar thoradh ar rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil a dhiúltú i roinnt Ballstát; de bhrí go bhfuil foréigean inscnebhunaithe fós an-fhorleathan ar fud an Aontais, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus éigniú; de bhrí nach bhfuil Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) daingnithe fós ag roinnt Ballstát; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar ghluaiseachtaí i gcoinne oideachas gnéasachta a chur chun cinn agus a chur ar fáil in AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil foréigean inscnebhunaithe ina chúis agus ina iarmhairt ar na neamhionannais struchtúracha atá fréamhaithe i steiréitíopaí inscne agus neamhshiméadrachtaí cumhachta, lena n-áirítear iad siúd sa réimse príobháideach, sóisialta, poiblí agus eacnamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go léirítear le sonraí suirbhé FRA go leanann leitheadúlacht an idirdhealaithe ar bhonn bunadh ciníoch nó eitneach nó creideamh reiligiúnach (lena n-áirítear Romaigh, Moslamaigh, daoine Giúdacha agus daoine de bhunadh Afracach) de bheith ard, le himeacht ama agus ar fud grúpaí éagsúla den daonra, go háirithe daoine aonair ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, i mBallstáit éagsúla; de bhrí go mbíonn ar mhionlaigh chiníocha agus eitneacha aghaidh a thabhairt ar chiníochas sistéamach, ar choireacht fuatha agus ar fhuathchaint, ar easpa rochtana ar an gceartas agus ar neamhionannais shocheacnamaíocha leanúnacha i réimsí amhail tithíocht, cúram sláinte, fostaíocht agus an t-oideachas, nach foláir iad a aithint mar bhacainní móra ar theachtadh iomlán a gceart bunúsach agus mar phríomhbhacainn ar chuimsiú agus ar chomhionannas;  de bhrí gur cineálacha leanúnacha fuatha agus idirdhealaithe iad an frithsheimíteachas, frithghiofógachais, an Ioslamafóibe agus an ciníochas; de bhrí gur bagairt ar leith é an t-antoisceachas ó i bhfad amach ar an eite dheis do dhaoine a ndéanann an t-idirdhealú difear dóibh agus don tsochaí ina hiomláine; de bhrí, de réir FRA, go bhfuil tásca ann maidir le ciníochas sistéamach in AE, lena n-áirítear laistigh de ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí; de bhrí nach mór idirdhealú trasnach a chur san áireamh i mbeartais agus i mbearta atá dírithe ar chiníochas agus idirdhealú a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil fós ar dhaoine faoi mhíchumais atá ina gcónaí san Aontas aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú, lena n-áirítear cóiríocht réasúnta a bheith á séanadh orthu, ciapadh agus cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe i ngach réimse dá saol, lena n-áirítear míbhuntáistí socheacnamaíocha, leithlisiú sóisialta, drochíde agus foréigean, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe, steiriliú agus ginmhilleadh éigeantais, easpa rochtana ar sheirbhísí pobail, tithíocht ar chaighdeán íseal, institiúidiú, cúram sláinte neamhleor agus an deis rannchuidiú a dhéanamh agus a bheith rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí á séanadh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go gcónaíonn sciar mór de dhaoine de chúlra Romanaíoch<FOOTNOTE><FIELD> Baineann an téarma ‘daoine Romacha’ le grúpaí éagsúla, amhail Romaigh, Kalés, Manúisigh, Ashkalis, Taistealaithe, Lovara, Rissende, Boyash, Domare, Kalderash, Romanichal agus Sintígh. Níl aon téarmaíocht ann a chomhaontaítear go coitianta, toisc gur fearr le roinnt pobal an téarma ‘muintir na Romach’.</FIELD></FOOTNOTE> san Eoraip i ndálaí imeallacha i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha araon, agus in imthosca socheacnamaíocha an-dona; de bhrí go ndéantar cearta bunúsacha an duine a bhaint ó fhormhór na ndaoine Romanaíocha i ngach réimse den saol; de bhrí go bhfuil sé fós ar siúl i roinnt Ballstát go gcuirtear leanaí i scoileanna idirdheighilte agus go gcuirtear leanaí de mhionlaigh eitneacha agus chine i scoileanna do leanaí faoi mhíchumas meabhrach, ar cleachtas idirdhealaitheach é;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil an treocht leanúnach maidir le hidirdhealú, fuathchaint agus foréigean méadaitheach i gcoinne daoine LADTIA+ agus cosantóirí chearta LADTIA+ fós ann ar fud AE; de bhrí go mbíonn ar dhaoine LADTIA+ aghaidh a thabhairt fós ar idirdhealú agus ar eisiamh i roinnt Ballstát maidir le cosaint shóisialta, slándáil shóisialta, rochtain ar chúram sláinte, oideachas, cosaint dhlíthiúil agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí eile agus soláthar earraí agus seirbhísí eile atá ar fáil don phobal, lena n-áirítear tithíocht; de bhrí nach bhfuil cásdlí na Cúirte Breithiúnais lena gcosnaítear cearta sóisialta agus saol príobháideach lánúineacha comhghnéis agus leanaí a rugadh do thuismitheoirí comhghnéis á chur chun feidhme, amhail ‘Cás Coman (C-673/16)’ agus ‘cás Baby Sara (C-490/20)’; de bhrí go bhfuil obráidí agus cóireálacha leighis á ndéanamh ar leanaí idirghnéasacha gan a dtoiliú pearsanta, iomlán agus feasach a fháil roimh ré; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí ar feadh an tsaoil a bheith ag ciorrú ball giniúna idirghnéasach, amhail tráma síceolaíoch agus lagú fisiciúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht go leanúnach ar líon na dteagmhas coireanna fuatha agus fuathchainte laistigh de AE le blianta beaga anuas<FOOTNOTE><FIELD> Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, faisnéisiú achomair dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Combating hate speech and hate crime in the EU’</STRING> [An fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac in AE], Meitheamh 2022.</FIELD></FOOTNOTE>, go príomha mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar líon úsáideoirí na meán sóisialta agus go bhfuil borradh faoin bhfuathchaint ar líne; de bhrí go bhfuil ról ag samhail ghnó ardáin na meán sóisialta, bunaithe ar fhógraíocht mhicrea-spriocdhírithe, maidir leis an bhfuathchaint a scaipeadh agus cur leis, rud a dhéanann an t-idirdhealú agus an foréigean a spreagadh; de bhrí go bhfuil córais oideachais ríthábhachtach chun oideachas digiteach, litearthacht agus scileanna digiteacha a chur ar fáil do chách, chun tuiscint úsáideoirí ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn, chun éagothromaíochtaí a shárú, chun cuimsiú digiteach a fheabhsú agus chun daoine aonair a chumhachtú agus iad agus a gcearta a chosaint, agus a bhfreagrachtaí á leagan amach ag na córais oideachais sin ag an am céanna; de bhrí go bhféadfaidh an fhuathchoireacht teacht as an bhfuathchaint; de bhrí, de réir FRA, nach dtuairiscítear suas le naoi gcoir fuatha agus n-ionsaí fuathspreagtha as deich gcoir fuatha agus n-ionsaí fuathspreagtha in AE agus, dá bhrí sin, nach ngearrtar pionós ina leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go dtoirmisctear le hAirteagal 21 den Chairt gach idirdhealú atá bunaithe ar theanga nó ar a bheith mar chuid de mhionlach náisiúnta; de bhrí go ráthaítear le hAirteagal 22 de go n-urramaítear éagsúlacht teanga;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil AE bunaithe ar chearta sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil líon na ndaoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht in AE fós ard, agus níos mó ná leanbh amháin as gach cúigear i mbaol bochtaineachta agus beagnach duine amháin as gach ceathrar saoránach Eorpach i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta; de bhrí go gcuireann timthriall na bochtaineachta le neamhionannais eile amhail rochtain daoine ar oideachas, tithíocht inacmhainne, cúram sláinte agus fostaíocht; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine atá thíos le neamhshláine, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh agus ar an mboilsciú; de bhrí go dtagraítear in Airteagal 151 CFAE do chearta sóisialta bunúsacha, amhail na cearta sin a leagtar amach i gCairt Shóisialta na hEorpa; de bhrí gur príomhionstraimí iad Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cur chun feidhme a Phlean Gníomhaíochta chun tosaíochtaí sóisialta a phríomhshruthú ar fud bheartais uile AE agus gur treoir iad maidir le cur chun feidhme iarbhír a 20 prionsabal;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur oibleagáid faoi Airteagal 6(2) CAE é aontachas AE leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus gur ardtosaíocht atá ann go fóill;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag na Ballstáit agus ag institiúidí agus comhlachtaí AE, lena n-áirítear an Chúirt Bhreithiúnais, FRA agus OIPE maidir le luachanna AE a chaomhnú agus urraim do chearta bunúsacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go ndearna an tOmbudsman Eorpach imscrúdú ar mhalartú téacsanna agus scairteanna gutháin pearsanta a bhain sé le soláthar vacsaíní COVID-19 idir Uachtarán an Choimisiúin agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pfizer, ar dhiúltaigh an Coimisiún iad a nochtadh ina dhiaidh sin; de bhrí gur chinn an tOmbudsman, i mí Iúil 2022, gurbh ionann an diúltú sin agus drochriarachán<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Moladh maidir le diúltú an Choimisiúin Eorpaigh rochtain phoiblí a thabhairt ar theachtaireachtaí téacs arna malartú idir Uachtarán an Choimisiúin agus Príomhfheidhmeannach cuideachta cógaisíochta maidir le vacsaín in aghaidh COVID 19 a cheannach (cás 1316/2021/MIG)’.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí, le roinnt blianta anuas, go bhfuil an smacht reachta ag dul in olcas i roinnt Ballstát mar thoradh ar ghníomhaíochtaí córasacha a rialtas, go háirithe san Ungáir agus sa Pholainn, a bhfuil nósanna imeachta leanúnacha Airteagal 7(1) CAE ina gcoinne; de bhrí go bhfuil méadú tapa ag teacht ar ábhair imní maidir leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha i mBallstáit eile; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit gealltanais ESCE agus oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta eile do thoghcháin dhaonlathacha, lena n-áirítear Coimisiún na Veinéise;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur cineál éagóra struchtúraigh agus shóisialta í an bhochtaineacht, atá bunaithe ar neamhionannais inscne, ar idirdhealú agus ar neamhchomhionannas deiseanna chun rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí, as a n-eascraíonn sárú ar chearta bunúsacha; de bhrí gur gá cur chuige trasnach a chur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine i staideanna leochaileacha, amhail leanaí, mná, pobail chiníocha agus eitneacha, daoine LADTIA+, imircigh agus iarrthóirí tearmainn agus daoine faoi mhíchumas, chomh maith le daoine ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí, de réir na tuarascála ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Air quality in Europe 2022’</STRING>, gur tharla 238 000 bás anabaí mar thoradh ar nochtadh d’ábhar cáithníneach mínthruailliú aeir san Aontas in 2020 amháin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta agus rochtain ar cheartas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá na meáin shaora maidir leis an daonlathas a chaomhnú, institiúidí poiblí agus príobháideacha a thabhairt chun cuntais agus ligean do shaoránaigh rochtain a fháil ar fhaisnéis atá bunaithe ar fhíricí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iolrachas na meán agus saoirse iriseoireachta; ag cáineadh go láidir gur socraíodh, in 2022, go raibh an líon is mó dá raibh ann riamh d’iriseoirí atá i bpríosún, agus á iarraidh go ndéanfar an ceartas go hiomlán maidir le marú iriseoirí iniúchta in AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit an Moladh ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn rannpháirteach i rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, agus go sonrach chun pianbhreitheanna príosúin a bhaint as cásanna clúmhillte, clúmhilleadh a dhíchoiriúlú agus tús áite a thabhairt do nósanna imeachta sibhialta nó riaracháin ina ionad sin; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar thromchúis na SLAPPanna arna dtionscain trí imeachtaí coiriúla trí thogra a thíolacadh le haghaidh bearta chun a áirithiú nach féidir clúmhilleadh, leabhal ná béadchaint, ar cionta coiriúla iad i bhformhór na mBallstát, a úsáid le haghaidh SLAPPanna trí ionchúiseamh poiblí nó príobháideach; á chur i bhfáth nach n-úsáidtear SLAPPanna ach aon mhodh amháin chun iriseoirí a chur ina dtost agus á iarraidh ar an gCoimisiún cleachtais eile a imscrúdú tuilleadh agus idirghabháil a dhéanamh;  á iarraidh ar pholaiteoirí bagairtí agus ionsaithe i gcoinne iriseoirí a cháineadh go poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an sárú ar chearta bunúsacha maidir le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta coibhéiseacha chun díriú ar dhaoine aonair agus ar phearsantachtaí ardphróifíle, amhail iriseoirí, blagálaithe, cosantóirí chearta an duine, polaiteoirí, nó gníomhaithe eile; á chur i bhfios go láidir go ndéanann úsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta ag rialtais náisiúnta difear go díreach agus go hindíreach do shláine na cinnteoireachta, rud a bhaineann an bonn de dhaonlathas AE agus a leagann béim ar an ngá práinneach atá le trédhearcacht agus cuntasacht dhlíthiúil níos fearr i dtionscal an fhaireachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, go háirithe an Ghréig, an Ungáir, an Pholainn, an Spáinn agus an Chipir, a moltaí faoi seach a leanúint óna tuarascáil maidir le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha;  á mheabhrú na moltaí uaithi maidir le comhchaighdeáin AE a leanúint, ós rud é nach féidir cearta aonair a chur i mbaol trí rochtain gan bhac ar fhaireachas a cheadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a tharraingt suas maidir le sábháilteacht iriseoirí, timpeallacht fhabhrach a chruthú do na meáin iolra agus neamhspleácha chun go mbeidh rath orthu agus a ról faire bunriachtanach a fheidhmiú chun rialtais agus gníomhaithe eile a thabhairt chun cuntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú gur gá an trádáil in earraí spiaireachta, agus úsáid na n-earraí spiaireachta sin, a rialú go docht; á chur i bhfios go láidir nach mór úsáid earraí spiaireachta a údarú i gcásanna eisceachtúla agus sonracha amháin i ndáil le himscrúduithe ar liosta teoranta agus dúnta de choireanna tromchúiseacha atá sainithe go soiléir agus go beacht, nach mór údar a bheith leis ar bhonn cás ar chás, an Chairt agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh, agus ordú <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a fháil ó údarás breithiúnach neamhspleách neamhchlaonta ag a bhfuil bearta ceartaitheacha éifeachtacha, aitheanta agus inrochtana; á chur i bhfáth nach mór d’údarás maoirseachta neamhspleách <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> grinnscrúdú a dhéanamh ar an bhfaireachas spiaireachta uile, nach mór dó a áirithiú go ndéanfar aon fhaireachas údaraithe i gcomhréir le cearta bunúsacha agus i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan amach ag an gCúirt Bhreithiúnais, ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) agus ag Coimisiún na Veinéise; á áitiú go dtabharfaí rochtain do dhaoine aonair a ndírítear orthu le hearraí spiaireachta ar leigheas dlí fíor agus fiúntach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an t-éilliú ar neamhréir le luachanna an daonlathais agus an smachta reachta toisc go ndéanann sé neamhionannais a dhoimhniú agus muinín na saoránach as dea-rialachas a laghdú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá ag teacht ar an éilliú i roinnt mBallstát, go háirithe cásanna a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil agus polaiteoirí; á athdhearbhú go gcáineann sí na cásanna éillithe líomhnaithe a bhaineann le Feisirí reatha agus iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an mhéid sin, gur glacadh na leasuithe ar a Rialacha Nós Imeachta arb é is aidhm dóibh a sláine, a neamhspleáchas agus a cuntasacht a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leibhéil éagsúla chur chun feidhme chreat frithéillithe AE sna Ballstáit; á iarraidh nach mór gurb é neamhfhulaingt ar éilliú an riail; á iarraidh go mbunófaí comhlacht eitice neamhspleách; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Treoir maidir le Cosaint do Sceithirí  a chur chun feidhme go hiomlán<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth gur príomh-chomhpháirteanna den smacht reachta iad neamhspleáchas breithiúnach agus seiceálacha agus ceartúcháin éifeachtacha, ar féidir leo a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát; á thabhairt chun suntais go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha fós ann maidir leis an smacht reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna i roinnt Ballstát; ag cáineadh aon iarrachtaí a dhéanann rialtais na mBallstát tionchar polaitiúil nó rialú a imirt ar chinnteoireacht neamhspleách na mbreithiúna, go díreach nó trí mhodhanna eagraíochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tacú le straitéis AE a chruthú chun gníomhaíocht nithiúil agus chomhordaithe a áirithiú ar leibhéal AE, lena n-áirítear trí shásra cosanta a chruthú do chosantóirí chearta an duine san Eoraip, ag tógáil ar na samplaí i mbeartas eachtrach AE, chun cosc, cúnamh díreach agus cuntasacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tacú le húsáid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus na gcoinníollacha cothrománacha cumasúcháin chun cistiú AE a chalcadh chun an t-éilliú agus an cúlú ar an smacht reachta sna Ballstáit a chomhrac; á chur i bhfáth nár cheart cistí atá srianta trí bhearta coinníollachta éagsúla a scaoileadh go dtí go gcomhlíonfar na príomhchoinníollacha cumasúcháin; ag tathant ar na Ballstáit na bearta iomchuí a thabhairt chun críche chun na garspriocanna a leagtar amach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi seach a bhaint amach;  á iarraidh ar an gComhairle Eorpach gníomhú agus a chinneadh cibé acu an ndearna nó nach ndearna an Ungáir sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha ar luachanna AE faoi Airteagal 7(2) CAE;  á chur in iúl gur saoth léi go mór ceap milleáin a bheith á dhéanamh go córasach ag údaráis na hUngáire ar phobal LADTIAI+; á chur i bhfios go láidir go gcomhroinneann an Chomhairle an fhreagracht as na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint agus go mbeadh iarmhairtí fadtéarmacha agus díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfaí amhlaidh;  á áitiú go n-urramófar ról agus inniúlachtaí na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil roinnt Ballstát ag cur síneadh le staid na mbeart éigeandála thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach, agus ag iarraidh reachtaíocht a ghlacadh faoi deifir gan comhairliúchán cuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil géarghá le sásra AE maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a bhunú agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochta láithreach leis an bParlaimint maidir leis an gcomhaontú sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thug an Chúirt Bhreithiúnais isteach craoltóireacht agus beoshruthú in 2022 chun rochtain phoiblí pháirteach ar a gníomhaíocht bhreithiúnach a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na bagairtí méadaitheacha ar an tsaoirse comhlachais, cainte agus comhthionóil;  á athdhearbhú nach féidir an ceart chun comhthionóil shíochánta a shrianadh ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin leis an dlí agus más gá agus más comhréireach é chun leas ginearálta arna aithint ag an Aontas nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; ag cáineadh, i gcásanna áirithe, an úsáid a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí as idirghabháil fhoréigneach agus dhíréireach le linn agóidí síochánta agus ag cáineadh cásanna ollghabhálacha lánroghnacha agóideoirí ionchasacha;  ag moladh do na húdaráis náisiúnta ábhartha imscrúduithe trédhearcacha, neamhchlaonta, neamhspleácha agus éifeachtacha a áirithiú ar úsáid amhrasta nó líomhnaithe fornirt dhíréirigh;  á iarraidh ar na Ballstáit cleachtais mhalartacha a úsáid chun an t-ord poiblí a choinneáil ar bun, ar cleachtais iad a bhfuil sé léirithe cheana féin go bhfuil siad éifeachtach i mBallstáit eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun an ceart chun saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ar ceart bunúsach é d’aon daonlathas, a áirithiú, nach mór faisnéis a bheith inrochtana go huilíoch agus éagsúil; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór saoirse ealaíne a ráthú; á chur i bhfáth gur féidir leis an mbréagaisnéis cur isteach go mór ar fheidhmiú sochaithe daonlathacha, geilleagar agus córas polaitiúil;  á mheabhrú gur gá litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a áireamh san oideachas sibhialta chun leathadh na bréagaisnéise a chomhrac; ag athdhearbhú a moltaí bearta éifeachtacha a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ó chumhachtaí eachtracha mailíseacha, go háirithe i bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin;  á chur i bhfios go láidir go bhfuil timpeallacht meán neamhspleách agus iolraíoch, ar líne agus as líne araon, fíor-riachtanach chun an bhréagaisnéis agus an bholscaireacht a chomhrac go héifeachtach, agus nach mór, dá bhrí sin, é a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht éifeachtach i gcoinne chomhchruinnithe na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth, faoi dhlí an Aontais, nach mór d’údaráis agus/nó comhlachtaí rialála náisiúnta a bheith neamhspleách ó thaobh feidhme ar a rialtas agus nár cheart dóibh aon treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon chomhlacht eile; á thabhairt dá haire go bhfuil neamhspleáchas polaitiúil rialáil agus maoirseacht na meán ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, cosaint an neamhspleáchais eagarthóireachta ar fud AE, cosaint iriseoirí ar fhaireachas agus cosaint foinsí iriseoireachta ríthábhachtach;  á iarraidh, ina leith sin, go nglacfaí gníomh láidir Eorpach um shaoirse na meán chun neamhspleáchas, iolrachas agus saoirse na meán ar fud AE a ráthú, lena n-áiritheofar trédhearcacht úinéireachta agus maoinithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) maidir le saoránacht ghníomhach, cearta bunúsacha agus rannpháirtíocht dhaonlathach san Eoraip a chur chun cinn; ag tathant ar an gCoimisiún straitéis a thíolacadh agus íoschaighdeáin a bhunú chun ESSanna a chosaint sna Ballstáit uile chun timpeallacht rialála agus pholaitiúil a chur chun cinn atá saor ó éifeachtaí, bagairtí agus ionsaithe athchomhairleacha, chun rochtain inbhuanaithe agus neamh-idirdhealaitheach ar acmhainní a chur ar fáil do ESSanna agus chun tacú lena rannpháirtíocht in idirphlé sibhialta agus rannpháirtíocht i gceapadh beartas; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil staid chosantóirí chearta an duine in AE ag dul in olcas go mór le blianta beaga anuas;  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh cosantóirí chearta an duine in ann oibriú saor ó bhac agus neamhshláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú, faoi Airteagal 6 den Chairt, go bhfuil an ceart chun saoirse agus slándála ag gach duine, rud a chiallaíonn gur cheart gach duine in AE a chosaint ar ghabháil neamhdhleathach agus threallach; á iarraidh ar na Ballstáit cloí leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe chun dálaí coinneála a fheabhsú agus, dá bhrí sin, leibhéal níos airde cosanta a áirithiú don cheart chun saoirse agus slándála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar an idirdhealú reiligiúnach nó creideamh agus ar theagmhais chiníocha in AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh ina leith sin, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta; á mheabhrú, faoi Airteagal 10 den Chairt, go bhfuil an ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin ag gach duine;  á chur in iúl gur saoth léi gur minic nach ndéantar teagmhais idirdhealaithe agus coireanna ciníocha agus seineafóibeacha a thuairisciú do na húdaráis, rud a fhágann go mbíonn saoirse ó phionós <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> ann; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna na Ballstáit uile an cinneadh réime maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil a thrasuí go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na dteagmhas foréigin póilíneachta i gcoinne phobal na Romach; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú dian a dhéanamh ar na teagmhais sin chun a áirithiú nach mbeidh aon saoirse ó phionós ann as bearta diansmachta, foréigneacha i gcoinne daoine nó pobail Romacha a thabhairt isteach agus/nó a chur chun feidhme; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar thaifeadtaí póilíneachta, tuairisciú, ionchúiseamh agus breithiúnais chúirte claonta agus ar rochtain neamhleor na Romach ar cheartas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil an ceart go ndéanfar sonraí pearasanta a chosaint ag éirí níos tábhachtaí mar thoradh ar shonraí a dhéanamh den saol laethúil agus ar scannail sonraí; á athdhearbhú gur cúis imní di cur i bhfeidhm míchothrom an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí; ag tacú leis na tionscnaimh chun an próiseas reachtach i ndáil le creat rialála AE maidir leis an intleacht shaorga a neartú lena bhforáiltear do choimircí láidre do chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cáineadh go láidir na sáruithe forleathana ar chearta bunúsacha agus an úsáid a bhaintear as foréigean díréireach ag teorainneacha an Aontais i gcoinne imirceach, lena n-áirítear dídeanaithe, amhail coinneáil threallach, dálaí maireachtála mídhaonna agus easpa rochtana ar chúram sláinte, filleadh neamhdhleathach agus brú siar foréigneach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na Ballstáit a chódaíonn úsáid brú siar ina ndlí náisiúnta;  ag cáineadh na ndlíthe uile sna Ballstáit a bhaineann an bonn de chosaint éifeachtach chearta an duine do dhídeanaithe, d’iarrthóirí tearmainn agus d’imircigh ar an talamh agus ar muir, chomh maith le coiriúlú oibrithe daonnúla agus gníomhaithe daonnúla;  á thabhairt chun suntais gur leanaí iad beagnach trian d’iarrthóirí tearmainn agus á athdhearbhú nár cheart coinneáil inimirce leanaí a cheadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear sásraí maoirseachta éifeachtacha i bhfeidhm chun comhlíonadh na gceart bunúsach ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú, lenar cheart faireachán ar ghníomhaíochtaí faireachais teorann a chumhdach freisin; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na daoine aonair a stóráiltear a gcuid sonraí i mbunachair sonraí chórais faisnéise mórscála an Aontais ar an eolas faoina gcearta agus go mbeidh rochtain acu ar na leigheasanna atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mór básanna iomadúla dídeanaithe agus imirceach ar muir ar minic iad ina n-íospartaigh gáinneála ar dhaoine agus ar gá dóibh aghaidh a thabhairt ar íde mhídhaonna tháireach gan aird ar bith a thabhairt ar a sábháilteacht; ag athdhearbhú na hoibleagáide faoi dhlí idirnáisiúnta na farraige cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i nguais agus á iarraidh go práinneach go ndéanfaí buanoibríochtaí comhordaithe cuardaigh agus tarrthála le díbhordáil ghasta, agus go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is féidir chun beatha daoine atá i mbaol ar muir a shábháil; á iarraidh go n-urramófar ceart chun tearmainn gach duine a tarrtháladh ar muir, trí mheasúnú a dhéanamh ar imthosca aonair ar bhonn cás ar chás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt dá haire go n-úsáideann roinnt Ballstát an tslándáil náisiúnta mar ina dheitéarmanant do bheartais inmheánacha, amhail an imirce; á chur i bhfáth nach mór aon bhearta a dhéantar ar bhonn na slándála náisiúnta a bheith riachtanach agus comhréireach, agus nár cheart dóibh an bonn a bhaint de na cearta a ráthaítear leis an gCairt;  á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 19 den Chairt do chosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh trí ionnarbadh comhchoiteann a thoirmeasc agus, dá bhrí sin, go n-éilítear measúnuithe aonair leis agus go dtoirmeasctar diúltú d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá bunaithe ar náisiúntacht shonrach amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gníomhachtú Threoir an Aontais um Chosaint Shealadach (TPD)<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint acu (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).</FIELD></FOOTNOTE> tar éis an chogaidh san Úcráin, a bhfuil sé mar aidhm léi rochtain ar chosaint a áirithiú do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmainn d’aon tionscnamh; á mheabhrú nach mór cur chuige inscne a chur san áireamh sa rochtain ar sheirbhísí cóiríochta, fostaíochta, oideachais, cúraim sláinte agus leasa shóisialta faoi TPD;  á chur in iúl gur saoth léi an chóir neamhionann, an t-idirdhealú ciníoch agus an foréigean a bhíonn os comhair daoine nach Úcráinigh iad atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht, go háirithe daoine de chine daite agus daoine LADTIA+; á chur in iúl gur saoth léi na caighdeáin dhúbailte maidir le himircigh agus dídeanaithe in AE agus á iarraidh go gcuirfear deireadh leis an staid sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an moladh ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le cearta na mban agus na gcailíní ar imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn iad a chosaint, á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun idirdhealú i gcoinne na mban sin a chosc, lena n-áirítear trí rochtain ar fhostaíocht agus ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn, agus rochtain ar sheirbhísí agus ar cheartas a éascú do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle na hEorpa, ‘Moladh CM/Rec(2022)17 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le cearta na mban agus na gcailíní arb imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn iad a chosaint’, an 20 Bealtaine 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil daonra mór daoine gan stát in AE, go háirithe leanaí a rugadh gan stát; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach agus plean gníomhaíochta cuimsitheach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhaoine gan stát san Aontas agus chun iad a chosaint ar dhíbirt; á iarraidh ar na Ballstáit daoine gan stát a shainaithint, a aithint agus a chosaint i gceart, agus aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sonracha daoine gan stát;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhionannas agus dínit</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-urramófar an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus chun córa comhionainne ar fud AE; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil bac sa Chomhairle ó 2008 i leith ar an togra maidir leis an treoir chothrománach frith-idirdhealaithe; á mheas nach mór le haon nuashonrú a dhéanfaidh an Coimisiún ar an togra sin cur le seasamh na Parlaiminte, aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach agus toirmeasc sainráite a chur ar idirdhealú ar aon teaglaim foras a liostaítear sa Chairt; á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chomhairle neamhaird de na hiarrataí sin agus ag tathant ar an gComhairle iad a chomhtháthú ina sainordú agus gach gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun an t-idirdhealú in AE a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phleananna gníomhaíochta náisiúnta na mBallstát in aghaidh an chiníochais agus plean gníomhaíochta frithchiníochais AE agus obair leantach chuí a áirithiú ina leith; ag tathant, thairis sin, ar an gCoimisiún an frithchiníochas agus an frith-idirdhealú a phríomhshruthú i mbeartais uile AE; á iarraidh ar uachtaránachtaí na Comhairle atá ar na bacáin machnamh dáiríre a dhéanamh ar fhoirmíocht de chuid na Comhairle a bhunú maidir le comhionannas inscne agus comhionannas i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an idirdhealú ciníoch i ngach réimse den tsochaí, agus béim ar leith á leagan ar an oideachas agus ar leithscaradh scoile a chosc, trí bhearta reachtacha agus beartais éifeachtacha, sna Ballstáit agus i dtíortha an mhéadaithe araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mheabhrú, maidir leis an digiteáil, gur gá aird ar leith a thabhairt ar chlaontachtaí idirdhealaitheacha atá á dtabhairt isteach i dteicneolaíochtaí nua agus gur gá a cheangal ar fhorbróirí agus ar imlonnóirí faisnéis atá inrochtana go poiblí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a ndéantar na córais sin a oiliúint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear intleacht shaorga, a chosc ó idirdhealú, neamhionannais atá ann cheana agus bochtaineacht a ghéarú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córais intleachta saorga á dtreorú ag prionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime agus na cuntasachta, agus go gcuirfear measúnuithe tionchair ar chearta bunúsacha i bhfeidhm; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis na bearnaí inscne agus éagsúlachta in earnálacha na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM), go háirithe i bhforbairt teicneolaíochtaí nua, agus go háirithe i bpoist chinnteoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go mbeadh leanaí ar de mhionlaigh náisiúnta iad in ann scoileanna tiomnaithe a aimsiú a chuireann oideachas ar fáil ina dteanga féin; ag moladh go n-áireofaí ionadaithe mionlaigh náisiúnta i bpróisis chinnteoireachta a mbíonn tionchar acu ar a gcórais oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil foréigean inscnebhunaithe an-fhorleathan i ngach Ballstát ar fud an Aontais; ag cáineadh go láidir an chúlú tapa ar chearta na mban agus LADTIA+ i roinnt Ballstát;  ag cáineadh go láidir go bhfuil diúltú rochtana ar sheirbhísí ginmhillte sábháilte agus dlíthiúla toisc gur cineál foréigin inscnebhunaithe é;  á thabhairt chun suntais gur rialaigh ECtHR go sáraíonn dlíthe sriantacha maidir le ginmhilleadh agus easpa cur chun feidhme ceart na mban chun neamhspleáchais agus sláine coirp; á athdhearbhú go gcáineann sí dlí na Polainne lena bhforchuirtear toirmeasc iomlán nach mór ar ghinmhilleadh;  á mheabhrú nár cheart géarleanúint a dhéanamh ar shaoránaigh a chabhraíonn le daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí ginmhillte nuair nach bhfuil siad ar fáil gan bhac nó go dleathach;  ag athdhearbhú a hiarrata go n-áireofaí an ceart chun ginmhillte sa Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus á iarraidh go dtabharfar an chaibidlíocht chun críche go pras agus go n-áireofaí foréigean inscnebhunaithe ar liosta choireanna AE; á thabhairt chun suntais gur cheart go ráthófaí leis an treoir sin na hoibleagáidí a leagtar síos i gCoinbhinsiún Iostanbúl mar íoschaighdeán agus gur cheart go mbeadh sé mar aidhm léi na caighdeáin sin a neartú chun an leibhéal cosanta a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh AE Coinbhinsiún Iostanbúl a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023; á iarraidh ar na Ballstáit eile an Coinbhinsiún a dhaingniú go pras chun mná a chosaint ar fhoréigean;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go leanann daoine faoi mhíchumas, go háirithe mná faoi mhíchumas, de bheith ag tabhairt aghaidh ar idirdhealú iolrach agus trasnach bunaithe ar a míchumas, a n-inscne, a gcine, a n-eitneacht, a n-aois, a reiligiún nó a gcreideamh,  a ngnéaschlaonadh, a stádas imirce nó a gcúlra socheacnamaíoch; á chur i bhfáth go bhfuil mná agus cailíní faoi mhíchumas go háirithe faoi réir foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch agus eacnamaíoch;  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sásraí chun foréigean in aghaidh daoine faoi mhíchumas a thuairisciú, chomh maith le seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, a chur i bhfeidhm agus go mbeidh siad inrochtana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cearta an linbh uilíoch agus gur cheart go mbeadh na cearta céanna ag gach leanbh, saor ó idirdhealú, amhail an ceart chun tuismíocht a aithint, lena n-áirítear do lánúineacha comhghnéis; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint cinntí agus glacadh ionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismitheoireachta a chruthú chun cearta gach linbh a chosaint trína áirithiú go n-aithneofar i mBallstáit uile an Aontais a naisc tuismitheora, lena n-áirítear, go háirithe, tuismitheoirí comhghnéis, atá bunaithe i mBallstát amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit steiriliú éigeantais a dhéanamh inphionóis mar chion coiriúil; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart steiriliú éigeantais mar chion coiriúil faoi Airteagal 83(1) CFAE a áireamh sa treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheabhrú gur samplaí antoisceacha den idirdhealú iad coireanna fuatha agus fuathchaint arna spreagadh ag ciníochas, seineafóibe nó éadulaingt reiligiúnach, nó ag éadulaingt nó claontacht bunaithe ar mhíchumas, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó saintréithe gnéis duine;  á thabhairt dá haire go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit an choireacht fuatha a chomhrac agus a imscrúdú, pionós a ghearradh ar dhéantóirí coire agus bearta coisctheacha a dhéanamh; á chur i bhfáth gur gá d’údaráis forfheidhmithe dlí coireanna fuatha a thaifeadadh go hiomchuí chun tuiscint níos fearr a fháil ar chineál agus ar leitheadúlacht an fheiniméin agus ar a thionchar ar íospartaigh, agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún chun liosta na gcoireanna AE in Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chun an fhuathchaint agus coireanna fuatha a chumhdach, agus béim á leagan ar an ngá atá le freagairt láidir AE ó thaobh dlí coiriúil de ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha a áirithiú; á chur in iúl gur saoth léi go mór gur cuireadh moill ar fhormheas an tionscnaimh, agus á iarraidh an athuair ar an gComhairle oibriú go dícheallach i dtreo comhthola;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú gur cheart, le reachtaíocht AE maidir le fuathchaint agus coireanna fuatha, dínit an duine a chosaint go huilíoch agus an fuath agus an éadulaingt a chomhrac gan beann ar a n-inspreagadh, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine, ar ghrúpaí agus ar phobail a ndírítear orthu; ag cáineadh go láidir gach cineál fuathchainte agus feachtais chlúmhillte sna meáin phoiblí i gcoinne iriseoirí, polaiteoirí, oifigigh phoiblí, gníomhaithe agus gníomhaithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart atá sna straitéisí comhionannais éagsúla, amhail Straitéis AE maidir le Comhionannas LADTIA+ 2020-2025, Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025, an Straitéis maidir le Comhionannas agus Cuimsiú na Romach, agus plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025; ag tathant ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta i gcoinne an chiníochais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur agair an Coimisiún, den chéad uair, sárú aonair ar Airteagal 2 CAE nuair a rinne sé ‘dlí cosanta leanaí’ na hUngáire, a raibh cuspóirí eile á gceilt leis, a tharchur chuig an  gCúirt Bhreithiúnais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag aithint gur cineál eile idirdhealaithe í an bhochtaineacht as a n-eascraíonn sárú ar chearta bunúsacha agus neamhchomhionannas deiseanna chun rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí; á thabhairt chun suntais leochaileacht ar leith leanaí agus an tionchar atá ag an mbochtaineacht orthu agus ar a bhforbairt fhisiceach agus shíceolaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit beartais a fhorbairt chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, agus cur chuige trasnach á chur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine aonair i staideanna leochaileacha; á chur in iúl gur geal léi gur formheasadh an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, ach á mheas go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí, go háirithe i réimse na cosanta sóisialta; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann agus comhionannas deiseanna a ráthú d’oideachas agus d’fhostaíocht ar ardchaighdeán, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach acu chun cabhrú leis an neamhionannas a mhaolú agus chun daoine a bhaint as an mbochtaineacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar an mbochtaineacht, ar an neamhionannas agus ar an eisiamh sóisialta in AE; á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic le ‘bochtaineacht mhíosta’ agus deireadh a chur le CBL ar tháirgí sláinteachais phearsanta; á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha fadtéarmacha phaindéim COVID-19 agus an t-ardú ar phraghsanna bia agus fuinnimh tar éis tionchar mór a imirt ar chearta na ndaoine atá ag maireachtáil ar ioncam íseal nó atá i mbochtaineacht, lena n-áirítear ar chaighdeán leordhóthanach maireachtála, ar bhia, ar shláinte, ar thithíocht agus ar shlándáil shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle beartais mhaicreacnamaíocha a fhorbairt, ní hamháin faoi threoir an fháis eacnamaíoch, ach faoi threoir caighdeán sóisialta freisin agus á mheabhrú a thábhachtaí atá caighdeáin shóisialta sa Seimeastar Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach mar chéim chun tosaigh i gcur chun feidhme phrionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, an easpa beart nithiúil chun idirdhealú struchtúrach i leith grúpaí leochaileacha a shárú; á iarraidh ar na Ballstáit sonraí imdhealaithe a bhailiú maidir le hioncam íosta do na grúpaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth gur próiseas idirdhisciplíneach é an digitiú a mbíonn tionchar aige ar rochtain ar gach seirbhís, go háirithe cúram sláinte, agus ar fheidhmiú na gceart bunúsach; á chur i bhfios go láidir gur cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an mbochtaineacht dhigiteach in AE i ndáil le rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha agus ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear do dhaoine scothaosta, do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta, do dhaoine atá ag maireachtáil i gcásanna easpa dídine agus do dhaoine Romacha; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit, faoin gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán ag daoine faoi mhíchumas ar an tsochaí; á mheabhrú gurb ionann andúil theicneolaíoch agus fadhb sláinte poiblí a dhéanann difear go háirithe do mhionaoisigh agus dá sláine coirp agus meabhrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt dá haire nach tráchtearra í an tithíocht, ach gur riachtanas í, agus gur réamhchoinníoll í chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur leis an infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne chun deireadh a chur leis an ró-ualach ar chostais tithíochta, go háirithe i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha, agus chun iomaíocht idir na grúpaí sin a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-aitheantas a thug Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 8 Deireadh Fómhair 2021 don cheart uilíoch chun rochtain a fháil ar thimpeallacht shláintiúil agus inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh iarmhairtí tromchúiseacha díobhálacha a bheith ann do dhaoine aonair de dheasca dochar a bheith á dhéanamh don chomhshaol agus mainneachtain roinnt údarás poiblí faisnéis a sholáthar faoi rioscaí tromchúiseacha comhshaoil a bhfuil daoine aonair nochta dóibh; á mheabhrú gur gá caighdeáin AE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a ailíniú go hiomlán leis na treoirlínte is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoi 2030;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coimircí institiúideacha do chearta bunúsacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh ó cuireadh tús an athuair leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas AE le ECHR i mí an Mheithimh 2020 agus an comhaontú sealadach maidir leis na dréachtionstraimí aontachais athbhreithnithe ar thángthas air i mí an Mhárta 2023; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an tsaincheist atá fós gan réiteach maidir le staid ghníomhartha AE i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a réiteach a luaithe is féidir chun an próiseas aontachais a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tacú le hobair FRA maidir le hanailís a dhéanamh ar shonraí chun idirdhealú a dhoiciméadú agus á chur in iúl gur geal léi tuilleadh forbairtí sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún le haghaidh dhá threoir maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais, arb é is aidhm leo cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha frith-idirdhealaithe AE a áirithiú; á iarraidh ar chomhlachtaí náisiúnta atá ag comhoibriú le FRA sonraí neamhchlaonta a chur ar fáil; á iarraidh ar FRA foinsí breise a cheadú i gcás ina bhfuil ábhair imní thromchúiseacha fós ann maidir le cáilíocht na sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis an gcomhar idir institiúidí AE, na Ballstáit, OLAF agus OIPE agus an comhar sin a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh, ina ndéanfar measúnú ar an bhféidearthacht agus ar na módúlachtaí síneadh a chur le sainordú OIPE, mar a fhoráiltear in Airteagal 86 CFAE, chun coireanna tromchúiseacha comhshaoil a áireamh a dhéanann dochar do leasanna an Aontais nó a dhéanann difear do chur i bhfeidhm comhsheasmhach bheartais AE a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí FRA mar údarás neamhspleách um chearta an duine, cosúil le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine agus i gcomhréir le Prionsabail Pháras Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 1993, chun beartais agus cleachtais na Cairte a chosaint agus a chur chun cinn ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ó na Ballstáit agus dlí AE á chur chun feidhme acu; á mheas go n-éilíonn sé sin bunús dlí sna Conarthaí chun údarás AE um chearta bunúsacha a bhunú, lena gcumhdaítear a neamhspleáchas agus lena dtugtar isteach an gnáthnós imeachta reachtach chun a shainordú a ghlacadh agus a leasú; á iarraidh go mbeidh an t-údarás nua sin i dteideal caingne a thionscnamh faoi Airteagal 263 CFAE ar fhorais go ndearnadh sárú ar an gCairt; á iarraidh go n-áireofaí ina shainordú an chumhacht chun gearáin a láimhseáil agus an comhairliúchán éigeantach a dhéanfaidh an Coimisiún le FRA agus tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha nó moltaí a bhfuil tionchar acu ar chearta bunúsacha á n-ullmhú aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais lena seastar leis an urraim do chearta bunúsacha agus lena ndéantar an smacht reachta a shainiú tuilleadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di diúltú leanúnach roinnt Ballstát breithiúnais intíre, breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais agus breithiúnais ECtHR a chur chun feidhme, rud a chuireann le creimeadh an smachta reachta; á chur i bhfáth go bhféadfaí sáruithe ar chearta an duine a fhágáil gan leigheas mar thoradh ar neamhchur chun feidhme breithiúnas; á thabhairt chun suntais gurb ionann tosaíocht dhlí AE agus bunchloch dhlíchóras AE; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach leormhaith a áirithiú i gcás nach gcuirfear an prionsabal sin chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ag riaracháin náisiúnta agus áitiúla, agus ag parlaimintí na mBallstát agus ag údaráis forfheidhmithe dlí maidir le cearta na Cairte a chur chun cinn agus a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur sonrú i mbreathnóireacht FRA gur cosúil nach bhfuil rannpháirtíocht struchtúrtha ag na Ballstáit i gcur chun feidhme straitéis an Choimisiúin chun cur i bhfeidhm na Cairte a neartú, amhail sainmhínithe ar spriocanna soiléire, garspriocanna agus amlínte;  á iarraidh ar na Ballstáit an straitéis a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á mheabhrú go ndéantar an ceart chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach agus an oibleagáid chun a áirithiú go ndéanfar cinntí chomh hoscailte agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh a chosaint faoi na Conarthaí agus go háirithe faoi Airteagal 10 CAE;  á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit dóthain ama a áirithiú le haghaidh comhairliúchán poiblí agus trédhearcacht agus doiciméid phoiblí a fhoilsiú ar bhealach réamhghníomhach;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>